POPULARITY
Tháinig an scéala chun cinn ar an deireadh seachtaine go bhfuil an comhlacht seirbhísí airgeadais Macquarie san Astráil ag tarraingt siar an infheistíocht a bhí le déanamh sa bhFeilim Ghaoithe a bhí i gceist a thógáil acu gar do charraigeacha Sceirde i gCarna.
Chruinnigh slua i gCarna aréir nuair a scaip ráfla go raibh iarrthóirí tearmainn ag teacht chuig an óstán.
Máirtín Ó Catháin, Iriseoir. Tá Coiste Ionad na nImirceach agus Fóram Iorras Aithneach ag éileamh go ndéanfaí forbairt ar áiseanna turasóireachta i gCarna.
Teach atá scriosta ag an stoirm i gCarna agus bean fágtha gan aon áit conaithe.
Bhí Micheál i láthair ag an gcruinniú a bhí in Áras na hOllscoile i Roisín na Mainiach aréir le plé a dhéanamh ar céard a d'fhéadfaí a dhéanamh leis an gClochar i gCarna.
Bhí Lá Oidhreachta agus Cultúir ar siúl in Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna inné. Tá Údarás na Gaeltachta i mbun iarrachtaí le níos mó fostaíochta a chruthú sa gceantar.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cz6wus6 Contact: irishlingos@gmail.com Charna Wind Farm - 5 year Confidential University of Galway. Feirm Gaoithe Charna - Rúndacht 5 bhliana Ollscoil na Gaillimhe. The University of Galway has confirmed to RTÉ News/TG4 that they have a 5-year confidentiality clause in place with a third party about publicly disclosing any information about the proposed wind farm off the coast of Charna in Connemara. Tá sé deimhnithe ag Ollscoil na Gaillimhe do Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil clásal rúndachta 5 bliana i bhfeidhm acu le tríú páirtí faoi aon eolas a nochtú go poiblí faoin bhfeirm gaoithe atá beartaithe amach ó chósta Charna i gConamara. The company Fuinneamh Sceirde Teo is to make a planning application before the end of August to place 30 wind turbines in the sea near the rocks of Sceirde. Tá an chuideachta Fuinneamh Sceirde Teo le iarratas pleanála a dhéanamh roimh dheireadh mhí Lúnasa le 30 tuirbín gaoithe a chur i bhfarraige gar do charraigeacha na Sceirde. The University of Galway has had a research station in Massa in Carna to study the atmosphere since 1958. Tá staisiún taighde ag Ollscoil na Gaillimhe i gCeann Mhása i gCarna le staidéar a dhéanamh ar an atmaisféir ó 1958. The University of Galway's research center on Ceann Mása Ceann Mása is located in the area where Fuinneamh Skerde plans to place the range of turbines. An t-ionad taighde atá ag Ollscoil na Gaillimhe ar Cheann Mhása Tá Ceann Mhása buailte ar an limistéar a bhfuil sé beartaithe ag Fuinneamh Sceirde an raon turibíní a chur. 30 wind turbines 320 meters high in a sea area 5-12 km off the coast in question. 30 tuirbín gaoithe 320 méadar ar airde i limistéar farraige 5-12 km amach ón gcladach atá i gceist. The wind turbines recently attracted attention when the company posted images online showing what different areas would look like if the turbines were installed. Tharraing na tuirbíní gaoithe caint le gairid nuair a chuir an chuideachta íomhanna ar-líne ag léiriú an chuma a bheadh ar cheantair eagsúla dá gcuirfí na tuirbíní i bhfearas. People are concerned about the impact the proposal would have on fisheries, tourism and the environment. Tá imní ar dhaoine faoin tionchar a bheadh ag an togra ar an iascach, ar an turasóireacht agus ar an timpeallacht. Nuacht RTÉ/TG4 has submitted a request under the Freedom of Information Act at the University seeking any information or correspondence from 2020 to now relating to the wind farm to be placed in Skeirde. Chuir Nuacht RTÉ/TG4 iarratas faoin Acht Saorála Faisnéise ag an Ollscoil ag lorg aon eolas nó comhfhreagras ón mbliain 2020 go dtí anois a bhain leis an bhfeirm gaoithe atá le cur sna Sceirde. The request was refused. Diúltaíodh don iarratas. We were told that there was a commercial agreement in place between the University of Galway and the third party which included a 5 year confidentiality clause. Dúradh linn go raibh comhaontú tráchtála i bhfeidhm idir Ollscoil na Gaillimhe agus an tríú páirtí a bhfuil clásal rúndachta 5 bhliana ag baint leis. Galway University Nuacht RTÉ/TG4 asked the University's press office to clarify the arrangement that has been made between the University and the third party. Ollscoil na Gaillimhe D'iarr Nuacht RTÉ/TG4 ar oifig preasa na hOllscoile soiléiriú a thabhairt ar an socrú atá déanta idir an Ollscoil agus an triú páirtí. The same question was asked of Fuinneagh Sceirde Teo as well as a question about whether there was any arrangement in terms of money. Cuireadh an cheist chéanna ar Fuinneamh Sceirde Teo chomh maith le ceist faoi an raibh aon socrú ó thaobh airgid i gceist. In a statement the University says that they are concerned about the potential impact of the development of the Carraigga na Skerde wind farm on the valuable research being carried out in the weather station and that this concern has been communicated to the author...
Táthar ag cuartú ó mhaidin inniu aríst do fhear atá goite ar iarraidh amach ó Oileán Mhic Dara i gCarna.
Ag labhairt faoin gcuardach do fhear atá ar iarraidh amach ó Oileán Mhic Dara.
Craoladh beo ó Ionad na nImirceach i gCarna, d'Fhéile Joe Éinniú. Labhair roinnt daoine ar an gclár - Bríd Ní Mhaoilchiaráin, Micheál Ó Cuaig, Michael Éinniú, Callum agus Alice Mac Millan, Micheál Ó Lochlainn, Aingeal Ní Chualáin, Johnny Mháirtín Learaí agus Ceoltóirí Óga an Cheantair, Sarah agus Ríona Ní Chuirrín agus Máirtín Ó Cualáin.
Treasa Bhreathnach, iriseoir ag labhairt linn aniar ó Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna, áit a raibh Siompóisiam ar bun chun breathnú ar na deiseanna fostaíochta i gceantar Iorras Aithneach.
Eithne Nic Dhonnchadha duine den lucht eagraithe don Siompóisiam Eacnamaíochta a bheas in Ionad Cuimhneacháin na nImirceacha i gCarna Dé Máirt ag labhairt faoin ócáid sin.
Níl aon scéala faighte fós ag tuismitheoirí ó Scoil Phobail Mhic Dara agus ó Scoil Náisiúnta Mhuire i gCarna ó Bhus Éireann faoi cén uair a bheas seirbhís bhus scoile ar fáil arís dá gcuid gasúr.
Beidh ócáid speisialta in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach níos deireanaí inniu nuair a sheolfar go hoifigiúil an ceangal idir an tIonad i gCarna agus sliocht mhuintir Chonamara in Oregon agus Idaho i Meiriceá. Mhínigh Máirtín Ó Catháin céard a bheas i gceist.
Seosamh Ó Cuaig, Fóram Iorras Aithneach ag labhairt faoi thithe sóisialta atá le tógáil i gCarna.
Tugadh soiléiriú tráthnóna inné ag ócáid in ionad Cuimhneacháin na n-imirceach i gCarna ar an gciste pobail a bheas ag Feirm Ghaoithe Charraigeacha Sceirde ina mbeidh suas le 70 milliún euro le dáileadh ar an bpobal le linn tréimhse na feirme.
Clár Speisialta ó Fhéile Joe Éinniú in Ionad na nImirceach i gCarna.
Fógraíodh go hoifigiúil inné gur i gCarna a bheas Comórtas Peile na Gaeltachta á reachtáil sa mblian 2028.
Reachtáilfear Comórtas Peile na Gaeltachta i gCarna i 2028. Labhair Sean Ó Cathasaigh Pauline Uí Mhorchú, Máirtín Ó Cualáin, Colm Ó Neasa agus Vivienne Ní Niadh le Micheál Ó Tuatháil.
Tá Coláiste Ealaíne na Boirne, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus le Cnuasach Scoileanna Iorras Aithneach ag reáchtáil ócáid i gCarna amárach le todhchaí an oideachais agus an phobail in Iorras Aithneach a phlé.
Tá an craobh áitiúil de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann le tosnú i gCarna arís.
Beidh cruinniú poiblí i gCarna anocht faoi chraobh de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann a thabhairt arais i gCarna.
Tá Pobalscoil Mhic Dara i gCarna ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an bhfód i mbliana.
Ar clár na seachtaine seo… Rinne muid comhghairdeas le buaiteoir Café na Bliana POTA Café i gConamara, buaiteoir Chorn Uí Riada (don triú uair!) Bríd Ní Mhaoilchiaráin as Roisín na Mainiach i gCarna agus bhí mír spóirt le John Nee. Cad 'Déarfá le Gaillimh gach Domhnach 6pm-7pm ar Galway Bay FM.
Tá an t-idirbhliain ag eagrú dioscó ar mhaithe le cóisir na seanóirí a bheidh i dTeach Ghlinsce i mbliana.
An scéal is déanaí faoin méadú atá beartaithe ar an Ionad, chomh maith leis an nGarraí Cuimhneacháin atá le bheith ar an suíomh acu i gCarna.
Is as an Aird Thoir i gCarna é Éamon ach blianta caite aige ina chónaí sa gClochán. Insíonn sé do Threasa Bhreathnach faoin shaol ag múinteoireacht agus a shaol in éindí lena bhean Nóirín, nach maireann.
Tá taispeántas de chlúdaigh an Leabhar Iorras Aithneach thar an deich mbliana is fichid a foilsíodh na leabhair le feiceáil ar bhalla phríomhhalla Ionad na nImirceach i gCarna agus é i gceist acu catalagú dhigiteach a dhéanamh ar na leabhra. Chuaigh Treasa siar acu agus labhair sí le Máirtín Ó Catháin agus Máirtín Ó Gríofa ó choiste an Ionaid.
Insíonn Lisa dhúinn inniu cén chaoi le Maróg na Nollag a dhéanamh.
Tá Ionad Sláinte Charna théis teanndáileog a thabhairt do 'chuile dhuine sa Teach Altranais i gCarna ón lá inné agus teanndáileog curtha ar fáil don phobal os cionn 80 bliain d'aois freisin.
Rinne na Gardaí achainí eile inné le cúnamh an phobail a fháil sa bhfiosrúchán faoi Bhairbre Bhreathnach as Ruisín na Mainíoch i gCarna a chuaigh ar iarraidh óna teach cónaithe, sé bliana déag is fiche ó shin.
Tá maoiniú ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta le mol digiteach a fhorbairt in Inis Meáin. Labhair Ruairí freisin ar an gcúrsa nua staire atá sé i gceist a reachtáil in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.
Déanfaidh na Gardaí achainní ar an bpobal aríst inniu ag ócáid a bheas acu i gCarna le cúnamh a fháil lena gcuid fiosruithe faoi chás Bhairbre Bhreathnach a chuaigh ar iarraidh 6 bliana déag is fich ó shin.
Tá sé i gceist go mbeidh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna dá fhorbairt mar Ionad Diaspóra Gaeltachta. Beidh Údarás na Gaeltachta i gcompháirtíocht le tionscnaimh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach agus le dreamanna eile san obair seo.
Tá sé i gceist go mbeidh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna dhá fhorbairt mar Ionad Diaspora Gaeltachta. Beidh Údarás na Gaeltachta i gcomhpháirtíocht san obair.
Chuir Aonad Tumadóireachta na nGardaí tús inné leis an gcuardach atá ar bun acu i dhá loch in Iorras Aithneach mar chuid á gcuid fiosruithe faoi chás Bhairbre Bhreathnach as Roisín na Máiníach i gCarna atá ar iarraidh ón dara lá fichead do mhí Meitheamh 1985.
Tá sé deimhnithe ag an nGarda Síochána go mbeidh tuilleadh cuardaithe ar bun acu sna laethanta amach romhainn, féachaint le theacht ar eolas faoi Bhairbre Bhreathnach as Roisín na Mainiach i gCarna atá ar iarraidh ón 22 de Mheitheamh 1985.
Ag cur síos ar na himeachtaí a bhéas ar siúl ag Éigse Mhichael Mháire Ghabha an deireadh seachtaine seo i gCarna. Labhair Caitríona freisin ar an uair a chaill sí a glór agus an chaoi a fuair sí leigheas air.
Ag labhairt ar an mbingo atá ag tosú i gCarna anocht ar mhaithe le airgead a bhailiú do Ionad Cúram Leanaí Charna le cúnamh a thabhairt i dtaobh costais an Ionad.
Colm Ó Caodháin ag ceol "Eiblín Ór na Rún" sa bhliain 1948 do Shéamus Ennis i gCarna.
Ar an gclár seo bhí an scríbhneoir agus an t-acadóir aitheanta Seiceach Radvan Markus ag labhairt linn faoin Oíche Chultúrtha agus Cheiliúrtha de chuid Ollscoil na hÉireann Gaillimh i gCarna na Gaillimhe ar an 4 D.Fómhair 2018. Chomh maith leis sin bhí Lonán Ó Lorgnáin ag labhairt linn ó Melbourne na hAstráile faoi chomhphobal úr ar Skype do dhaoine le Gaeilge timpeall na cruinne. Is féidir páirt a ghlacadh ag: join.skype.com/invite/HNQndeyrzcgT