Podcasts about seachtain

Irish daily newspaper

  • 82PODCASTS
  • 254EPISODES
  • 21mAVG DURATION
  • 1WEEKLY EPISODE
  • Jun 18, 2026LATEST
seachtain

POPULARITY

20192020202120222023202420252026


Best podcasts about seachtain

Latest podcast episodes about seachtain

Seachtain
Gaeltacht Loch Garman: When was Irish spoken in Wexford?

Seachtain

Play Episode Listen Later Jun 18, 2026 22:22


Is dúiche Éireannach a chaith beagnach trí chéad bliana faoi thionchar na Lochlannach é Loch Garman. Sa bhliain 1170 tháinig na hAngla-Normannaigh chuig an chontae agus d'fhág lorg ann a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann – an Béarla, cuir i gcás. Ní nach ionadh, glactar leis go minic, sa stairseanchas, agus sa stair scríofa ag an lucht léinn gur contae gallda amach is amach a bhí ann ó shin. Contae is ea é nach samhlaítear le Gaeltacht nó leis an nGaeilge. Léiríonn taighde gurbh ann do na Gaeil agus a dteanga sa chontae i gcónaí áfach. Labhair Ciarán Dunbar leis an Dr Conchubhar Ó Crualaoich, Príomhoifigeach Logainmneacha leis an mBrainse Logainmneach, comh-údar Gaelic Wexford: 1400 – 1660, agus thar rud ar bith eile, fear de bhunadh Bhaile Loch Garman. Sa chéad eagrán eile den phodchraoladh seo, gheobhaidh muid amach faoi cén chineál Gaeilge a bhíodh á labhairt, i nGaeltacht Loch Garman. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

Seachtain
‘No Irish need apply': Scéal na nÉireannach i Sasana

Seachtain

Play Episode Listen Later Jun 11, 2026 25:58


Ó Learphoill go cathair Londain - is fada scéal an imirce go Sasana. Leis an glúnta, chuir easpa deiseanna sa tír seo iachall ar dhaoine imeacht, agus ba í an Bhreatain an chéad stad do cuid mhaith acu agus iad ag cuartú saol níos fearr dóibh féin. Le linn an chéad seo caite, bhí na hÉireannaigh ag croílár tionscadail tógála sa Bhreatain, ach taobh leis an obair sin, bhí leithcheal, imeallú agus droch-chlú a lean iad ar feadh i bhfad. Mar sin, cén tionchar a bhí ag an imeallú seo ar na pobail Éireannacha ar fud na Breataine? Agus cén chuma a bhí ar an saol i ndáiríre dóibh siúd a rinne an turas trasna Mhuir Éireann? Tá taispeantas nua san Epic Museum i mBaile Átha Cliath a dhéanann iniúchadh ar na ceisteanna seo agus ar scéal na n-imirceach i Sasana. Chun an stair seo a fhiosrú, labhair Seachtain leis an staraí eacnamaíochta Cormac Ó Gráda - duine acu siúd atá taobh thiar den taighde don taispeantas seo - le súil siar a chaitheamh ar shaol na nÉireannach i Sasana. Foclóir: An Réabhlóid Thionsclaíoch: Industrial revolution Táille: Fee An chosmhuintir: The common people Spáilpíní: Nomadic farmworkers Díspeag: Belittle Coitianta: Common Éirimiúil: Intelligent Ag toraíocht: Searching Achrann: Dispute Sloinnte: Surnames Meán: Average Maoiniú: Financing Eachtrannaigh: Foreigners Bhí fonn orthu: They were keen to Todhchaí: Future Ag maolú: Petering out Naimhdeas: Animosity Sofheicthe: Visible Léirsithe: Demonstrations Inimirce: Immigration Ganntanas oibrithe: A lack of workers See omnystudio.com/listener for privacy information.

irish industrial leis nomadic chun agus alna seachtain cliath mbaile focl sasana londain breataine bhreatain cormac gr
Seachtain
Dáithí Ó Sé: ‘A Blasket Island boatman was the best job I ever had!'

Seachtain

Play Episode Listen Later May 28, 2026 24:31


Is cloch mhíle mhór í caoga bliain d'aois - fágann duine slán le ré amháin, agus cuireann sé tús le ré nua. ­ Ach ní hionann “caoga” an lae inniu agus an chiall a ba leis do na glúnta eile a tháinig romhainn. ­ Agus is fíor é sin, go háirithe i gcás Dháithí Uí Shé, agus a bhreithlá mór féin ag teannadh leis. ­ Le beagnach Tríocha bliain caite aige ar an scáileán teilifíse, is beag duine in Éirinn nach bhfuil aithne súl acu ar Dháithí. ­ Cad é mar a mhothaíonn sé i ndáiríre faoin chloch mhíle mhór seo? ­ Agus cad iad na ceachtanna saoil atá foghlamtha aige ar an aistear go dtí seo? ­ Ar Seachtain, labhair Dáithí le Tessa Fleming. ­ ­ Foclóir: ­ Na maidí a scaoileadh le sruth: To let things slide ­ I bhfaiteadh na súl: In the blink of an eye ­ Roic: Wrinkles ­ Maol: Bald ­ Ag tanú: Thinning ­ Ardteist: Leaving Cert ­ Máistir sorcais: Circus master ­ I ndiaidh a chéile: Back-to-back ­ Fir grinn: Clowns ­ Bliain agus leathchéad: 51 years ­ Caid: Football ­ Soineanta: Naive or innocent ­ Domhain: Deep ­ Teoraí: Guide ­ Gealgháireach: Cheerful ­ I gcló: Print ­ Lig do scíth: Relax ­ Póigín gréine: Freckle ­ Breoite: Sick ­ Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalismSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Raidió na Life 106.4FM
Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta - Oisín Ó Néill

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later May 18, 2026 14:46


Agallamh le hOisín Ó Néill, abhcóide nádúir le hIontaobhas Fiadhúlra na hÉireann (Irish Wildlife Trust) maidir le Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta. Tuilleadh sonraí: https://www.ien.ie/ https://iwt.ie/ https://www.instagram.com/irishwildlifetrust/ https://www.instagram.com/craobhnacoille/

seachtain irish wildlife trust agallamh tuilleadh
Raidió na Life 106.4FM
Imeacht Gaeilge le haghaidh Seachtain na Rothar - Ailish Lally

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later May 18, 2026 6:38


Agallamh le Ailish Lally, Oifigeach Siúil & Rothaíochta le Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath, maidir le Imeacht Gaeilge mar chuid de Sheachtain na Rothar 2026.

lally gaeilge ailish seachtain cliath agallamh rothar
Seachtain
1926 Census: ‘1% de phobal na tíre a líon i nGaeilge é - mo mhuintir ina measc'

Seachtain

Play Episode Listen Later Apr 30, 2026 22:44


Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit. Beagnach céad bliain tar éis dó a bheith curtha i gcrích, tá fáil againn anois ar an eolas pearsanta a líonadh isteach ar na foirmeacha sin. Rinneadh tuairisciú ar bheagnach trí mhilliún duine sa daonáireamh sin agus tugann sé léargas fíorluachmhar dúinn ar shaol mhuintir na hÉireann mar a bhí sa bhliain 1926. Tá cuid mhór againn anois ag tumadh isteach sa chartlann agus suim againn níos mó a fháil amach faoinár gceantar féin agus faoi na daoine a tháinig romhainn. Sa sraith teilifíse nua, ‘Come to your Census', chuaigh seisear ar thuras pearsanta chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid gaolta féin atá luaite sna cáipéisí. Duine acu siúd ná an láithreoir raidió Gormfhlaith Ní Thuairisg, agus í ag rianú a sinsear féin agus scéalta a pobail. Labhair Gormfhlaith ar Seachtain faoi na scealta a tháinig chun solais ar a haistear agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm uirthi. Foclóir: Múnlaigh: Shape Ag brath ar: Depending on Eisimirice: Emmigration Éagóir agus leatrom: Injustice and opression Gannchuid: Scarcity Racht mothúcháin: Fit of emotion Chuaigh sé i gcion orm: It really hit home Drogall: Reluctant I gcaitheamh móige: Throughout my childhood Ní laghdaíonn sé sin: That doesn't take away from Cosc: Prevent Leigheas: Remedy Comhbhá: Empathy Cruatan: Hardship Domhain: Deep Airigh: To feel Níor chuimhnigh mé: I didn't consider Tochailt: Digging Cladach: Coast/Shoreline See omnystudio.com/listener for privacy information.

depending injustice census seachtain ngaeilge focl duine chuaigh
Seachtain
War, ISIS, Taliban: An Gaeilgeoir a théann isteach sa choimhlint

Seachtain

Play Episode Listen Later Apr 23, 2026 27:01


Ar shamhlaigh tú riamh cad é mar a bheadh sé a bheith i do shuí ag bord os comhair an Talaban? Nó idirbheartaíocht a dhéanamh le rialtas nua tar éis chogadh fíochmhar? Cad é a dhéanfá dá mbeadh ort dul go ceantar buailte ag tubaiste mhillteanach, agus tosú arís leis an atógáil? Sin iad roinnt de na dúshláin a bhíonn os comhair Angus Lambkin go rialta agus é ag obair leis na Náisiúin Aontaithe. Is saineolaí tubaiste é Angus a bhíonn ag taistil ar fud an domhain chuig tíortha atá i mbaol is faoi bhagairt. Ar Seachtain labhraíonn Ciarán Dunbar leis an bhFeirsteach Angus Lambkin, faoin ról ar leith atá aige mar shaineolaí tubaiste leis na Náisiúin Aontaithe. Foclóir: Oifig co-ordú: Cordination office Daonchairdeas: Philanthropy Stráitéis comhroinnte: Shared strategy Comhoibriú: Work together Ionadaíocht: Represent Ní airíonn muid: We don't feel Caighdeán beatha: Quality of life Na diúracáin: The missiles Éiginnteacht: Uncertainty Coimeádach: Conservative Acmhainní: Resources Cráifeach: Religious Taidhleoireacht: Diplomacy Antoisceach: Extremist Crith talún: Earthquake Coimhlint: Conflict Ag obair go dlúth: Working closely Leochaileach: Vulnerable Ag dul in olcas: Getting worse Scoil idirchreidmheach : Interdenominational school Fostaithe: Employed Cinneadh: Decision Teip: Failure Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.

Seachtain
Agóidí agus achrann: Seachtain chorraitheach sa pholaitíocht

Seachtain

Play Episode Listen Later Apr 15, 2026 22:14


Ba é seachtain thar a bheith neamhghnách í i gcúrsaí polaitíochta, gan dabht. ­ Le praghsanna breosla ag ardú go géar, shocraítear léirsithe ar fud na tíre an tseachtain seo caite. ­ Chuaigh na mílte i mbun agoide agus dúnadh bóithre, cuireadh bacainn ar scaglanna ola na tíre agus is ar éigean a bhí an tír ar tí stoptha ar fad. ­ Faoi dheireadh, aontaíodh pacáiste ar luach breis agus €700 milliún le dul i ngleic le hardú na bhpraghasanna breosla. ­ Mar sin féin, cáineadh an rialtas go géar faoin chaoi gur láimhséil siad an ghéarchéim agus cuireadh rún muiníne sa Rialtais faoi bhráid na Dála dá bharr. ­ Baineadh siar as daoine freisin nuair a d'éirigh Michael Healy-Rae as a phost mar Aire Stáit go tobann, mar léiriú ar a mhíshástacht leis an Rialtas. ­ Ach tá go leor ceisteanna fós le freagairt. ­ An bhfuil sé d'acmhainn ag an tír €700 milliún a chur ar fáil don earnáil seo? ­ Agus leis an Rialtas ag feidhmiú ar thromlach an-chaol, cén tionchar a bheas ag imeacht na Healy Rae's ón chomhrialtas? ­ Ar Seachtain, labhraíonn an comhfhreagraí polaitíochta, John Downing le Tessa Fleming. ­ FOCLÓIR: ­ Breosla: Fuel ­ Rún: Motion ­ Aighneas: Disagreement ­ Agóideoirí: Protestors ­ Mustar: Pomp ­ Tromchúiseach: Consequential ­ Meath: Decline ­ Clis eacnamúil: Economic crash or breakdown ­ Faoiseamh cánach: Tax relief ­ Fuinneamh: Energy ­ Ag géilleadh: Conceding to ­ Ag teacht salach ar a chéile: At odds with each other ­ Bruscar: Litter/rubbish ­ Iniúchadh: Inspection or examination ­ Ag fulaingt: Suffering ­ Claonta: Biased ­ Féinfhostaithe: Self-employed ­ Cáineadh: Criticism ­ ­ ­ ­See omnystudio.com/listener for privacy information.

Speeches by President of Ireland, Michael D. Higgins
Óráid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge - Speech celebrating Seachtain na Gaeilge

Speeches by President of Ireland, Michael D. Higgins

Play Episode Listen Later Mar 26, 2026 4:18


D'óstáil an tUachtarán Connolly Fáiltiú ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge dé hAoine 6 Márta 2026. On Friday 6 March 2026, President Connolly hosted a Reception celebrating Seachtain na Gaeilge.

Speeches by President of Ireland, Michael D. Higgins
Óráid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge Speech celebrating Seachtain na Gaeilge

Speeches by President of Ireland, Michael D. Higgins

Play Episode Listen Later Mar 26, 2026 4:15


D'óstáil an tUachtarán Connolly an dara Fáiltiú ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge. Bhí léirithe filíochta, damhsa agus amhránaíochta mar chuid den ócáid ‘Ciorcal Comhrá an Árais.' President Connolly hosted a second Reception celebrating Seachtain na Gaeilge. The event, ‘Ciorcal Comhrá an Árais', included performances of poetry, dance and singing.

Scariff Bay Radio Podcasts
INTERVIEW HIGHLIGHTS -Bernadette Watson

Scariff Bay Radio Podcasts

Play Episode Listen Later Mar 21, 2026 10:03


talking about a) Seachtain na Gaeilge;   b) an graham ( award) presented to her by Conradh na Gaeilge to mark her contribution to promoting Irish in this area.c) her recent visit to Arus an Uachtaráin with members of Conradh na Gaeilge from around the country. Originally broadcast as part of Saturday Chronicle 7th March  2026 hosted by Geraldine Colleran and Marianne Purcell. Saturday Chronicle is Sponsored by JAMES M NASH AND DERG KITCHEN DESIGN http://dergkitchendesign.ie Message or what's app the studio on 089 2582647 or email sbcrstudio@gmail.com

For Tech's Sake
We need to talk about how we talk about AI (with Prof Aphra Kerr)

For Tech's Sake

Play Episode Listen Later Mar 19, 2026 46:20


Today's episode is a lesson in AI literacy, busting some myths and revealing the strings behind the magic trick (with a smattering of Irish for Seachtain na Gaeilge). Kelly quizzes Elaine on how we can adapt our language to be clearer in communicating what AI is, and we also speak to Prof Aphra Kerr about the award-winning AlgoWatch project and its efforts to boost literacy among young people.*** Good things we recommend ***>> AlgoWatch.eu>> Elaine's keynote at CESIcon 2026>> #DiscussAI>> Age-Friendly AI>> Switched On*** More from us ***Kelly's Substack: kellysrubbish.substack.comFTS blog: for-techs-sake.ghost.io FTS TikTok: fortechssakepodFTS Instagram: fortechssakepodFTS Bluesky: fortechssakepod.bsky.social Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

RTÉ - Adhmhaidin
Brian Mac Giolla Choinnigh, múinteoir scoile, Dubai.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 13, 2026 5:11


Seachtain ó shin labhair an múinteoir scoile Brian Mac Giolla Choinnigh ar an gclár faoin méid a bhí tarlaithe in Dubai. Míníonn sé céard a bhí ar siúl aige ó shin.

Cork's 96fm Opinion Line
Pop-up Gaeltacht Gaelscoil Na Dúglaise

Cork's 96fm Opinion Line

Play Episode Listen Later Mar 13, 2026 3:30


Rinne daltaí agus múinteoirí ag Gaelscoil Na Dúglaise "pop-up" Gaeltacht i gcomhair Seachtain na Gaeilge. Bhí Paul Byrne ag caint le múinteor Elaine agus Liam agus Aisling freisin. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Léargas: A Podcast by Gerry Adams
Dia daoibhse from London | Moore St Bill wins Unanimous Backing | Seachtain na Gaeilge

Léargas: A Podcast by Gerry Adams

Play Episode Listen Later Mar 12, 2026 18:22


Dia daoibhse from LondonI'm writing this week's column in London. Today, Monday, I'm in the Royal Courts of Justice in a civil case that has been brought against me by three claimants, innocent victims, who were injured in three IRA bomb attacks in 1973 and 1996. They are alleging that I was party to those attacks.There was a small crowd of former British soldiers outside the Court and some in the court room itself. There were also some people with tricolours showing their support.Today the legal teams for the claimants and for me made their opening submissions. My legal team set out logically and clearly my position. In summary, they said that I have consistently rejected claims that I was in the IRA. In this case I am also stating emphatically and unequivocally that I had no involvement in the three bomb attacks. Moore St Bill wins Unanimous BackingMeanwhile the legal challenge being taken by the Moore Street Preservation Trust against the plans by developer Hammerson, to destroy much of the historic 1916 Battlefield site in Dublin, is up for mention shortly in another Court. This time in Dublin. However, the case itself is unlikely to be heard until the autumn.Last week an important draft piece of legislation - An Bille um Cheathrú Chultúir 1916, 2021 - the 1916 Cultural Quarter Bill – to designate the Moore Street 1916 battlefield site as a Cultural Quarter, received unanimous support when it was discussed at the Oireachtas Committee on Housing, Local Government and Heritage. This was an important moment in the campaign to save the Moore St Battlefield site. Among those who supported the Bill were Cathaoirleach Mícheál Carrigy TD (FG), Paul McAuliffe TD (FF), Senator Maria McCormack (SF), Seamus McGrath TD (FF), Senator Aubrey McCarthy (Independent) and Tommy Gould TD (SF).Seachtain na GaeilgeWe are in the midst of Seachtain na Gaeilge. It used to run for one just week, but its popularity is now such that it has been extended to cover the period from March 1 to 17 – St Patrick's Day.It is very appropriate that it has been officially confirmed that Fleadh Cheoil na hÉireann, which will take place this August, is already slated to return to Belfast next year. Fleadh Cheoil na hÉireann is the world's largest annual Irish traditional music festival and is expected to attract tens of thousands of visitors to Belfast.Is í Seachtain na Gaeilge an ceiliúradh is mó den Ghaeilge agus cultúr na hÉireann ar domhan. Bhí an oiread sin ráchairt uirthi gur síneodh amach chuig coicís í. Bíonn sí ar siúl ashan bhliain ó Márta 1 go dtí 17 - Lá Fhéile Pádraig.

Oliver Callan
Seachtáin na Gaeilge greetings le Doireann Ní Ghlacáin

Oliver Callan

Play Episode Listen Later Mar 12, 2026 6:52


Oliver is joined by fiddler and podcaster Doireann Ní Ghlacáin to help us with day-to-day phrases for Seachtain na Gaeilge.

Scariff Bay Radio Podcasts
INTERVIEW HIGHLIGHTS - Brendàn Baggio

Scariff Bay Radio Podcasts

Play Episode Listen Later Mar 12, 2026 10:07


 had a conversation with Tom highlighting Seachtain na Gaeilge;  Originally broadcast as part of Saturday Chronicle 28th February 2026 hosted by Patricia Anne Moore and Tom Hanley. Saturday Chronicle is Sponsored by JAMES M NASH AND DERG KITCHEN DESIGN http://dergkitchendesign.ie Message or what's app the studio on 089 2582647 or email sbcrstudio@gmail.com

Highlights from Lunchtime Live
Reasons to be Happy: Mumisms, Seachtain na Gaeilge, Pussycat Dolls

Highlights from Lunchtime Live

Play Episode Listen Later Mar 11, 2026 11:39


Lunchtime Live's Reasons to be Happy looks at some of the news stories that you might have missed that will leave you feeling more optimistic.98FM's Cathal O'Sullivan joined guest host Anna Daly in the studio to put a smile on your faces…

Stretch Marks
Irish with Mollie - The Lost Language of Our Soul. Why we are Reclaiming our Irish Mother Tongue.

Stretch Marks

Play Episode Listen Later Mar 11, 2026 41:21


On this award winning podcast we talk about the parts of life stretching us to our limits, the necessary growth and the marks left behind. Stretch marks don't just happen on your body - they happen throughout your life (especially in this insane world). Mollie is is an Irish language educator, content creator, and language activist with nearly 300,000 followers across social platforms reigniting our language. And here we talk about why thats important - not just for the tradition or heritage but for our souls. You see its only now through witnessing in real time the attempts to erode an indigenous people am I revisiting our own Irish history with a new appreciation for what was lost. Our language was a crime. How we said I love you was a crime. Our words and poetry and music and wisdom no longer had a voice to carry it.I believe in the power of words and we lost ours. And so this week on Seachtain na gaeilge I want to better understand the marks this left behind. You can find me on instagram @sinead.omoore and @stretchmarkspodcastProduced by the brand storyFor brand collaborations and sponsorship please email stretchmarkspod@gmail.com Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Raidió na Life 106.4FM
Hollie Kiernan ón London Irish Centre ag caint faoi Seachtain na Gaeilge

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Mar 11, 2026 15:21


Rossa Ó Sioradáin ag labhairt le Hollie Kiernan faoin méad a bheas ar bun acu so Sheachtain na Gaeilge. Insíonn Hollie dúinn faoin obair a dheineann an London Irish Centre agus na daoine a bhíonn ag freastal ar na ranganna Gaeilge aici!

ins kiernan gaeilge seachtain caint london irish centre
Cork's 96fm Opinion Line
Pebbledash Blending The Sean-Nós And The Rock World (Pebbledash: Sean-nós i gcroí na Roice)

Cork's 96fm Opinion Line

Play Episode Listen Later Mar 10, 2026 9:00


Asha ó Pebbledash faoi agallamh ag PJ as we celebrate Seachtain na Gaeilge Keep an eye out for their next Cork gig in Live At St Lukes Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Film Ireland Podcast
Presents: Sheena Lambert Screenwriter of 'Báite'

Film Ireland Podcast

Play Episode Listen Later Mar 8, 2026 61:06


There was an issue with this podcast where the wrong file was originally uploaded. If you are listening on an app or in a browser... and find yourself listening to that incorrect file, please either delete the downloaded version from your device and download it again, OR try another browser, as it's likely just saved in the cache. If you have any problems getting this to work, please email us at info@filmireland.ie. Thanks for your patience. In this Film Ireland podcast, recorded live on location in Washington, D.C. at the Capital Irish Film Festival, we chat with author, playwright and screenwriter Sheena Lambert about her feature Báite.Presented annually by Solas Nua, the 20th edition of the Capital Irish Film Festival ran from 26th February to 1st March 2026, presenting one of the largest programmes of Irish cinema in North America. Irish-language feature Báite tells the story of a rural village during an All-Ireland weekend in 1975. Blending murder mystery with family drama, the film follows Peggy Casey as her life begins to unravel after a body surfaces in the local man-made lake.In this episode, we catch up with Sheena Lambert about her journey as a writer, the origins of the story, and the ins and outs of adapting a project from page to screen.Listen now on SoundCloud, Apple, Spotify, Acast and Amazon, or subscribe to Film Ireland wherever you get your podcasts.Sheena LambertDublin-based screenwriter, playwright and novelist Sheena Lambert has an exciting few months ahead with the 2025 release of her debut feature film, BÁITE, an adaptation of her own novel The Lake (HarperCollins, 2015) which was filmed in Galway and produced by Danú Media under TG4/Screen Ireland's Cine4 Scheme. Following a hugely successful, sold-out, extended summer run, Sheena's stage play COSIMA, based on her Screen Ireland supported feature screenplay of the same name, is scheduled for an Irish tour via Breda Cashe Productions, with some pre-Christmas Dublin dates already announced. Cosima was the daughter of Franz Liszt, who refused to allow her to perform publicly; she married Richard Wagner to get away from her controlling father and helped him become a much greater success than her father had ever been.BáiteWinner of Best Irish Language Feature Film at the 2025 Galway Film Fleadh and nominated in four categories at the 2026 Irish Film & Television Academy Awards, Báite arrives in cinemas nationwide on 6th March 2026 to coincide with Seachtain na Gaeilge (1–17 March). Directed by Ruán Magan (The Hunger, Our Blue World – A Water Odyssey), the film is a haunting Irish-language mystery set in rural Ireland in September 1975.When a body is discovered in the receding waters of a lake, the find sends shockwaves through a small community. For 23-year-old Peggy Casey, who runs the local pub, the revelation threatens to upend not just her life, but an entire town built on secrets long submerged.About Capital Irish Film FestivalSolas Nua's annual Capital Irish Film Festival in Washington, D.C., presents one of the largest programmes of Irish cinema in North America, showcasing the latest Irish dramatic and documentary features, shorts, art films and animation releases by Irish and Ireland-based filmmakers. The 20th edition of the four-day festival takes place 26 February – 1 March 2026 in partnership with the prestigious American Film Institute's Silver Theatre & Cultural Center.The festival provides a US platform that amplifies the work of independent filmmakers working in Ireland and beyond, and celebrates the strength of Ireland's contemporary cinematic culture. The programme highlights the country's rich cultural heritage while fostering an inclusive and diverse community of Irish filmmakers. Capital Irish Film Festival champions emerging voices on Irish screens, showcases the exceptional talent and craft within Irish filmmaking, and reflects the robust and vibrant screen industry that has grown in Ireland in recent years.Over the years, the podcast has featured acclaimed guests such as Phyllida Lloyd, Lenny Abrahamson, M. Night Shyamalan, John Boorman, Saoirse Ronan, Colin Farrell, Aisha Tyler, Colm Meaney, Paul Reiser, Niamh Algar, David Freyne, Ciarán Donnelly, Joshua Oppenheimer, John Crowley, Niamh Algar, Gene Stupnitsky, and Terence Davies, alongside many of the most influential voices working in film and television today.So make sure to subscribe and listen back! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Raidió na Life 106.4FM
Louisa Ní Éadáin - GaelGÁIRÍ agus an Dopa-Mean Girl

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Mar 6, 2026 20:50


Tháinig an bhfuirseoir clúiteach Louisa Ní Éadáin isteach chugainn chun labhairt faoi chúrsaí GaelGÁIRÍ, Seachtain na Gaeilge agus ana-chuid eile

RTÉ - An Saol ó Dheas
Eoin Ó Ceallaigh

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Mar 4, 2026 5:59


Mion-Oireachtas na Gaeilge faoi lán seoil i gContae an Chláir i Seachtain na Gaeilge le Féile na hInse atá ar an bhfód ó 1984.

chl eoin gaeilge seachtain ceallaigh gcontae
Seachtain
'An ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas sa Ghaeltacht'

Seachtain

Play Episode Listen Later Mar 4, 2026 16:18


Chruinnigh scaifte taobh amuigh de Theacht Laighean i mBAC Dé Máirt na seachtaine seo agus iad ag ágóidíocht de bharr fadhb thithíocht na Gaeltachta. Bhí an lucht agóide ag éileamh ar an Aire Tithíochta James Browne dul i mbun gnímh láithreach maidir leis an ghéarchéim thithíochta agus teanga sa Ghaeltacht. Tá sé acu go bhfuil an ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas agus tá muintir na Gaeltachta buailte go dona leis. Labhair Áine Ní Bhreisleáin le Seachtain faoin léirsiú. See omnystudio.com/listener for privacy information.

arch bh du l seachtain gaeltachta ghaeltacht james browne labhair n bhreisle
Clare FM - Podcasts
Clare Author Publishes Reflective Guide To Living Irish Every Day

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Mar 3, 2026 4:39


An Ennis native and founder of Bitesize Irish, Eoin Ó Conchúir has just published a new independent book, Seacht mBealach / Seven Ways, offering a gentle and practical approach to living Irish every day. Launching during Seachtain na Gaeilge, the book encourages small, meaningful daily actions — from speaking and listening to reflecting — helping people reconnect with the language without pressure or perfection. Eoin spoke with Alan Morrissey on Tuesday's Morning Focus which was broadcast live from the recruitment fair in Shannon.

Raidió na Life 106.4FM
Máire Bríd Ní Ghionnáin - Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Mar 3, 2026 8:48


Máire Bríd i gcomhrá le Rossa Ó Sioradáin maidir le mór-ócáid an ghréasáin le linn Seachtain na Gaeilge!

Raidió na Life 106.4FM
Aodán Ó Ceallaigh - Seachtain na Gaeilge agus an CLG

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Mar 3, 2026 14:36


Tugann Aodán Ó Ceallaigh blaisín don méad a bheas ar siúl ag na cumainn CLG san ardchathair le linn Seachtain na Gaeilge! I gcomhrá le Rossa Ó Sioradáín

RTÉ - An Saol ó Dheas
Peadar Ó Riada

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Mar 2, 2026 8:26


Seachtain ón Sathran seo chugainn beidh Ceoltóirí Chualann ag dul chun stáitse don uair dheireanach - beidh siad sa Cheoláras Náisiúnta i mBÁC.

Cork's 96fm Opinion Line
Úna Wants To Reconnect Us With Our Teanga With Ostán Inis Meáin

Cork's 96fm Opinion Line

Play Episode Listen Later Mar 2, 2026 13:44


PJ talks to Úna Ní Fhlannagáin about her vision for bheith ag nascadh leis an nGaeilge. She also has some píosaí comhair (bits of advice) for learning phrases that actually have a bit of fuinneamh (energy) to them. She is running a competition to name the centre at the hotel. Enter here Seachtain na Gaeilge Mar 1st to Mar 17th Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Dave & Fionnuala on iRadio
Gimme 5: Ben in Cavan

Dave & Fionnuala on iRadio

Play Episode Listen Later Mar 2, 2026 3:01


Ben in Cavan is tested on his Irish skills to mark Seachtain na Gaeilge, unfortunately he fails to name more than 2 body parts in Irish...

RTÉ - Morning Ireland
This year's Seachtain na Gaeilge connects the Irish language and music

RTÉ - Morning Ireland

Play Episode Listen Later Feb 27, 2026 11:01


Orlaith Nic Ghearailt, Seachtain na Gaeilge Manager and Dr Huw Lewis, language revival specialist at Aberystwyth University, discuss what more can be done to promote the Irish language.

RTÉ - Adhmhaidin
Eoghan Ó Grádaigh, príomhoide, Gaelscoil na Cheithre Máistrí, Dún na nGall.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 27, 2026 5:16


Tá an scoil an-bhródúil gur ann a sheolfar Seachtain na Gaeilge.

Clare FM - Podcasts
Seachtain Na Gaeilge 2026 Brings County‑Wide Programme Of Events To Communities Across Clare

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Feb 27, 2026 8:28


Seachtain na Gaeilge is set to bring a vibrant, county-wide celebration of the Irish language to communities right across Clare. This year, Clare County Council, in partnership with An Clár as Gaeilge, Clare GAA, Clare Libraries and Conradh na Gaeilge, has launched a co-ordinated programme of events — creating one shared calendar to encourage people of all ages and levels of Irish to get involved. On Friday's Morning Focus, Alan Morrissey welcomed Ruairí Henchy, Irish Language Development Officer and Communications Officer with Clare County Council, and Leah Ní Thailtigh, Language Planning Officer with An Clár as Gaeilge and Irish and Cultural Officer with Clare GAA. Photo (c) Paul Corey

RTÉ - Barrscéalta
Frances Nic Géadaigh atá i láthair ag seoladh Seachtain na Gaeilge i nGael Scoil na gCeithre Maistrí, Baile Dhún na nGall ar maidin inniu.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Feb 26, 2026 9:45


Labhair Frances leis an Chomhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig, le Seosamh Ó Ceallaigh Le Róise Nic Laifeartaigh, le Micheál Mac Gairbheith agus le Eoghan Ó Gráda.

baile miche gaeilge seachtain scoil ngael ngall inniu seoladh
RTÉ - Barrscéalta
Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga Líonra Leitir Ceanainn.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Feb 25, 2026 9:03


Beidh Líonra Leitir Ceanainn thar a bheith gníomhach i mbliana le linn Seachtain na Gaeilge agus imeachtaí go leor eagraithe acu mar pháirt d'fhéile na bliana seo.

gaeilge seachtain onra plean teanga
Splanc
Splanc Mínithe: Seachtain na Gaeilge 2026 agus Ceol Trí Ghaeilge

Splanc

Play Episode Listen Later Feb 20, 2026 17:09


Labhraíonn Róisín Seoighe le Cuán faoina ról mar ambasadóir le Seachtain na Gaeilge 2026, agus faoina saothar ceoil.

agus gaeilge seachtain ceol ghaeilge seoighe labhra
Seachtain
Dúnmharú Michaela McAreavey: 15 mbliana ar aghaidh agus ceartas in easnamh go fóill

Seachtain

Play Episode Listen Later Jan 10, 2026 25:46


I mí Eanáir 2011, dúnmaraíodh Michaela McAreavey agus í ar mhí na meala in ostán in Oiléan Mhuirís. Phós sí John McAreavey díreach dhá lá déag roimhe sin. Buille uafásach dá teaghlach a bhí san eachtra brúidiúil agus tharraing an fiosrúchán aird na meán ní amháin in Éirinn, ach ar fud an domhain. Cúisíodh beirt fhear ach fuarthas neamhchiontach an dís acu. 15 bhliain níos déanaí, tá an cás fós gan réiteach. Phléigh iriseoir Seachtain an cás le Ciarán Dunbar. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Seachtain
Cé mhéad teaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sa Ghaeltacht?

Seachtain

Play Episode Listen Later Dec 11, 2025 17:49


Tá tuarascáil nua seolta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta a léiríonn líon na dteaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá figiúirí le haghaidh gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) san áireamh sa tuarascáil. Níl ach 3 LPT sa Ghaeltacht ar féidir a rá go bhfuil os cionn 50% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaeilge iontu. Mar sin, cén fáth nach bhfuil níos mó daoine ag tabhairt a dteanga dúchais dá gcuid páistí? Ar Seachtain, labhair Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta, faoi cad é a léiríonn an taighde nua seo dúinn. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir: Comhluadar: Companionship Lánúineacha: Couples Daonáireamh: Census Slat tomhais: A measuring-rod LPT: Limistéar Pleanála Teanga Abhainn: River Mórtas: Pride Seasmhach: Stable/Consistant Céatadán: Percentage Iniúchadh: Examination Rangú: Categorisation See omnystudio.com/listener for privacy information.

gaeilge lpt seachtain gaeltachta plean clann focl ghaeltacht
How To Gael
#95 How to use AI as Gaeilge

How To Gael

Play Episode Listen Later Nov 11, 2025 51:43


Seachtain na hEolaíochta atá ann and Doireann doesn't even know what STEM stands for! So this was a sorely needed ep.. An tseachtain seo labhraíomar le Abigail Walsh, atá ag obair leis an togra eStór, agus Liam Lonergan, atá ag obair le Abair.ie. Two ambitious and revolutionary projects linking Gaeilge & AI. We spoke to them about the need for more Irish language resources online, the mistakes AI makes as Gaeilge - and whether Gaeilge & AI are compatible? Science Week 2025 is taking place from the 9th – 16th November. From technology and Al to sustainability and health, science impacts the way we engage with the world around us and enhances our collective strengths then, today and tomorrow. So, this Science Week, let's explore where we were, where we are, and where science can take us. Téigh go scienceweek.ie to find out what's happening near you. Chomh maith le sin bhí na cailíní ag Oireachtas na Samhna agus rave san RDS - Pólca 4 x Fred Again cathain?! Follow our sponsor Discover Ireland on⁠⁠ Instagram⁠⁠ &⁠⁠ Tik Tok⁠⁠. Keep Discovering and visit⁠ ⁠discoverireland.ie⁠⁠ to plan your next short break. Email ⁠howtogael@gmail.com⁠ with comments, suggestions and gach rud eile. Instagram: @howtogael⁠⁠ ⁠⁠@doireannnighlacain⁠⁠ ,⁠ ⁠@louise_cantillon⁠⁠ ⁠, ⁠@siomhaniruairc⁠⁠ Join us on Patreon for a bonus episode once a week and lots of bonus content ⁠⁠https://www.patreon.com/c/HowToGael⁠⁠ Sign up to our newsletter here: www.howtogael.com/contact Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices

RTÉ - Iris Aniar
Micheál Ó hAlmhain, as Inis Oírr.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Oct 10, 2025 12:03


Bhí Micheál Ó hAlmháin as Inis Oírr ar dhuine de 27 Loachra Áitiúil a dearnú ceiliúradh orthu ag ócáid a bhí i Halla na Cathrach le gairid de Seachtain na hAosachta Dearfaí.

Seachtain
Gael ar leith: Slán le Manchán Magan

Seachtain

Play Episode Listen Later Oct 6, 2025 22:39


Bhailigh na sluaite inniu i gColáiste Gonzaga i mBleá Cliath inniu le slán a fhágáil agus omós a thabhairt do Mhanchán Magan. Ní raibh ach 55 bliain d'aois slánaithe aige nuair a d'imigh sé ar shlí na fírinne an Déardaoin seo caite. Bhí ailse air le tamall. Bhain Manchán cáil amach mar gheall ar a chuid oibre mar scríbhneoir, láithreoir agus mar dhuine a spreag glúin nua i dtreo na Gaeilge de. Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming le hÁine Ní Bhreisleáin, iriseoir le Seachtain, faoin lorg atá fágtha aige. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Labhraíonn Aoife Ní Bhraoin le Seán faoina cuid oibre sna meáin, le ExtraG, Seachtain, Raidió Rí-Rá, Queercal Comhrá Luimnigh agus go leor eile.

Seachtain
Cás Liam Óig caite amach ag an chúirt

Seachtain

Play Episode Listen Later Sep 26, 2025 12:28


Tá cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, rapálaí ón bhanna cheoil Kneecap, caite amach ag ag cúirt i Sasana. Cuireadh ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. Seo an tríú huair do Liam Óg teacht os comhair na cúirte i dtaca leis an gcúiseamh seo, ach cuireadh moill ar an bhreithiúnas roimhe seo mar gheall ar argóintí dlí teicniúla. ­ Labhair an t-iriseoir Ciarán Dunbar ar Seachtain faoin mhéid a tharla sa chúirt inniu. ­ Foclóir: Ionchúisitheoir: Prosecutor ­ Máguaird: Environs ­ Cúiseamh: Charge ­ Neamhchiontach: Innocent ­ Cinneadh: Decision ­ Cloí: Abide by ­ Trídhathach: Tricolour ­ Slad: Plunder ­ Míchuí: Inappropriate ­ Cosc: Ban ­ Camchuairt: TourSee omnystudio.com/listener for privacy information.

seo hezbollah dunbar kneecap ciar seachtain caite focl sasana labhair londain amach cuireadh
Seachtain
‘Rinne mé gach rud eile': Naoise Dolan ar a bealach go Gaza

Seachtain

Play Episode Listen Later Sep 10, 2025 15:20


Tá mionchabhlach de thuairim is 50 bhád ar a bhealach go Gaza – agus tá Éireannaigh ina measc siúd atá ar bord. Tá na céadta daoine ó thíortha fud fad an domhain mar chuid den Global Sumud Flotilla agus é ar intinn acu cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach do mhuintir Gaza. Tuairiscíodh oíche Dé Luain gur bhuail drón ceann de na báid sa Túinéis áfach. Chuir an Global Sumud Flotilla físeán in airde ar na meáin shóisialta a léiríonn solas geal ag bualadh an bháid. Níor gortaíodh aon duine. Ach diúltaíonn údaráis na Túinéise gur drón a bhí i gceist. Deir lucht eagraithe an chabhlaigh nach gcuirfidh eachtraí sa Túinéis stop lena dturas agus go leanfaidh siad orthu. Tá Naoise Dolan ina cuid den iarracht seo agus labhair sí le Seachtain. Foclóir: Eachtra: Incident Cinedhíothú: Genocide Ionsaí: Attack Rogha: Choice An Túinéis: Tunisia Toradh: Result Ag taobhú: Siding with Ceachtanna: Lessons Sonraí: Details Éalú: Escape Siombalachas: Symbolism Daonna: Humane See omnystudio.com/listener for privacy information.

gaza ach siding eile rinne deir gach seachtain naoise dolan focl tuairisc chuir d luain
Léargas: A Podcast by Gerry Adams

Our 1916The eight months of the 1981 hunger strike campaign changed the political landscape in Ireland. It was as Síle Darragh, former O.C. of the republican women prisoners in Armagh Women's Prison, said recently, “our 1916.” It began on 1st March 1981. When it ended on 3rd October ten hungerstrikers were dead. Bobby Sands had been the first to die on May 5th. He was followed over the following four summer months up to August by Francis Hughes, Raymond McCreesh, Patsy O Hara, Joe McDonnell, Martin Hurson, Kevin Lynch, Kieran Doherty, Thomas McElwee, and Micky Devine.On Sunday last people came in their thousands, from all parts of the island of Ireland, and from overseas, to participate in the annual August march and to honour and commemorate the ten who died forty-four years ago in the H blocks and others who starved to death decades before this including Frank Stagg and Michael Gaughan who died in the 1970s in prison in England. The stories of the ten hunger strikers and of their comrades in the H-Blocks and Armagh Women's Prison, who spent five years on the protest for political status, are many. The brutal physical and mental abuse the women and men endured in defence of the struggle for freedom and in rejection of the label ‘criminal,' has been articulated in a series of books, poems and articles. These include Ten Men Dead by David Beresford; Seachtain an an Bhlaincéad by Ruairí Ó Dónaill; The Crunch has come by Eoghan MacCormaic, written while he was in the H-Blocks and using the pen name Frankie O ‘Brien; Nor Meekly Serve my Time by some of the POWs; John Lennon is Dead by Síle Darragh; Time Shadows by Laurence McKeown; 6000 Days by Jim (Jaz) McCann: ; Pluid: Scéal na mBlocanna H, 1976-81 by Eoghan MacCormaic; Playing My Part by Gerry Kelly; and the many poems and articles written by Bobby Sands. And there are others including by this writer.Speaking at the Republican Plot in Milltown Cemetery where Bobby Sands, Joe McDonnell and Ciaran Doherty are buried, Uachtarán Mary Lou McDonald caught the legacy and memory of that time when she described the hungerstrikers as: “Ten brave Irish men who laid down their lives on hunger strike for the freedom of their country. Starved and persecuted they lay in the H-Blocks and with every sinew of their being, they refused to be criminalised, refused to be broken, refused to be defeated.” She said: “For them, we will do the work, we will walk the extra yards, we will write our nation's next chapter – Ireland, united and free… Joined by heroic women in Armagh Gaol, they hungered not only for political status, but for the Ireland envisaged by the proclamation – for the Republic… The legacy of the hunger strikers calls to us today.  To stay true to vision and the dream for which they gave everything. To never despair. Never lose hope. Never give up.”Perhaps one of the most emotional moments of the day was as the huge march made its way along the Falls Road toward Milltown. A huge banner of Bik McFarlane was unfurled as the march rounded the bend on the Falls Road, just above Beechmount. The blanket men and women who were leading the commemoration stopped and for a minute lifted their clenched fists in silent salute to the friend and comrade who had led them through that terrible year.In his contribution to Guthanna '81, published last Saturday, Bik, who died earlier this year, wrote about that experience. His account provides an insight, into t

Nuacht Mhall
9 Lúnasa 2025 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Aug 9, 2025 8:16


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Dé Domhnaigh, fuadaíodh bean as Éirinn i Háítí agus seachtar eile in éineacht léi, leanbh trí bliana d'aois ina measc. Is í Gena Heraty, atá ina stiúrthóir i ndílleachtlann in aice le príomhchathair Háítí, Port-au-Prince, agus ar as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo ó dhúchas di, an bhean a fuadaíodh. Bronnadh roinnt gradam ar an stiúrthóir dílleachtlainne ar son a cuid obair dhaonnúil, Gradam Dínit an Duine um Oireachtais san áireamh. D'agair an Taoiseach Micheál Martin leis an dream a d'fhuadaigh an tÉireannach í a scaoileadh saor agus dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Simon Harris, go raibh “dianiarrachtaí leanúnacha” ar siúl lena fuascailt a bhaint amach.  Tháinig borradh mór faoin táirgeadh plaistigh sa chéad bliain a chuaigh thart, agus cé gur táirge míorúilteach é i roinnt cásanna, is cúis tromluí é i gcás an truaillithe. In 2022, tháinig tíortha ar chomhaontú a bhí ina cheangal de réir dlí, le dramhaíl plaistigh agus ceimiceáin dhíobhálacha a bhaineann le plaisteacha ar leith a laghdú, ach tar éis dhá bhliain níl an conradh réitithe go fóill. Dé Máirt, bhuail na tíortha domhanda le chéile arís ag comhdháil na Náisiún Aontaithe in Geneva, ag cur tús le seisiún atá ag iarraidh an comhaontú a chríochnú, téacs an chomhaontú a fhormheas, agus é a chur os comhair Chomhdháil Taidhleoireachta na Lánchumhachtach sula nglacfaí leis.Tá Fleadh Cheoil na Éireann faoi lánseol i Loch Garman don darna bhliain: níos mó ná seachtain lán de cheol, amhránaíocht agus damhsa, agus buaicphointe na bliana do na taibheoirí. Tá réimse imeachtaí Gaeilge le fáil ag an Fhleadh fosta, idir cheol beo, scéalaíocht, TG4, stair, siamsóirí sráide, agus neart eile, ó Seachtain na Gaeilge, agus tá seans ag daoine an Ghaeilge a labhairt agus a chluinstin go nádúrtha sa spás cultúrtha seo. Críochnaíonn na comórtais agus na taispeántais Dé Domhnaigh, 10 Lúnasa agus tá na craoltaí le feiceáil ar TG4, beo agus le sruthú. Fógraíodh anuraidh go mbeidh Fleadh Cheoil na Éireann ag tarlú i mBéal Feirste den chéad uair in 2026, agus den darna huair sa Tuaisceart.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISdílleachtlann - orphanageobair dhaonnúil - humanitarian worktáirgeadh plaistigh - production of plasticina cheangal de réir dlí - legally bindingbuaicphointe - climaxsiamsóirí sráide - street entertainers

pr dm nasa mart port mb gaeilge simon harris tg4 seachtain taoiseach miche fleadh cheoil conradh ghaeilge feirste ngall duine londain aontaithe inniu d domhnaigh nuacht mhall
Nuacht Mhall
28 Meitheamh 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jun 28, 2025 7:56


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall ÓSiadhail.Bhí bua gan choinne ag Zohran Mamdani i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh Mhéara Nua-Eabhrac DéMáirt, nuair a fuair sé an ceann is fearr ar iarghobharnóir Stát Nua-Eabhrac Andrew Cuomo. Reáchtálfar toghchán an mhéara féin i mí na Samhna agus meastar gur rogha na coitiantachta a bheidh in iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh. Bhí tacaíocht leithéidí Bernie Sanders agus Alexandria Ocasio-Cortez ag Mamdani, agus é ag gealladh polasaithe níos forásaí ná Cuomo, lena n-áirítear reo cíosanna agus busanna saor in aisce sa chathair. Anuas air sin, tá Cuomo luaite le roinnt líomhaintí faoi chiapadh gnéasach. Má éiríonn le Mamdani i mí na Samhna beidh sé ina chéad Mhéara Moslamach i gCathair Nua-Eabhrac.Tháinig fear slán as foirgneamh a bhí trí thine i lár Bhaile Átha Cliath le linn na seachtaine, buíochas le tiománaí leoraí a pháirceáil a fheithicil faoi fhuinneog an tí ar Rae Granby in aice le Cearnóg Parnell. Chonaic Tomasz Zareba fear amháin ag léim amach as fuinneog thuas staighre agus é féin a ghortú ar an tsráid ach ansin thiomáin sé a leoraí taobh leis an fhoirgneamh le go mbeadh fear eile ábalta teacht anuas go sábháilte. I ndiaidh na heachtra, chuaigh Zareba ar ais ag obair, agus é ag seachadadh earraí go siopaí sa chathair. Cuireadh cóireáil ar sheachtar ar an láthair agus cuireadh triúr san ospidéal, ach ní fios go fóill cad é ba chúis leis an tine.Tá féile cheoil Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo, agus thart fá dhá chéad míle duine ag teacht go Worthy Farm in Somerset in iardheisceart Shasana. Is iad The 1975, Neil Young agus Olivia Rodrigo príomhoirfidigh na féile, a d'eagraigh anfeirmeoir Michael Eavis den chéad uair sa bhliain 1970, agus tá roinnt ceoltóirí móra Éireannacha ag seinm fosta i mbliana, lena n-áirítear Kneecap, CMAT, Sprints agus Inhaler. Seachtain ó shin, dúirt Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer go gcreideann sé nár chóir go mbeadh ceolchoirm Kneecap á léiriúar an teilifís, ach tá sé ráite ag an lucht eagraithe go bhfuil fáilte rompu ag an fhéile. Beidh an chéad fhéile eile ar siúl sa bhliain 2027, ós rud é gur feirm dhéiríochta é Worthy Farm agus go mbíonn bliain ina bhán de dhíth ó am go ham.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbua gan choinne - unexpected victoryrogha na coitiantachta - favouritereo cíosanna - rent freezelíomháintí faoi chiapadh gnéasach - allegations of sexual harassmentpríomhoirfidigh - headlinersbliain ina bhán -fallow year

RTÉ - An Saol ó Dheas
Gabriel Mac Muiris

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later May 21, 2025 11:57


File ó Mhaigh Mheáin ag caint faoi Seachtain na Scríbhneoirí i mbliana – beidh tús leis seachtain ó inniu.

scr seachtain gabriel mac
Bitesize Irish Podcast
Podcast 178: Seachtain na Gaeilge, le hOrlaith Nic Ghearailt

Bitesize Irish Podcast

Play Episode Listen Later Mar 10, 2025 24:45


In this episode, Niall talks to Orlaith Nic Ghearailt, manager of Seachtain na Gaeilge, the biggest Irish-language festival in the world, which runs 1-17 March every year.They talk about Conradh na Gaeilge, the festival's origins, and how you can get involved.A few useful links:Conradh na GaeilgeSeachtain na Gaeilge - further infoSeachtain na Gaeilge 2025 - events this yearSee shownotes and original video at: https://www.bitesize.irish/blog/snag-25/Go to offer.irish for a 10% discount from monthly/annual memberships.Support the showGo to www.bitesize.irish/links to find out more about courses and membership #GaeilgeGachLá