POPULARITY
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25bofwlj Contact: irishlingos@gmail.com 150k people have paid their respects to the Pope so far. 150k duine atá tar éis a n-ómós a léiriú don Phápa go dtí seo. The Vatican has said that 150,000 people have already come to pay their respects to Pope Francis, who is lying in state in St. Peter's Basilica in Vatican City for the third consecutive day. Tá sé ráite ag an Vatacáin go bhfuil 150,000 duine tar éis teacht cheana féin chun a n-ómós a thabhairt don Phápa Proinsias, atá ina luí faoi ghradam i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine don tríú lá as a chéile. People are waiting up to four hours in queues to pay their respects. Tá daoine ag fanacht suas le ceithre huaire i scuainí lena n-ómós a léiriú. Pope Francis passed away on Easter Monday. Cailleadh an Pápa Proinsias Luan na Cásca. He was 88 years old. Bhí sé 88 bliain d'aois. The President of Ireland, Michael D. Bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, and his wife, Sabina in St. Peter's Basilica earlier. Higgins, agus a bhean chéile, Sabina i mBaisleac Pheadair níos túisce. With world leaders expected to attend the funeral tomorrow morning, Italy is preparing for a tight security measure. Agus súil le ceannairí domhanda teacht chuig an tsochraid maidin amárach, tá beart dian slándála á réiteach ag an Iodáil. President Michael D. Beidh an tUachtarán Michael D. Higgins and Taoiseach Micheál Martin are among the heads of state and government who will represent the countries of the world in Peter's Square. Higgins agus an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceann stáit agus na gceann rialtais a dhéanfaidh ionadaíocht ar son thíortha an domhain i gCearnóg Pheadair. They will be joined by US President Trump, British Prime Minister Keir Starmer, President Emmanuel Macron and Ukrainian President Volodymur Zelenskyy. Ina gcomhluadar beidh Uachtarán Trump na Stát Aontaithe, Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer, an tUachtarán Emmanuel Macron agus Uachtarán na hÚcráine, Volodymur Zelenskyy. It was announced shortly afterwards that the First Minister of Northern Ireland, Michelle O'Neill, will be present at the funeral. Fógraíodh ar ball beag go mbeidh Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O'Neill, i láthair ag an tsochraid. Former US President Joe Biden will also be there. Beidh iarUachtarán Mheirceá, Joe Biden, ann freisin. In addition, hundreds of thousands of visitors are expected in Rome between now and Easter Sunday, when Pope Francis was last seen making a short circuit through St. Peter's Square. Anuas air sin, tá súil leis na céadta míle cuairteoir sa Róimh as seo go dtí an Satharn Domhnach na Cásca an uair dheireanach a chonacthas an Pápa Proinsias agus é ag déanamh cúrsa gearr thrí Chearnóg Pheadair. Less than 24 hours later he died of a stroke that had struck him during the night. Níos lú ná 24 uair níos deanaí bhí sé básaithe den stróc a bhuail é i gcaitheamh na hoíche. He was recovering in the Vatican from a pneumonia infection that had put him in the hospital for 5 weeks. Bhí sé ag teacht chuige fein sa Vatacáin ó infhabhtú niúmóine a chuir san ospidéal ar feadh 5 seachtaine é. After the funeral, his body will be taken to his favorite church in Rome, the Basilica of Santa Maria Maggiore, and will be laid to rest under a simple slab with a single word engraved on it, Franciscus. Tar éis na sochraide, tabharfar a chorp chuig an séipéal b'ansa leis sa Róimh, baisleac Santa Maria Maggiore agus cuirfear ann é faoi leac simplí a mbeidh aon fhocal amháin greanta air, Franciscus. In Ireland, a Solemn Mass was held this morning in St. Mary's Parish Church where prayers were held for the eternal rest of the Pope's soul. In Éirinn, bhí Aifreann Sollúnta ar siúl ar maidin i Leas-Eaglais Naomh Muire inar guíodh ar son suaimhneas síoraí d'anam an Phápa.
Tugadh cónra an Phápa go dtí Baisleac Naomh Peadar i gCathair na Vatacáine ar maidin.
Marcus Ó Conaire, oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag labhairt faoi rothair agus carranna leictreach a bhéas le fáil ar cíos sa gCathair.
Cuid den dream a bhí ag ócáid filíochta Dé Ceadaoin i mBaile Chláir áit ar seoladh leabhar filíochta a chuir gasúir as scoileanna sa Ghaeltacht agus i gCathair na Gaillimhe le chéile.
Evie Ní Chonaill, as Cathair na Gaillimhe & Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag labhairt faoin séasúr nua Youth Lates i gCathair na Gaillimhe.
Ar an gclár seo chualamar ó Jeffrey Sardina a labhair linn faoi na tinte uafásacha i gCathair na nAingeal i gCalifornia le gairid agus an t-Uachtarán nua Trum ag filleadh ar an Teach Bán. Chomh maith leis sin, bhí Bertie Ó hAinmhire ó Dhlúthpháirtíocht na Gaillimhe ar son na Pailistíne agus Trócaire ag labhairt linn faoi chúrsaí sa Phailistín i láthair na huaire tar éis don sos comharc a bheith fògartha an tseachtain seo caite.
Foilsíodh staidéar féidiearthachta le déanaí faoi sheirbhís iompar éadrom traenach a fhorbairt i gCathair na Gaillimhe.
Clár speisialta le Séamus Ó Scanláin,ó Ghleannb Loic i nDún Chaoin ó dhúchas. Tá Séamus a cur faoí i gCathair na Gaillimhe le blianta fada.
Cúrsaí sláinte agus bealach nua bus i gCathair na Gaillimhe.
Sharon Ní Ghríofa, cathaoirleach chomhairle na nÓg i gCathair na Gaillimhe ag labhairt faoin togra "Youth Lates".
Treasa Harkin, Taisce Cheol Dúchais na hÉireann ag labhairt faoin bhféile Misleór i gCathair na Gaillimhe.
Tá sé deimhnithe ag an Roinn Tithíochta go gcaithfear cead pleanála a fháil do roinnt tithe atá ligthe ar cíos go gearrthréimhseach i gCondae na Gaillimhe. Tá an riail seo dhá chur i bhfeidhm anois i gCathair na Gaillimhe le roinnt blianta.
Tá soileiriú dá lorg ag an gComhairleoir Cathrach faoin ráiteas a rinne an tAire Iompair Éamon Ryan faoi chóras iarnróid éadrom atáthar ag iarraidh a fhorbairt i gCathair na Gaillimhe. Tá súil ag an gComhairleoir Connolly ainmniúchan a fháil ó Fhianna Fáil le seasamh mar iarrthóir an pháirtí sa gcéad olltoghchán eile.
Mairéad Ní Chonaola, léirmheastóir ag labhairt faoi thaispeántas ealaíne i gCathair na Gaillimhe.
Ar cheart go mbeadh cead ag ceantair atá i gCathair na Gaillimhe vóta a bheith acu i dtoghcháin Údarás na Gaeltachta.
Catherine Connolly, TD. ag labhairt faoin scéim faoiseamh tuillte i gCathair na Gaillimhe.
Bhí Beo ar Éigean i láthair ag Féile Tonnta i nGaillimh, féile nua dátheangach i gCathair na dTreabh. Labhair siad faoi Bhandia Bhríd agus faoi thábhacht an phobail, i measc go leor eile!
Is i gCathair na Gaillimhe a chuir an Coimisiún Toghcháin críoch leis an na chéad seisiúin eolais a bhí ar bun acu ó thaobh na Reifrinn a bheas ar bun i mí Márta.
Máire Mhic Aodha. Leas-Uachtaráin Chumann Naomh Uinseann de Pól i gCathair na Gallimhe agus i gConamara. Tá siad ag lorg oibrithe deonacha faoi láthair.
Mairéad Ní Chonaola, léirmheastóir ag labhairt faoi na margaí Nollag atá i gCathair na Gaillimhe.
Tráthnóna inniu a chuirfear tús le Margadh na Nollag ar an bhFhaiche Mhór i gCathair na Gaillimhe agus táthar ag súil go dtabharfaidh os cionn 300 míle duine cuairt air.
Beidh Laura Harmon ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre i gcathair Chorcaí sa chéad toghchán áitiúil eile.
Cruinniú le bheith ag Comhairle Cathrach Bhéal Feiriste tráthnóna faoi chomharthaíocht Gaeilge sa gCathair
Tá sé i gceist ag Pádraig Lenihan seasamh sna toghcháin áitiúla i gCathair na Gaillimhe an chéad bhliain eile don pháirtí Aontú.
Ar an gclár seo chualamar ó Shiobhán Nic Ghaoithín a labhair linn faoin bhféile ilchultúrtha Fhéile le Chéile DLR de chuid Comhairle Contae Dún Laoghaire Ráth Dúin le grúpaí ó chúlraí éagsúla, dírithe ar an ionchuimsiú, dul in aghaidh ciníochais agus go leor eile! Chomh maith leis sin chualamar ó Ola Majekodumni a labhair linn faoin bpainéal iontach a mbeidh á stiúradh aici faoin ionchuimsiú sna meáin agus sna dána in Éirinn mar chuid den fhéile! Ar deireadh, go speisialta chualamar cúpla amhrán ón gceoltóir Roehind sall i gCathair na nAingil na Stáit Aontaithe atá á chur a céad albam, Buile amach an tseachtain seo.
Forbairt tithíochta 1,325 aonad le tógaint at sheana láthair Goulding i gCorcaigh.
Tuairiscitear go bhfuil ganntán de suas le dhá scór muinteoir i scoileanna i gContae agus i gCathair na Gaillimhe faoi láthair agus muid i bhfoisceacht cúpla seachtain de thús na scoil bhliana nua.
Tá beagnach €39,500 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O Donovan do Ghaillimh le Gaeilge faoin Scéim Tacaíochta Gaeilge le cur ar a gcumas staidéar féidireachta a dhéanamh faoi Lár ionad cúltúrtha Gaeilge a fhorbairt i gCathair na Gaillimhe.
Musaem a léiríonn traidisiún an tóraimh agus an bháis oscailte i gcathair Phort Láirge an tseachtain seo caite. Thug Micheál Ó Drisleain cuairt air.
Níl a bhac air mhuintir na h-Úcráine fanacht i gCathairsaidhbhín más maith leo. Bhí ceithre fichid duine acu le bogadh go Tráilí,ach ní rabhadar fhéin ná muintir an bhaile sásta leis sin.
Moltar i straitéis iompair do Ghaillimh atá á sheoladh ag an bpáirtí Pobal Seachas Brabús sa gCathair inniu go gcuirfí deire le páirceáil ar na sráideanna i nGaillimh ionas gur féidir forbairt a dhéanamh ar bhealaí eile iompar thimpeall na cathrach agus na ceantair máguaird.
Ar an gclár seo, labhair Daithí Mac Cárthaigh linn faoin gComhdháil a bheas ar siúl in Óstaí an Rí chun eolas a roinnt le daoine faoi dheiseanna fostaíochta do chéimithe dlí mar dhlítheangeolaithe leis an AE srl. Chomh maith leis sin bhí Caitríona Weafer ag labhairt linn faoi na Gaeil ag na hOscair agus an Pop-up Gaeltacht a bhí ar siúl i gCathair na nAingeal mar cheiliúradh orthu uile!
Bhí roinnt aisteoirí as Éirinn i láthair ag ócáid ag ceiliúradh na nGael i gCathair na nAingeal aréir agus aird an domhain ar an nGaeilge ó fuair an scannán ‘An Cailín Ciúin ainmniúchán do Ghradam Oscar.
Dúirt an Dochtúir teaghlaigh, Michéal Ó Cathasaigh, agus an comhairleoir andúilí, Joe Treacy, nach bhfuil dóthain seirbhísí i gCondae agus i gCathair na Gaillimhe do dhaoine atá tugtha do dhrugaí.
Tá sé fós dóchasach go dtógfar cuar bhóthair na Gaillimhe, caithfear an bóthar a thógáil le fuascailt a thabhairt do dhaoine i gConamara agus in iarthar Chathair na Gaillimhe ó chúrsaí tráchta sa gCathair a dúirt an Seanadóir.
Tá tuilleadh lánaí bus agus rothaíochta le forbairt i gCathair na Gaillimhe de réir an phlean a cuireadh faoi bhráid Chomhairleoirí Cathrach na Gaillimhe inné.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Eanair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla sochraid an iar-Phápa Benedict XVI i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine an tseachtain seo. Bhí sé cúig bliana is nócha d'aois. Rugadh sa Ghearmáin é mar Joseph Ratzinger, agus nuair a bhí sé ina ghasúr, coinscríobhadh é in Ógra Hitler ar dtús agus in airm na Naitsithe ina dhiaidh. Cuireadh col ceathrar dá chuid chun báis le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar bhí siondróm Down air; agus bhí a theaghlach i gcoinne na Naitsithe. Oirníodh é ina dhiadh agus chuaigh sé leis an diagacht. Coimeádach ab ea é san Eaglais Chaitleacach, agus cáineadh é as a neamhghníomhaíocht maidir le cásanna mí-úsáide gnéis ar leanaí ina dheoise nuair a bhí sé ina easpag. Thug sé cuairt ar Londain i 2010. Ba é an chéad Phápa a d'éirigh as an ról ó bhí an cúigiú haois déag ann. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá Teach na nIonadaithe ina chocstí agus an Páirtí Poblachtánach ag iarraidh Ceann Comhairle nua a thoghadh. Cé go bhfuil triomlach acu sa Teach, níl siad in ann aontú ar éinne, tar éis vóta i ndiaidh vóta. Fuair Kevin McCarthy 203 vóta sa chéad bhabhta, agus 218 gcinn de dhíth, acht d'imigh sé ar gcúl go mall ina dhiaidh, agus ní bhfuair sé acht 201 tar éis ocht vóta, agus é seo á scríobh. Tá fiche Ionadaí ó “Pháirtí na Saoirse”, atá i bhfad amach ar an eite dheis, go láidir ina choinne, acht níl McCarthy sásta éirí as an toghchán go fóill. Mar sin tá obair an Tí, agus cuid mhór d'obair rialtas na Stát Aontaithe fiú, ar fad i sáinn. I bPalás Alexandra i Londain, tharla an babhta dairteanna is fearr riamh an tseachtain seo, i gcluiche ceannais an domhain idir Michael Smith agus Michael van Gerwen. Is annamh agus is iontach an rud é má chríochnaíonn imreoir babhta le naoi ndairt, rud nár tharla acht uair amháin roimhe i gcluiche ceannais domhanda. Acht sa bhabhta úd bhí seans ag an mbeirt acu deireadh naoi ndairt a bhaint amach. Theip ar Van Gerwen lena naoú dairt, a bhí milliméadair amach, acht d'éirigh le Smith lena naoú dairt mar fhreagairt, agus lean Smith ar aghaidh ó shin chun Craobh an Domhain a bhuachaint den chéad uair. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS coinscríobhadh é - he was conscripted diagacht - theology neamhghníomhaíocht - inaction cocstí - cockshy, laughing stock Ceann Comhairle - Speaker (in parliament) dairteanna - darts
Ar pháirc imeartha Uachtar Ard Dé Domhnaigh seo caite a tháinig deireadh leis an tseirbhís fada réiteoireachta atá tugtha ag Máirtín Ó Curraoin as an gCathair in Indreabhán do chúrsaí peile I nGaillimh.
Tá taispeántas sean leabhair agus sean phictiúir atá curtha i dtoll a chéile ag Máirtín Davy le feiceáil i Leabharlann an Westside i gCathair na Gaillimhe.
Tá oíche cheoil eagraithe ag Enda i Monroes i gCathair na Gaillimhe san oíche amárach ar mhaithe le Cumann Duán na hÉireann. Thug an Cumann cúnamh d-Enda nuair a fuair sé féin duán annas bliain ó shin.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Rinne an FBI creach ar theach Donald Trump in Palm Beach, Florida Dé Luain. Creidtear go raibh siad ag lorg doiciméid a bhaineann le hAirm Núicléacha. Níl sé soiléir ar tháinig siad ar na doiciméid i gceist. I ndiaidh na creiche dúirt Trump gur ‘weaponisation' ar an gCóras Dlí Choiriúil a bhí ar siúl ag daoine atá ag iarraidh bac a chur air seasamh sa Toghchán Uachtaránachta arís in 2024. Mar fhreagairt ar an tuairim seo, agus ar an bhfrithfhreagairt ó thacadóirí Trump tá an Roinn Dlí agus Cirt sna Stáit Aontaithe ag iarraidh ar bhreitheamh an bárantas a bhaineann leis an gcreach a fhoilsiú don phobal. Fuair Olivia Newton-John bás ag aois 73 Dé Luain. Bhí cáil uirthi mar amhránaí agus mar aisteoir. Bhí rath uirthi mar amhránaí ceoil tuaithe, agus dhíol sí na milliúin ceirnín ar fud an domhain. Ach tá an cháil is mó aici as ról Sandy sa scannán Grease agus tháinig athrú mór ar a híomhá le linn an scannáin. D'fhoilsíodh na mílte póstálacha ómóis di ar na meáin chumarsáide óna lucht leanúna agus ó shaol an cheoil agus na scannánaíochta. Fuair Newton-John diagnóis ailse chíche in 1992 agus chaith sí na blianta ó shin mar thacadóir don taighde ailse agus bhunaigh sí an Olivia Newton-John Foundation a thiomsaigh na mílte punt don chúis. Rith reathaí Sasanach rímharatóin Robert Pope leithead Oileán na hÉireann i níos lú ná 24 uair. Thosaigh sé i gCathair na Gaillimhe ag an bPóirse Spáinneach agus chríochnaigh sé an cúrsa i mBaile Átha Cliath ag Droichead Samuel Beckett, fad 215 ciliméadar laistigh de 23 uair agus 39 nóiméad. Thosaigh Pope le pionta Guinness roimh an rith agus chríochnaigh sé é le ceann eile san ardchathair. Dúirt Pope, atá 44 bliana d'aois, go ndearna sé an cinneadh an rith a dhéanamh ‘on a whim' agus ní raibh ach dhá mhí aige le traenáil a dhéanamh. D'úsáid sé an rith chun airgead a thiomsú don World Wildlife Foundation. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS creach - raid frithfhreagairt - backlash ceirnín - record aisle chíche - breast cancer reathaí rímharatóin - ultra-marathon runner leithead - breadth
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ya42pg4 Contact: irishlingos@gmail.com "New Gardaí, who speak Irish, are not being sent to the Gaeltacht". "Níl Gardaí nua, a bhfuil Gaeilge acu, á gcur chun na Gaeltachta". 160 delegates attended the annual Garda Representative Association Conference in Westport today to discuss the challenges facing the force. 160 toscaire a bhí i láthair ag Comhdháil bhliantiúil Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána i gCathair na Mart inniu chun na dúshláin atá roimh an bhfórsa a phlé. In 2013, when new trainee Gardaí were recruited, the Commissioner announced at the time that a separate Irish language stream would be created during the training process and then, on completion of their training, these newly qualified Gardaí would be deployed. on duty in a Gaeltacht area. I 2013, nuair a earcaíodh Gardaí nua faoi oiliúint, d'fhógair an Coimisinéir ag an am go gcruthófai sruth Gaeilge ar leith le linn an phróisis traenála agus ansin, i ndiaidh dóibh a gcuid oiliúna a thabhairt i gcrích, go gcuirfí na Gardaí nuacháilithe sin ar dualgas i gceantar Gaeltachta. During today's conference, one delegate, Dermot O'Brien, said that no Irish - speaking Gardaí have gone to a Gaeltacht area after completing their training since it was announced. Le linn na comhdhála inniu, dúirt toscaire amháin, Dermot O'Brien, nach ndeachaigh aon Gharda a bhfuil Gaeilge acu go ceantar Gaeltachta nuair a bhí a gcuid oiliúna críochnaithe acu ó fógraíodh an méid sin. The GRA's newly elected President, Brendan O'Connor, says there is a lot of pressure on Gardaí at the moment as Gardaí are retiring due to lack of training and lack of resources, especially in remote areas and this needs to change. Deir Uachtarán nua thofa an GRA , Brendan O'Connor, go bhfuil go leor brú ar Ghardaí faoi láthair mar go bhfuil Gardaí ag éirí as an bpost de bharr easpa traenála agus ganntanas achmhainní, go háirithe i gceantair iarghúlta agus go gcaithfidh sé sin athrú. An additional 800 Gardaí are planned this year. Tá sé beartaithe go mbeadh 800 Garda breise i mbliana. They have also demanded that front - line Gardaí be properly trained to drive a patrol car in the event of an emergency, using blue lights and sirens. Tá éileamh déanta acu freisin go gcuirfear an oiliúint chuí ar Ghardaí líne thosaigh le go mbeidh siad in ann carr patróil a thiomáint i gcás éigeandála, ag baint úsáide as soilse gorma agus bonnáin. The Police Authority has highlighted this issue. Tá aird tarraingthe ar an gceist seo ag an Údarás Poilíneachta. This lack of training, says the Garda Representative Association, leaves many Gardaí unable to pursue a driver traveling at too high a speed, or a driver suspected of being intoxicated. Mar gheall ar an easpa oiliúna seo, a deir Cumann Ionadaíochta na nGardaí, fágtar nach féidir le go leor Gardaí dul sa tóir ar thiománaí atá ag taisteal ar luas ró-ard, nó ar thiománaí a bhfuil amhras faoi go bhfuil sé ar meisce. It is an absurd story, the association says. Scéal áiféiseach is ea é, a deir an cumann. It was stated during the conference that driving training is not provided often enough and that this delays the response time of the Gardaí. Dúradh le linn na comhdhála nach gcuirtear an oiliúint tiomána ar fáil minic go leor agus go gcuirtear moill ar am freagartha na nGardaí dá bharr. They said the appropriate training should be provided immediately. Dúirt siad gur chóir an oiliúint chuí a chur ar fáil láithreach. Former Garda Representative Association President Frank Thornton also said that external self-defense classes should be made available to everyone in the force. Dúirt Iar-Uachtarán Chumann Ionadaíochta na nGardaí, Frank Thornton, freisin gur chóir ranganna seachtracha féinchosanta a chur ar fáil go gach duine sa bhfórsa. He said it had been eighteen years since he had undergone any self-defense training or cardiopulmona...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ydhdzd66 Contact: irishlingos@gmail.com Local cycling plan required by local authorities. Plean rothaíochta tuaithe á éileamh ar údaráis áitiúla. A campaign to promote cycling in rural areas has been launched with calls for county councilors to support efforts to encourage safe cycling in the countryside. Tá feachtas leis an rothaíocht i gceantair tuaithe a chur chun cinn seolta agus éilimh á ndéanamh ar chomhairleoirí contae tacú le hiarrachtaí rothaíocht shábháilte faoin tír a spreagadh. Campaigners say a National Plan needs to be put in place to enable young and old in the countryside to tackle the saddle in everyday life. Deir lucht an fheachtais go gcaithfear Plean Náisiúnta a chur i bhfeidhm go mbeidh óg agus aosta amuigh faoin tír in ann tabhairt faoin diallait san saol laethúil. The campaign to build a temporary cycle lane in Strand Road in Galway City has raised public awareness in the country's towns and cities, and is now targeting the rural community. Tá an feachtas a bhí ar bun le lána sealadach rothaíochta a thógáil i mBóthar na Trá i gCathair na Gaillimhe théis aird an phobail a tharraingt ar an scéal i mbailte agus cathracha na tíre, agus tá an feachtas anois ag díriú ar phobal na tuaithe. Although Galway City councilors have decided over the past week not to proceed with the temporary lane for Strand Road, campaigners for the bicycle are now focusing on a National Plan that will enable people to cycle regularly. safe. Cé go ndearna comhairleoirí Chathair na Gaillimhe cinneadh le seachtain anuas gan a ghabhail ar aghaidh leis an lána sealadach do Bhóthar na Trá, tá lucht feachtais ar son an rothair ag díriú anois ar Phlean Náisiúnta go mbeidh daoine in ann a ghabhail ag rothaíocht go rialta go sábháilte. It is run by cyclist.ie. An grúpa cyclist.ie atá ina bhun. A copy of their vision has been sent to every elected councilor in the country in a rural area. Tá cóip den fhís atá acu seolta chuig gach comhairleoir tofa sa tír i gceantar tuaithe. They hope that councilors will support the 8 - point plan. Tá súil acu go dtacóidh comhairleoirí leis an bplean 8 bpointe. County Councilor Padraig Joe Joe Mac an Iomaire says a new road west of Galway is needed, and then a cycleway could be added to the edge of the old road, the R a 336, as he says it would be possible to widen the footpaths if the majority of traffic had been placed on the new road. Deir an Comhairleoir Contae Padraig Joe Joe Mac an Iomaire go dteastaíonn bóthar nua siar as Gaillimh, agus ansin go mbeifí in ann slí rothaíochta a chur le ciumhais an tseanbhóthair, an R a 336, mar go mbeifí in ann a deir sé na cosáin a leathnú dá mbeadh tromlach na tráchta curtha ar an mbóthar nua. As part of the campaign's vision, they want the majority of rural children to go to school for walking or cycling in the future. Mar chuid den fhís atá ag an bhfeachtas ba mhaith leo gur ag siúl nó ag rothaíocht a bheadh formhór ghasúir na tuaithe ag gabhail ar scoil amach anseo. It's time to dump her and move on. The motto of Neasa Bheilbigh from the Galway Cycling Campaign. Thar am na bonnacha a thabhairt dhe! An mana atá ag Neasa Bheilbigh ó Fheachtas Rothaíochta na Gaillimhe.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yhdkjh9t Government approved outdoor drinking legislation. Reachtaíocht maidir le ól taobh amuigh ceadaithe ag an Rialtas. A cabinet meeting was held a long time ago today to pass legislation that will give you legal clarity on rules for drinking outdoors. Reachtáileadh cruinniú comhaireachta ó chian inniu chun reachtaíocht a cheadú a thabharfaidh soiléireacht ó thaobh dlí dho do rialacha a bhaineann le bheith ag ól taobh amuigh faoin aer. The legislation will allow alcohol to be sold and consumed in designated areas outside of pubs and restaurants. Faoin reachtaíocht tabharfar cead alcól a dhíol agus a ól in áiteanna ainmnithe taobh amuigh de thithe tábhairne agus bialanna. Last week, Garda Commissioner Drew Harris issued a guide to Gardaí to use their discretion in relation to outdoor drinking. An tseachtain seo caite, d'éisigh Coimisinéir na nGardaí Drew Harris treoir do Ghardaí chun a ndiscréid a usáid maidir le daoine ag ól taobh amuigh faoin aer. This guide was issued following concerns expressed in Galway when Gardaí in Galway were skeptical about the legality of an outdoor drinking service, a story first revealed by local newspaper An Curadh Connachtach. Éisíodh an treoir sin i ndiaidh gur léiríodh imní sa Ghaillimh nuair a bhí amhras ar Ghardaí sa Ghaillimh maidir le cé chomh dleathach is a bhí seirbhís maidir le bheith ag ól taobh amuigh, scéal a nocht an nuachtán áitiúil An Curadh Connachtach ar dtús. Gardaí in Galway stated that outdoor drinking was only permitted in Galway City if the premises where people were drinking outside had obtained a special license in court or had been permitted by bye-laws. for people to drink outside. Dúirt Gardaí sa Ghaillimh nach raibh cead a bheith ag ól taobh amuigh i gCathair na Gaillimhe ach amháin dá mba rud é go raibh ceadúnas speisialta faighte sa chúirt ag an áitreabh ina raibh daoine ag ól taobh amuigh de nó go raibh cead tugtha faoi fho-dhlithe do dhaoine a bheith ag ól taobh amuigh. The legislation is due to be laid before the Dáil this week and will expire on November 30th unless it is renewed by the Oireachtas for a further 6 months. Tá an reachtaíocht le cur os comhair na Dála an tseachtain seo agus tiocfaidh deireadh léi ar an 30ú Samhain ach amháin sa chás is go ndéanann an tOireachtas í a athnuachan ar feadh 6 mhí eile.
Tá giomnáisiam ag Ainle i gCorcaigh agus ceann eile aige sa Bhruach Thiar sa Mheán Oirthear. Cuireann sé síos ar an ceangal ata aige leis an Mheán Oirthear agus ar an mhéid atá ag tarlú ansin faoi láthair.
Tá a mbeannacht tugtha ag feidhmeannaigh i gComhairle Cathrach na Gaillimhe do fhorbairt mhór i gCathair na Gaillimhe. Beidh aonaid chónaithe, siopaí, Óstán agus pictiúrlann mar chuid den fhorbairt. Thug Frank a thuairim faoin bhforbairt.
Bád nua farrantóireachta a seoladh ó Chathair Dónall i rith an tSamhraidh. Áirithintí teacht tiubh te dtí ionad campála Wavecrest.
Tá roinnt mhaith tograí iompar á bpleanáil sa Straitéis Iompair ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina measc dhá dhroichead do Choisithe agus rothair a bheas le tógáil ar chaon taobh do dhroichead na mbrádáin sa gCathair. Ní mó ná sásta a bhí an Comhairleoir Keane.
Beidh féile nua dár teideal, Bród an Gheimhridh, ar siúl i gCathair na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo.
Éamon de Valera ag nochtadh leacht cuimhneacháin in onóir an Mhaoir John Mac Bride a cuireadh chun báis de thairbhe an pháirt a ghlac sé in Éirí Amach n Cásca 1916. Craoladh ar Nuacht Anall Nuacht Abhus.
Ar an gclár seo chualamar ó Edel Ni Bhraonáin ó Chonradh na Gaeilge faoi na craobhacha nua den Chonradh a bunaíodh timpeall na cruinne le déanaí. Chomh maith leis sin chualamar ó Chaitríona Weafer faoi chúrsaí Gaeilge i gCathair na n-Aingeal, CnaG LA san áireamh agus faoi thuairimí an phobail ansin i leith an toghcháin uachtarántachta, le trí seachtaine fágtha go dtí an príomhlá vótála.
Ar an gclár seo labhair Robert Henneberg linn ón mBruiséil faoi chúrsaí sa chathair ansin agus faoin mbagairt sceimhlitheoireachta a fógraíodh i gCathair na Mánach sa Ghearmáin ar Oíche Cinn Bliana, chualamar ó Marie Ní Bhraonáin faoin bhfeachtas Habitat for Humanity a bhfuil sí féin agus daltaí na scoile Gonzaga i mBÁC ag obair air le tithe a thógáil i Zaimbia na hAfraice agus lá rásaíochta a dhéanfaidh siad chun airgead a thiomsú dó. Ar deireadh chualathas ó Pheadar de Brún as Swindon, Sasana a d'fhoghlaim an Ghaeilge dhá bhliain ó shin ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.
Ar an gclár seo, labhair Caitríona Weafer aka. An Croí Ait linn faoin gcúrsa Gaeilge in Hollywood ar eagraigh sí féin agus daoine eile i gCathair na n-Aingeal, agus a bheas ar siúl ó mhí Lúnasa go dtí Mí na Samhna. Chualamar freisin faoin gcéad scannán Gaeilge a rinneadh, 'Oidhche Sheanchais' ó Bhrian Ó Catháin ó Ollscoil Mhaigh Nuad. Bhí an scannán ar iarraidh ar feadh blianta go dtí gur thángthas ar chóip de in Ollscoil Harvard in 2012.