POPULARITY
Tar éis bás a athar, gheall Séamus Ó Tuama go gcríochnódh sé féin an leabhar a bhí tosaithe ag a dhaid, Diarmuid. Leabhar ar stair Bhéal Feirste atá ann ó pheirspictíocht phoblachtánach, le scéal muintir Uí Thuama féin agus an t-eispéireas a bhí acu féin fite fuaite le stair chorraitheach na cathrach féin. Leanann an leabhar turas na clainne, ó fhear óg Corcaíoch a bhog ó thuaidh i ndiaidh an Ghorta Mhóir, tríd na pogroms le linn na 1920ídí, agus na Trioblóidí a lean, go dtí Séamus agus a hathair Diarmuid agus an ról a bhí acu i réabhlóid na Gaeilge sa chathair. Bhí an-aithne ag Gaeil Bhéal Feirste ar mhuintir Uí Thuama, go háirithe mar gheall ar obair Dhiarmuid mar phríomhoide Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad scoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Ar Seachtain, labhraíonn Séamus Ó Tuama faoina leabhar úr ‘Béal Feirste: Belfast' agus faoin saol sa chathair a mhúnlaigh a mhuintir. Cé gur scéal é atá lán de choimhlint agus de thráma thar na glúnta, feiceann Séamus toradh dearfach sa lá atá inniu ann i bhfoirm na hathbheochana cultúrtha agus teanga atá ag bláthú i mBéal Feirste. Foclóir: Dornán de pháistí: A handful of children Obair dheonach: Voluntary work Tiomsú airgid: Fundraising Cinnteacht: Certainty D'fhág sé a lorg: He left his mark Leac uaighe: Gravestone Borb: Abrupt Fréamhaithe: Rooted Do shinsir: Your ancestors Cartlann mhíleata: Military archives Críochdheighilt: Partition A shin-seanathair: His great-grandfather Ceannaire: Leader Dearfach: Positive Saorstát: Free state Scoilt: Divide Creatlach: Framework Bearna: A gap *Suirbhé le haghaidh deis dearbhán 500 euro One4All a bhuachaint: Téigh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cód ‘POD' isteach.* See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Seachtain ag teacht beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026! Ar feadh seachtaine tháinig na sluaite go Béal Feirste chun sult a bhaint as an cheol, na comórtais agus as an chathair féin. Den chéad uair riamh, bhí Fleadh Cheoil na hÉireann á reáchtáil i bpríomhchathair an Tuaiscirt agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag céiliúradh 75 bliain ar an fhód. Chuir Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta as an Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara gach duine faoi gheasa lena gcuid ceoil thraidisiúnta le linn na Fleidhe. Bhí siad báite sa cheol ó bhí siad sa chliabhán agus anois tá siad ag tabhairt an cheoil sin ar fud an domhain. Bhí Séamus agus Caoimhe i gcuideachta Áine Ní Bhreisleáin. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Go leor ag maíomh go cheart do Bhéal Feirste ceachtanna a fhoghlaim ón méid a baineadh amach le linn Fleadh Ceoil na hÉireann le seachtain anuas.
Bhí sár tháispeántas ceoil nach bhfacthas le tamall fada ag Aifreann na Fleidhe i dTeach Pobail Phádraig, Béal Feirste inné, Aifreann a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Chuala muid an Cór Gaelach as Domhnach Mór i dTír Eoghain, faoi stiúr Karen Kirby agus an Ceolfhoireann faoi stiúr Patrick Davey.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá an Iaráin agus Óman tar éis teacht ar shocrú ag díriú ar chúrsa do longa frí Chaolas Hormuz, agus oíche Dé Céadaoin, bhí siad ag cur bailchríoch ar phlean chun an pasáiste a chomhbhainistiú, a dúirt urlabhraí thar ceann aireacht gnóthaí eachtracha Tehran. Ghabháil an Iaráin seilbh de facto ar an chaolas, atá ina uiscebhealach straitéiseach don tradáil fuinnimh domhanda, ó thosaigh na Stáít Aontaithe agus Iosrael ionsaí in aghaidh na hIaráine ar 28 Feabhra i mbliana. Tá sé ráite ag Uachtarán na Stát Aontaithe arís agus arís eile go bhfuil an-dúil ag an Iaráin i mbeart a dhéanamh leis an chúrsa a athfhoscailt do loingeas, ach séanann an Iaráin é seo agus deir go ndéanfaidh siad socruithe lena gcomharsa traschaolais, Óman. Roimh an chogadh, chuaigh thart ar an chúigiú cuid den ola domhanda agus onnmhairí LNG frí Hormuz, agus tharla borradh praghsanna arís agus arís eile ó thús an aighnis faoin uiscebhealach, ag cur leis an bhrú geilleagrach agus polaitiúil ar Washington críoch a chur leis an chogadh. Gabhadh bean i lár Londan as ionsaí sá “fánach” ar cheathrar fear le linn na seachtaine, eachtra a bhí ina hionsaí “scoite” a bhain le meabharshláinte, de réir póilíní. Tharla an t-ionsaí ag am lóin in Covent Garden, ceantar túrasóireachta na príomhchathrach atá lán le tithe tabhairne, amharclanna agus bialanna. Fuair beirt fhear cóir leighis san ospidéal le haghaidh gortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad. Coinníodh an bhean faoi choimeád tar éis di a ghabháil as arm ionsaitheach a bheith ina seilbh, a chreidtear gur siosúr a bhí ann, agus as ionsaí a dhéanamh. Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh tús oifigiúil le ceiliúradh cheol agus chultúr na hÉireann i lár Bhéal Feirste, agus baineadh triail as uaireanta foscailte breise do shiopaí. Rithfidh Fleadh na hÉireann go dtí an Domhnach 9 Lúnasa, le breis agus 200 imeacht agus 180 comórtas ceoil ag ionaid éagsúla, tithe tábhairne agus ar na sráideanna. Meastar gur tháinig 170,000 cuairteoir chuig lár na cathrach Dé Domhnaigh agus 165,000 Dé Luain, agus táthar ag súil go sárófar an réamh-mheas roimh ré de 800,000 cuairteoir. Seo í an chéad bhliain inar tharla an fhéile cheoil bhliantúil i mBéal Feirste agus an darna huair a raibh sí lonnaithe i dTuaisceart Éireann, tar éis di a bheith i nDoire in 2013. Fógraíodh an t-imeacht i mbliana mar an t-imeacht ina bhfuil an éagsúlacht chultúrtha is fearr i stair na féile, le rannpháirtíocht trasphobail agus ceiliúradh traidisiún um Tuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbailchríoch - finishing touchesloingeas - shippingionsaí sá - stabbing attackgortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad - non life-threatening injuriesréamh-mheas - projectionrannpháirtíocht trasphobail - cross-community participation
Clár iomlan le ceol beo agus comhrá a chur i láthair ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Damien Ó Dónaill.
Agallaimh le MaryClaire Nic Uilliam, John Ó Fearraigh agus Séimí Mac Aindreasa agus Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i mBéal Feirste don chéad uair riamh. Eadra le Cara Nic Giolla Chomhaill – clár nuachta Gaeilge ar Raidió na Life 106.4 FM, ó Luan go hAoine ag 10:00, le nuacht agus anailís.
Iomaitheoirí óga a bheidh istigh ar na comórtais do bhonn uile-Éireann ag Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste.
Tá Seachtain beo ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2026! Is é seo an chéad uair don Fleadh teacht go Béal Feirste, áit ina mbeidh breis agus 800,000 cuairteoir ag freastal ar an bhféile! Le linn na seachtaine seo, tiocfaidh anam isteach sa chathair le taibhithe sráide, seisiúin ceoil, seónna stáitse, céilithe, agus comórtais. Ach le 75 bliain á chéiliúradh ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, amharcann muid siar ar an meath a bhí tagtha ar an gceol traidisiúnta sular bunaíodh an eagraíocht. Agus fiosraíonn muid cad chuige a bhfuil daoine ar fud fad na cruinne chomh tógtha le ceol traidisiúnta na hÉireann? Beirt cheoltóir atá fite fuaite go dlúth le ceiliúradh na seachtaine seo ná an fidléir iomráiteach Dónal O'Connor agus an t-amhránaí agus portaire béil cumasach Róise Ní Mhurchú. Bhí an beirt i gcomhluadar Áine Ní Bhreisleáin ag an bhFleadh.See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuirfear tús an deireadh seachtaine seo le Fleadh Cheoil na hÉireann, a bheidh ar siúl i mbliana i mBéal Feirste. Ón Domhnach, go ceann seachtaine, cuirfidh Béal Feirste fáilte roimh suas le 800,000 cuairteoir a thiocfaidh ó cheann ceann an domhain.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail. Tháinig deireadh le dhá chomórtas spóirt mór le rá Dé Domhnaigh seo caite. Sa tráthnóna, bhuaigh Luimneach Craobh Iomána na hÉireann den séú huair le naoi mbliana anuas. Bua compordach a bhí ann do Chontae an Chonartha agus agdeireadh an chluiche bhí cúl amháin agus naoi gcúilín is fiche acu in aghaidh cúl agus ocht gcúilín déag de chuid na Gaillimhe. Níor bhain Fir na dTreabh Corn Liam Mhic Cárthaigh ó bhí 2017 ann. Ina dhiaidh sin, oíche Dé Domhnaigh, imríodh cluiche ceannais Chorn an Domhain in New Jersey, agus bhí an bua ag an Spáinn den dara huair i stair na tíre. Bhí smacht láidir acu ar an chluiche,agus níor éirigh leis an Airgintín an liathróid a thabhairt dá gceannaire, Lionel Messi, a bhí ag imirt i gCorn an Domhain den uair dheireanach agus é naoi mbliana is tríocha d'aois. Ba é Kylian Mbappé a bhuaigh an Bhróg Órga, agus deich gcúl scóráilte aige le linn an chomórtais. Beidh cluiche ceannais Chraobh Peile na hÉireann ar siúl amárach, agus na curaidh reatha Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo.Tá na húdaráis sa Spáinn agus sa Fhrainc ag streachailt le smacht a choinneáil ar fhalscaithe atá ag scaipeadh mar gheall ar an tonn teasa san Eoraip. Bhí ar níos mó ná ceathrú milliúin duine an baile a fhágáil de bharr na dtinte, go háirithe gar do Bordeaux in iardheisceart na Fraince agus in Ávila, lastiar de Mhaidrid. D'éiligh Príomhaire na Spáinne Pedro Sanchez "Comhaontú Náisiúnta in aghaidh na hÉigeandála Comhshaoil" le dul ingleic leis an ghéarchéim. Bhí falscaí in Am Monadh Ruadh in Albain fosta, agus aslonnaíodh sráidbhaile darb ainm Nethy Bridge. Meastar nach mbeidh mórán fearthainne ann don chuid eile de mhí Iúil.Fuair buachaill óg ó Bhéal Feirste aistriú croí Dé Máirt. Tá siondróm hipeapláiseach croí clé ar Dháithí Mac Gabhann ó rugadh é sa bhliain 2016, rud a chiallaíonn nár cruthaíodh taobh clé a chroí i gceart. Chuaigh Dáithí faoi scian in Newcastle i dtuaisceart Shasana agus dúirt a athair Máirtín go bhfuil a bheola bándearg den chéad uair riamh, mar go raibh dath gorm orthu roimhe seo. Tugadh dlí úr isteach trí bliana ó shin ar a dtugtar 'Dlí Dháithí', le go mbeidh daoine ina ndeontóirí orgáin go huathoibríoch, muna bhfuil sé ráite go soiléir nár mhaith leo a bheith.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISContae an Chonartha - the Treaty CountyFir na dTreabh - the Tribesmenfalscaithe - wildfiresAm Monadh Ruadh - the Cairngorms (Gàidhlig na hAlban)siondróm hipeapláiseach croí clé - hypoplastic left heart syndromedeontóirí orgáin - organ donors
Tháinig an deáscéala inné ó mhuintir Dháithí Mhic Gabhann as Béal Feirste go bhfuil aistriú croí faighte ag an ghasúr óg. Naoi mbliana d'aois atá Dáithí a bhí ag fanacht le croí úr ó 2018. Labhair athair Dhaithí, Máirtín linn ar maidin.
Níos deirní ar maidin inniu glacadh Andy Burnham a mhóid oifige mar Phríomh Aire nua na Breataine, an 7ú ceannaire rialtais le deich mbliana, ach céard a chiallóidh an t-athrú do na 6 Chontae agus don chaidrimh le rialtas na hÉireann?
Bhí an cúrsa, Blaiseadh na Gaeltachta ar siúl i Rann na Feirste le gairid agus d'fhreastal scór duine as ar fad fud na cruinne ar an chúrsa a bhí ar siúl don tríú bliain as a chéile. Thug siad cuairt orainn anseo agus labhair cuid de na rannpháirtithe agus na teagascóirí linn.
Tá an aimsir ag cur isteach ar Mhary Aggie agus í gan dóigh leis an teas mór.
Beidh lá mór teaghlaigh ar siúl i Rann na Feirste ar an Domhnach seo agus Coiste Forbartha Rann na Feirste ag cur tús lena bhfeachtas le páirc úr astro agus gairdín céadfaí a fhorbairt.
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie.
Ainmníodh Carraig Airt mar bhuaiteoirí ghradam an tSráidbhaile is Feistiúla in Éirinn sa Chomórtas “Na mBailte is Feistiúla in Éirinn” inné ag ócáid a bhí ar siúl in Halla Riddel i mBéal Feirste.
Beidh comhdháil ar siúl in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste ar an Déardaoin seo dírithe ar Chaighdeáin in Reachtaíocht agus i gCur Chun Cinn Teanga. Is é Oifig an Choimisinéir Gaeilge atá ag reáchtáil na hócáide.
Seolfar Fleadh Cheoil na hÉireann go hoifigiúil i mBéal Feirste inniu.
Seolfar an leabhar “Maith Thú A Mhicí” le Micí Sheáin Néill Ó Baoill i Rann na Feirste anocht. Bhí an leabhar as cló le tamall, agus seo an tríú eagrán den leabhar. Labhair Conor Ó Gallachóir le Brídanna agus Eileen faoin ócáid.
This podcast with Roís- Máire was recorded shortly after the horrific stabbing incident in North Belfast and before the racist pogroms which followed. It was also before the PSNI warned the Belfast Ard Mheara that her life was in danger. It has been a difficult week especially for those citizens evicted from their homes. We stand in solidarity with them. Racism is the first cousin of sectarianism. The majority of people are opposed to both these negative evils. Elon Musk and others who support these despicible actions from afar should shut up. The good people who helped our neighbours are to be commended. Belfast says NO to racism.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille.Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an tseachtain seo maidir le líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí i gcoinne Bill Kenneally. Deirtear sa tuairisc gur theip go tromchúiseach ar bheirt oifigeach sinsearach den Gharda Síochána gníomhú i gceart nuair a tháinig líomhaintí chun cinn in 1987. Cé gur admhaigh Kenneally cuid dá iompar ag an am, níor cuireadh fiosrúchán cuí ar bun agus níor cuireadh stad lena chuid gníomhaíochtaí. Tá Kenneally i bpríosún faoi láthair as drochúsáid ghnéasach a dhéanamh ar 15 bhuachaill idir 1979 agus 1990. Cháin an tuairisc Bord Sláinte an Oirdheiscirt as gan eolas a bhí ar fáil dóibh ag an am a fhiosrú. Tá tagairt déanta do dhaoine áirithe i bpoist údaráis a raibh eolas acu faoi na líomhaintí thar na blianta. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí fiosrúchán práinneach maidir le hoifigigh phoiblí agus aon fhaillí a raibh déanta acu ina ndualgas. Braitheann roinnt marthanóirí go léiríonn an tuairisc go raibh an ceart acu ina seasamh, cé go bhfuil fearg orthu faoi na deiseanna a cailleadh chun cosc a chur ar an drochúsáid. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Jim O'Callaghan, go ndéanfaidh sé machnamh ar thorthaí na tuarascála agus go mbuailfidh sé leis na híospartaigh.I mBéal Feirste, tá an duine a gortaíodh san ionsaí scine a tharla oíche Luain i gcóma go fóill. Chaill Stephen Ogilvie súil amháin san ionsaí. Leanann an chorraíl ar aghaidh timpeall na cathrach. D'úsáid na póilíní gunna uisce ag Timpeallán Sandyknowes i nGleann Ghormlaithe, chun slua mór a scaipeadh tar éis ionsaithe leanúnacha ar na póilíní. Caitheadh brící, buidéil agus píosaí adhmaid ag na póilíní, agus rinne grúpaí de dhaoine a raibh masc orthu damáiste d'fhálta ag tithe áitiúla chun iad a úsáid mar airm. Tuairiscíodh tinte i roinnt áiteanna, lena n-áirítear feithicil de chuid an Roinn Bonneagair agus boscaí bruscair, agus rinneadh iarrachtaí foirgneamh tréigthe a chur trí thine. I roinnt cásanna, caitheadh buamaí peitril i dtreo línte na bpóilíní. Chuir an chorraíl isteach ar iompar poiblí ar fud na sé chontae ó thuaidh, agus dúnadh roinnt scoileanna go luath. Tá an foréigean seo cáinte go mór ag na húdaráis, a d'iarr ar dhaoine fanacht socair. Leanfaidh fiosrúcháin ar aghaidh maidir leis an gcéad ionsaí agus ar na himeachtaí a tháinig ina dhiaidh sin.Tá an Corn Domhanda FIFA tosaithe go hoifigiúil, an comórtas peile idirnáisiúnta is mó ar domhan, a bhíonn á reáchtáil gach ceithre bliana. Den chéad uair riamh, tá an comórtas ar siúl i dtrí thír - Meicsiceo, Ceanada agus na Stáit Aontaithe. Beidh cluichí i 16 chathair ar fud Mheiriceá Thuaidh, lena n-áirítear Cathair Mheicsiceo, Vancouver agus Nua-Eabhrac. Beidh 48 foireann páirteach sa chomórtas, roinnte i 12 ghrúpa de cheithre fhoireann. Laistigh de na grúpaí seo, imreoidh gach foireann trí chluiche. Rachaidh an dá fhoireann is fearr as gach grúpa ar aghaidh go huathoibríoch. Ansin, rachaidh ocht bhfoireann eile ar aghaidh freisin mar na foirne tríú háit is fearr. Cruthóidh seo na 32 foireann sa bhabhta díbeartha. Ón mbabhta díbeartha ar aghaidh, má chailleann foireann cluiche ar bith, fágfaidh siad an comórtas. Má bhíonn scór cothrom tar éis am breise, beidh ciceanna pionóis leis an mbuaiteoir a shocrú. Tá cluichí á n-imirt ar fud na gcathracha óstacha, agus leanfaidh an comórtas ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais, a bheidh ar siúl i Nua-Gheirsí ar 19 Iúil 2026.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí - allegations of child sex abusemarthanóirí - survivorsan Roinn Bonneagair - Department for Infrastructurego huathoibríoch - automaticallybabhta díbeartha - elimination round
Labhraíonn Emmet Ryan le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine - AI, Love Island, Béal Feirste, An Corn Domhanda agus eile.
Ag caint ar dtús ar na léirsithe atá ar siúl i gcathair Bhéal Feirste ón Mháirt, áit a bhfuil cónaí ar féin, agus ar an ócáid atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge anseo i nGaoth Dobhair san oíche amárach dírithe ar an téama Éire Aontaithe.
Ag cur síos ar mar a bhí cúrsaí i mBéal Feirste aréir áit a bhfuil círéibeacha ar siúl le cúpla oíche, ghabh na póilíní seisear déag sa chathair aréir agus fágadh dhá phóilín déag gortaithe in eachtraithe éagsula.
Tharla agóidí i gcathair Bhéal Feirste aréir, agus in áiteacha eile ó thuaidh mar gheall ar eachtra inar gortaíodh fear i dtuaisceart na cathrach oíche Dé Luain.
Bhí imní a léiriú i rith an lae inné go dtarlódh agóídí ar fud na cathrach i ndiaidh d'fhear as an tSudáin ionsaí a dhéanamh ar fhear eile sa Chathair le scian Dé Luain. Dódh tithe, dódh carranna agus cuireadh bus ar thine le linn oíche d'fhoiréigin fíochmhar i mBéal Feirste aréir
Roghnaíodh Clodagh le hionadaíocht a dhéanamh d'Éirinn ag an chomórtas Miss Diamond i 2026.
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie. Bhí comhairle ag Mary Aggie inniu don lucht éisteachta faoi shuantraí le páistí agus linbh a chur a chodladh.
Ceol beo agus comhrá le h-aíonna éagsula ag Féile Na Meán Ceilteach 2026.
Cuirfear tús le sraith úr ‘Croí na Féile' ar TG4 san oíche amárach áit a dtéann an craoltóir le 2FM, Hugh Mac Giolla Chearra as Rann na Feirste ar chamchuairt ar fud na tíre agus é ag obair mar oibrí deonach ag feilte éagsúla.
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie.
Labhair fear de chuid an pholl dóite i Rann na Feirste, Odhrán Mac Ruairí, ó Cannes na Fraince áit a bhfuil an Fhéile Scannánaíochta ar siúl agus tá Odhrán ag obair thall ansin thart an coirnéal agus ag coinneáil súil ar an chraic uilig atá ag tarlú.
Fear na Rinne ag cur fé i mBéal Feirste - sáite i CLG Oirthear Bhéal Feirste le roinnt mhaith blianta anuas.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain dhramatiúil inar éirigh roinnt airí as an gcomh-aireacht in Westminster, iad ag rá nach bhfuil muinín acu as. Bhí sé i gcruachás mar thoradh ar na toghcháin áitiúla i Sasana inar chaill Páirtí an Lucht Oibre beagnach 1,500 comhairleoir ar fud na tíre, níos mó ná 450 i Londain amháin. D'admhaigh Starmer gur ndearnadh botúin le linn a théarma go dtí seo, ach go leanfadh sé ar aghaidh mar cheannaire an pháirtí agus mar Phríomh-Aire mar sin féin, cé gurb iad Reform an páirtí is mó anois agus Nigel Farage faoi lán seoil go Sráid Downing, de réir cosúlachtaí. Ba é Wes Streeting an chéad iomaitheoir mór le héirí as Dé Céadaoin, agus d'fhógair an iar-Leas-Phriomh-Aire Angela Rayner Déardaoin go bhfuil a cuid fadhbanna cánach réitithe. Ceaptar go seasfaidh sí do cheannaireacht an pháirtí mura féidir le Méara Mhanchain Andy Burnham dul san iomaíocht. Níl cead ag éinne an cheannaireacht a bhaint amach gan a bheith ina fheisire ach dúirt Josh Simons tráthnóna Déardaoin go n-éireodh sé as a shuíochán le deis a thabhairt do Burnham i bhfothoghchán. Ainm eile a luaitear leis an bpost ná iar-cheannaire an pháirtí Ed Miliband, ach tá an chuma ar an scéal nach seasfaidh sé.Go cúrsaí ceoil anois, le píosa nuachta a bheidh spéisiúil do lucht éisteachta an amhránaí as Contae Lú, David Keenan. Tar éis taispeantáis rathúla ar fud na cruinne, ag féilte scannáin ó Krakow go Chicago, tá an clár faisnéise David Keenan: Focla ar Chanbhás le feiceáil faoi dheireadh ar Sheinnteoir TG4. Paddy Hayes a stiúr é, ainm atá ceangailte le hearnáil craoltóireachta na hÉireann le blianta fada, i measc a chuid saothar bhí an tsraith iriseoireachta Corp agus Anam. Leanann an clár nua seo David ar feadh caoga lá, le fócas ar leith ar an bpróiseas cruthaitheach a bhí aige agus é i mbun taifeadta. Chomh maith leis sin, pléann sé an streachailt phearsanta fanacht glan ó bhrú na meán sóisialta agus a scéal féin á insint. Dá bhrí sin, is féidir a bheith ag súil le léargas fileata ar dhuine dár gcumadóirí comhaimseartha is cumhachtaí, agus ar a thírdreach inmheánach shaibhir.Bhí breis is míle paisinéir sáinnithe ar long chrúsála amach ó chósta Bordeaux i rith na seachtaine tar éis ráig gaistreintrítis. Cé nár bhuail an tinneas ach caoga duine, b'éigean do gach duine acu fanacht ar bord nuair a bhásaigh turasóir amháin agus léirigh roinnt de na daoine eile comharthaí an ghalair. Rinneadh iniúchadh go sciobtha agus fuair na híospartaigh cúram éigeandála ó dhochtúir na loinge sular cuireadh i gcoraintín iad. D'fhág an long darb ainm ‘Ambition' Oileáin Shealtainn ar an 6ú lá de mhí na Bealtaine agus stop sí ar dtús i mBéal Feirste agus ansin i Learpholl sular shroich sí Bordeaux. Agus muid ag taifeadadh, bhí na húdaráis fós ag bailiú samplaí ó na paisinéirí ionas go bhfeadfaí iniúchadh níos iomláine a dhéanamh. Deirtear nach bhfuil aon bhaint ag an eachtra seo leis an ráig hantaivíris a tharla ar long chrúsála de chuid na hÍsiltíre, an MV Hondius, le déanaí, ach pé scéal é, bígí cúramach má théann sibh amach ar muir!*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomh-aireacht - cabinet (politics)feisire - MPearnáil craoltóireachta - broadcasting sectorléargas - insightcúram éigeandála - emergency careiniúchadh - investigation
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht le corp a fir chéile an long i San Héilin. Fuair sí féin bás fosta. Fuair paisinéir eile bás seachtain ó shin, agus bhí amhras ann an mbeadh cead ag an long teacht isteach sna hOileáin Chanáracha, mar gheall ar an víreas. De ghnáth, baineann an hantaivíreas le creimirí amhail luchóga agus francaigh, ach tagann sé ar dhaoine ó am go ham. Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Déardaoin nach bhfuil siad ag súil le heipidéim mar gheall ar an ráig.Tá maoiniú do Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann sábháilte i ndiaidh fógra an tseachtain seo go mbeadh deireadh ag teacht le tacaíocht an rialtais don tionscadal, atá ar an fhód le beagnach daichead bliain. Bunaíodh é in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, in 1987, le taighde a dhéanamh ar bhunús agus brí logainmneacha ar fud na Sé Chontae, ach d'fhógair an tAire Pobal Gordon Lyons, atá ina bhall den Pháirtí Daonlathach Aontachtach, nach mbeadh an maoiniú ar fáil a thuilleadh. Meastar gur £90,000 sa bhliain atá i gceist. Tháinig cor eile sa scéal, áfach, nuair a d'fhógair an tAire Geilleagair Caoimhe Archibald go gcuirfeadh a Roinn féin an maoiniú ar fáil. Shéan an tAire Lyons go raibh dearcadh frith-Éireannach aige.Bhain an craoltóir cáiliúil David Attenborough céad bliain amach inné. Rugadh é sa bhliain 1926 agus bhí suim aige sa dúlra ó bhí sé ina bhuachaill óg. Thosaigh sé ag obair leis an BBC ag tús na gcaogaidí agus bhí sé ina rialtóir ar an chainéal nua BBC2 sna seascaidí. Chruthaigh sé an clár faisnéise Life on Earth in 1979, agus ba sa tsraith seo go raibh cruinniú cáiliúil aige le grúpa goraillí i Ruanda. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana nuair a labhair sé leis an cheamara faoi éirim agus tuiscint na ngoraillí, agus ón am sin, bhí na milliún daoine timpeall an domhain tógtha lena chuid clár faisnéise agus go háirithe lena ghuth séimh. Tá go leor de na cláir sin le feiceáil ar shuíomh an BBC faoi láthair, agus tá neart imeachtaí eile ar siúl lena bhreithlá a cheiliúradh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISráig - outbreakcreimirí - rodentsan Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - the World Health Organisationmaoiniú - fundinglogainmneacha - placenamesfrith-Éireannach - anti-Irishcraoltóir - broadcasterrialtóir - controller
Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie.
Seolfaidh Niall an leabhar úr ‘The Last Century Boy' le Pat Boyle Ferry ag ócáid a bheas ar siúl ar an Chlochán Liath ag an deireadh seachtaine.
Seoladh Taighde, na deiseanna don Ghaeilge in Éire Aontaithe.
Seolfar taighde úr inniu a dhéanann scrúdú agus anailís ar ról na Gaeilge in Éirinn Aontaithe ag ócáid a bheas ar siúl in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste ar maidin. B'iad Conradh na Gaeilge a choimisiúnaigh an taighde.
Bhí scaifte i láthair ag ócáid i Rann na Feirste nuair a rinne Nóra Frainc Chonaill Uí Raghallaí leacht úr galánta den logainm Chloch a Phlúir a nochtú agus bhí Michelle i láthair, labhair sí le Joe Frainc Chonaill, Donnachadh Ó Baoill ó Choiste Náisiúnta Logainmneacha na hÉireann, Nóra Frainc Chonaill agus Annie Mhicí Jimí Uí Dhuibheannaigh.
Ag cur síos ar Ard Fheis Shinn Féin a bhí ar siúl mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine.
Sa bhliain 1988 labhair Bríd Bean Uí Bhrádaigh as Béal Feirste agus Doire Na Mainséar ó dhúchas le Timlín Ó Cearnaigh i ndiaidh bás a mic, Caoimhín Mac Brádaigh. Maraíodh Caoimhín Mac Brádaigh i reilig Bhaile an Mhuilinn le linn tórraimh triúr Gibraltar (Mairéad Farrell, Danny McCann, agus Seán Savage).
Mír grinn na seachtaine le Mary Aggie ag caint inniu ar an bhearradh gruaige a fuair Máire Uí Chomhaill as Ionad Naomh Pádraig Dobhair do charthanacht ag deireadh na seachtaine agus luach an bhreosla san am i láthair.
Mír grinn na seachtaine seo agus í ag caint faoin charghas agus í ag éirí dearmadach agus turas na spásairí go dtí an ghealach ar an Artemis 2.0
Beidh an ócáid ‘Cathair Cois Cuain' mar chuid den fhéile litríochta Gaeilge IMRAM ar siúl in Áras Mhic Reachtáin i mBéal Feirste san oíche amárach ag déanamh ceiliúradh ar Bhéal Feirste agus ar ealaíontóirí Bhéal Feirste mar chuid den ócáid.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá ‘s fiche de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Thug Gerry Adams fáilte roimh “dheireadh láidir” ar éileamh damáiste san Ard-Chúirt i Londain, a tharraing triúr íospartach d'ionsaithe de chuid an IRA Sealadach ina choinne. Mhaígh na héilitheoirí go raibh Adams faoi dhliteanas pearsanta i leith na ngorthuithe a bhfuair siad sna hionsaithe i Londain agus i Manchain in 1973 agus 1996. Dé hAoine, ar lá dheireanach na trialach, a mhair coicís, dhearbhaigh dlíodóirí na n-íospartach go raibh an t-éileamh in aghaidh iar-uachtarán Sinn Fein “scortha … gan ordú ar bith maidir le costas.” Tar éis an fhógra, chuir Adams ráiteas amach ag preasócáid i mBéal Feirste ag rá gur fhreastail sé ar an triail le meas a léiriú do na h-íospartaigh agus leis féin a chosaint “in aghaidh na smál agus na gcúiseamh fánach a cuireadh i mo choinne.” Cuireadh deireadh leis an triail tar éis naoi lá d'éisteachtaí os comhair an Bhreithimh Swift san Ard-Chúirt i Londain. Bhí an lámh in uachtar ag an scéinséir polaitiúla One Battle After Another ag na hOscars i mbliana, le sé bhua agus an pictiúr is fearr aige san áireamh. Bhuaigh an tÉireannach Jessie Buckley a céad Oscar ar son a róil mar bhean William Shakespeare, atá trína chéile tar éis bhás a mic atá aon bhliain déag d'aois. “Is rud ar leith é seo,” a dúirt Buckley. Ag trácht ar Lá na Máithreacha, ag deireadh a hóráide glactha, thiomnaigh sí a hOscar do “anord galánta chroí na máthar …. Go raibh míle, míle maith agat.” I measc na mbuaiteoirí eile, fuair an t-aisteoir Michael B Jordan ón scannán Sinners duais an aisteora is fearr, agus ba í Autumn Durald Arkapaw an chéad bhean ariamh ar bronnadh an duais cineamatagrafaíochta uirthi, mar gheall ar a hobair ar an scannán Sinners. Tráthnóna Dé hAoine, d'fhreastail na céadta daoine ar shochraid an cheoltóra Dolores Keane i gContae na Gaillimhe. Chuaigh an t-amhránaí ar shlí na fírinne agus í ina teach féin i nGaillimh Dé Luain seo caite, agus í 72 d'aois. Beidh cuimhne uirthi go deo mar dhuine den chór neamhaí guthanna ar an albam A Woman's Heart ó 1992, in éineacht le Eleanor McEvoy, Mary agus Frances Black, Sharon Shannon, agus Maura O'Connell. Ba bhall bunaidh í den ghrúpa aitheanta De Danann, agus bhí ceann de na guthanna sainiúla de cheol tíre agus tráidisiúnta aici, agus tionchar ollmhór ar cheoltóirí comhaimseartha ar nós Lisa O'Neill agus Lankum. Dúirt an tAthair Gannon, cara teaghlaigh mhuintir Keane, gurb í Dolores “duine de na daoine ab umhaile ar an domhan seo” agus “Fríd an clú uilíoch seo, nár athraigh sí mar dhuine riamh.”*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script le fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfaoi dhliteanas pearsanta - personally liablecúiseamh - accusationscéinséir - thrilleranord galánta - beautiful chaosneamhaí - heavenlyball bunaidh - founding member
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna.Ta an cogadh idir Iosrael, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, fós ar siúl. Ainmníodh Mojtaba Khamenei, mac an Ayatollah Ali Khamenei a maraíodh ag tús an chogaidh, mar Ardcheannaire nua na hIaráine Dé Domhnaigh. Gortaíodh é san ionsaí a mharaigh a athair, agus níl sé le feiceáil go poiblí ó shin. Léadh ráiteas in a ainm ar theilifís stáit na hIaráine Déardaoin, inar gheall sé díoltas ar son na nIaránach atá maraithe sa chogadh go dtí seo, agus mhol sé Caolas Hormuz a choiméad dúnta. De ghnáth, bíonn thart ar 25% de tháirgeadh ola an domhain á iompar tríd an gCaolas, agus tá an dúnadh ag ardú phraghas na hola agus ag cur isteach ar gheilleagar an domhain go mór. Mhaígh Khamenei gur ionsaíodh bunscoil i Minab d'aon ghnó, ina maraíodh breis agus céad go leith cailíní óga; tá fianaise láidir go raibh Stáit Aontaithe Mheiriceá freagrach as an ionsaí. Dúirt Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach molfadh sé árachas saoil a scríobh ar Khamenei. I Londain Dé Céadaoin, diúltaíodh an t-achomharc a thóg Seirbhís Ionchúisimh na Corónach san Ard- Chúirt i gcoinne an bhreithiúnais go raibh siad as am agus ródhéanach ag cúiseamh Liam Óg Ó hAnnaidh, an rapálaí mór le rá leis an ngrúpa Kneecap, le cion líomhaintí go raibh sé ag tacú leis an eagraíocht thoirmiscthe Hezbollah ag ceolchoirm in 2024. Dúirt Ó hAnnaidh, a úsáideann an ainm stáitse Mo Chara, gur scór a trí in aghaidh a náid atá ann do Kneecap, agus nach raibh an próiseas uilig faoin sceimhlitheoireacht in aon chur, acht faoin bPalaistín, agus dúirt sé nach mbeidh sé ina thost, nach mbeidh Kneecap ina dtost, agus nach mbeidh muintir Iarthar Bhéal Feirste ina dtost. Dúirt Seirbhís Ionchúisimh na Corónach go nglacann siad leis an mbreithiúnas, agus go ndéanfaidh siad úasdatú ar a próisis dá réir. Ta pobail ar fud Éireann agus an domhain ag ullmhú le Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh, agus beidh both ag Conradh na Gaeilge i Londain ar Chearnóg Trafalgar ag an bhféile amárach. In Éirinn, ainmníodh Paddy Claffey, an fear is sine sa tír, mar Ard-Mhaor na paráide i gClóirtheach, Contae Uibh Fhailí. Tá Paddy ceithre bliana is céad d'aois, agus ina thuairim tá a shaol fada mar thoradh ar bhia maith, teaghlach maith, agus an aclaíocht a mbaineann le obair chrua. Dúirt sé gur mór an onóir dó bheith ina Ard-Mhaor, agus go bhfuil sé ag súil le slua ollmhór ann.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISCaolas Hormuz - the Strait of Hormuzgeilleagar an domhain - the global economyd'aon ghnó - on purposeSeirbhís Ionchúisimh na Corónach - the Crown Prosecution Serviceeagraíocht thoirmiscthe - proscribed organisationArd-Mhaor - Grand Marshal