POPULARITY
Cuireadh tús leis an bpróiseas chun Pápa nua a roghnú sa Róimh tráthnóna inné agus bhí deatach dubh le feiceáil théis an chéad vóta aréir.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26q4o68l Contact: irishlingos@gmail.com A secret assembly to elect a Pope has begun. Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh. 133 Cardinals of the Catholic Church from 70 countries around the world have begun the secret conclave in the Vatican this evening to elect a new Pope. Tá tús curtha ag 133 Cairdinéal as an Eaglais Chaitliceach ó 70 tír ar fud an domhain tráthnóna leis an gcomhthionól rúnda sa Vatacáin chun Pápa nua a thoghadh. The Cardinals attended Mass in St. Peter's Basilica this morning. D'fhreastail na Cairdinéil ar Aifreann i mBaisleac Pheadair ar maidin. In the evening, they gathered in the Sistine Chapel in the Vatican to begin the official process. Tráthnóna, bhailigh siad le chéile sa Séipéal Sistíneach sa Vatacáin chun tús a chur leis an bpróiseas oifigiúil. The 133 cardinals were sworn to secrecy before the church doors were closed. Cuireadh an 133 cairdinéal faoi mhionn rúndachta sular dunadh doirse an tséipéil. The cardinals will have no contact with anyone outside the congregation until a successor to Pope Francis, who died last month, has been chosen. Ní bheidh aon teagmháil ag na cairdinéil le duine ar bith taobh amuigh den gcomhthionól go dtí go mbeidh comharba ar an bPápa Prionsias a bhásaigh an mhí seo caite roghnaithe. A Pope has not been elected on the first day of the secret assembly for centuries. Níor toghadh Pápa ar an gcéad lá den chomhthionól rúnda leis na céadta bliain. It is estimated that the cardinals may continue voting for several days before one cardinal has received enough votes to be appointed the 267th Pope of the Catholic Church. Meastar go bhféadfadh sé go leanfaidh na cairdinéil i mbun vótála ar feadh roinnt laethanta sula mbeidh dóthain vótaí faighte ag cairdinéal amháin chun é a cheapadh ina 267 Pápa ar an Eaglais Chaitliceach. There will be one ballot today. Ballóid amháin a bheidh ann inniu. Starting today, Cardinals will be able to vote up to 4 times a day. Ón lá inniu ar aghaidh, beidh na Cairdinéil in ann vóta a chaitheamh suas le 4 bhabhta sa lá. According to rules implemented by Pope Paul VI in 1970, Cardinals must be under 80 years of age to be able to vote. De réir rialacha a chuir an Pápa Pól VI i bhfeidhm i 1970, caithfidh na Cairdinéil a bheith faoi 80 bliain d'aois chun a bheith in ann vóta a chaitheamh. A secret assembly has begun to elect a Pope A secret assembly has begun to elect a Pope Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh Tús curtha le comhthionól rúnda chun Pápa a thoghadh
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le cúlú eacnamaíochta chomh maith. Bhí an chuma orthu go raibh an ceart acu Dé Céadaoin nuair a chuir Trump taraifí móra ar an tSín agus ansan nuair a d'fhreagraíodar le taraif bhreise de 84%. Bhí imní ann go leanfadh an cion sa chion so ar aghaidh ar feadh tamall eile ach ansan d'athraigh Trump a mheon agus chuir sé briseadh 90 lá ar na taraifí ar bheagnach gach tír seachas an tSín. Tháinig borradh faoi na stocmhargaí an lá dár gcionn mar gheall ar an athrú intinne so. Le linn an ruaille buaille go léir, chuaigh an Tánaiste Simon Harris go Washington Dé Céadaoin chun cruinniú a fháil le hoifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe. Is léir go bhfuil Rialtas na hÉireann buartha faoi luaineacht Trump agus go háirithe a gheallúint go gcuirfeadh sé taraifí ar tháirgí cógaisíochta chun comhlachtaí a mhealladh thar n-ais go Meiriceá. Dá bhfágfadh na comhlachtaí san an tír, chaillfeadh Éire sciar maith dá cuid cáin chorparáide, chomh maith leis na mílte post.Cé go raibh aimsir bhreá thirim in Éirinn an tseachtain seo, bhí fadhbanna le tinte portaigh i gcúpla ceantar chomh maith. Bhí scrios déanta ar an gCnoc Colbha agus ar an mBearnas Mór i nDún na nGall nuair a thosnaigh loscadh tráthnóna Dé Domhnaigh. Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall cúig aonad dóiteáin agus héileacaptar amach chun dul i ngleic leis an loscadh. Bhí loscadh sléibhe sna Beanna Boirche i gContae an Dúin an tseachtain seo chomh maith agus bhí níos mó ná 75 coimhraiceoir dóiteáin ag tabhairt faoi na tinte. Meastar gur coirloscadh atá i gceist. Tá amhras ann gur coirloscadh is cúis leis an ndamáiste a bhí déanta ar an gcosán siúlóide sa pháirc náisiúnta i Maigh Eo freisin. Cuireadh drochbhail ar an siúlbhealach le linn na hoíche ag an deireadh seachtaine agus dúirt an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go bhfuil siad croíbhriste mar gheall air. Tá fiosrú ar bun anois chun fáil amach conas – nó cé – a thosnaigh an loscadh.Chuaigh buíon mac léinn ó Ollscoil na Banríona i mBéal Féirste i mbun agóide an tseachtain seo mar gheall ar an easpa comharthaí dátheangacha ar an gcampas. D'eagraigh an Cumann Gaelach an agóid agus fuaireadar breis is 1,000 síniú ó mhic léinn ag tacú leis an bhfeachtas, ‘éacht a léiríonn an tacaíocht agus an tsuim atá ag pobal na hollscoile sa Ghaeilge', de réir Uachtarán an Chumann Ghaelaigh Anna Nic Gafraidh. Bhíodh comharthaí dátheangacha san fhoirgneamh aontas mac léinn ach baineadh anuas iad in 1997. Tá an grúpa “Aontachtaithe Óga” i gcoinne na gcomharthaí dátheangacha agus iad ag maíomh go gcosnóidís an iomarca agus go gcruthóidís atmaisféar doicheallach. Ach dúirt Eoghan Ó Conghaile ón gCumann Gaelach go léiríonn an stair go bhfuil an Ghaeilge do chách; mar shampla, ba Phrotastúnach, William Mac Arthur, a bhunaigh an Cumann Gaelach san ollscoil níos mó ná céad bliain ó shin. Dúirt urlabhraí ón ollscoil go rabhadar sásta an cheist seo a phlé leis an gCumann agus go bhfuil dul chun cinn déanta cheana féin i leith na Gaeilge san ollscoil. Mar shampla, tá scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn anois agus Oifigeach Tacaíochta Gaeilge freisin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScion sa chion - tit-for-tatborradh - boom, growthcoirloscadh - arsoncoimhraiceoir dóiteáin - firefightercomharthaí dátheangacha - bilingual signsdoicheallach - unwelcoming
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25cj2zhm Contact: irishlingos@gmail.com Devastation caused by a mountain fire in Donegal. Léirscrios déanta ag loscadh sléibhe i nDún na nGall. The Director of Emergency Services for Donegal County Council says that a mountain fire in Knock Colva and An Bearnas Mór has destroyed habitat, nature and land. Tá scrios déanta ar ghnáthóg, dúlra agus talamh ag loscadh sléibhe i gCnoc Colbha agus an Bearnas Mór a deir Stiúrthóir Seirbhíse Éigeandála Chomhairle Chontae Dhún na nGall. But Garry Martin says "we were lucky the wind was so light, soft" and both fires have been extinguished. Ach deir Garry Martin "go raibh an t-ádh orainn go raibh an ghaoth chomh lag, bog" agus tá an dá mhórthine múchta. However, "hundreds of acres of mountain have been burned back to the point where it was as good as said" but he said he did not yet have "an accurate figure". Mar sin féin tá "na céadta acra sléibhe dóite siar go dtí an dúid bhí sé chomh maith a rá" ach dúirt sé nach raibh "figiúir cruinn" aige fós. The Service has not yet received any reports of livestock or property being destroyed "but there are a lot of sheep up in the hills". Níl aon tuairisc faighte fós ag an tSeirbhís faoi stoc ná maoin a bheith scriosta "ach tá caoirigh go leor thuas sna cnoic". Donegal Fire Service sent out 5 fire units and an ambulance to tackle the arson in Bearnas Mór when they received news at around 5.30 yesterday evening that the area was on fire behind a number of houses. Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall amach 5 aonad dóiteáin agus ingearán le ghabháil i ngleic leis an loscadh sa mBearnas Mór nuair a fuair siad scéala thart ar 5.30 tráthnóna inné go raibh an áit tré lasadh taobh thiar de roinnt tithe. There were crews on duty there during the night and concerns about structures on the Ard an Amhairc. Bhí criúnna ar dulgas ann i rith na hoíche agus imní faoi struchtúir ar Ard an Amhairc. The County Council had also recruited a helicopter from Executive Helicopters who were able to drop 1,200 litres of water onto the fire from a special bucket, from 8am onwards. Bhí ingearán earcaithe freisin ag an gComhairle Chontae ó Executive Helicopters a bhí in ann 1,200 lítear san iarraidh a scaoileadh anuas ar an tine as ollbhuicéad speisialta, ón 8 a chlog ar aghaidh. Two fire brigades and a crane were called to tackle the other fires, in Knock Colva near Carrowkeel in north Donegal. Cuireadh fios ar dhá bhriogáid dóiteáin agus ingearán le ghabháil i ndréim leis na tinte eile, i gCnoc Colbha in aice leis an gCeathrú Chaol i dtuaisceart Dhún na nGall. Garry Martin strongly warned people not to have barbecues outdoors and not to allow any chance of ignition for mountain fires. Chuir Garry Martin fainic láidir ar dhaoine gan beárbaiciú a bheith amuigh faoin tír acu agus gan aon deis adhainte a thabhairt do loscadh sléibhe.
Cuireadh tús inné le Meitheal 2025 le Fáilte Ireland san INEC i gCill Airne agus deis á thabhairt do ghnónna ar fud na tíre teacht le chéile agus bualadh le ceannaitheoirí idirnáisiúnta ós na tionscail turasóireachta ar leith.
Cuireadh tús le ceiliúradh na Féile Pádraig i Chicago Dé Sathairn nuair a cuireadh dáth glas ar an abhainn sa gcathair. Is pluiméir é Pat Duffy atá ina bhall den cheardchumann a chuireann an dath glas seo ar abhainn Chicago chuile bhliain.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh.Dé Domhnaigh, vótálfaidh muintir na Gearmáine i dtoghchán ríthábhachtach a chinnfidh treo na tíre do na ceithre bliana amach romhainn agus a mbeidh tionchar suntasach aige ar thodhchaí polaitiúil na hEorpa. De réir pobalbhreithe táthar ag súil go méadóidh an páirtí fíordheis Alternative for Germany a sciar vótaí go mór. Gheall na páirtithe eile, áfach, nach rachaidh siad i gcomhrialtas leis an AfD. Ciallaíonn an 'balla dóiteáin' seo nach dócha go mbeidh an AfD in áit ar bith ach sa Fhreasúra. Tar éis thorthaí iomlána an toghcháin, meastar go mbeidh caibidlíocht ar siúl go ceann roinnt seachtainí agus na páirtithe ag iarraidh comhrialtas a bhunú.Athraíodh saol ceathrar leanaí a rugadh dall mar gheall ar thriail thurgnamhach géinteiripe a d'fheabhsaigh a radharc. Dúirt an tOllamh James Bainbridge, máinlia na reitine ag Ospidéal Súl Moorfields, a chabhraigh leis an triail a stiúradh, go bhféadfadh an obráid seo difríocht mhór a dhéanamh d'fhorbairt na leanaí agus dá gcumas idirghníomhaithe le daoine eile. Cuireadh cóireáil ar shúil amháin an duine ar na leanaí (ar as na Stáit Aontaithe, an Tuirc agus an Túinéis iad) ar eagla go mbeadh aon éifeachtaí diúltacha ag an gcóireáil. Tugann na torthaí go dtí seo dóchas, áfach, go bhféadfadh buntáistí móra a bheith ag idirghabháil luath i gcoinníollacha súl géiniteacha óige.Nocht an Éigipt an chéad tuama ríoga ársa ó tugadh Tutankhamun chun solais níos mó ná céad bliain ó shin. Is leis an Rí Thutmose II an tuama, rí den 18ú ríora a mhair beagnach 3,500 bliain ó shin, a thángthas air in aice le Gleann na Ríthe in Luxor i ndeisceart na hÉigipte. Cé go dtugann réamhstaidéir le fios gur athraíodh a inneachar san am ársa, rud a d'fhág an tuama gan aon mhumaí ná seoda cosúil le fionnachtain Tutankhamun, dúirt an Aireacht seaniarsmaí go bhfuil an fionnachtain "ar cheann de na fionnachtana is suntasaí seandálaíochta le blianta beaga anuas".*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISballa dóiteáin - firewallcaibidlíocht - negotiationdall - blindmáinlia na reitine - retina surgeonríora - dynastyfionnachtain - discovery
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23r77m8z Contact: irishlingos@gmail.com Over €1bn spent on accommodation Breis agus €1bn caite ar lóistín d'iarratasóirí tearmainn i 2024. For the first time ever, the state spent over €1bn in 2024 on providing accommodation for applicants for international protection. Den chéad uair riamh, chaith an stát breis agus €1bn i 2024 ar lóistín a chur ar fáil d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. New figures, provided by the Minister for Children, Equality, Disability, Integration and Youth, Norma Foley, show that on average, the state spends €2.75m per day on accommodation for people applying for international protection. Léiríonn figiúirí nua, atá curtha ar fáil ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Norma Foley, gur ar an meán, go gcaitheann an stát €2.75m in aghaidh an lae ar lóistín do dhaoine atá ag cur isteach ar chosaint idirnáisiúnta. The figures were provided to Aontu leader, Peadar Tóibín. Cuireadh na figiúirí ar fáil do cheannaire Aontú, Peadar Tóibín. They show that €1.005bn euros was spent last year on applicants for international protection. Léiríonn siad gur caitheadh €1.005bn euro anuraidh ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. This represents a 54% increase in the amount of money spent on them in 2023. Is ionann sin agus ardú 54 faoin gcéad ar an méid airgid a caitheadh orthu in 2023. The state has spent €2.5bn on providing accommodation for applicants since 2019. €2.5bn atá caite ag an stát ar lóistín a chur ar fáil d'iarratasóirí ón mbliain 2019. Minister Foley indicated that on average the state spent €84 per day on each applicant for international protection during 2024. Thug an tAire Foley le fios gur ar an meán gur chaith an stát €84 in aghaidh an lae ar gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i rith 2024. This represents a 9% increase on the €76.80 spent on each applicant per day during 2023. Is ionann sin agus ardú 9 faoin gcéad ar an €76.80 a caitheadh ar gach iarratasóir in aghaidh an lae le linn 2023. Included in this expenditure are accommodation costs, facilities management and other costs. San áireamh sa chaiteachas sin, tá costais lóistín, bainistiú áiseanna agus costais eile. The largest proportion of international protection applicants currently staying in state-provided accommodation are of Nigerian origin, according to the latest figures provided by IPAS, the agency responsible for providing accommodation for asylum seekers. Is de bhunadh na Nigéire iad an sciar is mó de na hiarratasóirí cosanta idirnáisiúnta atá ag fanacht i lóistín atá curtha ar fáil ag an stát i láthair na huaire, de réir na bhfigiúirí is déanaí atá curtha ar fáil ag IPAS, an áisíneacht atá freagrach as lóistín a chur ar fáil d'iarratasóirí tearmainn. There are currently 6,914 Nigerians in the system. 6,914 Nigéarach atá sa chóras i láthair na huaire. There are 3,072 Georgians, 2,733 Algerians, 2,388 Somalis, 2,209 Zimbabweans, 2,157 Jordanians, 1,715 Afghans, 1,656 Pakistanis, 1,373 Bangladeshis and 1,249 South Africans. Tá 3,072 Seoirseach ann, 2,733 Ailgéarach, 2,388 Somálach, 2,209 ón tSiombáib, 2,157 Iordánach, 1,715 Afganastánach, 1,656 ón bPacastáin, 1,373 ón mBlanglaidéis agus 1,249 ón Afraic Theas. There are 694 from the Occupied Territories in Palestine. 694 atá ann ó na Críocha Gafa sa Phailistín. South Africa, Algeria and Georgia are currently classified as safe countries. Tá an Afraic Theas, an Ailgéir agus an tSeoirsia rangaithe ina dtíortha sabháilte i láthair na huaire.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24cstbau Contact: irishlingos@gmail.com A public inquiry has been launched into the Omagh bombing. Tús curtha le fiosrúchán poiblí faoi bhuamáil na hÓmaí. A public inquiry into the murder of 29 people, including a woman who was expecting twins, in the Omagh bombing in Co. Tyrone in 1998 began this morning. Cuireadh tús ar maidin inniu le fiosrúchán poiblí faoi dhúnmharú 29 duine, bean a bhí ag súil le cúpla ina measc, i mbuamáil na hÓmaí i gCo Thír Eoghain i 1998. 29 people were killed and 220 others injured when a car bomb left by the Real IRA exploded in the centre of Omagh on the evening of Saturday 15 August 1998. Maraíodh an 29 agus gortaíodh 220 duine eile nuair a phléasc buama i ngluaisteán a bhí fághta ag an bhFíor-IRA i lár na hÓmaí tráthnóna Dé Sathairn an 15 Lúnasa 1998. The public inquiry was established to determine whether there was an opportunity to prevent the massacre in advance. Bunaíodh an fiosrúchán poiblí lena fháil amach an raibh deis ann roimh ré an sléacht a chosc. In 2021, a judge at the High Court in Belfast said that it was highly likely that the security services could have prevented the bombing if they had acted properly in advance. In 2021, dúirt breitheamh san Ardchúirt i mBéal Feirste gur róchosúil go bhféadfadh na seirbhísí slándála an bhuamáil a chosc dá ngníomhóidís mar ba cheart roimh ré. Judge Mark Horner said the security services had important information about the activities of the Real IRA on both sides of the border before the attack. Dúirt an Breitheamh Mark Horner go raibh eolas tábhachtach ag na seirbhísí slándála faoi ghníomhaíochtaí an Fhíor-IRA ar dhá thaobh na teorann roimh an ionsaí. It is known that police intelligence in the North received a telephone call eleven days before the massacre from an unknown person claiming that there would be a bombing attack in Omagh on August 15th. Tá a fhios go bhfuair lucht faisnéise na bpóilíní sa Tuaisceart glao teileafóin aon lá dhéag roimh an sléacht ó dhuine anaithnid a mhaígh go mbeadh ionsaí buamála san Ómaigh ar an 15 Lúnasa. That person did not provide any information about when or where exactly the attack would occur. Níor thug an duine sin aon eolas faoi cén t-am ná cén áit go baileach a dtarlódh an t-ionsaí. However, intelligence sources did not forward any information to the local police in Omagh. Níor chuir lucht faisnéise aon eolas ar aghaidh chuig na póilíní áitiúla san Ómaigh, áfach. The public inquiry is taking place at the Sruthla Arts Centre in Omagh and is chaired by former senior civil servant Andrew Turnbull. Is in Ionad Ealaíon na Sruthla san Ómaigh atá an fiosrúchán poiblí ar siúl agus is é an t-iar- státseirbhíseach sinsearach Andrew Turnbull an cathaoirleach. To begin with, the relatives of the deceased are giving a personal account, one by one, of the lives of each of the 29. Mar thús, tá cuntas pearsanta á thabhairt ó inniu ag gaolta na marbh, ina nduine agus ina nduine, ar shaol gach duine den 29. They are also giving an account of how the killing affected them. Tá cuntas á thabhairt acu freisin ar an gcaoi a ndeachaigh an marú i gcion orthu. That part of the investigation is expected to last two weeks. Ceaptar go mairfidh an chuid sin den fhiosrúchán coicís. The people who were injured in the bombing will later give an account of what happened to them that day and since. Na daoine a gortaíodh sa bhuamáil, tabharfaidh siadsan cuntas ina dhiaidh sin ar ar bhain dóibh féin an lá úd agus ó shin. Emergency workers who went to the scene of the horror will later tell their own story again. Oibrithe éigeandála a chuaigh chuig láthair an uafáis, inseoidh siad a scéal féin ina dhiaidh sin arís. All statements are being livestreamed online. Tá na ráitis ar fad á mbeoshruthú ar líne. It is currently estimated that evidence will not be presented to the inquiry until early s...
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Aoife Ní Bhraoin. Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn inné. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 135km/h agus séideán amháin de 183km/h go luath maidin Dé hAoine. Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme. Ar cheann de na stoirmeacha ba mheasa a bhuail Éire ó tharla Oíche na Gaoithe Móire sa bhliain 1839, d'fhág Stoirm Éowyn na mílte gan leictreachas, go háirithe ar an gcósta thiar. Scriosadh an "Air Dome" de chuid Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht agus rinneadh a lán damáiste eile timpeall na tíre. Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach faoi dheireadh Déardaoin tar éis cúpla lá d'argóintí agus an Dáil ina cíor thuathail. Tharla na fadhbanna nuair a fógraíodh go gcuirfí an Dáil ar fionraí go ceann coicíse agus nuair a tugadh am cainte an Fhreasúra do ghrúpa Teachtaí Dála atá ag tacú leis an Rialtas. Bhí ar an Ceann Comhairle nua, Verona Murphy, imeachtaí a chur ar fionraí roinnt uaireanta ach ar deireadh toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach. Cáineadh an chomh-aireacht nua a ceapadh freisin, ós rud é nach bhfuil ach triúr ban ann as cúig Aire dhéag, agus gur as Baile Átha Cliath nó Cúige Laighin tromlach mór díobh, gan ach duine amháin, Dara Calleary as Cúige Chonnacht agus duine ar bith as Cúige Uladh. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinneadh Donald Trump a insealbhú ina Uachtarán Dé Luain. Ba é an chéad uair a tharla an searmanas oirnithe taobh istigh ó bhí 1985 ann, mar gheall ar dhrochaimsir, de réir Trump féin. D'fhógair sé "tús ré órga" don tír ina óráid agus shínigh sé sraith orduithe feidhmiúcháin láithreach. I measc na n-orduithe bhí bearta chun Meiriceá a thógáil amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun saoránacht uathoibríoch a bhaint de leanaí a bheirtear i Meiriceá, chun na logainmneacha Murascaill Mheicsiceo agus Denali a athrú go Murascaill Mheiriceá agus Sliabh McKinley agus chun pardún a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach san ionsaí ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021. Cuireadh i gcoinne na horduithe seo, agus breitheamh feidearálach amháin ag rá nach dtagann siad le Bunreacht Mheiriceá. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS meánluas - average speed séideán - gust cíor thuathail - chaos cuir ar fionraí - suspend searmanas oirnithe - inauguration ceremony orduithe feidhmiúcháin - executive orders
Cuireadh tús le Comórtas an Eolaí Óg inné agus tá roinnt scoileanna as Dún na nGall san iomaíocht i gcomórtas na bliana seo agus roinnt acu linn ar maidin.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2d52u8pp Contact: irishlingos@gmail.com New information about WB Yeats' remains available in State documents. Eolas nua faoi thaisí WB Yeats ar fáil i gcáipéisí an Stáit. RTÉ News and Current Affairs The Department of Foreign Affairs decided to suppress information given to them in the late seventies about the remains of the poet WB Yeats. Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Chinn an Roinn Gnóthaí Eachtracha eolas a tugadh dóibh ag deireadh na seachtóidí faoi thaisí an fhile W B Yeats a chur faoi chois. In fact, the Department thought that a member of the famous Gluckstein family in London was blackmailing the State when he claimed to have evidence that the bones were not WB's. Go deimhin, shíl an Roinn go raibh ball de theaghlach cáiliúil Gluckstein i Londain ag déanamh dúmhál ar an Stát nuair a mhaígh sé go raibh fianaise aige nárbh iad cnámha W.B. Yeats was buried in Sligo. Yeats a bhí curtha i Sligeach. It emerged 10 years ago in French State documents that the remains buried in the cemetery in Drumcliabh in Sligo are unlikely to be those of WB Yeats. Tháinig sé chun solais 10 mbliana ó shin i gcáipéisí Stáit de chuid na Fraince nach dócha gur taisí W B Yeats atá curtha sa reilig i nDroim Chliabh i Sligeach. The poet died in Roquebrune, France, in 1939 and was buried in a pauper's grave. Cailleadh an file i Roquebrune na Fraince sa bhliain 1939 agus cuireadh é in uaigh bhochtáin. A grand ceremony was held in Ireland in 1948 when a naval ship brought his remains back to his homeland. Reáchtáladh searmanas mór in Éirinn in 1948 nuair a thug long cabhlaigh a chuid taisí ar ais go dtí a thír dhúchais. He was buried in Drumcliabh in County Sligo with great pomp and ceremony. Cuireadh é i nDroim Chliabh i gContae Shligigh le mustar is mórdháil. But Yeats' remains were so mixed with many others in the morgue that there was no way to distinguish them from other people buried there. Ach b'amhlaidh go raibh taisí Yeats measctha le go leor eile sa mharbhlann agus nach raibh aon dóigh go bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir iad agus daoine eile a bhí curtha ann. The pauper's grave had a five-year lease and was exhumed in 1946 and the poet's bones were interred with those of many others. Bhí léas cúig bliana ar uaigh an bhochtáin agus dí-adhlacadh é i 1946 agus cuireadh cnámha an fhile isteach le cnámha go leor daoine eile. Therefore, it is unlikely that the collection of bones sent back to Ireland belonged to Yeats at all. Mar sin, ní dócha gur le Yeats an cnuasach cnámha a seoladh ar ais go hÉirinn in aon chor. A Department of Foreign Affairs file now available in the National Archives due to the 30 Year Rule, provides fresh insight into the controversy. Tugann comhad de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta de bharr na Rialach 30 Bliain, léargas úr ar an chonspóid. On June 29, 1978, the Irish Ambassador to Britain submitted a confidential report to the Department on the matter. An 29 Meitheamh, 1978 chuir Ambasadóir na hÉireann chun na Breataine tuairisc rúnda faoi bhráid na Roinne faoin scéal. A member of the Gluckstein family contacted Ambassador Paul Keating with updated information about the situation. Chuaigh ball de theaghlach Gluckstein i dteagmháil leis an ambasadóir Paul Keating le heolas úr faoin scéal. Aunt R. was Bhí aintín R. J. J. Gluckstein (Ms Gluck) was very close to Edith Heald, a close friend of Yeats. Gluckstein (Ms Gluck) an-mhór le Edith Heald, dlúthchara de chuid Yeats. Heald had documents in his possession relating to Yeats' burial and these were left in Ms Gluck's will. Bhí doiciméid i seilbh Heald a bhain le hadhlacadh Yeats agus fágadh iad sin le huacht ag Ms Gluck. Gluckstein handed copies of these letters to the Ambassador. Thug Gluckstein cóipeanna de na litreacha seo ar lámh don Ambasadóir.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá COP29 ar siúl san Asarbaiseáin faoi láthair agus dúirt uachtarán na tíre óstaí leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne an tUachtarán Ilham Aliyev cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár cheart an locht a chur ar náisiúin, as stoc breoslaí iontaise a bheith acu. Tá pleananna ag an tír táirgeadh gáis a mhéadú sna deich mbliana atá romhainn. Go gearr ina dhiaidh sin, dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, nach raibh bun ná barr leis an ghreim daingean ar úsáid a bhaint as bhreoslaí iontaise. Tá sé aontaithe ag ceannairí domhanda roimhe seo, go ndéanfar iarracht gan téamh domhanda a ligeann os cionn 1.5 céim Celsius níos teo faoi dheireadh na chéid, ach sáraíodh an teorainn sin cheana féin i mbliana. Chuaigh bean ar iarraidh ó Thrá na gCeann i gContae na Gaillimhe Dé Máirt. Ba dhuine de bheirt í a chuaigh amach ag snámh san uisce. Cuireadh scairt ar na seirbhísí éígeandála, nuair nár fhill an cumadóir aitheanta Johnny Duhan ar ais óna shnámh féin, agus fuarthas a chorp roinnt uaireanta ina dhiaidh sin. Bhí meascán seirbhísí ag tabhairt faoi chuardach na mná, na Gardaí, an Garda Cósta, an Chosaint Shibhialta, agus an RNLI ina measc, i dteannta le buíonta cuardaigh agus tarrthála as áiteanna éagsúla in Éirinn. Maidin Dé Sathairn, bhí an cuardach ag dul ar aghaidh ar muir agus ar tír, ón Spidéal go hÓran Mór agus soir go Cinn Mhara. Tharla sochraid Duhan, a bhí ceithre bliana is seachtó d'aois, ar an Chnoc Breac i gContae na Gaillimhe inné. Tá muintir Mháire Ní Fhátharta ag bailiú airgid ar líne chun cuidiú leis an chuardach, agus iad ag súil go mbeidh siad ábalta í a thabhairt abhaile. Aimsíodh fige 2,000 bliain d'aois i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar na mallaibh agus dúradh gurb í an sampla is aosta de thorthaí andúchasacha a fuarthas in Éirinn. Thángthas uirthi i dtochailt seandálaíochta ag ceann tíre Dhroim Meánach, áit ina raibh stáisiún tradála tábhachtach de chuid na Romhánach lonnaithe, agus a aibhsíonn an seanstair trádála bia idirnáisiúnta in Éirinn agus an dúil sa bhia coimhthíoch. Tháinig na seandálaithe ar fhianaise ceardaíochta agus gníomhaíochtaí tí, earraí miotail agus criadóireacht as ceantair éagsúla in Impireacht na Róimhe: an Spáinn, An Ghaill, agus An Bhreatain. Mhair iarsmaí na fige agus bia eile a itheadh ann beagnach 2,000 bliain ó shin mar gur dódh iad agus dá réir sin leasaíodh iad. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhdháil aeráide - climate conference stoc breoslaí iontaise - fossil fuel stock cumadóir - composer buíonta cuardaigh agus tarrthála - search and rescue groups torthaí andúchasacha - exotic fruits tochailt seandálaíochta - archaeological dig
Cuireadh tús arís leis an gcuardach ar maidin do bhean a chuaigh ar iarraidh amach ó chósta Chonamara inné.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cergjjy Contact: irishlingos@gmail.com The composer Johnny Duhan is the one who drowned in Galway today. An cumadóir Johnny Duhan é an té a báthadh i nGaillimh inniu. Johnny Duhan, the well-known songwriter, is the man who drowned this morning after swimming at Head Beach in Bearna, County Galway. Is é Johnny Duhan, an cumadóir amhrán aitheanta, an fear a báthadh ar maidin tar éis sul ag snámh ag Trá na gCeannn i mBearna, Contae na Gaillimhe. The most popular song he composed was 'The Voyage', a well-known song which was covered by Christy Moore and had an album around it. ‘The Voyage' é an t-amhrán ba mhó tóir dár chum sé, amhrán aitheanta a chas Christy Moore agus a chuir album timpeall air. Johnny Duhan is originally from Limerick but settled in Bearna a few years ago. As Luimneach ó dhúchas do Johnny Duhan ach chuir sé faoi i mBearna roinnt blianta ó shin. He is survived by his wife Maureen, their five children, grandchildren and other relatives. Maireann a bhean chéile Maureen, a gcúigear páistí, garchlann agus gaolta eile. An extensive search began off the coast of Galway when he did not return home after his usual morning swim. Thosaigh cuardach cuimsitheach amach ó chósta na Gaillimhe nuair nár fhill sé abhaile tar éis dó dul ag snámh ar maidin, mar ba ghnách dó. It was not long after that that it came to light that another person, a woman in her thirties, was also missing from Head Beach. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig sé chun solais go raibh duine eile, bean sna tríochadaí, ar iarraidh freisin ar Thrá na gCeann. The emergency services were called when she did not arrive at work as expected. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála nuair nár tháinig sí ag an obair mar a raibh súil leí. The search was carried out by the Coast Guard, the RNLI and Civil Defense teams. Chuaigh an Garda Cósta, an RNLI agus buíonta den Chosaint Sibhialta i mbun an chuardaigh. Local people and some small boats came to help in the search, by land and by sea. Tháinig daoine áitiúla agus roinnt bád beag i gcabhair ar an gcuardach, ar thír agus ar muir. A body was found in the water this afternoon near Cuan Roisín between Bearna and Bóthar na Trá, some time west of the city. Thángthas ar chorp san uisce tráthnóna gar do Chuan Roisín idir Bhearna agus Bhóthar na Trá, tamall siar ón gcathair. It is an unusual incident for two people who did not know each other to be missing from the same place, and Gardaí are trying to understand how the events of the morning unfolded.. Eachtra neamhghnáthach é beirt nach raibh aithne ar a chéile bheith ar iarraidh ón láthair chéanna, agus tá Gardaí ag iarraidh a thuiscint cé mar a thit imeachtaí na maidne amach.. It was calm weather and a calm sea in the morning, but the fog of the day hindered the search. Aimsir chiúin agus farraige chalm a bhí ann ar maidin, ach chuir ceo an lae as don chuardach. The search for the woman had to be suspended at nightfall, but will begin again at sunrise. B'éigean an cuardach don bhean a chur ar fionraí le titim na hoíche, ach tosófar ina bhun arís le héirí na gréine. Local people are gathering early in the morning to search the shore between Bearna and An Spidéal Tá daoine áitiúla ag bailiú le chéile go moch ar maidin le dul ag cuardach an chladaigh idir Bhearna agus An Spidéal
Cuireadh tús le cainteanna aeráide ag COP29 i mBaku san Asarbaiseáin inné.
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 19ú lá de mí na Samhna, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1972 ghabhadh Seán MacStiofáin I mBaile Átha Cliath tar éis a agallamh conspóideach a rinne sé ar RTÉ. Cuireadh sa phríosún é ar feadh sé mhí de bharr a bhallraíocht den IRA. I 1985 d'éirigh Mary Robinson ón bPáirtí an Lucht Oibre de bharr nach raibh sí ábalta tacaíocht a thabhairt chuig an Chomhaontú Angla-Éireannach. I 1972 chuaigh níos mó ná 600 duine ón chontae chuig an 15ú dinnéar agus damhsa bliantúil den chumann Clár I Londain. I 2007 níos mó ná bliain tar éis, bhí an dealbh Icarus fós sa chlós comhairle. Bhí daoine ag déanamh cinneadh an raibh siad chun é a cur ar ais san áit chéanna nó cur é in áit difriúil. Mhol Brian Meaney chun é a cur ar timpeallán nua mar shainchomhartha nua. Sin Leona Lewis le Bleeding Love - an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2007. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1964 – bhí an banna cheol The Supremes an chéad bhanna ceoil lán de mhná a raibh amhrán a chuaigh chuig uimhir a haon le Baby Love. Chuaigh an t-amhrán chuig uimhir a haon I Meiriceá chomh maith. I 2016 dhíol litir a scríobh John Lennon chuig Paul McCartney díreach tar éis a scair The Beatles. Dhíol an litir I gcóir 30 míle dollars chuig duine I Dallas. Bhí an litir dhá leathanach, lámhscrite ag John Lennon. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo, rugadh Calvin Klein I Nua Eabhrac I 1942 agus rugadh aisteoir Adam Driver I gCalifornia I 1983 agus seo chuid de a rudaí a rinne sé. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.
Cuireadh tús an tseachtain seo le próiseas tairisceana chun uirlis, atá bunaithe ar an ArdIntleacht (AI) agus acmhainn shaibhir na Gaeilge, a fhorbairt.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/233ebfmg Contact: irishlingos@gmail.com Man in court over gold bullion, cash, drugs. Fear os comhair cúirte faoi órbhuillean, airgead tirim, drugaí. A 55-year-old man was brought before Blanchardstown District Court today and charged in connection with €1.4 million worth of gold bullion taken by Gardaí in Dublin last Friday. Tugadh fear 55 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Bhlainséir inniu agus é cúisithe i dtaca le luach €1.4 milliún d'órbhuillean a thóg na Gardaí i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite. That's Farhats Bathijevs, who has an address at Earl's Port Court in Lemcan, west Dublin. Sin é Farhats Bathijevs a bhfuil seoladh aige i gCúirt Phort an Iarla i Leamhcán in iarthar Bhaile Átha Cliath. The Gardai found eighteen kilograms of gold bullion – both bars and coins – when they searched a business premises on Friday. Fuair na Gardaí ocht gcileagram déag d'órbhuillean – idir bharraí agus bhoinn – nuair a chuardaigh siad áitreabh gnó ar an Aoine. They later found €460,000 in cash and €210,000 worth of cocaine and MDMA at a residence. Fuair siad €460,000 in airgead tirim agus luach €210,000 de chócaon agus de MDMA i dteach cónaithe ina dhiaidh sin. Farhats Bathijevs has been charged with money laundering, theft, fraud and possession of drugs with intent to sell or supply. Tá Farhats Bathijevs cúisithe i sciúradh airgid, i ngadaíocht, i gcalaois agus i ndrugaí a bheith ina sheilbh aige le rún iad a dhíol nó a sholáthar. A Garda told the court today that Farhats Bathijevs said nothing when he was charged with the offenses at Ballyronan Garda Station. Dúirt Garda sa chúirt inniu nach ndúirt Farhats Bathijevs aon ní nuair a cuireadh na cionta ina leith i Stáisiún Gardaí Bhaile Uí Rónáin. The accused was remanded in custody and will appear in court again next Friday. Cuireadh an cúisí siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair cúirte arís é Dé hAoine seo chugainn. Two women in their thirties and fifties are still being questioned by gardaí in relation to the gold and drugs. Tá bheirt bhan sna tríochaidí agus sna caogaidí fós á gceistiú ag na Gardaí maidir leis an ór agus na drugaí. RTÉ News and Current Affairs Farhats Bathijevs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Farhats Bathijevs
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Chuir Fórsaí Iosraelacha tús le hionsaithe sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil le linn na seachtaine, agus mar gheall orthu tá díghéarú á lorg ag na Náisiúin Aontaithe. Dúirt na Fórsaí Iosraelacha gur oibríocht fhrithsceimhlitheoireachta a bhí ann agus, Déardaoin, gur maraíodh dháréag i gcathracha Jenin agus Tulkarm, agus ceathrar in Far'a. D'éiligh Ard-Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Antonio Guterres, ar Iosrael stad a chur leis an oibríocht láithreach bonn, agus go raibh Iosrael ag fadú an achrainn i gcás pléascach. D'áitigh sé ar na fórsaí Iosraelacha ard-ghuaim a choinneáil orthu féin agus gan úsáid a bhaint as fórsa marfach gan riachtanais. In Éirinn Dé Céadaoin, fuair beagnach 57,000 iarrthóir tairiscint choláiste ón LárOifig Iontrála. Ag Léibéal 8 sa Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, tháinig méadú pointí ar níos mó ná 40% de na cúrsaí, ach ardú beag atá i gceist – níos lú ná 5% i mórchuid de na cúrsaí. Fuair 56% de na hiarrthóirí a fuair iarratas áit ar an chúrsa arbh fhearr leo, agus fuair ceathrar as cúigear iarratas ó cheann de na trí chúrsa arbh fhearr leo. Ní bheidh ach seal ag iarrthóir chun glacadh le hiarratas agus an spriocdháta ag druidim leo Dé Máirt, an tríú lá de mhí Mheán Fómhair. Cuireadh tús leis na Cluichí Parailimpeacha oíche Dé Céadaoin agus 4,400 lúthchleasaí ar shlí an Champs-Elysees go Place de la Concorde i bPáras. Dúirt eagraithe go mbeadh thart fá 65,000 duine i lucht féachana an tsearmanais. Taispeántas cumhachtach a bhí ann. Thosaigh na cluichí iad féin Déardaoin. Is é an chéad uair ar tharla Cluichí Parailimpeacha an tsamhraidh sa Fhrainc. Tá 549 bonn le bronnadh i 22 imeacht parailimpeach, le linn 11 lá. Tríocha cúig lúthchleasaí atá ar scuad na hÉireann, i measc toscaireacht de 184 duine, agus bonn airgid amháin bronnta ar fhoireann na hÉireann go dtí seo. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an Bruach Thiar faoi fhorghabháil - the occupied West Bank oibríocht frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism operation LárOifig Iontrála - Central Applications Office an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí - National Framework of Qualifications scuad - squad toscaireacht - delegation
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2995u3ln Contact: irishlingos@gmail.com Man killed by XL bully in England. Fear maraithe ag bulaí XL i Sasana. A 53-year-old man died after being attacked by an XL bully dog at his home in north-west England. Bhásaigh fear 53 bliain d'aois tar éis do mhadra den phór bulaí XL é a ionsaí ina theach cónaithe in iarthuaisceart Shasana. The body of David Daintree was found at the house in the town of Accrington yesterday afternoon. Fuarthas corp David Daintree sa teach i mbaile Accrington tráthnóna arú inné. The dog was his own. Ba leis féin an madra. The police shot and killed the dog on the member. Lámhach agus mharaigh na póilíní an madra ar an mball. XL bullies were banned in England last year except for people with an exemption certificate. Cuireadh cosc ar bhulaithe XL i Sasana anuraidh seachas i gcás daoine a bhfuil teastas díolúine acu. The story is in the public eye in Ireland on these lives as well. Tá an scéal i mbéal an phobail in Éirinn ar na saolta seo freisin. A one-year-old girl who was seriously injured when she was attacked by an XL bully in Co Kerry last Saturday evening is still being treated in hospital. Tá cóir leighis á cur san ospidéal i gcónaí ar chailín beag bliain d'aois a gortaíodh go dona nuair a d'ionsaigh bulaí XL í i gCo Chiarraí tráthnóna Dé Sathairn seo caite. A 23-year-old woman, Nicole Morey, died after being attacked by an XL bully at her home in Co Limerick two months ago. Bhásaigh bean 23 bliain d'aois, Nicole Morey, tar éis do bhulaí XL í a ionsaí ina teach cónaithe i gCo Luimnigh dhá mhí ó shin. The bully XL is a cross breed which is restricted in this State. Cros-phór atá sa bhulaí XL a bhfuil srianta ag baint leis sa Stát seo. The Government intends to further restrict it from 1 October and ban it completely from 1 February next year. Tá rún ag an Rialtas tuilleadh srianta a chur air ón 1 Deireadh Fómhair agus cosc iomlán a chur air ón 1 Feabhra an chéad bhliain eile. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Cuireadh tús in athuair inné i Qatar le cainteanna síochána faoin gcoimhlint i nGaza.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2c7y6z4k Contact: irishlingos@gmail.com Over 40,000 people killed in Gaza in the last ten months. Os cionn 40,000 duine maraithe in Gaza le deich mí anuas. Negotiators are due to meet again today in Doha, the capital of Qatar. Tá lucht idirbheartaíochta le bualadh lena chéile arís inniu in Doha, príomhchathair Chatar. According to the authorities in Gaza, by now, over 40,000 people have been killed by Israeli forces in Gaza since October 7, 2023. Deir réir na n-údarás in Gaza, faoin tráth seo, tá os cionn 40,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael in Gaza ó bhí 7 Deireadh Fómhair 2023 ann. The fresh talks started yesterday and the discussion will continue today. Cuireadh tús leis na cainteanna úra inné agus leanfar den phlé inniu. A US security source said yesterday's talks were "proper". Thug foinse slándála de chuid na Stát Aontaithe le fios go raibh cainteanna an lae inné "fiúntach". "Critical work is underway", said John Kirby, the United Nations security spokesman, to journalists at the White House last night. "Obair ríthábhachtach atá ar bun", a dúirt John Kirby, urlabhraí slándála na Náisiún Aontaithe, le hiriseoirí ag an Teach Bán aréir. This process must be completed." Caithfear an próiséas seo a thabhairt i gcrích." At least six people were killed when a house was attacked in Jabalia in the north of the strip. Maraíodh seisiúr ar a laghad nuair a rinneadh ionsaí ar theach in Jabalia i dtuaisceart an stráice. But Gaza's health ministry, which is controlled by Hamas, says at least six people were killed overnight in Gaza when a house was attacked in Jabalia, in the north of the strip. Ach deir aireacht sláinte Ghaza, atá faoi smacht Hamas, gur maraíodh seisiúr, ar a laghad, thar oíche i nGaza nuair a rinneadh ionsaí ar theach in Jabalia, i dtuaisceart an stráice. Earlier in the night, Israeli forces attacked the southern cities of Rafah and Khan Younis. Níos túisce san oíche, rinne fórsaí Iosrael ionsaithe ar chathracha ó dheas, Rafah agus Khan Younis. Hamas has not yet participated in the talks in Doha. Níor ghlac Hamas páirt sna cainteanna in Doha go fóill. However, in a statement on Telegram last night, a senior member of Hamas indicated that these attacks - which Israel is carrying out without stopping - would hinder any progress in the peace process. I ráiteas ar Telegram aréir, áfach, thug ball sinsearach de chuid Hamas le fios go gcuirfeadh na hionsaithe seo - atá á ndéanamh gan stad ag Iosrael – bac ar aon dul chun cinn sa phroiséas síochána. The war has been going on for ten months and over 40,000 people have been killed by now Le deich mí atá an chogaíocht ar bun agus tá os cionn 40,000 duine maraithe faoin tráth seo
Cuireadh an t-agóid a bhí le bheith ar siúl ag an deireadh seachtain in éadan imirce agus ceann eile ar son Imirce ar ceall. Bhí cuid mhór agóidí fríd an seachtain i mBéal Feirste agus tógadh roinnt daoine ag an PSNI.
Cuireadh ana-shuim anuraidh sa rabharta mapaí de ghrinneall na farraige a d'fhoilsigh an tionscadal INFOMAR de chuid Suirbhéireacht Ghéolaíochta na hÉireann ach tá an obair go fóill ar bun, mar a mhínigh an gé-eolaí Eoin Mac Craith do Chonn Ó Muíneacháin.
Cuireadh tús le binse fiosrúcháin ar Bhuamáil na hÓmaigh inné, binse fiosrúcháin neamhspléach faoin ionsaí rinne an mbuama an Fíor-IRA, ar a thug siad orthu féin, san Ómaigh i 1998 a mharaigh naonúr is fichead.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26ptvqpm Contact: irishlingos@gmail.com Overhaul of the high-speed rail network in France. Coirluascadh ar ghréasán iarnróid ardluais sa bhFrainc. A "massive attack" has been carried out in France on the railway network, TGV, and 800,000 passengers have been displaced as a result. Tá "ionsaí ollmhór" déanta sa bhFráinc ar an ngréasan iarnróid, TGV agus cuireadh as do 800,000 paisinéir dá bharr. The opening ceremony of the Olympic Games will take place in Paris tonight. Beidh searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha ar siúl i bPáras anocht. French Transport Minister Patrice Vergriete said today that it was a shameful criminal act. Dúirt Aire Iompair na Fraince, Patrice Vergriete, inniu gur gníomh coiriúil náireach a bhí ann. He indicated that there would be "major implications" and that only half of the TGV trains going north, east and north-west will be operating as a result. Thug sé le fios go mbeadh "impleachtaí móra" ann agus nach mbeidh ach leath na dtraenacha TGV ag dul ó thuaidh, soir agus siar ó thuaidh ag feidhmiú dá bharr. The trains on the TGV network are high speed services. Is seirbhísí ardluais iad na traenacha ar an ngréasán TGV. The network is run by the state company SNCF. Is é an comhlacht stáit SNCF a reachtálann an gréasán. Passengers have been advised to postpone their journeys, as many trains are being sent back to where they originally came from. Cuireadh comhairle ar phaisinéirí a dturas a chur ar athló, mar tá go leor leor traenacha á gcur ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as ar dtús. It will be like that, they say, until Monday morning at least. Is mar sin a bheidh sé, a deir siad, go dtí maidin Dé Luain ar a laghad. SNCF says arsonists set fire to some of the railways between Paris and cities in the north, west and east of France. Deir SNCF gur chuir coirloisceoirí cuid de na hiarnróid idir Páras agus cathracha i dtuaisceart, in iarthar agus in oirthear na Fraince trí thine. Services to Lille, Bordeaux and Strasbourg, for example, have been disrupted. Tá curtha isteach ar sheirbhísí go Lille, go Bordeaux agus go Strasbourg, mar shampla. However, no damage was done to the railway from the south-east, as the arsonists were stopped before they got as far. Ní dhearnadh aon díobhóil don iarnród soir ó theas, áfach, mar cuireadh stop leis na coirloisceoirí sula ndeachaigh siad chomh fada leis. Passengers have been advised to postpone their journeys, as many trains are being sent back to where they originally came from. Cuireadh comhairle ar phaisinéirí a dturas a chur ar athló, mar tá go leor leor traenacha á gcur ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as ar dtús. It will be like that, they say, until Monday morning at least. Is mar sin a bheidh sé, a deir siad, go dtí maidin Dé Luain ar a laghad. There is a lot of security in place in France as the Olympic Games approach us in Paris. Tá go leor slándála i bhfeidhm sa bhFrainc agus na Cluichí Oileampacha ag teannadh linn i bPáras. The French people remember well the attacks in Paris and Nice in the last ten years. Tá cuimhne mhaith ag muintir na Fraince ar na hionsaithe i bPáras agus in Nice le deich mbliana anuas. There is now concern among the organizers of the Olympic Games and among the authorities that the fear among the public will intensify in light of this damage to the railway network. Tá imní ann anois i measc lucht eagraithe na gCluichí Oileampeacha agus i measc na n-údaráis go ngéaróidh ar an bhfaitíos i measc an phobail i bhfianaise na díobhála seo ar an ngréasán iarnróid. The coordinated strikes on the rail network will feed into a sense of apprehension ahead of the Olympics opening ceremony in the heart of Paris later today. The coordinated strikes on the rail network will feed into a sense of apprehension ahead of the Olympics opening ceremony in the heart of Paris later today.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna. Theip ar uasdátú bogearraí frith-víris de chuid an chomhlachta Crowdstrike Dé hAoine, rud a chuir isteach go hollmhór ar sheirbhísí sláinte, taistil, airgeadais, agus miondíola ar fud an domhain. Ní raibh le feiceáil ar ríomhairí ar a bhfuil bogearraí Crowdstrike acht “scáileán gorm an bháis” ar maidin. Bhí ar dhochtúirí agus altraí ar fud an domhain leanúint ar aghaidh gan taca ríomhaireachta, agus bhí an uimhir éigeandála 911 díchumasaithe i gcuid de Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cuireadh na mílte eitiltí ar ceal, bhí ar shiopaí glacadh le hairgead tirim amháin, agus cuireadh isteach go mór ar oibríocht margaidh idirnáisiúnta. Agus é seo á scríobh, níl sé soiléir cé chomh fada agus a leanfaidh an briseadh seirbhísí. Dúirt an príomhoifigeach feidhmiúcháin le Crowdstrike, George Kurtz, go raibh an-bhrón ar an gcomhlacht faoin tubaiste. Ar an Aoine freisin, rinne an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta breithiúnas comhairleach go bhfuil forghabháil Iosrael ar chríocha Palaistíneacha neamhdhleathach. D'ordaigh an chúirt go gcuirfí deireadh leis an fhorghabháil chomh tapaidh agus is féidir, agus go ndéanfaí lán-chúiteamh as. Dúirt an Chúirt go bhfuil prionsabail bhunúsacha den dlí idirnáisiúnta sáraithe ag Iosrael sna críocha forgafa, agus leithcheal córasach déanta ag Iosrael ar na Palaistínigh ann. Rinne caoga tíortha idirghabháil sa chás, Éire ina measc, ar son na Palaistíne. Dúirt urlabhraí le Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach raibh ann acht “breithiúnas bréag”. Mhol Hussein Al Sheikh, ard-rúnaí Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne, an breithiúnas mar “bhua stairiúil ar son chearta mhuintir na Palaistíne”. Beidh cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann á imirt amárach, idir an Clár agus Corcaigh, in athdhéanamh ar an dá chluiche chlasaiceacha in 2013. Tar éis stop a chur le Luimneach sa chluiche leath-cheannais, beidh Corcaigh ag lorg a gcéad chraobh is tríocha; agus beidh an Clár ag iarraidh a gcúigiú craobh a bhaint amach. Beidh Páirc an Chrócaigh lán go raftaí, agus Éireannaigh ar fud an domhain ag féachaint air, agus den chéad uair, beidh an cluiche á chraoladh beo ag an BBC. Go n-éirí an t-ádh leis an dá fhoireann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS bogearraí frith-víris - anti-virus software scáileán gorm an bháis - the blue screen of death forghabháil - occupation leithcheal córasach - systematic discrimination breithiúnas bréag - decision of lies lán go raftaí - full to the rafters
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2c68c4z8 Contact: irishlingos@gmail.com Another six accused of breaching public order in Cúlóg. Seisear eile cúisithe faoin ord poiblí a shárú sa gCúlóg. A total of 21 people have now been charged with the clampdown that took place yesterday on a site that was being prepared to provide accommodation for refugees, and six others have appeared in court this afternoon to be charged with breaching public order in Coolock on the north side of the high city. 21 duine san iomlán anois atá cúisithe faoin gclampar a tharla inné ar shuíomh a bhí á réiteach le lóistín a chur ar fáil do theifigh, agus seisear eile tar éis a bheith os comhair cúirte tráthnóna lena gcúiseamh leis on ord poiblí a shárú sa gCúlóg ar an taobh ó thuaidh den ardchathair. They were all released on bail after the Dublin District Court hearing, which had a special final sitting last night with 15 charged and released on bail. Scaoileadh amach ar bannaí ar fad iad tar éis na héisteachta de Chúirt Dúiche Átha Cliath, ag a raibh suí speisialta deirneach aréir le 15 a chúiseamh agus a scaoileadh amach ar bannaí. Gary Daly (45) of North Cross, Mullhide Road was today charged with 2 counts of breaching public order - being threatening, abusive and disobeying instructions from a Garda. Cúisíodh inniu Gary Daly (45) as Cros an Tuaiscirt, Bóthar Mhullach Íde i 2 chúis faoin ord poiblí a shárú - a bheith bagarthach, maslach agus gan glacadh le treoir ó Gharda. The same two charges were attributed to Úna Colgan (69) from Drumconrach. Cuireadh an dá chúis chéanna i leith Úna Colgan (69) as Droim Chonrach. Alan Dunne (63) of Bunraite Avenue in Coolog was accused of failing to accept instructions from a Garda. Cuireadh i leith Alan Dunne (63) as Ascaill Bhun Raite sa gCúlóg nár ghlac sé le treoir ó Gharda. That reason was also brought against Tom Printer (68) from Newbridge in Co Kildare and against Hugh O'Rourke (55) from Priorywood in DAC 7 and against Edmond Butler (53) from Dunachmide in BAC 13. An chúis sin freisin a cuireadh in aghaidh Tom Printer (68) as an Droichead Nua i gCo Chill Dara agus in aghaidh Hugh O'Rourke (55) as Coill an Phrióra i mBÁC 7 agus in aghaidh Edmond Butler (53) as Domhnach Míde i mBÁC 13. They were all granted bail of €200 on the condition that they stay clear of the old Crown Paints factory on Mullhide Road. Ceadaíodh €200 bannaí dóibh go léir ar an gcoinníoll go bhfanfadh siad glan ó sheanmhonarcha Crown Paints ar Bhóthar Mhullach Íde. Some of them were also ordered to stay clear of the Guards Barracks in Coolock. Tugadh ordú do chuid acu fanacht glan freisin ar Bheairic na nGardaí sa gCúlóg. Lawyers for Tom Printer from Kildare said he was retired, hard of hearing and had left his car at the barracks. Dúirt dlíodóirí thar ceann Tom Printer as Cill Dara go raibh sé ar scor, nach bhfuil an éisteacht go maith aige agus go raibh a charr fágtha ag an mbeairic aige. He was allowed to get his car but made an arrangement with the Gardai, but was ordered to stay clear of the place afterwards. Tugadh cead dó a charr a fháil ach socrú a dhéanamh leis na Gardaí, ach hordaíodh dó fanacht glan ar an áit ina dhiaidh sin. The six are due back in court on the 10th of October. Tá an seisear le bheith ar ais os comhair cúirte an 10ú lá de mhí Mheán an Fhómhair.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cz6wus6 Contact: irishlingos@gmail.com Charna Wind Farm - 5 year Confidential University of Galway. Feirm Gaoithe Charna - Rúndacht 5 bhliana Ollscoil na Gaillimhe. The University of Galway has confirmed to RTÉ News/TG4 that they have a 5-year confidentiality clause in place with a third party about publicly disclosing any information about the proposed wind farm off the coast of Charna in Connemara. Tá sé deimhnithe ag Ollscoil na Gaillimhe do Nuacht RTÉ/TG4 go bhfuil clásal rúndachta 5 bliana i bhfeidhm acu le tríú páirtí faoi aon eolas a nochtú go poiblí faoin bhfeirm gaoithe atá beartaithe amach ó chósta Charna i gConamara. The company Fuinneamh Sceirde Teo is to make a planning application before the end of August to place 30 wind turbines in the sea near the rocks of Sceirde. Tá an chuideachta Fuinneamh Sceirde Teo le iarratas pleanála a dhéanamh roimh dheireadh mhí Lúnasa le 30 tuirbín gaoithe a chur i bhfarraige gar do charraigeacha na Sceirde. The University of Galway has had a research station in Massa in Carna to study the atmosphere since 1958. Tá staisiún taighde ag Ollscoil na Gaillimhe i gCeann Mhása i gCarna le staidéar a dhéanamh ar an atmaisféir ó 1958. The University of Galway's research center on Ceann Mása Ceann Mása is located in the area where Fuinneamh Skerde plans to place the range of turbines. An t-ionad taighde atá ag Ollscoil na Gaillimhe ar Cheann Mhása Tá Ceann Mhása buailte ar an limistéar a bhfuil sé beartaithe ag Fuinneamh Sceirde an raon turibíní a chur. 30 wind turbines 320 meters high in a sea area 5-12 km off the coast in question. 30 tuirbín gaoithe 320 méadar ar airde i limistéar farraige 5-12 km amach ón gcladach atá i gceist. The wind turbines recently attracted attention when the company posted images online showing what different areas would look like if the turbines were installed. Tharraing na tuirbíní gaoithe caint le gairid nuair a chuir an chuideachta íomhanna ar-líne ag léiriú an chuma a bheadh ar cheantair eagsúla dá gcuirfí na tuirbíní i bhfearas. People are concerned about the impact the proposal would have on fisheries, tourism and the environment. Tá imní ar dhaoine faoin tionchar a bheadh ag an togra ar an iascach, ar an turasóireacht agus ar an timpeallacht. Nuacht RTÉ/TG4 has submitted a request under the Freedom of Information Act at the University seeking any information or correspondence from 2020 to now relating to the wind farm to be placed in Skeirde. Chuir Nuacht RTÉ/TG4 iarratas faoin Acht Saorála Faisnéise ag an Ollscoil ag lorg aon eolas nó comhfhreagras ón mbliain 2020 go dtí anois a bhain leis an bhfeirm gaoithe atá le cur sna Sceirde. The request was refused. Diúltaíodh don iarratas. We were told that there was a commercial agreement in place between the University of Galway and the third party which included a 5 year confidentiality clause. Dúradh linn go raibh comhaontú tráchtála i bhfeidhm idir Ollscoil na Gaillimhe agus an tríú páirtí a bhfuil clásal rúndachta 5 bhliana ag baint leis. Galway University Nuacht RTÉ/TG4 asked the University's press office to clarify the arrangement that has been made between the University and the third party. Ollscoil na Gaillimhe D'iarr Nuacht RTÉ/TG4 ar oifig preasa na hOllscoile soiléiriú a thabhairt ar an socrú atá déanta idir an Ollscoil agus an triú páirtí. The same question was asked of Fuinneagh Sceirde Teo as well as a question about whether there was any arrangement in terms of money. Cuireadh an cheist chéanna ar Fuinneamh Sceirde Teo chomh maith le ceist faoi an raibh aon socrú ó thaobh airgid i gceist. In a statement the University says that they are concerned about the potential impact of the development of the Carraigga na Skerde wind farm on the valuable research being carried out in the weather station and that this concern has been communicated to the author...
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Niall Ó Siadhail. In Éirinn, thángthas ar thorthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach an deireadh seachtaine seo caite. Choinnigh na páirtithe móra Fianna Fáil agus Fine Gael a líon vótaí agus d'éirigh go maith le roinnt mhaith iarrthóirí neamhspleácha ach theip ar Shinn Féin a líon vótaí a mhéadú. Teip mhór a bhí ann do pháirtí a raibh tacaíocht mhór acu cúpla bliain ó shin. Bhí toghchán iontach ag páirtithe i bhfad amach ar an eite dheas sa Ghearmáin agus sa Fhrainc, agus d'fhógair Uachtarán an Fraince Emmanuel Macron toghchán tobann parlaiminte ina thír féin. Sna tíortha Nordacha, áfach, d'éirigh go maith leis na páirtithe ar an eite chlé ach, ar an mhórgóir, is iad an grúpa den eite dheas EPP a bhfuil an líon is mó suíochán acu i bParlaimint na hEorpa. Bhí Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa ar siúl sa Róimh an tseachtain seo caite, agus ba é an comórtas ba rathúla riamh ag foireann Éireann agus ceithre bhonn á dtabhairt abhaile acu. D'éirigh le Ciara Mageean, ar as Port an Pheire i gContae an Dúin í, aisling a fhíorú nuair a ghlac sí an bonn óir sa rás 1500m, agus thug Rhasidat Adeleke ó Thamhlacht i mBaile Átha Cliath léiriú intinne do na Cluichí Oilimpeacha níos moille i mbliana nuair a bhain sise an bonn airgid sa rás 400m. Bhí Adeleke agus Sharlene Mawdsley páirteach sa dá bhonn eile a fuair Éire: bonn airgid i rás sealaíochta 400m na mban agus bonn óir i sa rás sealaíochta 400m measctha. Roimhe seo, ba í Sonia O'Sullivan an lúthchleasaí amháin a bhuaigh bonn óir ag an chomórtas seo. Cuireadh tús le craobhchomórtas na hEorpa eile inné agus foireann sacair na hAlban ag imirt in aghaidh na n-óstach, foireann na Gearmáine in München. Ar an drochuair, chaill na hAlbanaigh 5-1. Tá cruinniú mullaigh síochána ar siúl san Eilvéis faoi láthair, agus ceannairí na dtíortha G7 ag freastal ar chainteanna in ionad saoire ar bharr sléibhe gar do Lucerne. D'aontaigh siad pacáiste cabhrach $50m a thabhairt don Úcráin agus fógraíodh comhaontú slándála déthaobhach idir an Úcráin agus na Stáit Aontaithe go ceann deich mbliana. Tá níos mó ná 100 ceannairí i láthair an deireadh seachtaine seo, an Taoiseach Simon Harris ina measc, ach níl aon ionadaí ann ón Rúis ná ón tSín. D'eisigh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, liosta éileamh maidir le coinníollacha chun deireadh a chur leis an chogadh, ach dhiúltaigh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy na héilimh go neamhbhalbh, agus dúirt Seansailéir na Gearmáine, Olof Scholz, nach raibh siad dáiríre. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS toghchán tobann parlaiminte - snap parliament election ar an mhórgóir - overall rás sealaíochta - relay race léiriú intinne - a statement of intent cruinniú mullaigh síochána - peace summit comhaontú slándála déthaobhach - bilateral security agreement
Cuireadh deireadh leis an gcomhaireamh sna toghcháin Eorpacha i dtoghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt agus na feisirí fógraithe. Labhair Cóilín Ó Neachtain le hOisín Ó Lorcáin, agus leis an Tánaiste Micheál Martin.
Cuireadh tús leis an gcomhaireamh i dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath sna toghcháin Eorpacha inné. Tá 23 iarrthóir san iomaíocht do 4 shuíocháin. Tá an scéal is deireanaí ag Cuan Ó Seireadáin.
Cuireadh tús leis an gcomhaireamh sna toghcháin Eorpacha i dtoghlach an Deiscirt inné; tá 5 shuíocháin le líonadh sa toghcheantar seo, agus 23 duine san iomaíocht.
Bhí deis ag muintir Luimnigh vóta a chaitheamh chun Méara Luimnigh a roghnú. Cuireadh tús leis an gcomhaireamh ag 0900 ar maidin.
Cuireadh tús leis an gcomhaireamh sna toghcháin Eorpacha i dtoghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt inné; tá 5 shuíocháin le líonadh sa toghcheantar seo, agus 27 duine san iomaíocht.
Cuireadh tús le vótáil sna toghcháin áitiúla agus toghcháin Eorpacha ag 7 ar maidin. Beidh na bothanna votála oscailte go dtí 2200. Beidh muintir Luimnigh in ann vóta a chaitheamh inniu chun Méara Luimnigh a roghnú.
Cuireadh tús le tionscadal taighde do scoileanna beaga tuaithe in Eanáir na bliana 2022 agus tá chúig scoil in Iorras Aithneach páirteach ann.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dúirt an Taoiseach Simon Harris maidin Dé Céadaoin go mbeidh Éire ag tabhairt aitheantas don bPalaistín go foirmiúil ón 28ú lá de mhí na Bealtaine. D'fhógair an Iorua agus an Spáinn go mbeidh siadsan ag tabhairt aitheantas don stát chomh maith. Luaigh an Taoiseach stair na hÉireann agus a heispéireas leis an gcoilíneachas agus dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go leanfaidh tíortha eile an eiseamláir seo. Bhí an-fhearg ar rialtas Iosrael agus d'athghair siad ambasadóir na tíre in Éirinn. Chomh maith leis sin, tá barántas gabhála á lorg an tseachtain seo ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta do Phríomh Aire Iosrael, Benjamin Netenyahu agus don Aire Cosanta, Yoav Gallant, chomh maith le triúr ceannairí de chuid Hamas. Tá an t-ionchúisitheoir ag an gCúirt ag iarraidh iad a ghabháil mar gheall ar choireanna cogaidh aguscoireanna in aghaidh an duine. Déanfar scrúdú ar na hiarratais go luath ach fiú má éisíonn an Chúirt an barántas, níl aon chumhacht aici é a chur i bhfeidhm. Cuireann an Chúirt i leith go bhfuil Netanyahu agus Gallant ag baint úsáid as an ngorta mar uirlis chogaidh. Tá níos mó ná 35,000 Palaistíneach marbh ó thús an chogaidh agus tá an daonra sa réigiún i mbéal an bháis leis an ocras de réir oibrithe cabhracha. Maraíodh Uachtarán na hIaráine Ebrahim Raisi, an t-aire gnóthaí eachtracha Hossein Amir-Abdollahian agus roinnt daoine eile i dtimpiste héileacaptair Dé Domhnaigh. Tharla an timpiste i gceantar sléibhtiúil in aice le teorainn na hAsarbaiseáine. Bhí an héileacaptair ag teacht thar n-ais ó shearmanas oscailte damba nuair a chuaigh sé i sáinn i gceo trom. Ceannaire ana-choimeádach a bhí in Raisi, duine a chuir faoi chois go cruálach éirí amach na mban agus nagcailíní in 2022. Bhí Raisi ana-mhór leis an Ard-Cheannaire, an Ayatollah Ali Khamenei, agus ceapadh go mbeadh sé féin ag teacht i gcomharbacht air sa todhchaí. Fógraíodh cúig ládobróin sa tír ón Luan seo caite. Tá an Ghaeltacht Chois Tamaise ar siúl arís an deireadh seachtaine seo i gcroílár Londan. Seo an tríú bliain den imeacht atá ag dul ó neart go neart ó thosaigh sí in 2022. Cuireadh tús leis Dé hAoine le Pop-Up Gaeltacht i gCeamdain agus anois tá dhá lá de ranganna i scoil Haverstock, i dtuaisceart Londan ar an Sathairn agus ar an nDomhnach. Chomh maith leis sin, beidh roinnt imeachtaí cúltúrtha ar siúl le linn an deireadh seachtaine, mar shampla léiriú an scannáin Arracht, séisiún ceoil, ranganna ióga agus siúlóid Ghaelach trí lár na cathrach. Má tá suim agat inti, tá drochscéala againn: tá na ticéid go léir díolta amach le cúpla seachtain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS aitheantas - recognition coilíneachas - colonialism barántas gabhála - arrest warrant ionchúisitheoir - prosecutor damba - dam dobrón - mourning
Cuireadh tús le sraith cruinnithe ar aréir le heolas a thabhairt don phobal fán chlár úr Leader, ag caint fosta faoin gha atá le hotharcharr d'Oileán Thoraí agus scéalta eile.
Cuireadh tús inné le Ramadan; carghas na Muslamach a mhairfeas 30 lá. Bhí go leor cainte go raibh sé mar sprioc d'aon sos comhraic idir Iosrael agus Hamas ach tá iarrachtaí ar bun in athuair go dtarlódh a leithéid.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 9ú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D'fhógair Nikki Haley go bhfuil sí ag éirí as an rás tar éis na torthaí tubaisteacha dá feachtas. Is cosúil nach mbeidh deacracht ar bith ag Trump an t-ainmniúchán don bPáirtí Poblachtánach a fháil anois agus mar sin beidh sé ag dul in aghaidh Joe Biden den ndara huair i mí na Samhna. Ní raibh teannas ar bith do Joe Biden ach oiread agus é gan chéile comhraic dáirire sa rás le haghaidh ainmniúchán nanDaonlathach. Vótáil muintir na hÉireann in dhá reifreann Dé hAoine, ceann amháin faoin dteaghlach agus an ceann eile faoi chúrsaí cúraim. Bhí an leasú i reifreann an teaghlaigh ag iarraidh athrú a dhéanamh ar an sainmhíniú atá ann faoi láthair, go háirithe nach mbeadh an teaghlach bunaithe ar an bpósadh amháin ach ‘ar chóngais bhuanfasacha' freisin. Bhí an reifreann cúraim ag iarraidh na tagairtí do dhualgais na mban sa bhaile a bhaint den mBunreacht agus aitheantasa thabhairt ina n-áit don gcúram sa teaghlach. Bhí gach páirtí mór sa Dáil ar son an dá leasú agus ní raibh ach Aontú agus cúpla Teachta Dála neamhspleách i gcoinne na leasuithe. Dúirt an Taoiseach i rith na seachtaine go raibh na torthaí idir dhá cheann na meá. Bhí an chuma ar an scéal maidin Dé Sathairn go ndiúltófaí an dá reifreann. Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge ar an gcéad lá de mhí an Mhárta agus bhí go leor Gaolainne le cloistint sa Dáil le linn na seachtaine. Thug 18 Teachta Dála ráiteas i nGaolainnDé Céadaoin, ach ní raibh ceannaire ar bith ó na páirtí i láthair. Labhair na Teachtaí Dála faoi na géarchéimeanna a bhaineann leis an teanga agus leis na ceantracha Gaeltachta. Ar an lá céanna, fógraíodh go mbeidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste in 2025. Ba é 1997 an uair dheireanach a bhí an tOireachtas cois Lagáin agus ní raibh sé sa Tuaisceart ó 2006. Bhí dea-scéala eile do chúrsaí Gaolainne le linn na seachtaine nuair a cuireadh an t-úrscéilín do dhaoine óga Inis Mara le Tristan Rosenstock ar liosta na leabhar do Lá Domhanda na Leabhar. Is é an chéad uair riamh a bhí leabhar i nGaolainn ar an liosta donaoisghrúpa idir 8-12 bliain d'aois. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réamhthoghcháin - primary elections feachtas - campaign sainmhíniú - definition leasuithe - amendments géarchéimeanna - crises cois Lagáin - Laganside
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tharla tubaiste nua i nGaza an tseachtain seo ar Shráid Haroun Al Rasheed cois fharraige i gCathair Gaza. Phlódaigh slua mór daoine timpeall ar thionlacan cabhrach, ag lorg bia. Bhí Fórsaí Cosanta Iosrael freagrach as slándáil an tionlacain, acht nuair a bhrúigh an slua isteach róghar, thosaigh siad ag scaoileadh urchar. Idir sin agus an táinrith a lean go díreach, d'éag ar a laghad céad agus dáréag daoine. Dar le Roinn Sláinte Gaza, tá breis agus 30,000 Palaistíneach maraithe anois i bhfrith-ionsaí Iosrael tar éis ionsaí Hamas ar an 7ú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Tharla sochraid Alexei Navalny, ceannaire an fhreasúra i gcoinne Uachtarán na Rúise Vladimir Putin, i Moscó Dé hAoine. Fuair Navalny bás go tobann i ngéibheann sa tSibéar Artach coicís ó shin. Is iomaí daorbhreith a gearradh ar Navalny nuair a d'fhill sé ar an Rúis, lena n-áirítear calaois, díspeagadh cúirte agus antoisceachas; acht shéan Navalny iad uilig, ag rá nach raibh iontu acht iarracht pholaitiúil chun é a chuir ina thost. D'fhreastail na mílte daoine ag a shochraid, acht dúirt urlabhraí na Creimile Dimitry Peskov go raibh aon chruinniú neamhúdaraithe ar son Navalny neamhdleathach. D'fhill Navalny ar an Rúis ón nGearmáin in 2021, tar éis cóir leighis don nimh néaróige Novichok a fháil, acht gabhadh go díreach é. Thosaigh Seachtain na Gaeilge Dé hAoine, agus Éire faoi bhrat sneachta an mhaidin sin. Cuireadh tús leis an bhféile in 1902, agus leanann an "tSeachtain" go Lá Fhéile Pádraig. Seoladh í le himeachtaí i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Dúirt Orlaith Nic Gearailt, bainisteoir na féile le Conradh na Gaeilge, gur “féidearthachtaí” an téama atá ann i mbliana, féidearthachtaí chun tuilleadh Gaeilge a usáid sa ghnáthshaol. Beidh imeachtaí ar siúl in Éirinn agus ar fud an domhain i rith na Seachtaine. I Londain, beidh both ag Conradh na Gaeilge ag an bhféile ar Chearnóg Trafalgar ar Lá Fhéile Pádraig. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tionlacan cabhrach - aid escort táinrith - stampede calaois - fraud díspeagadh cúirte - contempt of court antoisceachas - extremism féidearthachtaí - possibilities
Cuireadh tús le scéim ar fud na tíre inné, scéim éarlais agus aisíoc, ina bhféadfar cannaí agus buidéil a thabhairt ar ais chuig na siopaí, agus an éarlais idir 15 agus 25 cent a fháil ar ais.
Cuireadh plean nua i dtaobh foraoiseachta i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair seo caite, le sprioc go gcuirfear crainn ar 8,000 heicteáir. Níl an córas i gcaoi mhaith faoi láthair a deir Éamonn Ó Curraoin.
Leag stoirm falla cosanta aige ceann a ché sa Daingean in Eanáir na bliana 1974. Cuireadh carraige, bád iascaigh agus iasc suas isteach dtí béal a doiris thithe Shráid na Trá.
Cuireadh siar an vóta ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac arís inné faoi shos comhraic a lorg i limistéar Ghaza láithreach.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Nollag. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá a mbuíochas léirithe ag teaghlach Emily Hand leo siúd a thacaigh leo an cailín Éireannach-Iosraelach atá naoi mbliana d'aois a fháil ar ais ó fhuadach Hamas. Tá sé ráite ag an Taoiseach, Leo Varadkar, gur freagraíodh paidreacha an náisiúin nuair a fógraíodh go raibh Emily Hand saor ó bhraighdeanas in Gaza. Cuireadh síneadh leis an sos cogaidh idir Iosrael agus Hamas agus scaoileadh níos mó giall idir phríosúnaigh in Gaza agus Phalaistínigh i ngéibheann in Iosrael. Tugann an sos cogaidh deis cúnamh daonnúil a bhfuil géarghá leis a cheadú isteach i stráice Gaza. Tá sé fógartha go bhfuil an t-amhránaí agus cumadóir amhrán Shane MacGowan tar éis bháis. Scríobh na Pogues ar na meáin shóisialta, "Fuair Shane bás suaimhneach ag 3am ar maidin lena bhean chéile Victoria agus a theaghlach taobh leis." Chaith sé roinnt míonna in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath i mbliana ach scaoileadh amach é seachtain ó shin agus d'fhill abhaile chun am a chaitheamh lena chairde agus lena theaghlach. Bhí clú agus cáil air as an ról sa bhanna ceoil na Pogues agus an singil iomráiteach a bhí acu, Fairytale of New York. Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn gur “Cheangail a chuid focal na hÉireannaigh ar fud na cruinne lena gcultúr agus lena stair, ag cuimsiú an oiread sin mothúcháin dhaonna ar na bealaí is fileata.” Tá sé ráite ag Coimisinéir na nGardaí go bhfuil an tAonad Ord Poiblí le 200 taser a fháil, agus go bhfuil sé ag iarraidh go gcuirfí dhá ghunna uisce ar fáil go buan. Dúirt an Coimisinéir Drew Harris leis an Choiste Oireachtais um Dhlí agus Cirt go bhfuil gardaí ag imscaradh dhá ghunna uisce, atá ar iasacht ón PSNI, i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Beidh ceamaraí coirp ar fáil sa phríomhchathair go luath in 2024, bliain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe ar dtús, agus tá gach garda tosaigh chun sprae piobair níos láidre a fháil. D'athraigh an rialtas an dlí an tseachtain seo caite chun úsáid a bhaint as ceamairí coirp tar éis an fhoréigin i mBaile Átha Cliath. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 25ú lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tharla ionsaí scine i lár chathair Bhaile Átha Cliath tráthnóna Déardaoin ina sádh agus gortaíodh bean agus triúr páistí óga. Dúirt finnéithe gur ionsaigh fear sna caogaidí na páistí agus an bhean taobh amuigh de Ghaelscoil Choláiste Mhuire ar Chearnóg Parnell Thoir. Throid na daoine a bhí ar an tsráid i gcoinne an fhir agus d'éirigh leo an scian a tharraingt as a lámh agus srian a chur leis sular tháinig na Gardaí. Bhí an fear é féin gortaithe freisin agus tar éis dó a bheith gafa, tógadh go dtí an t-ospidéal é. Tá drochbhail ar chailín óg amháin faoi láthair agus tá an bhean gortaithe go dona chomh maith. Bhain an eachtra an anáil de dhaoine sa chathair agus de pholaiteoirí. Bhí radharcanna gránna sa chathair oíche Dhéardaoin, nuair a thosaigh dronga ceangailte leis an eite dheis ag ionsaí Gardaí. Cuireadh carranna agus busanna trí thine agus scairt na dronga manaí frith-inimirce. Ghabh na Gardaí níos mó ná tríocha duine agus cháin polaiteoirí an foréigean. Cuireadh sos cogaidh ceithre lá i bhfeidhm in Gaza an tseachtain seo nuair a d'éirigh le hidirghabhálaithe ó Chatar comhaontú a fháil idir Rialtas Iosrael agus Hamas. Scaoilfidh Hamas saor caoga giall atá faoi choinneáil acu in Gaza agus tabharfaidh na hIosraelaigh 150 Palaistíneach atá i ngéibheann ar ais go Gaza. Is cosúil go mbeidh mná agus páistí i gceist ar an dá thaobh. Tá sé ráite go bhfuil timpeall ar 240 giall á gcoinneáil ag Hamas in Gaza ó thús an bhabhta seo den chogadh ar an 7ú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Mharaigh Hamas thart ar 1,200 duine san ionsaí sin ach tá ar a laghad 13,000 Palaistíneach maraithe in Gaza ón lá sin faoi lámh na bhfórsaí Iosraelacha. Beidh súile an domhain mhóir ag féachaint ar Gaza i rith an tsosa seo agus beidh súil acu go mbeidh sos cogaidh níos buaine gan mhoill. Fuair Geert Wilders agus a pháirtí polaitíochta, an PVV—atá i bhfad amach ar an éite dheis—tríocha seacht suíochán in olltoghchán na hÍsiltíre Dé Céadaoin. Is Eoraisceipteach é Wilders atá i gcoinne na hinimirce agus nach gcreideann san athrú aeráide ach oiread. Agus 37 as 150 suíochán ag a pháirtí, tá seans maith ann go mbeidh Wilders sa chéad rialtas eile san Ísiltír. Bhí ríméad ar pholaiteoirí na heite deise ar fud na hEorpa tar éis an olltoghcháin. Chuir polaiteoirí ar nós Viktor Orban san Ungáir agus Marine Le Pen sa Fhrainc fáilte is fiche roimh na torthaí ach bhí an-imní ar ghrúpaí Ioslamacha sa tír mar gheall ar an Ioslamafóibe a léirigh Wilders le roinnt blianta anuas. manaí frith-inimirce - anti-immigration slogans idirghabhálaithe - negotiators sos cogaidh - ceasefire Ioslamafóibe - Islamophobia
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Tharla comhdháil i nGána an tseachtain seo inar tháinig comhaltaí le chéile ón Aontas Afracach agus Cómhargadh Mhuir Chairib, 75 tír san iomlán. Tá sé ar intinn acu seasamh gualainn ar ghualainn chun áitiú ar thíortha Eorpacha cúiteamh a dhíol as coireanna stairiúla, lena n-áirítear an trádáil thrasatlantach sclábhaíochta. Foilseofar Forógra Accra, ina leagfar amach conas a rachaidh an feachtas chun cinn. Ceaptar go mbeidh ráiteas cuimsitheach chun leithscéal a ghabháil le muintir de bhunús Afracach i measc na n-iarratas. Rinne Rí Séarlas III den Ríocht Aontaithe tagairt don stair agus é ar cuairt sa Chéinia le déanaí ach ní dhearna sé leithscéal foirmiúil. Tá eagraíochtaí eile amhail Ollscoil Ghlaschú agus Eaglais Shasana i ndiaidh gealladh go dtabharfaidh siad na milliúin punt chun cúiteamh a dhéanamh i leith coireanna a rinneadh san am atá thart. In Éirinn, tugadh príosún saoil don fhear a dhúnmharaigh an múinteoir bunscoile Ashling Murphy i mí Eanáir 2022. Bhí an bhean óg, a bhí 23 bliana d'aois ag an am, amuigh ag rith in aice le canáil um thráthnóna nuair a rinneadh ionsaí uirthi. Shéan an cosantóir go ndearna sé an choir, in ainneoin go raibh scéalta eile inste aige cheana. Léigh páirtí agus muintir Ashling ráitis tionchair íospartaigh ag an Phríomh-Chúirt Choiriúil Dé hAoine, inar chuir siad in iúl an croíbhriseadh atá orthu ar fad. Meastar go bhfuil foréigean in aghaidh ban ina ghéarchéim anois, agus ocht mbean déag eile maraithe ó fuair Ashling bás. Fógraíodh inné go mbainfear 10 bpointe den chlub sacair Everton mar gheall ar sháruithe ar rialacha a bhaineann le cothromaíocht airgeadais i bpríomhshraith an spóirt i Sasana. Faoi rialacha na sraithe sin, níl cead ag club ar bith níos mó ná £105m a chailleadh sa bhliain, ach tugadh le fios gur chaill an club, atá lonnaithe i Learpholl, beagnach £400m le linn trí bliana. Is é seo an pionós is airde a gearradh ar chlub sa tsraith, ach thiocfadh leis an scéal dul in olcas dóibh mar tá clubanna eile ag bagairt cás dlí a thabhairt ina n-éadan, ós rud é gur cuireadh síos i sraith níos ísle iadsan sa tréimhse chéanna, agus Everton ag fanacht sa phríomhshraith. Cuireadh níos mó ná céad sárú ar na rialacha i leith Manchester City ach níl fíorasc tugtha go fóill. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS coireanna stairiúla - historic crimes an trádáil thrasatlantach sclábhaíochta - the transatlantic slave trade príosún saoil - life sentence foréigean in aghaidh ban - violence against women cothromaíocht airgeadais - financial fair play príomhshraith - premier league