Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil.
Chuir Máirtín Tom Sheáinín an t'eagrán deireanach d'Ardtráthnóna i láthair inniu. Tá sé ag fagál slán leis an Raidió théis beagnach 31 bliain. Ar an gclár deire labhair sé le Mary Lou MacDonald, Seán Ó Murchú agus rinne Seán Ó hÉanaigh píosa cainte, chríochna sé an clár le mír na Cartlainne agus d'fhág sé slán speisialta ag deire an chlár.
Mír na Cartlainne - Mír na Cartlainne: Máirín Mhic Lochlainn - Luibheolaí Patrick Murphy.
Mary Val de Bhailís, nach maireann - Clár a rinne Máirtín Tom Sheáinín le Mary Val ar an 19 Bealtaine 2005.
Ag cur síos ar an luibheolaí Patrick Murphy agus an cúrsa atá á chur ar siúl aige a bhaineann le luibheanna agus an bealachy le luibheanna a úsáid. Is féidir eolas a fháil faoi ag www.herbalstudyaccademy.com agus is féidir iad a dhéanamh ar líne nó thríd an bpost.
Tomás Ó Conghaile, Maggie Willie Ní Fhlatharta, Seán Ó hÉanaigh, Colm Mac Donnacha agus Máire T. Uí Ghríofa - FA Cup: Pádraig Reaney - Taispeántas Ealaíne.
Michael Phatch Breathnach - aithris píosa filíocht: Brian Terry Mac Donnacha - clog nua feistithe ar Shéipéal Chill Treasa, Ros a' Mhíl: MacDara Ó Conaola agus Sarah Ghriallais - amhrán "Peigín is Peadar": Mír na Cartlainne.
Johnny Cloherty(Johnny Mhicilín Phádraic Mhicil Ó Clochartaigh, nach maireann - Maidin Déardaoin seo caite a d'fhág Johnny slán leis an saol seo. Chuaigh Máirtín chomh fada leis agus é ag freastal ar Ionad lae in n-Áras Mhic Dara 28 Lúnasa, 2018, is i n-Áras Mhic Dara a chaith Johnny an dá bhliain deireadh dhá shaol.
Mary John Tom Bhreathnach - Ceiliúradh a lá breithe inné: Matt Nolan - Covid 19 agus instealladh an fliú
Mattie Cevan Ó Nia - Bhí Mattie ag cur síos ar a shaol i Ros Muc, na blianta a chaith sé ag obair leis an Power Station i Scríb agus na blianta a chaith sé ag imirt peil.
Máire Bríd Ní Chualáin - Gradam Cumarsáide an Oireachtais: Mír na Cartlainne.
Tá Máire Bríd ar dhuine de chúigear atá ainmnithe do ghradam réalt óg na bliana ag Gradam Cumarsáide na bliana seo. Is ar bhonn vótáil poiblí ar a bhonnfar an gradam agus tá na línte vótála oscailte ó 09 Meán Fómhair go dtí 13 Deireadh Fómhair.
Mír na Cartlainne - Darach Ó Catháin agus a bhean Bidín Chatháin nach maireann. Cothrom an lae inniu sa mbliain 1922 a rugadh Darach Ó Catháin agus ba cothrom an lae inné 29 Meán Fómhair, 1987 a bhásaigh sé.
Áine Uí Dhomhnaill - Ceol i Halla Éinne: Micheál Ó Domhnaill - oíche cheoil do Ospidéal na Leanaí i Sráid an Teampaill.
Tomhais: Mír na Cartlainne - Michael Dhonnchú, as Ros a' Mhíl, nach maireann ag caint le Johnny Shéamuis.
Bríd de Róiste - Comórtas Náisiúnta an Pan Cheilteach: Mír na Cartlainne.
Beidh comórtas Náisiúnta an Pan Cheilteach ar siúl i gCeartharlach oíche Dé Sathairn agus scór amhrán san iomaíocht. Éireoidh leis an mbuaiteoir ionadaíocht a dhéana do Éirinn sa gcomórtas idirnáisiúnta faoi Cháisc.
I mír na Cartlainne - John Beag Ó Flatharta agus Michael Johnny Mac Donnacha, nach maireann.
Máire Ferrins - fuair an madra a bhí aice le cheithre bliana déag bás: Bridie Uí Chatháin - Seasca sé bliain pósta.
Bhí Máire ag labhairt ar an ngadhair a fuair bás uirtha a bhí aici le cheithre bliana déag agus dár ainm "Buddy". Tá gadhair eile faighte aici anois agus "Euro" a thug sí mar ainm air.b
Bhí Bridie agus Harry ag ceiliúradh cothrom a lae bpósta inné agus iad seasca sé bliain pósta. Phós siad ar an Déardaoin 18 Feabhra 1954. Chuaigh siad ar mí na meala go hAcaill i gcóir an lae.
Colm Seoighe - "Extreme Tractor Runs" ag tiomáint ó Londain go Maigh Eo: Micheal Tommy Ó Gallchóir - Tarracóir as Londain go dtí an Corrán 1971.
Beidh an grúpa "Extreme Tractor Runs" ag tiomáint sé tharracóir déag ó Londain go Cill Cheallaigh, i gContae Mhaigh Eo ar mhaithe le airgead a bhailiú don eagraíocht "Daisy Lodge" atá ag iarraidh ionad nua a thógáil i gConga.
Ag labhairt ar an am a thiomáin sé tarracóir as Londain go dtí an Corrán in Acaill i 1971, d'fhág sé Londain ar an Domhnach 14 Márta agus bhí sé ar an gCorrán Lá Pádraig.
Seán Kyne, Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta ag caint le Cóilín Ó Neachtain - I gceantar Ghaillimh Thiar cháill Seán Kyne, a shuíochán agus labhair sé faoi le Cóilín Ó Neachtain.
Felicitas Payk - Scoil Cheoil an Earraigh: Geraldine Gannon - obair fheabhsúcháin Scoil Thír an Fhia.
Tá Felicitas ag tabhairt cuairt ar Éirinn arís i mbliana le freastal ar "Scoil Cheoil an Earraigh" atá le bheith ar siúl i gCiarraí an tseachtain seo chugainn.
Tá Bingo mór le bheith ag Coiste Tuismitheoirí Scoil Thír Fhia, oíche Dé Sathairn seo chugainn i nIonad Pobail Leitir Móir ar mhaithe le airgead a bhailiú den obair fheabhsúcháin atá le déanamh ar an scoil. Tá súil acu tosaigh ar chlós nua agus ar pháirc Astro go gairid.
Clár ar Dharach Ó Catháin - Darach Ó Catháin, nach maireann ag caint le Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, Bidín Uí Chatháin, bean chéile Dharach Ó Catháin -
Joe Steve Ó Neachtain, maireann & Máirín Uí Neachtain - Agallamh beirte - "An tAifreann is an tEaspag":Máirtín Ó Duitche & Seán Ó Cearnaigh: Tom a tSeoighe -Amhrán an Raidió: John Beag & Danny de Bhailís- Agallamh beirte "An Glór agus an tÉadan": John Beag - Amhrán na Teilifíse: Johnny Chóil Mhaidhc & Máirtín Jaimsie - Scrúdú Tomána.
Pádraic Ó Gionnáin - coicís san Ospidéal le pneumonia: Mary O' Toole - Fatima.
Tá Pádraic tar éis coicís a chaith sa Ospidéal. Bhí drochshlaghdán air aimsir na Nollaig agus fuair sé nóibhéine dhá bharr. Dúirt an Dochtúr leis san Ospidéal go raibh an tádh air mar go raibh sé i mbaol báis dá mbeadh sé fágtha tada níos fuide aige.
Beidh sí ag dul anonn go Fatima ar an dara lá de mí Meitheamh. Dúirt Mary go mbeidh nóibhéine ag tosú i gCill Chiaráin ar an 10 Feabhra.
Niamh, Clíona agus Róisín Ní Dhúgáin - Bhí siad ocht mbliana déag d'aois Dé Céadaoin seo caite an 22 Eanáir: Annie Uí Chadhain - Tá Annie agus a fear céile Pádraic trí scór agus cheithre bliana pósta inniu.
Bhí na cailíní ocht mbliana déag d'aois Dé Céadaoin seo caite ar an 22 Eanáir. Tá siad ag déanamh an Ardteistiméireacht an samhradh seo. Labhair siad ar na rudaí a bhfuil suim acu ann agus céard a mhaith leo a dhéanamh tar éis an ardteistiméaracht.
Tá Annie agus a fear céile Pádraic trí scór agus cheithre bliana pósta inniu. Chuir sí síos ar a saol nuair a phós siad. Is in Inis Barr an Chuain a rugadh agus a tógadh Annie. Tá Pádraic 91 bliain d'aois ó tús na míosa seo.
Máirín Mhic Lochlainn - oíche Airneáin: Mír na Cartlainne.
Beidh an chéad oíche airneáin den bhliain 2020 ar siúl sa leabharlann ar an gCeathrú Rua ag 6 a chlog tráthnóna amárach
I bpíosa na cartlainne inniu bhí - Máiréad Nic Dhonnchadha, Pádraig Ó hAoláin, Michael Dhonnchú, Seán Ó Tuairisg, Pádraic Ó Catháin, nach maireann agus Tom Sailí Ó Flaithearta.
Mary John Tom Bhreathnach - Gala Bhrendan: Clare Horgan - Ardghradam Turasóireacht.
Bhí an gala Brendan ar an ngála is measa a chonaic Mary le fada an lá ar an bhFód Dubh. Rinne Mary cur síos freisin ar lá Bríde agus na nósanna a bhíodh acu ann.
D'éirigh le Clare ardghradam turasóireacht a fháil ón Roinn Gnóthaí Eachtrach agus Cultúr na hÉireann an bhliain seo caite le deis a thabhairt de a cuid amhráin agus ceol a thabhairt go Meiriceá.
Peadar Mór Ó Conghaile - Ag labhairt faoi go bhfuil sé ag socrú na talún ag réiteach le haghaidh fataí a chur i mbliana: Éamonn Coyle - Ag labhairt faoi go bhfuil Féilire tugtha amach ag Éamonn ar a bhfuil pictiúr do thrí oileáin i nDún na nGall.
Máirín Joe Churraoin - Leigheas ag Tobar Naomh Anna: Bríd de Róiste - Pan Cheilteach 2020.
Bhí Máirín ag labhairt faoi chara, colceathrar léi a bhí mbaile as Sasana. Bhí sí tinn le ailse agus thug Máirín ag Tobar Naomh Anna í áit a dhearna sí an turas. Nuair a chuaigh sí ar ais go Sasana chuaigh sí ag an doctúr rinne sé na tástálacha bhí an ailse imigh as a corp.
Beidh Comórtas Amhrán Nua chumtha Pan Cheilteach 2020 ar siúl i gCeatharlach ar an Satharn 22 Feabhra agus sé Dé hAoine an 17 Eanáir an dáta deireadh le amhrán a bheith istigh don chomórtas.
Pádraic Ó Ciardha - Tá sé ag cur leabhar le chéile faoi litreacha Gaeilge a bhíodh daoine a chur abhaile fadó as tíortha i bhfad ó bhaile: Mír na Cartlainne .
An tAthair Máirtín Ó Móráin agus Seámus Ó Gabháin - Máirtín agus Kathleen McEvily seachtú ceathair bliain pósta: Tom Kenny - Siopa Uí Chionnaith cheithre scór bliain ar an bhfód.
Ag labhairt faoi go bhfuil Máirtín agus Kathleen McEvily, as Ros Cathail ag ceiliúradh cothrom a lae bpósta inniu, tá siad seachtú ceathair bliain pósta.
Beidh siopa Uí Chionnaith i nGaillimh ag ceiliúradh cheithre scór bliain ar an bhfód i mbliana agus tá roinnt imeachtaí beartaithe acu i rith na bliana le ceiliúradh a dhéanamh. Tá cúigear de chlann Uí Chionnaith ag obair sa ngnó chomh maith leis an ngarchlann.
Sinéad Ní Ráinne - Tá leabhar agus dlúthdhiosca curtha le chéile ag Sinéad do na hamhráin a bhfuil baint acu leis an Trá Bháin. Beidh an leabhar á sheoladh i scoil Rónáin, sa Trá Bháin, oíche Dé Sathairn ag a seacht a chlog.
Pádraic S. Ó Murchú - amhrán sean-nóis: Mír na Cartlainne.