POPULARITY
Cuirfear tús le Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall i nGaoth Dobhair ar maidin inniu. Táthar ag dréim go mbeidh ar a laghad 100,000 duine ag freastal ar staideanna an railí thar an deireadh seachtaine.
Beo ó Railí Idirnáisiúnta Dhún nGall agus an chéad lá ar obair i nGaoth Dobhair.
Ag caint ar dtús ar na léirsithe atá ar siúl i gcathair Bhéal Feirste ón Mháirt, áit a bhfuil cónaí ar féin, agus ar an ócáid atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge anseo i nGaoth Dobhair san oíche amárach dírithe ar an téama Éire Aontaithe.
Tá tús le cur le campa samhraidh úr do dhéagóirí i nGaoth Dobhair, Na Fianna Óga.
Ag léiriú a mhí-shástacht faoi na fadhbanna córais uisce a bhí i nGaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine agus ag tabhairt uasdátú dúinn faoin scéal is deireanaí maidir le naoíonra Bhaile na Finne.
Inniu ar Chartlann na Céadaoine téann muid siar go dtí'n bhliain 1993 nuair a labhair Máire Mhic Niallais le Timlín Ó Cearnaigh faoi bhunú lárionad sealbhaithe agus buanaithe na Gaeilge anseo i nGaoth Dobhair, An Chrannóg mar atá sé inniu.
Beidh an ócáid, Darkness into Light ar siúl ag láithreacha éagsúla ar fud na tíre an deireadh seachtaine le haird a tharraingt ar chúrsaí meabhairshláinte, beidh siúlóid ar siúl i nGaoth Dobhair arís i mbliana.
Seoladh an fhéile ‘Dorn san Aer' in ómós dár gcomhghleacaí agus an craoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí ag ócáid a bhí ar siúl i dTigh Hiúdaí Bhig anseo i nGaoth Dobhair oíche Shatharn. Beidh an fhéile ar siúl idir 25ú - 27ú Meán Fómhair agus labhair Eoghan linn faoi fhéile na bliana seo agus cad a bhéas ar siúl i mbliana.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dgmvzon Contact: irishlingos@gmail.com Legendary singer Moya Brennan has died. An t-amhránaí mór le rá Moya Brennan tar éis bháis. Northwest Reporter The famous singer from the Donegal Gaeltacht, Moya Brennan, has died. Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Tá an t-amhránaí cáiliúil as Gaeltacht Dhún na nGall Moya Brennan tar éis bháis. She was 73 years old and had been ill for some time. Bhí sí 73 bliain d’aois agus bhí sí tinn le tamall. Máire Ní Bhraonáin first achieved fame as the lead singer and harpist with the group Clannad from Dobhar in Gaoth Dobhair. Bhain Máire Ní Bhraonáin cáil amach ar an chéad dul síos mar phríomhamhránaí agus mar chláirseoir leis an ghrúpa Clannad as Dobhar i nGaoth Dobhair. Máire was the eldest of nine children – Clannad – who took music seriously since 1970. Ba í Máire an duine ba shine de naonúr clainne – Clannad – a chuaigh leis an cheol go dáiríre ó 1970. She, her sister Eithne (Enya) and her brothers captivated millions with their modern versions of Irish music before taking to the international stage and singing English songs. Chuir sí féin, a deirfiúr Eithne (Enya) agus a deartháireacha na milliúin faoi gheasa lena leaganacha nua-aimseartha ar cheoltaí Gaeilge sular thug siad faoin stáitse idirnáisiúnta agus faoi amhráin Bhéarla. It was their own Irish language song they recorded for the television series Harry’s Game in 1982 that introduced them to the wider world outside of Ireland. Ba é a n-amhrán Gaeilge féin a thaifead siad faoi choinne na sraithe teilifíse Harry’s Game i 1982 a chuir in aithne iad don saol mór taobh amuigh d’Éirinn. “The east and the west, which have always come, the moon and the sun will go… “Imeoidh soir is siar, a dtáinig ariamh, an ghealach is an ghrian … ” – part of the significance of those lyrics and Máire’s magical voice together. ” – cuid suntais na liricí sin agus guth draíochtúil Mháire in éineacht. From a young age, Máire was involved in music at home with her mother Máire Ní Dhúgáin, later in dance halls and in her father’s pub, Leo Brennan, and in local gigs in Gaoth Dobhair. Ó bhí Mháire ina girseach bheag bhí sí ag gabháil cheoil sa bhaile lena máthair Máire Ní Dhúgáin, níos moille i hallaí damhsa agus i dteach tábhairne a hathar, Leo Brennan, agus i ngeamaireachtaí áitiúla I nGaoth Dobhair. Much later, she recorded music with some of the greatest performers of her time, such as Bono and Shane MacGowan. I bhfad ina dhiaidh sin, thaifead sí ceol i gcuideachta roinnt de mhóroirfidigh a linne, leithéidí Bono agus Shane MacGowan. She recorded a total of 25 albums – with Clannad and on her own – and sold 20 million of them. 25 albam san iomlán a thaifead sí – le Clannad agus ina haonar – agus díoladh 20 milliún acu. In the Year of the Millennium, she sang her song Perfect Time on World Youth Day in Rome in front of Pope John Paul II and two million pilgrims. I mBliain na Mílaoise, cheol sí a hamhrán Perfect Time ar Lá Domhanda na hÓige sa Róimh os comhair an Phápa Eoin Pól II agus dhá mhilliún oilithreach. Her voice can also be heard on major films such as Titanic, King Arthur and To End All Wars. Tá a guth le cluinstin fosta ar scannáin mhóra mar Titanic, King Arthur agus To End All Wars. Since 2007, Moya has performed in the female group T with the Maggies with Mairéad Ní Mhaonaigh and Maighread and Tríona NÍ Dhomhnaill. Ó 2007, sheinn Moya sa ghrúpa ban T with the Maggies le Mairéad Ní Mhaonaigh agus Maighread agus Tríona NÍ Dhomhnaill. Since 2013 she has returned to harp music with a new traditional group. Ó 2013 phill sí ar cheol na cláirsí le buíon úr traidisúnta. Moya often donated her musical talents free of charge to causes and charities close to her heart, including the families of the Creeslough disaster in her own county. Ba mhinic a bhronn Moya a bua féin ceoil in aisce ar lucht cúise agus ar chumainn charthanachta a bhí gar dá croí, teaghlaigh thubaiste an Chraoslaigh ina contae féin ina measc. In 2023, Máire was awarded the Donegal Personality of the Year Award and the following year Donegal County Council awarded her and Clannad the freedom of the county for their contributions to music and the Irish language. In 2023, bronnadh Gradam Phearsa Dhún na nGall ar Mháire agus an bhliain dar gcionn bhronn Comhairle Contae Dhún na nGall saoirse an chontae uirthi féin agus ar Chlannad as a raibh déanta acu ar son an cheoil agus na Gaeilge. She is survived by her husband and manager Tim Jarvis and their two children Paul and Aisling. Maireann a fear céile agus a bainisteoir Tim Jarvis agus a mbeirt chlainne Paul agus Aisling.
Beidh tús a chur le Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall na bliana seo i nGaoth Dobhair agus beidh staideanna de railí na bliana seo ar siúl i gCloich Cheann Fhaola fosta don chéad uair le blianta fada.
Mír rialta le Andy agus é ag tabhairt comhairle teicneolaíochta don phobal. Labhair sé inniu faoi réabhlóid úr i nGaoth Dobhair, Wifi na gaoithe, na meáin shóisialta agus mar a éiríonn daoine iontach tugtha daofa agus costais srúthaithe san am i láthair.
Beidh oíche eolais ar siúl anocht sa Chrannóg anseo i nGaoth Dobhair dírithe ar na beacha agus achan eolas futhú agus sé Cathal a bheas i mbun na hócáide.
Tá cúrsa Gaeilge na Casca ar siúl ó dheireadh na seachtaine áit a bhfuil mic léinn as Coláiste Mharino anseo i nGaoth Dobhair ag freastal ar chúrsa Gaeltachta agus tháinig ceathrar acu isteach againn beo ar an chlár inniu.
Cuirfear tús le hÉigse Uladh anocht i nGaoth Dobhair anocht ag díriú ar an téama ‘An Screabán 1966-2026'.
Beidh an ócáid ghrinn, Gaelgáirí ar siúl sa Social i nGaoth Dobhair ar an tSatharn seo 14 Márta.
Ag cur síos ar an fhéile ccoildrámaíochta áitiúil a bheas ar siúl anseo i nGaoth Dobhair an tseachtain seo.
Chuala muid inniu Buaiteoir na Naíonraí, Gracelee Nic Giolla Chomhaill, Buaiteoir na Naíonáin Bheaga, Bláithín Ní Dhónaill, Buaiteoir na Naíonáin Mhóra, Louis Mac Cionnaith agus Buaiteoir Rang 1, Fionnuala Nic Fhionnghaile.
Beidh an banna ceoil cáiliúil, The Corona's ar an ardán ag deireadh mhí na Bealtaine sa Social i nGaoth Dobhair agus ag caint faoi fhorbairtí atá le déanamh sa Social le cur le na haiseanna ansin agus ag caint ar imeachtaí eile a bheas a n-eagrú aige sna míonna amach romhainn.
Ag cur síos ar pharáid Lá Fhéile Phádraig i nGaoth Dobhair i mbliana, an tábhacht a bhaineann le daoine a bheas ag glacadh páirt sa pharáid clárú leis an Chrannóg ar mhaithe le cúrsaí aráchais agus ar imeachtaí eile a bheas ar siúl acu le linn na míosa seo.
Beidh ócáid eolais ar siúl sa Chrannóg anseo i nGaoth Dobhair amárach faoi thithíocht shóisialta.
Tá scéim ar bun ag Siopa Mhicí i nGaoth Dobhair le roinnt blianta ina dtugann siad tacaíocht do chumainn spóirt i bparóistí Ghaoth Dobhair, na Rosa agus Chloich Cheann Fhaola. Tá Lisa Mhic Giolla Bhríde, duine de stiúrthóirí Siopa Mhicí agus ball foirne atá ag obair ansin le blianta fada, Máirtín Ó Fríl linn le labhairt faoin scéim seo.
Tá sé fíor thábhachtach an pobal a chur ar an eolas faoin choinníoll teanga a bhéas ceangailte leis na tithe atá a dtógáil ar shuíomh Ardscoil Mhuire i nGaoth Dobhair, a dúirt sé.
Tá taispeántas ealaíne ar siúl faoi láthair sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair, Anseo is Ansiúd teideal an taispeántais agus le níos mó eolais a thabhairt dúinn faoin taispeántas tá Anna Nic Lochlainn.
Beidh Aonach Sláinte agus Folláine ar siúl Dé Satharn seo sa Chúirt i nGaoth Dobhair agus seo tá duine den lucht eagraithe Máire Walsh linn le níos mó a inse dúinn faoin lá.
Tá comhráití ar siúl idir Chomhairle Contae Dhún na nGall agus úinéir talún le trí theach sóisialta a thógáil ar shuíomh ag Ard na gCeapairí i nGaoth Dobhair agus thug John Shéamuis uasdátú maidir leis na forbairtí tithíochta eile sa cheantar fosta.
Ag labhairt faoi na hullmhúcháin deireanacha atá á ndéanamh d'fhéile Dorn San Aer a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo i nGaoth Dobhair.
Ag caint faoi na fadhbanna atá i Machaire Gathlán i nGaoth Dobhair mar gheall ar chreimeadh cósta san am i láthair.
Beidh cruinniú poiblí, a eagrú ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair i gcomhair leis an Chomhairleoir Contae Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig, ar siúl sa Chrannóg i nGaoth Dobhair inniu chun plé a dhéanamh ar na deacrachtaí atá le le Droichead an Bhun Bhig i nGaoth Dobhair le tamall fada.
Bhí cruinniú ar siúl aréir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair mar chuid den phróiseas chomhairliúchán poiblí maidir le haththógáil Theach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga.
Beidh oíche eolais ag an Údarás ar an Luan an 8ú Meán Fómhair sa Gteic i nGaoth Dobhair le heolas a thabhairt do chonraitheoirí faoi na deiseanna oibre atá agus a bheas a chur ar fáil amach anseo ag an Udarás.
Bhí Nóra Seoighthe againn inniu ar Chomhrá na Seachtaine. Chaith Nóra roinnt mhaith blianta ina cónaí i nGaoth Dobhair agus in áiteacha eile ar fud na tíre sular fhill sí ar Acaill, beagnach dhá bhliain ó shin. Labhair sí linn faoina saol agus a teaghlach.
Tá an taispeántas ‘Obair Saoil' leis an ealaíontóir, Pádraic Reaney as an Cheathrú Rua i gConamara ar siúl sa Ghailearaí i nGaoth Dobhair san am i láthair.
Beidh an fhéile ceoil, Sult ar siúl anseo i nGaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine agus imeachtaí ar siúl thar trí lá, lá teaghlaigh agus ceolchoirm do chiste ath-thógala Theach Pobail Mhuire, Na Doirí Beaga san áireamh.
Tá eolas faighte ag Cairde Éanlaith Éireann go bhfuil éan neamhchoitianta nach mbeadh le feiceáil sa tír seo ró-mhinic feicthe i gceantar an Bhun Bhig i nGaoth Dobhair. An beachadóir nó an Bee-Eater an t-éan atá i gceist.
Méadú ar an líon scoláirí atá ag freastal ar chúrsaí de chuid AcadaImh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair.
Beidh oíche eolais ar siúl sa Chrannóg anocht le plé a dhéanamh ar na féidearachtaí atá ann grúpa glan agus glas a chur ar bun i nGaoth Dobhair.
Ghlac thar 200 iomaitheoir páirt i gcomórtas aithriseoireachta An Béal Binn i nGaoth Dobhair le gairid. Cluinfidh muid inniu buaiteoirí ó rannóg na naíonraí go rang a 4, curtha le chéile ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh.
Ag cur síos ar an agóid a bheas ar siúl ag an ghrúpa TINTEÁN taobh amuigh d'oifigí Roinn na Gaeltachta i nGaoth Dobhair inniu.
Beidh oíche i gcuimhne ar Marius Lynch, a fuair bás i mí na Samhna, ar siúl in Ostán na Cúirte i nGaoth Dobhair ar an chéad lá den mhí seo chugainn le hairgead a bhailiú d'Ospís Dhún na nGall.
Cathaoirleach an Chomhar Chreidmheasa i nGaoth Dobhair ag cur síos ar an tarraingt bliantúil a bhíonn acu le carr agus duaiseanna airgid a bhaint agus ar an bhliain a bhí ag an eagraíocht.
Is inniu a chaithfidh 80 duine ón Úcráin aistriú óna lóistín sealadach i nGaoth Dobhair go hionaid lóistín eile, de réir comhfhreagrais a sheol an Roinn Leanaí Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige roinnt seachtainí ó shin.
Agus é ag caint le Mairéad Ní Mhaoilchiaráin, dúirt an Comhairleoir Condae Mícheál Cholm Mac Giolla Easpaig go bhfuil suíomh le hÚdarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair ina luí folamh gan tithe ar bith tógtha ar le fada.
Pléifear na héilimh atá ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta d'olltoghchán 2024 ag cruinniú poiblí a bheas ar siúl sa Chrannóg i nGaoth Dobhair tráthnóna inniu.
Bhí ócáid mhór ar siúl i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath tráthnóna inné nuair a rinneadh Gradaim Gnó na hÉireann a bhronnadh. Bronnadh bonn óir ar thrí ghó i nDún na nGall siad sin Éabhlóid agus Gael Turas i nGaoth Dobhair chomh maith le háiseanna Glampála Mhachaire Rabhartaigh.
Agallamh a rinne Rónán Mac Aodha Bhuí le Gearóidín Breathnach ar an cheathrú lá de mhí na Samhna 1996 i ndiaidh di Corn Uí Riada a bhaint den chéad uair ag Oireachtas na Samhna a bhí ar siúl i nGaoth Dobhair.
Cuirfear tús leis an fhéile Fomhair Festival anseo i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine.
Tá 29 teach le tógáil ar shuíomh ag Ard Scoil Mhuire i nGaoth Dobhair agus tá cead pleanála fosta chun cúig aonad a thógáil le go mbeadh daoine ón cheantar ábalta cónaí iontu go neamhspleách, agus a bheadh a reáchtáil ag Feidhmeannach na Seirbhísí Sláinte. Tá imní a léiriú faoi na haonaid seo agus tá deascéala ag Piaras.
Beidh táirgí muicfheola de chuid an Chomhlachta Corveen Glen Meat, atá lonnaithe i nGaoth Dobhair, ar fáil in Ollmhargaidh Lidl ón lá inniu.
Ta easpa seirbhísí fá choinne daoine le riachtanais speisialta san Iar Thuaisceart a dúirt Maire Mhic Giolla Chomhaill, Bainisteoir Ionad Naomh Padraig Dobhair, i nGaoth Dobhair.
Níl sé ceart go bhfuil ar dhaoine óga 5% sa bhreis a íoc ar an chostas le teach a thógáil siocair an cáin carbón atá ar bhrící, a dúirt Ciaran Mac Giolla Easpaig, ó Chomhlacht Concréid Mhic Giolla Easpaig i nGaoth Dobhair.