POPULARITY
De réir na tuarascála GeoDirectory tá dhá oiread an Ráta Folúntais tithe i gCiarraí i gcomparáid leis an meán náisiúnta do 3.7%. Leis sin tá breis is 12% de Thithe i gCiarraí ina dTithe Saoire.
Tús curtha le achainí ar líne i gCiarraí ag eileamh seirbhisí meabhairshláinte SCAN do dhaoine atá ag smaoineamh ar lámh a chur ina mbás féin.
Tá craobh na dtábhairneoirí i gCiarraí le vóta a chaitheamh an mhí seo chugainn ar rún a mholann cosc a chur ar ghaltoitíní sna tithe tabhairne.
Bhailigh slua mór i bPáirc Ghallarus i gCorca Dhuibhne tráthnóna aréir le failte abhaile a chuir roimh fhoireann na Gaeltachta.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an deichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala agus Uachtarán Veineséala Nicolás Maduro a ghabhadh, agus Donald Trump ag móidiú “an tír a reáchtáil” go dtí go bhfuil próiseas aistrithe cumhachta cuí i bhfeidhm. Gabhadh ceannaire Veiniséala, atá de chuid na heite clé, agus a bhean chéile ag a gcompún agus eitlíodh go dtí na Stáit Aontaithe iad, mar chuid d'oibríocht dhrámatúil thar oíche, ina bhfacthas ionsaithe ar bhunáiteanna míleata fosta. Ó shin, cuireadh coireanna airm agus drugaí i leith Maduro agus a mhná Cilia Flores i Nua Eabhrac. Rinneadh cáineadh idirnáisiúnta ar an ionsaí. Dúirt an Teach Bán go mbeidh smacht ag na Stáit Aontaithe ar ola Veiniséala, atá faoi smachtbhanna faoi láthair, agus iad ag cur deireadh le srianta ar amhola sna margaí domhanda faoi láthair. Chuir titim sneachta agus aimsir shioctha isteach go mór ar an taisteal san Eoraip, agus seisear ar a laghad a cailleadh i dtimpistí a bhí ceangailte leis an drochaimsir ar an mhór-roinn. Bhí na céadta eitiltí ar ceal ar fud na hEorpa, leis na mílte daoine fágtha ag aerfoirt in Amsterdam agus Páras. Déardaoin, fógraíodh go raibh foláireamh buí i bhfeidhm i gCiarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Loch Garman, mar gheall go raibh Stoirm Goretti ag dul trasna na tíre, ach dúirt Met Éireann “nach ríshuntasach” d'Éirinn a bhí an córas aimsire a bhí bainte le Stoirm Goretti. In iar-dheisceart Shasana, bhí rabhadh dearg i bhfeidhm, agus thug an Met Office foláireamh go raibh “contúirt bháis mar gheall ar raic san aer” ar Oileáin na Scillí agus i gCorn na Breataine. Tá roinnt focail speisialta a bhfuil tionchar ar leith acu ar mhadaidh - ocras, páirc, siúl, agus, go deimhin, dinnéar! Ach tá grúpa cainíneach tallannach ann agus is dóigh go bhfuil cumas den scoth acu ag foghlaim stór focal an duine, agus iad abálta teanga a fhoghlaim ag cúléisteacht, sa bhealach céanna ina ndéanann tachráin. Seo maidir le taighde nua atá foilsithe san irisleabhar “Science”, a léiríonn go bhfuil na “foghlaimeoirí focal tallanacha” cainíneacha seo, atá in ann ainmnithe bréagán a fhoghlaim fríd traenáil cheana féin, in ann focail a thabháirt leo gan ach comhrá a chluinstin sa chúlra. Dúirt Clive Wynne, iompraí cainíneach ag Ollscoil Stáit Arizona go “ndearnadh go han-mhaith” an taighde, ach chuir sé comhairle ar dhaoine gur ainmhithe “fíor-eisceachtúla” a bhí iontu agus nár cheart dóibh a bheith ag tnúth le sárbhuanna ó pheataí teaghlaigh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISpróiseas aistrithe cumhachta - power transfer processcompún - compoundfoláireamh - alertraic - debristachráin - small kidsiompraí cainíneach - canine behaviourist
Tá an Comhairleoir Mac Gearailt ag éileamh ar Uisce Eireann plean a fhorbairt d'infheistíocht sa chóras uisce agus séarachais dos na ceantair Ghaeltachta i gCiarraí.
Traenáil CPR atá ar bun do chéadfhreagóirí i gCiarraí.
Cúrsaí turasóireachta i gCiarraí - an séasúr fómhair go maith go dtí seo.
Deir go bhfuil moill ar sheirbhís An Post i gCiarraí, ó aistríodh an stáisiún sórtála go suíomh úr i dTrá-lí.
Bhí rún ag an gComhairleoir Roibeard Ó Brosnacháin ag éileamh go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh ceadúnas a ath-eisiúnt ar an gcomlacht Mowi go bhfuil feirm éisc acu gar d'oileán Duínis i gCiarraí.
Tá go dtí deireadh 2026 fágtha ar chead phleanála na hathfhorbartha a bhí beartaithe do shean Ospidéal an Daingin, atá díomhaoin le breis is cúig bliana déag anois.
Tá cáin mhaoine áitiúl le híoc sna seachtainí atá romhainn agus labhraíonn an comhairleoir áitiúil faoi thábhacht na híocaíochtaí do sheirbhísí i gCiarraí.
Naoi mol luchtaithe EV nua le cur ar ghréasán bóithre i gCiarraí - rud dearfach a deir urlabhraí Gharáiste Kellehers i dTrá Lí.
Tá feachtas nua tosaithe i gCiarraí i measc earnáil an phobail, na heagraíochtaí pobail agus deonacha leis na deacrachtaí maoinithe a réiteach.
Beidh seisiún eolais speisialta ar na deiseanna maoinithe á reáchtáil do Fiontair Shóisialta i gCiarraí an Aoine seo.
Tá tuilleadh cruinnithe le bheith ag na páirtithe polaitíochta an tseachtain seo agus chomh maith leis sin beidh an chéad Rialtas áitiúil sa tír - sin i gCiarraí ag teacht le chéile inniu agus iad ag éisteacht le hiarrthóirí atá ag lorg ainmniúcháin do thoghchán na huachtaránachta.
Inniu an lá deire ag daoine le iarratas a dhéanamh ar phoist mar oifigigh óige sna LPT i gCiarraí agus i Maigh Eo.
Líon na dtithe atá folamh i gCiarraí ag ráta 7.1% de réir na figiúirí ón dtuarascáil foirgnimh chónaithe is déanaí.
Bhailigh maithe agus móruaisle an stáit i nDoire Fhíonáin i gCiarraí inné, do chomóradh oifigiúil ar bhreith an Fhuascailteora Dónal Ó Conaill, cothrom an lae inniu dhá chéad go leith bliain ó shin. Chuir Dáithí De Mórdha an méid seo le chéile dúinn.
Beidh an Taoiseach i measc na gcainteoirí inniu ag comóradh an Stát ar bhreith Dhónaill Uí Chonaill dhá chéad go leith bliain agus an lá inniu i gCathair Dhónaill i gCiarraí.
Tugadh le fios sa Dáil le déanaí gur dhún 257 oifig poist sa tír seo le deich mbliana anuas. Bhí dhá cheann is fiche i gcontae Chorcaí, ocht gcinn déag i gCiarraí agus ocht gcinn i gcontae Phort Láirge- an ceann a dhún sa Rinn anuraidh san áireamh.
Beidh muintir na hInse i gCiarraí i mbun léirsithe maidin inniu taobh amuigh d'oifigí na comhairle contae, ag cruinniú do Cheantar Bardasach Oileán Ciarraí Corca Dhuibhne.
Bainteach leis an tAifreann as Gaolainn eagraithe ag Cumann na Sagart i gCiarraí ar Inis Fhaithleann ar Loch Léin ar an nDéardaoin.
Bhí cruinniú ar bun inné, mar thús le feachtas chun breis seirbhísí, go háirithe leapacha faoisimh, a fhorbairt i gCiarraí do dhaoine fásta fé bhac.
Tá ceathrar fear á gceistiú i gcónaí, ar amhras go rabhadar i mbun gníomhaíochtaí coiriúla i gCiarraí i rith an deiridh seachtaine seo caite.
Beidh daoine i gceantair ar fud fad na tíre amuigh ag ceiliúradh Lá an Dreoilín inniu. Is sean-traidisiún Ceilteach é Lá an Dreoilín a dhéantar ceiliúradh air go fóill, go háirithe i gCiarraí, in iarthar Luimnigh agus i mBaile Átha Cliath. Sa Daingean, áit ina maireann an traidisiún go láidir go fóill, beidh ceithre bhannaí ceoil ó na sráideanna éagsúla ag máirseáil tríd an bhaile mar chuid den fhéile. Labhraíonn an Dr Aoife Granville, ball den ghrúpa ar Shráid Eoin, le Tessa Fleming faoin tsean-nós seo agus na dúshláin atá le sárú sa lá atá inniu ann. Foclóir: Dreoilín: Wren - Sníomhann sé: It ties in with - Iorua: Norway - Sleamhain: Sly - Torthúlacht: Fertility - Ó shin i leith: From then on - Aitheantas: Recognition - Ádh: Luck - Tuí: Straw - Carthanachtaí: Charities - Teoranta: Restricted - Bagairt: Threat - Dream: Group - A mhealladh: To entice - Deasghnáth: Ritual - Ár sinsir: Our ancestors - Aireachas: Mindfulness.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Feisire na hEorpa ag caint ar an gcogadh laistigh d'Fhine Gael i gCiarraí tar éis gur theip ar an bpáirtí i gCiarraí sa toghchán agus trácht chomh maith ar an margadh trádála Mercosur atá faoi chaibidil ag an AE faoi láthair.
Córas nua le tithe sóisialta a dháileadh ag feidhmiú i gCiarraí.
Ag caint ar an nasc idir cursaí Chumann Lúithchleas Gael agus cursaí polaitíochta i gCiarraí le breis agus 100 bliain i bhfianiase chinneadh Billy O'Shea a ainm a chur chun cinn d'Fhine Gael sa dáilcheantar.
Tá pleananna sa treis ag an gcomhlacht FuturEnergy Ireland, chun 3 fheirm ghaoithe a fhorbairt idir Gleann na Claodaí i gCiarraí, agus i mBéal Átha an Ghaorthaidh.
Tabharfar na Buachaillí Bána a crochadh breis is 200 bliain ó shoin anseo i gCiarraí chun cuimhne tráthnóna Déardaoín seo chughainn aige Crosaire an tSionnaigh láimh leis an Ráthmhór.
‘You're a big man now'. B'in cuid de na focail deireanacha a chuala Thomas Dooley agus é ina luí ina fhuil féin ag fáil bháis tar éis ionsaí fíochmhar i reilig lán le daoine i gCiarraí. A mhuintir féin a bhí freagrach as a dhúnmharú foréigeanach. Láithreoir: Tessa Fleming. Rannpháirtí: Tadhg Evans. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí an tAire Stáit Gaeltachta Thomas Byrne i gCiarraí inné agus é ag bualadh le grúpaí pobail agus le muintir na h-áite.
Inniu an spriocdáta do phost an oifigigh phleanála teangan i gCathair Saidhbhín i gCiarraí agus síneadh curtha leis an ról cheana, ag Glór na nGael atá i mbun na h-earcaíochta.
Comhbhainisteoir fhoireann peile na mban i gCiarraí ag tnúth le cluiche ceathrú ceannais na hÉireann in aghaidh na Mí i dTrá Lí amárach.
Deir an TD Daly go bhfuil faillí dá dhéanamh ar scéimeanna soláthair uisce atá riachtanach i gCiarraí mar go bhfuil tús áite dá thabhairt ag an rialtas do thograí caipitil ollmhóra le freastal ar Bhaile Átha Cliath.
Tá dhá bhus leictreacha nua le bheith in úsáid ag an tseirbhís bus áitiúil an Local Link i gCiarraí. Labhair iarrthóir sna toghcháin áitiúla Peadar Ó Fionnáin le Dáithí de Mórdha.
Plé a bhí ar chúrsaí fuinneamh in athnuaite i gCiarraí.
Tá feirmeoirí i gCiarraí dóchasach go mbeidh tuilleadh maoiniú ar fáil do Fheirmeoireacht Shóisialta Chiarraí agus an tionscadal nua FarmElder.
Labhair an tabhairneoir Seán Breandán Ó Conchúir le Sláine Ní Chathalláin faoina rátaí a bheas le n'íoc ag Tithe Tábhairne i gCiarraí.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tá póilíní sna Stáit Aontaithe tar éis na céadta mac léinn atá ag agóid ar son na Palaistíne a ghabháil ar champais iolracha ar fud na tíre. Rinne póilíní Los Angeles a mbealach isteach sa champa agóide ag UCLA le fórsa, ag coinneáil roinnt agóideoirí agus ag stróiceadh na bpuball. D'éiligh na mic léinn go stopfadh ollscoileanna gnó a dhéanamh le hIosrael nó le cuideachtaí a thacaíonn leis an gcogadh in Gaza. Agus mic léinn ag leanúint ar aghaidh ag agóid ar fud na tíre, shéan an tUachtarán, Joe Biden, go gcaitheann na Stáit Aontaithe go leatromach le hagóideoirí ach dúirt sé go gcaithfidh “ordú a bheith i réim”.Tá scéim nua seolta chun an Ghaeilge a thabhairt do phobail nua in Éirinn, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil Araibis, Úcráinis agus Íogbóis mar phríomhtheanga acu. ‘Céad Míle Fáilte' an t-ainm atá ar an tionscnamh náisiúnta atá maoinithe don chéad trí bliana eile ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon agus Gaeltachta. Táthar ag súil go nglacfaidh ar a laghad 2,000 duine páirt ann. Dúirt an tAire Stáit, Thomas Byrne, go bhfuil níos mó i gceist leis an tionscadal ná clár teanga, ag rá gur cruthú atá ann go bhfuilimid tiomanta féiniúlacht Éireannach níos láidre agus níos leithne a chruthú, a bheidh cuimsitheach agus fáilteach roimh chách.Tá cuach Éireannach ar ais ina tír dhúchais tar éis aistear éachtach thar sáile. Chaith an chuach an geimhreadh i bhforaoisí báistí an Chongó agus thuirling sé ar ais i bPáirc Náisiúnta Chill Áirne i gCiarraí an tseachtain seo, áit ónar eitil sé an bhliain seo caite. Tá an t-éan, darb ainm Cuach KP, ar cheann de thriúr a feistíodh le clibeanna satailíte mar chuid de Thionscadal Rianaithe Cuach nua a seoladh an samhradh seo caite. Ba é cuspóir an tionscadail ná pictiúr soiléir a fháil ar thuras bliantúil na cuaiche agus conas is féidir iad a choinneáil sábháilte. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS campa agóide - protest camp go leatromach - oppressively cuimsitheach - inclusive fáilteach - welcoming cuach - cuckoo clibeanna satailíte - satellite tags
Tá an chuma ar an scéal nach mbeidh Teach Edenburn i mBaile Mhic Éalagóid taobh amuigh de Thrá Lí á úsáid anois le tearmann a chuir ar fáil do dhaoine ann.
Fógraíodh inné go mbeidh Páirc Náisiúnta na Mara le forbairt i gCiarraí
Triúr déag iarrthóirí atá ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla i gCiarraí i mbliana, agus súil acu cur leis an gceathrar atá acu ar an gComhairle Contae faoi láthair. Labhair an Teachta Dála Pa Daly le Sláine Ní Chathalláin.
Bhí cruinniú ag ionadaithe ón gCoiste atá freagrach as plean turasóireachta Chorca Dhuibhne i gCiarraí le Coiste Chósta Chonamara agus Oileáin Árann agus le hionadaithe ón eagraíocht Fáilte Éireann i Mainistir na Coille Móire inné. Labhair siad le Máire Áine Ní Chuaig.
Deirtear i litir a bhí faoi bhráid Rialtas áitiúil i gCiarraí nach raibh oiread is fostaí amháin in Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne, ag gearán leo faoi deacrachtaí lóistín.
Ghlac Comhairle Contae Chiarraí le rún inné ón gComhairleoir Norma Moriarty, ag iarraidh ar an Aire Stáit don Mheabhairshláinte Mary Butler, go gceapfaí Foireann Éigeandála Meabhairshláinte i gCiarraí gan mhoill. Labhair sí le Conn Ó Muíneacháin.
Beidh na Gardaí i gCiarraí i mbun fheachtais an mhí seo le cur ina luí ar dhaoine óga faoin mbaol a bhaineann le bheith ag feidhmiú mar 'mhiúil airgid.'
Tá pobal na Rinn Airde i gCiarraí theas, 100% aontaithe, nach bhfuil aon fheirm oisrí uathu, amach ó Thráigh na Rinn Airde, a deir Cillian Ó Loingsigh ón bhfeachtas, Renard, Save Our Strand.
Tá feachtas ar bun ag Cumann Feirmeoirí Cnoc agus Natura na hÉireann i gCiarraí chun feirmeoirí a chur ar an eolas maidir le Dlí Athchóirithe Dúlra an Aontas Eorpaigh.