POPULARITY
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ank5lhk Contact: irishlingos@gmail.com Children's hospital: completion date postponed 14 times from 2020. Ospidéal leanaí: dáta críochnaithe curtha siar 14 uair ó 2020. The completion date of the new children's hospital has been pushed back fourteen times by four years by building contractors BAM, the Joint Oireachtas Committee for Health was told today. Tá dáta críochnaithe an ospidéil nua leanaí curtha siar ceithre huaire dhéag le ceithre bliana ag na conraitheoirí tógála BAM, a dúradh leis an gComhchoiste Oireachtais um Sláinte inniu. Speaking before the committee, the chief executive of the hospital's board, David Gunning, said that BAM now thinks the hospital will be completed by June next year, which is 31 months later than last indicated. the issue was discussed with the company. Ag labhairt dó i láthair an choiste, dúirt príomhfheidhmeannach bhord an ospidéil, David Gunning, go gceapann BAM anois go mbeidh an t-ospidéal críochnaithe faoi Mheitheamh na bliana seo chugainn, sin 31 mí níos moille ná mar a tugadh le fios an uair dheireanach a pléadh an cheist leis an gcomhlacht. David Gunning claimed this was not good enough and said the board could not accept the endless postponement. Mhaígh David Gunning nach raibh seo maith go leor agus dúirt nach bhféadfadh an bord glacadh leis an gcur siar gan deireadh. He admitted, however, that there was no contractual arrangement regarding a completion date set out in writing and he did not provide any information about what the board intended to do to resolve the problem. D'admhaigh sé, áfach, nach raibh socrú conarthach maidir le dáta críochnaithe leagtha amach i scríbhinn agus níor thug sé aon eolas faoi cad a bhí ar intinn ag an mbord a dhéanamh chun an fhadhb a réiteach. David Gunning informed the committee that the Government allocated a capital budget of €1.88 billion for the hospital last February and confirmed that a total of €1.478 billion had been spent on the project to date, including value added tax. Thug David Gunning le fios don choiste gur lamháil an Rialtas buiséad caipitil de €1.88 billiún le haghaidh an ospidéil i mí Feabhra seo caite agus dhearbhaigh gur caitheadh €1.478 billiún san iomlán ar an togra go dtí seo, cáin bhreisluacha san áireamh. The quality and timeliness of the construction and fitting out work at the hospital is being questioned. Tá amhras á chaitheamh le hatha ar fheabhas agus ar thráthúlacht na hoibre tógála agus feistiúcháin san ospidéal. Despite this, BAM said yesterday that the company was committed to completing the hospital "as soon as possible for the children of Ireland". Ina ainneoin sin, dúirt BAM inné go raibh an comhlacht geallmhar ar an ospidéal a chríochnú "a luaithe ab fhéidir ar son leanaí na hÉireann". According to Sinn Féin's health spokesperson, David Cullinane, different parties are ready to blame each other for the delay and asked both the hospital board and BAM to loosen this knot. Dar le hurlabhraí sláinte Shinn Féin, David Cullinane, gur réidh ó dhreamanna éagsúla an milleán faoin moill a chur ar a chéile agus d'iarr ar bhord an ospidéil agus ar BAM araon an tsnaidhm seo a scaoileadh. He also claimed that the Government was sending the pooch from their own house because they only had the foal part of the lattice and that they had no responsibility for the whole inefficiency. Mhaígh sé freisin go raibh an Rialtas ag cur an phúca óna dteach féin i leith is nach raibh acu ach cuid an tsearraigh den chléith agus nach raibh aon fhreagracht orthu as an mí-éifeacht ar fad. It must also be taken into account, said David Cullinane, that it was Taoiseach Simon Harris who signed the "flawed" contract with BAM on the first occasion when he was Minister for Health. Ní mór a chur san áireamh chomh maith, arsa David Cullinane, gurbh é an Taoiseach Simon Harris a shínigh an conradh "lochtach" l...
Ar an 7ú Mheitheamh, beidh deis ag pobal na hÉireann vótaí a chaitheamh sna toghcháin áitiúla agus Eorpach. Tá líon mór iarrthóirí ainmnithe sna toghcháin Eorpach ach níl ach 14 shuíochán ar fáil sa chás seo. Labhair Ciarán Dunbar leis na hiriseoirí John Downing agus Áine Ní Bhreisleáin faoin dá toghcheantar taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Foclóir: Toghcheantar - constituency Canbhás - canvas Bruachbhaile - suburb Inimirce – immigration Stocaireacht - lobbying Iarrthóir - candidate Tithíocht - housing Fealsúnacht - philosophy Bileoga - leaflets Buille faoi thuairim - guess Go rialta - regularly Fear gnó - business man Ionadaíocht - representation Conspóideach - controversial Neamhspleách - independent Deighilt - divisionSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Darrán Ó Droma,Sylvester Ó Muirí,Elaine Hanlon,Rhoda Jennings, Gráinne Ní Fhoghlú,Pat Devereaux; ag ullmhú do shnámh Heilbhic a reachtálfar ar an 20ú lá do Mheitheamh.
Beidh siúlóid treoraithe trí lá ar Shlí Cholmcille ar siúl i dTír Chonaill i mí Mheitheamh. Beidh an siúlóid ag díriú ar oileán Thoraigh, Gleann Cholm Cille agus ar Ghartán, agus beidh sé ar siúl ón 7ú lá go dtí'n 9ú lá de mhí Mheitheamh.
Té sé lena ainm a chur chun cinn le seasamh mar iarraitheoir néamhspléach sna toghcháin áitiúla a bheidh ann i mí an Mheitheamh seo chugainn.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2bfwesz4 Contact: irishlingos@gmail.com "25% of primary school students have been cyber bullied" - survey. "Cibearbhulaíocht déanta ar 25 faoin gcéad de dhaltaí bunscoile" - suirbhé. Over 25% of primary school pupils and 40% of secondary school pupils have been cyber bullied, according to a survey carried out by the online safety charity CyberSafeKids. Tá cibearbhulaíocht déanta ar os cionn 25 faoin gcéad de dhaltaí bunscoile agus ar 40 faoin gcéad de dhaltaí scoile dara leibhéal, de réir suirbhé atá déanta ag an gcarthanas sábháilteachta ar líne CyberSafeKids. Some of the children the charity spoke to said, for example, that pictures of them had been published online without permission, fake profiles had been created and they had been kept out of chat groups. Dúirt roinnt de na páistí ar labhair an carthanas leo, cuir i gcás, gur foilsíodh pictiúir díobh ar líne gan chead, gur cruthaíodh próifílí bréige díobh agus gur coinníodh amach as grúpaí comhrá iad. According to the research, this type of bullying is mostly done to girls, rather than boys. Is ar chailíní is mó, seachas buachaillí, a dhéantar an cineál seo bulaíochta, de réir an taighde. 50% of primary school pupils let an adult – a parent or teacher – know, compared to 39% of second level pupils. Lig 50 faoin gcéad de dhaltaí bunscoile an scéal le duine fásta – tuismitheoir nó múinteoir – le hais 39 faoin gcéad de dhaltaí dara leibhéal. Between a quarter and a third of children, they did not let anyone know, however. Níor lig idir an ceathrú cuid agus an tríú cuid de leanaí, níor lig siad an scéal do dhuine ar bith, ámh. About 5,000 young people between the ages of eight and sixteen were asked between September 2022 and June 2023 about the opinion of the research. Ceistíodh thart ar 5,000 duine óg idir ocht mbliana d'aois agus sé bliana déag idir Mheán Fómhair 2022 agus Mheitheamh 2023 faoi thuairim an taighde. It shows that 93% of children between the ages of eight and twelve have their own smart device and that the most popular apps are YouTube, WhatsApp, TikTok, and Snapchat. Léirítear ann go bhfuil a ngléas cliste féin ag 93 faoin gcéad de leanaí idir ocht mbliana agus dhá bhliain déag agus gurb iad YouTube, WhatsApp, TikTok, agus Snapchat na haipeanna is mó a bhfuil tóir acu orthu. It is reported that online gaming is also very popular with young people and that 15% of them play games for adults, such as Call of Duty and Grand Theft Auto. Tuairiscítear go bhfuil an-tóir ag na daoine óga ar chluichíocht ar líne freisin agus go n- imríonn 15 faoin gcéad acu cluichí le haghaidh daoine fásta, leithéidí Call of Duty agus Grand Theft Auto. These games are mostly played by boys but it is more common for young girls to post videos of themselves online. Buachaillí is mó a imríonn na cluichí seo ach is coitianta ag cailíní óga físeáin díobh féin a phostáil ar líne. Almost 75% of children between the ages of twelve and sixteen said they can go online whenever they want. Dúirt beagnach 75 faoin gcéad de pháistí idir dhá bhliain déag agus sé bliana déag gur féidir leo dul ar líne aon uair is mian leo. Speaking on RTÉ, Alex Cooney from CyberSafeKids claimed that social media companies are not doing half enough to protect young people (from cyberbullying and hateful content). Ag labhairt di ar RTÉ, mhaígh Alex Cooney ó CyberSafeKids nach bhfuil comhlachtaí meán sóisialta ag déanamh leath a ndóthain le daoine óga a chosaint (ar chibearbhuaíocht agus ar ábhar gránna). She also indicated that she would be keeping an eye on the approach taken by the Online Safety Commissioner towards these companies. Thug sí le fios freisin go mbeadh sí ag conneáil súil ar an gcur chuige a bheas ag an gCoimisinéir Sábháilteachta ar Líne i leith na gcomhlachtaí sin. In response to this, Minister of State Ossian Smyth suggested that the resources now existed...
Oscaileofar seomraí nua bhunscoil na Rinne ar an 16ú lá do Mheitheamh. Ceadaíodh na seomraí breise cúig mbliana ó shoin,ach is do réir a chéile a tógtar na caisleáin.
Beidh an chéad pharáid “Bród” maidir le cearta dhaoine aeracha ag tarlú i nDún na nGall De Domhnaigh seo, an cúigiú lá de Mheitheamh in Inis Eoghain.
Rinneadh plé inné ar leasaithe ar Acht Chinnteoireacht Chuidithe a bheas le cur i gcrích faoi mhí Mheitheamh i mbliana. Bhí deis ag ionadaithe ón Ionad um Dhlí agus Beartas Míchumais, OÉ, Gaillimh labhairt ag cruinniú den Chomhchoiste um Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánphairtíocht agus Óige inné.
Beidh an tAthair Pádraig Steve Ó Neachtain as an gCré Dhubh sa Spidéal ag ceiliúradh leath chéad bliain ina shagart Dé Domhnaigh an seachtú lá fichead do Mheitheamh.
Labhraíonn Seán Mac Risteaird le Seán faoi Dána, seimineár ar líne a bheidh ar siúl ar an 18ú agus 25ú de Mheitheamh, le Fiontar agus Scoil na Gaeilge DCU. Insíonn Seán dúinn faoina chuid oibre mar ollamh cúnta le DCU, an taighde agus na foilseacháin atá déanta aige, a PhD ar shaothar liteartha Mhichíl Uí Chonghaile agus Cathal Uí Shearcaigh, an méid atá ar siúl aige le Sealbhú agus go leor leor eile.
Ta togra úr ceoil aici “Bubble Border” a bhéas le feiceáil ag imeacht ar líne ag Kaleidoscope night, ar an dara lá de Mheitheamh.
Tá sé deimhnithe ag an nGarda Síochána go mbeidh tuilleadh cuardaithe ar bun acu sna laethanta amach romhainn, féachaint le theacht ar eolas faoi Bhairbre Bhreathnach as Roisín na Mainiach i gCarna atá ar iarraidh ón 22 de Mheitheamh 1985.
Tá na tithe pobail le foscail d'aifrinn ón 29ú lá de Mheitheamh .
Maireann séasúr na Spéirligí i Meiriceá Thuaidh ó Mheitheamh go Samhain, mar sin an mhí seo beidh muid ag foghlaim faoi spéirlingí.
Maireann séasúr na Spéirligí i Meiriceá Thuaidh ó Mheitheamh go Samhain, mar sin an mhí seo beidh muid ag foghlaim faoi spéirlingí. An raibh a fhios agat gur ón Afraic a thagann thart ar 70% de na spéirlingí a théann i bhfeidhm ar na Stáit Aontaithe ó dheas agus in oirthear na hAfraice, nó nach iad na gaotha láidre an chuid is contúirtí de? Sa chlár seo gheobhaidh tú amach níos mó faoi seo, chomh maith leis na comhábhair a caitheadh bheith ann le haghaidh Spéirling a fhoirmiú, áit a bhfaigheann tú na gaotha is láidre i spéirling, cén fáth a n-eitiltíonn eitleáin isteach i spéirlingí san Ionad Náisiúnta Spéirling agus cad é an bhagairt is mó uaidh(ní gaoithe agus ní báisteach é). Déanaimid tagairt freisin air spéirlingí Katrina, agus Ophelia, déanaimid plé ar cén bhealach a féidir spéirlingí dul i bhfeidhm ar Éirinn agus ar an gcaoi a dtéann athrú aeráide i bhfeidhm ar ár n-aeráid anois agus amach anseo.
Ar an gclár seo, chualamar ó Mhaidhc Ó Riabhaigh as Learpholl faoin Reifreann a bheas ar siúl sa Bhreatain Mhór mí Mheitheamh ina vótálfaidh muintir na Breataine le fanacht in nó le himeacht as Aontas Eorpach nó an #Brexit mar is fearr aithne air sna meáin. Chomh maith leis sin chualamar ó Maeve Ní Chillín i mBeirlín atá ag obair le Conradh na Gaeilge Bheirlín faoi chuairt a thug Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide ar an gcathair agus ar mhuintir an Chonartha ansin le déanaí, agus faoin méid atá ar siúl d'Fhéile Naomh Phádraig ansin.