Gaelgals ag plé gach rud faoin spéir trí mheán na Gaeilge; ceol faisean, spórt, smideadh, An Ghaeilge, ealaín, cúrsaí reatha & taisteal Podchraoladh nua gach coicís ar an Déardaoin Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá
Tá na GaelGals ar ais do shraith speisialta ag leanúint an clár nua ar Virgin Media - Grá ar an Trá! Éistigí linn gach seachtain agus muid ag déanamh plé ar an drama agus goss ar fad ón gclár. San eagrán seo labhraíonn Clíodhna, Lucy agus Róisín faoin gcéad eagrán agus muid ag bualadh le Bean agus Man an Tí, an Ceannaire Grá, agus dár ndóigh na lánúin ar fad. Lean na GaelGals ar insta @Gael_Gals, Facebook 'GaelGals' nó abair linn ceard a cheapann sibh faoin sraith trí ríomhphost a chur chuig nagaelgals@gmail.com Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá @RaidioRiRa
Pléann Sinéad, Rachel agus Alswyn an Nollaig agus caitheann siad súil siar ar an mbliain seo, 2022! Athbhliain faoi mhaise daoibh go léir!
Ar an eagrán seo, pléann Dúlra, Lucy agus Róisín na hamhráin Nollag is fearr leo, dearfachas agus stór focal a bhaineann le cúrsaí tinnis (fírinní loma an tsaoil!).
An tseachtain seo labhraíonn Clíodhna agus Aoife le dlúthchara de chuid na Gaelgals Katie Whelan maidir cúrsaí meabhairshláinte go háirithe i ndúlaíocht an gheimhridh. Pléann siad na rudaí beaga laethúla gur gá dúinn a dhéanamh le muid féin a choinneáil ag dul agus na hoícheanta dorcha agus an aimsir ghruama thar timpeall orainn. Chomh maith leis sin bíonn píosa craic faoin méid aithne atá ag Katie ar na Gaelgals.
Taifead beo ar FM ó stiúideo Raidió Rí-Rá i mBaile Átha Cliath le Dúlra, Lucy agus Róisín.
Tagann Róisín, Rachel agus Clíodhna ar ais le chéile tar éis tamaill fada le haghaidh catch up mór groí. Labhraíonn siad faoi na nithe éagsúla a bhfuil ar siúl acu faoi láthair, ag féachaint i dtreo Oireachtas na Samhna i gCill Airne, agus tugann siad moltaí ar chláir teilifíse agus scannáin atá feicthe acu le déanaí. Lean muid ar na meáin shóisialta ar Insta/Twitter: @Gael_Gals ¦ Facebook: Gaelgals
Tá Sraith 3 linn! Tá Lucy, Sinéad agus Alswyn le chéile i gCeanada le fáilte a chur romhaibh chuig Sraith 3 den phodchraoladh. Bainígí sult as!
Labhraíonn Clíodhna, Rachel agus Alswyn faoin treocht ghreannmhar 'is 10 iad ach...' agus roinnimid na cinn greannmhara a bhfuaireamar ar Instagram! Bainigí sult as!
In eagrán beagáinín éagsúil, seolann cuid de na Gaelgals ‘cártaí poist' dá chéile agus iad lonnaithe i gcontaetha agus i dtíortha éagsúla. Toisc nach bhfaca siad a chéile le fada an lá, is bealach deas é coinneáil suas lena chéile faoina bhfuil ar bun acu faoi láthair.
Ar an eagrán seo, pléann Sinéad, Dúlra agus Róisín iliomad ábhar idir ceol traidisiúnta, Love Island, Kanye West, SPF anuas ar uasdátú ar na rudaí atá ar siúl acu na laetheanta seo agus an samhradh buailte leo!
Don chéad uair riamh, tá na Gaelgals i Stiúideo Raidió Rí Rá! Labhraíonn Aoife, Alswyn agus Dúlra faoi thús an tsamhraidh, Féile na Gealaí, Love Island agus an #GAACatfish. Bainígí sult as!
Tagann Clíodhna, Rachel agus Róisín le chéile tar éis tamaill fada le chaotic catch up a bheith acu. Labhraíonn siad faoina bhfuil ar siúl acu faoi láthair chomh maith leis na scéalta is mó sna meáin faoi láthair, sé sin cás cúirte Wagatha Christie, Derry Girls agus na Kardashians.
Cuireadh fáilte is fichid roimh Dhúlra agus Alswyn ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Phléigh siad na buntáistí a thug an Ghaeilge dóibh idir shaol sóisialta agus deiseanna fostaíochta. Ár mbuíochas arís le Baile Átha Cliath le Gaeilge as an deis!
Ar an eagrán seo, pléann Lucy, Sinéad agus Dúlra turas na Gaelgals go Páras ag ligint orthu go raibh siad ina Emily-eanna, agus taithí Dhúlra agus í san iomaíocht do Rós Shligigh!
San eagrán seo, pléann Aoife, Clíodhna & Sinéad an eachtra *sin* ag na hOscars agus faitís neamhréasúnacha! Idir leithris phoiblí & féileacáin, tá tuiscint i bhfad níos fearr acu ar a chéile agus ar a lucht éisteachta.
San eagrán seo, labhraíonn Alswyn agus Dúlra le Séaghan Ó Súilleabháin, aka an Kerry Cowboy faoina ról mar ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia, saol na tuaithe agus an saol go ginearálta. Ina theannta sin, pléann siad ábhar atá an-ghar dá gcroíthe, a madraí!
Cuireadh fáilte is fichid roimh Shinéad agus Alswyn agus iad i gColáiste na Trínóide i gcomhair eagrán beo in éineacht le Scéim TCD. Labhair siad faoi 'pacáiste tosaigh' na Gaelgals agus faoi 'athshocruithe cultúrtha' na Gaeilge. Ár mbuíochas arís le Scéim TCD agus Oifig na Gaeilge TCD as an gcuireadh!
Labhraíonn Alswyn, Aoife & Dúlra faoi Lá Fhéile Cailíntín, sneaiceanna & an saol faoi láthair.
San eagrán seo, labhraíonn Sinéad, Róisín & Dúlra faoi na rudaí a bhfuil siad gafa leo le déanaí, idir Britney (samhlaigh cé a luaigh Britney...), Kanye, ceol traidisiúnta agus Tyler the Creator.
San eagrán seo, labhraíonn Aoife, Lucy & Rachel faoina gcuid laethanta saoire is fearr leo thar na blianta, & roinneann siad cúpla scéal greannmhar ó na saoirí sin.
Caitheann Alswyn, Clíodhna & Sinéad súil siar ar bhuaicphointí pearsanta & na rudaí móra a tharla i 2021 & an athbhliain buailte linn. Labhraíonn siad faoi na rudaí a bhfuil siad ag súil leo i 2022 & na rúin atá acu don bhliain nua.
San eagrán seo, labhraíonn Lucy, Róisín & Dúlra faoi dheireadh seachtaine álainn a bhí acu ag ceiliúradh lá breithe Róisín, bál sa Chlub agus na rudaí a bhfuil siad ag súil leo ag druidim i dtreo na Nollag. Nollaig Shona & athbhliain faoi mhaise, a chairde!
Labhraíonn Alswyn, Clíodhna & Rachel faoi thionchairí ar na meáin shóisialta idir na leathanaigh a thaitníonn leo i láthair na huaire & cén téama a bheadh acu dá mbeidís ina dtionchairí iad féin.
San eagrán seo, chun céiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na Teilifíse, cuimhníonn Sinéad, Aoife & Lucy ar na gcláir teilifíse is fearr leo óna n-óige. Roineann siad moltaí teilifíse lena chéile & labhraíonn siad faoi na cláir is fearr leo ar TG4. Chomh maith leis sin, tugann Aoife uasdátú dúinn ar chonas atá ag éirí léi in Abu Dhabi (Drochscéal: Bhí uirthi cuairt a thabhairt ar an ospidéal!)
Cé nach raibh an chóisireacht ar siúl ag an bhféile i mbliana, bhí Alswyn, Dúlra & Sinéad thíos i gCill Áirne & phléigh siad na cuimhní is fearr atá acu ó mheitheal mór na nGael!
Labhraíonn Aoife, Rachel agus Clíodhna faoi na tréimhsí atá caite acu a bheith ina gcónaí thar lear i gCeanada, sa Chatar agus Abú Daibí, agus na laethanta saoire is fearr a bhí acu. Pléann siad conas dul i ngleic le cumha baile, an brú a bhaineann le bogadh thar lear agus tugann siad neart leideanna maidir le bogadh go tír eile.
Pléann Clíodhna, Lucy & Rachel a dtaithí pearsanta lena íomhá coirp & muinín coirp mar mhná óga & muid ag maireachtail i ré na meán sóisialta. Labhraíonn siad faoin earnáil faisean & an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar an íomhá coirp i gcoitinne. Má bhíonn tú ag streachailt le híomhá coirp nó neamhord itheacháin is féidir eolas & comhairle a fháil ar www.bodywhys.ie nó ar www.hse.ie
San eagrán seo, cuireann Alswyn, Sinéad & Dúlra tús spleodrach leis an dara sraith & iad le chéile ag taifead san fhíorshaol den chéad uair le bliain go leith anuas! Tugann siad uasdátú maidir leis an méid atá ar siúl ag na Gaelgals timpeall na cruinne, déanann siad mionchíoradh ar chursaí Love Island i mbliana & leagann siad plean amach do 'Oileán Ghrá', Love Island do shaol na Gaeilge!
San eagrán / díospóireacht seo, le céiliúradh a dhéanamh ar & críoch a chur leis an gcéad shraith de Phodchraoladh na Gaelgals, pléann na Gaelgals cé acu is fearr sna scannáin HSM: Gabriella nó Sharpay.
San eagrán seo, pléann Clíodhna, Alswyn & Sinéad na cuimhní órga, aisteacha & iontacha atá acu ón dtréimhse a chaith siad ag freastal ar Choláistí Samhraidh thar timpeall na tíre!
San eagrán seo, pléann Rachel, Dúlra & Sinéad leitheoireacht an Bhéarla & leitheoireacht na Gaeilge mar chaitheamh aimsire. Labhraíonn siad faoi na leabhair a raibh an-tionchar acu orthu & na leabhair atá ar a liosta TBR (to be read) don samhradh beag seo!
Labhraíonn Aoife, Lucy & Dúlra faoi chaomhnú na timpeallachta, na dúshláin a bhaineann leis & na hiarrachtaí a dhéanann siad le bheith níos cineálta don timpeallacht.
Fáilte roimh ár gcéad aoi! Labhraíonn Sinéad, Lucy & Alswyn le Ruairí Egan / Léim Thart, láithreoir raidió, podchraoltóir & cara dár gcuid. Pléann siad an t-ábhar is fearr leo ar fad: ceolchoirmeacha.
San eagrán seo, pléann Rachel, Clíodhna & Róisín cursaí grá & a dtaithí féin ag dul ar choinní thar na blianta. Labhraíonn siad faoin gcéad choinne a bhí acu riamh, drochchoinní & na deacrachtaí a bhí acu ag dul ar choinní le linn na paindéime, le cúpla scéal ón lucht éisteachta chomh maith.
San eagrán seo, pléann Clíodhna, Sinéad & Rachel an mire mothúchán a bhaineann le bheith i do nuachainteor Gaeilge sa lá atá inniu ann. Labhraíonn siad faoin aistear foghlama a bhí acu leis an teanga & an chomhairle a thabharfaidís do dhaoine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
In eagrán 13 pléann Aoife, Róisín agus Alswyn albam nua Taylor Swift, Fearless (Taylor’s Version), & an tionchar a bhí aici orthu ag fás aníos.
Seo an dara eagrán ón bpodchraoladh beo a rinneamar le linn Sheachtain na Gaeilge le hOifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. San eagrán seo phléigh Alswyn, Clíodhna, Dúlra & Sinéad na deiseanna oibre a fhuair siad mar gheall ar an gCuallacht & ar na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a bheith agat. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuig @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com
Bhí deis iontach againn chun podchraoladh beo a thaifeadadh le linn Sheachtain na Gaeilge le hOifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. San eagrán seo phléigh Rachel, Aoife, Róisín & Lucy na cuimhní is fearr leo óna dtréimhse sa Chuallacht - gach rud idir Bál na Gaeilge & na rudaí is neamhghnách a aimsíodh sa chófra i Seomra na Gaeilge! Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuig @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com
San eagrán seo, labhraíonn Lucy, Róisín agus Dúlra faoi thábhacht an chairdis, na hathruithe a thagann ar chairdis agus tú ag dul in aois, agus faoi na cuimhní is fearr atá acu ar a chéile
San éagrán seo, pléann Aoife, Alswyn agus Sinéad saol an duine óig sna fichidí i lár pandéime. Labhraíonn siad mar gheall ar na deacrachtaí, an éiginnteacht agus na foinsí brú a bhaineann leis an tréimhse seo sa saol agus conas dul i ngleic leo.
An gcuimhin libh ceolchoirm Sean Kingston i Maigh Nuad nó an bhrionglóid ait a bhí ann
Agus an grá le mothú san aer na laethanta seo, déanann Clíodhna, Dúlra & Sinéad plé ar Lá Fhéile Vailintín, teacht chun cinn Galentines & féile nua atá cruthaithe acu, Gaelentines. Labhraíonn siad faoi na pleananna atá acu don fhéile is románsúla sa bhliain, grá na mban & na Gaeil ina saol ar mhaith leo aitheantas a thabhairt dóibh.
San eagrán seo, pléann Lucy, Alswyn & Aoife faoin tríú dianghlasáil, céard ata ar siúl acu, na nodanna atá acu dúinn ar fad le maireachtáil tríd & céard le déanamh má tá leadrán ort. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com.
San eagrán seo, pléann Sinéad, Rachel & Róisín an tábhacht a bhaineann le féinchuram, an chaoi go dtugann siad aire dóibh féin & an tiochar atá ag na meáin shóisialta orthú le linn tréimhsí deacra. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com.
An tseachtain seo labhraíonn Alswyn, Clíodhna agus Dúlra faoi na rudaí maithe a tharla sa bhliain 2020, rúin na hathbhliana do 2021 agus na rudaí a bhfuil siad ag súil leo i sa bhliain amach romhainn.
San eagrán seo labhraíonn Róisín, Lucy & Aoife faoin Nollaig, na rudaí a mbíonn siad ag súil leo, traidisiúin na Nollag & go leor leor cuimhní greannmhara á roinnt le chéile
Labhraíonn Dúlra, Sinéad agus Rachel faoin ‘ick’, céard is brí leis, a scéalta greannmhara féin agus scéalta ónár lucht éisteachta! Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com
Labhraíonn Aoife, Alswyn agus Clíodhna linn ar an gcéad eagrán den phodchraoladh faoi cé hiad na Gaelgals, conas ar chas an triúr ar a chéile agus an Ghaeilge ar líne. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com
Gaelgals ag plé gach rud faoin spéir trí mheán na Gaeilge; ceol, faisean, spórt, smideadh, An Ghaeilge, ealaín, cúrsaí reatha, taisteal Podchraoladh nua gach coicís ar an Déardaoin