Podcasts about d sathairn

  • 11PODCASTS
  • 122EPISODES
  • 10mAVG DURATION
  • 1EPISODE EVERY OTHER WEEK
  • May 22, 2025LATEST

POPULARITY

20172018201920202021202220232024


Best podcasts about d sathairn

Latest podcast episodes about d sathairn

RTÉ - Barrscéalta
Josephine Uí Cheallaigh ó Chairde na hEaragaile.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 22, 2025 5:34


Beidh ócáid ar siúl i nDún Lúiche Dé Sathairn dírithe ar chúrsaí bithéagsúlachta agus muid i lár seachtain náisiúnta na bithéagsúlachta.

beidh d sathairn
RTÉ - Iris Aniar
Agatha Hurst, Grúpa Faire Míolta Móra na hÉireann.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later May 14, 2025 9:30


Agatha Hurst, Grúpa Faire Míolta Móra na hÉireann ag labhairt faoi chuid de na háiteacha a mbeidh siad ag faire míolta móra Dé Sathairn.

faire hurst d sathairn
RTÉ - Adhmhaidin
Frances Nic Géadaigh, tuairisceoir, RTÉ Raidió na

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 12, 2025 4:23


Bhásaigh beirt bhuachaillí amach ón gcósta ag Bun Cranncha tráthnóna Dé Sathairn.

bh rt raidi d sathairn
RTÉ - Barrscéalta
Mír Spóirt.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 12, 2025 13:42


Mír faoi chluiche ceannais sinsear na bhfear Chuige Uladh a bhí ar siúl tráthnóna Dé Sathairn le píosa tráchtaireachta ar an chluiche le Damien Ó Dónaill agus caint le Máire Ní Chochláinn, Uachtarán Bhord Na Contae, CLG Dhún na nGall agus le Mark Harte, iar imreoir contae le Tír Eoghain.

uachtar ngall eoghain damien d d sathairn
RTÉ - Barrscéalta
An Comhairleoir Contae Albert Doherty.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 6, 2025 8:16


Rinne tine scrios ar Shráidbhaile an Ghorta Mhóir nó an ‘Doagh Famine Village' in Inis Eoghain tráthnóna Dé Sathairn.

RTÉ - Iris Aniar
Eibhlín Ní Chonghaile, Bean an Tí ag ócaid Lá Mhaigh Eo.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later May 1, 2025 5:31


Eibhlín Ní Chonghaile, Bean an Tí ag ócáid Lá Mhaigh Eo ag labhairt faoin ócáid a bhéas ar bun tráthnóna Dé Sathairn.

bean caid eibhl mhaigh eo d sathairn
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250423_IRISH__an_slan_deireanach_a_fhagail_leis_na_bpapa_ag_na_milte_sa_roimh

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 23, 2025 14:14


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26c5khu5 Contact: irishlingos@gmail.com Thousands in Rome bid farewell to the Pope. An slán deireanach á fhágáil leis na bPápa ag na mílte sa Róimh. Thousands are gathering in the Vatican to bid Pope Francis a final farewell in St. Peter's Basilica, where his body will lie in state for the next three days. Tá na mílte ag bailiú sa Vatacáin leis an slán deireanach a fhágáil ag an bPápa Proinsias i mBaisleac Pheadair, mar a mbeidh a chorp ag luí faoi ghradam go ceann trí lá. A long line of mourners and visitors stretched across St. Peter's Square before the doors of the basilica opened at ten o'clock in the morning, to allow entry to the public. Shín líne fhada na sochraideach agus cuairteoiri trasna Chearnóg Pheadair sular oscail doirse na baislice ar a deich ar maidin, chun cead isteach a thabhairt don phobal. The wardens estimated that there were approximately 20,000 people in the queue at that time. Mheas na maoir go raibh tuairim is 20,000 duine sa scuaine an t-am sin. Pope Francis, the leader of 1.4 billion Catholics around the world and the man from Argentina who was known for his reform, died on Monday at the age of 88. Dé Luain a fuair an Pápa Prionsias bás in aois a 88 mbliana, ceannaire 1.4bn Caitliceach ar fud na cruinne, an fear as an Airgintín a raibh cáil an leasaithe air. According to his death certificate, his death was caused by a stroke and heart failure, a day after he participated in the Cascais ceremonies at the Vatican. De réir a theastais bháis, stróc agus teip croí a thug a bhás, lá tar éis dó páirt a ghlacadh i searmanais na Casca sa Vatacáin. He had spent five weeks in hospital since February due to pneumonia that had spread to both lungs. Bhí cúig seachtaine caite aige san ospidéal ó mhí Feabhra de bharr núimóine a bhí tolgtha aige sa dá scámhóg. Since Monday, the pope's body has been lying in state in the Casa Santa Marta church in the Vatican, the house where he has resided since becoming pope, unlike his predecessors who resided in the Papal Apartments in the Vatican. Ón Luan, bhí corp an phápa as cionn cláir i séipéal Casa Santa Marta sa Vatacáin, an teach inar chuir sé faoí ó rinneadh pápa de, ní hionann agus na fir a chuaigh roimhe a rinne cónaí i Seomraí an Phápa sa Vatacáin. But this morning, Francis' body was taken from there to St. Peter's Basilica, one of the most beautiful and ornate churches in the world, and it will lie there until the funeral Mass on Saturday morning. Ach ar maidin, tugadh corp Phroinsias as sin go dtí Baisleac Pheadair, ceann de na heaglaisí is galánta agus is ornáidí ar domhain, agus is ann a bheidh sé go dtí Aifreanna na sochraide maidin Dé Sathairn. A crowd of priests and cardinals escorted his coffin through St. Peter's Square, where applause broke out among the thousands awaiting him, a traditional sign of respect at funerals in Italy. Slua de shagairt agus de cháirdinéil a rinne tionlacan ar a chónra trí Chearnóg Pheadair, mar a bhris bualadh bos amach i measc na mílte a bhí ag fanacht air, comhartha traidisiúnta ómóis ag sochraidí san Iodáil. The bells of St. Peter's rang and the Basilica choir sang psalms and Latin prayers as the pope's body entered the church. Bhuail cloig Naomh Peadair agus bhí cantaireachta salm agus páidreacha Laidne ag cór na Baislice ar theacht chorp an phápa isteach san eaglais. He will lie in state in a simple coffin in front of the altar, and beneath a niche painted by Michelangelo himself until his funeral. Beidh sé ag luí faoi ghradam i gcónra simplí os comhair an altóra, agus faoi bhun chuinneacháin a phéinteáil Michaelangelo féin go dtína shochraid. Prince is dressed in the white robes of the pope and, as one would expect from a devout Catholic, the rosary is woven into his fingers. Tá Prionsias gléasta in éide bhán an phápa agus, mar a bhéifí agus súil leis ó Chaitliceach cráifeach,

RTÉ - Iris Aniar
John Connolly, TD.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Mar 19, 2025 5:50


John Connolly, TD ag labhairt faoi ócáid d'Éamon Ó Cuív Dé Sathairn.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250129_IRISH__tus_curtha_le_fiosruchan_poibli_faoi_bhuamail_na_homai

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jan 29, 2025 14:33


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24cstbau Contact: irishlingos@gmail.com A public inquiry has been launched into the Omagh bombing. Tús curtha le fiosrúchán poiblí faoi bhuamáil na hÓmaí. A public inquiry into the murder of 29 people, including a woman who was expecting twins, in the Omagh bombing in Co. Tyrone in 1998 began this morning. Cuireadh tús ar maidin inniu le fiosrúchán poiblí faoi dhúnmharú 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, i mbuamáil na hÓmaí i gCo Thír Eoghain i 1998. 29 people were killed and 220 others injured when a car bomb left by the Real IRA exploded in the centre of Omagh on the evening of Saturday 15 August 1998. Maraíodh an 29 agus gortaíodh 220 duine eile nuair a phléasc buama i ngluaisteán a bhí fághta ag an bhFíor-IRA i lár na hÓmaí tráthnóna Dé Sathairn an 15 Lúnasa 1998. The public inquiry was established to determine whether there was an opportunity to prevent the massacre in advance. Bunaíodh an fiosrúchán poiblí lena fháil amach an raibh deis ann roimh ré an sléacht a chosc. In 2021, a judge at the High Court in Belfast said that it was highly likely that the security services could have prevented the bombing if they had acted properly in advance. In 2021, dúirt breitheamh san Ardchúirt i mBéal Feirste gur róchosúil go bhféadfadh na seirbhísí slándála an bhuamáil a chosc dá ngníomhóidís mar ba cheart roimh ré. Judge Mark Horner said the security services had important information about the activities of the Real IRA on both sides of the border before the attack. Dúirt an Breitheamh Mark Horner go raibh eolas tábhachtach ag na seirbhísí slándála faoi ghníomhaíochtaí an Fhíor-IRA ar dhá thaobh na teorann roimh an ionsaí. It is known that police intelligence in the North received a telephone call eleven days before the massacre from an unknown person claiming that there would be a bombing attack in Omagh on August 15th. Tá a fhios go bhfuair lucht faisnéise na bpóilíní sa Tuaisceart glao teileafóin aon lá dhéag roimh an sléacht ó dhuine anaithnid a mhaígh go mbeadh ionsaí buamála san Ómaigh ar an 15 Lúnasa. That person did not provide any information about when or where exactly the attack would occur. Níor thug an duine sin aon eolas faoi cén t-am ná cén áit go baileach a dtarlódh an t-ionsaí. However, intelligence sources did not forward any information to the local police in Omagh. Níor chuir lucht faisnéise aon eolas ar aghaidh chuig na póilíní áitiúla san Ómaigh, áfach. The public inquiry is taking place at the Sruthla Arts Centre in Omagh and is chaired by former senior civil servant Andrew Turnbull. Is in Ionad Ealaíon na Sruthla san Ómaigh atá an fiosrúchán poiblí ar siúl agus is é an t-iar- státseirbhíseach sinsearach Andrew Turnbull an cathaoirleach. To begin with, the relatives of the deceased are giving a personal account, one by one, of the lives of each of the 29. Mar thús, tá cuntas pearsanta á thabhairt ó inniu ag gaolta na marbh, ina nduine agus ina nduine, ar shaol gach duine den 29. They are also giving an account of how the killing affected them. Tá cuntas á thabhairt acu freisin ar an gcaoi a ndeachaigh an marú i gcion orthu. That part of the investigation is expected to last two weeks. Ceaptar go mairfidh an chuid sin den fhiosrúchán coicís. The people who were injured in the bombing will later give an account of what happened to them that day and since. Na daoine a gortaíodh sa bhuamáil, tabharfaidh siadsan cuntas ina dhiaidh sin ar ar bhain dóibh féin an lá úd agus ó shin. Emergency workers who went to the scene of the horror will later tell their own story again. Oibrithe éigeandála a chuaigh chuig láthair an uafáis, inseoidh siad a scéal féin ina dhiaidh sin arís. All statements are being livestreamed online. Tá na ráitis ar fad á mbeoshruthú ar líne. It is currently estimated that evidence will not be presented to the inquiry until early s...

RTÉ - Barrscéalta
Terry Crossan, Comhairleoir Contae as Inis Eoghain agus Oifigeach Gaeilge CLG Naomh Pádraig Uisce Chaoin.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jan 24, 2025 5:18


Ag cur síos ar tús ar an dóigh a bhfuil rudaí in Inis Eoghain mar gheall ar Stoirm Éowyn agus comhrá faoi chluiche ceannais soisear clubanna na hÉireann atá le himirt Dé Sathairn idir Naomh Pádraig Uisce Chaoin agus An Cheathrú Rua.

agus gaeilge inis draig crossan uisce eoghain cheathr rua d sathairn chaoin
RTÉ - Iris Aniar
Bríd Uí Chonghaile, Aisteoirí an Bhaile.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jan 22, 2025 4:25


Bríd Uí Chonghaile, Aisteoirí an Bhaile ag labhairt faoin drama a bhéas siad a chur ar stáitse i gCorr na Móna Dé Sathairn.

bhaile d sathairn
Nuacht Mhall
4 Eanáir 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 4, 2025 5:15


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Eanáir. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá an FBI ag fiosrú mar eachtra sceimhlitheoireachta ionsaí a tharla i gcathair New Orleans, nuair a thiomáin fear trucail isteach trí shlua a bhí ag ceiliúradh na hAthbhliana ar shráideanna na cathrach, agus ansin thosaigh sé ag scaoileadh urchar leo. Maraíodh ar a laghad cúig dhuine dhéag, agus gortaíodh breis is tríocha a cúig duine eile. Ag a ceathrú tar éis a trí ar maidin a tharla an eachtra ar Shráid Bourbon, ceantar mór turasóireachta i gCeathrú Francach na cathrach. Scaoil an tiománaí, a bhí ina shaighdiúir roimhe, le póilíní ansin, agus gortaíodh beirt acu. Scaoil na póilíní leis an tiománaí freisin, agus maraíodh ar an láthair é. Fuarthas bratach ISIS sa trucail. Tá sé ráite ag an FBI go gcreideann siad go raibh an tiománaí ag gníomhú ina aonar. Ar ais in Éirinn, tá feidhm anois le reachtaíocht nua chun déileáil le coireanna áirithe ar fuath is bun leo. Mar shampla, fuath a léiriú do dhaoine ar bhonn cine, datha, claonadh gnéis, inscne nó míchumais. Go dtí seo, bhí Éirinn ar cheann den bheagán ballstát den Aontas Eorpach gan reachtaíocht i gcoinne fuatha. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, go raibh an reachtaíocht nua de dhíth orainn ó bhí méadú de 7.5% ar an líon coireanna fuatha a thaifead na Gardaí i mbliana. Thug sí le fios freisin go raibh an reachtaíocht bunaithe ar thaithí phearsanta daoine, toisc go ndeachaigh a roinn i gcomhairle leis an bpobal sular chruthaigh siad í. Bhí rabhadh buí faoi theocht íseal agus baol seaca i bhfeidhm ar fud na hÉireann Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo. Anois tá sé fógartha ag Met Éireann go leanfar leis an drochaimsir ag an deireadh seachtaine. Tá siad ag tuar go mbeidh an teocht idir aon chéim agus sé chéim Dé Sathairn, agus gur chóir dúinn a bheith ag súil le tuilleadh ráigeanna den bháisteach throm. Chomh maith leis sin, beidh sé níos ísle fiú san oíche, thart ar lúide cúig chéim. Agus ní bheidh an pictiúr ag athrú mórán go luath amach anseo. Is féidir linn a bheith ag súil le haimsir den chineál céanna an tseachtain seo chugainn. Mar sin de, má bhíonn sibh ar na bóithre, bígí cúramach agus tugaigí aire. eachtra sceimhlitheoireachta - act of terrorism an Ceathrú Francach - the French Quarter reachtaíocht - legislation coireanna áirithe ar fuath is bun leo - certain hate crimes rabhadh buí - yellow warning lúide - minus

pr new orleans fbi bourbon bh thug garda agus ean shr helen mcentee gaillimh chomh inniu d haoine d sathairn aontas eorpach nuacht mhall
Raidió na Life 106.4FM
Rasaí Móra in Ascot Dé Sathairn

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Oct 16, 2024 24:34


Bhí ár saineolaí rásaí linn Sarah Lynam agus muid ag breathnú chun cinn ar lá mór rásaíochta ar an talamh cothrm in Ascot ar an Satharn.

rasa bh ascot d sathairn
RTÉ - Adhmhaidin
Gráinne Ní Aodha, iriseoir, PA News.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 14, 2024 4:17


D'fhógair an Teachta Dála Shinn Féin do Laois-Uíbh Fháilí, Brian Stanley oíche Dé Sathairn go raibh sé chun éirí as an bpáirtí agus go mbeadh sé ina iarrthóir neamhspleách don chéad olltoghchán eile.

inne fh brian stanley aodha teachta d shinn f d sathairn
RTÉ - An Saol ó Dheas
Mary Tisdall; Tuillte Bheanntraí.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Oct 7, 2024 6:45


Daichead tigh is gnó i mbaile Bheanntraí fé uisce arís Dé Sathairn. Muintir an bhaile tinn cráite fén dtráth seo leis an moill atá ar leigheas a fháil ar an bhfadhb.

muintir d sathairn
RTÉ - Iris Aniar
Aonghus Ó Coisdealbha, An Garraí Glas.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Sep 24, 2024 9:56


Aonghus Ó Coisdealbha, An Garraí Glas ag labhairt faoin tráthnóna ceoil a bheas acu Dé Sathairn.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Danielle Rosenberg; Gaisce sa tsnámh.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 12, 2024 13:54


Shnáigh Danielle Rosenberg agus Nigel Collins ó Ché an Chuain i gCuan Fionn trá go dtí Com Dhíneol Dé Sathairn seo caite-aistear nach mór 12KM.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240908_IRISH_imscrudu_ar_dhiol_thiceid_oasis_curtha_ar_bun

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Sep 8, 2024 10:44


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2987jc49 Contact: irishlingos@gmail.com An investigation into the sale of Oasis tickets has been launched. Imscrúdú ar dhíol thicéid Oasis curtha ar bun. The CCPC, the Competition and Consumer Protection Commission, has launched an investigation into the sale of tickets for the Oasis concert by Ticketmaster last weekend. Tá imscrúdú curtha ar bun ag an CCPC, an Coimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí, faoi dhíol na dticéad do cheolchoirm Oasis ag Ticketmaster, an deireadh seachtain seo caite. The Commission says it has received more than 100 complaints about the sale of tickets and after reviewing those complaints an investigation has been launched. Deir an Coimisiún go bhfuil níos mó ná 100 gearán faighe acu faoi dhíol na dticéad agus tar éis na ngearán sin a athbhreithniú gur cuireadh an t-imscrúdú ar bun. "The CCPC has reviewed more than 100 contacts from consumers who are very disappointed and frustrated at what they have been put through when trying to buy tickets for Oasis concerts," said Brian McHugh, Chair of the CCPC. "Tá athbhreithniú déanta ag an CCPC ar níos mó ná 100 teagmháil ó thomhaltóirí a bhfuil an-díomá agus frustrachas orthu maidir lenar cuireadh orthu agus iad ar thóir ticéid a cheannach do cheolchoirmeacha Oasis," a dúirt Brian McHugh, Cathaoirleach an CCPC. "Although companies in Ireland are allowed to respond to market demand, there are legitimate concerns about how consumers have been treated and we have decided that a thorough investigation is needed, said Mr McHugh." "Cé go gceadaítear do chuideachtaí in Éirinn freagairt d'éileamh an mhargaidh, tá imní dlisteanach ann faoin gcaoi ar caitheadh le tomhaltóirí agus tá cinneadh déanta againn go bhfuil gá le himscrúdú domhain, a dúirt an tUas McHugh." "If it becomes clear that consumer protection laws have been breached, we will take action", he said on Saturday morning when tickets were sold for the two shows in Ireland at Oasis, which is reuniting with him. "Má thagann sé chun solais gur sáraíodh dlíthe cosanta tomhaltóirí, déanfaimid beart",a dúirt sé Máidin Dé Sathairn a cuireadh ticéid don dá sheó in Éirinn ag Oasis, atá ag teacht le chéile arís lena aghaidh. But fans soon turned to social media and other platforms to express frustration with the sales process, particularly the high prices being asked for some of the tickets for the Croke Park shows. Ach níorbh fhada gur iompaigh an lucht leanúna ar na meáin shóisialta agus ardáin eile chun frustrachas faoin bpróiseas díolacháin a chur in iúl, go háirithe na praghsanna arda a bhí á lorg do chuid de na ticéid do sheónna Pháirc an Chrócaigh. The CCPC said the commission was grateful to consumers who took the time to call or email our helpline to share their own story. Dúírt an CCPC go raibh an coimisiún buíoch de thomhaltóirí a thóg an t-am glaoch nó ríomhphost a chur ar ár líne chabhrach chun a scéal féin a roinnt leo. The CCPC also said that it would welcome written comments and any supporting material from consumers about how it was for them to buy tickets or try to buy a ticket for the Oasisi shows on the weekend of 31 August 2024. Dúirt an CCPC freisin go gcuirfí fáilte roimh thuairimí i scríbhinn agus aon ábhar tacaíochta ó thomhaltóirí faoi mar a bhí sé dóibh ticéid a cheannach nó iarracht a dhéanamh ticéad a cheannach do sheóanna Oasisi deireadh seachtaine an 31 Lúnasa 2024. The Commission said consumers can send this to the investigation team at CEDinvestigation@ccpc.ie. Dúirt an Coimisiún gur féidir le tomhaltóirí é seo a sheoladh chuig an bhfoireann imscrúdaithe ag CEDinvestigation@ccpc.ie.

Nuacht Mhall
7 Meán Fómhair 2024 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Sep 7, 2024 7:21


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis sin, cháin antuarascáil na comhlachtaí tógála a chuir cumhdach inlasta ar éadan Thúr Grenfell agus a mhaígh nach raibh dainséar ar bith ag baint leis. Fuair 72 duine bás sa Túr ar an 14Meitheamh 2017 sa tine ba mheasa a tharla sa Ríocht Aontaithe ón nDara Cogadh Domhanda. Thosnaigh an tine mar gheall ar fhadhb leictreach i gcuisneoir ar an gceathrú urlár agus ansan scaip sí go tapa de bharr an chumhdaigh ar éadan an fhoirgnimh. Labhair Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, leis na daoine a tháinig slán as an dtubaiste agus leteaghlaigh na n-íospartach agus gheall sé go ndéanfadh an rialtas dianstaidéar ar an dtuarascáil agus ar na moltaí atá ann chun cinnte a dhéanamh nach dtarlódh tragóid eile dáléithéid aríst.Cé go raibh gliondar an domhain ar lucht leanúna Oasis an tseachtain seo caite nuair a d'fhógraíodar go mbeidh siad ag teacht le chéile aríst chun dul ar camchuairt, níor lean anlúchair sin do chuid maith dóibh siúd nuair a chuaigh na ticéid ar díol maidin Dé Sathairn. Bhí díol na dticéad á bhainistiú ag Ticketmaster agus ag an bpoiblitheoir ceolchoirmeacha MCD ach theip ar go leor daoine ticéid a fháil tar éis scuainí fada, fadhbanna teicniúla aguspraghsanna arda nach raibh aon choinne acu leo. Mar shampla, dúradh roimh ré go mbeadh ticéid ar fháil ó €86 ach ó thús an díolacháin bhí sé deacair ticéad a fháil ar phraghas níos lú ná €400. Cháin an Tánaiste Mícheál Martin an straitéis phraghsála a bhí ag Ticketmaster agus tá seans ann go mbeidh fiosrúchán á dhéanamh ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí. Ach cibé rud go bhféadfadh teacht as an bhfiosrúchán san, is cosúil go mbeidh go leor daoine ag féachaint siar ar an ndeireadh seachtaine le fearg…Beidh Maratón Dhaingean Uí Chúis ar siúl in iarthar Leithinis Chorca Dhuibhne Dé Sathairn. Dé réir na n-eagraithe, níl maratón eile san oileán le radharcra níos áille ná an ceann so. Beidh maratón agus leathmharatón á rith ar an lá, agus tosnóidh an dá rás ag an Muiríne i nDaingean. Rachaidh na hiomaitheoirí siar i dtreo Cheann Trá agus ansin go DúnChaoin. Críochnóidh an leathmharatón ansin ach ní hea an scéal céanna do na hiomaitheoirí sa mharatón – beidh orthusan leanúint ar aghaidh ó thuaidh trí Bhaile an Fheirtéaraigh agus iad ag rith in aghaidh na mala. Ach is fiú an cruatan mar beidh radharcra iontach rompu agus iad ag dul isteach go dtí an Daingean aríst. Beidh ball de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain ag glacadh páirt sa mharatón, Aodhán Ó Cathail. "Is mise Aodhán Ó Cathail agus táim ag foghlaim Gaeilge i Londain le dhá bhliain go leith anois. Ag an deireadh seachtaine, rithfidh mé mo chéad mharatón sa Daingean i gContae Chiarraí. Tá súil agam go mbeidh gach rud go maith, agus táim ag tnúth go mór leis. Le cúnamh Dé piocfaidh mé suas cúpla focal ar an mbealach." Go n-éirí an t-ádh le hAodhán ag an ndeireadh seachtaine. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS faillí - neglect, negligence cumhdach - cladding camchuairt - tour straitéis phraghsála - pricing strategy radharcra - scenery in aghaidh na mala - against the slope

pr dc oasis ach aire ticketmaster dt tar bh keir starmer muir mcd grenfell gaeilge aodh mhe conradh beidh bhaile daingean chomh aontaithe inniu londain chonradh breataine d sathairn gcoimisi nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Richie Ó hEadhra - Ceoltóir agus duine de lucht leannta Oasis.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Sep 2, 2024 5:05


Bhí diomá ar na céadta míle do lucht leanúna an ghrúpa, Oasis maidin Dé Sathairn a bhí i scuaine ar shuíomh idirlíne Ticketmaster le ticéid a cheannacht do na coirmeacha ceoil a bheas an grúpa a dhéanamh an samhradh seo chugainn.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240824_IRISH_fear_maraithe_ag_bulai_xl_i_sasana

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Aug 24, 2024 6:36


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2995u3ln Contact: irishlingos@gmail.com Man killed by XL bully in England. Fear maraithe ag bulaí XL i Sasana. A 53-year-old man died after being attacked by an XL bully dog at his home in north-west England. Bhásaigh fear 53 bliain d'aois tar éis do mhadra den phór bulaí XL é a ionsaí ina theach cónaithe in iarthuaisceart Shasana. The body of David Daintree was found at the house in the town of Accrington yesterday afternoon. Fuarthas corp David Daintree sa teach i mbaile Accrington tráthnóna arú inné. The dog was his own. Ba leis féin an madra. The police shot and killed the dog on the member. Lámhach agus mharaigh na póilíní an madra ar an mball. XL bullies were banned in England last year except for people with an exemption certificate. Cuireadh cosc ar bhulaithe XL i Sasana anuraidh seachas i gcás daoine a bhfuil teastas díolúine acu. The story is in the public eye in Ireland on these lives as well. Tá an scéal i mbéal an phobail in Éirinn ar na saolta seo freisin. A one-year-old girl who was seriously injured when she was attacked by an XL bully in Co Kerry last Saturday evening is still being treated in hospital. Tá cóir leighis á cur san ospidéal i gcónaí ar chailín beag bliain d'aois a gortaíodh go dona nuair a d'ionsaigh bulaí XL í i gCo Chiarraí tráthnóna Dé Sathairn seo caite. A 23-year-old woman, Nicole Morey, died after being attacked by an XL bully at her home in Co Limerick two months ago. Bhásaigh bean 23 bliain d'aois, Nicole Morey, tar éis do bhulaí XL í a ionsaí ina teach cónaithe i gCo Luimnigh dhá mhí ó shin. The bully XL is a cross breed which is restricted in this State. Cros-phór atá sa bhulaí XL a bhfuil srianta ag baint leis sa Stát seo. The Government intends to further restrict it from 1 October and ban it completely from 1 February next year. Tá rún ag an Rialtas tuilleadh srianta a chur air ón 1 Deireadh Fómhair agus cosc iomlán a chur air ón 1 Feabhra an chéad bhliain eile. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240820_IRISH_cailin_beag_go_dona_tinn_tar_eis_do_bhulai_xl_i_a_ionsai

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Aug 20, 2024 6:52


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/258jzkka Contact: irishlingos@gmail.com Little girl seriously ill after being attacked by bully XL. Cailín beag go dona tinn tar éis do bhulaí XL í a ionsaí. A one-year-old girl who was seriously injured when she was attacked by a dog in Co Kerry last Saturday evening is being treated in hospital. Tá cóir leighis á cur san ospidéal ar chailín beag bliain d'aois a gortaíodh go dona nuair a d'ionsaigh madra í i gCo Chiarraí tráthnóna Dé Sathairn seo caite. The Gardai are investigating the disaster that happened in Leic Snámha in north Kerry. Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoin tubaiste a tharla i Leic Snámha i dtuaisceart Chiarraí. It is understood that the dog in question was an XL bully. Tuigtear gur bulaí XL an madra a bhí i gceist. The dog died after the attack. Básaíodh an madra i ndiaidh an ionsaithe. The bully XL is a cross breed which is restricted in this State. Cros-phór atá sa bhulaí XL a bhfuil srianta ag baint leis sa Stát seo. The Government intends to further restrict it from 1 October and ban it completely from 1 February next year. Tá rún ag an Rialtas tuilleadh srianta a chur air ón 1 Deireadh Fómhair agus cosc iomlán a chur air ón 1 Feabhra an chéad bhliain eile. The XL bully is already completely banned in the North and Britain. Tá cosc iomlán ar an mbulaí XL cheana féin sa Tuaisceart agus sa Bhreatain. The issue drew attention and outraged people when a 23-year-old woman, Nicole Morey, died after being attacked by an XL bully at her home in Fedamare in Co Limerick two months ago. Tarraingíodh aird ar an gceist agus cuireadh alltacht ar dhaoine nuair a bhásaigh bean 23 bliain d'aois, Nicole Morey, tar éis do bhulaí XL í a íonsaí ina teach cónaithe i bhFeadamair i gCo Luimnigh dhá mhí ó shin. In November 2022, a young boy, Alejandro Mizsan, was seriously injured when he was attacked by an XL bully while playing with his friends in a park in Enniscorthy in Co Wexford RTÉ News and Current Affairs I mí na Samhna 2022, bhain drochghortuithe do bhuachaill óg, Alejandro Mizsan, nuair a d'ionsaigh bulaí XL é agus é ag súgradh lena chairde i bpáirc in Inis Córthaidh i gCo Loch Garman Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240706_IRISH_80_eitilt_eile_curtha_ar_ceal_ag_aer_lingus

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jul 6, 2024 10:29


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29yegqnv Contact: irishlingos@gmail.com Another 80 flights canceled by Aer Lingus. 80 eitilt eile curtha ar ceal ag Aer Lingus. A further 80 flights have been canceled by Aer Lingus between Thursday 11 July and Sunday 14 July due to industrial action by the airline's pilots. Tá 80 eitilt eile curtha ar ceal ag Aer Lingus idir Déardaoin an 11 Iúil agus Dé Domhnaigh an 14 Iúil mar gheall ar an ngníomhaíocht thionsclaíoch atá ar bun ag píolótaí na haerlíne. Aer Lingus says the latest flights have been canceled in order to keep as many services running as possible. Deir Aer Lingus gur de ghrá an oiread seirbhísí agus is féidir a choinneáil ag imeacht a cuireadh na heitiltí is deireanaí ar ceal. Passengers are advised to check the company's website to find out which flights are involved. Moltar do phaisinéirí suíomh gréasáin an chomhlachta a cheadú lena fháil amach cé na heitiltí atá i gceist. The affected passengers can get their money back or book another flight. Is féidir leis na paisinéirí atá thíos leis a gcuid airgid a fháil ar ais nó eitilt eile a chur in áirithe. Yesterday, Aer Lingus announced that they had canceled 76 flights between Monday and next Wednesday, which is one of the 392 flights that had been canceled before. Arú inné, d'fhógair Aer Lingus go raibh 76 eitilt curtha ar ceal acu idir an Luan agus an Chéadaoin seo chugainn, sin i gceann na 392 eitilt a bhí curtha ar ceal roimhe sin. The Labor Court intervened yesterday afternoon in the dispute relating to a pay rise. Rinne an Chúirt Oibreachais idirghabháil tráthnóna arú inné san aighneas a bhaineann le hardú pá. The management and the pilots have presented their various cases to the Court and a settlement proposal is to be issued "in due course". Chuir an bhainistíocht agus na píolótaí a gcásanna éagsúla i láthair na Cúirte agus tá moladh réitigh le heisiúint "in am trátha". The pilots have been working according to regulation since Wednesday 26 June and went on strike for eight hours last Saturday. Tá na píolótaí ag oibriú de réir rialach ón gCéadaoin an 26 Meitheamh agus chuaigh siad ar stailc ar feadh ocht n-uaire an chloig Dé Sathairn seo caite. The pilots are demanding a 23.8% pay rise but management says the company cannot afford to give them. Tá ardú pá 23.8 faoin gcéad á éileamh ag na píolótaí ach deir an bhainistíocht nach bhfuil an comhlacht in acmhainn a thabhairt dóibh. If any pay rise is given to the pilots, management says, it will be in respect of changes in their working practices. Má thugtar aon ardú pá do na píolótaí, a deir an bhainistíocht, is in ómós athruithe ar a gcleachtais oibre a bheas sé. More productivity and looser rosters required by management. Breis táirgiúlachta agus uainchláir níos scaoilte a theastaíonn ón mbainistíocht. However, the pilots believe that they are entitled to a pay rise according to custom and according to the rate of inflation. Creideann na píolótaí, áfach, go bhfuil siad i dteideal ardú pá de réir gnáis agus de réir ráta an bhoilscithe. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

RTÉ - Iris Aniar
Pádraic Ó Fátharta, comórtas peile oileáin na hÉireann.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later May 23, 2024 3:26


Pádraic Ó Fátharta, comórtas peile oileáin na hÉireann ag labhairt faoin gcomórtas a bheas ar bun Dé Sathairn.

oile d sathairn
RTÉ - Iris Aniar
Ronán Ó Briain, bádóir.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later May 21, 2024 7:09


Ronán Ó Briain, bádóir ag labhairt faoi chraobh na hEorpa sna Flying 15s agus faoin gcomórtas a bheas acu sa Sruthán Dé Sathairn.

flying briain heorpa d sathairn
RTÉ - Iris Aniar
Máirtín Molloy, rothaí.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later May 9, 2024 4:35


Máirtín Molloy, rothaí ag labhairt faoin rothaíocht a bheas siad a dhéanamh Dé Sathairn ar mhaithe le Tigh Nan Dooley.

molloy d sathairn
RTÉ - Iris Aniar
John Beag Ó Flatharta, amhránaí.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later May 9, 2024 20:23


John Beag Ó Flatharta, amhránaí ag labhairt faoin dlúthdhiosca nua atá sé a sheoladh Dé Sathairn.

amhr beag d sathairn
RTÉ - Iris Aniar
Aoife Ní Chonghaile,Oifigeach Gaeilge ABC.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Apr 17, 2024 8:51


Aoife Ní Chonghaile,Oifigeach Gaeilge ABC ag labhairt faoin bplean teanga atá le seoladh Dé Sathairn.

aoife gaeilge d sathairn
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240313_IRISH_bruitineach_ar_phaisineir_eitleain,_an_triu_cas_sa_stat

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Mar 13, 2024 6:07


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/284uohsp Shop for Thai Pearls Contact: irishlingos@gmail.com Measles on an airplane passenger, the third case in the State. Bruitíneach ar phaisinéir eitleáin, an tríú cás sa Stát. The Health Service Executive has confirmed that there is a third case of measles in the State. Tá sé dearbhaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil an tríú cás den bhruitíneach sa Stát. It was revealed this afternoon that one of the passengers on a plane that arrived at Dublin Airport last Saturday morning had the disease. Tugadh le fios tráthnóna go raibh an galar ar dhuine de na paisinéirí a bhí ar eitleán a tháinig go hAerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin Dé Sathairn seo caite. It was an Etihad airline plane that came from Abu Dhabi. Eitleán le haerlíne Etihad a tháinig ó Abú Daibí a bhí i gceist. The Executive is now asking some of the passengers who were on that plane to contact the health authorities without delay. Tá an Fheidhmeannacht anois ag iarraidh ar roinnt de na paisinéirí a bhí ar an eitleán sin teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis sláinte gan mhoill. Passengers who are expecting a child, who is under twelve months old or who have another serious illness are the most worried about them. Paisinéirí atá ag súil le páiste, atá faoi dhá mhí dhéag nó a bhfuil drochthinneas eile orthu is mó a a bhfuiltear buartha fúthu. It was announced at the beginning of this month that a measles vaccine was to be offered to more than 300,000 people in the State. Fógraíodh i dtús na míosa seo go rabhthas le vacsaín in aghaidh na bruitíní a thairiscint do bhreis agus 300,000 duine sa Stát. It is expected that there will be an outbreak of measles in the country, especially since it was confirmed at the beginning of February that an adult died of the disease in the province of Leinster. Táthar faiteach go mbeidh ráig bhruitiní sa tír, go háirithe ó deimhníodh i dtús mhí Feabhra gur bhásaigh duine fásta leis an ngalar i gCúige Laighean. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Nuacht Mhall
9 Márta 2024 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 9, 2024 5:35


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 9ú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D'fhógair Nikki Haley go bhfuil sí ag éirí as an rás tar éis na torthaí tubaisteacha dá feachtas. Is cosúil nach mbeidh deacracht ar bith ag Trump an t-ainmniúchán don bPáirtí Poblachtánach a fháil anois agus mar sin beidh sé ag dul in aghaidh Joe Biden den ndara huair i mí na Samhna. Ní raibh teannas ar bith do Joe Biden ach oiread agus é gan chéile comhraic dáirire sa rás le haghaidh ainmniúchán nanDaonlathach. Vótáil muintir na hÉireann in dhá reifreann Dé hAoine, ceann amháin faoin dteaghlach agus an ceann eile faoi chúrsaí cúraim. Bhí an leasú i reifreann an teaghlaigh ag iarraidh athrú a dhéanamh ar an sainmhíniú atá ann faoi láthair, go háirithe nach mbeadh an teaghlach bunaithe ar an bpósadh amháin ach ‘ar chóngais bhuanfasacha' freisin. Bhí an reifreann cúraim ag iarraidh na tagairtí do dhualgais na mban sa bhaile a bhaint den mBunreacht agus aitheantasa thabhairt ina n-áit don gcúram sa teaghlach. Bhí gach páirtí mór sa Dáil ar son an dá leasú agus ní raibh ach Aontú agus cúpla Teachta Dála neamhspleách i gcoinne na leasuithe. Dúirt an Taoiseach i rith na seachtaine go raibh na torthaí idir dhá cheann na meá. Bhí an chuma ar an scéal maidin Dé Sathairn go ndiúltófaí an dá reifreann. Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge ar an gcéad lá de mhí an Mhárta agus bhí go leor Gaolainne le cloistint sa Dáil le linn na seachtaine. Thug 18 Teachta Dála ráiteas i nGaolainnDé Céadaoin, ach ní raibh ceannaire ar bith ó na páirtí i láthair. Labhair na Teachtaí Dála faoi na géarchéimeanna a bhaineann leis an teanga agus leis na ceantracha Gaeltachta. Ar an lá céanna, fógraíodh go mbeidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste in 2025. Ba é 1997 an uair dheireanach a bhí an tOireachtas cois Lagáin agus ní raibh sé sa Tuaisceart ó 2006. Bhí dea-scéala eile do chúrsaí Gaolainne le linn na seachtaine nuair a cuireadh an t-úrscéilín do dhaoine óga Inis Mara le Tristan Rosenstock ar liosta na leabhar do Lá Domhanda na Leabhar. Is é an chéad uair riamh a bhí leabhar i nGaolainn ar an liosta donaoisghrúpa idir 8-12 bliain d'aois. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réamhthoghcháin - primary elections feachtas - campaign sainmhíniú - definition leasuithe - amendments géarchéimeanna - crises cois Lagáin - Laganside

Nuacht Mhall
3 Feabhra 2024 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 3, 2024 5:49


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 3ú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dheimhnigh an DUP go bhfillfeadh siad thar n-ais ar Stormont an tseachtain seo tar éis margaidh a dhein siad le Rialtas na Breataine. Ní raibh forais Stormont ina seasamh le dhá bhliain anuas ó tharraing an DUP amach astu mar gheall ar an margadh trádála déanta idir Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach. Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh sé sásta go mbeadh “áit Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe sábháilte de bharr a bhfuil geallta ag Rialtas na Breataine”. De réir an mhargaidh nua, beidh níos lú seiceálachacustaim ar earraí a sheoltar ón mBreatain agus a choinnítear sa Tuaisceart. Is cosúil go dtiocfaidh feisirí Thionól Stormont le chéile Dé Sathairn agus go mbeidh Michelle O'Neill óShinn Féin ina Céad-Aire de bharr thorthaí an toghcháin dheireanaigh. Seo an chéad uair a bheidh náisiúnaí ina Chéad-Aire ó bunaíodh Tuaisceart Éireann. Tá sé deimhnithe ag an Aontas Eorpach €50 billiún breise a thabhairt don Úcráin tar éis cruinniú éigeandála sa Bhruiséil an tseachtain seo. Bhí Príomh-Aire na hUngáire, Viktor Orbán, i gcoinne níos mó tacaíochta a chur ar fáil don Úcráin roimh an Nollaig, ach d'athraigh sé a mheon le linn an chruinnithe. Ba chóir go mbeadh gach cinneadh déanta d'aon ghuth san Aontas Eorpach agus mar sin, bhí fíor-thábhachtacht ag baint le cinneadh Orbán. Beidh an t-airgead seo riachtanach don Úcráin chun a seirbhísí agus a geilleagar a choinneáil slán. Tá géarghá le maoiniú ag an Úcráin tar éis dhá bhliain ag troid in aghaidhfhórsaí na Rúise agus an méid díobhála atá déanta sa tír ó thosaigh an cogadh. Ceiliúradh Lá Fhéile Bríde (nó Imbolc) Déardaoin agus beidh lá saoire bainc in Éirinn Dé Luain, an dara huair riamh a bheidh lá saoire ann chun onóir a thabhairt don Naomh agus don mBandia. Bhí an Taoiseach Leo Varadkar sa Bhruiséil an tseachtain seo, áit ar bhuail sé le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola. Tar éis a gcruinnithe, scríobh Metsolateachtaireacht i nGaolainn ar na meáin shóisialta inar ghuigh sí beannachtaí na Féile Bríde ar mhuintir na hÉireann. Beidh roinnt imeachtaí ar siúl le linn an deireadh seachtaine chun ómós a dhéanamh do Bhríd: mar shampla, beidh mórshiúl i gCluain Dolcáin Dé Domhnaigh ina mbeidh daoine gléasta mar chleamairí agus mar Bhríd, an Naomh agus an Bandia págánach. Beidh oilithreacht go dtí Tobar Bhríde, atá suite sa cheantar chomh maith, ar an Luan. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS margadh trádála - trade deal Céad-Aire - First Minister cruinniú éigeandála - emergency meeting geilleagar - economy ómós - homage, respect cleamairí - strawboys, biddy boys, mummers

pr seo aire hung tar bh viktor orban orb dup luan gaeilge stormont roberta metsola nollaig taoiseach leo varadkar ceili bhr l fh conradh jeffrey donaldson beidh aontaithe inniu heorpa londain bhruis rialtas d domhnaigh breataine d luain d sathairn aontas eorpach nuacht mhall
RTÉ - An Saol ó Dheas
Louise Ní Mhuircheartaigh; Gradaim réaltóg agus sár imreoir na bliana bronnta uirthi istoíche Dé Sathairn i mBleá Cliath.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 20, 2023 8:33


Bronnadh dhá ghradam air Louise Ní Mhuircheartaigh ag Gradaim réaltóga peile na mban san ard chathair istoíche Dé Sathairn seo caite. Tá sí ana shásta leis na gradaim, agus í súil go gearr ná go mbeidh boinn ag teacht go Ciarraí.

RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas: Dé Luain 20 Samhain 2023.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 20, 2023 48:52


Carl Ó Flatharta; Dingle/Lispole/Fionntrá. Scéal na muintire i leabhar nua ó Charl. Pól Ruiséal; Trácht air Dhonnchadha de Barra a cailleadh air stailc ocrais i gcampa an Droichid Nua 100 bliain a dtaca seo. Louise Ní Mhuircheartaigh; Gradaim réaltóg agus sár imreoir na bliana bronnta uirthi istoíche Dé Sathairn i mBleá Cliath.

Nuacht Mhall
4 Samhain 2023 (An Dún)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 4, 2023 5:24


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí na Samhna. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tugann reachtaíocht nua a tháinig i bhfeidhm Dé Máirt cosaint dhlíthiúil don síneadh fada in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí i bPoblacht na hÉireann. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021, beidh an síneadh fada faoi chosaint dhlíthiúil anois in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí ar nós Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, comhairlí contae, ollscoileanna agus scoileanna. Beidh teidil roimh ainm duine roghnach fosta agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí, agus ceadófar “ainmneacha áitiúla” nó leasainmneacha a “idirdhealaíonn iad agus daoine aonair eile a bhfuil an t-ainm céanna orthu sa cheantar”. Tagann an fógra mar leasú ar an reachtaíocht atá thar téarma ach tá fáilte mhór roimhe. “Ba í seo an tsaincheist ar a bhfuair m'oifig an líon ba mhó gearán ina stair,” a dúirt Órla de Búrca ón rannóg gearán. Bhí Iúr Cinn Trá i gContae an Dúin tumtha in uisce tuilte nuair a phléasc canáil na cathrach a bruacha i measc báisteach throm thar oíche Dé Luain. Bhí na mílte gnóthas gafa sna tuilte, agus rinneadh damáiste forleathan d'fhoirgnimh, d'fheistis agus do stoc. Thug póilíní rabhadh do dhaoine fanacht amach as lár na cathrach agus tá na mílte málaí gainimh cruachta ar an chanáil chun iarracht a dhéanamh stop a chur le sruth i measc eagla roimh sháruithe breise. Thit píosa de bhallaí na canála isteach san uisce agus tá imní ar na húdaráis go bhféadfadh níos mó codanna éirí as sna laethanta amach romhainn. Bhuail an bháisteach ceantair eile in oirthuaisceart oileán na hÉireann go dona fosta thar oíche, agus tithe faoi uisce i gCamloch i gContae Ard Mhacha agus sa Chaisleán Nua i gContae an Dúin. Chuir tuilte isteach ar an phríomh-mhótarbhealach agus ar an líne traenach a nascann Béal Feirste agus Baile Átha Cliath Dé Máirt, rud a chuir isteach go mór ar thaistealaithe trasteorann. D'iarr peileadóir Learphoill Luis Diaz go scaoilfí saor a athair, ag tathant ar na fuadaitheóirí “é a shaoradh anois”. Bhí tuismitheoirí na réalta ag stáisiún peitril i mbaile Barrancas, in aice le teorainn na Colóime le Veiniséala, Dé Sathairn nuair a d'fhuadaigh fir armtha iad ar ghluaisrothair. Tarrtháladh máthair s'aige laistigh d'uaireanta an chloig i ndiaidh blocanna bóthair a bhunú - ach leanann an cuardach ar a athair Luis Manuel Diaz. D'eisigh an peileadóir an achainí trí phostáil Instagram oíche Dé Máirt - agus a mháthair agus baill eile den teaghlach ag glacadh páirt i bhfaireachán ag iarraidh go scaoilfí saor a ngaol. Tá patróil aer agus talún na bpóilíní ag cuardach foraoise i dtuaisceart na Colóime i measc eagla atá ag méadú go bhféadfadh athair Diaz a bheith smuigleáilte trasna na teorann isteach i Veiniséala. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS reachtaíocht - legislation thar téarma - overdue málaí gainimh - sandbags oirthuaisceart - the north-east fuadaitheóirí - kidnappers achainí - appeal

pr dm col diaz sl samhain bh baile thug gaeilge nua barrancas conradh beidh feirste samhna londain inniu tugann gcontae chuir d sathairn d luain nuacht mhall
Nuacht Mhall
28 Deireadh Fómhair 2023 (Ciarraí)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Oct 28, 2023 6:50


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 28 Deireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Beidh cluiche ceannais Chorn an Domhain sa Rugbaí ar siúl Dé Sathairn i Stade de France i bPáras, agus an Afraic Theas ag imirt i gcoinne na Nua-Shéalainne. Thug an Afraic Theas na cosa leo agus iad ag buachan ar Shasana le pointe amháin ag an gcluiche ceathrú ceannais agus bhuaigh an Nua-Shéalainn go bog ar an Airgintín. Beidh an dhá fhoireann ag iarraidh Corn Webb Ellis a bhuachan don cheathrú uair. Don Afraic Theas, is é seo an ceathrú uair dóibh áit sa Chluiche Ceannais a bhaint amach agus an cúigiú uair don Nua-Shéalainn. Baineadh cor coise astu i rith an chomórtais nuair a chaill an Nua-Shéalainn i gcoinne na Fraince agus chaill an Afraic Theas i gcoinne Éireann ach thángadar chucu féin go láidir arís. Leis an gcogadh ag tarlú sa Mheánoirthear idir Iosrael agus Hamas, dhein arm Iosrael an darna ruathar isteach go Gaza. Deirtear go bhfuil arm Iosrael ag ullmhú chun ionradh a dhéanamh ar réigiún atá faoi riail Hamas. Bhuail saighdiúirí coise agus aonaid innealtóireachta targaidí thar oíche in oirthear na cathrach. Deir údaráis Gaza go bhfuil os cionn 7,300 duine tar éis bás a fháil ó thosaigh an cogadh. Deir rialtas Iosrael gur maraíodh níos mó ná 1400 duine nuair a dhein Hamas ionsaí gan choinne ar Iosrael agus iad ag marú sibhialtach cóngarach don teorainn. Ceaptar go bhfuil 224 Iosraelach á choimeád i ngéibheann istigh in Gaza. Theith os cionn milliún Palaistíneach go dtí deisceart an stráice faoi ordú arm Iosrael. Agus na daoine sin atá sáinnithe i réigiún atá measartha beag tá eagla ann go mbeidh géarchéim dhaonnúil ann mar níl aon leictreachas nó uisce reatha ar fáil agus tá an bia ídithe i gcaitheamh na n-uaireanta. Tharla rud neamhghnách in Uisceadán Acla i gContae Maigh Eo. Bhí gliomach ailbíneach neamhchoitianta a d'athraigh ó bhán go gorm. Tá cónaí ar an ngliomach san uisceadán ó fuarthas é amach ón gcósta sé bliana ó shin. Tá cáil ar an ngliomach le turasóirí ag teacht chun féachaint air. Ainmníodh é Charlie i ndiaidh an iascaire Charlie O'Malley a rug air amuigh ó chósta Acla sa bhliain 2017. Le ceithre bliana anuas tá dath gorm ag teacht air. Ní mhaireann gliomaigh ailbíneacha ach idir trí agus cúig bliana mar feiceann creachadóirí go héasca iad. Deir Kevin Garvin a oibríonn san Uisceadán go raibh Charlie ina ghliomach fásta nuair a rugadh air agus mar sin bheadh sé ceithre bliana d'aois anois. De réir mar atá sé ag fás, gach 12 go 14 mí, cuireann sé a bhlaosc. Ansin tagann dath gorm níos láidre air. Dúirt tréidlianna a tháinig ar chuairt chun féachaint air go bhfuil sé an-neamhghnách go dtarlaíonn sé seo do ghliomach ailbíneach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS thug siad na cosa leo - they weathered the storm cor coise - setback ionradh - invasion géarchéim dhaonnúil - humanitarian crisis gliomach ailbíneach - albino lobster uisceadán - aquarium

france pr gaza hamas bp bh thug stade leis agus gaeilge deir ciarra mhe conradh beidh acla londain inniu deireadh f nua sh fraince d sathairn nuacht mhall
Nuacht Mhall
14 Deireadh Fómhair 2023 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Oct 14, 2023 5:21


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Rinne na míleataigh Ioslamacha Hamas ionsaí gan choinne ar Iosrael maidin Dé Sathairn seo caite, inar mharaigh siad breis agus míle dhá chéad duine, agus é seo á scríobh tráthnóna Dé Céadaoin. Sibhialtaigh ab ea iad an tromlach mór de na mairbh, le roinnt páistí agus seandaoine ina measc, agus níos mó ná dhá chéad seasca duine óg a bhí ag freastal ar fhéile cheoil. Dúirt Fórsaí Cosanta Iosrael gur mharaigh siad níos mó ná míle cúig chéad de na míleataigh Hamas san ionsaí. Mar fhrithbheart, d'fhógair rialtas Iosrael cogadh ar Hamas, agus d'fhógair siad léigear iomlán ar Stráice Gaza. Ghearr siad soláthar de bhia, uisce, leictreachas, leigheas, agus gach ní eile, mar chuid den léigear. Agus é seo á scríobh, bhí níos mó ná míle Palaistíneach maraithe taobh istigh de Gaza sa fhrithionsaí a rinne aerfhórsa Iosrael, agus bhí arm Iosrael ag bailiú taobh amuigh d'halla teorann Gaza, agus iad ag fáil réidh le hionsaí talún. In Éirinn, fógraíodh Buiséad 2024 Dé Máirt. I measc na mbeart, bunaíodh ciste bonneagair, aeráide agus nádúir, a bhfuil ar intinn ag an rialtas a mhaoiniú go bliantiúil le dhá bhilliún Euro go ceann seacht mbliana. Tá an ciste ann chun infheistiú a dhéanamh ar bhonneagar glas an stáit, agus bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim chomhshaoil, tar éis an Mheán Fómhair is teo riamh ó thús staire ar fud an domhain. Tá foireann rugbaí na hÉireann ag fáil réidh lena cluiche ceathrú ceannais sa Chorn Domhanda, i gcoinne Lán Dubha na Nua-Shéalainne. Ní dheachaigh aon fhoireann Éireannach níos faide ná an cluiche ceathrú ceannais riamh, acht an babhta seo, tá Éire ar bharr an rangaithe domhanda oifigiúil, tar éis sé bhua dhéag i mórchluichí i ndiaidh a chéile. Níor bhuaigh Éire i gcoinne na Nua-Shéalainne ar chor ar bith go dtí gur thug siad an lá leo i bPáirc an tSaighdiúra i Chicago in 2016; acht ón lá sin, bhuaigh Éire cúig as an ocht gcluiche a imríodh eatarthu. Ina measc, bhí bua i sraith mórchluichí sa Nua-Shéalainn féin. Rachaidh captaen na hÉireann, Johnny Sexton, ar scor ón rugbaí tar éis an chomórtais; agus beidh muintir na hÉireann uilig ag súil go dtreoróidh sé an fhoireann go bua stairiúil anocht i bPáras. Éire abú! * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS frithionsaí, frithbheart - counter-attack, counter-measure léigear - siege ciste - fund bonneagar - infrastructure rangú domhanda oifigiúil - official world ranking bua - victory

RTÉ - An Saol ó Dheas
Eoghan Ó Riada;Big Maggie i mBaile Mhúirne.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Oct 11, 2023 4:55


Beidh an dráma Big Maggie,le John B Keane ar stáite ag Aisteoirí Chois Fharraige,san Ionad Cultúrtha i mBaile Mhúirne istoíche Dé Sathairn.

eoghan riada beidh john b keane mbaile irne d sathairn
Nuacht Mhall
16 Meán Fómhair 2023 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Sep 16, 2023 5:09


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Tharla dhá thubaiste nádúrtha uafásacha i dtuaisceart na hAfraice an tseachtain seo caite. Tharla crith talún ar mhéid 6.9, ar a dtugtar 'foréigneach' ar scála déine Mercalli, i Maracó, 70 ciliméadar siar ó dheas ó Marrakesh, agus cailleadh 3,000 duine. Ba é an crith talún ba láidre a taifeadadh sa tír ó bhí 1960 ann. Ansin, taifeadadh an cioclón ba mharfaí riamh sa Mheánmhuir, Stoirm Daniel. Bhí tuilte in a lán tíortha sa réigiún ach tharla an tubaiste ba mheasa sa Libia nuair a cailleadh níos mó ná 10,000 duine sa chathair Derna ar chósta thoir na tíre. Tá géarchéim dhaonnúil ar siúl anois, agus an chathair druidte roimh shibhialtaigh ar eagla go scaipfí galar trí uisce éilithe. Tá seirbhísí éigeandála fós ag cuardach daoine a tháinig slán as an tubaiste. Tá Ceannaire Uachtarach na Cóire Thuaidh, Kim Jong-un, ar cuairt sa Rúis. Creidtear gur mhaith leis an Chreimil airm a cheannach don chogadh san Úcráin. Thaistil Kim Jong-un ar thraein speisialta philéardhíonach agus thug ceannairí an dá thír gunnaí dá chéile, mar aon le bronntanais eile, ar cruinniú mullaigh Dé Céadaoin. Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go gcuideodh an Rúis leis an Chóiré Thuaidh maidir le teicneolaíocht satailíte, rud a sháródh roinnt rún ó Chomhaile Slándála na Náisiún Aontaithe. Meastar go bhfuil 'cultas pearsan' ar siúl sa Chóiré Thuaidh, agus brú ar an phobal ollmheas a léiriú don Cheannaire Uachtarach agus na Ceananairí a tháinig roimhe: a athair, Kim Jong-il, agus a sheanathair, Kim Il-sung. Chuir foireann na hÉireann tús maith le Corn an Domhain sa Rugbaí an deireadh seachtaine seo caite nuair a fuair siad an bua ba mhó riamh ag Éirinn sa chomórtas seo. Scóráil an Rómáin úd go luath sa chéad leath ach d'fhreagair foireann na hÉireann le dhá úd déag; 82 pointe in aghaidh 8 bpointe an scór ag an deireadh. Fuair Johnny Sexton féin 24 phointe sa chluiche, agus anois tá níos mó pointí scóráilte aige ag Corn an Domhain ná aon imreoir Éireannach eile. Tá Sexton 38 mbliana d'aois, agus é ag teacht i dtreo dheireadh a ghairme imeartha, ach táthar ag súil go gcuideoidh sé le hÉirinn éacht a dhéanamh sa chomórtas seo. Tá Éire chun imeacht in aghaidh Tonga anocht, oíche Dé Sathairn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodcraolta. * GLUAIS scála déine Mercalli - Mercalli intensity scale géarchéim dhaonnúil - humanitarian crisis uisce éilithe - contaminated water ar thraein speisialta philéardhíonach - on a special bulletproof train roinnt rún ó Chomhaile Slándála na Náisiún Aontaithe - a number of UN Security Council resolutions úd - try (rugby)

RTÉ - An Saol ó Dheas
Máire Ní Dhuinnín; Léiriú Súgradh Teo

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 14, 2023 4:10


Seoaldh Inis Friotal san Ionad Cultúrtha Dé Sathairn an 16ú ar a 6.30 le muintir na háite a bhí páirteach sa togra. Beidh sé le feiscint ar TG4 amach anseo.

tg4 beidh d sathairn
RTÉ - Iris Aniar
Evan Ó Gríofa.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Sep 11, 2023 8:30


Labhair Paddy Ó Gríofa le Evan Ó Gríofa as Poll Uí Mhuirinn thall i Bordeaux tar éis cluiche na hÉireann Dé Sathairn.

bordeaux d sathairn
RTÉ - Adhmhaidin
Pacáiste Chill Chiaráin  agus Charna.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 23, 2023 7:05


Tá go leor míshástachta in Iorras Aithneach le Uisce Éireann a chuir fógra amach Dé Sathairn seo caite nach raibh cead an t-uisce i scéim Charna /Chill Chiaráin a ól, gan é fhiuchadh ar dtús. 

RTÉ - Iris Aniar
Sarah Calvey, Cathaoirleach Scoil Acla.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jul 19, 2023 8:15


Sarah Calvey, Cathaoirleach Scoil Acla a bheas ag tosú Dé Sathairn.

RTÉ - Adhmhaidin
Máirín Hurndall : Táchtaire ón bpobal Aontachtach.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 10, 2023 6:56


Sna 6 Chondae, tá na póilíní ag fiosrú clamhsáin faoi ghrianghraf den Taoiseach Leo Varadkar a lasadh ar thine cnámh i Maigh gCaiseal, in aice Dhún Geanainn i gCondae Thír Eoghain san oíche Dé Sathairn.

Nuacht Mhall
1 Iúil 2023 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jul 1, 2023 6:15


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Nochtadh an tseachtain seo caite gur íoc RTÉ €354,000 sa bhreis le Ryan Tubridy ó 2017 go 2022, méid nach raibh fógartha acu go poiblí. Dúirt Tubridy féin nach raibh sé ar an eolas faoi na híocaíochtaí. D'éirigh ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, as a post de bharr na conspóide agus, de réir RTÉ, ba ise an t-aon duine a bhí ar an eolas faoi na híocaíochtaí. Ach, le linn na seachtaine, d'admhaigh an Taoiseach Leo Varadkar nár chreid sé an méid atá á mhaíomh ag RTÉ. Tháinig tuairim is 200 fostaí de chuid RTÉ le chéile Dé Máirt chun agóid a dhéanamh agus a gcuid feirge a léiriú mar gheall ar na híocaíochtaí ceilte. Bhí baill de Bhord RTÉ agus de Bhord Feidhmiúcháin RTÉ os comhair lucht ceistiúcháin sa Dáil agus Seanad chun ceisteanna a fhreagairt. Tar éis di an cuntas a chloisint dúirt an tAire Catherine Martin go raibhsé soiléir go raibh teip thubaisteach rialachais ag ard-leibhéail bhainistíochta san eagraíocht. Dhein fórsaí gallóglach Wagner ceannairc Dé Sathairn i gcoinne stát na Rúise. Níor mhair an cheannairc ach lá amháin sular stopadar a dturas go Moscó. Le linn an lae, ghlac na fórsaí seilbh ar an mbunáit a bhí ag Arm na Rúise i Rostov-ar-an-Don agus chonacthas iad 200km ó Mhoscó nuair a stopadh an cheannairc. Ba é an dúshlán is mó i gcoinne Putin le linn a cheannaireachta. Tá Yevgeny Prigozhin – ceannasaí fhórsaí Wagner – ar deoraíocht san Bhealarúis anois. Mhaígh sé nach raibh coup d'état i gceist ach agóid chun a mhíshásamh leceannairí an airm a léiriú. Bhí an Grúpa Wagner ag troid ar son na Rúise san Úcráin agus bhí buanna móra acu, go háirithe i mBakhmut, ach tá siad freagach as coireanna cogaidh chomh maith, de réir roinnt tuairiscí. Phléasc círéibeacha ar fud na Fraince oíche an tseachtaine seo tar éis marú ógánaigh darb ainm Nahel M. i gcathair Nanterre, gar do Pháras. Scaoileadh an fear óg nuair a stop na póilíní é. Dúirt na póilíní ar dtús gur scaoileadar é toisc go raibh sé ag tiomáint ina gcoinne, ach tháinig sé chun solais nach raibh an cuntas sin fíor ó fhíseán den eachtra a uaslódáladh ar na meáin shóisialta. Tá an póilín a scaoil an fear óg á fhiosrú anois. Tuairiscíodh clampar i gcathracha áirithe sa Fhrainc le linn na seachtaine. Cuireadh carranna agus foirgnimh trí thine agus chaith agóideoirí tinte ealaíne in aghaidh na bpóilíní. Bhí an fear óg de bhunús Afraic Thuaidh, rud a chuireann leis an éagóir a mhothaíonn na hagóideoirí. Gabhadh na céadta duine agus cháin Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, an foréigean. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS íocaíochtaí ceilte - secret payments teip thubaisteach rialachais - a disastrous failure of governance fórsaí gallóglach - mercenary forces ceannairc - mutiny círéibeacha - riots tinte ealaíne - fireworks

RTÉ - Iris Aniar
Ultan Macken, Uachtar Ard

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Apr 19, 2023 13:19


Beidh Ultan i mbun seó aonair "A Wonderful Life" in Uachtar Ard Dé hAoine 21ú Lá agus Dé Sathairn 22ú lá faoina shaol féin

RTÉ - Adhmhaidin
Patrick O'Donovan, Aire Stáit na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 3, 2023 5:06


Dea-scéal is ea é go bhfuil leithris oscailte don bpobal ar an mBlascaod Mór ó cuireadh tús le biaiste na turasóireachta ar an oileán Dé Sathairn seo caite. Labhair an tAire Stáit Gaeltachta agus ar a bhfuil cúraimí Oifig na nOibreacha Poiblí Patrick O'Donovan faoin scéal sin, agus a thuilleadh, le Sláine Ní Chathalláin.

dea sl patrick o gaeltachta labhair patrick o'donovan aire st d sathairn n chathall
Bladhaire - RTÉ
Diarmaid Carney - Iománaí le foireann an Chabháin

Bladhaire - RTÉ

Play Episode Listen Later Mar 31, 2023 6:47


ag imirt le foireann an Chabháin a bhéas ag dul chun páirce i gcoinne Liatroma i gcluiche ceannais Dé Sathairn

carney diarmaid d sathairn
RTÉ - Adhmhaidin
Theo Dorgan, File agus Údar.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 6, 2023 4:26


Léiríodh an scannán ‘An Buachaill Gealgháireach' ag féile scannáin faisnéise idirnáisiúnta Thessaloniki sa nGréig Dé Sathairn. Tá sé fógraithe ar maidin go bhfuil ainmniúchán faighte ag 'An Buachaill Ghealgháireach' don Sainchlár Fíorasach is fearr sna Gradaim Theilifíse RTS.

Nuacht Mhall
4 Feabhra 2023 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 4, 2023 5:49


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá an pobal Meiriceánach Afracach ag caoineadh marú eile de chuid na bpóilíní nuair a tháinig físeán chun solais ina bhfuair Tyre Nichols bás. Ar an seachtú lá de mhí Eanáir, stopadh Nichols agus é ag tiomáint abhaile in Memphis. Dúirt na póilíní go raibh Nichols ag tiomáint go contúirteach ach níl aon fhianaise ann go raibh sé. San fhíseán, is féidir a fheiceáil gur thosaigh cúigear póilíní ag greadadh Nichols ar feadh trí nóiméad. Tógadh Nichols go dtí an t-ospidéal ach fuair sé bás trí lá ina dhiaidh. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Eanáir, chuir an Rannóg Póilíneachta in Memphis físeán den eachtra amach agus chaill an cúigear a bpost. Spreag an eachtra díospóireacht faoi bhrúidiúlacht na bpóilíní arís i Meiriceá. Bhí agóidí ar siúl ar fud na tíre an tseachtain seo caite agus rinne an tUachtarán Joe Biden achainí ar son na síochána. Den chéad uair i stair stáit na hÉireann, beidh lá saoire bainc in ómós do Naomh Bríd Dé Luain seo chugainn. Is é an chéad lá saoire bainc atá ann in Éirinn chun comóradh a dhéanamh ar bhean. Dúirt an Rialtas go dtabharfaidh an lá saoire seans dúinn ról na mban i stair na hÉireann a chéiliúradh. Tá roinnt scéalta faoi Bhríd mar gheall ar na míorúiltí a rinne sí, de réir an traidisiúin Chaitlicigh, ach tá Bríd ceangailte leis an bpágántacht chomh maith. Tá a lán daoine den thuairim go raibh Bríd ina bandia sula raibh sí ina naomh Críostaí. I miotaseolaíocht na gCeilteach, bhí Bríd mar bhandia an leighis, na tine, agus na filíochta. Tugadh an t-ainm ‘Imbolc' ar an gcéad lá den Earrach sa traidisiún Ceilteach. D'ordaigh Cumann Lúthchleas Gael an cluiche ceannais idir Crócaigh Chill Mochuda agus an Gleann i gcomórtas peile na gclubanna a athimirt. Bhuaigh na Crócaigh an cluiche coicís ó shin le dhá chúilín, ach thosaigh an chonspóid díreach i ndiaidh an chluiche nuair a tugadh faoi deara go raibh seisear déag imreoirí de chuid na gCrócach ar an bpáirc ar feadh cúpla nóiméad ag deireadh an chluiche. Nuair a thuig na Crócaigh a mbotún, bhain siad an t-imreoir breise as an bpáirc, ach rinne an Gleann gearán oifigiúil le Cumann Lúthchleas Gael. Tháinig cor eile sa scéal oíche Dé Domhnaigh, áfach, nuair a d'éirigh an Gleann as an bpróiseas achomhairc. I dtuairisc eile spóirt, beidh Comórtas na Sé Náisiún ag atosú ag an deireadh seachtaine. Tá Éire ag barr an rangaithe faoi láthair agus tá a gcéad chluiche in aghaidh na Breataine Bige ar siúl Dé Sathairn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS brúidiúlacht na bpóilíní - police brutality achainí - plea ómós - homage míorúiltí - miracles conspóid - controversy barr an rangaithe - top of the ranking

pr joe biden nichols sn tyre nichols bh imbolc rann ean gaeilge gcr bhr conradh nuair meirice londain inniu rialtas tuachtar d domhnaigh d sathairn d luain nuacht mhall
Nuacht Mhall
28 Eanáir 2023 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 28, 2023 5:23


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá cinniúint déanta ag an Ghearmáin le 14 tanc Leopard 2 a sheoladh chuig an Úcráin agus tá sé mar phlean ag na Stáit Aontaithe 31 Abrams a sheoladh sna míonna atá amach romhainn. Thug an Ghearmáin cead do thíortha Eorpacha eile a dtancanna Gearmánacha a sheoladh chuig an Úcráin. Déardaoin, dhá lá i ndiaidh an fhógra, rinne an Rúis ionsaí toinne diúracán ar 35 foirgneamh san Úcráin, inar maraíodh 11 duine agus gortaíodh 11 duine, dar leis an tseirbhís éigeandála stáit. Ó chuir an Rúis tús leis an ionradh i mí Feabhra anuraidh, tá trealamh míleata tugtha don Úcráin ag níos mó ná 30 tír. Rugadh ar bheirt phríosúnach a bhí ar a dteitheadh ó Sheirbhís Phríosúin Thuaisceart Éireann agus iad ar saoradh sealadach ón phríosún. Gabhadh Alison McDonagh, atá 49 bliain d'aois, and agus Stephen McParland, 54 bliain d'aois, i gceantar an Iúir tráthnóna Déardaoin. B'é Stáisiún Traenach Lanyon Place i mBéal Feirste an áit dheireanach inar chonacthas iad sular imigh siad tráthnóna Dé Sathairn. De réir na Roinne Dlí, bhí McDonagh ar scéim réamhshaortha agus bhí McParland ar thástáil réamhshaortha. Is dúnmharfóirí ciontaithe an bheirt acu. Fuarthas McDonagh ciontach sa bhliain 2006 (dhá mhíle is a sé) agus cuireadh McParland i bpríosún in 1998. Tháinig dea-scéal as Los Angeles le linn na seachtaine, nuair a ainmníodh aisteoirí, scannáin, stiúrthóirí Éireannacha do ghradaim Oscar. Is é An Cailín Ciúin an chéad scannán Gaeilge riamh a bhfuil an deis seo aige, agus é ainmnithe sa chatagóir don phríomhscannán idirnáisiúnta is fearr. Dúirt an scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad, agus léiritheoir an scannáin, Cleona Ní Chrualaoi gur “lá dár saol” a bhí ann agus gur mór an onóir é. Fuair an scannán 'The Banshees of Inisherin' naoi n-ainmniúchán:scannán is fearr, stiúrthóir is fearr agus bunscript scannáin is fearr; aisteoir is fearr, agus aisteoirí tacaíochta is fearr. Tá ‘An Irish Goodbye', scannán ó Thuaisceart Éireann, ainmnithe sa chatagóir don Gearrscannán Beo-Aicsin is fearr. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS diúracán - missile trealamh míleata - military equipment saoradh - release dúnmharfóirí ciontaithe - convicted murderers bunscript scannáin - original screenplay gearrscannán beo-aicsin - live-action short film