POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá an Iaráin agus Óman tar éis teacht ar shocrú ag díriú ar chúrsa do longa frí Chaolas Hormuz, agus oíche Dé Céadaoin, bhí siad ag cur bailchríoch ar phlean chun an pasáiste a chomhbhainistiú, a dúirt urlabhraí thar ceann aireacht gnóthaí eachtracha Tehran. Ghabháil an Iaráin seilbh de facto ar an chaolas, atá ina uiscebhealach straitéiseach don tradáil fuinnimh domhanda, ó thosaigh na Stáít Aontaithe agus Iosrael ionsaí in aghaidh na hIaráine ar 28 Feabhra i mbliana. Tá sé ráite ag Uachtarán na Stát Aontaithe arís agus arís eile go bhfuil an-dúil ag an Iaráin i mbeart a dhéanamh leis an chúrsa a athfhoscailt do loingeas, ach séanann an Iaráin é seo agus deir go ndéanfaidh siad socruithe lena gcomharsa traschaolais, Óman. Roimh an chogadh, chuaigh thart ar an chúigiú cuid den ola domhanda agus onnmhairí LNG frí Hormuz, agus tharla borradh praghsanna arís agus arís eile ó thús an aighnis faoin uiscebhealach, ag cur leis an bhrú geilleagrach agus polaitiúil ar Washington críoch a chur leis an chogadh. Gabhadh bean i lár Londan as ionsaí sá “fánach” ar cheathrar fear le linn na seachtaine, eachtra a bhí ina hionsaí “scoite” a bhain le meabharshláinte, de réir póilíní. Tharla an t-ionsaí ag am lóin in Covent Garden, ceantar túrasóireachta na príomhchathrach atá lán le tithe tabhairne, amharclanna agus bialanna. Fuair beirt fhear cóir leighis san ospidéal le haghaidh gortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad. Coinníodh an bhean faoi choimeád tar éis di a ghabháil as arm ionsaitheach a bheith ina seilbh, a chreidtear gur siosúr a bhí ann, agus as ionsaí a dhéanamh. Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh tús oifigiúil le ceiliúradh cheol agus chultúr na hÉireann i lár Bhéal Feirste, agus baineadh triail as uaireanta foscailte breise do shiopaí. Rithfidh Fleadh na hÉireann go dtí an Domhnach 9 Lúnasa, le breis agus 200 imeacht agus 180 comórtas ceoil ag ionaid éagsúla, tithe tábhairne agus ar na sráideanna. Meastar gur tháinig 170,000 cuairteoir chuig lár na cathrach Dé Domhnaigh agus 165,000 Dé Luain, agus táthar ag súil go sárófar an réamh-mheas roimh ré de 800,000 cuairteoir. Seo í an chéad bhliain inar tharla an fhéile cheoil bhliantúil i mBéal Feirste agus an darna huair a raibh sí lonnaithe i dTuaisceart Éireann, tar éis di a bheith i nDoire in 2013. Fógraíodh an t-imeacht i mbliana mar an t-imeacht ina bhfuil an éagsúlacht chultúrtha is fearr i stair na féile, le rannpháirtíocht trasphobail agus ceiliúradh traidisiún um Tuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbailchríoch - finishing touchesloingeas - shippingionsaí sá - stabbing attackgortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad - non life-threatening injuriesréamh-mheas - projectionrannpháirtíocht trasphobail - cross-community participation
Tá Luimneach san Iomáint, Maigh Eo sa pheil agus Gaillimh i bpeil na mBan feicthe againn ag baint Craobhacha sinsir Uile Éireann le cúpla seachtain anuas agus ‘sé Dé Domhnaigh seo lá mór na Camógaíochta nuair a bheas Gaillimh agus Corcaigh lena chéile sa chluiche ceannais Sinsir, an 3ú bliain as a Chéile acu sa chluiche ceannais.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tar éis seachtó cúig bliain briseadh an mhallacht a bhí ar fhoireann peile Chontae Mhaigh Eo. Tá ceiliúradh fós ar siúl ar fud an chontae beagnach seachtain ón mbua mothúchánach i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. D'imir an fhoireann in aghaidh na gcuradh, Ciarraí, a bhí ag tnúth leis an gcorn a bhuachaint don daicheadú huair.. Ag tús an chluiche bhí cuma láidir ar Chiarraí ach tháinig Maigh Eo ar ais ag troid agus lean cluiche sceitimíneach, lán le teannas. Ar deireadh bhuaigh Maigh Eo le cúl amháin agus fiche cúilín in aghaidh cúl amháin agus seacht gcúilín déag ag Ciarraí. Ag imirt ar an lá bhí roinnt imreoirí óga a raibh aird mór orthu, go háirithe Kobe McDonald, mac le Ciarán McDonald a d'imir i gceithre chluiche ceannais gan an bua a fháil i rith a ghairme féin, trí cheann díobh i gcoinne Chiarrai. Lá speisialta a bhí ann don iar-imreoir Andy Moran a thóg Corn Mhig Uidhir abhaile ina chéad bhliain mar bhainisteoir. Beidh deis eile ag Ciarraí an bua a bhaint amach i gCluiche Ceannais Peile na mBan, a bheidh á imirt i bPáirc an Chrócaigh amárach, an dara lá de mí Lúnasa, idir Ciarraí agu Gaillimh.Tá ómós á thabhairt ó gach cearn den domhan tar éis bhás tragóideach an cheoltóra Glen Hansard maidin Dé Céadaoin ag aois 56. Basaíodh é i dtimpiste gluaisrothair agus é ag taisteal abhaile ó theach tábhairne darb ainm The Wren's Nest sna Ceapóga Sú Talún, áit a raibh sé ag seinnt níos luaithe san oíche. Tá cáil ar Hansard as a mbanna ceoil The Frames, a bhunaigh sé in 1990, as a chuid saothar mar cheoltóir aonair agus as rólanna sna scannáin The Commitments agus Once. Bhuaigh sé Oscar le Markéta Irglová don amhrán nuachumtha is fearr dá amhrán “Falling Slowly” ar fhuaimrian Once. Bhí clú air freisin as a chuid gníomhaíochais agus daonchairdis. Tháinig na mílte daoine le chéile i mBaile Átha Cliath sna laethanta tar éis a bháis ag buscáil ina onóir. Beidh tórramh poiblí dó i mBaile Átha Cliath Dé Luain agus sochraid phríobháideach Dé Máirt. Beidh sé i gcuimhne go háirithe ag a bhean chéíle Maire Saaritsa agus a mhac óg.Tá brú mór ar Uachtarán FIFA Gianna Infantino tar éis dó plean a fhógairt chun chuid de chomhlacht Chorn an Domhain a dhíol le hinfheisteoirí príobháideacha. Dhiúltaigh roinnt cumann an plean, lena n-áirítear cumainn ón Eoraip, ón Áis, ó Mheiriceá Thuaidh agus Láir, agus ó réigiún Mhuir Chairib. Dúirt UEFA nach n-imreoidh aon fhoireann Eorpach i gcluichí FIFA go dtí go bhfuil stop iomplán curtha leis an bplean. D'éirigh comhairleoir Infantino Carlos Cordeiro as a ról mar agóid freisin. Seans mór go gcaillfidh Infantino a phost mar Uachtarán FIFA mar thoradh air seo, agus stair chonspóideach aige cheana sa ról. Beidh foireann na mban na hEireann ag tnúth le réiteach go háirithe, agus deis acu cáiliú do Chorn an Domhain ag teacht go luath.mallacht - cursebua mothúchánach - emotional victoryna Ceapóga Sú Talún - Strawberry Beds infheisteoirí - investors
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail. Tháinig deireadh le dhá chomórtas spóirt mór le rá Dé Domhnaigh seo caite. Sa tráthnóna, bhuaigh Luimneach Craobh Iomána na hÉireann den séú huair le naoi mbliana anuas. Bua compordach a bhí ann do Chontae an Chonartha agus agdeireadh an chluiche bhí cúl amháin agus naoi gcúilín is fiche acu in aghaidh cúl agus ocht gcúilín déag de chuid na Gaillimhe. Níor bhain Fir na dTreabh Corn Liam Mhic Cárthaigh ó bhí 2017 ann. Ina dhiaidh sin, oíche Dé Domhnaigh, imríodh cluiche ceannais Chorn an Domhain in New Jersey, agus bhí an bua ag an Spáinn den dara huair i stair na tíre. Bhí smacht láidir acu ar an chluiche,agus níor éirigh leis an Airgintín an liathróid a thabhairt dá gceannaire, Lionel Messi, a bhí ag imirt i gCorn an Domhain den uair dheireanach agus é naoi mbliana is tríocha d'aois. Ba é Kylian Mbappé a bhuaigh an Bhróg Órga, agus deich gcúl scóráilte aige le linn an chomórtais. Beidh cluiche ceannais Chraobh Peile na hÉireann ar siúl amárach, agus na curaidh reatha Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo.Tá na húdaráis sa Spáinn agus sa Fhrainc ag streachailt le smacht a choinneáil ar fhalscaithe atá ag scaipeadh mar gheall ar an tonn teasa san Eoraip. Bhí ar níos mó ná ceathrú milliúin duine an baile a fhágáil de bharr na dtinte, go háirithe gar do Bordeaux in iardheisceart na Fraince agus in Ávila, lastiar de Mhaidrid. D'éiligh Príomhaire na Spáinne Pedro Sanchez "Comhaontú Náisiúnta in aghaidh na hÉigeandála Comhshaoil" le dul ingleic leis an ghéarchéim. Bhí falscaí in Am Monadh Ruadh in Albain fosta, agus aslonnaíodh sráidbhaile darb ainm Nethy Bridge. Meastar nach mbeidh mórán fearthainne ann don chuid eile de mhí Iúil.Fuair buachaill óg ó Bhéal Feirste aistriú croí Dé Máirt. Tá siondróm hipeapláiseach croí clé ar Dháithí Mac Gabhann ó rugadh é sa bhliain 2016, rud a chiallaíonn nár cruthaíodh taobh clé a chroí i gceart. Chuaigh Dáithí faoi scian in Newcastle i dtuaisceart Shasana agus dúirt a athair Máirtín go bhfuil a bheola bándearg den chéad uair riamh, mar go raibh dath gorm orthu roimhe seo. Tugadh dlí úr isteach trí bliana ó shin ar a dtugtar 'Dlí Dháithí', le go mbeidh daoine ina ndeontóirí orgáin go huathoibríoch, muna bhfuil sé ráite go soiléir nár mhaith leo a bheith.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISContae an Chonartha - the Treaty CountyFir na dTreabh - the Tribesmenfalscaithe - wildfiresAm Monadh Ruadh - the Cairngorms (Gàidhlig na hAlban)siondróm hipeapláiseach croí clé - hypoplastic left heart syndromedeontóirí orgáin - organ donors
Tá Maigh Eo ag fanacht ó 1951 le Craobh na hÉireann a thabhairt air ais go Maigh Eo. Tá dóchas go n-éireoidh leo Corn Sam Mhic Uidhir a chrochadh leo Dé Domhnaigh.
Tá muintir Chiarraí ag súil go mór le cluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh, ach tá aird ar leith ar Chorca Dhuibhne agus ar fhear an Daingin, Paul Geaney, Captaen ar fhoireann na Ríochta.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach ceithre fhoireann i gCraobh na hÉireann. Dé Sathairn, bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh tar éis cluiche den scoth. Sa dara cluiche an lá sin, bhí an bua ag Ciarraí ar Thír Eoghain — cluiche an-sciobtha, scóráil ard agus toradh an-chóngarach ag an deireadh. Dé Domhnaigh bhí bua stairiúil ag Contae Lú nuair a sháraigh siad Muineachán chun áit a bhaint sa chluiche leathcheannais den chéad uair ó bhí 1957 ann. Bhí cluiche deacair ag Baile Átha Cliath i gcoinne na Gaillimhe, ach d'éirigh leo an bua a fháil i ndiaidh dráma agus conspóide. Rinneadh an tarraingt oifigiúil Dé Domhnaigh agus mar sin, beidh Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Ciarraí, agus Lú ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo sa bhabhta leathcheannais. Beidh na cluichí sin ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn.Tar éis do Sir Keir Starmer a fhógairt go mbeidh sé ag éirí as ról an Phríomh-aire, tá Feisire Makerfield Andy Burnham ar tí an post is mó i saol na polaitíochta sa Ríocht Aontaithe a bhaint amach i lár mhí Iúil. De réir tuairiscí, táthar ag súil go rithfidh sé gan iomaíocht i dtoghchán ceannaireachta Pháirtí an Lucht Oibre. Ina chéad óráid mhór maidir le polasaithe i Manchain an tseachtain seo, leag Burnham amach plean radacach chun an tír a athrú ó bhonn. Bunóidh sé an dara hoifig rialtais i Manchain chun cumhacht a tharraingt amach ó Londain. Dúirt sé go mbeidh plean fadtéarmach ann chun tithe sóisialta a thógáil agus printíseachtaí teicniúla a chur ar comhchéim le céimeanna ollscoile. Gheall sé go gcloífidh sé le rialacha Pháirtí an Lucht Oibre chun na margaí a chur ar a suaimhneas agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chinntiú. Beidh níos mo eolais againn go luath.De réir seandálaithe, d'fhéadfadh ceann de na lonnaíochtaí is sine san Eoraip a bheith suite díreach lasmuigh de chathair Ard Mhacha. Tá Lios Uí Eochaidh gar don suíomh cáiliúil Eamhain Mhacha, áit ar tugadh “príomhchathair na hIarannaoise i gCúige Uladh” uirthi, agus ina raibh Rí Uladh Conchúr Mac Neasa ina chónaí sna scéalta miotaseolaíochta. Deir saineolaithe ó Ollscoil na Banríona agus ó Ollscoil Ghlaschú go raibh Lios Uí Eochaidh ina lárionad rathúil le linn na Cré-umhaoise Deireanaí —timpeall 400 bliain níos luaithe ná mar a ceapadh roimhe seo. Dúirt an seandálaí Patrick Gleeson go bhfuil an suíomh seo ar cheann de na tírdhreacha stairiúla is tábhachtaí in iarthar na hEorpa don tréimhse sin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbua stairiúil - historic victoryconspóid - controversyFeisire - MPprintíseachtaí teicniúla - technical apprenticeshipsseandálaithe - archaeologiststírdhreacha - landscapes
Tá sé ráite ag Uachtarán Mheiriceá go bhfuil sé ag cur deireadh leis an bhfeachtas míleata a d'fhógair sé Dé Domhnaigh i gCaolas Hormuz féachaint an bhféadfaí margadh a dhéanamh leis an Iaráin le deireadh a chur leis an gcogadh sa Meánoirthear.
Tá Choiste Bhailte Slachtmhar Leitir Mealláin ag eagrú ócáid Dé Domhnaigh le taobhanna an bhóthair a ghlanadh i gCeantar na nOileán
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.Ta an cogadh idir Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, fós ar siúl. Ainmníodh Mojtaba Khamenei, mac an Ayatollah Ali Khamenei a maraíodh ag tús an chogaidh, mar Ardcheannaire nua na hIaráine Dé Domhnaigh. Gortaíodh é san ionsaí a mharaigh a athair, agus níl sé le feiceáil go poiblí ó shin. Léadh ráiteas in a ainm ar theilifís stáit na hIaráine Déardaoin, inar gheall sé díoltas ar son na nIaránach atá maraithe sa chogadh go dtí seo, agus mhol sé Caolas Hormuz a choiméad dúnta. De ghnáth, bíonn thart ar 25% de tháirgeadh ola an domhain á iompar tríd an gCaolas, agus tá an dúnadh ag ardú phraghas na hola agus ag cur isteach ar gheilleagar an domhain go mór. Mhaígh Khamenei gur ionsaíodh bunscoil i Minab d'aon ghnó, ina maraíodh breis agus céad go leith cailíní óga; tá fianaise láidir go raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá freagrach as an ionsaí. Dúirt Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach molfadh sé árachas saoil a scríobh ar Khamenei. I Londain Dé Céadaoin, diúltaíodh an t-achomharc a thóg Seirbhís Ionchúisimh na Corónach san Ard- Chúirt i gcoinne an bhreithiúnais go raibh siad as am agus ródhéanach ag cúiseamh Liam Óg Ó hAnnaidh, an rapálaí mór le rá leis an ngrúpa Kneecap, le cion líomhaintí go raibh sé ag tacú leis an eagraíocht thoirmiscthe Hezbollah ag ceolchoirm in 2024. Dúirt Ó hAnnaidh, a úsáideann an ainm stáitse Mo Chara, gur scór a trí in aghaidh a náid atá ann do Kneecap, agus nach raibh an próiseas uilig faoin sceimhlitheoireacht in aon chur, acht faoin bPalaistín, agus dúirt sé nach mbeidh sé ina thost, nach mbeidh Kneecap ina dtost, agus nach mbeidh muintir Iarthar Bhéal Feirste ina dtost. Dúirt Seirbhís Ionchúisimh na Corónach go nglacann siad leis an mbreithiúnas, agus go ndéanfaidh siad úasdatú ar a próisis dá réir. Ta pobail ar fud Éireann agus an domhain ag ullmhú le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh, agus beidh both ag Conradh na Gaeilge i Londain ar Chearnóg Trafalgar ag an bhféile amárach. In Éirinn, ainmníodh Paddy Claffey, an fear is sine sa tír, mar Ard-Mhaor na paráide i gClóirtheach, Contae Uibh Fhailí. Tá Paddy ceithre bliana is céad d'aois, agus ina thuairim tá a shaol fada mar thoradh ar bhia maith, teaghlach maith, agus an aclaíocht a mbaineann le obair chrua. Dúirt sé gur mór an onóir dó bheith ina Ard-Mhaor, agus go bhfuil sé ag súil le slua ollmhór ann.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISCaolas Hormuz - the Strait of Hormuzgeilleagar an domhain - the global economyd'aon ghnó - on purposeSeirbhís Ionchúisimh na Corónach - the Crown Prosecution Serviceeagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisationArd-Mhaor - Grand Marshal
Tá Eric Roberts as na Dúnaibh fríd chuig na babhtaí ceannais de Dancing with the Stars a bheas ar siúl Dé Domhnaigh seo agus beidh ócáid ar siúl i gCLG Na nDúnaibh do Eric inniu.
John Ó Cualáin, Conemara Classic and Vintage Club ag labhairt faoin teacht le chéile a bhéas acu Dé Domhnaigh.
Beidh na Patriots agus na Seahaks ag dul chun páirce oíche Dé Domhnaigh chun an trófaí Vince Lombardi a ardú. Bhí Naoise Waldron agus Brian Barry linn chun na mórscéalta a phlé.
Seolfar an fhéile Tonnta i nGaillimh inniu. Beidh an fhéile dhátheangach ar siúl i gCathair na Gaillimhe go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh.
Céard é tuairim iar-imreoir an chlub faoin gcluiche ceannais Dé Domhnaigh?
An Ghaeltacht le bheith i gCluiche Ceannais Peile Idirmheánach na hÉireann Dé Domhnaigh agus feachtas bailiúcháin airgid atá acu.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d'aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d'aois, agus a mhac Naveed Akram, 24 bliain d'aois. Maraíodh an Akram ba shine ar an láthair agus gortaíodh an mac go dona sular tugadh chun ospidéil é. Scaoil an bheirt acu urchair ar shlua a bhí bailithe ar an trá chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile mhór na nGiúdach, Hanukkah. D'éirigh le fear darb ainm Ahmed al-Ahmed an t-arm a bhaint ó dhuine de na gunnadóirí, agus dúirt príomh-aire New South Wales gur mhair go leor daoine mar thoradh ar an gcrógacht a léirigh sé.I ráiteas a d'eisigh Pobal Giúdach na hÉireann, chuir siad a gcomhbhrón in iúl dá ngaolta agus dá gcairde thar lear san Astráil atá ag fulaingt mar gheall ar na hionsaithe. Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly, go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint bhreise don phobal Giúdach in Éirinn. Bhí agóid i Londain oíche Dé Céadaoin, lasmuigh d'Aireacht Dlí agus Cirt na Breataine, i gcoinne an diúltaithe cead a thabhairt do stailceoirí ocrais dul go hospidéal. Bhí an teannas idir na póilíní agus na hagóideoirí le brath agus breis is míle duine bailithe chun tacaíocht a léiriú do Qesser Zuhrah, 20 bliain d'aois, agus Amy Gardiner-Gibson, 30 bliain d'aois, atá ar stailc ocrais anois le breis is daichead a sé lá agus ag fulaingt go dona. Gabhadh beirt ar an láthair agus baineadh frith-agóideoir amháin amach as an slua. I mí Iúil, d'fhógair Rialtas na Breataine go raibh cosc i bhfeidhm ar an ngrúpa Palestine Action. Ó shin i leith, tá beagnach 2,500 duine gafa ag na póilíní agus tá seisear priosúnach ar stailc ocrais anois mar agóid i gcoinne mí-úsáid chumhachta an stáit. Faoi dheireadh, tar éis iarrachtaí fada ó bhaill den phobal agus ó pholaiteoirí ar nós Zarah Sultana agus Jeremy Corbyn, a chuir brú ar na húdaráis, thug otharcarr Zuhrah go dtí an t-ospidéal chun cúram éigeandála a fháil. Tá an tAire Dlí agus Cirt, David Lammy, fós ag diúltiú labhairt le teaghlaigh na stailceoirí.Tá sceideal cuimsitheach fógartha ag TG4 don Nollaig agus réimse leathan de scannáin, de chláir faisnéise agus de chláir cheoil acu, chomh maith le rogha mhór mhillteach d'ábhar do pháistí, buíochas le Cúla4. Beidh lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta ag tnúth go mór le Geantraí na Nollag 2025, a chraolfar ag 7pm Lá Nollag, agus le roinnt clár dírithe ar Oireachtas na Samhna, a chraolfar le linn an deireadh seachtaine i ndiaidh na Nollag. I measc na mbuaicphointí eile, ó thaobh cláir faisnéise de, beidh George Best i gCorcaigh le feiceáil Lá Fhéile Stiofáin ag 8.15pm, ag insint scéal na tréimhse gairide a chaith an peileadóir cáiliúil thíos i gCúige Mumhan caoga bliain ó shin. Idir an dá linn, bainfidh daoine beaga sult as an scannán beochana Nollaí, scéal lách faoi fhia óg, atá ar fáil ar an seinnteoir anois. Is féidir an sceideal iomlán a fháil ag tg4.ie.Agus sin nuacht na Nollag. Feicfimid go luath sibh, ach go dtí sin, Nollaig mhór mhaith daoibh uilig ó chuile dhuine anseo ar Nuacht Mhall.*
Dhéanfar Soilse na Nollag i mbaile an Fháil Charraigh a lasadh go hoifigiúil tráthnóna Dé Domhnaigh.
Tá Arcade an Chlocháin Léith foscailte arís agus imeachtaí éagsúla ar siúl ann ar nós an ceann a bheas ar siúl Dé Domhnaigh seo ag teacht – Margadh na Nollag.
Cóilín Ó Gabháin Maigh Cuilinn ag labhairt faoi chluiche ceannais Chonnachta a bhéas ar bun Dé Domhnaigh.
Tá Daithí Ó hAragáin as Leitir Ceanainn i measc na n-aisteoirí atá le feiceáil sa dráma úr teilifíse ar Channel 4 - Dráma dár teideal ‘Trespasses'. Ceithre chlár a bhí sa tsraith a thoisigh Dé Domhnaigh agus a chríochnaigh Dé Céadaoine.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann Dé Máirt, ag searmanas i Halla Naomh Pádráig taobh istigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí gaolta agus cairde an Uachtaráin nua i láthair, chomh maith le ceannairí polaitiúla na hÉireann agus an triúr iarUachtarán a mhaireann, Mary Robinson, Mary McAleese agus Micheál D. Ó hUiginn. Cuireadh tús leis an ócáid le beannachtaí ó cheannairí na gcreideamh éagsúil sa tír agus ansin thug Connolly an mionn oifige as Gaeilge agus as Béarla. Ina hóráid luaigh sí na téamaí is tábhachtaí di ina téarma mar Uachtarán: an tsíocháin, neodracht na hÉireann, an ghéarchéim aeráide agus ról na Gaeilge i saol na hÉireann. Is í Connolly an deichiú hUachtarán i stair an stáit agus an tríú bean sa ról. Tá grúpa agóideoirí bundúchasacha i ndiaidh imshuí a chur ar an bhealach isteach go Comhdháil na bPáirtithe nó COP30, imeacht atá ar siúl in Belém i dtuaisceart na Brasaíle faoi láthair. Tá an lucht agóide ag iarraidh ar rialtas na Brasaíle stop láithreach a chur leis na tionscadail forbartha ar fad atá ag tarlú san Amasóin, lena n-áirítear mianadóireacht, lománaíocht, druileáil ola agus tógáil iarnróid nua. Cé go bhfuil an dífhoraoisiú tite 50% le trí bliana anuas, tá an tUachtarán Lula ag brath ar thacaíocht earnáil na talmhaíochta agus cáineadh é as neamhaird a thabhairt ar fhadhbanna móra a bhaineann leis an athrú aeráide.Bhí bua stairiúil ag foireann sacair na hÉireann oíche Déardaoin nuair a bhuaigh siad ar an Phortaingéil a dó a náid i Staid Aviva, toradh a tháinig aniar aduaidh ar lucht leanúna agus lucht anailíse sacair araon. Fuair Troy Parrott as Baile Átha Cliath dhá chúl sa chéad leath agus ansin sa dara leath tugadh cárta dearg do Cristiano Ronaldo, an chéad chárta dearg dá ghairm idirnáisiúnta i ndiaidh 226 cluiche. Bua mór a bhí ann do bhainisteoir fhoireann na hÉireann Heimir Hallgrímsson fosta. Bhí an tÍoslannach faoi bhrú i ndiaidh drochthorthaí go luath san fheachtas seo, lena n-áirítear cluiche a cailleadh i gcoinne na hAirméine. Ní thig leis na himreoirí ceiliúradh a dhéanamh go fóill, áfach. Le deis a bheith acu áit a bhaint amach i gCorn an Domhain i Meiriceá Thuaidh an bhliain seo chugainn, caithfidh siad an bua a fháil in aghaidh na hUngáire Dé Domhnaigh, cluiche a bheidh an-doiligh ar fad.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmionn oifige - oath of officeneodracht - neutralitylománaíocht - loggingdífhoraoisiú - deforestationearnáil na talmhaíochta - the agricultural sectorlucht leanúna agus lucht anailíse sacair - soccer fans and pundits
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá Spéirling Melissa tar éis scrios ollmhór a dhéanamh ar oileáin Mhuir Chairib an tseachtain seo, go háirithe in iardheisceart Iamáice. Bhí luas beagnach 300 ciliméadar san uair faoin ngála gaoithe nuair a tháinig sí i dtír agus í ina catagóir 5 ar dtús mar spéirling. Rinneadh go leor damáiste sa cheantar St Elizabeth agus anois tá cuid mhór den cheantar báite. Scriosadh tithe, botháin na mbocht go háirithe, agus ospidéil, agus tá níos mó ná leathmhilliún daoine gan cumhacht sa cheantar anois. Chuaigh an Spéirling ar aghaidh go Cúba agus Háítí ach ar an ndea-uair, tá neart na gaoithe laghdaithe anois. Fuair ceathrar bás in Iamáice le linn na stoirme agus tuairiscítear go bhfuil thart ar fiche duine marbh in Háítí mar gheall ar na tuilte.Maraíodh timpeall 100 duine agus gortaíodh 200 duine de bharr ionsaithe Iosrael in Gaza an tseachtain seo. Rinne fórsaí míleata Iosrael ionsaithe buamála ar Gaza Dé Máirt, in ainneoin an tsosa comhraic gur cheart a bheith i bhfeidhm sa cheantar le tríseachtaine anuas. De réir Rialtas Iosrael, sháraigh Hamas an sos comhraic nuair a maraíodh saighdiúir Iosraelach in ionsaí. D'éirigh le hUachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump an plean síochána a chur le chéile cúpla seachtain ó shin nuair a chuir sé brú ar Netanyahu glacadh leis an bplean. Ach tá sé ráite aige anois go raibh an ceart ag na hIosraelaigh an ruathar aeir a dhéanamh an tseachtain seo agus nach raibh an sos comhraic i mbaol dá bharr. Is léir, áfach, nach bhfuil ach síocháin leochaileach i bhfeidhm sa Mheánoirthear go fóill.Tá Oireachtas na Samhna, an ócáid is mó i gcultúr na nGael, fé lán seoil i mBéal Feirste anois. Tá na himeachtaí siamsaíochta ar siúl ó Dé Céadaoin go dtí Dé Domhnaigh agus tarlóidh níos mó ná 200 ócáid éagsúla le linn na seachtaine, lena n-áirítearcomórtais taibhealaíona, cheoil agus liteartha. Tá go leor polaiteoirí i láthair: tá an seanpholaiteoir Éamon Ó Cuív ina Uachtarán ar an Oireachtais, d'oscail Aire na Gaeltachta Dara Calleary an t-imeacht go hoifigiúil Dé Céadaoin agus bhí laoch nua na huaire, Uachtarán tofa na hÉireann Catherine Connolly, i láthair freisin. Fuair Connolly moladh ón leas a bhain sí as an nGaeilge le linn an toghcháin agus bhí na céadta ag iarraidh grianghraf a fháil léi. Tá sé oiriúnach go bhfuil an tOireachtas agtarlú i mBéal Feirste toisc gurb as an gcathair é an Chéad Choiminisineir Gaeilge sa Tuaisceart, Pól Deeds, a ceapadh sa phost Dé Máirt. Is féidir an clár comórtais a fheiscint ar líne ar an suíomh antoireachtas.ie.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISspéirling - hurricaneMuir Chairib - the Carribean Seaionsaithe buamála - bombing attackssíocháin leochaileach - fragile peacetaibhealaíona - performing artsUachtarán tofa - President-elect
Ball d'fhoireann bainistíochta an Daingin ag breathnú chun tosaigh ar chluiche ceannais an chontae Dé Domhnaigh.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá an Teachta Dála Paul Murphy, ón pháirtí Pobal Seachas Brabús, ag agairt iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, Heather Humphreys, as clúmhilleadh. Baineann na himeachtaí, a thionscain Murphy inné, le ráitis a rinne Humphreys i ndíospóireacht ar an chlár This Week de chuid RTÉ Raidió 1 Dé Domhnaigh seo caite. Sheol Murphy litir dlíodóra chuig Humphreys mar gheall ar ráitis a rinne sí a bhain le ról Murphy in agóid i gcoinne táillí uisce i Ráth Miontáin, Tamhlacht i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna 2014. Ba é Murphy duine de sheisear fear a cúisíodh as príosúnacht neamhdhleathach a dhéanamh ar an tánaiste Joan Burton agus a cúntóir Karen O'Connell ina ngluaisteán ar an 15ú de mhí na Samhna 2014. Fuair giúiré i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath an seisear neamhchiontach i ngach cúis in 2017. Dúirt Murphy nach raibh aon trácht le déanamh aige ar thionscnamh na n-imeachtaí clúmhillte faoi láthair.Tá Catherine Connolly go mór chun cinn sa rás don Áras, de réir na pobalbhreithe is déanaí. Dúirt 38% de dhaoine a ghlac páirt sa phobalbhreith Irish Times/Ipsos B&A go vótálfaidís don iarrthóir neamhspleách agus gan ach 20% ag tacú lena céilí comhraic Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael. 5% a thug le fios go dtabharfaidís vóta céadrogha do Jim Gavin, an t-iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a d'éirigh as an rás ach a bhfuil a ainm go fóill ar an pháipéar ballóide. Dá seasfadh na figiúirí sin lá na vótála, thoghfaí Catherine Connolly ar an chéad chomhaireamh. Agus gan ach seachtain fágtha go dtí go rachaidh daoine chuig na botháin vótála, deir 18% nach bhfuil a fhios acu cé léi a dtacóidh siad agus deir 6% eile go bhfuil rún acu a vóta a mhilleadh. Dúirt 12% nach bhfuil sé i gceist acu vóta a chaitheamh. Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir, dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” an tréith ba thábhachtaí. Dúirt 39% gurb é an rud ba thábhachtaí ná go mbeadh duine ann “a mbeadh cur chuige gníomhach acu agus a labhródh amach faoi chúrsaí”.Tá sé i gceist ag Leabharlann na Breataine cárta léitheoireachta an scríbhneora Éireannaigh nach maireann Oscar Wilde a atheisiúint, 130 bliain i ndiaidh don bhunchóip a bheith curtha ar ceal mar gheall ar a chiontú as “gníomh ró-mhígheanasach”. D'eisiaigh Leabharlann na Breataine an t-údar cáiliúil óna seomra léitheoireachta sa bhliain 1895 i ndiaidh dó a bheith cúisithe as caidrimh homaighnéasacha a bheith aige, cion coiriúil ag an am. Tabharfar an pas fisiciúil do gharmhac Wilde, Merlin Holland, Déardaoin ag ócáid speisialta sa Leabharlann ag imeacht a cheiliúrfaidh seoladh a leabhair dar teideal After Oscar, a dhéanann iniúchadh ar oidhreacht an scríbhneora i ndiaidh a bháis. Dúirt Holland: “Bhí Oscar i bpríosún Pentonville ar feadh trí seachtaine nuair a cuireadh a thicéad chuig Seomra Léitheoireachta Mhúsaem na Breataine ar ceal, mar sin ní bheadh a fhios aige faoi, rud a bhí go maith is dócha.”*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISclúmhilleadh - defamationneamhchiontach i ngach cúis - innocent of all chargescéilí comhraic - competitorbotháin vótála - voting boothsgníomh ró-mhígheanasach - gross indecencygarmhac - grandson
Patsy Ó Conghaile, Spidéal ag labhairt faoi chomórtas Pheait Phádraig Tom a bhéas ar bun Dé Domhnaigh.
Imreofar cluichí ceannais sóisir agus sinsir peile na mban an deireadh seachtaine seo. Dé Sathairn imreofar cluiche ceannais sinsir na craoibhe idir an Tearmann agus Gleann Fhinne agus Dé Domhnaigh imreofar an cluiche ceannais sóisear idir Naomh Columba agus Iorras.
Pádraic Ó Cuinn, ó choiste Eagraithe Craobhchomórtas Náisiúnta Rothaíocht Gairbhéal a bhéas ar bun i bPáirc Gaoithe na Gaillimhe i Seanadh Phéistín Dé Domhnaigh.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Dé Domhnaigh, fuadaíodh bean as Éirinn i Háítí agus seachtar eile in éineacht léi, leanbh trí bliana d'aois ina measc. Is í Gena Heraty, atá ina stiúrthóir i ndílleachtlann in aice le príomhchathair Háítí, Port-au-Prince, agus ar as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo ó dhúchas di, an bhean a fuadaíodh. Bronnadh roinnt gradam ar an stiúrthóir dílleachtlainne ar son a cuid obair dhaonnúil, Gradam Dínit an Duine um Oireachtais san áireamh. D'agair an Taoiseach Micheál Martin leis an dream a d'fhuadaigh an tÉireannach í a scaoileadh saor agus dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Simon Harris, go raibh “dianiarrachtaí leanúnacha” ar siúl lena fuascailt a bhaint amach. Tháinig borradh mór faoin táirgeadh plaistigh sa chéad bliain a chuaigh thart, agus cé gur táirge míorúilteach é i roinnt cásanna, is cúis tromluí é i gcás an truaillithe. In 2022, tháinig tíortha ar chomhaontú a bhí ina cheangal de réir dlí, le dramhaíl plaistigh agus ceimiceáin dhíobhálacha a bhaineann le plaisteacha ar leith a laghdú, ach tar éis dhá bhliain níl an conradh réitithe go fóill. Dé Máirt, bhuail na tíortha domhanda le chéile arís ag comhdháil na Náisiún Aontaithe in Geneva, ag cur tús le seisiún atá ag iarraidh an comhaontú a chríochnú, téacs an chomhaontú a fhormheas, agus é a chur os comhair Chomhdháil Taidhleoireachta na Lánchumhachtach sula nglacfaí leis.Tá Fleadh Cheoil na Éireann faoi lánseol i Loch Garman don darna bhliain: níos mó ná seachtain lán de cheol, amhránaíocht agus damhsa, agus buaicphointe na bliana do na taibheoirí. Tá réimse imeachtaí Gaeilge le fáil ag an Fhleadh fosta, idir cheol beo, scéalaíocht, TG4, stair, siamsóirí sráide, agus neart eile, ó Seachtain na Gaeilge, agus tá seans ag daoine an Ghaeilge a labhairt agus a chluinstin go nádúrtha sa spás cultúrtha seo. Críochnaíonn na comórtais agus na taispeántais Dé Domhnaigh, 10 Lúnasa agus tá na craoltaí le feiceáil ar TG4, beo agus le sruthú. Fógraíodh anuraidh go mbeidh Fleadh Cheoil na Éireann ag tarlú i mBéal Feirste den chéad uair in 2026, agus den darna huair sa Tuaisceart.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISdílleachtlann - orphanageobair dhaonnúil - humanitarian worktáirgeadh plaistigh - production of plasticina cheangal de réir dlí - legally bindingbuaicphointe - climaxsiamsóirí sráide - street entertainers
Inniu tá na DAGS linn, Na Daidithe agus gasúraí s'acu, agus iad ag ullmhú do chluiche ceannais peile na hÉireann Dé Domhnaigh.
Tá mac le Caitlín, Kevin Mac Eiteagáin agus a garmhac Eoghan Mac Eiteagáin ar phainéal Dhún na nGall agus labhair muid fosta le máthaireacha na n-imreoirí contae, Dónall Mac Giolla Bhríde, Dáire Ó Baoill, Odhrán Mac Pháidín Ó Fearraigh agus Eoin Mac Aodha agus iad ag ullmhú do chluiche ceannais peile na hÉireann Dé Domhnaigh.
Imreofar cluiche ceannais sinsear iomána na hÉireann idir Corcaigh agus Tiobraid Árann, tráthnóna Dé Domhnaigh. Siad Corcaigh rogha na coitiantachta ach meastú cén chaoi a dtiocfaidh sé?
Elaine Cashin, cumann peile ban na bPiarsach ag labhairt faoi shiúlóid a bhéas siad a eagrú Dé Domhnaigh.
Paraic S. Ó Murchadha, Turas Siar ag labhairt faoi ócáid a bhéas ar bun Dé Domhnaigh i gcuimhne ar Hannraí Ó Catháin.
Beidh an 30ú Snámh Helvic ar siúl Dé Domhnaigh don RNLI.
Beidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ar siúl ar an Chlochán Liath ón lá inniu go dtí'n Domhnach. Tá clár leathan d'imeachtaí beartaithe as seo go tráthnóna Dé Domhnaigh.
Pádraig S Ó Murchadha, Turas Siar ag labhairt faoi teacht le chéile a bhéas ag muintir Mhurchadha agus Bairéad ansin Dé Domhnaigh.
Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go bhfuil na Stáit Aontaithe sásta leithinis na Crimé a ligean don Rúis chun socrú síochána a bhaint amach, rud a sháródh Cairt na Náisiún Aontaithe, agus dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump "go mbogfadh na Stáit Aontaithe ar aghaidh" mura dtiocfaí ar shocrú síochána gan mhoill. Níl An Úcráin toilteanach na críocha atá gafa ag an Rúis a thabhairt suas.Sa Ríocht Aontaithe, tá an Chúirt Uachtarach i ndiaidh rialú a fhógairt ina ndeirtear go mbaineann na téarmaí 'bean' agus 'gnéas' le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch amháin, rud a fhágann mná trasinscneacha taobh amuigh den sainmhíniú. Chuir feachtasóirí inscne-chriticiúla fáilte roimh an rialú, ach ar an taobh eile tá imní ann nach dtabharfar cosaint cheart don phobal trascinscneach amach anseo. Tagann an fhógairt seo go gairid i ndiaidh céimeanna eile ar gcúl maidir le cearta daoine trasinscneacha sna Stáit Aontaithe agus san Ungáir.Bhain an galfaire Rory McIlroy sprioc mór amach Dé Domhnaigh nuair a bhain sé Comórtas na Máistrí in Augusta, Georgia, sna Stáit Aontaithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an Chaithréim Mhór bainte amach aige anois: Comórtas na Máistrí, Comórtas Oscailte na Stát Aontaithe, Comórtas Oscailte na Breataine agus Comórtas PGS na Stát Aontaithe. Níor éirigh ach le cúigear eile an éacht seo a dhéanamh roimhe seo, agus ba é Tiger Woods an duine deireanach chun an Chaithréim Mhór a chur i gcrích cúig bliana is fiche ó shin. Chomh maith leis an onóir sin, bhain McIlroy seaicéad glas na Máistrí den chéad uair agus níos mó ná ceithre mhilliún dollar. is as Ard Mhic Neasa i gContae an Dúin é McIlroy, atá ag imirt gailf ó bhí sé ina pháiste óg. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsos cogaidh - trucesocrú síochána - peace settlementbitheolaíoch - biologicalsainmhíniú - definitionan Chaithréim Mhór - the Grand Slaméacht - feat
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le cúlú eacnamaíochta chomh maith. Bhí an chuma orthu go raibh an ceart acu Dé Céadaoin nuair a chuir Trump taraifí móra ar an tSín agus ansan nuair a d'fhreagraíodar le taraif bhreise de 84%. Bhí imní ann go leanfadh an cion sa chion so ar aghaidh ar feadh tamall eile ach ansan d'athraigh Trump a mheon agus chuir sé briseadh 90 lá ar na taraifí ar bheagnach gach tír seachas an tSín. Tháinig borradh faoi na stocmhargaí an lá dár gcionn mar gheall ar an athrú intinne so. Le linn an ruaille buaille go léir, chuaigh an Tánaiste Simon Harris go Washington Dé Céadaoin chun cruinniú a fháil le hoifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe. Is léir go bhfuil Rialtas na hÉireann buartha faoi luaineacht Trump agus go háirithe a gheallúint go gcuirfeadh sé taraifí ar tháirgí cógaisíochta chun comhlachtaí a mhealladh thar n-ais go Meiriceá. Dá bhfágfadh na comhlachtaí san an tír, chaillfeadh Éire sciar maith dá cuid cáin chorparáide, chomh maith leis na mílte post.Cé go raibh aimsir bhreá thirim in Éirinn an tseachtain seo, bhí fadhbanna le tinte portaigh i gcúpla ceantar chomh maith. Bhí scrios déanta ar an gCnoc Colbha agus ar an mBearnas Mór i nDún na nGall nuair a thosnaigh loscadh tráthnóna Dé Domhnaigh. Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall cúig aonad dóiteáin agus héileacaptar amach chun dul i ngleic leis an loscadh. Bhí loscadh sléibhe sna Beanna Boirche i gContae an Dúin an tseachtain seo chomh maith agus bhí níos mó ná 75 coimhraiceoir dóiteáin ag tabhairt faoi na tinte. Meastar gur coirloscadh atá i gceist. Tá amhras ann gur coirloscadh is cúis leis an ndamáiste a bhí déanta ar an gcosán siúlóide sa pháirc náisiúnta i Maigh Eo freisin. Cuireadh drochbhail ar an siúlbhealach le linn na hoíche ag an deireadh seachtaine agus dúirt an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go bhfuil siad croíbhriste mar gheall air. Tá fiosrú ar bun anois chun fáil amach conas – nó cé – a thosnaigh an loscadh.Chuaigh buíon mac léinn ó Ollscoil na Banríona i mBéal Féirste i mbun agóide an tseachtain seo mar gheall ar an easpa comharthaí dátheangacha ar an gcampas. D'eagraigh an Cumann Gaelach an agóid agus fuaireadar breis is 1,000 síniú ó mhic léinn ag tacú leis an bhfeachtas, ‘éacht a léiríonn an tacaíocht agus an tsuim atá ag pobal na hollscoile sa Ghaeilge', de réir Uachtarán an Chumann Ghaelaigh Anna Nic Gafraidh. Bhíodh comharthaí dátheangacha san fhoirgneamh aontas mac léinn ach baineadh anuas iad in 1997. Tá an grúpa “Aontachtaithe Óga” i gcoinne na gcomharthaí dátheangacha agus iad ag maíomh go gcosnóidís an iomarca agus go gcruthóidís atmaisféar doicheallach. Ach dúirt Eoghan Ó Conghaile ón gCumann Gaelach go léiríonn an stair go bhfuil an Ghaeilge do chách; mar shampla, ba Phrotastúnach, William Mac Arthur, a bhunaigh an Cumann Gaelach san ollscoil níos mó ná céad bliain ó shin. Dúirt urlabhraí ón ollscoil go rabhadar sásta an cheist seo a phlé leis an gCumann agus go bhfuil dul chun cinn déanta cheana féin i leith na Gaeilge san ollscoil. Mar shampla, tá scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn anois agus Oifigeach Tacaíochta Gaeilge freisin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScion sa chion - tit-for-tatborradh - boom, growthcoirloscadh - arsoncoimhraiceoir dóiteáin - firefightercomharthaí dátheangacha - bilingual signsdoicheallach - unwelcoming
Máire Ní Neachtain, ag labhairt faoin ócáid ag " Bun na Croise" a bhéas sa Spidéal Dé Domhnaigh.
An roghnóir le Ciarraí tar éis don chontae an 24ú craobh sa tSraith Náisiúnta a bhaint amach Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh
Freagra Chumann Lucht Chapailliní Chonamara ar cuid den na ceisteanna a curtha ag cruinniú sa gClóchán Dé Domhnaigh.
Micheál Mac Donnacha, Coiste Tuismitheoirí Scoil na Trá Báine ag labhairt faoi lá oscailte a bhéas acu Dé Domhnaigh.
Kathleen Ní Chonaire, Cumann Lucht Chapaillíní Chonamara ag labhairt faoin gcruinniú atá beartaithe acu Dé Domhnaigh.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.Dé Domhnaigh, vótálfaidh muintir na Gearmáine i dtoghchán ríthábhachtach a chinnfidh treo na tíre do na ceithre bliana amach romhainn agus a mbeidh tionchar suntasach aige ar thodhchaí polaitiúil na hEorpa. De réir pobalbhreithe táthar ag súil go méadóidh an páirtí fíordheis Alternative for Germany a sciar vótaí go mór. Gheall na páirtithe eile, áfach, nach rachaidh siad i gcomhrialtas leis an AfD. Ciallaíonn an 'balla dóiteáin' seo nach dócha go mbeidh an AfD in áit ar bith ach sa Fhreasúra. Tar éis thorthaí iomlána an toghcháin, meastar go mbeidh caibidlíocht ar siúl go ceann roinnt seachtainí agus na páirtithe ag iarraidh comhrialtas a bhunú.Athraíodh saol ceathrar leanaí a rugadh dall mar gheall ar thriail thurgnamhach géinteiripe a d'fheabhsaigh a radharc. Dúirt an tOllamh James Bainbridge, máinlia na reitine ag Ospidéal Súl Moorfields, a chabhraigh leis an triail a stiúradh, go bhféadfadh an obráid seo difríocht mhór a dhéanamh d'fhorbairt na leanaí agus dá gcumas idirghníomhaithe le daoine eile. Cuireadh cóireáil ar shúil amháin an duine ar na leanaí (ar as na Stáit Aontaithe, an Tuirc agus an Túinéis iad) ar eagla go mbeadh aon éifeachtaí diúltacha ag an gcóireáil. Tugann na torthaí go dtí seo dóchas, áfach, go bhféadfadh buntáistí móra a bheith ag idirghabháil luath i gcoinníollacha súl géiniteacha óige.Nocht an Éigipt an chéad tuama ríoga ársa ó tugadh Tutankhamun chun solais níos mó ná céad bliain ó shin. Is leis an Rí Thutmose II an tuama, rí den 18ú ríora a mhair beagnach 3,500 bliain ó shin, a thángthas air in aice le Gleann na Ríthe in Luxor i ndeisceart na hÉigipte. Cé go dtugann réamhstaidéir le fios gur athraíodh a inneachar san am ársa, rud a d'fhág an tuama gan aon mhumaí ná seoda cosúil le fionnachtain Tutankhamun, dúirt an Aireacht seaniarsmaí go bhfuil an fionnachtain "ar cheann de na fionnachtana is suntasaí seandálaíochta le blianta beaga anuas".*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISballa dóiteáin - firewallcaibidlíocht - negotiationdall - blindmáinlia na reitine - retina surgeonríora - dynastyfionnachtain - discovery
An pobail sa nGearmáin ag fáil faoi réir den olltoghchán a bheas ar siúl ann Dé Domhnaigh.
Beidh lá mór i mBealach Féich Dé Domhnaigh agus Ard Mhacha ag imirt in éadan Dhún na nGall don chluiche sraithe.
Tá go leor oibre ar bun ag eagraíochtaí deonacha le cúnamh a chur ar fáil do mhuintir Ghaza ó cuireadh sos comhraic i bhfeidhm Dé Domhnaigh.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tháinig nuacht faoi bheart sos cogaidh a chur i bhfeidhm ón gcoimhlint idir an Phalaistín agus Iosrael tráthnóna Dé Céadaoin. Tagann an nuacht tar éis cúig mhí dhéag de chogadh, a thosaigh le hionsaí a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ón dáta sin maraíodh níos mó ná 46,000Palaistíneach mar thoradh ar fhrithbheart Iosrael. Ag brath ar roinnt ceisteanna deireanacha a chinntiú maidir leis an mbeart, tosóidh an sos cogaidh Dé Domhnaigh, ach tá níos mó Palaistíneach á marú idir an dá linn. Ar dtús mairfidh an sos cogaidh go ceann sé seachtaine - ligfear amach gialla Iosraelacha agus scaoilfear saor priosúnaigh Phalaistíneacha. Beidh saighdiúirí Iosrael ag tarraingt siar as Gaza agus beidh cead isteach le haghaidh cúnaimh agus breosla. Tosóidh na Palaistínigh ag filleadh ar a mbaile, pé chuid de atá fágtha. Tarlóidh níos mó cainteanna maidir le todhchaí Gaza agus cad a tharlaíonn tar éís na séseachtaine.Tharla díospóireacht idir Fianna Fáil agus Fine Gael maidir le dréacht-Chlár Rialtais i rith na seachtaine. Cruthaíodh an comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael, a fuair an líon vótaí is lú a fuair buaiteoirí olltoghcháin ó thús an stáit, le tacaíocht ó naonúr comhaltaí neamhspleácha chun tromlach adhéanamh. Is dócha go ndaingneofar an clár Dé Domhnaigh agus go dtoghfar Mícheal Martin ina Thaoiseach Dé Céadaoin. Tá díospóireacht fós ar siúl maidir le ról na gcomhaltaí neamhspleácha sa rialtas le guthanna láidir ó Michael Lowry agus Danny Healy-Ray. Cruthóidh an rialtas nua trí Aire Stáit nua, le haghaidh daoine aosta, mara agus imirce. Beidh 23 Aire ann san iomlán, an líon is mó a bhí ag aon rialtas riamh.Tá falscaithe uafásacha ag tarlú in Los Angeles le níos mó ná deich lá anuas. Bhí ceithre thine éagsúla ann, gan ach ceann amháin díobh faoi smacht agus é seo á scríobh. Tá an chúis leis na falscaithe fós le fiosrú ach scaipeadh iad mar thoradh ar ghaotha láidre darbh ainm Gaotha Santa Ana agus ar an easpa báistí sa réigiún le déanaí. Deir saineolaithe go bhfuil athrú aeráide ina chúis mhór leis freisin. Ba iad 2022 agus 2023 na blianta is fliche in California riamh agus mar sin d'fhás an-chuid fásra, ach tar éis an triomaigh a lean, ba gheall le brosna do na falscaí an fásra céanna. Tharla aslonnú mór sa cheantar agus fuair cúigear is fiche bás. Ceaptar go bhfuil an scriosadh is measa de bharr tine i gceist i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá agus beidh costas sna billiúin dollar i gceist maidir le hatógáíl na cathrach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS beart - deal breosla - fuel díospóireacht - debate comhaltaí neamhspleácha - independent members falscaithe - mountain fires triomach - dry weather fásra - vegetation brosna - kindling
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Liam Ó Brádaigh. Ar an ochtú lá de mhí na Nollag, ghabh reibiliúnaithe armtha príomhchathair na Siria, an Damaisc, rud a spreag an rialóir fadtréimhseach forlámhach, an tUachtarán Bashar al-Assad, chun teitheadh as an tír. Fógraíodh Dé Domhnaigh go bhfuil tearmann tugtha do Assad sa Rúis. Tagann an t-aistriú seo tar éis 13 bliana de chogadh cathartha agus tugann sé deireadh éifeachtach le riail réimeas Assad. D'iarr príomh-aire eatramhach nua na Siria, Mohamed al-Bashir, ar na Siriaigh a theith ó réimeas Assad agus atá ag lorg tearmainn ar fud na cruinne “teacht ar ais”. “Ní mór dúinn atógáil, ár dtír a fháil ar a cosa arís agus tá cúnamh gach duine ag teastáil,” a dúirt sé in agallamh le meáin na hIodáile. Chuir tráchtairí timpeall an domhain fáilte chúramach roimh dheireadh réimeas Assad, a tháinig i gcumhacht tar éis bhás a athar sa bhliain 2000. Gabhadh fear óg mar amhrastach as marú Príomhoifigeach Feidhmiúcháin árachas sláinte ardphróifíle i Nua-Eabhrac. Caitheadh Brian Thompson go luath ar maidin an tseachtain seo caite in Manhattan. Tá aird shuntasach agus tráchtaireacht tarraingthe ar an gcás ar líne agus sna meáin, rud a léiríonn an frustrachas agus fearg atá ar go leor Meiriceánach faoi chóras leighis príobháideach Mheiriceá. Gabhadh Luigi Mangione, atá 26 bliain d'aois, in Pennsylvania tar éis leid ó oibrí McDonald's agus tá sé cúisithe as an dúnmharú. Cé gur mhol roinnt tráchtairí ar líne é mar laoch, rinne daoine eile anailís ar a phoist ar líne agus iad ar thóir leideanna idé-eolaíocha maidir lena spreagadh. Chuir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, fáilte roimh aíonna lena n-áirítear Donald Trump chuig Ardeaglais Notre-Dame i bPáras dá searmanas athoscailte, cúig bliana go leith tar éis dóiteán ollmhór gur bheag nár scrios an Ardeaglais go huile is go hiomlán. Athchóiríodh an foirgneamh meánaoiseach atá 860 bliain d'aois go dícheallach, le spuaic nua agus a taca crochta agus gargúilí cloiche snoite athchóirithe ar ais mar a bhí siad roimhe. D'oibrigh na mílte saineolaithe - idir siúinéirí agus saoir chloiche agus ealaíontóirí fuinneoga gloine dhaite - ag baint úsáide as seanmhodhanna chun gach rud a scriosadh nó a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú nó a athsholáthar. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cogadh cathartha - civil war príomh-aire eatramhach - interim prime minister amhrastach - suspect (person) árachas sláinte - health insurance searmanas athoscailte - reopening ceremony spuaic - spire