Podcasts about aire st

  • 11PODCASTS
  • 126EPISODES
  • 9mAVG DURATION
  • 1MONTHLY NEW EPISODE
  • Jun 20, 2025LATEST

POPULARITY

20172018201920202021202220232024


Best podcasts about aire st

Latest podcast episodes about aire st

RTÉ - Adhmhaidin
Keith Ó Brolcháin, Príomhoide Scoil Speisialta Naomh Prionnsias, Lios a' Phúca.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 20, 2025 6:07


Labhair sé faoin méid a pléadh leis an Aire Stáit Hildegarde Naughton a thug cuairt ar an scoil inné.

scoil labhair hildegarde naughton aire st
RTÉ - Barrscéalta
An Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jun 4, 2025 10:04


Níl Micheál sásta leis an Aire Stáit sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaín, Gaeltachta, Spórt agus Meán Charlie Mc Conalogue agus é ag plé na deacrachtaí atá aige cruinniú a shocrú leis.

RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne, Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha agus Cosanta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 26, 2025 5:44


D'fhógair Uachtarán Mheiriceá Donald Trump aréir go gcuirfidh sé moill ar na taraifí de 50% bhí le gearradh ar earraí as an Aontas Eorpach ó thús na míosa seo chugainn.

agus uachtar thomas byrne aire st aontas eorpach
RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne, Aire Stáit sa Roinn Cosanta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 30, 2025 5:37


Lean ionsaithe dróin ón Rúis ar an Úcráin aréir. Tuairiscíodh gur maraíodh duine amháin sna hionsaithe ar Dnipro, agus gur gortaíodh ar a laghad 38 duine sna hionsaithe dróin ar chathair Kharkiv san Úcráin. Labhraíonn an tAire Stáit faoi chúrsaí san Úcráin tar éis a chuairt ar an tír ag an deireadh seachtaine.

RTÉ - Adhmhaidin
Séamus Breathnach, Cathaoirleach ar scéim FLAG an Iarthair.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 23, 2025 4:42


D'fhógair Aire Stáit na Mara Timmy Dooley le gairid go mbeidh ciste de €15 milliún ar fáil do phobal cois cósta faoin scéim FLAG – sin iad na Fishery Local Action Groups. Labhair Séamus Breathnach faoi le hAoife Ní Chonghaile.

RTÉ - Adhmhaidin
Aodh Ó Domhnaill, Cumann Táirgeoirí Éisc.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 17, 2025 4:24


Chas ionadaithe ó earnáil na hiascaireachta le Aire Stáit na Mara Timmy Dooley sna Cealla Beaga tráthnóna inné.

RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne T.D., Aire Stáit Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 7, 2025 6:39


Cruinniú eigeandála sa Bhruiséal inné.

RTÉ - Adhmhaidin
Donnachadh Mac Fhionnghaile, iar Aire Stáit Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 10, 2025 4:22


Céard é a thuairim ar na seanadóirí atá ceaptha ag Fine Gael den tréimhse seo?

RTÉ - Barrscéalta
Príomfheidhmeannach Chumann Próisealaithe agus Tairgeoirí Éisc na hÉireann, Breandán Ó Beirne.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jan 30, 2025 5:52


Tá fáilte curtha ag an Chumann roimh cheapachán an Teachta Timmy Dooley mar Aire Stáit Iascaigh agus Mara.

RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne, Aire Stáit Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 23, 2025 4:41


An méid a thit amach sa Dáil inné.

Nuacht Mhall
18 Eanáir 2025 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 18, 2025 6:42


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tháinig nuacht faoi bheart sos cogaidh a chur i bhfeidhm ón gcoimhlint idir an Phalaistín agus Iosrael tráthnóna Dé Céadaoin. Tagann an nuacht tar éis cúig mhí dhéag de chogadh, a thosaigh le hionsaí a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ón dáta sin maraíodh níos mó ná 46,000Palaistíneach mar thoradh ar fhrithbheart Iosrael. Ag brath ar roinnt ceisteanna deireanacha a chinntiú maidir leis an mbeart, tosóidh an sos cogaidh Dé Domhnaigh, ach tá níos mó Palaistíneach á marú idir an dá linn. Ar dtús mairfidh an sos cogaidh go ceann sé seachtaine - ligfear amach gialla Iosraelacha agus scaoilfear saor priosúnaigh Phalaistíneacha. Beidh saighdiúirí Iosrael ag tarraingt siar as Gaza agus beidh cead isteach le haghaidh cúnaimh agus breosla. Tosóidh na Palaistínigh ag filleadh ar a mbaile, pé chuid de atá fágtha. Tarlóidh níos mó cainteanna maidir le todhchaí Gaza agus cad a tharlaíonn tar éís na séseachtaine.Tharla díospóireacht idir Fianna Fáil agus Fine Gael maidir le dréacht-Chlár Rialtais i rith na seachtaine. Cruthaíodh an comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael, a fuair an líon vótaí is lú a fuair buaiteoirí olltoghcháin ó thús an stáit, le tacaíocht ó naonúr comhaltaí neamhspleácha chun tromlach adhéanamh. Is dócha go ndaingneofar an clár Dé Domhnaigh agus go dtoghfar Mícheal Martin ina Thaoiseach Dé Céadaoin. Tá díospóireacht fós ar siúl maidir le ról na gcomhaltaí neamhspleácha sa rialtas le guthanna láidir ó Michael Lowry agus Danny Healy-Ray. Cruthóidh an rialtas nua trí Aire Stáit nua, le haghaidh daoine aosta, mara agus imirce. Beidh 23 Aire ann san iomlán, an líon is mó a bhí ag aon rialtas riamh.Tá falscaithe uafásacha ag tarlú in Los Angeles le níos mó ná deich lá anuas. Bhí ceithre thine éagsúla ann, gan ach ceann amháin díobh faoi smacht agus é seo á scríobh. Tá an chúis leis na falscaithe fós le fiosrú ach scaipeadh iad mar thoradh ar ghaotha láidre darbh ainm Gaotha Santa Ana agus ar an easpa báistí sa réigiún le déanaí. Deir saineolaithe go bhfuil athrú aeráide ina chúis mhór leis freisin. Ba iad 2022 agus 2023 na blianta is fliche in California riamh agus mar sin d'fhás an-chuid fásra, ach tar éis an triomaigh a lean, ba gheall le brosna do na falscaí an fásra céanna. Tharla aslonnú mór sa cheantar agus fuair cúigear is fiche bás. Ceaptar go bhfuil an scriosadh is measa de bharr tine i gceist i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá agus beidh costas sna billiúin dollar i gceist maidir le hatógáíl na cathrach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS beart - deal breosla - fuel díospóireacht - debate comhaltaí neamhspleácha - independent members falscaithe - mountain fires triomach - dry weather fásra - vegetation brosna - kindling

RTÉ - An Saol ó Dheas
Anne Lucey ar na Healy-Raes

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jan 15, 2025 10:52


An t-iriseoir Anne Lucey ag caint ar thionchar na Healy-Raes agus an chuma ann go mbeidh Michael Healy-Rae mar Aire Stáit sa rialtas nua.

RTÉ - Adhmhaidin
John Connolly, Teachta Dála, Gaillimh Thiar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 20, 2024 5:26


Tá litir seolta ag an Teachta Dála John Connolly chuig an Aire Stáit sa Roinn Sláinte Mary Butler, ag iarraidh ar an Roinn Sláinte brú a chur ar an Roinn Chumarsáide infheistíocht cheart a dhéanamh sa mbun-infreastruchtúr i gceantar Chonamara Thiar.

Nuacht Mhall
2 Samhain 2024 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 2, 2024 6:46


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Ní fios cé mhéad duine atá fós ar iarraidh ach is léir gurb iad seo na tuilt e is measa agus is marfaí sa Spáinn i stair na linne seo. Tá tarrthálaithe ag dianchuardach na gceantar a bualadh agus tá an rialtas náisiúnta i ndiaidh cúig mhíle saighdiúir a sheoladh isteach chun cuidiú leis na hiarrachtaí seo. Tá rabhadh aimsire oráiste fós i bhfeidhm in València agus sa Chatalóin. Scríobh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn litir chomhbhróin ar son mhuintir na hÉireann chuig Rí Felipe VI sa Spáinn. Tugadh bata agus bóthar do bhainisteoir Manchester United Erik ten Hag ag tús na seachtaine, i ndiaidh dhá bhliain go leith sa phost. D'éirigh réasúnta maith leis ar dtús, agus dhá chorn buaite aige, ach níor thóg sé United ar ais go barr na sraithe agus ba léir nach raibh úinéirí ná lucht leanúna an chlub sásta leis. Ba é ten Hag an cúigiú bainisteoir buan a bhí ag an chlub ó chuaigh Alex Ferguson ar scor sa bhliain 2013, ach is iad a gcomharsana Manchester City atá chun tosaigh na laethanta seo. Bhí laoch an chlub agus comhthíreach ten Hag Ruud van Nistelrooy i gceannas ar an fhoireann le haghaidh cluiche amháin, ina bhfuair siad an bua ar Leicester City le scór 5-2, ach tá bainisteoir buan nua tagtha isteach anois, Rubén Amorim as an Phortaingéil, a bhain rath amach mar bhainisteoir den chlub Sporting i Liospóin. Tá Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne an tseachtain seo, agus Gaeil ó gach cearn den domhan bailithe le chéile chun an teanga agus an cultúr a cheiliúradh. Seoladh an fhéile Dé Céadaoin le hóráidí ó Uachtarán an Oireachtais Pádraig Mag Fhearghusa agus Aire Stáit na Gaeltachta, Spóirt & Corpoideachais, Thomas Byrne TD. Bronnadh duaiseanna Chomórtas Liteartha an Oireachtais agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an lá céanna. I measc imeachtaí eile, bhí seoltaí leabhair, díospóireachtaí, comórtais amhránaíochta agus damhsa, agus seoladh nuachtán clóite nua, An Páipéar, atá ar fáil ar bhonn seachtainiúil ó thús na míosa seo. Beidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste an bhliain seo chugainn, den chéad uair ó bhí 1997 ann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tarrthálaithe - rescuers rabhadh aimsire oráiste - orange weather warning litir chomhbhróin - letter of condolence comhthíreach - fellow countryman nuachtán clóite - print newspaper ar bhonn seachtainiúil - on a weekly basis

RTÉ - Barrscéalta
Máire Mhic Giolla Chomhail Rúnaí Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall agus Pat the Cope Ó Gallachóir iarrthóir Fhianna Fáil san olltog

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Oct 18, 2024 8:25


Tá sé ráite ag an Aire Stáit James Lawless, gur féidir eitiltí PSO a chur as an áireamh sa teorann atá le cur ar líon na bpaisinéirí in Aerfort BhÁC, ach tá Mary ag rá nach mbeidh glacadh aici leis an mhéid seo go bhfeicfidh sí é i scríbhinn. Bhí Pat ag labhairt le James Lawless agus tá sé sásta go mbeidh conradh ann go dtí 2026.

RTÉ - Adhmhaidin
Dara Calleary T..D., Aire Stáit.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 15, 2024 4:32


Beidh i bhfad níos mó tithe a dtógáil i réigiún an Iar Thuaiscirt mar gheall ar na leasuithe atá déanta ar an Bhille Pleanála agus Forbartha 2023 a dúirt an tAire Stáit.

beidh aire st
RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne, T.D. Aire Stáit na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 9, 2024 11:15


An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge agus an Plean Digiteach Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin
Dara Calleary, Aire Stáit le Fiontraíocht, Trádáil & Fostaíocht.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 2, 2024 6:29


An tAire Stáit ag caint faoin gcáinaisnéis a d'fhógair an rialtas inné.

fosta aire st
RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne. T.D. Aire Stáit Gaeltachta agus Spóirt.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Sep 16, 2024 8:27


Cuirfear tús le cruinniú dhá lá pháirtí Fhianna Fáil inniu i gCill Iníon Léinín i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.      

RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne, Aire Stáit na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 17, 2024 4:45


Bhí an tAire Stáit Gaeltachta Thomas Byrne i gCiarraí inné agus é ag bualadh le grúpaí pobail agus le muintir na h-áite.

RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne, Aire Stáit Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 16, 2024 5:37


Deir Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne go bhfuil ceisteanna curtha aige faoi céard a bhí dá dhéanamh ag eagraíochtaí stáit do cheantair Gaeltachta na Mí.

RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne : Aire Stát na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 12, 2024 5:52


Tráthnóna inné sa Dáil rith an rialtas an dara céim de Bhille Údarás na Gaeltachta, 2024, áit ar leag siad amach na leasaithe atá i gceist a dhéanamh ar thoghchán an bhoird agus ar chúramaí tithíochta.

RTÉ - Adhmhaidin
Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 9, 2024 8:27


Tá na leasuithe atá molta a dhéanamh ar Bhille Údarás na Gaeltachta foilsithe ag an Aire Gaeltachta, Catherine Martin agus ag Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne.

RTÉ - Adhmhaidin
Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 20, 2024 6:20


An tseachtain seo a bhí cruinniú ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Stáit Gaeltachta, Thomas Byrne - an chéad chruinniú dá gcuid leis an Aire Stáit ó ceapadh é.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240530_IRISH_tastail_drugai_le_deanamh_ar_thiomanaithe_tar_eis_timpisti

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later May 30, 2024


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2b74nas5 Contact: irishlingos@gmail.com Drug testing of drivers after accidents. Tástáil drugaí le déanamh ar thiománaithe tar éis timpistí. From this little Friday, it will be mandatory to drug test drivers involved in serious road accidents. Ón Aoine beag seo, beidh sé éigeantach tástáil drugaí a dhéanamh ar thiománaithe atá bainteach le tubaistí tromchúiseacha bóthair. Currently, drivers only have to be tested for alcohol in those circumstances, although it used to be the option of Gardai to drug test them as well. Faoi láthair, ní chaithfear ach tástáil alcóil a dhéanamh ar thiománaithe sna cúinsí sin, cé go mbíodh sé mar rogha ag Gardaí tástáil drugaí a dhéanamh orthu freisin. Research that has been carried out on road accidents in the State shows that more people than ever are driving under the influence of drugs and it is in this evidence that the law has been amended by the Minister of State in the Department of Transport, Jack Chambers. Léiríonn taighde atá déanta ar thubaistí bóthair sa Stát go bhfuil níos mó daoine ná riamh ag tiomáint faoi thionchar drugaí agus is ina fhianaise sin atá an dlí leasaithe ag an Aire Stáit sa Roinn Iompair, Jack Chambers. Jack Chambers said today that intoxication caused by alcohol or drugs is one of the four main causes of road accidents in the State. Dúirt Jack Chambers inniu go bhfuil meisce de bharr alcóil nó drugaí ar cheann de na ceithre phríomhchúis atá le tubaistí bóthair sa Stát. Gardai have already bought 10,000 drug testing kits under the idea of their new charge. Tá 10,000 foireann tástála drugaí ceannaithe ag na Gardaí cheana féin faoi thuairim a gcúraim nua. The test takes about eight minutes from start to finish, but according to the new law, people are not allowed to wait longer than half an hour. Thart ar ocht nóiméad ó thús go deireadh a thógann sé an tástáil a dhéanamh ach níl cead daoine a choinneáil ag fanacht níos faide ná leathuair an chloig de réir an dlí nua. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

RTÉ - An Saol ó Dheas
Kevin Ó Grifín; Maoiniú faighte do Halla John L Ó Suilleabháin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later May 22, 2024 10:33


Kevin Ó Grifín: Maoiniú faighte ag muintir Lios Póil do Halla John L Ó Suilleabháin – cúnamh deontais ón Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta Thomas Byrne

RTÉ - Adhmhaidin
Julian de Spáinn, Ard-rúnaí, Conradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 11, 2024 3:23


Tá fadhbanna ag Conradh na Gaeilge ag plé le hUisce Éireann agus dearcadh an Chonartha faoi cheapachán Thomas Byrne mar Aire Stáit na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne, Aire Stáit na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 11, 2024 6:29


Fógraíodh ag am lón inné go raibh an Teachta Dála le Fianna Fáil don Mhí Thoir agus Aire Stáit Spóirt Thomas Byrne ceaptha ina Aire Stáit Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin
Adrian Breathnach, Rúnaí Ghael Taca.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 3, 2024 5:36


Tá an t-eagras Gaeilge i gCathair Chorcaí, Gael-Taca, in earraid le Roinn na Gaeltachta agus leis an Aire Stáit Gaeltachta, le déanaí, toisc nach bhfuil aon mhaoiniú á cheadú dóibh

RTÉ - Adhmhaidin
Norma Moriarty, Comhairleor Contae, Fianna Fáil.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 23, 2024 4:55


Ghlac Comhairle Contae Chiarraí le rún inné ón gComhairleoir Norma Moriarty, ag iarraidh ar an Aire Stáit don Mheabhairshláinte Mary Butler, go gceapfaí Foireann Éigeandála Meabhairshláinte i gCiarraí gan mhoill. Labhair sí le Conn Ó Muíneacháin.

RTÉ - Adhmhaidin
Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 17, 2023 7:41


Tá an cúigiú cuid de na tithe a bhíonn ag coinneáil scoláirí le linn an tsamhraidh nach bhfuil íocaithe fós de réir an fhreagra is deireanaí atá faighte ag Éamon Ó Cuív, ó Aire Stáit na Gaeltachta.

amon gaeltachta teachta d aire st
RTÉ - Adhmhaidin
an tAire Stát Gaeltachta Patrick O'Donovan agus Mairéad Farrell TD SF.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 30, 2023 5:33


Ní mó ná sásta atá páirtí Shinn Féin leis an mbealach a bhfuil Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O'Donovan ag caitheamh le Bord Údarás na Gaeltachta.

bord farrell taire agus patrick o gaeltachta shinn f patrick o'donovan aire st
RTÉ - Adhmhaidin
An Teachta Dála Éamon Ó Cuív – Fianna Fáil.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 4, 2023 5:35


Tá sé ráite ag an Aire Stáit sa Roinn Sláinte a bhfuil cúaramí don Aosach uirthi Mary Butler go bhfuil súil aici go mbeidh níos mó leapacha á n-úsáid in Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua go gairid.

amon fianna f mary butler teachta d aire st
RTÉ - Adhmhaidin
Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach 'Gaillimh le Gaeilge'.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 27, 2023 4:05


Tá beagnach €39,500 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O Donovan do Ghaillimh le Gaeilge faoin Scéim Tacaíochta Gaeilge le cur ar a gcumas staidéar féidireachta a dhéanamh faoi Lár ionad cúltúrtha Gaeilge a fhorbairt i gCathair na Gaillimhe.

RTÉ - Adhmhaidin
Dara Calleary, Aire Stáit.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 26, 2023 4:51


Molann athbhreithniú ar sheirbhísí traenach oileán na hÉireann uilig go bhfeabhsófaí an nasc idir na réigiúin agus na bailte móra. Ina iomláine tá 30 moladh san Athbhreithniú Straitéiseach, ina measc go gceanglófaí líne traenach as Béal an Átha i gContae Mhaigh Eo, síos le cósta an Atlantaigh go Loch Garman.

aire st
RTÉ - Adhmhaidin
Patrick O'Donovan, Aire Stáit.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 3, 2023 5:01


Sheol an tAire Stáit Gaeltachta Plean Teanga na Gaeltachta Láir aréir i mBaile na Finne. Is é seo an plean deireanach anois do Chondae Dhún na nGall, áit a bhfuil 10 bPlean Teanga ar fad seolta.

sheol patrick o finne mbaile ngall patrick o'donovan aire st
RTÉ - Iris Aniar
An t-Aire Stáit Dara Calleary agus an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Apr 12, 2023 20:00


Súil chun cinn ar chuairt Uachtarán na Stáit Aontaithe Joe Biden go Maigh Eo.

RTÉ - Adhmhaidin
Patrick O'Donovan, Aire Stáit na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 3, 2023 5:06


Dea-scéal is ea é go bhfuil leithris oscailte don bpobal ar an mBlascaod Mór ó cuireadh tús le biaiste na turasóireachta ar an oileán Dé Sathairn seo caite. Labhair an tAire Stáit Gaeltachta agus ar a bhfuil cúraimí Oifig na nOibreacha Poiblí Patrick O'Donovan faoin scéal sin, agus a thuilleadh, le Sláine Ní Chathalláin.

dea sl patrick o gaeltachta labhair patrick o'donovan aire st d sathairn n chathall
RTÉ - An Saol ó Dheas
Sláine Ní Chathalláin;Plean Teanga Chathair Saidhbhín ceadaithe

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Mar 31, 2023 5:40


Tá plean teanga Chathair Saidhbhín ceadaithe inniu ag an Aire Stáit Gaeltachta Patrick O Donovan.

plean teanga aire st n chathall
RTÉ - Adhmhaidin
Maria Nic Dhonnacha, Oifigeach Forbartha le CONCOS.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 10, 2023 5:02


A tuairimí féin faoin bhfógra atá déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta inniu.

gaeltachta aire st
RTÉ - Adhmhaidin
An tAire Stáit Gaeltachta, Patrick O'Donavan TD.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 10, 2023 4:32


Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O' Donovan inniu go mbeidh ardú ag teacht ar an líon na nGaeilgeoirí a bheas cead ag daoine a choinneal sna tithe i mbliana faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Diarmuid Ó Dalaigh;Tithe altranais fé bhrú.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Feb 13, 2023 10:02


Tithe altranais behaga a dúnadh a ndóirse toisc go bhfuil sé ró chostaiseach an gnó a riar. Deir an t-Aire Stáit Mary Butler go gcaithfidh an Stát breis tithe altranais a chur ar fail agus gan bheith a braith ar chomhluchtaí príobháideacha do chúram na sean.

RTÉ - Adhmhaidin
Dara Calleary, Aire Stáit

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 8, 2023 4:53


Tá sé cloiste go minic ag an bpobal gurb iad na híocaíochtaí móra a thagann as díobhálacha pearsanta is cúis lena mbillí arda árachais. Táthar ag súil go mbeifear in ann cuid den na costais sin a laghdú nuair a thiocfaidh forálacha i bhfeidhm Dé Luain faoin Acht um Bhord Réiteach Díobhálacha Pearsanta.

acht aire st d luain
RTÉ - Adhmhaidin
Patrick O'Donovan, Aire Stáit na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 27, 2023 5:20


Thug Aire Stáit na Gaeltachta a chéad chuairt ar Ghaeltacht Chonamara inné, céard í a thuairim faoin titim atá tagtha ar an líon daoine atá fostaithe i nGaeltacht na Gaillimhe agus cén phlean atá aige do bhord Údarás na Gaeltachta.

patrick o gaeltachta gaillimhe patrick o'donovan ngaeltacht aire st
Nuacht Mhall
21 Eanáir 2023 (An Dún)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 21, 2023 5:21


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Agus an Dáil ag filleadh le linn na seachtaine, dúirt Aire Stáit úr na Gaeltachta go mbeadh an phleanáil teanga, an tAcht Teanga agus pobal na hUltaise i measc na dtosaíochtaí aige sa chéad cúpla mí ina ról úr. Dúirt Patrick O'Donovan, an tAire Stáit nua, a ceapadh sa ról díreach mí ó shín, go gcuirfeadh sé tús le hathbhreithniú neamhspleách ar an chéad deich bPlean Teanga Gaeltachta i mbliana. Leanfar an obair seo obair a rinne an t-iarAire Stáit Gaeltachta Jack Chambers. Dúirt O'Donovan gur baineadh go leor amach i dtaobh na reachtaíochta in 2022 agus luaigh sé an conradh a aontaíodh le hOllscoil na Gaillimhe chun taighde a dhéanamh faoin Phlean Náisiúnta atá le hullmhú i dtaca le seirbhísí poiblí i nGaeilge agus earcú cainteoirí Gaeilge sa státchóras. Ba mhúinteoir scoile é O'Donovan sula ndeachaigh sé leis an pholaitíocht, agus d'adhmháil sé go bhfuil a chuid Gaeilge beagnach caillte aige. Thug sé le fios ag am a cheapacháin go raibh sé i gceist aige cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne le linn na Nollag chun í a athfhoghlaim ach deir sé nach bhfuair sé an deis an turas sin a dhéanamh go fóill. Tá an comhlacht idirnaisiúnta teicneolaíochta Microsoft chun 11,000 duine a chur chun bealaigh i mbabhta iomarcaíochta go luath. Scaoilfear i bhfad níos mó daoine ná a tharla i bpróiseas iomarcaíochta a bhí ag Microsoft riamh, agus síltear go bhfuil seans ann go mbeidh níos mó ciorruithe troma le teacht san earnáil teicneolaíochta. Faoi láthair tá thart fá 221,000 fostaí ag an chomhlacht, agus 3500 díobh fostaithe in Éirinn. Deirtear gurb iad postanna sa rannóg innealtóireachta agus i rannóg na n-acmhainní daonna na postanna atá i mbaol. Seo a tháinig i measc cailleadh postanna i gcomhlachtaí móra eile amhail Twitter, Amazon, Meta (an comhlacht ar leis Facebook), agus Snapchat. I gcás Twitter, ar cheannaigh Elon Musk ag deireadh 2022, briseadh 7500 duine as a bpost go díreach nuair a thosaigh Musk ina phost nua, agus d'éirigh cuid mhaith eile as a bpost in éadan beartais úra a tháinig isteach faoi Musk thart fán am céanna. Bhí sceitímíní ar na mílte páiste scoile le linn na seachtaine nuair a bhí ar scoileanna i dTuaisceart Éireann dúnadh de réir mar a bhuail coinníollacha sneachta agus oighreata Tuaisceart Éireann ar feadh cúpla lá. Bhí an chuid ba mhó de na scoileanna san iarthuaisceart, bunscoileanna agus meánscoileanna i nDoire, i Léim an Mhadaidh agus ar an Srath Bán ina measc. Dúirt na póilíní go raibh coinníollacha tiomána contúirteach ar fud Thuaisceart Éireann mar gheall ar an sneachta agus na teochtaí reo. Síníodh an rabhadh buí aimsire le haghaidh sneachta agus oighir ar feadh cúpla lá, agus bhí an comhlacht taistil Translink ag comhairliú do phaisinéirí go gcuirfí isteach ar sheirbhísí ar fud Thuaisceart Éireann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS pobal na hUltaise - the Ulster Scots community athbhreithniú neamhspleách - independent review próiseas iomarcaíochta - redundancy process ciorruithe troma - heavy cuts coinníollacha tiomána - driving conditions rabhadh buí aimsire - yellow weather warning

amazon pr elon musk microsoft seo snapchat bh thug agus ean gaeilge translink gaeltachta conradh nollag gaillimhe ngaeilge ulster scots londain inniu patrick o'donovan aire st ndoire dtuaisceart nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 18, 2023 6:45


Tuairim an fhreasúra i dtaobh ráiteas an Aire Stáit nua Gaeltachta Patrick O'Donovan na treoirlínte nua a bheas foilsithe faoi chúrsaí pleanála sa nGaeltacht roimh an gCáisc.

gc sinn f aengus snodaigh ngaeltacht aire st
RTÉ - Adhmhaidin
Eoin Ó Catháin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 13, 2023 4:59


Tá sé séanta ag an Taoiseach Leo Varadkar gur cóir don iar-Aire Stáit Damien English éirí as a shuíochán Dála.

RTÉ - Adhmhaidin
John Downing, Iriseoir, Irish Independent.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 22, 2022 4:45


Ceapadh Patrick O'Donovan ina Aire Stáit Gaeltachta inné.

RTÉ - Adhmhaidin
Eoin Ó Catháin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 21, 2022 6:58


Pléifear plean aeráide agus ceapacháin Airí stáit ag cruinniú rialtais inniu. Cé a bheas ceaptha mar Aire Stáit na Gaeltachta?

air pl raidi gaeltachta eoin cath aire st
RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne, Aire Stáit.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 13, 2022 4:46


Dúirt Uachtarán pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola inné go raibh daonlathas na hEorpa ‘faoi ionsaí', agus pléifear rún muiníne san Aire Tithíochta Darragh O'Brien sa Dáil inniu.

uachtar thomas byrne heorpa aire st