POPULARITY
Tá cluiche mór ag Dún na nGall ar an Domhnach i bPáirc an Chrócaigh, beidh lá stairiúil ag fear eile ar an Domhnach fosta, sin Micheal Ó Murchú agus é réidh le himirt. 200ú cluiche dá chontae agus labhair sé fosta faoin scéal brónach ar maidin go bhfuair Donald Ó Breisleáin bás, iar imreoir do Ghaoth Dobhair agus do Dhún na nGall.
Labhair Micheál Mac Giolla Easbuig le Aodh Máirtín Ó Fearraigh faoin lá oscailte atá ar siúl i gteic Ghaoth Dobhair inniu.
Labhair Emma faoi na Campaí Samhraidh a bheas ar siúl sa Chrannóg i mbliana agus cad mar atá ag éirí léi ina ról úr mar bhainisteoir faoi oiliúint ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.
Tá tús le cur le campa samhraidh úr do dhéagóirí i nGaoth Dobhair, Na Fianna Óga.
Bhí go leor fadhbanna uisce i gceantar Ghaoth Dobhair thar an deireadh seachtaine agus b'eigean an bhialann dTigh Shéain Óig a dhruid luath Dé hAoine de bharr easpa uisce.
Seolfar plean comhtháite Ghaoth Dobhair in Amharclann Ghaoth Dobhair inniu.
Craoladh Barrscéalta beo ó Amharclann Gaoth Dobhair inniu áit a raibh Plean Comhtháite Ghaoth Dobhair á sheoladh. Labhair Michelle le go leor acu sin a bhfuil baint acu leis an phlean seo.
Inniu ar Cartlann na Céadaoine, téann muid siar go dtí'n bliain 1976, labhair Johnny Ó Dochartaigh, Johnny Eoghan Hiúdaí, Gréasaí Bróg Ghaoth Dobhair le Feardorcha Ó Colla, bhí sé de nós ag daoine iarracht a dhéanamh cúpla pigín a shábháil agus iad ag fail bróga cóirithe in áit a gcaitheamh ar shúil.
Seo Seachtain na Rothar 2026 agus tá go leor grúpaí agus coistí ag díriú a n-aird ar chúrsaí rothaíochta - ina measc tá Ionad Óige Ghaoth Dobhair agus labhair Paula Mhic Cumhaill, Oifigeach Óige agus Oideachais Ionad Óige Ghaoth Dobhair linn faoin togra seo.
Mír rialta faoi chúrsaí teicneolaíochta agus ríomhaireachta ag caint inniu ar Phrionsias Ó Muireagáin a fuair bás ag deireadh na seachtaine, Bhí gnó clódóireachta, ‘Cló na Rosann' ag Prionnsias Ó Muireagáin ag Stáisiún Ghaoth Dobhair sna seachtóidí agus ba iar-mhúinteoir ealaíona é i bPobalscoil Ghaoth Dobhair.
Mír rialta le ball den Gharda Síochana sa Chontae le heolas faoi eachtraí a tharla sa chontae le seachtain. Plé inniu faoi mar a bhí rudaí sa chontae thar an deireadh seachtaine saoire bainc, faoi eachtraí ord poiblí a tharla i gceantar Ghaoth Dobhair le linn an deireadh seachtaine agus faoi eachtraí gadaíochta éagsula a tharla le tamall.
Don dara bliain as a chéile bhain comhlacht dhaltaí Phobalscoil Ghaoth Dobhair an chéad áit sa Chraobh Náisiúnta den chomórtas fiontraíochta, Clár na gComhlachtaí Udaras na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland.
Tá Denis linn ag labhairt faoi leabhrán digiteach úr atá a sheoladh amárach ar an Chlochán Liath dar teideal ‘Cúrsaí Airgid' nó ‘Money Matters' le cuidiú leat bainistiú a dhéanamh ar chúrsaí airgid.
Tá sé chor a bheith bliain anois ó tharla an tine i dTeach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga, tine a rinne scrios iomlán ar an Teach Pobail Luan Casca 2025. Tá dul chun cinn a dhéanamh de réir a chéile leis an Teach Pobail a áth-thógáil in athuair agus tá an teolas is deireanaí ag an Athair Brian dúinn faoin dul chun cinn sin.
Tá grúpa as Pobalscoil Ghaoth Dobhair ag ullmhú le dul go Missouri i Meiriceá gan mhoill le páirt a ghlacadh i gCraobh an Domhain de Vex Robotics. Thug Damien Ó Dónaill cuairt ar an scoil agus labhair sé leis an mhúinteoir agus na daltaí.
Cuirfear tús le hÉigse Uladh anocht i nGaoth Dobhair anocht ag díriú ar an téama ‘An Screabán 1966-2026'.
Bua de phointe amháin a bhí ag peileadóirí Faoi 20 Dhún na nGall ar Fhear Manach aréir ina gcéad chluiche craoibhe i mBun Cranncha, an scór deiridh, Dún na nGall 2-15, Fear Manach 3-11. Labhair léiritheoir an chláir, Conor Ó Gallachóir le Cathal Rua i ndiaidh an chluiche.
Beidh Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus Aisteoirí an Sciobóil, Anagaire ag tabhairt aghaidh ar Chathair na Mart an deireadh seachtaine seo don Fhéile Náisiúnta Drámaíochta.
Cuirfear tús le sraith úr teilifíse Dé Luain seo chugainn, an 16ú Márta ar RTÉ1 ag 8.30, ‘Slán go Feoil' teideal na sraithe agus sa tsraith seo tcífidh muid daoine a ghlacann leis an dúshlán staonadh ó a bheith ag ithe feola ar feadh tréimhse ama.
Ag cur síos ar an fhéile ccoildrámaíochta áitiúil a bheas ar siúl anseo i nGaoth Dobhair an tseachtain seo.
Ag cur síos ar pharáid Lá Fhéile Phádraig i nGaoth Dobhair i mbliana, an tábhacht a bhaineann le daoine a bheas ag glacadh páirt sa pharáid clárú leis an Chrannóg ar mhaithe le cúrsaí aráchais agus ar imeachtaí eile a bheas ar siúl acu le linn na míosa seo.
Máire Ní Chasaide, Cathaoirleach an Chomhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair, Mairéad Uí Fhíoruisce atá mar bhall den bhord, bainisteoir an Chomhar Creidmheasa, Anne Marie Uí Cholla, Treasa Mhic Suibhne agus Maireád Ní Ghallchóir baill foirne sa Chomhar Creidmheasa.
Tharla tine i gClubtheach CLG Ghaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine agus a bhuíochas do roinnt daoine a chonaic an toit luath cuireadh smacht ar an tine in am ghairid.
Bhí ábhar cheiliúrtha ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar na mallaibh nuair a d'éirigh leo an gradam a bhaint don mheánscoil spóirt is fearr ag Gradam Spóirt Dhún na nGall. Thug Damien Ó Dónaill cuairt ar an scoil agus labhair sé le Danny Ó Cuireáin faoin éacht atá bainte amach acu.
Tá scéim ar bun ag Siopa Mhicí i nGaoth Dobhair le roinnt blianta ina dtugann siad tacaíocht do chumainn spóirt i bparóistí Ghaoth Dobhair, na Rosa agus Chloich Cheann Fhaola. Tá Lisa Mhic Giolla Bhríde, duine de stiúrthóirí Siopa Mhicí agus ball foirne atá ag obair ansin le blianta fada, Máirtín Ó Fríl linn le labhairt faoin scéim seo.
Beidh ócáid eolais ar siúl sa Chrannóg anseo i nGaoth Dobhair amárach faoi thithíocht shóisialta.
Tá Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair i mbun earcaíochta san am i láthair agus iad ag lorg Bainisteoir Faoi Oiliúint.
Manager of the Glenamaddy Community School Junior Girls Team, John Kennedy, spoke to Galway Bay FM's John Mulligan after a 5-2 victory over Pobailscoil Ghaoith Dobhair in the All-Ireland semi-final played at the Showgrounds in Sligo on Tuesday afternoon.
In 2008, craoladh pacáiste bunaithe ar Scéim Séarachais Ghaoth Dobhair agus sin mír na cartlainne inniu i 2026, níl mórán athrú ar an scéal ó bhí an bhliain 2008 ann.
Dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go bhfuil sé scannalach nach bhfuil Scéim Séarachais Ghaoth Dobhair luaite i bPlean Caipitil Uisce Éireann.
Beidh an gheamaireacht Aladdin a léiriú ag aisteoirí Ghaoth Dobhair in Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh trí oíche an tseachtain seo. Tá cléir óg agus stiurthóir óg ar gheamaireacht na bliana seo agus labhair Conor Ó Gallchóir le roinnt acu an tseachtain seo.
D'éirigh le Pobalscoil Ghaoth Dobhair aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta faoin Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta. Bhí cigireacht ar bun sa scoil an tseachtain seo ag an Roinn Oideachais agus beidh aitheantas oifigiúil a bhronnadh ar an scoil gan mhoill.
Dhéanfaidh Aisteoirí Ghaoth Dobhair an dráma Cuairt an Uachtaráin a léiriú in Amharclann Ghaoth Dobhair Dé hAoine agus Dé Satharn seo.
Fógraíodh ag an deireadh seachtaine go bhfuil an comhlacht ailtireachta as Doire, Mullarkey Pederson le ceapadh le dearadh a dhéanamh ar Theach Pobail úr Dhoirí Beaga a dódh go talamh ar Luan Cásca na bliana seo.
Beidh seoladh oifigúil Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar siúl inniu beo ar an chlár Coisir Cheoil ó Thigh Mhadáin i mBéal Feirste.
Beidh Club Óige, Ionad Óige Ghaoth Dobhair ag athoscailt agus beidh clárú ar siúl Dé Céadaoin, an 19 Samhain ag 6:00 i.n.
Sheol Áras Ghaoth Dobhair feithicil úr iompar go hoifigiúil ar an Aoine seo a chuaigh thart ag ócáid a bhí ar siúl san ionad sa dóigh is go mbeidh modh iompar ar fáil do chliaint an ionaid le go mbeifí in ann iad a thabhairt amach ar thurais agus ar chuairteanna éagsúla sa pharóiste agus sna ceantar maguaird.
Tá Seachtain Sábháilteachta Dóiteáin ar siúl go náisiúnta an tseachtain seo agus tá Noel linn inniu le comhairle a thabhairt dúinn faoin ábhar seo.
Labhair Damien Ó Dónaill leo seo a leanas i ndiaidh bua Naomh Conaill ar Ghaoth Dobhair. Jeaic Mac Ceallbhuí, Mary agus Cróna Regan, Paddy Ó Dochartaigh, Daniel Mac Gaoithín agus Seosamh Mac Ceallbhuí. Tá blaiseadh de ‘Naomh Conaill' píosa filíochta nua-chumtha le Dónal Ó Ceallaigh le cloisteáil mar chuid den phacáiste fosta.
Ag déanamh plé ar chluiche ceannais sinsear peile Dhún na nGall ar an Domhnach, áit a raibh lámh in uachtar ag Naomh Conaill ar Ghaoth Dobhair.
Tá muid ag druidim i dtreo chluiche ceannais peile na contae ar an Domhnach idir Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill. Fuair Conor Ó Gallachóir an deis labhairt le bhainisteoir Ghaoth Dobhair, Rónán Mac Niallais ag an ócáid preas a bhí ar siúl ar an tseachtain seo a chuaigh thart.
Cuirfear tús leis an fhéile ealaíne agus leabhar do pháistí, Wainfest, Dé Sathairn seo, an 4ú Deireadh Fómhair agus mairfidh sé ar feadh seachtaine go dtí an 12ú Deireadh Fómhair. Tá Denis linn le plé a dhéanamh ar fhéile na bliana seo agus na himeachtaí a bheas ag tarlú.
Tá suíomh idirlíon úr seolta ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair a bheas ar siúl idir an 28ú-31ú Nollaig agus tá clár na féile agus achan eolas eile ar fáil ar an tsuíomh úr seo.
Beidh cruinniú ar siúl anocht ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair in Amharclann Ghaoth Dobhair le plé a dhéanamh ar chúrsaí drámaíochta sa cheantar.
Bhí cruinniú ar siúl aréir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair mar chuid den phróiseas chomhairliúchán poiblí maidir le haththógáil Theach Pobail Mhuire sna Doirí Beaga.
Ag cur síos ar chruinniú poiblí a bheas ar siúl anocht le tuairimí an phobail a fháil faoi aththógáil Theach Pobail Mhuire, Doirí Beaga.
Tá taispeantas an ghrúpa ealaíne Plein Air ar siúl i Leabharlann Ghaoth Dobhair, tá 55 saothar péintéireachta ó Ghaeltacht Thír Chonaill le feiceáil sa taispeantas seo.
Ag caint faoin mhéid atá an Comhar Creidmheasa ag tairiscint faoi láthair le cuidiú le teaghlaigh agus tús a chur gan mhoill leis an bhliain acadúil úr.
Cuireadh tús le trí chomhlacht úr ar na moillibh i bparóistí Ghaoth Dobhair, na Rosann agus Chloich Cheann Fhaola.
Pleananna do Sheanteach an Phobail sna Doirí Beaga le cur faoi bhráid an phobail inniu.