POPULARITY
Tá baill den ghrúpa polaitiúil, RENEW EUROPE i gCorcaigh le plé a dhéanamh ar na hábhair is mó a bheas chun tosaigh san Aontas Eorpach go ceann sé mhí.
Tá Emma ag freastal ar Chomhdháil atá eagruithe ag Fair Seas Ireland i Halla na Cathrach i gCorcaigh inniu. Seo Seachtain Domhanda na nAigéan.
Duine d'amhránaithe bhreátha Chorca Dhuibhne, ó Bhaile an Éanaigh ó dhúchas. É i stiúideó Chorcaí ag trácht ar a shaol i gCorcaigh. Amhrán: Oileán Dhún an Óir.
Labhraíonn Seán Ó Laoi le Seán faoina shaol agus a shaothar i gCorcaigh, léann, taighde, aistriúcháin, iriseoireacht agus go leor eile.
Beidh comhdháil de chuid Fair Seas ar siúl i Halla na Cathrach i gCorcaigh ar an 3 Meitheamh, mar chuid de Sheachtain Dhomhanda na nAigéan i mbliana.
Caint aige ar thábhachtach Pfizer i dTionscal na Cogaisíochta i gCorcaigh agus postanna le cailliúnt ag suíomh déantúsaíochta atá acu i Rinn an Scidígh.
Táimid ar an mbóthar arís agus ag taifeadadh sa Montenotte i gCorcaigh an uair seo, absolutely loving life! Spreagtha ag a bhfuil thart orainn, táimid ag caint faoi Chorcaigh - the Cork attitude, piseoga UCC, agus na Rebels is fearr linn. Also, get excited for our future camchuairt ar aibhneacha na hÉireann, because apparently we're making that happen. Bí i dteagmháil linn leis na rudaí is fearr leatsa faoi Chontae Chorcaí, na moltaí atá agat, or just to tell us what you think of Louise's glasses. Ár mbuíochas leis an Montenotte for having us! Budget wine account on Instagram, luaite ag Louise ag tús na heipe: https://www.instagram.com/greatvaluewineireland?igsh=cmJwbzhodmRoaGwz HOW TO GAEL: LE GEALAÍ Baile Átha Cliath: https://www.ticketmaster.ie/how-to-gael-dublin-05-04-2026/event/1800638AD058E413 Bí i dteagmháil linn! Ríomhphost: howtogael@gmail.com Suíomh: https://www.howtogael.com/ Instagram: https://www.instagram.com/howtogael/ TikTok: https://www.tiktok.com/@howtogael Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24yy296s Contact: irishlingos@gmail.com Blockades, queues, traffic jams on the 4th day of the fuel protest. Imhsuite, scuainí, tranglam tráchta ar an 4ú lá den agóid breosla. There are now fuel shortages in many places due to the blockades in place at fuel storage facilities in Limerick and Galway and at the Whitegate refinery in Cork, the only one in the State. Tá ganntananas breosla ina lán áiteanna anois de bharr an imshuí atá ar bun ag ionaid stórála breosla i Luimneach agus i nGaillimh agus ag scaglann an Gheata Bháin i gCorcaigh, an t-aon cheann sa Stát. Petrol station operators are predicting that 500 locations will be without any fuel tonight. Tá lucht na ngaráistí peitril ag tuar go mbeidh 500 ionad gan aon bhreosla anocht. This has already happened to hundreds of others, in the south and west. Tá sin tarlaithe cheana i gcás na gcéadta eile cheana, sa deisceart agus san iarthar. There is no shortage of fuel, but supplies are stagnant in storage facilities and in Whitegate. Níl aon ghantannas breosla ann, ach tá na soláthairtí i bhfastó sna hionaid stórála agus sa Gheata Bán. Because no fuel is being released from these, they have no capacity to accept any other cargo, which the Taoiseach referred to today when he said that we will have to ship oil cargoes at a time when the rest of the world is competing for them. De bharr nach bhfuil aon bhreosla á scaoileadh amach astu sin, níl aon acmhainn iontu glacadh le lastas ar bith eile, rud ar thagair an Taoiseach dó inniu á rá go mbeidh orainn lastais ola a chur ó dhoras tráth a bhfuil an cuid eile den domhain in iomaíocht faoina leithéid. An example of this is the Thun Gemini, a tanker anchored in Galway Bay with six million litres of oil on board, fuel that cannot be brought ashore at Galway port. Sampla de sin é an Thun Gemini, taincéir atá ar ancaire i gCuan na Gaillimhe agus sé mhilliún líotar ola ar bord aici, breosla nach féidir a thabhairt i dtír ag calafort na Gaillimhe. Although Dublin Port is accessible, traffic congestion throughout the city has caused significant delays in getting tankers to the garages in the East. Cé go bhfuil rochtain ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, tá na hagóídí tráchta ar fud na hardchathrach ar cur an-mhoill ar taincéirí a thabhairt chuig na garáistí san Oirthear. And even if the blockade were to end tonight, it could be a week before supply is restored. Agus fiú dá dtiocfadh deireadh leis an imshuí anocht, d’fhéadfadh seachtain bheith ann sula gcuirfí an soláthar ar ais ina cheart. In Whitegate in Cork, there was a standoff between Gardaí and the blockaders for a while as they were escorting a third tanker into the refinery, but it ended shortly afterwards. Sa nGeata Bán i gCorcaigh, bhí sé ina leamhsháinn idir Ghardai agus lucht an imshuí ar feadh tamaill nuair a bhí an tríú taincéir á thionlacan isteach sa scaglann acu, ach scoir sí gan móran achair. This solution was set up for the purpose of providing emergency vehicles. Ar mhaithe le soláthar d’fheithiclí éigeandála a cuireadh an réiteach seo ar bun. Several lorries carrying animal supplies and water cleaning chemicals have been unloaded from Foynes Port on the Shannon Estuary, but no oil tankers are being unloaded yet. Tá roinnt leoraithe le soláthairtí d’ainmhithe agus ceimiceáin glanta uisce scaoilte amach as Calafort Fainge ar inbhear na Sionainne, ach níl aon taincéir ola á scaoileadh amach fós. But traffic conditions on many motorways and national roads are in disarray due to blockades by protesters. Ach tá cúrsaí tráchta ar go leor mótarbhealach agus bóithre náisiúnta in aimhréid de bharr imshuí ag an lucht agóíde. People can get an update. There are long queues on the M1 northbound due to that side of the road being closed at Dundalk. There are also long delays on the M50 southbound and northbound as protesters have blocked that major ring road. Is féidir le daoine uasdátú a fháil Tá scuainí fada ar an M1 ó thuaidh de bharr an taobh sin den bhóthar bheith dúnta ag Dún Dealgan Tá moill fhada freisin ar an M50 ó dheas agus ó thuaidh agus blocáil déanta ag agóídithe ar an cuarbhóthar mór sin. There are also some difficulties on the N7 southbound. Tá roinnt deacrachtaí ar an N7 ó dheas freisin. There are approximately 60 tractors, trucks and buses sitting on O’Connell Street in the capital but there is a flow of traffic on the north and south piers and the rest of the Luas is operating. Tá tuairim is 60 tarracóir, trucail agus bus ina suí ar Shráid Uí Chonaill san ardchathair ach tá sruth tráchta ar na céanna thuaidh agus theas agus tá an chuid eile den Luas ag feidmhniú. Dublin Bus has a limited service in the city centre but the company says passenger numbers are down on yesterday. Tá seirbhís theoranta ag Bus Átha Cliath i lár na cathrach ach deir an comhlacht go bhfuil líon na bpaisinéirí níos lú ná inné. A view from the blockade at the Whitegate refinery today Radharc ón imshuí ag scaglann an Gheata Bháin inniu
Cur síos aige ar Rás Sléibhe Craobh na Mumhan ar siúl i Sráid an Mhuilinn i gCorcaigh.
Bitheolaí Maraag trácht ar an dtogra nua dírithe ar bheatha mara i gCorcaigh agus i gCiarraí a chosaint.
Imeoir camógaíochta i gCorcaigh ag trácht ar an bhfeachtas ar son comhtháthú sa Chumann Luthchleas Gael.
Scéal aige faoin mbonn Uile Éireann a bhronn a uncail Christy Ring ar Eaglais Naomh Agaistín i gCorcaigh na blianta ó shin.
[English version below] Póg neamhcheadaithe; déantúsán luachmhar a aimsíonn déagóir sa Bhoireann; ciceanna pionóis le glacadh; duine óg ag glacadh páirt sa chlár teilifíse Cé Ar Mhaith Leis A Bheith ina Mhilliúnaí?; aisteoirí amaitéaracha ag dul amach ar stáitse den chéad uair agus go leor eile. Cnuasach spreagúil atá anseo a thugann an léitheoir ar thurais éagsúla: chuig óige an scéalaí i gCorcaigh; chuig cathracha iasachta ar nós Sydney na hAstráile, Manchain agus Londain i Sasana; chuig Oileán Bharra in Albain; chuig Ardoifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca 1916 agus chuig Láthair an Áir sa bhliain 1914. Is as Cathair Chorcaí ó dhúchas do Sheosamh Céitinn. D'fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Chaith sé breis is tríocha bliain ag múineadh na Gaeilge i mBaile Átha Luain sula ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2022. I measc na leabhar atá foilsithe aige tá Tomás Oileánach (1992) faoin údar Gaeilge mór le rá, an leabhar gramadaí Graiméar don Mheánscoil (Mentor Books 2012) agus bhí sé ina chomhúdar ar an tsraith Maoin (Mentor Books 2009) chomh maith leis an leagan nua den tsraith a foilsíodh sa bhliain 2020. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Katie Whelan agus Jody Buckley-Coogan [Leagan Gaeilge thuas] This is the first short story collection by Seosamh Céitinn. An unexpected kiss; a teenager stumbles across a valuable object in the Burren; tense penalty shootouts; a young contestant on Who Wants to Be a Millionaire?; amateur actors stepping onto the stage for the very first time—and plenty more. This is a captivating collection that takes readers on a variety of journeys: back to the author's childhood in Cork; to faraway cities like Sydney, Manchester, and London; to the remote Scottish island of Barra; into the General Post Office during the Easter Rising of 1916; and to a haunting massacre site in 1914. Seosamh Céitinn was born and raised in Cork City. He attended University College Cork, where he earned both a BA and an MA in Modern Irish before completing a Higher Diploma in Education. He spent over thirty years teaching Irish in Athlone before retiring in 2022. He published his first book, Tomás Oileánach, in 1992, about the well- known Irish-language writer Tomás Ó Criomhthain. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Katie Whelan and Jody Buckley-Coogan
Cothrom an lae seo i 2022 rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin – ceithre bliana ina dhiaidh sin cén dearcadh ag an Úcránach a bhfuil cónaí uirthi i gCorcaigh?
Dornálaí ó Ghaeltacht Mhuscraí atá lonnaithe i bPort Láirge ag ullmhú don chéad troid mhór eile atá aici i gCorcaigh ar 21 Feabhra.
Staraí i gCorcaigh ag trácht ar deireadh ré sa chathair agus na Siúracha Carthanachta ag fágaint slán tar éis 200 bliain.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d'aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d'aois, agus a mhac Naveed Akram, 24 bliain d'aois. Maraíodh an Akram ba shine ar an láthair agus gortaíodh an mac go dona sular tugadh chun ospidéil é. Scaoil an bheirt acu urchair ar shlua a bhí bailithe ar an trá chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile mhór na nGiúdach, Hanukkah. D'éirigh le fear darb ainm Ahmed al-Ahmed an t-arm a bhaint ó dhuine de na gunnadóirí, agus dúirt príomh-aire New South Wales gur mhair go leor daoine mar thoradh ar an gcrógacht a léirigh sé.I ráiteas a d'eisigh Pobal Giúdach na hÉireann, chuir siad a gcomhbhrón in iúl dá ngaolta agus dá gcairde thar lear san Astráil atá ag fulaingt mar gheall ar na hionsaithe. Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly, go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint bhreise don phobal Giúdach in Éirinn. Bhí agóid i Londain oíche Dé Céadaoin, lasmuigh d'Aireacht Dlí agus Cirt na Breataine, i gcoinne an diúltaithe cead a thabhairt do stailceoirí ocrais dul go hospidéal. Bhí an teannas idir na póilíní agus na hagóideoirí le brath agus breis is míle duine bailithe chun tacaíocht a léiriú do Qesser Zuhrah, 20 bliain d'aois, agus Amy Gardiner-Gibson, 30 bliain d'aois, atá ar stailc ocrais anois le breis is daichead a sé lá agus ag fulaingt go dona. Gabhadh beirt ar an láthair agus baineadh frith-agóideoir amháin amach as an slua. I mí Iúil, d'fhógair Rialtas na Breataine go raibh cosc i bhfeidhm ar an ngrúpa Palestine Action. Ó shin i leith, tá beagnach 2,500 duine gafa ag na póilíní agus tá seisear priosúnach ar stailc ocrais anois mar agóid i gcoinne mí-úsáid chumhachta an stáit. Faoi dheireadh, tar éis iarrachtaí fada ó bhaill den phobal agus ó pholaiteoirí ar nós Zarah Sultana agus Jeremy Corbyn, a chuir brú ar na húdaráis, thug otharcarr Zuhrah go dtí an t-ospidéal chun cúram éigeandála a fháil. Tá an tAire Dlí agus Cirt, David Lammy, fós ag diúltiú labhairt le teaghlaigh na stailceoirí.Tá sceideal cuimsitheach fógartha ag TG4 don Nollaig agus réimse leathan de scannáin, de chláir faisnéise agus de chláir cheoil acu, chomh maith le rogha mhór mhillteach d'ábhar do pháistí, buíochas le Cúla4. Beidh lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta ag tnúth go mór le Geantraí na Nollag 2025, a chraolfar ag 7pm Lá Nollag, agus le roinnt clár dírithe ar Oireachtas na Samhna, a chraolfar le linn an deireadh seachtaine i ndiaidh na Nollag. I measc na mbuaicphointí eile, ó thaobh cláir faisnéise de, beidh George Best i gCorcaigh le feiceáil Lá Fhéile Stiofáin ag 8.15pm, ag insint scéal na tréimhse gairide a chaith an peileadóir cáiliúil thíos i gCúige Mumhan caoga bliain ó shin. Idir an dá linn, bainfidh daoine beaga sult as an scannán beochana Nollaí, scéal lách faoi fhia óg, atá ar fáil ar an seinnteoir anois. Is féidir an sceideal iomlán a fháil ag tg4.ie.Agus sin nuacht na Nollag. Feicfimid go luath sibh, ach go dtí sin, Nollaig mhór mhaith daoibh uilig ó chuile dhuine anseo ar Nuacht Mhall.*
Tá veidhleadóir Chill na Martra tar éis éirí as múineadh ceoil do dhaltaí Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh.
Ar an Aoine seoladh ‘ Gallant Old Blues' – leabhar ag comóradh 150 bliain Chumann Fionnbarra Naofa i gCorcaigh agus bhí baint acu leis an dtogra.
Beidh Tionól Forbartha Gaeloideachas leis An gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta ar siúl inniu in Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh.
Seolfaidh An tOllamh Emeritus Oideachais, Áine Hyland tuarascáil faoi thumoideachas ag Tionól COGG i gCorcaigh níos deireanaí inniu.
Níl an grúpa CHASE i gCorcaigh sásta leis an iarratas pleanála atá déanta ag an gcomhlacht Indaver le loiscneoir a thógail i gCuan Chorcaí.
Príomhoide Choláiste Íde agus Bainisteoir Choláiste na Rinne - beidh oíche eolais acu in Óstán Silver Springs i gCorcaigh ar an Aoine.
Bainteach leis an scannán ‘Gealtra' a scrúdaíonn áit na Gaeilge i gCnoc na hAoine i gCorcaigh.
Ah lads, nach iontach iad Diarmuid and Brían Mac Gloinn aka Ye Vagabonds. We were SO lucky to get a sit down chat with them during the Sounds from a Safe Harbour festival i gCorcaigh roinnt seachtainí ó shin. Phléamar tábhacht an cheoil, na héiníní is fearr linn and why it's important that every sibling has a talent. Fanaigí don taispeántas beo ag an deireadh. Freisin - cuirigí aithne ar Síomha Ní Rialacha. It goes without saying that we have the UTMOST respect for rúnaithe na tíre agus gur sheasamar leo le linn a gcuid stailce níos luaithe sa bhliain. RABHADH: ná úsáid an focal willy sa leaba. Follow our sponsor Discover Ireland on Instagram & Tik Tok. Keep Discovering and visit discoverireland.ie to plan your next short break. Email howtogael@gmail.com with comments, suggestions and gach rud eile. Instagram: @howtogael @doireannnighlacain , @louise_cantillon , @siomhaniruairc Join us on Patreon for a bonus episode once a week and lots of bonus content https://www.patreon.com/c/HowToGael Sign up to our newsletter here: www.howtogael.com/contact Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices
Iriseoir ón Irish Examiner ag caint faoin dearcadh atá i measc pobal na cathrach i gCorcaigh maidir leis an Taoiseach Micheál Martin.
Tá Béal Átha an Ghaorthaidh ainmnithe mar an sraidbhaile mór is slachtmhaire i gCorcaigh.
Staraí ag trácht ar Dhónal Mac Cárthaigh Glas agus a bhfuil le feiscint sa chartlann in Áras Shéamuis Uí Mhurchú i gCorcaigh.
An scéalaí agus an staraí le scéal Ard Eaglais Naomh Fionnbarra i gCorcaigh.
Cúrsaí pleanála Gaeltachta agus easpa coinníollacha teanga i gCorcaigh.
Ball foirne nua i nGaelscoil Pheig Sayers i gCorcaigh – madra Cleo atá a dul i mbun oibre i mí Mheán Fómhair.
Beo i gCumann Barra Naofa i gCorcaigh le súil chun cinn á caitheamh ar Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.
Beo ó Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan i mBaile an Easpaig i gCorcaigh do Fhleadh Cheoil na Mumhan.
Cathaoirleach CCE na Mumhan – clár curtha le chéile do Fhleadh Cheoil na Mumhan i gCorcaigh i mí Iúil.
An staraí agus scéalaí ag caint faoi Dún Éilise i gCorcaigh.
Tá amhrán nua eisithe ag an amhránaí agus ealaíontóir cónaithe i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh.
Staraí áitiúil i gCorcaigh ag caint faoi Chearnóg an Rathúnais sa chathair.
Scoláirí ó Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh atá i nDún Chiomháin ar scoláireacht Gaeltachta.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá fichead de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá gorta faoi lán seoil in Gaza. Tá sé fógartha ag ceannaire gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Stephen Fletcher, go bhféadfadh 14,000 páiste bás a fháil mura gcuirtear bia ar fáil dóibh láithreach. In ainneoin cáineadh forleathan ón bpobal idirnáisiúnta, níor cheadaigh Iosrael ach naoi leoraí cúnaimh isteach i nGaza, cé go bhfuil níos mó ná 2.3 milliún duine ocrach le beagnach trí mhí. I dteachtaireacht físe ar na meáin shóisialta, dúirt Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil Iosrael chun smacht a fháil ar Gaza ar fad. Mar gheall ar an ngéarchéim atá ag dul in olcas, cháin Príomh-aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer, Iosrael agus é ag labhairt os comhair na parlaiminte níos luaithe sa tseachtain. Bíodh sin mar atá, sheachain sé úsáid a bhaint as na focail ‘glanadh eitneach' nó ‘cinedhíothú', agus níor gheall sé ach oiread go stopfadh sé ag díol arm le hIosrael.Tá fáilte curtha ag Gaeilgeoirí i dTuaisceart na hÉireann roimh an gcinneadh tuairim is 100 comhartha dhátheangacha a chur suas i gContae an Dúin agus i gContae Ard Mhacha. Cé go raibh polaiteoirí Aontachtacha ina choinne le sé bliana, tá sé deimhnithe anois ag an dá chomhairle contae go mbeidh na comharthaí le feiceáil go luath. Leanann sé seo le polasaí na gcomhairlí contae an Ghaeilge a chur chun cinn. Úsáidtear comharthaí dátheangacha cheana féin ar fhoirgnimh údaráis áitiúil sna ceantair seo. Tagann an scéal seo ag an am céanna go bhfuil mic léinn ag Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh ag éileamh comharthaí Gaeilge ar an gcampas.Tá painéal imreoirí roghnaithe ag bainisteoir fhoireann sacair ban na hÉireann, Carla Ward, don dá chluiche dheireanacha i Sraith na Náisiún. Imreofar an chéad chluiche in aghaidh na Tuirce thall in Iostanbúl an deireadh seachtaine seo chugainn, agus beidh siad ar ais sa bhaile an tseachtain dár gcionn in aghaidh na Slóivéine i gCorcaigh. Má tá seans ar bith acu críochnú ar bharr an ghrúpa, caithfidh siad an dá chluiche a bhuachaint. Tá Erin Healy, tosaí le Adelaide United san Astráil, ar an bpainéal den chéad uair riamh, chomh maith le Louise Quinn sula n-éireoidh sí as sacar gairmiúil go hiomlán. Go n-éirí go geal leis an mbeirt acu, agus leis an bhfoireann uilig.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgorta - faminegnóthaí daonnúla - humanitarian affairsglanadh eitneach - ethnic cleansingcinedhíothú - genocidefoirgnimh údaráis áitiúil - local authority buildingsgairmiúil - professional
Labhraímid le Ciara Ní É, Bunaitheoir Reic, faoin oíche filíochta ó bhéal a bheith ar an bhfód ar feadh 10 mbliana agus faoin imeacht a bheidh acu sa Briery Gap i gCorcaigh ar an 16ú Bealtaine.
An fhad a bhíonn tiománaithe ag fanacht ar scrúdú tiomána i gCorcaigh, ach tá súil go mbeidh leigheas ar an scéal nuair a fhostófar scrúdaitheoirí nua.
Tharla Lá Idirnáisiúnta na mBan Dé Sathairn, arb é an lá céanna a bhí ann dár seó i gCorcaigh, agus bhí craic mhór againn. Agus cé go bhfuilimid cúpla lá déanach, theastaigh uainn an micreafón a roinnt agus ceiliúradh a dhéanamh ar aoi na seachtaine seo, an scríbhneoir agus an grinnchumadóir Fiona Frawley. Fiona was featured earlier this year in the Irish Times as one of Ireland's 50 Under 50 and later this month she will start her first ever Irish tour with her new show ‘Are you mad at me?!' She talked to us about not using ‘just' in emails, her dog Danish and bringing YOLO energy back to 2025. If you need to talk to someone about an abusive relationship, Women's Aid are available to listen 24/7. Call 1800 341 900 (freephone). You are not alone. Follow our sponsor Discover Ireland on Instagram & Tik Tok. Keep Discovering and visit discoverireland.ie to plan your next short break. How to Gael on Tour ! Tickets and Info https://bit.ly/m/HowToGael Instagram @howtogael @doireannnighlacain , @louise_cantillon @siomhaniruairc Join us on Patreon for a bonus episode once a week and lots of bonus content ! https://www.patreon.com/c/HowToGael A CWB Podcast www.cwb.ie Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices
Beidh teorainneacha luais bhóithre áitiúla timpeall na tíre ag athrú ó 80 ciliméadar san uair go 60 ciliméadar san uair i mí Feabhra na bliana seo chugainn.
Dúnfar bialann cáiliúil Jackie Lennox i gCorcaigh de Domhnaigh seo chughainn. Gnó iontach a bhí tindeáil ar phobal na cathrach le trí mbliana déag is trí fichid.
Tá tús curtha ag Gaelscoil Uí Riada an tseachtain seo le comóradh 40 bliain na scoile i mBaile an Easpaigh i gCorcaigh.
Tá gluaisteán saor in aisce le fáil do phobal na Dromad le freastal ar chóir leighis don ailse i gCorcaigh.Is féidir leo fein an chairt a thiomáint, nó muna mian leo san tá tiománaithe sásta iad a thiomáint.
Tá Aoife Ní Laoithe ceapaithe ina Bainisteoir ar Choláiste Íde i mBaile an Ghóilín. Bhí sí fostaithe le dhá bhliain déag ag an gComhlucht Apple i gCorcaigh.
Tá comhlucht bunaithe ag Tomás Mac Conmara a cur comhairle ar fáil do ghrúpaí pobail maidir le béaloideas a bhailiú ina ndúichí féin. Tabharfar éachtaint ar an obair sin sa Chaipín i gCorcaigh tráthnona.
Tá ceoldráma taibhseach cumtha ag John Spillane agus seolfar é i gCorcaigh i Meán Fhómhair. Tá cuid do na h-amhránaithe is fearr sa tír bailithe le chéile aige agus Finnscéal an Locha á aithris is á chanadh acu ar an dlúth dhíosca 'Fíoruisce'
Beidh Deirdre a tabhairt cuairteoirí ar thuras treoraithe trí Dhánlann Crawford i gCorcaigh de Sathairn seo chughainn. Ta pictiúirí le feiscint ann le Jack B Yeats,Seán Keating agus mór chuid ealaiontóirí eile.