POPULARITY
Beidh vótálaithe i nGaillimh agus Baile Átha Cliath ag caitheamh vóta i bhfothoghcháin Dé hAoine beag seo. Ghéill Paschal Donohoe a shuíochán Dála i mBaile Átha Cliath Láir i mí na Samhna seo caite chun a dhul ag obair sa Bhanc Domhanda. Chomh maith leis, tá suíochán an Uachtaráin nua Catherine Connolly le líonadh i nGaillimh Thiar. Tá 31 iarrthóir san iomlán ag rith sa dá thoghcheantar. Is iomaí ceist atá i mbéal an phobail agus an toghchán ag teannadh linn. Tá cúrsaí tithíochta, an costas maireachtála, an inimirce ag croílár an fheachtais sa dá chontae. Ach cé hiad na hiarrthóirí atá chun cinn go dtí seo? An buntáiste í líofacht na Gaeilge, go háirithe do mhuintir Chonamara? Agus cén tionchar a bheidh ag torthaí na dtoghchán seo ar na páirtithe móra agus ar chúrsaí polaitíochta na tíre i gcoitinne? Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le John Downing, tráchtaire polaitíochta leis an Irish Independent agus Máirín Ní Ghadhra, tráchtaire polaitíochta agus láithreoir TG4. Foclóir: Fothoghchán: By-election Breithiúnas cúirte: Court judgement Moill: Delay Stocaireacht: Campaigning Codarsnacht: Contrast Toghcheantar/dáilcheantar: Constituency Bruachbhaile: Suburb Áibhéil: Exaggeration Pobalbhreith: Opinion poll An dallamullóg a chur ar dhuine: To pull the wool over someone's eyes Cuarbhóthar: Ring road Tachta: Choked Tráth dá raibh: Back in the day Vóta aistrithe: Transfers Frithbhunaíochta: Anti-establishment Teip: Failure Rogha na coitiantachta: The favourite Cinniúnach: Decisive Eachtrannaigh: Foreigners Iallach a chur ar: To force Comhaireamh: Count See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cruinniú le bheith ag LCSP na Gaillimhe i gceantar Chonamara agus plé ar chúrsaí póilíneachta.
Mic Léinn ó Chonamara i gCorca Dhuibhne le Coláiste Mhuire Gan Smál.
Tá roinnt ball de pháirtí Shinn Féin i gConamara mí shásta nár roghnaíodh iarrthóir as Ceantar Chonamara le bheith san iomaíocht I bhfo-thoghchán Ghaillimh Thiar in ionad iarrthóir as an gCathair áit a bhfuil Teachta Dála ag an bPairtí cheana féin.
Tá iarratas oifigiúil déanta anois ar chruinniú urghnách do Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara, ag 352 ball den chumann sin, atá ag iarraidh athruithe a dhéanamh ar an gcaoi atá an cumann dhá reáchtáil.
Tús á chur le Féile na Beanna Beola i gConamara Láir inniu.
Tá sé ag iarraidh go gcuirfidh Comhairle Contae na Gaillimhe feachtas eolais ar fáil do cheantar bardasach Chonamara lena chur ar na súile don phobal, na buntáistí a bhaineann leis an scéim iasachtaí tí na núdarás áitiúil, an LAHL.
Labhair Breandán faoin tseirbhí a chuireann an chlár "Workability" ar fáil do dhaoine faoi míchumas.
Beidh caint á thabhairt ag Breandán Ó Scanaill i bPáirc Náisiúnta Chonamara mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na gCrann.
Mír ómóis: Peadar Ó Treasaigh as Baile an Domhnalláin sa Spidéal.
Tá baill de Chumann Chapaillíní Chonamara ag iarraidh cruinniú ginearálta urghnách a tharraingt.
Béidh suas le 120 gnó áitiúil as Conamara agus Oileáin Árann ag teacht le chéile i Wildlands i Maigh Cuilinn an tseachtain seo chugainn don ócáid turasóireachta atá á eagrúag Costa Gaelach Chonamara agus Árann.
Labhraíonn Rónán Ó Ráinne le Seán faoi chapaillíní Chonamara, Trá Bháin agus an méid atá bainte amach aige.
Tá láithreoir á lorg ag Pleanáil Teanga Chonamara Láir dá bpodchraoladh nua.
Amhránaí Chonamara atá sa dúthaigh do Scoil Cheoil an Earraigh na bliana seo.
Rhóna Ní Chearbhaill, OPT Pobal Rua & Trevor Ó Clochartaigh, Coiste Eagraithe Compántas Dramaíochta Chonamara. Beidh cruinniú poiblí ar na gCeathrú Rua anocht agus compántas nua drámaíochta le bunú i gConamara.
Imní uirthí mar gheall ar iarratas Arramara le feamainn a bhaint ar chosta Chonamara
Tá iarratas déanta ag an gcomhlacht próiseála feamainne Arramara le ceadúnas bainte feamainne a fháil ar suas le 2,000 heictéar cladaigh ar fud Chonamara.
An comhlacht próiseála feamainne Arramara, tar éis iarratas a dhéanamh ar cheadúnas pleanala ar fórmhór na gCladaigh i gceantar Chonamara.
Micheál Ó Domhnaill, Oifigeach Caidrimh Phoiblí Chumann Dornálaíocht Chonamara ag labhairt faoi turnaimint dornálaíochta ag Cumann Dornálaíocht Chonamara i gCasla anocht.
Cén chúis go bhfuil teaghlaigh ag bogadh amach as tithe shóisialta i gceantar iar- dheisceart Chonamara agus bogadh isteach i dtithe shóisialta i gceantar Bhearna.
Tá infheistíocht de €400 milliún le déanamh san earnáil turasóireachta in Éirinn as seo go ceann chúig bhliana. Sheol t-Aire Fiontraíochta, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke, straitéis infheistíochta caipitil na roinne sin inné.
Tá sé tugtha le fios go foirmeálta ag an chomhlacht Fuinneamh Sceirde Teoranta, FST, don Choimisiún Pleanála go bhfuil siad leis an iarratas pleanála le feirm ghaoithe a fhorbairt amach ó charraigeachaí Sceirde, a tharraingt siar
Cé go bhfáiltíonn an Comhairleoir Condae do Chonamara Pádraic Joe Joe Mac an Iomaire roimh an obair is deireanaí atá déanta ar na háiseanna atá ag seanchéibh an Spidéil, síleann sé go dteastóidh tuilleadh soilsiú ar an gcosán siúlóide atá in aice le bothán an gharda tárrthála atá ag an gcéibh nua.
An scéal is deireanaí faoi stoirm Bram ó Chonamara.
Na baill de chlub dornálaíochta Chonamara ag labhairt faoin gcaoi go mbeidh siad ag tabhairt a n-aghaidh ar na Stáit Aontaithe Mheirceá do bhabhta troda a bheidh acu ag an deireadh seachtaine.
Kevin O Hara, & Pádraig a' Táilliúra Ó Conghaile Sinn Féin Chonamara, Johnny Sheamuis Ó Conghaile, gníomhaí pobail, & Pádraig de Bhailís, Coiste Bhóthar Dhoire Fhearta ag labhairt ag an agóíd ag Áras MhicDara inné.
Eugene Finnerty bainisteoir Pháirc Náisiúnta Chonamara, an t-oifigeach riaracháin Olga Baleava & Máirtín O Malley, oibrí ginearálta ag labhairt faoin ionad nua faoi chapaillíní Chonamara atá oscailte ansin.
Darragh Ó Tuairisg as Bearna & Uachtarán Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara ag labhairt faoi ionad oidhreachta chapaillíní Chonamara atá le hoscailt inniu i Leitir Fraic agus freisin faoin damáiste a déanadh de pháirc spraoi Bhearna.
Tá cruinniú a reáchtáil ag brainse Chonamara do Chumann feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann an INHFA i nDeisceart Chonamara ar an gCéadaoin seo chugainn.
Seolfar an clár Workability ag ócáid a bheas ar siúl i dTeach Scríbe maidin inniu.
Tá achainí déanta ag comhairleoirí contae Chonamara go gcuirfear tuilleadh acmhainní ar fáil le déileáil leis na fadhbanna a thagann le drochaimsir agus stoirmeacha - aimsir, dar leo, atá ag tarlú níos minice.
Cruinniú ag Coiste Pobail Ros Muc faoi bhallaraíocht a ghlacadh i gcoiste eile i gceantar Chonamara.
Dominic Ó Móráin, Chathaoirleach Ghréasán Turasóireachta Chonamara agus Árann. Tá sé deimhnithe ag Fáilte Éireann go bhfuil tús curtha leis an obair ar Plean Forbartha nua Cinn Scríbe do réigiún Chonamara agus na n-oileán
Tá fógra i bhFeidhm ag Uisce Éireann ón cheathrú lá fichead do Mhí Iúil, gan uisce ón soláthar poiblí i gCrosaire na Tulaí in Iar Thuaisceart Chonamara a ól, mar gheall ar an leibhéal Ard mangainéis atá san uisce.
Ag labhairt faoi Sheó Chapaillíní Chonamara atá ag ceiliúradh 100 bliain i mbliana.
Breandán Ó Máille, Fóram Chonamara ag labhairt faoin scéim phíolótach atá á rith aige thar ceann Fóram Chonamara agus Wild Atlantic Nature - scéim atá ag iarraidh stop a chur le baint na móna.
Breandán Ó hIarnáin, Hernon Mobile Valeting ag labhairt faoi na seirbhísí atá sé a chur ar fáil ar fud Chonamara.
Dé hAoine a tugadh le fiuos go chomhaireloirí Chonamara go bhfuil iarratas ar chéad pleanála seolta ag Comhairle Contae na Gaillimhe chuig an gCoimisiúin Pleanála le obair a dhéanamh ar bhóthar Chuan na Loinge I mBéal an Daingin.
Áirítear anois gur bhásaigh suas le 80 duine sna tuillte a bhí i Stát Texas ag an deireadh seachtaine, ina measc tá 28 gasúr. De réir mar atá an tuille ag trá tá foirne tarrthála fós ag tóraíocht do dhaoine atá ar iarraidh.
Mary Ní Chadhain, Cathaoirleach coiste seó capaillíní Chonamara sa gClochán ag labhairt faoi na h-imeachtaí a bhéas ar bun ann agus sprioc dhátaí le clárú.
Dominic Ó Móráin, ó Chósta Gaelach Chonamara agus Árann ag labhairt faoi thurais digiteach atá seolta.
Níl sé ag tabhairt aon aitheantas den chruinniú éigeandála a bhí ag Cumann lucht chapaillíní Chonamara ar an deire seachtaine.
Emma Allen, Eco Skills Chonamara ag labhairt faoi chúrsa DIY do dhéagóirí.
Tá próiseas earcaíochta ar bun ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi láthair le teiripeoirí saothair a fhostú i gConamara don tSeirbhís do Pháistí faoi Mhíchumas, a chuireann seirbhís ar fáil do pháistí atá faoi mhíchumas i gceantar Chonamara.
Aenghus Mac Eochagáin stiúrthóir na sraithe "Capaillíní" Daragh Ó Tuairisg Uachtarán Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara & Finola Nic an Iomaire úinéara capaillín ag labhairt faoin tsraith a bhéas ag tosú ar TG4 Déardaoin.
Liam Ó Maolaodha, ó ghalf chumann Oileáin Chonamara ag labhairt faoin ócáid a bhéas ansin inniu do Jimmy Duggan.
Ag labhairt faoi ócáid eolais a bhíos ar siúl i Halla Chill Chiaráin, Dé Máirt faoi dífhibrileoirí sa gceantar.
Labhair an tAire Coimirce Sóisialaí, Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary le Cóilín Ó Neachtain agus é ar cuairt oifigiúil ar roinnt eagraíochtaí I gceantar Chonamara inné.
Iad ag fáiltiú roimh an scéal go bhfuil sé socraithe ag mathairchomhlacht Fuinneamh Sceirde Teo. gan dul ar aghaidh leis an togra.