POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.I ndiaidh cúpla seachtain dhrámatúil i bpolaitíocht na Breataine, tá an Feisire Parlaiminte nuathofa do Makerfield, Andy Burnham,ar tí seilbh a ghlacadh ar Uimhir 10 Sráid Downing. Cé go bhfuair Burnham, a bheidh ina sheachtú Príomh-Aire ar an mBreatain le deich mbliana anuas, ainmniúcháin ó 322 de na 403 Feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, tá dúshláin go leor roimhe anois,agus gan ach trí bliana fágtha den téarma rialtais. Beidh na fadhbanna tromchúiseacha ba chúis le titim a réamhtheachtaí, Sir Keir Starmer, faoi chúram iar-Mhéara Mhanchain go luath, lena n-áirítear míshástacht an phobail leis an rialtas, na géarchéimeanna leanúnacha sa Mheánoirthear agus an brú atá ag teacht ó ghrúpaí éagsúla chun caiteachas cosanta a mhéadú gan cáin ioncaim a ardú. Ní hé Burnham an t-aon pholaiteoir mór le rá sa Bhreatain atá i gcruachás faoi láthair, áfach. Tá ceisteanna crua le freagairt ag a phríomh-iomaitheoir, Nigel Farage, ceannaire an pháirtí Reform UK, tar éis teacht chun solais gur ghlac Farage le cúig mhilliún punt ó bhilliúnaí criptea-airgeadra. I measc ábhair imní gur sciúradh airgid a bhí ar siúl, tá an síntiús á fhiosrú anois ag an National Crime Agency, agus idir an dá linn, tá Farage tar éis éirí as a phost mar Fheisire Parlaiminte do Clacton, agus é ag súil go léireodh fothoghchán úr tacaíocht an phobail dó féin agus don mhaíomh gur íospartach den chóras oifigiúil é. Mar fhreagra, tá sé fógartha ag Páirtí an LuchtOibre, na Coimeádaigh, na Glasaigh agus na Daonlathaithe Liobrálacha nach mbeidh siad ag seasamh san fhothoghchán, agus is cosúil gurb é cuairteoir ón spás amuigh, darb ainm Count Binface, a bheidh ina phríomh-iomaitheoir do Farage.Dea-scéala do lucht leanúna an cheoil Éireannaigh a nascann an traidisiún leis an turgnamh, tá Trá Pháidín ar ais le halbam nua, go gairid i ndiaidh An A24 ón mbliain seo caite. Tarraingíonn an t-albam nua, Cloch ‘s Claí, inspioráid ón úrscéal aoiriúil cáiliúil le Myles na gCopaleen, An Béal Bocht, agus pléann sé an gaol idir an Ghaeltacht agus an chuid eile d'Éirinn chomhaimseartha, agus béim ar leith á cur ar chúrsaí tithíochta, ar fhadhbannaeacnamaíocha agus ar cheisteanna féiniúlachta. Is é seo an chéad eisiúint ag an ngrúpa ar an lipéad World of Echo, atá lonnaithe i Londain, agus a dhíolann ceirníní ó cheoltóirí ceannródaíocha ar fud an domhain, agus mar thoradh air sin,tabharfaidh sé deis do lucht éisteachta idirnáisiúnta aithne a chur ar an dream as Conamara. Tar éis 102 cluiche agus breis agus mí a bhí lán de scileanna iontacha, botúin thubaisteacha, taispeántais laochúla, moilleanna de bharr VAR agus conspóid pholaitiúil, tá Corn an Domhain ag druidim chun deiridh. Cé gurb iad an Spáinn rogha na coitiantachta, tar éis dóibh an Fhrainc a shárú in Dallas oíche Dé Máirt, le cúil ó Mikel Oyarzabal agus Pedro Porro, beidh neart le déanamh acu chun an lámh in uachtar a fháil ar an Airgintín, atá ag filleadh ar an gcluiche ceannais mar seaimpíní gan chloí tar éis bua cáiliúil i gcoinne Shasana ag Staid Atlanta oíche Dé Céadaoin. Níos cóngaraí don bhaile, ar lá spóirt lán le haicsean, fillfidh Gaillimh ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann den chéad uair ó 2018, agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Luimnigh atá sa tóir ar a séú theideal in ocht mbliana. Beidh Gaillimh ag súil go mbeidh an tosaí Rory Burke i mbarr a réime arís tar éis an gortú a d'fhulaing sé i gcluiche ceannais Laighean, agus tá faoiseamh ar fhir na Mumhan go bhfuil a gcaptaen, Cian Lynch, réidh le himirt tar éis dó a bheith as láthair ón mbua ar Chontae an Chláir. *GLUAISréamhtheachtaí - predecessorspás amuigh - outer spaceturgnamh - experimentaoiriúil - satiricalrogha na coitiantachta - the favourite to win i mbarr a réime - at the top of his game
Tá sé ceaptha mar chathaoirleach ar Chomhairleoirí Bardasacha Chonamara.
Pacáiste ón chruinniú poiblí á d'eagraigh muintir an Trá Bháine i Scoil Náisiúnta na Trá Báine aréir maidir leis an chinneadh atá déanta Seanscoil na Trá Báine, atá in úinéireacht Dheoise Thuama, a dhíol.
Paul Mercier, ón gComhlacht Léiriúcháin An Pointe Productions. Tá an comhlacht léiriúcháin An Pointe Productions sa tóir ar dhéagóirí as Conamara a mbeadh suim acu a bheith páirteach i dtogra scannaíochta.
Tuairimí an Chomhairleora maidir leis an bealach atá roghnaithe le haghaidh Cuarbhóthar na Gaillimhe
Chuir sé rún faoi bhráid na Comhairle Contae ó thaobh teagmháil a dhéanamh leis an NTA ag impí orthu tuilleadh seirbhísí bus a chuir ar fail idir Gaillimh agus Leitir Mealláin.
Tá súil ag an gcomhairleoir gur féidir díriú arís ar bhóthar nua a fhorbairt amach go Conamara, ó tháinig an scéal go bhfuil cuarbhóthar na Gaillimhe ceadaithe ag an gCoimisiún Pleanála.
Tá sé ag iarraidh go gcuirfidh Comhairle Contae na Gaillimhe feachtas eolais ar fáil do cheantar bardasach Chonamara lena chur ar na súile don phobal, na buntáistí a bhaineann leis an scéim iasachtaí tí na núdarás áitiúil, an LAHL.
Ceisteanna aige faoina forálacha nua faoi thithe ar cíos go gearrthréimhseach.
Cruinniú ag Chumann Feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann an INHFA i Ros Muc trathnóna
Tá an comhairleoir contae Máirtín Lee le dhul os comhair Choinbhinsiúin pháirtí Fhianna Fáil le hiarrthóir a roghnú le seasamh i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar.
Rinne Rannóg Innealtóireachta na Comhairle Contae cur i láthair ag cruinniú ceantar bardasach Chonamara Dé hAoine, faoin obair forbartha ar chéibh Inis Oírr agus faoin bpróiseas atá ar bun chun an obair a thabhairt chun críche.
Eolas faoin méid atá i ndán do na tithe atá ag Tearmann Éanna i Ros a Mhíl agus in Eanach Mheáin.
Tá imní ar uinéirí tí atá ag ligean tí go gearrthréimhseach faoi céard a tharlóidh tar éis dóibh clarú le Fáilte Éireann.
Rún faoi chúrsaí feamainne pléite ag cruinniú den Rialtas áitiúil inné.
Béidh suas le 120 gnó áitiúil as Conamara agus Oileáin Árann ag teacht le chéile i Wildlands i Maigh Cuilinn an tseachtain seo chugainn don ócáid turasóireachta atá á eagrúag Costa Gaelach Chonamara agus Árann.
Bainteoirí feamainne i dteagmháil leis faoi chlárú cearta.
Teorainneacha luais ar na bóithre pléite ag cruinniú Comhairleoirí Contae Chonamara.
Tá maoiniú faighte ag trí scoil i gConamara, Scoil Sailearna, Scoil na bhForbacha agus Scoil Shéamais Naofa le tacú leis an bhfeachtas ‘Bealach Sábháilte chun na scoile' atá ar bun acu.
Cén chúis go bhfuil teaghlaigh ag bogadh amach as tithe shóisialta i gceantar iar- dheisceart Chonamara agus bogadh isteach i dtithe shóisialta i gceantar Bhearna.
27 years ago, in the early hours of December 6, Siobhán Hynes was raped and murdered at Tismeain beach near Leitir Mór in Conamara. Now, the man convicted of her killing has launched a fresh bid for freedom, claiming that his conviction was a miscarriage of justice. Host: Tabitha Monahan Guest: Catherine Fegan This podcast feature discussions surrounding rape and murder and won't be suitable for all listeners. If you have been effected by anything in today's podcast you can find a list of resources in the Irish Independent helpline page.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Deir Daragh Ó Tuairisg go bhfuil paisinéirí bus ar bhealach an 424 as Conamara go Gaillimh fágtha ar an bhfaraor géar arís eile ag Bus Éireann.
Glacadh le buiséad Chomhairle Contae na Gaillimhe Dé hAoine seo caite.
Cén chaoi a mbeidh na húdaráis áitiúla sa tír seo in ann dul i ngleic leis an bplean tithiochta a fógraíodh inné?
Catherine Connolly ag caint faoina ceangal le Conamara i 2005.
Glacadh le rún ag cruinniú míosúil chomhairle Contae na Gaillimhe an tseachtain seo, go gceannódh an Chomhairle na tithe saoire in Eanach Mheáin agus i Ros a Mhíl atá curtha ar an margadh ag Tearmann Éanna.
Tá achainí déanta ag comhairleoirí contae Chonamara go gcuirfear tuilleadh acmhainní ar fáil le déileáil leis na fadhbanna a thagann le drochaimsir agus stoirmeacha - aimsir, dar leo, atá ag tarlú níos minice.
Bricfeasta Gnó atá le n-eagrú an tseachtain seo chugainn i dTeach Scríbe.
Rinneadh cinneadh ag cruinniú míosúil Chomhairle Contae na Gaillimhe an tseachtain seo síneadh a chur le hÁras an Chontae.
An líon talún atá ar fáil ag an Rialtas áitiúil i gContae na Gaillimhe gur féidir forbairt a dhéanamh air.
An scéim tithíochta inacmhainne agus an suirbhé atá a dhéanamh ag Comhairle Contae na Gaillimhe.
Beidh mórshiúl náisiúnta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, agus tá Tuismitheoirí na Gaeltachta atá ag eagrú bus as Conamara go dtí an phríomhchathair ar an lá.
Níl deontas ar fáil do dhaoine a rinne uasghrádú ar a gcuid dabhchanna séarachais muna bhfuil siad sa limistéir ceart ar an léarscáil.
Anna Ní Laoi, Kate Ní Dhomhnaill, & Ailbhe Seoige , cailíní gaelach as Conamara a bhéas ag dul ag comórtas peile na Gaeltachta.
Tá beagán le cois leathmhilliún euro i mbuiséad Chomhairle Contae na Gaillimhe i mbliana le hobair chothabhála a dhéanamh ar chéibheanna sa gContae.
Tá sé deimhnithe ag an eagraíocht Muintearas i dTír an Fhia i gceantar na nOileán nach mbeidh Naíolann na nOileán ag glacadh le páistí faoi bhun bliain d'aois ó Mheán Fómhair seo chugainn ar aghaidh.
Pléadh an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil ar bhóithre an LIS agus Clár na mBóithre don bhliain seo ag cruinniú do Chomhairleoirí Bardasach Chonamara.
Pat McGrath, Western Correspondent, reports from Conamara as parents gather to raise concerns about what they say is a dangerous stretch of road near local schools.
Ag cruinniú na míosa seo de Chomhairle Condae na Gaillimhe, tharraing an Comhairleoir Condae Tomás Ó Curraoin aird arís ar chomh contúirteach agus atá sé ag gasúir a dhul trasna an bhóthair taobh amuigh go Scoil Náisiúnta Bhearna.
Léiríonn an easpa airde a tugadh ar an bhfadhb tráchta atá i sráidbhaile Bhearna, an tsiléigeacht atá in Oifig Pleanála Chomhairle Contae na Gaillimhe nuair a ceadaíodh siopa trasna an bhóthair ón scoil náisiúnta gan aon phlean tráchta a bheith mar choinníoll leis an gceadúnas pleanála., dar leis.
Caitríona Ní Chualáin was born and grew up in Indreabhán in Co Galway, a native Irish speaker, Caitríona works as a weather and continuity presenter with TG4. Despite all this and an exhaustive search, she has been unable to find a home in her native Connemara, Caitríona told us a little of the challenges she's faced.
Plé ar chúrsaí stoirme ag cruinniú Comhairle Condae na Gaillimhe inné.
Dúirt an Comhairleoir Condae Tomás Ó Curraoin go bhfuil sé ráite le blianta ag cruinnithe de chuid na Comhairle gur cheart na crainnte a ghearradh siar agus ní mó ná sásta atá sé faoin méid atá déanta faoin gcás.
An cead pleanála le forbairt a dhéanamh ar phíosa nua a chuir le Reilig Leitir Móir.
Tá ós cionn 1,300km de bhóithre ar fud Chondae na Gaillimhe le gritteáil faoi dhó in aghaidh an lae as seo go ceann cupla lá agus tá sé ráite ag an gComhairle go bhfuil siad réitigh go maith don drochaimsir.
Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannach Fhine Gael do thoghcheantar Ghaillimh Thiar go mbeidh cruinniú acu ar líne tráthnóna amárach áit a n-ainmneofar Séan Kyne mar iarrthóir an pháirtí do thoghchán an tSeanaid.
Rinne Innealtóir Sinsearach de chuid Chomhairle Condae na Gaillimhe Donna Gibbons cur i láthair do Chomhairleoirí Chonamara le gairid faoin gclár atá ag an gComhairle le hobair a dhéanamh air na stadanna bus atá sa gCondae.
Teastaíonn níos mó busanna ar bhealach an 424 a deir an Comhairleoir, mar go bhfuil daoine á bhfágáil ar thaobh an bhóthair sna Forbacha agus i mBearna.
Inniu a chuirfear tús leis an obair dhraenála atá le déanamh ar Pháirc an Chanal i Ros a Mhíl. Labhair an Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire le Máire Áine Ní Chuaig.
In this Q&A session, Eoin and Ben field questions about where and how to use Irish when visiting Ireland, and other topics.We mentioned these Irish-language courses for adults in the Gaeltacht:Oideas Gael, Donegal www.oideas-gael.comOidhreacht Chorca Dhuibhne, Kerry https://www.oidhreacht.ie/Check out other options too, for example, in Waterford and Conamara.Information about Irish languages events/businesses/services elsewhere:www.peig.ie (all Ireland)www.baclegaeilge.ie (Dublin)www.gleg.ie (Galway)https://visitbelfast.com/gaeltacht-quarter/ (Belfast)Find shownotes and see the original video here: https://www.bitesize.irish/blog/visiting-ireland-2/Get 10% off monthly or annual membership by going to : offer.irishSupport the showGo to www.bitesize.irish/links to find out more about courses and membership #GaeilgeGachLá