POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí seacht déag duine le cur os comhair cúirte Déardaoin tar éis dhá oíche foréigin ag ionad lóistín Citywest i mBaile Átha Cliath. Gabhadh 24 duine san iomlán, cúigear ógánach ina measc, le linn na n-eachtraí, nuair a caitheadh diúracáin agus tinte ealaíne ar na gardaí. Gortaíodh triúr gardaí, agus tugadh beirt acu chuig an ospidéal. Bhí breis is trí chéad garda ar dualgas, lena n-áirítear aonad ord poiblí, marcaigh, agus tacaíocht ón aer. Bhí an gunna uisce ar fáil ach níor úsáideadh é. Scaoileadh na cúigear ógánach faoi Chlár Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána, agus scaoileadh beirt fhear eile gan chúiseamh. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh na hionsaithe “gránna agus brúidiúil”, agus go mbeidh freagra láidir ón gcóras ceartais. Thosaigh na hagóidí Dé Luain, tar éis d'fhear teacht os comhair cúirte maidir le líomhain faoi ionsaí gnéis. Tá imscrúdú leanúnach ar siúl ag na gardaí le daoine eile a aithint.Tharla eachtra stairiúil sa Séipéal Sistíneach an tseachtain seo, nuair a rinne Rí Séarlas III agus an Pápa Leo XIV urnaí le chéile – an chéad uair ó aimsir Anraí VIII a ndeachaigh monarc Briotanach agus Pápa Caitliceach i gcomh-urnú. Bhí Banríon Camilla i láthair, ina suí taobh leis an Rí gar don altóir. Dúirt cléir Anglacánach gur “leigheas ar an stair” a bhí sa nóiméad seo, agus gur comhartha é ar an chaidreamh níos dlúithe idir an dá eaglais. Bhronn an Pápa teideal “Bráthair Ríoga” ar an Rí ag Basilica Naomh Pól, agus mar mhalairt thug an Rí onóracha Briotanacha don Phápa, lena n-áirítear Cros Mór Ord Bath. Tharla an cruinniú seo le linn Bhliain Iubhaile na gCaitliceach, agus feictear é mar chéim mhór eile i dtreo cairdeas idir an Eaglais Chaitliceach agus an Comaoineach Anglacánach.Tá deireadh le tréimhse Mhichíl D. Ó hUiginn mar Uachtarán na hÉireann. Bhí sé ina Uachtarán ar feadh ceithre bliana déag agus tá an-mheas ag an phobal air fós. Bhí beirt iarrthóirí ag seasamh sa toghchán uachtaránachta, a tharla inné: Catherine Connolly, polaiteoir neamhspleách a bhfuil tacaíocht aici ó pháirtithe ar an eite chlé, agus Heather Humphreys, iarAire Rialtais a bhí ag rith don pháirtí Fine Gael. D'éirigh Jim Gavin as an rás tar éis scannal faoi chíos neamhíoctha. De réir na bpobalbhreitheanna, is í Catherine Connolly a rachaidh go hÁras an Uachtaráin, ach tá súil le torthaí an toghcháin anocht. Beidh téarma seacht mbliana ag an bhuaiteoir. Is í an tUachtarán an ceann stáit agus cosnaíonn sí Bunreacht na hÉireann. Bíonn an tUachtarán ag labhairt leis an náisiún agus ag glacadh páirt in imeachtaí móra náisiúnta. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISClár Athstiúrtha Óige - Youth Diversion Programmemarcaigh - horse-ridersurnaí - prayeran Comaoineach Anglacánach - the Anglican Communionneamhspleách - independentBunreacht na hÉireann - the Constitution of Ireland
Láithriú: Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Aideen McQueen, atá ag glacadh páirte i bhFéile Ghrinn na Gaillimhe. Cuirfear tús tráthnóna inniu le Féile Ghrinn na Gaillimhe sa gcathair agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Dé Luain 27 Deireadh Fómhair.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
San eagrán seo, mórscéalta sna meáin, ach go háirithe RTÉ.
San eagrán seo, an feachtas uachtaránachta.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Nuachtáin an Luain: 20 Deireadh Fómhair 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá an Teachta Dála Paul Murphy, ón pháirtí Pobal Seachas Brabús, ag agairt iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, Heather Humphreys, as clúmhilleadh. Baineann na himeachtaí, a thionscain Murphy inné, le ráitis a rinne Humphreys i ndíospóireacht ar an chlár This Week de chuid RTÉ Raidió 1 Dé Domhnaigh seo caite. Sheol Murphy litir dlíodóra chuig Humphreys mar gheall ar ráitis a rinne sí a bhain le ról Murphy in agóid i gcoinne táillí uisce i Ráth Miontáin, Tamhlacht i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2014. Ba é Murphy duine de sheisear fear a cúisíodh as príosúnacht neamhdhleathach a dhéanamh ar an tánaiste Joan Burton agus a cúntóir Karen O'Connell ina ngluaisteán ar an 15ú de mhí na Samhna 2014. Fuair giúiré i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath an seisear neamhchiontach i ngach cúis in 2017. Dúirt Murphy nach raibh aon trácht le déanamh aige ar thionscnamh na n-imeachtaí clúmhillte faoi láthair.Tá Catherine Connolly go mór chun cinn sa rás don Áras, de réir na pobalbhreithe is déanaí. Dúirt 38% de dhaoine a ghlac páirt sa phobalbhreith Irish Times/Ipsos B&A go vótálfaidís don iarrthóir neamhspleách agus gan ach 20% ag tacú lena céilí comhraic Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael. 5% a thug le fios go dtabharfaidís vóta céadrogha do Jim Gavin, an t-iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a d'éirigh as an rás ach a bhfuil a ainm go fóill ar an pháipéar ballóide. Dá seasfadh na figiúirí sin lá na vótála, thoghfaí Catherine Connolly ar an chéad chomhaireamh. Agus gan ach seachtain fágtha go dtí go rachaidh daoine chuig na botháin vótála, deir 18% nach bhfuil a fhios acu cé léi a dtacóidh siad agus deir 6% eile go bhfuil rún acu a vóta a mhilleadh. Dúirt 12% nach bhfuil sé i gceist acu vóta a chaitheamh. Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir, dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” an tréith ba thábhachtaí. Dúirt 39% gurb é an rud ba thábhachtaí ná go mbeadh duine ann “a mbeadh cur chuige gníomhach acu agus a labhródh amach faoi chúrsaí”.Tá sé i gceist ag Leabharlann na Breataine cárta léitheoireachta an scríbhneora Éireannaigh nach maireann Oscar Wilde a atheisiúint, 130 bliain i ndiaidh don bhunchóip a bheith curtha ar ceal mar gheall ar a chiontú as “gníomh ró-mhígheanasach”. D'eisiaigh Leabharlann na Breataine an t-údar cáiliúil óna seomra léitheoireachta sa bhliain 1895 i ndiaidh dó a bheith cúisithe as caidrimh homaighnéasacha a bheith aige, cion coiriúil ag an am. Tabharfar an pas fisiciúil do gharmhac Wilde, Merlin Holland, Déardaoin ag ócáid speisialta sa Leabharlann ag imeacht a cheiliúrfaidh seoladh a leabhair dar teideal After Oscar, a dhéanann iniúchadh ar oidhreacht an scríbhneora i ndiaidh a bháis. Dúirt Holland: “Bhí Oscar i bpríosún Pentonville ar feadh trí seachtaine nuair a cuireadh a thicéad chuig Seomra Léitheoireachta Mhúsaem na Breataine ar ceal, mar sin ní bheadh a fhios aige faoi, rud a bhí go maith is dócha.”*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISclúmhilleadh - defamationneamhchiontach i ngach cúis - innocent of all chargescéilí comhraic - competitorbotháin vótála - voting boothsgníomh ró-mhígheanasach - gross indecencygarmhac - grandson
An Nuacht á leamh ag Bernadette Watson News sponsored by Boru Entertainment https://linktr.ee/boruentertainment
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín-Ní Loingsigh.Tá dóchas ann go mbeidh sos cogaidh buan in Gaza, tar éis vótáil ag an rialtas Iosraelach Dé hAoine chun beart sos cogaidh le Hamas a dhaingniú. Léiríonn an comhaontú céim a haon as plean fiche céim ó rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá chun deireadh a chur le cogadh Iosrael ar Gaza, a mharaigh breis is 67,000 Palaistíneach go dtí an pointe seo. Tá sonraí an bhirt iomláin fós doiléir agus deirtear go bhfuil easaontú mór idir Iosrael agus Hamas maidir leis an bplean tar éis dheireadh an chogaidh. Is iad eochairphointí céadchéim an bhirt ná tarraingt siar feadhna Iosrael go “pointe aontaithe”, cead isteach do 600 trucail cúnaimh gach lá, agus saoradh na ngiall agus na bpriosúnach ón dá thaobh. Thosaigh feadhna Iosrael ag tarraingt siar maidin Dé hAoine ach lean ionsaithe ar shibhialtaigh i rith na maidine, rud a chruthaigh éiginnteacht faoin mbeart.Tharraing Jim Gavin amach as an bhfeachtas uachtaránachta an deireadh seachtaine seo caite, toradh náireach d'Fhianna Fáil, agus anois tá coimhlint laistigh den pháirtí. Fógraíodh an nuacht tar éis conspóid a tháinig chun cinn sna laethanta roimhe, maidir le iarthionónta Gavin. D'íoc an tionónta €3,300 sa bhreis chuige, mar thoradh ar thimpiste bainc, 16 bliain ó shin, agus níor thug Gavin aisíocaíocht dó. Tar éis díospóireacht uachtaránachta inar ceistíodh Gavin faoin gconspóid, b'é tuairim sciar mór den phobal nach raibh sé ullamh don díospóireacht ná do ról an Uachtaráin fiú. Anois, agus beirt fágtha sa rás, tá an teannas ag ardú. Léiríonn torthaí na bpobalbhreitheanna is déanaí gurb í Catherine Connolly rogha na coitiantachta agus bearna mhór idir í agus Heather Humphreys, ach níl figiúirí cruinne ar fáil ó d'éirigh Jim Gavin as. Tarlóidh an toghchán ar an 24 de mhí Dheireadh Fómhair.In Éirinn, foilsíodh Búiséad 2026 le linn na seachtaine. Tá an Rialtas ag rá go bhfuil an plean nua ar son fheabhsú an gheilleagair ach tá cáineadh ón bhfreasúra, agus ó chuid mhór den phobal, a deir nach dtuigeann an rialtas cad atá ar siúl sa tír, gan aon chabhair don ghnáthdhuine sa phlean. Tá an laghdú cánach is mó ar fáil le haghaidh forbróirí, gan athrú ar bith ar an gcáin ioncaim. Gearradh an CBL don earnáil fáilteachais ó 13.5% go dtí 9%. Is bua é seo le haghaidh roinnt tithe tabhairne agus bialanna neamhspleácha. ach deirtear gurb iad na comhlachtaí móra na fíorbhuaiteoirí. Tá árdú 65c le teacht ar an íosphá, roinnt ardaithe ar íocaíochtaí leasa sóisialta, agus leanfaidh an creidmheas cánach cíosa, ach ní go leor le dul i ngleic leis an gcostas maireachtála. Tá an Bunioncam do na hEalaíona le bheith buan, tar éis triail ráthúil. Deir an Rialtas go bhfuil €36 milliún sa bhreis ag dul chuig an nGaeltacht agus chuig an nGaeilge ach deir an freasúra go bhfuil bréag i gceist, agus go bhfuil siad ag athfhógairt airgead a bhí leithdháilte cheana féin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsos cogaidh buan - permanent ceasefireconspóid - controversyrogha na coitiantachta - the favourite (to win)CBL don earnáil fáilteachais - VAT for the hospitality sectorcostas maireachtála - cost of livingíosphá - minimim wage
Nuacht á leamh ag Bernadette Watson News sponsored by Boru Entertainment https://linktr.ee/boruentertainment
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
San eagrán seo, plé ar na meáin sa tír seo.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Nuachtáin an Luain: 6 Deireadh Fómhair 2025 by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tuairiscítear go ndeachaigh fórsaí míleata Iosrael ar bord chuile bhád sa gcabhlachán Sumud atá ag iarraidh soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach go Gaza. Is Éireannaigh iad seisear déag as thart ar 200 oibrí deonach atá gafa ag Iosrael Bhí an grúpa ilchultúrtha ag tabhairt cúnaimh, bia agus leigheas go Gaza nuair a stop fórsaí Iosrael iad, thart ar 80 ciliméadar ón gcladach in uiscí idirnáisiúnta. Bhí Greta Thunberg i measc na ndaoine a gabhadh, chomh maith leis an bhfuirseoir Tadhg Hickey agus an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Chris Andrews Tharla agóidí ar fud an domhain nuair a cuireadh stop leis an misean agus cáineadh an eachtra go hidirnáisiúnta. Meastar go dtógfar na daoine a gabhadh go hIosrael agus go ndíbreofar iad. De réir tuairiscí oifigiúla, tá breis is 65,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael go dtí seo, ach is dócha go bhfuil an fíorfhigiúr i bhfad níos airde ná sin.I gcathair Dhoire, tá sé ráite ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Cholmcille go bhfuil díomá mhór orthu gur gá dóibh díospóireacht phoiblí faoin toghchán uachtaránachta a chur ar ceal. Bhí cuireadh curtha acu ar na hiarrthóirí don uachtaránacht chuig ócáid an tseachtain seo chugainn, ach ní bhfuair siad ach freagra amháin, ó Catherine Connolly, an t-aon chainteoir líofa Gaeilge sa rás. Cé nach raibh Connolly in ann freastal, chuaigh sí i dteagmháil leis an lucht eagraithe chun leithscéal a ghabháil. Níos suntasaí, dar le urlabhraí Chló Cholmcille, níl freagra ar bith faighte go fóill ó Heather Humphreys ná ó Jim Gavin. Dúirt Cló Cholmcille gur deis iontach a bhí ann chun todhchaí an oileáin ar fad a phlé, ach b'fhéidir nach raibh mórán measa orthu de bhrí nach féidir leo vótáil sa toghchán seo. Chuir Nuacht TG4 ceist ar oifig phreasa Heather Humphreys agus Jim Gavin cén fáth nár fhreagair siad an cuireadh, ach ní bhfuair na craoltóirí freagra ach an oiread.Fógraíodh maidin inné go bhfuil an scríbhneoir, craoltóir agus déantóir clár faisnéise, Manchán Magan, imithe ar shlí na fírinne. Cúig bliana le cois an leathchéid a bhí sé. Thug Manchán le fios in agallamh a rinne sé ar Raidió RTÉ an mhí seo caite go raibh sé ag fáil bháis le hailse a bhí scaipthe go dtí áiteacha go leor ina cholainn. Sa mbliain 1970 a tháinig an Maganach ar an saol agus tógadh i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath é. Rinne sé céim sa Ghaeilge agus sa Dlí i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, sular bhain sé aitheantas amach mar dhuine de cheannródaithe shéanra an chláir taistil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach labhair agus scríobh sé go machnamhach le linn a ghairme faoin mhiotaseolaíocht, faoin stair agus faoi chúrsaí teangeolaíochta na hÉireann, go háirithe i leabhair ar nós Thirty-Two Words for Field: Lost Words of the Irish landscape. Bhí sé le feiceáil le déanaí ar TG4 leis an tsraith Ag Triall ar an Tobar, atá fós ar fáil ar sheinnteoir TG4. Maireann a bhean chéile Aisling, a mháthair Cróine agus triúr eile dá theaghlach.*cabhlachán - flotillasoláthairtí fóirithinte - aid provisionsfuirseoir - comedianurlabhraí - spokespersondéantóir clár faisnéise - documentary maker
Beo ó Theach Tabhairne Dick Macks d'Fhéile Bídh an Daingean.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Cuirfear tús leis an fhéile ealaíne agus leabhar do pháistí, Wainfest, Dé Sathairn seo, an 4ú Deireadh Fómhair agus mairfidh sé ar feadh seachtaine go dtí an 12ú Deireadh Fómhair. Tá Denis linn le plé a dhéanamh ar fhéile na bliana seo agus na himeachtaí a bheas ag tarlú.
Caoimhe Ní Chualáin & Julie Breathnach. Tá go dtí an 14 Deireadh Fómhair ag an bpobal le scéalta agus pictiúr a sheoladh chuig Comhar Chuigéil d'iris leabhar nua Cheantar na nOileán.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tháinig nuacht faoi bheart sos cogaidh a chur i bhfeidhm ón gcoimhlint idir an Phalaistín agus Iosrael tráthnóna Dé Céadaoin. Tagann an nuacht tar éis cúig mhí dhéag de chogadh, a thosaigh le hionsaí a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ón dáta sin maraíodh níos mó ná 46,000Palaistíneach mar thoradh ar fhrithbheart Iosrael. Ag brath ar roinnt ceisteanna deireanacha a chinntiú maidir leis an mbeart, tosóidh an sos cogaidh Dé Domhnaigh, ach tá níos mó Palaistíneach á marú idir an dá linn. Ar dtús mairfidh an sos cogaidh go ceann sé seachtaine - ligfear amach gialla Iosraelacha agus scaoilfear saor priosúnaigh Phalaistíneacha. Beidh saighdiúirí Iosrael ag tarraingt siar as Gaza agus beidh cead isteach le haghaidh cúnaimh agus breosla. Tosóidh na Palaistínigh ag filleadh ar a mbaile, pé chuid de atá fágtha. Tarlóidh níos mó cainteanna maidir le todhchaí Gaza agus cad a tharlaíonn tar éís na séseachtaine.Tharla díospóireacht idir Fianna Fáil agus Fine Gael maidir le dréacht-Chlár Rialtais i rith na seachtaine. Cruthaíodh an comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael, a fuair an líon vótaí is lú a fuair buaiteoirí olltoghcháin ó thús an stáit, le tacaíocht ó naonúr comhaltaí neamhspleácha chun tromlach adhéanamh. Is dócha go ndaingneofar an clár Dé Domhnaigh agus go dtoghfar Mícheal Martin ina Thaoiseach Dé Céadaoin. Tá díospóireacht fós ar siúl maidir le ról na gcomhaltaí neamhspleácha sa rialtas le guthanna láidir ó Michael Lowry agus Danny Healy-Ray. Cruthóidh an rialtas nua trí Aire Stáit nua, le haghaidh daoine aosta, mara agus imirce. Beidh 23 Aire ann san iomlán, an líon is mó a bhí ag aon rialtas riamh.Tá falscaithe uafásacha ag tarlú in Los Angeles le níos mó ná deich lá anuas. Bhí ceithre thine éagsúla ann, gan ach ceann amháin díobh faoi smacht agus é seo á scríobh. Tá an chúis leis na falscaithe fós le fiosrú ach scaipeadh iad mar thoradh ar ghaotha láidre darbh ainm Gaotha Santa Ana agus ar an easpa báistí sa réigiún le déanaí. Deir saineolaithe go bhfuil athrú aeráide ina chúis mhór leis freisin. Ba iad 2022 agus 2023 na blianta is fliche in California riamh agus mar sin d'fhás an-chuid fásra, ach tar éis an triomaigh a lean, ba gheall le brosna do na falscaí an fásra céanna. Tharla aslonnú mór sa cheantar agus fuair cúigear is fiche bás. Ceaptar go bhfuil an scriosadh is measa de bharr tine i gceist i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá agus beidh costas sna billiúin dollar i gceist maidir le hatógáíl na cathrach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS beart - deal breosla - fuel díospóireacht - debate comhaltaí neamhspleácha - independent members falscaithe - mountain fires triomach - dry weather fásra - vegetation brosna - kindling
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann go n-úsáidfear ceithre chochall ag saoráid óstáin in aice le Béal Feirste “ó am go chéile agus mar rogha dheireanach”. Dúirt ionadaí na Feidhmeannachta Tithíochta go bhfuil na cochaill "te agus compordach." Dúirt MLA Alliance Kellie Armstrong le BBC News NI nach bhfuil siad oiriúnach nó inghlactha. "Tá an geimhreadh ag bualadh linn. An féidir leis an fheidhmeannas Tithíochta a bheith cinnte go mbeidh na cochaill seo in ann déileáil leis an aimsir athraitheach, go mbeidh siad in ann déileáil le stoirmeacha?" Dúirt urlabhraí ón Fheidhmeannacht Tithíochta nach n-úsáidtear na cochaill ach sa ghearrthéarma agus go bhfuil siad de dhíth mar gheall ar éileamh gan fasach ar thithíocht shóisialta. Mhéadaigh líon na ndaoine a cuireadh i lóistín sealadach ó 4,527 in 2020 go 16,943 in 2023, a dúirt an t-urlabhraí. Úsáidtear na cochaill seo chun lóistín a thabhairt do “dhaoine singile nó lánúineacha atá gan dídean”. Bhí freagraí á lorg i dTeach Laighean le linn na seachtaine faoin “leithcheal gníomhach” a deirtear atá á dhéanamh ar dhaltaí na sraithe sóisearaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Triúr Teachtaí Dála a cheistigh an tAire Oideachais, Norma Foley, an tseachtain seo faoin chóras marcála atá in úsáid do chúrsa Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí. Dúirt duine de na Teachtaí Dála sin, Darren O'Rourke ó Shinn Féin, go bhfuil “imní mhór” i measc lucht scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoin chur chuige marcála don chúrsa. Is é an cúrsa T1 don Teastas Sóisearach an cúrsa nua a tugadh isteach in 2017 do dhaltaí i scoileanna ina mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge. Déanann daltaí scoileanna Béarla cúrsa T2, cúrsa nach bhfuil an dúshlán céanna ag baint leis. Ach tá cuid mhaith de mhúinteoirí agus de dhaltaí sna scoileanna míshásta leis an tslí a bhfuil an cúrsa T1 á marcáil. Ní fhaigheann ach líon beag daltaí na marcanna is airde sa scrúdú T1 i gcomparáid leis an líon mór daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhíodh ag fáil na marcanna is airde nuair a bhí aon scrúdú comónta amháin ann. Dúirt príomhoide Gaelcholáiste amháin le Tuairisc gurb amhlaidh gur “díspreagadh” do dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu atá sa chúrsa T1, atá “níos deacra” ná cúrsa Gaeilge na hArdteiste. Bhí sé i gceist cúrsa T1 agus T2 a thabhairt isteach don Ardteist ach cuireadh stop leis an phróiseas sin dhá bhliain ó shin.Tá teipthe ar an iaraltra agus dúnmharfóir ciontaithe Lucy Letby chun achomharc a dhéanamh in aghaidh a ciontaithe as iarracht cailín óg a dhúnmharú. D'áitigh dlíodóirí Letby i gCúirt Achomhairc na Breataine gur cheart an cúiseamh iarrachta dúnmharaithe a chur ar sos toisc go ndeachaigh tuairisciú na meán cumarsáide ar a céad triail i bhfeidhm go héagórach ar a cás. Mhaígh siad gur bhain an aird seo ó na meáin chumarsáide le dochar tromchúiseach agus buan, rud a d'fhág go raibh an atriail éagórach. Ach dhíbh triúr breithiúna sinsearacha achomharc Letby i ndiaidh na héisteachta i Londain. Gearradh 14 ordú saoil iomlán ar Letby roimhe seo as dúnmharuithe seachtar leanaí agus as iarracht ar dhúnmharuithe seisear eile, le dhá iarracht ar leanbh amháin, agus gearradh téarma cúig bliana déag uirthi as an ionsaí ar Leanbh K. Seo é an dara hiarracht achomhairc ó Letby a caitheamh amach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cochall - pod saoráid óstáin - hotel facility leithcheal - discrimination an Teastas Sóisearach - the Junior Cert dúnmarfóir - murderer achomharc - appeal