POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Emmanuel Macron i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Marine Le Pen i dToghchán Uachtaránachta na Fraince. Níor bhain Uachtarán reatha na Fraince an dara téarma amach ó rinne Jacques Chirac é fiche bliain ó shin. Chuir ceannairí éagsúla ar fud na hEorpa fáilte roimh bhua Macron, atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, cé go bhfuair Le Pen, atá i bhfad amach ar an eite dheis, os cionn 40%, de na vótaí, ardú suntusach ón vóta sa bhliain 2017. Ní raibh iarrthóir ón site chlé sa toghchán réitigh. Athrófar ainm Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nó NUIG, go "Ollscoil na Gaillimhe - University of Galway" i mbliana. Úsáidfear an teideal dátheangach seo, ina bhfuil tús áite ag an Ghaeilge, ar gach doiciméad oifigiúil de chuid na hollscoile. Ní hé seo an chéad athrú ar ainm na hinstitiúide. Bunaíodh an ollscoil mar Queen's University Galway sa bhliain 1845 ach athraíodh an t-ainm go Coláiste na hOllscoile, Gaillimh in 1908 agus tugadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh uirthi in 1997. Lonnaigh an scríbhneoir Breandán Ó hEithir a úrscéal "Lig Sinn i gCathú" i leagan ficseanaithe den ollscoil. Tá imeacht mór Gaelach ar siúl i Londain an deireadh seachtaine seo. Beartaíodh Gaeltacht Chois Tamaise dhá bhliain ó shin, ach cuireadh ar ceal í mar gheall ar phaindéim Covid-19. I mbliana, tá daoine ag taisteal go Londain le haghaidh deireadh seachtaine tumthach. I measc na n-imeachtaí atá ar siúl tá dianchúrsa Gaeilge, Pop Up Gaeltacht agus Comhdháil na Breataine, teacht le chéile ar líne agus ar an láthair de dhaoine ó gach cearn den oileán, chun plé a dhéanamh ar conas an Ghaeilge a chur chun cinn sa Bhreatain agus cearta teanga a bhaint amach i dTuaisceart Éireann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Uachtarán reatha - sitting President toghchán réitigh - run-off election tús áite - priority leagan ficseanaithe - fictionalised version Gaeltacht Chois Tamaise - Thames-side Gaeltacht deireadh seachtaine tumthach - immersive weekend
[English version below] Scéalta iad seo a chuireann síos ar thragóidí agus ar ghreann, ar an gcontúirt a ghabhann le saothrú na beatha ón bhfarraige agus ar ghaisciúlacht mhuintir Oileáin Árann. Cuireann an t-údar síos go báúil ar chruatan a phobail dhúchais agus ní sheachnaíonn sé cruacheisteanna. Bhí dearcadh cineálta, tuisceanach ag an bhFlaitheartach ar ainmhithe agus ar éanlaith freisin. Scríbhneoir paiteanta Gaeilge agus Béarla ab ea Tomás Ó Flaithearta (1890-1936) as Inis Mór, ar nós a dheartháir Liam, an scríbhneoir. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Aedín Ní Thiarnaigh agus Hannah Rice An Bhrachlainn Mhór, is a new edition of Ó Flaithearta's short stories, edited by Éamon Ó Ciosáin and published by Cló Iar-Chonnacht. This volume contains some previously published stories in Irish and a story in English, ‘Riders to the Sea', as well as stories and an unfinished novel which remained in manuscript after his death. They tell of island life, its tragedy and humorous moments, the fierce struggle of fishermen and small farmers eking out a living in the face of the elements. O'Flaherty describes his native community sympathetically and wrote from intimate knowledge of social customs, emigration, fishing and wildlife. This collection of short stories by Tomás Ó Flaithearta is prefaced by Seosamh Ó Cuaig and includes an essay on O'Flaherty by his nephew, the writer and well-known Inishmore journalist Breandán Ó hEithir (1930 – 1990). Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Aedín Ní Thiarnaigh and Hannah Rice
Journalist and author Ó hEithir catches the thrill and impact of Ó Cadhain's novel Cré na Cille. Set in a graveyard, its occupants, tormented by the slowness of time, are starved of gossip and action from life above ground. 'The Pleasures of Gaelic Literature' 1975/76 series featured writers on a writer in the Irish to which they were drawn.
"Radio Éireann agus athbheochan na Gaeilge" clár a rinne Diarmuid Breathnach sa bhliain 1976. Páirteach ann tá: Mairéad Ní Ghráda, Aindrias Ó Muimhneacháin, Seán Mac Réamoinn, Leon Ó Broin, Diarmaid ó hAlmhain, Proinsias Mac an Bheatha, Roibeárd Ó Faracháin & Breandán Ó hEithir.
Louis Marcus ó Chorcaigh ag déanamh cur síos ar a shaol agus é i mbun scannánaíochta agus eile ag caint le Breandán ó hEithir sa bhliain 1983.
Tom Hardiman, duine d'iar Phríomh Stiúrthóirí RTÉ, ag caint le Breandán Ó hEithir fá Radio Éireann/RTÉ agus eile sa bhliain 1983.
Eoghan Ó hAnluain ag déanamh léirmheas ar an leabhar "Lig sinn i gCathú" le Breandán Ó hEithir.
This paper analyses Breandán Ó hEithir's use of music in constructing and reconstructing community throughout his novel Lead Us Into Temptation (Lig Sinn I gCathú, 1976/1978). It also explores the role that music plays in memory, political affiliation and expression, and communitas within both the text and wider Irish society during the middle of the twentieth century. Musical participation is an important aspect of collectivity and communitas. It is a public articulation of adherence to community values, and carries with it culturally encoded understandings of cultural and political (dis)affiliation. While music is a kind of social mortar, as Ó Laoire (2005) observes it also exists as a “veiled discourse, which may at once uphold the social system at the very moment it criticizes it”. Ó hEithir’s novel deals with lingering issues of affiliation and disaffiliation, and points out the problematic nature of the nation through the eyes of a fictional town closely modelled on Galway. One of the preoccupations of the text is the competition between voices surrounding the declaration of the Irish Republic in Easter Week 1949, which is presented in the text as unifying and divisive in alternate measures. In Lead Us Into Temptation, music brings simmering tensions to the surface and shatters a tenuous sense of unity coloured by ambivalence and occlusion. This is encapsulated by snatches of music leading to a climactic cacophony of competing musical voices in the commemorative parade, during which ironically the louder the voice is, the less it is truly heard. Chris is a first year PhD candidate in English at the National University of Ireland Galway. His current research analyses the role of music as a device for the creation of social hierarchy within Irish prose literature of the twentieth century. His research interests are in word and music studies, and the coalescence of visual and aural art forms in prose literature. He completed his MA, entitled Singing Exile: Music in Irish Emigration Literature, at The University of Notre Dame Fremantle in Western Australia in early 2017.
Clár a réitigh Breandán Ó hEithir fán Taibhdhearc. Páirteach ann Tá Mícheál Mac Liammóir, Liam Ó Briain, Siobhán Mac Cionnaith, Séamus Breathnach agus an tAth. Frank Lee. Amhráin ó Mháire Ní Oisín agus Nioclás Tóibín a taifeadadh sa Taibhdhearc.
Siúlach Scéalach - Clár cúrsaí reatha curtha i láthair ag Breandán Ó hEithir.
Breandán Ó hEithir ag cur síos ar chuid de stair Fhianna Fáil le George Colley. John Kelly TD ag caint fá ionraiceas agus an saol poiblí.
Seán Mac Réamoinn sa chathaoir agus painéal cainteoirí ag plé scríbhneoireacht na Gaeilge ag Cumann Merriman na bliana 1969. Ar an phainéal bhí Eoghan Ó hAnluain, Deasún Fennell, Micheál Ó hUanacháin, Breandán Ó hEithir, Seán Ó Tuama, Michael Davitt, An tAth Pádraig Ó Fiannachta agus Gabriel Rosenstock.
Tráchtaireacht an an pharáid mhíleata síos Sráid Uí Chonaill ó Niall Tóibín, Bhreandán Ó hEithir agus Terry Wogan (beagán i mBéarla).
An t-iriseoir agus údar Breandán Ó hEithir ó Inis Mór, Árainn ag caint le Proinsias MacAonghusa fána shaola agus a shaothar sa bhliain 1978.
[English version below] Labhair muid le hAoife Uí Fhaolláin, scoláire iarchéime de chuid na Comhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta, faoi Lig Sinn i gCathú, leabhar mhí na Samhna. Tá tráchtas scríofa ag Aoife faoi shaothar iriseoireachta Bhreandáin Uí Eithir agus bhí go leor rudaí spéisiúla le rá aici faoi na cosúlachtaí idir saol an údair agus imeachtaí an leabhair, faoi pholaitíocht an chogaidh chathartha agus go leor eile. [Leagan Gaeilge thuas] We spoke to Aoife Uí Fhaolláin, a Postgraduate Scholar of the Irish Research Council for the Humanities and Social Sciences, about Lig Sinn i gCathú, November's book of the month. Aoife has written a Master's thesis on Breandán Ó hEithir's journalism and she has many interesting things to say about the similarities between the author's life and the events in the book, and about civil war politics. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon