POPULARITY
Tá imní léirithe aige go bhfuil cúrsaí tráchta i nGaillimh ag cur bac ar eagraíochtaí ar nós Údarás na Gaeltachta, comhlachtaí a mhealladh le lonnú i gConamara.
Beidh vótálaithe i nGaillimh agus Baile Átha Cliath ag caitheamh vóta i bhfothoghcháin Dé hAoine beag seo. Ghéill Paschal Donohoe a shuíochán Dála i mBaile Átha Cliath Láir i mí na Samhna seo caite chun a dhul ag obair sa Bhanc Domhanda. Chomh maith leis, tá suíochán an Uachtaráin nua Catherine Connolly le líonadh i nGaillimh Thiar. Tá 31 iarrthóir san iomlán ag rith sa dá thoghcheantar. Is iomaí ceist atá i mbéal an phobail agus an toghchán ag teannadh linn. Tá cúrsaí tithíochta, an costas maireachtála, an inimirce ag croílár an fheachtais sa dá chontae. Ach cé hiad na hiarrthóirí atá chun cinn go dtí seo? An buntáiste í líofacht na Gaeilge, go háirithe do mhuintir Chonamara? Agus cén tionchar a bheidh ag torthaí na dtoghchán seo ar na páirtithe móra agus ar chúrsaí polaitíochta na tíre i gcoitinne? Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le John Downing, tráchtaire polaitíochta leis an Irish Independent agus Máirín Ní Ghadhra, tráchtaire polaitíochta agus láithreoir TG4. Foclóir: Fothoghchán: By-election Breithiúnas cúirte: Court judgement Moill: Delay Stocaireacht: Campaigning Codarsnacht: Contrast Toghcheantar/dáilcheantar: Constituency Bruachbhaile: Suburb Áibhéil: Exaggeration Pobalbhreith: Opinion poll An dallamullóg a chur ar dhuine: To pull the wool over someone's eyes Cuarbhóthar: Ring road Tachta: Choked Tráth dá raibh: Back in the day Vóta aistrithe: Transfers Frithbhunaíochta: Anti-establishment Teip: Failure Rogha na coitiantachta: The favourite Cinniúnach: Decisive Eachtrannaigh: Foreigners Iallach a chur ar: To force Comhaireamh: Count See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá ócáid á heagrú ag Grúpa Faire na Míolta Móra agus Deilfeanna i nGaillimh an deireadh seachtaine.
Beidh Cóir as an mBreatain Bheag ag cur ceolchoirm ar bun i nGaillimh an mhí seo chugainn.
Micheál Ó Dubhghaill, ceoltóir. Beidh an seó Ciseach le á chur ar stáite i Amharclann na Cathrach i nGaillimh anocht.
Cruinniú eolais ag an mbrúghrúpa BÁNÚ i nGaillimh aréir faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.
Antóin Ó Trinlúin, Oifigeach ón gCoimisiún Toghcháin. Tá ócáid eolais á eagrú ag an gCoimisiún Toghcháin i nGaillimh ag an deireadh seachtaine.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Aibreáin. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Tá síneadh "deiridh" curtha ag an Uachtarán Trump leis an tsos cogaidh chun deis a thabhairt don Iaráin "moladh aontaithe" síochána a chur chun cinn. Tagann an cinneadh seo i ndiaidh idirghabháil phráinneach ó cheannairí na Pacastáine in Islamabad. Thug Trump rabhadh gurb é seo an síneadh "deiridh", agus bhagair sé ionsaithe ar bhonneagar na hIaráine mura n-aontaítear margadh. Tá léigear cabhlaigh na Stát Aontaithe fós i bhfeidhm; cáineann Tehran é seo mar "ghníomh cogaidh" agus mar shárú ar an sos cogaidh. Leanfar leis na cainteanna sa Phacastáin agus an t-am ag rith amach roimh spriocdháta nua na n-uachtarán.Beidh fothoghcháin ar siúl i nBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar ar an Aoine, 22 Bealtaine. Tá suíochán amháin folamh mar d'fhág Paschal Donohoe an Dáil, agus an suíochán eile mar go bhfuil Catherine Connolly ina hUachtarán anois. Tá go leor daoine ag rith cheana féin—deichniúr i mBaile Átha Cliath agus triúr déag i nGaillimh. Is é an 1 Bealtaine an spriocdháta d'ainmniúcháin. De ghnáth, bíonn sé deacair ar pháirtithe an Rialtais fothoghcháin a bhuachan. Mar sin féin, ní athróidh na torthaí mórán sa Dáil. Tabharfaidh na toghcháin seo léargas dúinn ar thuairimí na ndaoine tar éis na n-agóidí breosla le déanaí.Bhuaigh Manchester City 1-0 in aghaidh Burnley ag Turf Moor le linn na seachtaine, bua a d'fhág go bhfuil siad chun tosaigh ar Arsenal den chéad uair le sé mhí anuas. Ba é an t-urchar luath ó Erling Haaland—an fichiú cúl aige an séasúr seo—an t-aon chúl sa chluiche. Cé gur bhuaigh siad, bhí imní ar lucht leanúna City mar nár thapaigh an fhoireann go leor deiseanna eile chun an cluiche a chur chun deiridh. Maidir le Burnley, is toradh tubaisteach é seo; tá sé deimhnithe anois go mbeidh siad dícháilithe ón Phríomhshraith. Tá an rás don teideal gor ar ghob. Tá 70 pointe ag City agus Arsenal chomh maith agus tá difríocht na gcúl mar an gcéanna acu freisin. Mar sin féin, tá City sa chéad áit mar gheall ar an líon iomlán cúl atá scóráilte acu. Níl ach cúig chluiche fágtha sa tséasúr.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsíneadh - extensionbonneagar - infrastructurefothoghchán - by-electionagóidí breosla - fuel protestsurchar - shotan Phríomhshraith - the Premier League
Tá tús á chur leis an bhféile idirnáisiúnta, CÚIRT, i nGaillimh inniu.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24yy296s Contact: irishlingos@gmail.com Blockades, queues, traffic jams on the 4th day of the fuel protest. Imhsuite, scuainí, tranglam tráchta ar an 4ú lá den agóid breosla. There are now fuel shortages in many places due to the blockades in place at fuel storage facilities in Limerick and Galway and at the Whitegate refinery in Cork, the only one in the State. Tá ganntananas breosla ina lán áiteanna anois de bharr an imshuí atá ar bun ag ionaid stórála breosla i Luimneach agus i nGaillimh agus ag scaglann an Gheata Bháin i gCorcaigh, an t-aon cheann sa Stát. Petrol station operators are predicting that 500 locations will be without any fuel tonight. Tá lucht na ngaráistí peitril ag tuar go mbeidh 500 ionad gan aon bhreosla anocht. This has already happened to hundreds of others, in the south and west. Tá sin tarlaithe cheana i gcás na gcéadta eile cheana, sa deisceart agus san iarthar. There is no shortage of fuel, but supplies are stagnant in storage facilities and in Whitegate. Níl aon ghantannas breosla ann, ach tá na soláthairtí i bhfastó sna hionaid stórála agus sa Gheata Bán. Because no fuel is being released from these, they have no capacity to accept any other cargo, which the Taoiseach referred to today when he said that we will have to ship oil cargoes at a time when the rest of the world is competing for them. De bharr nach bhfuil aon bhreosla á scaoileadh amach astu sin, níl aon acmhainn iontu glacadh le lastas ar bith eile, rud ar thagair an Taoiseach dó inniu á rá go mbeidh orainn lastais ola a chur ó dhoras tráth a bhfuil an cuid eile den domhain in iomaíocht faoina leithéid. An example of this is the Thun Gemini, a tanker anchored in Galway Bay with six million litres of oil on board, fuel that cannot be brought ashore at Galway port. Sampla de sin é an Thun Gemini, taincéir atá ar ancaire i gCuan na Gaillimhe agus sé mhilliún líotar ola ar bord aici, breosla nach féidir a thabhairt i dtír ag calafort na Gaillimhe. Although Dublin Port is accessible, traffic congestion throughout the city has caused significant delays in getting tankers to the garages in the East. Cé go bhfuil rochtain ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, tá na hagóídí tráchta ar fud na hardchathrach ar cur an-mhoill ar taincéirí a thabhairt chuig na garáistí san Oirthear. And even if the blockade were to end tonight, it could be a week before supply is restored. Agus fiú dá dtiocfadh deireadh leis an imshuí anocht, d’fhéadfadh seachtain bheith ann sula gcuirfí an soláthar ar ais ina cheart. In Whitegate in Cork, there was a standoff between Gardaí and the blockaders for a while as they were escorting a third tanker into the refinery, but it ended shortly afterwards. Sa nGeata Bán i gCorcaigh, bhí sé ina leamhsháinn idir Ghardai agus lucht an imshuí ar feadh tamaill nuair a bhí an tríú taincéir á thionlacan isteach sa scaglann acu, ach scoir sí gan móran achair. This solution was set up for the purpose of providing emergency vehicles. Ar mhaithe le soláthar d’fheithiclí éigeandála a cuireadh an réiteach seo ar bun. Several lorries carrying animal supplies and water cleaning chemicals have been unloaded from Foynes Port on the Shannon Estuary, but no oil tankers are being unloaded yet. Tá roinnt leoraithe le soláthairtí d’ainmhithe agus ceimiceáin glanta uisce scaoilte amach as Calafort Fainge ar inbhear na Sionainne, ach níl aon taincéir ola á scaoileadh amach fós. But traffic conditions on many motorways and national roads are in disarray due to blockades by protesters. Ach tá cúrsaí tráchta ar go leor mótarbhealach agus bóithre náisiúnta in aimhréid de bharr imshuí ag an lucht agóíde. People can get an update. There are long queues on the M1 northbound due to that side of the road being closed at Dundalk. There are also long delays on the M50 southbound and northbound as protesters have blocked that major ring road. Is féidir le daoine uasdátú a fháil Tá scuainí fada ar an M1 ó thuaidh de bharr an taobh sin den bhóthar bheith dúnta ag Dún Dealgan Tá moill fhada freisin ar an M50 ó dheas agus ó thuaidh agus blocáil déanta ag agóídithe ar an cuarbhóthar mór sin. There are also some difficulties on the N7 southbound. Tá roinnt deacrachtaí ar an N7 ó dheas freisin. There are approximately 60 tractors, trucks and buses sitting on O’Connell Street in the capital but there is a flow of traffic on the north and south piers and the rest of the Luas is operating. Tá tuairim is 60 tarracóir, trucail agus bus ina suí ar Shráid Uí Chonaill san ardchathair ach tá sruth tráchta ar na céanna thuaidh agus theas agus tá an chuid eile den Luas ag feidmhniú. Dublin Bus has a limited service in the city centre but the company says passenger numbers are down on yesterday. Tá seirbhís theoranta ag Bus Átha Cliath i lár na cathrach ach deir an comhlacht go bhfuil líon na bpaisinéirí níos lú ná inné. A view from the blockade at the Whitegate refinery today Radharc ón imshuí ag scaglann an Gheata Bháin inniu
Deir an Seanadóir Seán Kyne gur cheart go mbeadh cead ag tiománaithe os cionn 70bl d'aois busanna scoile a thiomáint
Tá sé i gceist leanacht ar aghaidh leis an agóid atá beartaithe i nGaillimh trathnóna inniu, cé gur fhógair an tAire Oideachais nach laghdófar líon na gCúntóirí Riachtanais Speisialta sna scoileanna.
Bhí cruinniú ag an mgrúghrúpa títhíochta BÁNÚ le feidhmeannaigh na Comhairle Contae i nGaillimh tráthnóna inné.
Seolfar an fhéile Tonnta i nGaillimh inniu. Beidh an fhéile dhátheangach ar siúl i gCathair na Gaillimhe go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh.
Cuirfear tús leis an bhféile 'Moth and Butterfly' i nGaillimh inniu.
Plé ar chúrsaí sláinte, eolas inniu maidir leis an scéal is deireanaí faoi fliú sa chontae, imní faoin mhoill atá ag othair le hailse coinne a fháil i nGaillimh agus roinnt eolais faoi ghalair neamhoird itheacháin.
John Connolly, TD ag labhairt faoi chúrsaí iompar i nGaillimh.
An cruinniú a bhí ag Páirtí Parlaiminte Fhianna Fáil tráthnóna inne, leis an tuairisc faoi fheachtas an pháirtí i dtoghchán na huachtaránachta a phlé. Bhí an Teachta Connolly i láthair.
Socraíodh gan ciste cúltaca a bheith mar chuid den chúnamh airgid an chéad bhliain eile do Leisureland i nGaillimh – rud atá ag cur an-imní go deo ar chuid mhaith comhairleoirí.
Tom Kenny, ó Siopa Leabhar Uí Chonnaith. Tá ceann de na siopaí leabhar is aitheanta in Éirinn, Siopa Leabhar Uí Chionnaith i nGaillimh, ag ceiliúradh 85 bliain i mbun graithe.
Mairéad Nic Dhonnacha, duine den lucht eagraithe ‘Gúnas for Gaza'. Reáchtálfar ócáid ar an 4 Nollaig i nGaillimh le hairgead a bhailiú don eagraíocht MAP a chuireann cóir leighis ar fáil do mhuintir na Palaistíne.
Cailleadh an t-ealaíontóir, gníomhaí síochána agus ball d'Aosdána Margaretta D'Arcy i nGaillimh inné.
Roseanne Kelly, Coiste Eagraithe Coldvember. Tá an feachtas Coldvember á reáchtáil an mhí seo chugainn ar mhaithe leis an Ionad Éigeandála um Éigniú i nGaillimh.
Cormac Ó Conaire, Vivienne Ní Niadh, Eoin Ó Suilleabháin, Ciarán Ó Broin, Ciarán Ó Fátharta. Cúrsaí an Chumainn Lúthchleas Gael á phlé ag an bpainéal inniu. Tá cumainn beaga i nGaillimh agus Maigh Eo faoi bhrú de bharr easpa infheistíochta agus imreoirí.
Cruinniú poiblí á reáchtáil ag MS na hÉireann, i nGaillimh anocht, féachaint le craobh nua MS a bhunú sa gcontae.
Fuair Hugh Mac Pháidín as Cnoc Fola ach a raibh cónaí air i gCreachmhaoil i gContae na Gaillimhe bás mar gheall ar ailse. Anois tá a chairde agus a theaghlach i nGaillimh ag iarraidh tabhairt faoi dhúshlán rothaíochta i gcuimhne ar Hugh agus le hairgead a bhailiú d'Oispís na Gaillimhe a thug cúram agus aire do Hugh le linn a thinnis.
Pléifear na dúshláin atá i ndán don tionscal dí ag comhdháil atá ar bun i nGaillimh inniu agus amárach.
Beidh seó nua faoin aer atá dírithe ar scéalta Pháraic Uí Chonaire ar siúl i nGaillimh an tseachtain seo.
Tá Amharclann na Cathrach i nGaillimh i gcomhpháirtíocht leis an gcompántas drámaíochta ‘Brú Theatre' agus Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe, théis tús a chur le clár úrnua forbartha d'ealaíontóirí darb ainm,‘Blas'. Is é James stiúrthóir na scéime agus is í Áine duine d'ealaíontóirí na scéime.
Beidh Fleá na bPrátaí ar bun i nGaillimh an deireadh seachtaine seo.
Bhí cruinniú ag Comhairleoirí Contae na Gaillimhe inné, áit a nderarnadh cur i láthair faoi na tithe inacmhainne atá dhá dtógáil agus atá le tógáil i nGaillimh.
Dúirt Príomh fheidhmeannach Chomhairle Contae na Gaillimhe Liam Conneally gur chuir sé in iúl den Aire Gaeltachta Dara Calleary i gcruinniú a bhí acu leo ag deireadh na seachtaine seo caite go raibh gá maoiniú a chur ar fáil le forbairt a dhéanamh ar ionaid coiriú séarachais I gceantar Gaeltachta Chonamara.
Tharraing an Teachta Dála Néamhspléach y aird sa Dáil le gairid ar na deacrachtaí atá ag mic léinn lóistín a fháil i nGaillimh.
Cruinniú poiblí faoi inmhéatris (endometreosis ) eagraithe ag Sinn Féin i nGaillimh anocht.
Beidh an tAire Sláinte Jennifer Carroll McNeill ag tabhairt cuairte ar Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh agus ar Ospidéal Pháirc Mheirlinne inniu.
Edward Ó Sé, Ceannasaí Stáisiún Dóiteán na Ceathrún Rua ag labhairt faoin gcomhdháil atá ag lucht seirbhísí dóiteán inniu agus amárach i nGaillimh.
Eoin Mac Donnacha, damhsóir ag labhairt faoi seó a bhéas aige i nGaillimh ag deireadh na seachtaine.
Beidh lá traenála, eagraithe ag cuid d'Oifigigh Pleanála Teanga na Gaillimhe, ar siúl inniu in Áras na nGael, i nGaillimh.
Pléifidh baill cheardchumainn Fórsa, a bhíonn ag plé le cúrsaí oideachais, cúrsaí páigh agus pinsin ag a gcomhdháil bhliantúil i nGaillimh inniu agus amárach.
Tiocfaidh deireadh inniu le comhdháil bhliantúil Chumann Mhúinteoirí Éireann na bliana seo atá ar siúl i nGaillimh ón Luan.
Cuirfear tús in Óstán An Galmont i nGaillimh inniu le Comhdháil Bhliantúil Chumann Múinteoirí Éireann.
Beidh cruinniú poiblí ar bun i nGaillimh anocht faoin ngéarchéim tithíochta agus lóistín atá sa tír.
D'fhreastal sluaite ar bigil i Leitir Ceanainn aréir, i gcuimhne ar Anthony Gallagher a maraíodh i dtimpiste bóthair i Leitir Ceanainn luath ar maidin inné, agus ar a dheartháir Martin Gallagher atá go dona tinn san otharlann i nGaillimh.
Céard atá ag tarlú ó thaobh Ospidéal nua a thógáil i nGaillimh?
Denise Feeney, oifigeach timpeallachta Comhairle Contae na Gaillimhe ag labhairt faoin seó bóthair fuinneamh a bhéas i nGaillimh an tseachtain seo chugainn.
Tús á chur leis an bhféile TONNTA i nGaillimh inniu.
Tá muintir Croíadh Ní Flátharta ag eagrú siúlóid 5km le hairgead a bhailiú don ionad nua bhreithe i nGaillimh agus don eagraíocht Féileacáin.
Tá brú ar charthanachtaí ar fud na tíre agus oíche earcaíocht le bheith ag Cumann Naomh Uinseann de Pól i nGaillimh.
Tá roinnt obráidí lae a bhí le déanamh in Ospidéal na hOllscoile i nGaillimh curtha siar inniu mar nach bhfuil a ndótháin leapacha ar fáil ann de bharr an brú atá ar an Ospidéal.
Tá sé fógraithe ag úineirí Phictiúrlann an Phálais i nGaillimh go bhfuil sé le dúnadh i mí Feabhra na bliana seo chugainn.