POPULARITY
Tá Uisce Éireann ag iarraidh Ionad nua Cóireála Séarchais a thógáil ar an gCeathrú Rua.
Beidh Trad Tráthnóna ar ais arís i mbliana in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche agus bhí Laura linn le tuilleadh eolais a thabhairt dúinn faoi na ceolchoirmeacha a bheas ag tarlú i mbliana.
Tá post mar Oifigeach Forbartha Pobail faoi oiliúint a thairiscint ag Ionad Oidhreachta Isaac Butt sa Ghaeltacht Láir san am i láthair.
Tá Emma ag freastal ar Chomhdháil atá eagruithe ag Fair Seas Ireland i Halla na Cathrach i gCorcaigh inniu. Seo Seachtain Domhanda na nAigéan.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ba7sqej Contact: irishlingos@gmail.com Attack on a drone control center in southern Iran. Ionsaí ar ionad stiúrtha drón i ndeisceart na hIaráine. A US government spokesman has confirmed that the American air force attacked a drone control center belonging to Iranian military forces in the Strait of Hormuz overnight. Tá sé deimhnithe ag urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ionsaigh aerfhórsa Mheiriceá ionad stiúrtha drón le fórsaí míleata na hIaráine i gCaolas Hormuz i gcaitheamh na hoíche. The spokesman said the Americans also shot down four drones when they attacked the base in the port of Bandar Abbas. Dúirt an t-urlabhraí gur chuir na Meiriceánaigh ceithre dhrón go talamh chomh maith nuair a d’ionsaigh siad an bhunáit i gcalafort Bandar Abbas. In retaliation, as they themselves said, Iranian forces attacked a military base belonging to the United States. Ina éiric sin, mar a dúirt siad féin, d’ionsaigh fórsaí na hIaráine bunáit mhíleata leis na Stáit Aontaithe. Although the Iranians did not say which base was attacked, authorities in Kuwait have indicated that several missiles and drones were fired at that country. Cé nach ndúirt na hIaránaigh cén bhunáit go baileach (which base exactly) a ionsaíodh, tá sé tugtha le fios ag na húdaráis i gCuáit gur scaoileadh roinnt diúracán agus drón leis an tír sin. Officially, a ceasefire has been in place in the region since the beginning of April, but it is unclear what direction it is heading – whether it will be consolidated or fall apart – especially since US President Donald Trump has often and simultaneously played both sides of the fence in relation to it. Go hoifigiúil, tá sos comhraic i bhfeidhm sa réigiún ó thús an Aibreáin ach níl sé soiléir cén treo atá faoi – an ndaingneofar é nó an dtitfidh sé as a chéile – go háirithe ó tá an dá phort ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go minic agus ag an am céanna i ndáil leis. The price of oil has risen again on international markets in light of the latest attacks after falling 5% yesterday. Tá praghas ola ardaithe arís ar na margaí idirnáisiúnta i bhfianaise na n-ionsaithe is deireanaí tar eis dó titim 5 faoin gcéad inné. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Speech by President Connolly at The Irish Cultural Centre, Hammersmith, London
Seo Seachtain na Rothar 2026 agus tá go leor grúpaí agus coistí ag díriú a n-aird ar chúrsaí rothaíochta - ina measc tá Ionad Óige Ghaoth Dobhair agus labhair Paula Mhic Cumhaill, Oifigeach Óige agus Oideachais Ionad Óige Ghaoth Dobhair linn faoin togra seo.
Cuireadh tús le cúrsa in Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh le gairid le curacha a chóiriú agus thug Conor Ó Gallachóir cuairt ar an chúrsa. Labhair sé leis an Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh agus leis an teagascóir Owenie Ó Duibhir agus le le Colm Ó Briain.
Máistirphlean Fuinnimh Dhún Chaoin – bhí sé lárnach i bhfeachtas chun é a chur ar bun agus beidh seoladh ar an gCéadaoin in Ionad an Bhlascaoid.
Beidh tacaíochtaí a fhógairt inniu d'earnáil éagsúla, earnáil na talmhaíochta, earnáil na hiascaireachta, leoraithe, busanna le cuidiú leo ó thaobh an bhreosla de agus mar sin de ach ní bheidh rud ar bith sna tacaíochtaí is deireanaí seo don ghnáth dhuine.
Seolfar an taispeántas cartlainne Iorras Aithneach - Cliabhán an Chultúir in Ionad an Acadaimh i gCarna Déardaoin.
Iar-scoláire Choláiste Íosagáin a bhí páirteach i gclár faisnéise den teideal 'Tumtha', a bheidh ar siúl in Ionad an Bhlascaoid Dé Sathairn.
Labhair Pádraig faoi Laethanta na Bó Riamhaí agus faoin ócáid a bheidh ar bun i dTuras Siar do mhuintir na n-oileán ag deireadh na míosa
Agallamh le Laura Heeney faoi Ionad Hind Rajab - ionad lonnaithe i Khan Younis, Gaza, atá ag cur tacaíochta ar fáil do pháistí díláithrithe de bharr na coimhlinte ann. Tuilleadh sonraí: https://www.ionadhindrajab.org/ Eadra: Clár nuachta agus cúrsaí reatha á chur i láthair ag Cara Nic Giolla Chomhaill. Craolfar é Luan go hAoine ag a 10:00 ar Raidió na Life 106.4FM
D'fhill an t-ealaíontóir ar Ionad an Bhlascaoid le déanaí, áit a bhfuil a saothar uaithúil gloine den teideal ‘An Turas' le breis is 30 bliain.
Ceiliúradh do bheirt laoch – Danny Mac an tSíthigh agus Neasa Ní Chinnéide – á reachtáil ag leachtóir Choláiste na Tríonóide an Aoine beag seo in Ionad an Bhlaoscaoid
Lonnaithe sin Ionad na Gaeilge Labhartha i UCC – caint aige ar na scoláiri idirnáisiúnta a bhíonn acu.
Ag labhairt faoi na pleananna forbartha atá idir lámha ag Comhairle Contae Dhún na nGall ag Sliabh Liag.
Beidh oíche eolais san Ionad Rochtana in Ollscoil na Gaillimhe amárach.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28lqtjtv Contact: irishlingos@gmail.com People still missing after the disaster in Switzerland. Daoine fós ar iarraidh tar éis na tubaiste san Eilvéis. Authorities in Switzerland are still searching for missing people after a large fire that broke out in a pub in the town of Crans-Montana in the southwest of that country early yesterday morning. Tá na húdaráis san Eilvéis fós ag cuardach do dhaoine atá ar iarraidh tar éis an dóiteáin mhóir a tharla i dteach tábhairne i mbaile Crans-Montana in iardheisceart na tíre sin go moch ar maidin inné. In addition to the 40 people killed in the disaster, apparently mainly young people, 115 others were injured. Chomh maith leis an 40 duine a maraíodh sa tubaiste, daoine óga a mbunáite de réir dealraimh, gortaíodh 115 eile. Adding to the concern, it is said that some of those injured are very seriously ill. Mar bharr ar an mbuaireamh, deirtear go bhfuil roinnt den dream a gortaíodh an-dona tinn. It is not known exactly how many people are still missing, but the pub was holding over 300 people, according to online sources. Níl sé ráite cé mhéad duine go baileach atá fós ar iarraidh ach thoill an teach tábhairne os cionn 300 duine, de réir foinsí ar líne. Crans-Montana is an international ski resort and Swiss President Guy Parmelin said it was likely that people from different countries were among the dead. Ionad sciála idirnáisiúnta is ea Crans-Montana agus dúirt Uachtarán na hEilvéise Guy Parmelin gur dóichí go bhfuil daoine as tíortha éagsúla i measc na marbh. Already, the Italian Government has announced that fifteen people from that country are missing. Cheana féin, tá sé tugtha le fios ag Rialtas na hIodáile go bhfuil cúig dhuine dhéag ón tír sin ar iarraidh. The French Government says eight citizens of that country are also missing. Deir Rialtas na Fraince go bhfuil ochtar saoránach de chuid na tíre sin ar iarraidh chomh maith. It is still unknown what caused the fire, but two people who were there at the time say that the ceiling of the house caught fire when sparklers on a sweet cake went out of control and the fire spread at a crazy speed afterwards. Ní fios fós cad ba shiocair leis an dóiteán ach deir beirt a bhí san áit ag an am gur lasadh síleáil an tí nuair d’imigh spréachairí ar cháca milis ó smacht agus gur leath an tine de luas mire ina dhiaidh sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Noctaíodh bínse ag Ionad Lae i gComhar Chuigéil Dé Sathairn i gcuimhne an bheirt bhan a thosaigh an t-ionad lae an chéad lá riamh.
Eolas faoi cheant ar líne ar siúl faoi láthair ag Cumann Letterkenny Lions agus iad ag iarraidh airgead a bhailiú do Bhancanna Bí sa chontae agus faoi imeachtaí na Nollag in Ionad Naomh Pádraig, Dobhar.
Ag labhairt faoi Fhéilire Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna 2026.
Beidh Club Óige, Ionad Óige Ghaoth Dobhair ag athoscailt agus beidh clárú ar siúl Dé Céadaoin, an 19 Samhain ag 6:00 i.n.
Osclaíodh foirgneamh nua Ionad Éigeandála um Éigniú na Gaillimhe inné.
Cúrsaí turasóireachta i gCiarraí - an séasúr fómhair go maith go dtí seo.
Roseanne Kelly, Coiste Eagraithe Coldvember. Tá an feachtas Coldvember á reáchtáil an mhí seo chugainn ar mhaithe leis an Ionad Éigeandála um Éigniú i nGaillimh.
Cuid den dream a bhí i láthair ag iompú an chéad fhód ar suíomh Ionad Pobail Mhaigh Cuilinn ag ócáid a bhí ansin inné.
Tá deascéala ar maidin áit a bhfuil sos cogaidh aontaithe idir Iosrael agus Hamas, agus é aontaithe fosta gialla a scaoileadh saor.
An méid a bhí le rá ag Iar-Aire na Gaeltachta agus Uachtarán Oireachtais na Gaeilge Éamon Ó Cuív agus é ag Ionad an Bhlascaoid le deireanas.
Cuid den dream a bhí in Ionad na nImirceach i gCarna ag ócáid ag comóradh an dream a bhíodh ag obair ar an mBeet fadó agus píosa cartlainne faoi na mná a bhíodh sa mbaile.
Tá bainisteoir Ionad an Bhlascaoid tar éis filleadh ón Big E i Springfield le seoda - litreacha a scríobh Tomás Ó Criomhthain go luath sna 1930idí.
Tá ócáid á eagrú in Ionad Chuimhneacháin na nImirceach le cuid den dream a bhíodh ag obair i monarcháin an bhiatais i Sasana a thabhairt le chéile.
John Bhaba Jeaic Ó Conghaola, Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ag labhairt faoin leac atá le cur suas sa gceantar in ómós Ruairí Mac Easmainn.
Ball de CCE Croabh Lachtáin Naofa – tá Grúpa Ceoil nua a chur le chéile do sheó nua agus tús leis an gcleachtadh an Aoine beag seo in Ionad Áise Réidh na nDoirí.
Tá tús curtha le sceideal úr don Fhómhair ag Ionad Naomh Pádraig agus rinne Mary cur síos ar na cúrsaí atá ar fáil san am i láthair.
Tá os cionn 40,000 gasúr ar liostaí feithimh do naíonraí agus naíolanna ar fud na tíre.
Ag plé cad mar a bhí cúrsaí turasaóireachta sa tsamhradh agus an easpa seirbhísí atá ann ó thaobh bruscair de do thurasóirí.
Mairéad Seoige, Ionad Breis Oideachais Rosmuc ag labhairt faoina cúrsaí atá ar fáil ansin.
Ceiliúradh do fhoireann caide Chiarraí in Ionad na Dromoda an Aoine seo chaite tar éis dóibh Craobh Uile Éireann a bhuachaint.
Tá sé fógartha ag an eagraíocht ‘Connecting Hubs' go bhfuil borradh faoi líon na n-oibrithe atá ag teacht ar saoire go dtí na ceantair Ghaeltachta i mbliana agus iad ag leanacht orthu ag obair mar go bhfuil siad ag baint úsáide as na spásanna a chuireann na GTeiceanna ar fáil.
Is léir go bhfuil an costas ard maireachtála ag cur brú ar chuid mhór teaghlaigh in iar thuaisceart Dhún na nGall, a dúirt Máire Uí Chomhail.
The death of Máiréad Kearney-Shea – known as Máiréad Pheats Tom - occurred on Tuesday at her home in Springfield, Massachusetts. Her 103rd birthday would have been in December. She was the last of the Blasket-born community in the USA. Jerry spoke to Lorcán Ó Cinnéide, bainisteoir of Ionad an Bhlascaoid.
Rinne Stoirm Eowyn scrios mór ar na tithe gloine atá ag Lárionad Acmhainní Nádúrtha i gCill Ulta níos luaithe i mbliana agus rinne Eithne cur síos ar an obair atá déanta ó shin agus tograí eile atá idir lámha acu san am i láthair.
Micheál Bharry Ó Flatharta, Léachtóir in Ionad Teicneolaíochta na Fáisnéise in Ollscoil na Gaillimhe ag labhairt faoin lipéad nua ‘seans gur sceamáil é seo' ar théacsanna ó chomhlachtaí nó eagraíochtaí nach bhfuil cláraithe leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide.
Tá muintir Dhún Chaoin mí-shásta le Oifig na n-oibreacha Poiblí, faoin mhoill le píosa beag talún le taobh Ionad an Bhlascaoid a chuir ar fáil don phobal.
Cuid den dream a tháinig amach ag ionad oidhreachta Leitir Mealláin inné ag cur fáilte roimh an aisteoir Patrick Duffy.
John Bhaba Jeaic Ó Conghaola, Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin ag labhairt faoi na rudaí ata san ionad agus an duais a fuair siad ag Gradaim an Chathaoirligh.
Sheol an tAire Stáit Hildegarde Naughton clár nua atá ag Fóram Chonamara le tacaíocht a thabhairt san ionad oibre do dhaoine le míchumas agus do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu ag ócáid a bhí in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Dé hAoine.
Labhair Oifigeach Caidrimh Poiblí Choiste Ros Muc Colm Ó Mainnín agus Eamonn Ó hÉanaigh ó Údaras na Gaeltachta faoin méid a pléadh ag an gcruinniú a bhí in Ionad Cuimhneacháin an Phiarsaigh Dé hAoine.