ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Follow ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Share on
Copy link to clipboard

[English version below] Is tionscadal de chuid Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com) é ClubLeabhar.com. Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr sa bhliain 2004 agus é mar sprioc aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa,

ClubLeabhar.com


    • Apr 30, 2025 LATEST EPISODE
    • monthly NEW EPISODES
    • 17m AVG DURATION
    • 137 EPISODES


    Search for episodes from ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club with a specific topic:

    Latest episodes from ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

    Cuimhní Poircealláin - Leabhar mhí na Bealtaine 2025 | May's Book of the Month 2025.

    Play Episode Listen Later Apr 30, 2025 20:38


    [English version below] Sobhristeacht na beatha; síorghrá an tuismitheora don pháiste; daoine óga ag teacht in aois; cinntí déanta i bhfaiteadh na súl a fhágann a rian go deo. Sa chéad chnuasach gearrscéalta seo dá cuid, pléann Majella Ní Dhomhnaill go soiléir cumhachtach le réimse téamaí a bhaineann le brúnna agus iontais na linne seo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Éilis Neary [Leagan Gaeilge thuas] The fragility of life, the enduring love of parents for their children, the journey of young people into adulthood, and the irrevocable impact of decisions made in the blink of an eye are profound themes explored in this initial collection of short stories by Majella Ní Dhomhnaill. In these narratives, Majella Ní Dhomhnaill adeptly and powerfully addresses a spectrum of themes connected to the challenges and marvels of contemporary life. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Éilis Neary

    Óró - Leabhar mhí Aibreáin 2025 | April's Book of the Month 2025

    Play Episode Listen Later Apr 1, 2025 24:04


    [English version below] San eachtra scleondrach chorraitheach seo, éalaíonn ógánach ar bord loinge agus téann thar farraige siar sa tóir ar ór El Dorado. Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann cosa faoina shamhlaíocht a thugann thar an aigéan sinn go hoileáin rúnda — ina gcastar ollphéisteanna orainn agus nithe nach iad! — agus go hollchríoch ainneoil an óir. Eachtra fantaisíochta nó fabhalscéal eachtraíochta — scéal é seo lán le daonnacht, drámaíocht, teannas agus gaois. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ola Majekodunmi agus Zoya Everard [Leagan Gaeilge thuas] In this exciting adventure, a teenager escapes on board a ship and goes across the western seas to the mysterious land of gold in search of El Dorado. Once again, Titley proves his excellent storytelling ability, and hoists the sails on his imagination to take us to secret islands — where we encounter monsters and much more besides! This is a story full of humanity, drama, tension and wisdom. This is a novel for teenagers … and for those of us who will always remain teenagers at heart! Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ola Majekodunmi and Zoya Everard

    Súile Éisc agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2025 | March's Book of the Month 2025

    Play Episode Listen Later Feb 27, 2025 22:27


    [English version below] Seo an chéad leabhar gearrscéalta ó pheann Mhichelle Nic Pháidín. Tugtar ar iliomad turas intinne muid sa chnuasach seo: chuig saol na samhlaíochta i gcuid de na scéalta; léirítear saol an cheantair ina bhfuil sí ina cónaí i gcuid eile; agus faightear blas na farraige sa chuid eile. Tá éagsúlacht as cuimse sa chnuasach seo ó thaobh ghlór an scéalaí. Insítear na scéalta ag úsáid réimse leathan daoine, páistí, mná agus fir agus a scéal féin á insint acu. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dúchais le fáil sa leabhar seo. Díríonn an scéalaí ar éagsúlacht scéalta a chur ar fáil, agus faightear sin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Dáibhidh Ó Luinín [Leagan Gaeilge thuas] This is Michelle Nic Pháidín's first collection of short stories. The authors brings the read on many a journey in these stories, some of which are in the author's imagination; others which are rooted in the author's locality; whilst the reader also gets a taster of life by the sea. The voice of the narrator is expressed in these stories in a very diverse way. These stories are told through the perspective of men, women and children, all of whom recount stories of love, revenge, heritage among many others. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Dáibhidh Ó Luinín

    Caithréim agus Tóir - Leabhar mhí Feabhra 2025 | February's Book of the Month 2025

    Play Episode Listen Later Jan 28, 2025 16:06


    [English version below] Caithréim agus Tóir – Cnuasach filíochta le hEithne Ní Ghallchobhair. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbe van der Heide agus Aedín Ní Thiarnaigh [Leagan Gaeilge thuas] Caithréim agus Tóir – Poetry collection by Eithne Ní Ghallchobhair. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ailbe van der Heide and Aedín Ní Thiarnaigh

    Tír Bheag - Leabhar mhí Eanáir 2025 | January's Book of the Month 2025

    Play Episode Listen Later Dec 19, 2024 21:30


    [English version below] Agus é ag fás aníos sa Bhurúin in 1992, tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda, tír dhúchais mháthair Gaby, agus ní fada go gcuirfidh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig. Súil siar chumhachtach is ea Tír Bheag ar eachtra mhór stairiúil de chuid na nóchaidí, súil siar a tharraingíonn ar thaithí phearsanta an údair féin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Antain Mac Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] Critically acclaimed and award-winning Tír Bheag (Petit Pays) is set in Burundi in 1992 and for ten-year-old Gabriel, life is happy and carefree with bike rides through the streets, swimming in the river, sneaking cigarettes and stealing mangoes with his friends. But storm clouds gather when neighbouring Rwanda is hit by civil war and genocide, and the spillover into Burundi means life for young Gaby is about to change. A stunning, heart-wrenching look through the eyes of a child at a country caught in the maelstrom of history. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Antain Mac Lochlainn

    An Grá agus an Ghruaim - Leabhar mhí na Nollag 2024 | December's Book of the Month 2024

    Play Episode Listen Later Nov 29, 2024 30:59


    [English version below] Eagrán úr de chnuasach cháiliúil Sheosamh Mhic Grianna, bunaithe ar an chéad eagrán a cuireadh i gcló i 1929. Ba é An Grá agus an Ghruaim an dara cnuasach le Seosamh Mac Grianna. San eagrán úr seo tugtar an litriú suas chun dáta le tús áite tugtha den fhoghraíocht. Cuirtear an scéal “An Bhean Lán de Stuaim” ar ais sa bhailiúchán agus fágtar istigh an scéal “Bíonn Súil le Muir ach ní Bhíonn Súil le hUaigh” a cuireadh isteach ina áit in eagráin níos déanaí. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbhe Nic Giolla Chomhaill agus Dubhán Ó Longáin [Leagan Gaeilge thuas] A new edition of the acclaimed short story collection by Seosamh Mac Grianna. This edition is based on the first edition first published in 1929. An Grá agus an Ghruaim is Seosamh Mac Grianna's second collection of short stories. In this edition the spelling and orthography is brought up to date with a precedence given to the natural speech and rythm of the author. The story “An Bhean Lán de Stuaim” that had been omitted from previous editions, is restored here, and “Bíonn Súil le Muir ach Ní Bhíonn Súil le hUaigh”, the story that had been put in its place, is retained in this edition. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ailbhe Nic Giolla Chomhaill and Dubhán Ó Longáin

    An Corpán sa Trunc - Leabhar mhí na Samhna 2024 | November's Book of the Month 2024

    Play Episode Listen Later Oct 11, 2024 27:32


    [English version below] Nuair a thuirlingíonn trunc mistéireach ag doras Chaitlín Mhic Gearailt, is beag coinne atá aici leis an uafás atá istigh ann: corpán a fir céile. Bhí an Garda óg Seán Mac Gearailt ar mhisean sár-rúnda do Malcolm Ó Conchubhair, Cheannaire an Bhrainse Lorgaireachta, é ag fiosrú buíon coirpeach atá i bhfad ró-eolach ar ghníomhaíochtaí rúnda na nGardaí agus an Rialtais. Níl aon amhras ar Malcolm – ná ar a chara mór Réics Carló – gur teachtaireacht dó féin atá sa dúnmharú seo: éirigh as an bhfiosrúchán. Láithreach. Isteach sa bhearna bhaoil arís le Réics agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, agus iad ag iarraidh Éire a choinneáil slán ó naimhde. Ach cén seans atá acu nuair atá duine mór sa Rialtas, is léir, ag tacú leis na coirpigh? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Louisa Ní Éideáin agus Conall Mac Dhonnagáin [Leagan Gaeilge thuas] A criminal gang whose crimes have come to the attention of An Garda Síochána are not best pleased when a young Garda, Seán Mac Gearailt, begins to pry into their affairs and their access to classified information. They send him packing however, delivering his dead body in a sealed trunk to his house. This gruesome act carries a clear message from the criminal gang agree Seán's boss, Malcolm, and Malcolm's best friend Réics Carló – Stop the investigation! Now! Turning a deaf ear to the chilling message of the gang Réics and his assistant Brian Ó Ruairc plot and plan the downfall of these enemies of the State. But what chance have they when it seems the gang have friends in high places? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Louisa Ní Éideáin and Conall Mac Dhonnagáin

    Flaitheas - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2024 | October's Book of the Month 2024

    Play Episode Listen Later Sep 30, 2024 32:23


    [English version below] Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht. An Naomh a Dhuiniú seachas an Duine a Naomhú Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol corrach, scéal an duine ag streachailt leis an gcinniúint, scéal an duine a dhéanann botúin ach atá ar a dhícheall an rud ceart a dhéanamh dó féin agus do na daoine thart air. Scéal gach duine againn. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Gráinne Ní Ghilín agus Dubhán Ó Longáin [Leagan Gaeilge thuas] Pagans and Christians at each other's throats We are immersed in the uncertain life of the sixth century, a time when great changes were coming to people's lives; a time when ambitious kings were at each other's throats; a time when the old world of paganism was yielding to Christianity. A glimpse of Colmcille the person Flaitheas is a story that gives us a glimpse of the human Colmcille, a person who had his own weaknesses and had many obstacles to overcome. The story of each one of us Flaitheas tells the story of a person who is trying to make sense of changes in his life, the story of a person struggling with fate, the story of a person who makes mistakes but tries his best to do the right thing for himself and for the people around him. The story of each of us. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Gráinne Ní Ghilín and Dubhán Ó Longáin

    Heartstopper - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2024 | September's Book of the Month 2024

    Play Episode Listen Later Aug 27, 2024 19:44


    [English version below] Tá Charlie agus Nick ag freastal ar an scoil chéanna, ach níl aon aithne acu ar a chéile… go dtí lá amháin nuair a chuirtear ina suí in aice lena chéile iad. Tá siad mór lena chéile láithreach agus ní fada go dtosaíonn Charlie ag titim i ngrá lena chara nua. Níl ach fadhb amháin ann – níl seans dá laghad ann go mbraitheann Nick an bealach céanna faoi Charlie… nó an mbraitheann? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Eoin McEvoy [Leagan Gaeilge thuas] Charlie and Nick are in the same school, but they've never met… until one day when they're made to sit together. They quickly become friends, and soon Charlie is falling hard for Nick, even though he doesn't think he has a chance. But love works in surprising ways, and Nick is more interested in Charlie than either of them realised. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Eoin McEvoy

    english leabhar
    Athmháthair - Leabhar mhí an Mheithimh 2024 | June's Book of the Month 2024

    Play Episode Listen Later May 30, 2024 21:54


    [English version below] Úrscéal nua-aimseartha suite sa tSairdín i lár an chéid seo a chuaigh thart. Aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ón Iodáilís ar an leabhar 'Accabadora' le Michela Murgia. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Hannah Rice agus Stiofán Ó Briain [Leagan Gaeilge thuas] A modern novel set in Sardinia in the middle of the last century. Translation from the Italian of the book Accabadora by Michela Murgia. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Hannah Rice and Stiofán Ó Briain

    Corp an Duine Uasail - Leabhar mhí na Bealtaine 2024 | May's Book of the Month 2024

    Play Episode Listen Later Apr 18, 2024 22:05


    [English version below] A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air... Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Katie Whelan [Leagan Gaeilge thuas] What a life! After spending the day working as a hostess at conferences and trade shows, all that awaits Zoé at home is a rude and lazy boyfriend who sleeps in his socks! Until she meets Tomás, a writer who is running out of inspiration... Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emma Ní Chearúil and Katie Whelan

    Saighdiúir - Leabhar mhí Aibreáin 2024 | April's Book of the Month 2024

    Play Episode Listen Later Mar 28, 2024 26:24


    [English version below] In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: LAonghus Ó hAlmhain agus Liam Mac Amhlaigh [Leagan Gaeilge thuas] The novel's protagonists are two young Gaelic speakers from Cloich Cheann Fhaola in north west Donegal who believe they are going on a glorious adventure without any real notion of the horrific realities they would encounter as infantrymen on the western front. Saighdiúir is an immensely moving book that evokes the horror and the terror of that dreadful conflict. It gives vivid heart-rending descriptions of the tragic waste of brief young lives fed into the voracious jaws of war. It is a harrowing corrective to the myth of a just war. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Aonghus Ó hAlmhain and Liam Mac Amhlaigh

    Na Geansaithe Móra - Leabhar mhí an Mhárta 2024 | March's Book of the Month 2024

    Play Episode Listen Later Feb 19, 2024 27:09


    [English version below] Buaileann bean ghalánta le seanabhean ar an dtraein, ach ní mar a shíltear a bhítear. Téann cailín óg ag siopadóireacht, is gan 'fhios ag éinne cá luíonn an bhróg uirthi. Braitheann bean teanntaithe san óispidéal, ach nuair a thagann a fear céile ar a tuairisc, ní aimsíonn siad na focail chuí. Ceithre splancscéal is tríocha atá sa chnuasach so, iad go léir faoi bhun 1,000 focal. Pléann siad le réimse mór téamaí i saol na mban, idir chumha is ghrá, idir uaigneas is dóchas. Insintí géara gonta, go bhfuil tús, lár agus deireadh leo – cé gur minic go dtosnaíonn siad i lár baill nó go gcríochnaíonn siad go luath. Tá an leabhar so ag cur thar maoil le carachtair bháúla, agus splanc léargais nua á fháil acu ar an saol. Tugtar cuireadh duit teacht ag spraoi ar feadh tamaillín i saol na splancscéalaíochta. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Bríd-Treasa Ní Ghaoithín [Leagan Gaeilge thuas] A glamorous woman meets an old lady on the train, but not all is as it seems. A young girl goes shopping, but no one knows the extent of her troubles. A woman feels cornerned in the hospital, but when her husband comes to visit her, they can't seem to find the right words. This collection comprises of thirty four flash fiction stories, all of them under 1,000 words. The look at a wide range of themes in women's lives, from sadness to love, from lonliness to hope. They are short snappy tales that have a beginning, a middle and an end – although they often start in the middle of the action or finish early. This book is overflowing with empathetic characters, as they get a flash of new insight into life. You are invited to come and play for a while in the world of flash fiction. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Bríd-Treasa Ní Ghaoithín

    english pl leabhar
    Sa Pholl Báite - Leabhar mhí Feabhra 2024 | February's Book of the Month 2024

    Play Episode Listen Later Feb 13, 2024 15:38


    [English version below] Tá Emer Uí Ghríofa imithe gan tásc. I gcúinne uaigneach ar bhruach na Life a aimsíonn an Garda Réamonn Seoighe a corp. Tá a mac, Dan, cráite faoina bás ach cén drogall atá air labhairt leis na gardaí? Tá Colmán Ó Gríofa ina theach saoire ar leithinis Bhéarra an deireadh seachtaine céanna, é scartha ó Emer ach dílis di i gcónaí. Tacaíonn a chomharsa Aoife Nic Dhiarmada leis agus í ag éirí gafa sa chás. Tá noda fiúntacha agus fianaise bhréige á scagadh aicise agus ag na gardaí; tá faire faoi cheilt ar siúl istoíche agus an t-am ag sciorradh. An nochtfar an ciontóir sula ndéanfar an dara marú? Is úrscéal cumhachtach é 'Sa Pholl Báite' a chaitheann solas géar ar choimhlintí sóisialta agus ar an nimh i gcroí an duine. Bhain an saothar seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022 agus bhí sé ar Ghearrliosta Ghradam Fhoras na Gaeilge, Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana i nGradaim Leabhar An Post in 2023. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Caomhán Ó hÓgáin [Leagan Gaeilge thuas] Emer Uí Ghríofa has gone missing without a trace. Garda Réamonn Seoighe finds her body in a lonely corner on the banks of the Liffey. Her son, Dan, is devastated by her death, but why is he reluctant to talk to the guards? Colmán Ó Gríofa, her estranged husband, is in his holiday home on the Béarra peninsula that same weekend, separated from Emer but still devoted to her. His neighbour Aoife Nic Diarmada supports him as she becomes involved in the case. Together with the authorities, they sift through a mosaic of substantial clues and fabricated evidence. The night witnesses a covert surveillance operation as time inches relentlessly forward. Will the perpetrator be unveiled before another life is claimed? “'Sa Pholl Báite' captivates readers with its exploration of societal discord, shining a penetrating light on the hidden poisons lurking within the human soul.” This work won a prize in the Oireachtas Literary Competitions in 2022 and was shortlisted for the Foras na Gaeilge Irish Fiction Book of the Year Award in the An Post Irish Book Awards in 2023. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Caomhán Ó hÓgáin

    Ag Dul i bhFad - Leabhar mhí Eanáir 2024 | January's Book of the Month 2024

    Play Episode Listen Later Jan 2, 2024 37:43


    [English version below] Seo é an chéad chnuasach Gaeilge le hAlan Titley ó foilsíodh an 100 scéal atá i Leabhar Nóra Ní Anluain (1998). Má tháinig scata úrscéalta uaidh idir an dá linn níor thréig sé an ealaín ghairid riamh, óir tá seacht scéal anseo a ghnóthaigh duaiseanna Oireachtais. A bhformhór mór níor cuireadh i gcló cheana iad. Is ilchineálach an t-ábhar atá sa chnuasach seo: scéalta traidisiúnta ar an sean-déanamh, fabhalscéalta, scéalta gaisce nó rómánsaíochta agus tuilleadh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sorcha de Brún [Leagan Gaeilge thuas] This marks Alan Titley's first collection of short stories since the release of his renowned work Leabhar Nóra Ní Anluain. Despite his subsequent contributions in the form of several novels, Titley has remained dedicated to the craft of short storytelling, a commitment evident in this anthology, which includes seven award-winning tales from the Oireachtas competition. Notably, the majority of these stories are previously unpublished, enhancing the collection's novelty. The compilation boasts a rich tapestry of stories, encompassing various genres: traditional narratives steeped in antiquity to enchanting fables, stirring accounts of heroism and romance, and beyond. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Sorcha de Brún

    An tEitleán Dofheicthe - Leabhar mhí na Nollag 2023 | December's Book of the Month 2023

    Play Episode Listen Later Nov 28, 2023 21:08


    [English version below] Tamall beag i ndiaidh meán oíche ar an 1 Feabhra 1943, déantar ionsaí fíochmhar, barbartha ar iompróir míleata agus é ar a bhealach go saotharlann rúnda i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Maraítear na saighdiúirí uile atá á thionlacan agus goidtear an lastas ríluachmhar atá istigh ann, an tEitleán Dofheicthe. Déanann na Gardaí mionscrúdú ar láthair an áir, ach níl ach fear amháin a bheidh in ann an cás casta seo a réiteach agus pleananna na gcoirpeach a chur de dhroim seoil: Réics Carló, lorgaire príobháideach. Tá Réics, Brian agus a gcairde ar ais sa scéal eachtrúil seo ó pheann Chathail Uí Shándair, an dara húrscéal ina shraith faoin lorgaire clúiteach as Baile Átha Cliath. Tá an t-eagrán nua seo curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Zoya Everard agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] The second book in the Réics Carló series of detective novels. 2022 edition. An tEitleán Dofheicthe is a classic adventure novel for teens by Cathal Ó Sándair. First published in 1943 this new edition is adapted for contemporary readers. Shortly after midnight on the 1st of February 1943, a violent and barbaric attack is staged against a military carrier on its way to a secret lab in south Dublin. All of the soldiers guarding the transport are killed and the valuable cargo – The Invisible Plane – is stolen. The Gardaí examine the scene of the massacre, but only one man will be able to solve this complicated case and thwart the criminals' plans: Réics Carló, a private detective. Réics, Brian and friends are back for this action-packed story by Cathal Ó Sándair, the second in his series of books about the famous investigator from Dublin. This new edition is adapted for contemporary readers. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Zoya Everard and Rónán Mistéil

    Múscail, a Ghiorria - Leabhar mhí na Samhna 2023 | November's Book of the Month 2023 Samhain23

    Play Episode Listen Later Oct 27, 2023 19:44


    [English version below] “Tá anáil an bhéaloidis le mothú go soiléir san eipic spreagúil, ealaíonta seo. Cuireann scéal an ghiorria ar ár súile go héifeachtach tuiscintí agus tuairimí doimhne ár sinsear i leith an tsaoil agus nádúr an duine – an dá chineál, óg agus aosta, caide agus céilí comhraic. Is figiúr í an chailleach a mhair ar imeall an phobail, díthreabhach a bhí gafa leis an nádúr agus leis an saol eile. Ina ainneoin sin, bhí ról lárnach sa tsochaí aici, ag teacht i gcabhair in am an ghátair, agus ag roinnt eolas praiticiúil agus gaoise go fial ar chách. Coincheap ársa is ea cumas na caillí í féin a chlaochlú, gné shuaithinseach den scéalaíocht ó ré na meánaoise anonn, tréith atá le sonrú go háirithe sna heipicí clasaiceacha, Tochmharc Éadaoine agus Oidhe Chlainne Lir, atá fite go deas fileata isteach i scéal an ghiorria. Sa saothar seo, téann an t-údar i ngreim go meabhrach, físiúil le téamaí suntasacha ón éigse béil, téama atá chomh hábhartha inniu is a bhí riamh”. -An Dr Criostóir Mac Cárthaigh, Cnuasach Bhéaloideas Éireann Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbe van der Heide agus Aedín Ní Thiarnaigh [Leagan Gaeilge thuas] This debut collection of poetry from the Donegal-based writer and linguist Eithne Ní Ghallchobhair addresses Irish nature and a day in the life of a hare. This collection was shortlisted for the 2020 Irish Language Book of the Year Award. Guests: Ailbe van der Heide and Aedín Ní Thiarnaigh

    Spluff Splaifeirtí - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2023 | October's Book of the Month 2023

    Play Episode Listen Later Sep 27, 2023 19:48


    [English version below] SPLUFF SPLAIFEIRTÍ AGUS A CHAIRDE AR MARZ anseo istigh dúinn. Eachtraíocht, daonnacht, carachtair, dúshláin agus tarlúintí as cuimse a fhágfaidh ár dtuiscintí ar fhíorspéis an domhain sa spás athraithe go deo. “Is scéal é seo atá iontach feiliúnach don aoisghrúpa – é lán den mhistéir, den choimhlint, den naimhdeas agus den chomhcheilg – [scéal] a chuireann saint an duine daonna i gcodarsnacht le cur chuige síochánta Mhuintir Mharz …” – Deirble Nic Conghamhna, Moltóir an Oireachtais 2021. Ghnóthaigh ‘Spluff Splaifeirtí agus An tIonradh ar an bPláinéad MARZ' mórdhuais Oireachtais in 2021. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Eilís Everard agus Jody Buckley-Coogan [Leagan Gaeilge thuas] A whirlwind interplanetary adventure from award-winning author Ré Ó Laighléis. Spluff Splaifeirtí and his friends embark on a journey full of challenges and adventure to the planet Mars. Adventure, exciting characters, challenges and amazing events will forever change our understanding of mankind's interest in space exploration.  Guests: Eilís Everard and Jody Buckley-Coogan

    Béal na Péiste - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2023 | September's Book of the Month 2023

    Play Episode Listen Later Sep 1, 2023 25:11


    [English version below] Nuair a thuirling Réamainn Prút i mBéal Feirste i 1988, is strainséir é ina bhaile dúchais. Tugann sé faoi deara na fógraí ollmhóra a roinntear uimhir theileafóin na bpóilíní, á spreagadh chun glaoch a chur ort – chun faisnéis a thabhairt ar aghaidh faoi sceimhlitheoirí, chun ualach a bhaint as do choinsias. Ach tá Réamainn ag smaoineamh ar a óige, ar an sean-rainn a bhíodh na seanmóirí cois bóthair ag aithris: 'Tar éist le mo scéal faoi Ióná agus an míol mór; Bealach síos i lár an aigéin!' Cuimhníonn sé freisin ar oíche chinniúnach na Nollag 1942. An oíche a léim sé amach as eitleán Gearmánach ar chósta Chontae an Dúin, rinne sé a bhealach go teach a thuismitheoirí i marbh na hoíche. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Réaltán Ní Leannáin agus Eoin P. Murchú [Leagan Gaeilge thuas] When Réamainn Prút lands in Belfast in 1988, he is a stranger in his home town. He notes the huge adverts sharing the police phone number, encouraging you to call – to pass on information about terrorists, to lift a burden from your conscience. But Réamainn is thinking of his youth, of the old rhyme the roadside preachers used to recite: 'Come listen to my tale of Jonah and the whale; Way down in the middle of the ocean!' He remembers too the fateful night in December 1942. The night he jumped out of a German plane on the coast of County Down, he made his way to his parents' house in the dead of night. Guests: Réaltán Ní Leannáin and Eoin P. Murchú

    Na Cócha Móra - Leabhar mhí an Mheithimh 2023 | June's Book of the Month 2023

    Play Episode Listen Later Jun 7, 2023 18:57


    [English version below] Chaith príomhcharachtar an úrscéil seo, Barra Mac Aodhagáin blianta dá óige i scoil thionsclaíoch. San aithris mhothúchánach, mhachnamhach seo, leanaimid scéal Bharraigh agus é ag fáil taithí ar fhórsa brúidiúil múinteoirí, agus ar a thuras i dtreo téarnaimh ón tráma sin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emily Barnes agus Liam Mac Amhlaigh [Leagan Gaeilge thuas] Barra Mac Aodhagáin spent years of his childhood in an industrial school. In this emotional, thoughtful novel, we follow Barra's story as he experiences the full force of brutal teachers, and on his journey towards recovery from that trauma. Guests: Emily Barnes and Liam Mac Amhlaigh

    english barra leabhar emily barnes mheithimh
    EL - Leabhar mhí na Bealtaine 2023 | May's Book of the Month 2023

    Play Episode Listen Later May 8, 2023 20:04


    [English version below] Tosaíonn an scéal seo le beirt fhear óga a fheiceann rud atá dochreidte - doshamhlaithe, go fiú. Ach de réir mar a nochtann an scéal, tógtar fírinní inaitheanta ina thimpeall go dtí go n-éiríonn sé níos deacra diúltú dó. Cad is fírinne ann i saol a bhfuil eolas ag imeacht ar saithnín inár dtimpeall gach lá? Tugann an scéal seo orainn ár dtuiscint ar an saol seo a cheistiú. Ag dul anonn is anall idir an lá atá inniu ann agus an seachtú aois déag, cruthaíonn sé líon damhán alla d'fhírinní stairiúla a fhitear le chéile chun saol eile a chruthú, saol a aithnímid ach nach féidir linn glacadh leis. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Deirdre Nic Chárthaigh agus Aonghus Ó Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] This is a story about two young men who saw something unbelievable, unimaginable. As the story develops they recognise the truths around them until it becomes harder to reject. What is the truth in a world where knowledge is passing the proverbial, where every day this knowledge questions our understanding of this world, going back and forth between the present day and the seventeenth century? It creates a number of spider webs of historical truths woven together to create another world we recognize but cannot accept.  Thaddeus Ó Buachalla is an Irish-language author novelist, poet and composer from Cork City. He was awarded a doctorate by Cork University College in 2015. He has two books published by Coiscéim, Clocháin sa Scoilt in 2019 and EL. His newly published novel, EL echoes the work of Umberto Eco in its bizarre fusion of science fantasy and historical fiction. EL was awarded a prize in the Oireachtas Literary Competition in 2022. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Deirdre Nic Chárthaigh and Aonghus Ó Lochlainn

    Siúrmó - Leabhar mhí Aibreáin 2023 | April's Book of the Month 2023

    Play Episode Listen Later Apr 5, 2023 25:42


    [English version below] Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus socraíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile — an fharraige, an t-iascach, beár na háite, agus cluichí belote faoin ngrian. Ach nuair a imíonn mac lena chol ceathrair gan tásc, tarraingítear Montale ar ais isteach i gcúlsráideanna dorcha Mharseille – agus i gcúlbhóithre na cuimhne. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Aonghus Ó hAlmhain [Leagan Gaeilge thuas] Fabio Montale, an introspective ex-cop with a placid life based on cronies, aperitifs, and a little fishing, is yanked back into his city's politically charged underworld. On one single sunny day, a beautiful cousin whom he hasn't seen in years enlists his help to find her son, a wayward teen-ager, and an old friend is gunned down in front of him on the street. Izzo, who died in 2000, is more than adept at noir conventions—gritty light, sudden switches of scene, the pervasive rot of cynicism, which sullies even the best intentions. But what makes his work haunting is his extraordinary ability to convey the tastes and smells of Marseilles, and the way memory and obligation dog every step his hero takes. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Aonghus Ó hAlmhain

    Imram agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2023 | March's Book of the Month 2023

    Play Episode Listen Later Mar 9, 2023 16:59


    [English version below] Cnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill. Tugtar ar thurais muid sna scéalta seo, turais intinne, turais go críocha aduaine, turais go tíortha atá stollta ag an choimhlint agus ag an athrach; ach is turais go croí na daonnachta iad go léir, le daoine atá ag cuartú saol dóchasach úr nó le daoine a bhfuil orthu gníomhú in aghaidh a dtola. I ndomhan a bhfuil mórghluaiseachtaí daonna ag léiriú an éagothromais, feictear an daonnacht ina steillbheatha sna scéalta seo. Inste i nguth tomhaiste deisbhéalach, tá scéalaíocht Rann na Feirste i stíl liteartha chomhaimseartha an lae inniu le sonrú go soiléir sna scéalta seo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Caitlín Nic Íomhair agus Hannah Rice [Leagan Gaeilge thuas] Short stories by Róise Ní Bhaoill. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Caitlín Nic Íomhair and Hannah Rice

    Na Ríthe Beaga - Leabhar Feabhra 2023 | February's Book of the Month 2023

    Play Episode Listen Later Feb 9, 2023 23:42


    [English version below] Beirt bhan: Mélanie, a bhfuil fonn uirthi, ó bhí sí ina déagóir, cáil a bhaint amach ar chlár réaltachta teilifíse. Éiríonn léi aird an phobail a fháil ar deireadh leis an gcainéal YouTube a chruthaíonn sí le saol a beirt pháiste a chur os comhair an tsaoil mhóir, lá i ndiaidh lae. An bhean eile: Clara, póilín, a thagann i gcabhair ar Mélanie agus a teaghlach nuair a bhuaileann tubaiste iad. Ach de réir mar a chuireann Clara eolas ar shaol na dtionchairí idirlín, tagann amhras mór uirthi faoin tslí bheatha atá roghnaithe ag Mélanie dá clann óg, leochaileach. Úrscéal dochreidte maith, scéal comhaimseartha atá scríofa go máistriúil: cás na bpáistí a bhfuil i bhfad an iomarca dá saol curtha ar taispeáint ar na meáin shóisialta. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Bríd-Treasa Ní Ghaoithín agus Oisín Montanari [Leagan Gaeilge thuas] Mélanie, who grew up worshipping Loft Story (the French adaptation of Big Brother), has just one thing on her mind: becoming famous. But her one performance on a reality TV show is a flop. A few years later, now a wife and a mother, she creates her own channel on YouTube: Happy Playtime, which showcases her two children on a daily basis. She soon has millions of followers who “like” and comment on their every move. Meanwhile, a young woman, Clara, becomes a police officer. Marked by the brutal loss of her parents, she joins the criminal investigation unit. Their paths meet when Mélanie's daughter, Kimmy, vanishes into thin air. A meet-up with the wrong person? Did she run away? Was she kidnapped? As the investigation runs its course and as Clara discovers the world of influencers, she realises how violent Happy Playtime can be for the two children, who are both the stars of the show, as well as its victims. With this novel, Delphine de Vigan takes up a dizzying issue: the social media and their excesses. She brilliantly explores an increasingly navel-gazing society, in which everything is staged and up for sale, including family happiness. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Bríd-Treasa Ní Ghaoithín and Oisín Montanari

    Na Mairbh a D'fhill - Leabhar Eanáir 2023 | January's Book of the Month 2023

    Play Episode Listen Later Dec 19, 2022 18:50


    [English version below] Nuair a fhuadaítear an Dr Leon, eolaí rí‑éirimiúil atá ag obair ar aireagán sár-rúnda ar son Rialtas na hÉireann, iarrtar ar a sheanchara Réics Carló an cás a fhiosrú. Tá Réics muiníneach go n-éireoidh leis Leon a thabhairt slán – níor theip air riamh cás a réiteach. De réir mar a théann sé i mbun oibre, áfach, tuigtear dó go bhfuil rud éigin as an ngnáth ar fad faoin gcás áirithe seo. Beidh clisteacht, cúnamh agus a dhá dhorn de dhíth air roimh dheireadh na heachtra seo. Ar feadh dhá scór bliain chuir an scríbhneoir bisiúil Cathal Ó Sándair déagóirí na hÉireann ag léamh faoin mbinse scoile i ngan fhios do na múinteoirí. Seo chugainn i gcló arís a chéad leabhar, Na Mairbh a d'Fhill, ina gcuirimid aithne ar an mbleachtaire clúiteach Réics Carló. Bhí sciob sceab ar an leabhar seo lena linn – díoladh os cionn míle cóip de sa chéad mhí dó a bheith i gcló. Tá an t-eagrán nua seo curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Caomhán Ó hÓgáin [Leagan Gaeilge thuas] When Dr Leon is kidnapped, a brilliant scientist who is working on a secret project for the Irish Government, his old friend Réics Carló is asked to investigate the case. Réics Carló is confident that he will succeed in rescuing Leon – he has never failed to solve a case. As the case progresses, however, his earlier confidence is shaken. He soon realises that all is not as it first appeared. He will need his wits, his friends and his two fists before the tale is out. For over forty years, the writer Cathal Ó Sándair delighted young readers. It is lovely to welcome his books back in print and newly adapted to suit today's readers. Na Mairbh a d'Fhill is his first book and this is where readers first meet the famous detective Réics Carló. This book was a huge success when it was first published – over 1,000 copies sold in the first month. This edition makes the classic title accessible for today's readers. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emma Ní Chearúil and Caomhán Ó hÓgáin

    An Tóraíocht - Leabhar mhí na Nollag 2022 | December's Book of the Month 2022

    Play Episode Listen Later Dec 1, 2022 17:16


    [English version below] Tá an grá agus and t-éad fite fuaite lena chéile sa scéal tragóideach seo ina chuireann Gráinne an laoch óg, Diarmaid, faoi gheasa í a bhreith leis ón bhfear a bhfuil sí geallta leis. Sárinsint agus sárléaráidí ó thús go deireadh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sadhbh Rosenstock agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] A haunting tale of love and jealousy where Gráinne and Diarmaid are relentlessly pursued by Fionn whose desire for revenge must inevitably lead to tragic consequences. A superbly illustrated and fast-paced graphic novel. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Sadhbh Rosenstock and Rónán Mistéil

    Khalil - Leabhar mhí na Samhna 2022 | November's Book of the Month 2022

    Play Episode Listen Later Oct 26, 2022 25:04


    [English version below] Samhain 2015. Ar mhótarbhealach sa Fhrainc, tá Khalil, Moslamach fir 23 bliana d'aois, ag triail ar chathair Pháras, crios pléascach fáiscthe lena chliabh. Ar an Stade de France i gcathair Pháras atá a thriail, é réidh le buille trom a bhualadh in aghaidh an tsaoil ghránna ina thimpeall agus Síoraíocht na Mairtíreach a bhaint amach. Ach ar oíche sin an uafáis, níl Khalil i measc na mbráthar a chuireann iad féin chun báis…. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Zoya Everard agus Jody Buckley-Coogan [Leagan Gaeilge thuas] Khalil, a twenty-three-year-old Belgian of Moroccan descent, plans to detonate a suicide vest in a crowd outside the Stade de France on November 13, 2015. Explosions are rocking Paris, at cafés and the Bataclan theater, and when other bombs drive the stadium crowd to flee in his direction, near the Metro, his time has come. He presses his button, and . . . nothing. Fearing he has failed in his mission for Fraternel Solidarity (FS), an ISIS affiliate, Khalil has little choice but to blend in with his would-be victims and run. Back in Belgium, he must lie low and avoid his militant brethren and the authorities. He relies on his family and friends for places to stay, but he keeps the truth about himself secret. All the while, he contemplates what he almost did, and what he will do next--particularly when it comes to light that his vest accidently had been a harmless training unit all along, and FS has a new mission planned for him. In this daring, propulsive literary thriller, Yasmina Khadra takes readers to the margins of Europe's glittering capitals, through neighborhoods isolated by government neglect and popular apathy, if not outright racism. And he brings to life an unusual protagonist, a young man struggling with family, religion, and politics who makes fateful choices, and in doing so dramatizes powerful questions about society and human nature. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Zoya Everard and Jody Buckley-Coogan

    An Dara Rogha - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2022 | October's Book of the Month 2022

    Play Episode Listen Later Sep 21, 2022 17:30


    [English version below] Bliain 19 sa Ré Úr. Am a bhfuil deireadh leis an saol a bhfuil aithne againn air agus cónaí ar an daonra i mBithsféir fud fad an domhain. Is i mBithsféar 9 atá Emma agus Zara lonnaithe. Ar bhreithlá Emma, í seacht mbliana déag d'aois, roghnaítear í don chúrsa is tábhachtaí sa choláiste, dar leis na hÚdaráis. Ach céard atá i ndán dá cara, Zara, nach bhfuil chomh cliste céanna léi? An gcuirfear chuig Feirm na bhFéatas í le bheith ina síolraitheoir? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbe van der Heide agus Stiofán Ó Briain [Leagan Gaeilge thuas] It's Year 19 in the New Era. A time where life has we know it has ended and the population lives in Biospheres all across the world. Emma and Zara are based in Biosphere 9. On Emma's birthday, when she turn seventeen years old, she is chosen for the post important course in the college, according to the Authorities. But what's in store for her friend, Zara, who isn't as clever as she is? Will she be sent to the Feotus Farm to be a breeder? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ailbe van der Heide and Stiofán Ó Briain

    Bádh B'fhéidir - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2022 | September's Book of the Month 2022

    Play Episode Listen Later Aug 24, 2022 20:13


    [English version below] Scéalta ficsean eolaíochta le Seán Ó Muireagáin. Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta samhlaíocha ficsin eolaíochta seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an fhírinne á ceistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach bréige, ag nochtadh mhíchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid. Bhuaigh an scéal ‘An Chóir Chodlata' Duais an Mhaolánaigh i gcomórtas liteartha an Oireachtais 2018. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Eilís Everard agus Eoin P. Ó Murchú [Leagan Gaeilge thuas] In these imaginative science-fiction stories, Ó Muireagáin presents us with surreal, dystopian and barbaric worlds; and worlds that call the truth into question while still containing an unmistakable element of real life. He strips back the layers to let us see beneath the sham exterior, exposing the inequality of the world we live in. These are bold stories. The story ‘An Chóir Chodlata' was awarded Duais an Mhaolánaigh in the Oireachtas literary competition in 2018. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Eilís Everard and Eoin P. Ó Murchú

    Eachtraí Tintin: Slat Ríoga Ottokar - Leabhar mhí an Mheithimh 2022 | June's Book of the Month 2022

    Play Episode Listen Later Jul 25, 2022 20:27


    [English version below] Tugann Tintin aghaidh ar ríocht bheag, an tSildáivé, áit a bhfuil comhcheilg ar bun i gcoinne an rí óig, Múisc Áir XII. Is mian leis na comhchealgairí Ríshlat an Rí Ottokar a ghoid, siombail na ríochta. Má éiríonn leo, beidh ar an rí éirí as. Tá an tír ag cur thar maoil le feallairí! An éireoidh le Tintin an rí agus an tSildáivé a shábháil? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Rob O' Connor [Leagan Gaeilge thuas] Tintin travels to the small kingdom of Syldavia where he is witness to a conspiracy against the young king, Múisc Áir XII. The plotters plan to steal the ancient Sceptre of King Ottokar, symbol of the new king's right to rule. Should the plot succeed, the king will lose his crown and his country will face invasion. With traitors at every turn, can Tintin help the king before it's too late? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Rob O' Connor

    english robo tintin xii sceptre slat ottokar leabhar mheithimh
    Feirm na nAinmhithe - Leabhar mhí na Bealtaine 2022 | May's Book of the Month 2022

    Play Episode Listen Later Jun 13, 2022 19:14


    [English version below] Tá na hainmhithe ar Fheirm an Mhainéir ag fulaingt le fada faoi thíorántacht an fheirmeora Ó Ceallaigh. Tá súil acu le saol eile, áfach, an fheirm a bheith faoi cheannas na n-ainmhithe féin, saor ó smacht na ndaoine. Éiríonn siad amach, cuireann siad an feirmeoir chun bóthair, agus glacann siad seilbh ar an bhfeirm. Feirm na nAinmhithe a thugtar uirthi anois, gach ainmhí comhionnann agus ag obair le chéile. An féidir leo an aisling a choinneáil beo? Nó an bhfuil rud eile ar fad ar intinn ag na muca, b'fhéidir? Tá taitneamh á bhaint le blianta fada as scéal iontach George Orwell faoi réabhlóid na n-ainmhithe, agus ceachtanna le baint as maidir le réabhlóidí de. Anois, tá Feirm na nAinmhithe le léamh i nGaeilge agus tá scríbhinní le Orwell faoi chúlra an leabhair le fáil mar aguisín, chomh maith le hiarfhocal ag an aistritheoir Aindrias Ó Cathasaigh a fhiosraíonn polaitíocht an scéil. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Deirdre Ní Fhloinn agus Oisín Montanari [Leagan Gaeilge thuas] Orwell's Animal Farm translated into Irish. 'Feirm na nAinmhithe' tells the story of a group of farm animals who rebel against their human farmer, hoping to create a society where the animals can be equal, free, and happy. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Deirdre Ní Fhloinn and Oisín Montanari

    An Broc-Chú - Leabhar mhí Aibreáin 2022 | Book of the month - April 2022

    Play Episode Listen Later Apr 28, 2022 23:06


    [English version below] “Chun an táirge seo a dhíol lenár bpáirtithe in earnáil an leighis, táimid chun an saineolas agus an úire a nascadh le chéile.” Is mar sin a chuireann bainistíocht na saotharlainne Duprat a straitéis nua páirtnéireachta faoi bhráid na beirte: Guy Farkas, ar a dtugtar ‘An Broc-Chú', taistealaí leighis den seandéanamh, agus Jérémy Labionda, feidhmeannach óg rócháilithe a bhfuil sé mar fhreagracht air súil dhiscréideach ar an mBroc-Chú. Anuas air sin, caithfidh siad leagan nua a dhíol de tháirge leighis a bhfuiltear in amhras faoi i mbás na gcéadta othar. Cruálach scaití, scaití eile searbhasach, ach é thar a bheith greannmhar, aor is ea An Broc-Chú ar an saol santach neamhscrupallach ina mairimid. Scéinséir é, scéal faoi chairdeas, sciolladh frithchaiptileach, agus road movie Francach i Citroen CX Salún! Is é Darach Ó Scolaí a d'aistrigh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Caomhán Ó hÓgáin agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] “To sell this product to our partners in the medical industry, we are going to combine experience and freshness” Duprat labs introduce their new strategy to Guy Farkas, an ‘old school' pharmaceutical sales rep, and Jérémy Labionda, an over-qualified junior exec ordered to keep an eye on Farkas. On top of that, the duo have to sell a drug that is reputed to have caused the death of hundreds of patients. Sometimes cruel, sometimes sarcastic, but always very funny, An Broc-Chú is a satire on the greedy world we live in. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Caomhán Ó hÓgáin and Rónán Mistéil

    Madame Lazarre - Leabhar mhí an Mhárta 2022 | Book of the month - March 2022

    Play Episode Listen Later Apr 11, 2022 22:09


    [English version below] Ó bhí sí ina páiste óg, tá Levana bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith ina cailín óg di óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa, an t-aon duine amháin dá muintir a tháinig slán ó shlad an Shoah. Ach nuair a thagann mearbhall intinne ar Hana i ndeireadh a saoil, sceitheann blúirí eolais óna béal a fhágann Levana trína chéile. Seoltar an bhean óg ar aistear a thugann uirthi gach rud a dúirt a seanmháthair riamh léi a cheistiú. De réir mar a ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go hiarthar na hÉireann, druideann Levana le fíorscéal a seanmháthar agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Caitlín Nic Íomhair agus Eoin McEvoy [Leagan Gaeilge thuas] Levana has always been proud of her Jewish heritage and the generations of Jewish women who went before her. One of those women is her grandmother, Hana Lazare, who raised Levana in a traditional Jewish community in Paris. Hana's story is one of struggle: as a child, she fled the Nazi invasion of her Northern European homeland and made her way to London. She was the only member of her family that survived the Shoah. She has never spoken a word about that other life to Levana. But as Hana succumbs to old age and her mind becomes increasingly confused, fragments of memory emerge that surprise Levana. And as Hana unknowingly reveals more of her past, Levana finds herself questioning everything her grandmother has ever told her. The trail leads from Paris to Brussels to the Atlantic coast of Ireland, and as it does so Levana closes in on the true story of Madame Lazare's past and the event that changed forever the course of her life. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Caitlín Nic Íomhair and Eoin McEvoy

    Bláth na dTulach - Leabhar mhí Feabhra 2022 | Book of the month - February 2022

    Play Episode Listen Later Mar 9, 2022 24:55


    [English version below] Is iomaí cruth agus dath ar an ghearrscéal agus tá a shéala sin le feiceáil go soiléir sa díolaim speisialta seo a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach. Tá scéalta thar a bheith taitneamhach cruinnithe le chéile anseo ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh. Máistir-rang i bhfoirmeacha éagsúla an ghearrscéil atá le fáil idir clúdaigh an fhoilseacháin seo. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dóchais anseo, tá scéalta eile ann a bhfuil an greann agus an brón chun tosaigh iontu, tá cuid de na scéalta fréamhaithe go docht i dtraidisiún an oidis bhéil agus cinn eile a bhfuil foirmlí agus foirmeacha na litríochta nua-aoisí le brath orthu. Is cuma cén áit a dtumfaidh an léitheoir isteach sa leabhar seo, gheofar rud inteacht leis an tsuim a mhúscailt agus leis an chian a thógáil. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Gráinne Ní Aodha agus Áine Ní Bhreisleáin [Leagan Gaeilge thuas] Anthology of short stories from Ulster writers. The short story can take many forms and this is amply illustrated in this very special anthology which celebrates the variety and the high quality of contemporary writing in Ulster. This is a highly enjoyable collection of 28 authors, both young and old, from every corner of the province. Between the covers of this volume we are presented with a masterclass in the diversity of the genre. Stories of love, of revenge, of hope. Stories that make us laugh out loud. Stories that make us cry. Some of these stories are firmly rooted in oral traditions that span centuries, others very proudly display the stamp of contemporary ways of story-weaving. No matter where readers may dive in throughout this very considerable collection, they will find worlds that awaken their interest and entice their imagination. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Gráinne Ní Aodha and Áine Ní Bhreisleáin

    Ré na bhFathach - Leabhar mhí Eanáir 2022 | Book of the month - January 2022

    Play Episode Listen Later Feb 8, 2022 20:53


    [English version below] Cnuasach é seo a chaitheann súil ar chruachás an duine agus é i ngleic le fírinní éagsúla an tsaoil — agus leis na bréaga. Ón am i láthair go dtí an t-am atá caite — agus fiú go haimsir chaite nach raibh riamh ann — tugtar sinn ar cuairt na cruinne, camchuairt a thosaíonn “ar an bhfichiú hoileán is mó ar domhan”, tír aineoil a n-aithneoidh an léitheoir go maith í, fiú faoi chló nua. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Jody Buckley-Coogan agus Muiris Ó Raghallaigh [Leagan Gaeilge thuas] Ré na bhFathach: The stories in this collection shine a light on a sometimes flawed, but very recognisable, cast of characters as they come to terms with the truths – and mistruths – of their existence. Set in the present day and in the past – and indeed in a past that never was – we are taken on a tour of their own private universe, starting out on ‘the twetieth largest island in the world,' a strange land that the reader may yet recognise, even in this new and distorted form. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Jody Buckley-Coogan and Muiris Ó Raghallaigh

    english leabhar
    Duan na Nollag - Leabhar mhí na Nollag 2021 / Book of the month - December 2021

    Play Episode Listen Later Dec 20, 2021 14:20


    [English version below] San úrscéal gearr clúiteach seo, insítear scéal Eibinéasair Scrúg, seanchnuastóir crua a dtagann taibhse a sheanchomhghleacaí gnó Iacób Meárlaí ar cuairt chuige, agus taibhsí ón Nollaig a bhí, atá, agus a bheidh. Tar éis a gcuairte, déantar duine níos cineálta agus níos séimhe de Scrúg. Seo é an scéal is cáiliúla riamh faoin Nollaig, agus is ann atá go leor de nósanna na Nollag fréamhaithe — an ghé, an Phutóg Nollag agus an puinse! Ceann de na scéalta Nollag is cáiliúla a scríobhadh riamh. Úrscéal gearr le Charles Dickens is ea Duan na Nollag (A Christmas Carol), a foilsíodh in 1843. Eagrán nua Gaeilge é seo bunaithe ar aistriúchán an fhoclóirí, an tAthair Pádraig Ua Duinnín, agus é athchóirithe do léitheoirí ár linne ag Maitiú Ó Coimín. Is iad seanléaráidí Arthur Rackham atá mar mhaisiúchán ar an leabhar. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emily Barnes agus Ailbe van der Heide A Christmas Carol by Charles Dickens, is one of the world's best-known books. First published in 1843, A Christmas Carol tells the story of Ebenezer Scrooge, an old miser who is visited by the ghost of his former business partner Jacob Marley and the Ghosts of Christmas Past, Present and Yet to Come. After their visits Scrooge is transformed into a kinder, gentler man. Duan na Nollag was translated by the famous lexicographer Patrick Dineen, and edited and adapted for young readers by Maitiú Ó Coimín, and this beautifil new hardback edition is beautifully illustrated by Arthur Rackham. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emily Barnes and Ailbe van der Heide

    An Bhrachlainn Mhór: Scéalta - Leabhar mhí na Samhna 2021 / Book of the month - November 2021

    Play Episode Listen Later Nov 15, 2021 22:48


    [English version below] Scéalta iad seo a chuireann síos ar thragóidí agus ar ghreann, ar an gcontúirt a ghabhann le saothrú na beatha ón bhfarraige agus ar ghaisciúlacht mhuintir Oileáin Árann. Cuireann an t-údar síos go báúil ar chruatan a phobail dhúchais agus ní sheachnaíonn sé cruacheisteanna. Bhí dearcadh cineálta, tuisceanach ag an bhFlaitheartach ar ainmhithe agus ar éanlaith freisin. Scríbhneoir paiteanta Gaeilge agus Béarla ab ea Tomás Ó Flaithearta (1890-1936) as Inis Mór, ar nós a dheartháir Liam, an scríbhneoir. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Aedín Ní Thiarnaigh agus Hannah Rice An Bhrachlainn Mhór, is a new edition of Ó Flaithearta's short stories, edited by Éamon Ó Ciosáin and published by Cló Iar-Chonnacht. This volume contains some previously published stories in Irish and a story in English, ‘Riders to the Sea', as well as stories and an unfinished novel which remained in manuscript after his death. They tell of island life, its tragedy and humorous moments, the fierce struggle of fishermen and small farmers eking out a living in the face of the elements. O'Flaherty describes his native community sympathetically and wrote from intimate knowledge of social customs, emigration, fishing and wildlife. This collection of short stories by Tomás Ó Flaithearta is prefaced by Seosamh Ó Cuaig and includes an essay on O'Flaherty by his nephew, the writer and well-known Inishmore journalist Breandán Ó hEithir (1930 – 1990). Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Aedín Ní Thiarnaigh and Hannah Rice

    Mála Mirlíní - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2021 / Book of the month - October 2021

    Play Episode Listen Later Oct 8, 2021 23:55


    [English version below] An leagan Gaeilge den úrscéal dírbheathaisnéiseach cáiliúil, Un Sac de Billes. Aistrithe ag R. Seathrún Mac Éin. Giúdaigh de chuid na Fraince a bhí i muintir Joffo agus cuirtear síos sa leabhar seo ar theitheadh Joseph, a bhí 10 mbliana d'aois ag an am, agus a dhearthár Maurice (12) ón chuid sin den Fhrainc a bhí faoi smacht na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Eilís Everard agus Stiofán Ó Briain This month's book is an Irish translation of the famous autobiographical novel, Un Sac de Billes, by Joseph Joffo. Joffo reflects the experiences of the Jewish community in France during World War II in this chronicle of his and his brother Maurice's childhood escape from France during the Nazi occupation. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Eilís Everard and Stiofán Ó Briain

    An Béal Bocht - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2021 / Book of the month - September 2021

    Play Episode Listen Later Sep 22, 2021 26:51


    [English version below] Is é an t-úrscéal grafach den leabhar An Béal Bocht le Myles na gCopaleen an saothar a bheidh á phlé againn an mhí seo. Ón lá a foilsíodh é ar dtús sa bhliain 1941, tá cáil ar An Béal Bocht mar chlasaic i saol liteartha na hÉireann. Tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag an údar as a shaothar i mBéarla agus tá blas comhaimseartha fós ar an aoir aoibhinn ghreannmhar seo agus beocht úrnua anois ann sa leagan ealaíonta gleoite grafach seo ó Chló Mhaigh Eo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic An Bhreithimh agus Aonghus Ó Lochlainn This month's book is the graphic novel of Myles na gCopaleen's renowned work An Béal Bocht. First published in 1941, An Béal Bocht is the only of Flann O'Brien's handful of novels written in Irish using the pen name Myles na gCopaleen. The novel was translated into English and published in 1973 and has since been translated into many other languages. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic An Bhreithimh and Aonghus Ó Lochlainn

    Eachtraí Tintin: Todóga na bhFarónna - Leabhar Mhí an Mheithimh 2021 / Book of the Month - June 2021

    Play Episode Listen Later Jun 8, 2021 20:19


    [English version below] Nuair a bhuaileann Tintin agus a mhaidrín Báinín leis an Éigipteolaí aisteach Seán Ó Tuama, téann siad sa tóir ar an áit rúnda ina bhfuil an Faró Kí-Oskh ina luí. Ach tá níos mó ná seargáin agus gaineamh rompu sa ghaineamhlach. Tagann siad ar smuigléirí drugaí agus leanann cúpla leid a fhágann i ngleic le bithiúnach idirnáisiúnta iad. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Muireann Ní Chíobháin agus Deirdre Ní Fhloinn [Leagan Gaeilge thuas] A chance encounter with an eccentric Egyptologist, Seán Ó Tuama, takes Tintin and his faithful dog, Báinín, on an adventure in search of the lost tomb of Pharaoh Kí-Oskh. But the king's resting place contains a secret much darker than mummies and desert sand. By following a strange clue, Tintin and Báinín fall headlong into the clutches of a gang of drug smugglers, as they unwittingly find themselves in vicious conflict with an international criminal. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Muireann Ní Chíobháin and Deirdre Ní Fhloinn

    Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta - Leabhar Mhí na Bealtaine 2021 / Book of the Month - May 2021

    Play Episode Listen Later May 4, 2021 23:43


    [English version below] Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d'úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach beag ag an aon leabhar Gaeilge a d'fhoilsigh sé lena bheo, an cnuasach gearrscéalta Dúil (1953), ar léitheoirí Gaeilge. Agus ní hamháin de bharr gur chaith sé blianta fada ar chúrsaí scoile agus ollscoile. Go deimhin is minic a tharraingítear anuas an cheist an fearr a shaothar Gaeilge, más tanaí féin é, ná a shaothar Béarla. Agus cén bhaint go díreach a bhí acu le chéile. Ceist eile ar fad í cén fáth gur i mBéarla a d'fhoilsigh sé formhór mór a shaothair in aon chor. Ainneoin sin is uile, is mithid féachaint an athuair ar a shaothar trí shúile an Ghaeilgeora ,agus sa leabhar seo tá Gaeilge curtha go paiteanta ag Micheál Ó Conghaile ar a rogha féin de scoth na ngearrscéalta, trí cinn agus tríocha, mar a gcíortar téamaí mar chruas agus ainnise shaol na n-oileánach Éireannach, ról na mban sa tsochaí sin, dearcadh suaithinseach Uí Fhlaithearta ar an gcléir agus ar an eaglais Chaitliceach, an spéis thar na bearta sa dúlra agus sa nádúr. Athshealbhú cruthaitheach don aonú haois is fiche. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Deirdre Nic Chárthaigh agus Liam MacAmhlaigh [Leagan Gaeilge thuas] Liam Ó Flaithearta is best known as a writer in English. The Aran Islands native (1896–1984) published over a dozen novels and nearly two hundred short stories in English during his lifetime but just one collection of short stories in Irish, Dúil (1953). This book went on to have a lasting impact on readers of Irish-language literature and not just because it spent many years on school and university curricula. A common topic of debate regarding Ó Flaithearta's work is whether his work in Irish was even better than his writing in English. And what relationship exists, if any, between his writing in Irish and in English? Another issue is why he published most of his work in English in the first place. All that aside, it is worth taking another look at Ó Flaithearta's work through the eyes of the Irish speaker and in this book Micheál Ó Conghaile has translated his selection of Ó Flaithearta's short stories. The collection includes thirty-three short stories, in which themes like the hardship of life for people living in the Irish islands, the role of women in society, his distinctive view of the clergy and the Catholic church, and his fascination with nature. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Deirdre Nic Chárthaigh and Liam MacAmhlaigh

    Inní - Leabhar Mhí Aibreáin 2021 / Book of the Month - April 2021

    Play Episode Listen Later Mar 28, 2021 21:30


    [English version below] Tarraingíonn Réaltán ar a taithí féin mar mhúinteoir, mar mháthair, mar iníon agus mar ghar-iníon sna scéalta seo a thiteann amach thar réimse suíomhanna stairiúla agus comhaimseartha, le bailiúchán scéalta a chur i láthair atá mealltach agus a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Ó Bhéal Feirste an chéid seo caite go Baile Átha Cliath na linne seo, treoraíonn Réaltán go cumasach muid tríd chalaois, lúbaireacht agus uisce faoi thalamh. Caitheann Réaltán súil ghéar ar shaol na gcarachtair inchreidte a chuireann sí romhainn, ceistíonn sí ról na n-aicmí sa tsochaí, nochtann sí an fhimíneacht a bhíonn a cheilt i gan fhios agus tarraingíonn sí aird ar an mhí-chothromaíocht i saol na gcarachtair shuimiúla a chuireann sí os ár gcomhair. Éiríonn léi seo a bhaint amach go réidh caolchúiseach sa chnuasach nua gearrscéalta seo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ciara Ní É agus Sinéad Ní Uallacháin [Leagan Gaeilge thuas] These stories grab our attention from the first few words, as the author steers us skillfully through deceit, trickery and duplicity. Classes clash and come under the microscope, hypocrisy is revealed and inequalities laid bare. Credible characters are presented in engrossing stories that leave us wanting more in this new short story collection by Ní Leannáin. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ciara Ní É and Sinéad Ní Uallacháin

    Le Gean agus Scéalta Eile - Leabhar Mhí an Mhárta 2021 / Book of the Month - March 2021

    Play Episode Listen Later Feb 22, 2021 11:28


    [English version below] Bhris ar m'fhoighne. Ní fhéadfainn é a sheasamh níos faide. Bhí an fhuil ag borradh i mo chuislí. rug mé ar shrian an chapaill amach as a dhá lámh. Sheas mé suas gcarr cosúil leis na fir eile. Ansin thugas laisc don chapall. Réab sí chun cinn. Ba bheag nár caitheadh siar amach as an gcarr mé leis iarracht. ‘Nois bhí sí sna cosa in airde agus muid ag breith suas ar na carranna eile. Bhí deannach ag éirí ó rothaí an chairr. Bhreathnaigh mé síos ar mo Dheaide ach ní hé a bhí ann anois ach Judah Ben-Hur é féin. Bhí meangadh ar a bhéal. “Shíl mé nach mbainfeá an srian amach as lámha t'athar go brách,” adeir sé. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emily Barnes agus Eilís Everard [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories by Mike P. Ó Conaola, in Irish. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emily Barnes and Eilís Everard

    english irish sh bh agus eile eil month march gean judah ben hur sheas leabhar emily barnes
    Tinte na Farraige Duibhe - Leabhar Mhí Feabhra 2021 / Book of the Month - February 2021

    Play Episode Listen Later Feb 9, 2021 28:11


    [English version below] Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid. Ar a dTeitheadh i Spás-Long Lastais Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu. Buaiteoir Ghradam an Saltire Society Úrscéal ficsean eolaíochta a scríobhadh i nGaeilge na hAlban is ea Air Cuan Dubh Drilseach. In 2013 a foilsíodh é agus is é an chéad úrscéal ficsean eolaíochta lánfhada a scríobhadh do dhaoine fásta i nGaeilge é. Ghnóthaigh an leabhar seo gradam an ‘First Book of the Year' do Tim Armstrong ón Saltire Society in 2013. Is é Eoin P. Ó Murchú a d'aistrigh. Scríbhneoir agus ceoltóir as Seattle Mheiriceá é Tim Armstrong, agus is léachtóir i Sabhal Mòr Ostaig é. Tá sé ag obair faoi láthair ar an dara húrscéal leis, An Luingeas Dorcha air Fàire. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Bríd-Treasa Ní Ghaoithín agus Aonghus Ó Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] Escape on a Cargo Space-Ship Sál and Ríosa are on the run from Roghail, a small moon off Neasg, They escape on a cargo ship — with the human-crocadile Sergeant Rathaid hot on their heels. But out there waiting for them is a greater menace — and, unknown to her, Ríona hides a secret that will bring the forces of destruction upon them. Winner of the Saltire Society Award Tinte na Farraige Duibhe (Air Cuan Dubh Drilseach) is a science fiction novel written in Scottish Gaelic by Tim Armstrong and published by CLÀR in 2013. It is the first hard science-fiction novel in Gaelic written for adults. This book won the Saltire Society First Book of the Year Award in 2013. Translated by Eoin P. Ó Murchú. Tim Armstrong is a writer and musician from Seattle in the United States. He lives in Scotland and works as a lecturer in Sabhal Mòr Ostaig. He is currently working on his second novel, An Luingeas Dorcha air Faire. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Bríd-Treasa Ní Ghaoithín and Aonghus Ó Lochlainn

    Beatha Phí - Leabhar Mhí Eanáir 2021 / Book of the Month - January 2021

    Play Episode Listen Later Jan 28, 2021 28:25


    [English version below] Clasaic i litríocht an domhain chéana is ea Beatha Phí, lán de mhíorúiltí is iontais. Bronnadh duais Man Booker air sa bhliain 2002 chomh maith le gradaim eile, rinneadh scannán de a bhain ceithre Oscar agus tá sé aistrithe i mbreis is daichead teanga. Seo anois é i nGaeilge. Tagann Pí Patel slán nuair a théann an long go tóin poill agus a mhuintir ag aistriú ón India go Ceanada. Níl fágtha i ndiaidh na tubaiste ach é féin agus tíogar mór ocrach, iad ar fán i mbád tarrthála ar an bhfarraige mhór fhiáin. Saol idir codladh agus dúiseacht atá acu, an bás agus an bheatha fite fuaite ina gcuid smaointe. Réitíonn na téamaí seo go binn le saol síorimníoch ár linne agus é i mbaol a dhíothaithe. Ní mór do Phí dul i muinín na n-achmhainní atá faoina láimh chun teacht slán, agus dul amach ar chreideamh a chroí. Ní mór don léitheoir dul i ngleic leis na fadhbanna a chuireann an leabhar romhainn, agus fírinne an scéil a aimsiú. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Muireann Ní Raghallaigh agus Muiris Ó Raghallaigh [Leagan Gaeilge thuas] After the sinking of a cargo ship, a solitary lifeboat remains bobbing on the wild blue Pacific. The only survivors from the wreck are a sixteen-year-old boy named Pi, a hyena, a wounded zebra, an orangutan – and a 450-pound Royal Bengal tiger. The scene is set for one of the most extraordinary and beloved works of fiction in recent years. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Muireann Ní Raghallaigh and Muiris Ó Raghallaigh

    Asterix agus an Corrán Óir - Leabhar Mhí na Nollag 2020 / Book of the Month - December 2020

    Play Episode Listen Later Dec 1, 2020 13:09


    [English version below] Tá sráidbhaile Asterix go mór trína a chéile. Tá Ogamaix, draoi, i ndiaidh a chorrán óir a bhriseadh agus ní thig leis éilicsir an nirt a dhéanamh gan é! Imíonn Asterix agus Obelix ar mhisean contúirteach go Lúitéis, le corrán nua a cheannach ó Amerigix, a bhfuil gaol i bhfad amach aige le hObelix agus atá ar an fhear déanta corrán is fearr dá bhfuil sa Ghaill. Ach tá Amerigix imithe gan tásc gan tuairisc agus caithfidh ár mbeirt laoch dul á lorg i measc choirpigh agus bhithiúnaigh na cathrach. An dtiocfaidh siad ar Amerigix nó an mbeidh corrán óir nua chun an bhaile leo i gcomhair Ogamaix? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ola Majekodunmi agus Oisín Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] It's a disaster - the druid Getafix has broken his golden sickle. Asterix and Obelix go to Lutetia (now Paris) to buy him a new one. Soon they are tangling with the criminal underworld of the big city - can they outwit Navishtrix, Clovogarlix and the sickle-trafficking gang? Will Getafix ever be able to brew magic potion again? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ola Majekodunmi and Oisín Mistéil

    Thar na Tonnta - Leabhar Mhí na Samhna 2020 / Book of the Month - November 2020

    Play Episode Listen Later Nov 6, 2020 19:44


    [English version below] Is é a dheireadh tús an scéil seo. Tá Sonaí Ó Giolla básaithe ach go bhfuil leithscéal ar a spiorad scaradh lena chorp. Téann sé siar ar bhóithrí na smaointe. A óige i mbaile an Leacain agus ar a chuid laethanta scoile, mar ar chuir sé aithne de chéaduair ar shaothar Karl Marx, a chuaigh go smior ann – ba shóisialaí é feasta. Na laethanta a chaith sé i Londain in éineacht le dream ón mbaile – dream a bhí chomh radacach leis-sean dá mb'fhíor dóibh féin é agus, go deimhin, dá mb'fhíor dósan é chomh maith. An bhean a phós é agus an iníon a bhí acu. Ach airíonn sé a chuid idéalachais á ídiú de réir a chéile ag a laigeachtaí féin, ag athrú aeráide is saoil. Agus is nuair a fhilleann siad ar an seanphaiste tar éis na blianta a bheith caite i Londain acu a fhíortar an sean-nath nach mar a shíltear a bhítear. Nó nach mar a síleadh a bheas amach anseo... Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Aedín Ní Thiarnaigh agus Caomhán Ó hÓgáin [Leagan Gaeilge thuas] This story starts at the end and moves backwards. Sonaí Ó Giolla has just died, but his spirit is reluctant to leave his body. He travels back through his memories of his life, the people he lived with while he was living in London as an emigrant from Ireland and became a socialist. He remembers the woman who married him and the daughter they had together. Now, at the end of his days he feels that his idealism has faded and understands that everything is not as it seems, and indeed, the way things were doesn't mean that they will stay the same into the future. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Aedín Ní Thiarnaigh and Caomhán Ó hÓgáin

    Ar Luch Agus ar Dhuine - Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2020 / Book of the Month - October 2020

    Play Episode Listen Later Oct 14, 2020 20:09


    [English version below] Buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe 2020 Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Beirt spailpíní iad George agus Lennie, i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí' é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre'. An Garbhadas, an Mhíofaireacht agus an Suarachas: Tá 'Ar Luch agus ar Dhuine' ar cheann de na scéalta is cumhachtaí dár scríobh John Steinbeck. Tá an garbhadas ann, agus an mhíofaireacht agus an suarachas, ach is é an cineáltas agus an grá atá in uachtar. Scéal gairid é ach, más ea féin, beidh cuimhne fhada air ag an té a léifidh. An saothar seo le Colmcille Ó Monacháin, tá sé ar cheann de na heiseamláirí aistriúcháin is breátha dá ndearnadh le tamall de bhlianta. "Tá cuma iontach ar an leabhar .... Ghin Ó Monacháin saothar as an nua, atá idir Ghaelach agus Ultach, sa leagan breá seo de Ar Luch agus ar Dhuine." — Pádraig Fhia Ó Mathúna, COMHAR. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Maitiú Ó Coimín [Leagan Gaeilge thuas] Winner of 'Best Translation' Award 2020 Driſters in search of work, George and his childlike friend Lennie, have nothing in the world except the clothes on their back — and a dream that one day they will have some land of their own. Eventually they find work on a ranch in California's Salinas Valley, but their hopes are dashed as Lennie — struggling against extreme cruelty, misunderstanding and feelings of jealousy — becomes a victim of his own strength. "Tá cuma iontach ar an leabhar .... Ghin Ó Monacháin saothar as an nua, atá idir Ghaelach agus Ultach, sa leagan breá seo de Ar Luch agus ar Dhuine." — Pádraig Fhia Ó Mathúna, COMHAR. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Maitiú Ó Coimín

    Meascra ón Aer - Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2020 / Book of the Month - September 2020

    Play Episode Listen Later Sep 28, 2020 21:03


    [English version below] Tagann ábhar an leabhair seo ón tsraith raidió ‘Meascra' a rinne Marcus Mac Conghail do Raidió na Gaeltachta. Iarracht a bhí sa tsraith ardán a thabhairt don scríbhneoireacht nua agus ábhar siamsaíochta (agus machnamh, b'fhéidir) a chur ar fáil. Meascra ceart atá sa leabhar – aistí agóide, gearrscéalta, dánta, cuimhní cinn agus eile agus is iontach an réimse ábhar, stíleanna agus guthanna atá ann le 40 scríbhneoir éagsúil lena n-áirítear Caitríona Ní Chléirchín, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Biddy Jenkinson, Antain Mac Lochlainn, Réaltán Ní Leannáin, Aindrias Ó Cathasaigh, Caitlín Nic Íomhair agus Cathal Póirtéir, gan ach dornán acu a lua. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Gráinne Ní Aodha agus Eoin McEvoy [Leagan Gaeilge thuas] A collection of essays, poems, short stories, reminiscences and more from the RTÉ Raidió na Gaeltachta series, Meascra, produced by Marcus Mac Conghail. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Gráinne Ní Aodha and Eoin McEvoy

    Cnámh - Leabhar Mhí an Mheithimh 2020 / Book of the Month - June 2020

    Play Episode Listen Later Jun 23, 2020 20:36


    [English version below] Is cnuasach gearrscéalta é seo ón údar Conallach Eoghan Mac Giolla Bhríde. Seo an méid a bhí le rá ag moltóir de chuid an Oireachtais faoi: "Ceardaí oilte an scríbhneoir a thuigeann conas scéal a nochtadh. Comhlíonann an cnuasach seo aidhm na litríochta, cuireann sé breis lenár léamh ar an domhan timpeall orainn agus cuireann sé lenár dtuiscint ar ár gcomhdhaoine. "Tá an scríbhneoir cruthanta seo, duine nach mór dó a scríobh agus nach mór dúinne léitheoirí a shaothar a léamh. Ghealaigh an saothar mo chroí. Mairimid beo." Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sinéad Ní Uallacháin agus Aoghus Ó Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories by Eoghan Mac Giolla Bhríde, who is originally from the Donegal Gaeltacht but now lives in Dublin. This is his third collection of short stories. Idir Feoil agus Leathar was published in 2002 by Coiscéim, followed by Díbeartaigh in 2005. “Rarely does a writer succeed in producing a work that impacts on the reader in an unforgettable way, such as happens in some of the stories in this collection. There are some wonderful moments of insight, and from start to finish, be they wounded or flawed, the characters embody the flesh and blood of humanity.” Dr Róisín Ní Ghairbhí. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Sinéad Ní Uallacháin and Aonghus Ó Lochlainn

    english sin seo dublin leabhar mheithimh
    Eachtraí Tintin - An tOileán Dubh - Leabhar Mhí na Bealtaine 2020 / Book of the Month - May 2020

    Play Episode Listen Later May 22, 2020 19:02


    [English version below] Tá Tintin agus a ghadhar dílis, Báinín, sa tóir ar bhuíon idirnáisiúnta brionnóirí airgid. Ina measc, tá an Dr Müller, a bheidh ina dheargnamhaid ag an iriseoir óg. Tagann Tintin slán ó iarracht é a dhúnmharú ach tá tuilleadh dainséir roimhe nuair a thugann leideanna chomh fada le Poll Dubh in Albain é. Is ann a chloiseann sé faoin mBrúid ar a bhfuil cónaí i gCaisleán na Binne Móire ar an Oileán Dubh. Tugtar rabhadh dó gan dul in aice an oileáin ach níor theip ar fhear - ná ar ghadhar - an mhisnigh riamh! Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Conchúr Ó Faoláin [Leagan Gaeilge thuas] In this classic graphic novel, Tintin Investigates a mysterious plane crash and discovers that he's on to something big! The case leads Tintin to Scotland, where he learns of a monster that stalks a lonely island. Hergé, one of the most famous Belgians in the world, was a writer and cartoonist. The internationally successful Adventures of Tintin are his most well-known and beloved works. They have been translated into 38 different languages and have inspired such legends as Andy Warhol and Roy Lichtenstein. He wrote and illustrated The Adventures of Tintin until his death in 1983. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emma Ní Chearúil and Conchúr Ó Faoláin

    Claim ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

    In order to claim this podcast we'll send an email to with a verification link. Simply click the link and you will be able to edit tags, request a refresh, and other features to take control of your podcast page!

    Claim Cancel