POPULARITY
Tá cuardach ar siúl i gconaí san Cholóim tar éis an crith talúna tharla sa tír Dé Luain.
Tháinig an scéala tráthnóna inné go raibh bean chéile James Mac Aodha a maraíodh sa timpiste ar an Chabháin Dé Luain, go bhfhuair Nóirín bás. Labhair Gabriel faoi Noreen agus an aithne a bhí aige uirthi agus i ag obair sa scoil leo. Labhair Charlie Ó Dónaill linn ar maidin, fear a d'oibir le Nóírín agus Mír Cartlainne Nóirín Mhic Aodha.
Máire Bríd Breathnach & Dónal Ó hUaithín:Torthaí na ngeallta & rásaithe. Méabh Holland: Rós an Chláir. Gary Johnes: Bainisteoir an chláir 'Picker Pals'. Ciarán Ó Fátharta: Ceardlann cumadóireachta.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá an Iaráin agus Óman tar éis teacht ar shocrú ag díriú ar chúrsa do longa frí Chaolas Hormuz, agus oíche Dé Céadaoin, bhí siad ag cur bailchríoch ar phlean chun an pasáiste a chomhbhainistiú, a dúirt urlabhraí thar ceann aireacht gnóthaí eachtracha Tehran. Ghabháil an Iaráin seilbh de facto ar an chaolas, atá ina uiscebhealach straitéiseach don tradáil fuinnimh domhanda, ó thosaigh na Stáít Aontaithe agus Iosrael ionsaí in aghaidh na hIaráine ar 28 Feabhra i mbliana. Tá sé ráite ag Uachtarán na Stát Aontaithe arís agus arís eile go bhfuil an-dúil ag an Iaráin i mbeart a dhéanamh leis an chúrsa a athfhoscailt do loingeas, ach séanann an Iaráin é seo agus deir go ndéanfaidh siad socruithe lena gcomharsa traschaolais, Óman. Roimh an chogadh, chuaigh thart ar an chúigiú cuid den ola domhanda agus onnmhairí LNG frí Hormuz, agus tharla borradh praghsanna arís agus arís eile ó thús an aighnis faoin uiscebhealach, ag cur leis an bhrú geilleagrach agus polaitiúil ar Washington críoch a chur leis an chogadh. Gabhadh bean i lár Londan as ionsaí sá “fánach” ar cheathrar fear le linn na seachtaine, eachtra a bhí ina hionsaí “scoite” a bhain le meabharshláinte, de réir póilíní. Tharla an t-ionsaí ag am lóin in Covent Garden, ceantar túrasóireachta na príomhchathrach atá lán le tithe tabhairne, amharclanna agus bialanna. Fuair beirt fhear cóir leighis san ospidéal le haghaidh gortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad. Coinníodh an bhean faoi choimeád tar éis di a ghabháil as arm ionsaitheach a bheith ina seilbh, a chreidtear gur siosúr a bhí ann, agus as ionsaí a dhéanamh. Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh tús oifigiúil le ceiliúradh cheol agus chultúr na hÉireann i lár Bhéal Feirste, agus baineadh triail as uaireanta foscailte breise do shiopaí. Rithfidh Fleadh na hÉireann go dtí an Domhnach 9 Lúnasa, le breis agus 200 imeacht agus 180 comórtas ceoil ag ionaid éagsúla, tithe tábhairne agus ar na sráideanna. Meastar gur tháinig 170,000 cuairteoir chuig lár na cathrach Dé Domhnaigh agus 165,000 Dé Luain, agus táthar ag súil go sárófar an réamh-mheas roimh ré de 800,000 cuairteoir. Seo í an chéad bhliain inar tharla an fhéile cheoil bhliantúil i mBéal Feirste agus an darna huair a raibh sí lonnaithe i dTuaisceart Éireann, tar éis di a bheith i nDoire in 2013. Fógraíodh an t-imeacht i mbliana mar an t-imeacht ina bhfuil an éagsúlacht chultúrtha is fearr i stair na féile, le rannpháirtíocht trasphobail agus ceiliúradh traidisiún um Tuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbailchríoch - finishing touchesloingeas - shippingionsaí sá - stabbing attackgortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad - non life-threatening injuriesréamh-mheas - projectionrannpháirtíocht trasphobail - cross-community participation
Clár nuachta agus cúrsaí reatha.
Le Máirín Ní Ghadhra.
Tharla agóidí i gcathair Bhéal Feirste aréir, agus in áiteacha eile ó thuaidh mar gheall ar eachtra inar gortaíodh fear i dtuaisceart na cathrach oíche Dé Luain.
Bhí imní a léiriú i rith an lae inné go dtarlódh agóídí ar fud na cathrach i ndiaidh d'fhear as an tSudáin ionsaí a dhéanamh ar fhear eile sa Chathair le scian Dé Luain. Dódh tithe, dódh carranna agus cuireadh bus ar thine le linn oíche d'fhoiréigin fíochmhar i mBéal Feirste aréir
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár speisialta maidir le Daonáireamh 1926, an chéad daonáireamh a déanadh tar éis bunú an tsaorstáit.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Cuirfear tús le sraith úr teilifíse Dé Luain seo chugainn, an 16ú Márta ar RTÉ1 ag 8.30, ‘Slán go Feoil' teideal na sraithe agus sa tsraith seo tcífidh muid daoine a ghlacann leis an dúshlán staonadh ó a bheith ag ithe feola ar feadh tréimhse ama.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Príomhoide Scoil Naomh Eirc i mBaile an Mhordhaigh - beidh na lónta teo ag tosnú acu sa scoil Dé Luain tar éis dian fheachtais ag troid chun iad a bhaint amach.
Tá sé deimhnithe ag Príomhaire na Breataine Keir Starmer go gcuirfear ingearán le trealamh frith-dróin agus scriostóir chosaint aer go dtí a mbunáit míleata sa Chipir len é a chosaint, tar éis na hionsaithe dróin a rinne an Iaráin air Dé Luain.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Bríd Ní Liatháin, Príomhoide Scoil Naisiúnta Leitir Mealláin ag labhairt faoin gcruinniú faoi Teirpeoir Teanga a bhéas i Leitir Móir Dé Luain.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Oisín Mac Conamhna.Rinne Donald Trump cúlú mór ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos san Eilvéis an tseachtain seo, tar éis a bhagairtí géara an Ghraonlainn a ghabháil ón Danmhairg. Dúirt sé nach mbainfeadh sé úsáid as an bhforéigean leis an Ghraonlainn a ghabháil, in ainneoin a leideanna cheanna, agus tar éis cruinniú le hArd-Rúnaí NATO Mark Rutte, dúirt sé go raibh samhail socraithe bainte amach acu, agus ní chuirfeadh sé na táillí a d'fhógraigh sé roimhe ar a chomhghuaillithe NATO, a bhí ag seasamh leis an Danmhairg faoin gceist. Níl sé soiléir go fóill cén socrú atá ar intinn aige. Dúirt Trump nach ndearna éinne níos mó ar son NATO ná é fhéin, agus Déardaoin, chuir sé deargbhuile ar a chomhghuaillithe NATO uilig, nuair a dúirt sé nach raibh gá ag Stáit Aontaithe Mheiriceá leo riamh, agus gur fhan siad giota beag siar ó na línte tosaigh san Afganastáin. Fuair an Ghraonlainn an t-ainm Groenland, nó an Tír Ghlas, ó Erik Ruadh, an chéad Eorpach a chuir faoi ann, sa bhliain 986. Thug sé an t-ainm sin don oileán mar cheap sé gur ainm deas ab ea é, a mheallfadh daoine eile chun cónaí ann in éineacht leis.Cuireadh Enoch Burke ar ais sa phríosún Dé Luain, tar éis ord cúirte a shárú gan treaspás a dhéanamh ar Scoil Ospidéil Wilson i gContae na hIarmhí. Tá cúig chéad go leith lá caite aige sa phríosún go dtí seo, mar gheall ar a threaspás ar thailte na scoile ónar briseadh as a phost é mar gheall ar a iompar i gconspóid faoi dhalta trasinscneach a fhreastalaíonn ar an scoil. Scaoileadh amach as príosún é Dé Céadaoin an tseachtain seo caite, chun deis a thabhairt dó a chás a ullmhú ina achomharc i gcoinne a dhífhostaithe. Dúirt an Breitheamh Brian Cregan, a lig amach é, nach raibh cead aige dul ar ais go dtí an scoil in aon chur, agus dá rachfadh, go gcuirfí ar ais sa phríosún é go díreach. Dúirt Enoch Burke roinnt amanna go rachfadh sé ar ais go dtí an scoil go díreach, dá scaoilfí amach é. Scaoileadh amach é agus chuaigh sé ar ais ag déanamh treaspás ar an scoil, Déardaoin, Dé hAoine, agus Dé Luain. Gabhadh é ansin agus cuireadh ar ais sa phríosún é.Tá muid thart ar uasghníomhaíocht na gréine faoi láthair, sa timthriall aon bhliain déag de ghníomhaíocht ár réalta. Dé Domhnaigh seo caite, bhrúcht grianbhladhm mór i dtreo an Domhain, a d'astaigh cáithníní luchtaithe inár gceann a shroich an t-atmaisféar oíche Dé Luain. Spreag siad ceann de na stoirmí geomaighnéadacha ba láidre le fiche bhlian anuas, agus bhí na Gealáin Thuaidh le feiceáil sa spéir ar fud na hÉireann agus na Breataine, chomh fada ó dheas agus an Corn. Bhí dathanna láidre glas agus dearg le feiceáil sna Gealáin i ngach áit ina raibh an spéir glan. I Londain, faraor, bhí sé ag cur báistí ó spéir lán-scamallach nuair a bhí an feiniméan ar siúl.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomhghuaillithe - alliesna línte tosaigh - the frontlinestreaspás - trespassingdífhostú - dismissaltimthriall - cyclegrianbhladhm - solar flarecáithníní luchtaithe - charged particlesna Gealáin Thuaidh - the Northern Lightsan Corn - Cornwall
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
An Saol Ó Dheas beo ó Óstán an Marlin, Baile Átha Cliath.
An Saol Ó Dheas beo ó Óstán an Mercantile, i Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Beó ó Tigh Seartan i mBéal Átha an Ghaorthaidh.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
San eagrán speisialta seo den Saol Ó Dheas caitheann Máire Ní Mhuircheartaigh Davis súil siar ar a hóige i nDún Síon a laethanta scoile i gColáiste Íde, agus Baile Átha Cliath.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí seacht déag duine le cur os comhair cúirte Déardaoin tar éis dhá oíche foréigin ag ionad lóistín Citywest i mBaile Átha Cliath. Gabhadh 24 duine san iomlán, cúigear ógánach ina measc, le linn na n-eachtraí, nuair a caitheadh diúracáin agus tinte ealaíne ar na gardaí. Gortaíodh triúr gardaí, agus tugadh beirt acu chuig an ospidéal. Bhí breis is trí chéad garda ar dualgas, lena n-áirítear aonad ord poiblí, marcaigh, agus tacaíocht ón aer. Bhí an gunna uisce ar fáil ach níor úsáideadh é. Scaoileadh na cúigear ógánach faoi Chlár Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána, agus scaoileadh beirt fhear eile gan chúiseamh. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh na hionsaithe “gránna agus brúidiúil”, agus go mbeidh freagra láidir ón gcóras ceartais. Thosaigh na hagóidí Dé Luain, tar éis d'fhear teacht os comhair cúirte maidir le líomhain faoi ionsaí gnéis. Tá imscrúdú leanúnach ar siúl ag na gardaí le daoine eile a aithint.Tharla eachtra stairiúil sa Séipéal Sistíneach an tseachtain seo, nuair a rinne Rí Séarlas III agus an Pápa Leo XIV urnaí le chéile – an chéad uair ó aimsir Anraí VIII a ndeachaigh monarc Briotanach agus Pápa Caitliceach i gcomh-urnú. Bhí Banríon Camilla i láthair, ina suí taobh leis an Rí gar don altóir. Dúirt cléir Anglacánach gur “leigheas ar an stair” a bhí sa nóiméad seo, agus gur comhartha é ar an chaidreamh níos dlúithe idir an dá eaglais. Bhronn an Pápa teideal “Bráthair Ríoga” ar an Rí ag Basilica Naomh Pól, agus mar mhalairt thug an Rí onóracha Briotanacha don Phápa, lena n-áirítear Cros Mór Ord Bath. Tharla an cruinniú seo le linn Bhliain Iubhaile na gCaitliceach, agus feictear é mar chéim mhór eile i dtreo cairdeas idir an Eaglais Chaitliceach agus an Comaoineach Anglacánach.Tá deireadh le tréimhse Mhichíl D. Ó hUiginn mar Uachtarán na hÉireann. Bhí sé ina Uachtarán ar feadh ceithre bliana déag agus tá an-mheas ag an phobal air fós. Bhí beirt iarrthóirí ag seasamh sa toghchán uachtaránachta, a tharla inné: Catherine Connolly, polaiteoir neamhspleách a bhfuil tacaíocht aici ó pháirtithe ar an eite chlé, agus Heather Humphreys, iarAire Rialtais a bhí ag rith don pháirtí Fine Gael. D'éirigh Jim Gavin as an rás tar éis scannal faoi chíos neamhíoctha. De réir na bpobalbhreitheanna, is í Catherine Connolly a rachaidh go hÁras an Uachtaráin, ach tá súil le torthaí an toghcháin anocht. Beidh téarma seacht mbliana ag an bhuaiteoir. Is í an tUachtarán an ceann stáit agus cosnaíonn sí Bunreacht na hÉireann. Bíonn an tUachtarán ag labhairt leis an náisiún agus ag glacadh páirt in imeachtaí móra náisiúnta. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISClár Athstiúrtha Óige - Youth Diversion Programmemarcaigh - horse-ridersurnaí - prayeran Comaoineach Anglacánach - the Anglican Communionneamhspleách - independentBunreacht na hÉireann - the Constitution of Ireland
Aideen McQueen, atá ag glacadh páirte i bhFéile Ghrinn na Gaillimhe. Cuirfear tús tráthnóna inniu le Féile Ghrinn na Gaillimhe sa gcathair agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Dé Luain 27 Deireadh Fómhair.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.