Podcasts about nollag

  • 45PODCASTS
  • 467EPISODES
  • 19mAVG DURATION
  • 5WEEKLY NEW EPISODES
  • Jan 6, 2026LATEST

POPULARITY

20192020202120222023202420252026


Best podcasts about nollag

Latest podcast episodes about nollag

How To Gael
#101 How to be pregnant le Siobhán de Paor

How To Gael

Play Episode Listen Later Jan 6, 2026 57:11


Táimid ar ais i ndiaidh na Nollag agus tá an lá mór ag druidim linn - beidh babaí Shíomha ag teacht go luath! Ach an bhfuil go leor ar eolas againn faoin toircheas, faoin mbreith, nó faoin máithreachas? San eip seo, insíonn an file Siobhán de Paor dúinn faoina taithí féin leo agus faoin spioradáltacht a bhaineann leis an eispéireas ar fad. Taobh amuigh de sin, cloiseann muid faoin Dry (Damp?) January atá ar siúl ag Louise & Doireann's approach to Lá Nollag, agus tá cluiche ag Síomha do na cailíní... Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices

Nuacht Mhall
27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 27, 2025 8:16


Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá suas le trian den phobal i gCív na hÚcráine gan teas lárnach inniu i ndiaidh baráiste drón agus diúracán ón Rúis. Maítear go bhfuil Moscó ag díriú ar shaoráidí fuinnimh agus ar bhonneagar sibhialta, fiú agus an teocht faoi bhun an reophointe. Beidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy ag dul go Floridaamárach chun bualadh le hUachtarán na Stát Aontaithe, ag súil go gcuirfidh na Meiriceánaigh brú ar an Rúis agus dúirt Zelenskyy go bhfuil plean síochána fiche pointe “nócha faoin chéad réidh”. Tá sé ráite ag Zelenskyy roimhe gurbh fhéidir glacadh le stádas mar shaorlimistéar eacnamaíochta nó limistéar dímhíleataithe a thabhairt don Donbas, ach go mbeadh reifreann de dhíth san Úcráin chun an plean sin a fhaomhadh.Sa Ríocht Aontaithe, tá moladh radacach déanta ag an ailtire a dhear an London Eye chun dul i ngleic le héileamh leictreachais san am atá le teacht: stáisiún cumhachta taoide ollmhór a chruthódh murlach ar chósta Somerset. Bheadh 125 tuirbín faoiuisce ann, i stua idir Minehead agus Watchet i Muir na Sabhrainne, nó Cainéal Bristol mar a thugtar air i mBéarla. Bheadh raon rothar 14 mhíle ar bharr an struchtúir agus muiríne le haghaidh spóirt uisce taobh istigh den mhurlach. Deir Feisire áitiúil go mbeadh an suíomh “íocónach” agus táthar ag súil go mbeadh turasóirí ag filleadh ar an cheantar de bharr na saoráidí úra.Tá an scannán úr Saipan le feiceáil sa phictiúrlann an tseachtain seo, ina léirítear na heachtraí mícháiliúla a thit amach i measc fhoireann peile na hÉireann sna hOileáin Mháirianacha Thuaidh go gairid roimh Chorn an Domhain sa bhliain 2002. Beidh na haisteoirí Steve Coogan agus Éanna Hardwicke i ról Mick McCarthy agus Roy Keane faoi seach, agus ní milleadh é le rá gur fhág Keane, duine de na peileadóirí ab fhearr riamh in Éireann, agus chuaigh sé abhaile sular cuireadh tús leis an chomórtas. Eachtra chonspóideach a bhí ann ar an am agus atá fós sa lá atá inniu ann, ach ba é 2002 Corn an Domhain deireanach a raibh Éire páirteach ann. Tá deis ag foireann reatha na hÉireann an comórtas céanna a bhaint amach sa bhliain atá romhainn, agus le cuidiú Dé ní bheidh aon choimhlint idirphearsanta ag cur isteach ar an fheachtas.Bliain úr faoi shéan is faoi mhaise oraibh uilig.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfaoi bhun an reophointe - below freezingsaorlimistéar eacnamaíochta - economic free zonemurlach - lagoonstua - arceachtraí mícháiliúla - infamous eventscoimhlint idirphearsanta - interpersonal conflict

RTÉ - Adhmhaidin
An Garda Siobhán Ní Chathmhaoil, Stáisiún Gardaí An Chlocháin Léith.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 24, 2025 4:51


Moltaí agus comhairle don phobal faoina seirbhísí atá ar fáil ón nGarda Síochána i nDún na nGall le linn na Nollag.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20251224_IRISH__curam_ar_na_boithre_a_mholadh_ag_na_gardai_thar_an_nollaig

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Dec 24, 2025 6:50


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23mtvmny Contact: irishlingos@gmail.com Gardaí recommend road safety over Christmas. Cúram ar na bóithre á mholadh ag na Gardaí thar an Nollaig. Today is the busiest day on the State's roads during the Christmas period, and An Garda Síochána is urging drivers to slow down and be mindful of other drivers, pedestrians and cyclists. Inniu an lá is gnóthaí ar bhóithre an Stáit i rith thréimhse na Nollag, agus tá an Garda Síochána ag impí ar thiománaithe maolú ar an luas agus bheith airdeallach faoi thiománaithe eile, coisithe agus rothaithe. Gardaí are today launching a 24-hour campaign to enforce speed limits more strictly, coinciding with this increase in Christmas traffic. Tá feachtas 24 huaire ar bun ag Gardaí inniu féachaint le teorainneacha luais a chur i bfheidhm níos géire, chomhuaineach leis an méadú seo ar an trácht Nollag. Gardaí say this is the latest element of a seasonal campaign which hopes to reduce the number of road accidents. Deir Gardaí gurb é seo an gné is deireanai den bhfeachtas séasúrtha atá ag súil le líon na dtaismí bóthair a laghdú. Drivers are being asked to stay within speed limits and be extra careful due to the high level of traffic and long journeys people are making. Táthar ag iarraidh ar thiománaithe fanacht laistigh de na teorainneacha luais agus bheith níos cúramaí de bharr an leibhéal ard tráchta agus turasanna fada atá ar bun ag daoine. 180 people have died on the State's roads so far in 2025. 180 duine a bhásaigh ar bhóithre an Stáit go dtí seo i 2025. Almost all bus, train, ferry and air services are at their peak today, as people head home for Christmas. Tá beagnach gach seirbhís bus, traenach, bád farantóireachta agus aeir ar teann a ndíchill inniu, agus daoine ag déanamh ar an mbaile don Nollaig. The services are recommending that people make advance reservations whenever possible. Tá na seirbhísí ag moladh do dhaoine réamh-áirithint a dhéanamh nuair is féidir. 50,000 people will come through Dublin airport today alone, with thousands more landing at Cork, Shannon, and Knock. 50,000 duine a thiocfaidh trí aerfort Átha Cliath inniu féin, leis na mílte eile ag tuirlingt ag Corcaigh, an tSionna, agus Cnoc Mhuire.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Pauline Scanlon, Beirní Pháid Ní Mhuircheartaigh, Gerry O'Beirne

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 23, 2025 3:51


Amhránaithe le tionlacan giotáir – 'Oíche Nollag'.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Aoife Grainbhéil

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 23, 2025 6:17


Thug sí sciúrid timpeall an bhaile le cúpla lá anuas ag féachaint ar bhronntanais Nollag is féidir le daoine a cheannach.

RTÉ - Adhmhaidin
An Dr. Colm Henry - Priomh Oifigeach Cliniciúil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 22, 2025 6:59


De réir an eolais is deireanaí atá ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte - táthar ag tuar go mbeidh buaic na ráige is deireanaí den fhliú sroichte le linn seachtain na Nollag. Tá srianta curtha i bhfeidhm ar líon na gcuairteoirí i gcuid d'ospidéil na tíre cheana féin.

inte sl nollag colm henry
RTÉ - An Saol ó Dheas
Maire Uí Laoire agus Síle Ní Chróinín

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 22, 2025 8:47


Mná na Gaeltachta ag tnúth le imeachtaí na Nollag.

Speeches by President of Ireland, Michael D. Higgins
Teachtaireacht na Nollag ón Uachtarán Connolly / Christmas Message from President Connolly - 2025

Speeches by President of Ireland, Michael D. Higgins

Play Episode Listen Later Dec 22, 2025 5:21


Teachtaireacht na Nollag ón Uachtarán Connolly / Christmas Message from President Connolly - 2025

Nuacht Mhall
20 Nollaig 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 20, 2025 8:50


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d'aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d'aois, agus a mhac Naveed Akram, 24 bliain d'aois. Maraíodh an Akram ba shine ar an láthair agus gortaíodh an mac go dona sular tugadh chun ospidéil é. Scaoil an bheirt acu urchair ar shlua a bhí bailithe ar an trá chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile mhór na nGiúdach, Hanukkah. D'éirigh le fear darb ainm Ahmed al-Ahmed an t-arm a bhaint ó dhuine de na gunnadóirí, agus dúirt príomh-aire New South Wales gur mhair go leor daoine mar thoradh ar an gcrógacht a léirigh sé.I ráiteas a d'eisigh Pobal Giúdach na hÉireann, chuir siad a gcomhbhrón in iúl dá ngaolta agus dá gcairde thar lear san Astráil atá ag fulaingt mar gheall ar na hionsaithe. Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly, go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint bhreise don phobal Giúdach in Éirinn. Bhí agóid i Londain oíche Dé Céadaoin, lasmuigh d'Aireacht Dlí agus Cirt na Breataine, i gcoinne an diúltaithe cead a thabhairt do stailceoirí ocrais dul go hospidéal. Bhí an teannas idir na póilíní agus na hagóideoirí le brath agus breis is míle duine bailithe chun tacaíocht a léiriú do Qesser Zuhrah, 20 bliain d'aois, agus Amy Gardiner-Gibson, 30 bliain d'aois, atá ar stailc ocrais anois le breis is daichead a sé lá agus ag fulaingt go dona. Gabhadh beirt ar an láthair agus baineadh frith-agóideoir amháin amach as an slua. I mí Iúil, d'fhógair Rialtas na Breataine go raibh cosc i bhfeidhm ar an ngrúpa Palestine Action. Ó shin i leith, tá beagnach 2,500 duine gafa ag na póilíní agus tá seisear priosúnach ar stailc ocrais anois mar agóid i gcoinne mí-úsáid chumhachta an stáit. Faoi dheireadh, tar éis iarrachtaí fada ó bhaill den phobal agus ó pholaiteoirí ar nós Zarah Sultana agus Jeremy Corbyn, a chuir brú ar na húdaráis, thug otharcarr Zuhrah go dtí an t-ospidéal chun cúram éigeandála a fháil. Tá an tAire Dlí agus Cirt, David Lammy, fós ag diúltiú labhairt le teaghlaigh na stailceoirí.Tá sceideal cuimsitheach fógartha ag TG4 don Nollaig agus réimse leathan de scannáin, de chláir faisnéise agus de chláir cheoil acu, chomh maith le rogha mhór mhillteach d'ábhar do pháistí, buíochas le Cúla4. Beidh lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta ag tnúth go mór le Geantraí na Nollag 2025, a chraolfar ag 7pm Lá Nollag, agus le roinnt clár dírithe ar Oireachtas na Samhna, a chraolfar le linn an deireadh seachtaine i ndiaidh na Nollag. I measc na mbuaicphointí eile, ó thaobh cláir faisnéise de, beidh George Best i gCorcaigh le feiceáil Lá Fhéile Stiofáin ag 8.15pm, ag insint scéal na tréimhse gairide a chaith an peileadóir cáiliúil thíos i gCúige Mumhan caoga bliain ó shin. Idir an dá linn, bainfidh daoine beaga sult as an scannán beochana Nollaí, scéal lách faoi fhia óg, atá ar fáil ar an seinnteoir anois. Is féidir an sceideal iomlán a fháil ag tg4.ie.Agus sin nuacht na Nollag. Feicfimid go luath sibh, ach go dtí sin, Nollaig mhór mhaith daoibh uilig ó chuile dhuine anseo ar Nuacht Mhall.*

RTÉ - Barrscéalta
Pól Ó Curreáin ó Chlub Rothaíochta Chú Uladh sa Ghaeltacht Lár.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Dec 18, 2025 3:07


Ag caint faoi imeacht na Nollag a bheas a reáchtáil ag an chlub rothaíochta i nGleann Fhinne.

Raidió na Life 106.4FM
Rásaí Séasúr Na Nollag

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Dec 18, 2025 29:49


Pléann na lads agus Paddy Desmond na mór-rásaí go léir a bheidh ar siúl ag deireadh na bliana agus san athbhliain. Tugann Paddy cúpla moladh maidir le cén capall ar féidir leat do chuid airgid a chur air.

How To Gael
#100 How to turn 100

How To Gael

Play Episode Listen Later Dec 16, 2025 67:05


Bhuel a chairde, tá an t-eagrán seo lán de cheiliúradh – ní hamháin gurb í an Nollaig í, ach mhair muid an céad! San eip seo , tá súil siar á caitheamh againn ar an aistear atá théis a bheith againn ó thús HTG go dtí an 100ú eip. Pléimid na cuimhneacháin is fearr, na cuimhneacháin is náirí, and some that are a healthy dose of both. We also develop trust issues from a bad batch of Christmas crackers... They don't always crack, mar a tharlaíonn sé. Cinnte, ba mhaith linn lua anseo go bhfuilimid ana-bhuíoch go deo díbhse, ár n-éisteoirí. Murach sibhse, ní bheimis ar an turas seo ar chor ar bith. So, settle in i gcomhair eagráin atá níos faide agus níos chaotic than usual – the prosecco is flowing, tá na hataí Nollag orainn, agus táimid ag FIZZEÁIL! Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices

RTÉ - Iris Aniar
Seán Denvir, ó Chumann Mhícheál Breathnach.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Dec 16, 2025 7:23


Tá Crannchur Mór na Nollag á eagrú ag CLG Mícheál Breathnach agus beidh an t-airgead a bhaileofar ag dul i dtreo ionad aclaíochta nua a fhorbairt don chumann.

RTÉ - Iris Aniar
Ann Kelly, Garraí na Nollag.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Dec 16, 2025 6:36


Tá siopa sealadach ag SA Sports agus Garraí na Nollag i gComhairle Ceantar na nOileán.

Oliver Callan
Nollaig Shona & Beannachtaí na Nollag le Doireann Ní Ghlacáin

Oliver Callan

Play Episode Listen Later Dec 16, 2025 14:04


Oliver speaks to our favourite Gaeilgeoir, Doireann Ní Ghlacáin, who will be here to share cúpla frása a bhaineann leis an nollaig, and why the expression Sí an Nollaig í, gives you an excuse for indulgent behaviour at this time of year.

RTÉ - Adhmhaidin
Adhmhaidin: Dé Luain 15 Nollag 2025.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 15, 2025 64:53


Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.

nollag d luain
RTÉ - An Saol ó Dheas
Louise Ní Chiobháin, Caoimhe Ní Chiobháin, Konrad Kopec agus Saoirse Beth Cluamháin Ní Shlatara

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 15, 2025 6:18


Bainteach le Margadh na Nollag i bPobalscoil Chorca Dhuibhne ar an Máirt.

Nuacht Mhall
13 Nollaig 2025 (An Dún)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 14, 2025 6:02


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá teaghlach Patrick Rooney, an chéad leanbh a fuair bás sna Trioblóidí, le "cúiteamh suntasach" a fháil tar éis caingean dlí i gcoinne Sheirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann as a dhúnmharú mídhleathach sa bhliain 1969. Lámhachadh Patrick, buachaill 9 mbliana d'aois, ina cheann ag Árasáin Dhuibhise i mBéal Feirste le linn oibríochta ag Constáblacht Ríoga Uladh (RUC), a scaoil suas le 200 babhta ó ghunnaí meaisín suite i bhfeithiclí. Bhí Patrick ina árasán lena theaghlach, ag lorg foscadh i seomra leapa, nuair a bhuail piléar é. Chuir an RUC bac ar imscrúduithe ina dhiaidh sin, agus fuair tuarascáil Ombudsman na bpóilíní in 2021 teipeanna suntasacha oibríochtúla agus imscrúdaitheacha. Mar thoradh ar an chaingean dlí, a ghlac máthair Patrick, Alice Rooney, thángthas ar shocrú lena n-áirítear leithscéal foirmiúil ón PSNI, ina n-aithneofar fulaingt an teaghlaigh. Tugann an socrú, tar éis 56 bliain, roinnt ceartais don teaghlach.Seoladh foclóir nua Gaeilge an tseachtain seo ag an iarsmalann EPIC i mBaile Átha Cliath. Is é an foclóir seo, a sheol an tUachtarán Catherine Connolly ag imeacht Dé Máirt, an chéad fhoclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge-Gaeilge. Dúirt an tUachtarán Connolly gur "acmhainn ríthábhachtach in aon teanga bheo é foclóir aonteangach nua-aimseartha, ina leagann pobal na teanga amach saibhreas agus uathúlacht na teanga ina cuid focal féin, seachas trí mhéan teanga eile". Cuireadh tús le hobair ar An Foclóir Nua Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2022, agus bhí príomheagarthóir foclóir Fhoras na Gaeilge Pádraig Ó Mianáin agus clárbhainisteoir foclóra Cormac Breathnach i gceannas ar an tionscadal. Tá sciar tosaigh de 20,000 iontráil, ina bhfuil 40,000 ciall focail, beo ar Focloir.ie. Tá príomhchéim an tionscadail foclóra le bheith críochnaithe faoi Lúnasa 2027, agus faoin am sin beidh 30,000 iontráil agus 80,000 ciall ann.Tá balla ollmhór faoi uisce aimsithe ag seandálaithe mara na Fraince amach ó chósta na Briotáine, atá thart ar 7,000 bliain d'aois. Síltear gur ó shochaí na Clochaoise a d'fhéadfadh sé a bheith agus gurbh é a imeacht faoi na farraigí mar bhunús le finscéal faoi chathair áitiúil a chuaigh faoi uisce. Creideann na seandálaithe gur gaiste éisc nó claí a bhí sa bhalla 120 méadar (394 troigh) – an foirgneamh faoi uisce is mó a fuarthas riamh sa Fhrainc – chun cosaint a thabhairt i gcoinne leibhéil na farraige ag ardú. Nuair a tógadh é ar Île de Sein ag rinn thiar na Briotáine, bhí an balla ar an chladach, ach tá sé faoi naoi méadar uisce sa lá atá inniu ann. Tá an balla 20 méadar ar leithead agus dhá mhéadar ar airde ar an mheán. Fuair tumadóirí clocha móra eibhir – nó monailití – ag gobadh amach os cionn an bhalla i dhá líne chomhthreomhara. Más ceart an hipitéis faoin ghaiste éisc, is dócha go mbíodh líonra déanta as bataí agus craobhacha faoi chúram na monailítí ag gobadh amach chun iasc a ghabháil de réir mar a tharraing an taoide siar. Le mais iomlán de 3,300 tonna, is cinnte gur obair phobail shuntasach a bhí sa bhalla.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScúiteamh - compensationcaingean dlí - action at lawacmhainn - resourceaonteangach - monolingualgaiste éisc - fish trapclocha móra eibhir - large granite stones

RTÉ - Adhmhaidin
Adhmhaidin: Dé hAoine 12 Nollag 2025.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 12, 2025 57:09


Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.

nollag d haoine
RTÉ - An Saol ó Dheas
Ciara de Mórdha

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 11, 2025 10:24


Tús le ceol agus amhráin na Nollag le amhránaí na nGort nDubh.

RTÉ - Barrscéalta
Mary Uí Chomhaill Bainisteoir Ionad Naomh Pádraig i nDobhar.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Dec 11, 2025 5:39


Eolas faoi cheant ar líne ar siúl faoi láthair ag Cumann Letterkenny Lions agus iad ag iarraidh airgead a bhailiú do Bhancanna Bí sa chontae agus faoi imeachtaí na Nollag in Ionad Naomh Pádraig, Dobhar.

RTÉ - Adhmhaidin
Adhmhaidin: Dé Céadaoin 10 Nollag 2025.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 10, 2025 58:36


Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.

RTÉ - Adhmhaidin
Adhmhaidin: Dé Máirt 09 Nollag 2025.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 9, 2025 59:50


Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Marcas Mac Dómhnaill

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 9, 2025 2:47


Beidh Ceolchoirm na Nollag, Saipéal Naomh Mhuire le Cór agus Ceolfhoireann Nua Cheoil an Daingin ar siúl an tseachtain seo chugainn.

marcas nollag saip daingin
RTÉ - Adhmhaidin
Adhmhaidin: Dé Luain 08 Nollag 2025.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 8, 2025 58:04


Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.

nollag d luain
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Scéalta Nollag - Leabhar mhí na Nollag 2025 | December's Book of the Month 2025

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Dec 8, 2025 21:00


[English version below] - Gearrliosta 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana' ag Gradaim An Post 2025 Foilsíodh leaganacha d'fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne' san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo. Scéal níos faide is ea ‘Lá Breithe' ar óige Íosa nach bhfuil aon leagan de le fáil sa Tiomna Nua in aon chor, in aon chor. Bhuaigh an scéal seo duais do shaothar spioradáltachta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sorcha de Brún [Leagan Gaeilge thuas] - Shortlisted for 'Irish Language Fiction Book of the Year' at the An Post Irish Book Awards 2025 Versions of most of these stories were previously published in the author's column ‘Crobhingne' in The Irish Times at Christmastime over the past twenty years. Some could be described as fables or imaginative retellings of Bible stories. Others are tales inspired by modern-day Christmas consumerism. ‘Lá Breithe' is a longer story about Jesus' childhood. No version of this story exists in the New Testament at all, at all. This story won a prize in the spiritual writing category at the 2024 Oireachtas Literary Competitions. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Sorcha de Brún Show less

Nuacht Mhall
6 Nollaig 2025 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 6, 2025 8:09


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna.I Stáit Aontaithe Mheiriceá Déardaoin, thug an tAimiréal Frank Bradley fianaise don Chomhdháil faoi dhá ionsaí a rinne Cabhlach Mheiriceá ar bhád a bhí ag iompar drugaí, de réir Washington, ar an dara lá de mhí Mheán Fómhair. Scaoil siad dhá dhiúracán ar an mbád ar dtús, a bhris as a chéile ina dhá chuid é,agus a mharaigh gach duine ar bord seachas beirt, a bhí fágtha, de réir cosúlachta, agus iad longbhriste sa raic. Ansin scaoil an Cabhlach dhá dhiúracán eile chun an bheirt údaí a mharú, agus d'éirigh leo. Is coir chogaidh é, agus sárú ar Choinbhinsiún na Ginéive, mairnéalaigh longbhriste a mharú. Ta sé ráite ag an rialtas le Uachtarán Trump go bhfuil cogadh ar siúl idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na cairtéil atá ag iomportáil drugaí ann, acht is conspóideach an cogadh é, ó thaobh an dlí de, mar sin féin.I Sasana, tá fiche a hocht duine a bhí ar scoil le Nigel Farage i gColáiste Dulwich, Londain, tar éis a rá don nuachtán The Guardian go bhfaca siad bulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach uaidh ag an am sin. Dúirt Peter Ettedgui, stiúrthóir scannán mór le rá atá ina Ghiúdach, go raibh sé mar nós agFarage a rá leis go raibh an ceart ag Hitler, nó a bheith ag siosarnach leis amhail is dá mbeadh gás nimhiúil ann. Dúirt Yinke Bankole gur thosaigh sé ar scoil ann nuair a raibh sé naoi mbliana d'aois, agus bhí Farage thart ar seacht déag, agus gur cuimhin leis Farage ag díriú a láimhe agus ag rá leis gur sin an bealach ar ais go dtí an Afraic. Dúirt comhscoláirí éagsúla gur chonaic siad Farage ag canadh “Gásaigh iad uilig”, nó agmí-úsáid a chumhachta mar chinnire go ciníoch; agus dúirt roinnt comhscoláirí go bhfaca siad Farage ag caitheamh maslaí ciníocha go minic. Ghlac Farage páirt ollmhór i bhfeachtas an Bhreatimeachta, agus anois tá sé i gceannas ar an bpáirtí Reform UK, atá chun tosaigh ar leibhéil náisiúnta ar thart ar 30% snaphobalbreitheanna sa Ríocht Aontaithe. Dúirt Farage nár thug sé íde béil chiníoch d'aon ghnó riamh, agus nach ndearna sé iarracht dhíreach, dháiríre daoine a ghortú.Bhí tráthnóna mór ann in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead Dé hAoine, le tacaiocht mhór ón eagraíocht Gaeilge Iorrais, nuair a sheol Aire na Gaeltachta Dara Calleary an leabhar “Scéal Muirí Mhuigh Eo” le Breandán Mac Conamhna, foilsithe ag Mayo Books Press. Insíonn an leabhar scéal oidhreacht mhuirí an chontae ón gClochaois go dtí an lá áta inniu ann. Tá sé scríofa go hiomlán i gcanúint Iorrais, tuaisceart Mhuigh Eo, agus dár leis an údar, a rugadh i mBéal Deirg ar chósta thuaidh an chontae sa bhliain 1936, is é an chéad leabhar dá leithéid ar feadh seachtó bliain, ó tháinig an Caighdeán Oifigiúil an an bhfód. Do mhol an tAire an saothar, tábhacht na canúna, agus an leabharmar bhrontannas Nollag; agus tar éis an seolta bhí béile agus ól, ceol, damhsa, amhránaíocht, caint agus craic.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScoir chogaidh - war crimemairnéalaigh longbhriste - shipwrecked sailorsbulaíocht chiníoch nó fhrith-sheimíteach - racist or anti-semitic bullyingd'aon ghnó - on purposeoidhreacht mhuirí - maritime heritagean Chlochaois - the Stone Age

RTÉ - Barrscéalta
Aodh Mac Gairbheá.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Dec 5, 2025 6:59


Tá Arcade an Chlocháin Léith foscailte arís agus imeachtaí éagsúla ar siúl ann ar nós an ceann a bheas ar siúl Dé Domhnaigh seo ag teacht – Margadh na Nollag.

aodh nollag chloch d domhnaigh
RTÉ - Barrscéalta
Catherine Mhic Laifeartaigh ball de Choiste Turasóireachta agus Trádála an Fháil Charraigh.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Dec 5, 2025 3:09


Dhéanfar Soilse na Nollag i mbaile an Fháil Charraigh a lasadh go hoifigiúil tráthnóna Dé Domhnaigh.

RTÉ - Barrscéalta
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Dec 5, 2025 6:06


Mír grinn seachtainiúil le Mary Aggie agus í ag caint ar mhaisiúcháin na Nollag agus bannaí ceoil.

RTÉ - Adhmhaidin
Adhmhaidin: Déardaoin 04 Nollag 2025.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 4, 2025 58:56


Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.

RTÉ - Iris Aniar
Pádraig Ó Dubhghaill, Bainisteoir Tograí Comharchumma Sailearna & Aoife Ní Choisdealbha, Micil Poitín & Mary Carr Faherty, Múirnín.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Dec 4, 2025 12:32


Pádraig Ó Dubhghaill, Bainisteoir Tograí Comharchumman Sailearna & Aoife Ní Choisdealbha, Micil Poitín & Mary Carr Faherty, Múirnín Beo & Fil Uí Dhubhghaill, Bácús Baile. Beidh Margadh na Nollag ar bun i Seancoil Sailearna Dé Domhnaigh

RTÉ - Iris Aniar
Deirdre Ní Thuathail, foilsitheoir.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Dec 2, 2025 10:27


Ag labhairt faoi shladmhargadh na Nollag de chuid Chló-Iar Chonnacht.

RTÉ - Adhmhaidin
Adhmhaidin: Dé Luain 01 Nollag 2025.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 1, 2025 57:42


Láithriú - Gormfhlaith Ní Thuairisg.

nollag d luain
Raidió na Life 106.4FM
Scéalta reatha 011225_Félim Ó Maolmhána

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Dec 1, 2025 25:14


Plé le Félim Ó Maolmhana faoi scéalta reatha: An chonspóid faoi ainm Páirc Herzog i Rath Gharbh, Netanyahu ag lorg pardún ó uachtaran na hIosraela sa chás caimiléireachta ina choinne, an dlí faoi chlúmhilleadh ag dul trí Thithe an Oireachtais go fadálach, an bhfuil todhchaí ann do chomhghuaillíocht ar an eite chlé sa tír seo? Láithreoir: Barra Mac Aodha Bhuí "Rithim na Cathrach" An chéad lá de mhí na Nollag 2025

RTÉ - Iris Aniar
Maureen Concannon, OPT Inis Meáin & Leah Nic Giolla Dubh & Damien Marshal díoltóirí ag margadh Nollag.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Nov 28, 2025 7:09


Maureen Concannon, OPT Inis Meáin & Leah Nic Giolla Dubh & Damien Marshal díoltóirí ag margadh Nollag. Beidh Margadh na Nollag ar bun i Halla Naomh Eoin in Inis Meáin amárach.

RTÉ - Iris Aniar
Bríd Ní Sheighin, Príomhoide Scoil Cheathrú Thaidhg.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Nov 28, 2025 4:11


Bríd Ní Sheighin, Príomhoide Scoil Cheathrú Thaidhg. Ceardlann agus Carúil Nollag i gCeantar Iorrais.

RTÉ - Iris Aniar
Mamie Ní Chualáin, ball de Chór Chois Fharraige.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Nov 25, 2025 8:00


Beidh Ceolchoirm na Nollag le Cór Chois Fharraige ar siúl i Séipéal an Chnoic Dé hAoine 5 Nollaig.

RTÉ - Iris Aniar
Ailish Ní Chonchubhair, ó Shiopa Tigh Nicolas.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Nov 24, 2025 6:29


Tá Seomra na Nollag oscailte i dTigh Nicolas anois.

Splanc
Splanc Scéalta

Splanc

Play Episode Listen Later Nov 21, 2025 30:59


Labhraíonn Emmet Ryan le Cuán faoi Troy Parrott, Sports Tech, Pascal Donohue ag fágáil, S.A.D. (Seasonal Affective Disorder) agus margaidh na Nollag.

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Labhraíonn Adam Hutton le Seán faoin Gladstone Band, gig a bheidh ag teacht aníos acu i Whelans i mí na Nollag, agus a haistear ceoil go dtí seo.

RTÉ - Barrscéalta
Annemarie Nic Ruairí.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 12, 2025 11:32


Dúirt Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn gur ábhar imní an tionchar a bheas ag oibreacha bóthair atá ag toiseacht i Leitir Ceanainn ar lucht gnó an bhaile, agus gnóanna ag ullmhú do shéasúr na Nollag. Bíonn Annmarie ag taisteal ar an bhealach seo gach lá agus tá sí ag ple seo linn.

Tipp FM Radio
Ar An Lá Seo 22-10-25

Tipp FM Radio

Play Episode Listen Later Nov 6, 2025 2:25


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 22ú lá de mí Dheireadh Fómhair, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1980 bhí triúir fear sa chúirt ar triail do dhúnmharú de Gharda I Ros Comáin. I 1993 tháinig sé amach go mbeadh an plean forbairt don rialtas leis an chostas 20 billiúin punt, laghdaithe go 16 billiúin punt I 6 bhliain. I 2004 bhí na Gardaí ag fiosrú an ghadaíocht de a lán báid timpeall Lough Derg sa Chláir agus i Thiobraid Árann. Chuaigh timpeall 6 bháid ar iarradh agus 14 inneall timpeall an abhainn is mó sa tSionainn. Chuaigh giar iascaireacht ar iarradh chomh maith. I 2012 chuir siad isteach an chéad dífhibrileoir I Liberty Square san Arch Bar. Chuir Par Hayes an cheist cén fáth nach raibh aon ann agus rinne sé an iarracht é a fháil. Bhí a lán airgead ag teacht ó Chrannchur na Nollag an bhliain roimhe. Sin Meat Loaf le I'd Do Anything For Love – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1993. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1999 tháinig sé amach go raibh Sinéad O'Connor ag iarradh eaglais a cheannach – áit a oirníodh ina gCaitliceach í. Bhí an eaglais ar dhíol do 70 míle punt. I 2005 tháinig sé amach go raibh Waterloo ó ABBA an t-amhrán is fearr ón Eurovision riamh. D'fhéach daoine ar seó speisialta I 31 tír timpeall an Eoraip agus bhí vótáil ag dul ar aghaidh chun ceiliúradh a dhéanamh do 50 bhliain. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Jeff Goldblum I Meiriceá I 1952 agus rugadh aisteoir Christopher Lloyd I Meiriceá ar an lá seo I 1938 agus seo chuid de na rudaí a rinne sé. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo. Welcome back to another edition of Ar An Lá Seo on the 22nd of October, with me Lauren Ní Loingsigh 1980: 3 men facing charges of the capital murder of a garda in roscommon was on trial before the special criminal court. 1993: The governments much valued £20bn National development plan will be worth only £16bn or less in six years 2004 - The theft of several boats and outboard engines from a number of shoreside locations around Lough Derg in Clare and north Tipperary was investigated by gardai. Up to six boats and fourteen outboard engines went missing sparking concern by anglers and boat owner around the Shannon's largest lake. Fishing gear stored in boal sheds has also gone missing.  2012 - The first ever defibrillator was installed at Liberty Square in the Arch Bar, following an initiative by Pat Hayes (Jnr) to provide the life-saving machine. The proceeds from the well-known local hostelry's Christmas Draw 2011 have been put to good use.  That was Meat Loaf - I'd Do Anything For Love – the biggest song on this day in 1993 Onto music news on this day In 1999 It was reported that Sinead O'Connor was attempting to buy the church where she was ordained into the Catholic sisterhood. The church was on the market for £70,000. 2005 Waterloo by ABBA was voted the best song in the history of the Eurovision Song Contest. Viewers in 31 countries across Europe voted during a special show in Copenhagen to celebrate the annual event's 50th birthday. And finally celebrity birthdays on this day – actor Jeff Goldblum was born in America in 1952 and actor Christopher Lloyd was born in America on this day in 1938 and this is some of the stuff he has done. I'll be back with you tomorrow with another edition of Ar An Lá Seo.

RTÉ - Iris Aniar
Máire Ní Einniú.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Nov 5, 2025 5:21


Beidh an crann Nollag i gCill Chiaráin i mbliana déanta go hiomlán as ábhair athúsáidte.

RTÉ - Barrscéalta
Síle Nic Aodha.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 5, 2025 6:45


Tá Síle Nic Aoidh linn ar maidin le labhairt ar fheactas Boscaí Bróg na Nollag na bliana seo.

RTÉ - Iris Aniar
Micheál S. Mac Donnacha, Bord Bainistíochta Tigh Nan Dooley & Aodán Mac Donnacha, Éanna Ó Gionnáin, Shaun Ó Cadhain, coiste Truckrun.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Sep 22, 2025 13:01


Micheál S. Mac Donnacha, Bord Bainistíochta Tigh Nan Dooley & Aodán Mac Donnacha, Éanna Ó Gionnáin, Shaun Ó Cadhain, coiste Truckrun ag labhairt faoin ócaid a bhéas siad a chur ar bun aimsir na Nollag le hairgead a bhailiú do Tigh Nan Dooley ar an gCeathrú Rua.

RTÉ - An Saol ó Dheas
An tAthair Tomás Ó Luanaigh.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Feb 28, 2025 13:32


Tá sé ag dul chun na Róimhe ar an Luain agus tús á chur leis na hullmhúcháin do chomóradh 100 bliain oirniú an Mhoinsíneora Hugh O'Flaherty sa Róimh i mí na Nollag 1925.

Copperplate Podcast
Copperplate Time 402

Copperplate Podcast

Play Episode Listen Later Dec 22, 2024 88:07


http://www.copperplatemailorder.com                   Copperplate Time 492            presented by Alan O'Leary                                                www.copperplatemailorder.com                   A Christmas Miscellany 1. Bothy Band:  Green Groves/Flowers of Red Hill.   1975 2. Eileen Ivers:  Christas Eve/Oiche Nollag/High Road to Linton.                 An Irish Christmas 3. The Outside Track: Christmas in Killarney. Christmas Star 4. Tommy Sands: A Christmas Childhood.  To Shorten the Winter 6. Johnny Og Connolly & Brian McGrath:       Christmas in Spiddal/12 to the Bar.  Dreaming Up the Tunes 7. Christy Moore:  A Fairy Tale of New York.                    Smoke & Strong Whiskey 8. The Outside Track: Winter Jigs.  Christmas Star 9. Tim Dennehy: The Kerry Christmas Carol.                 Between the Mountains & the Sea 10. Frank Kelly:  The 12 Days of Christmas .   Download 11. Cor Chois Fharraige:   An Chéad Noel.  Carúil Nollag 12. The Young Tradition: Shepherds Arise.                                     The Holly Bears the Crown 13. William Shakespeare:               Prologue from Hamlet.  The Holly Bears the Crown 14. Shirley & Dolly Collins: The Cherry Tree Carol.              The Holly Bears the Crown 15. Ensemble Choral du Bout du Monde:              Joyful Mysterys. Noels Celtiques   16. Mick Moloney: Celebration/Miss Fogarty's Christmas Cake.                An Irish Christmas 17. Moloney/McComiskey/Tergis: The Girl Who Broke My Heart/My Love is in America/Christmas Eve. An Irish Christmas 18. John McCutcheon:   Christmas in the Trenches.   Download 19. Jerry Lynch:   Silent Night (Christmas 1915).               The Dimming of the Day 20. Joni Mitchell:  River.  Blue 21. Dick Gaughan: The Snows They Melt the Soonest.                Handful of Earth22. Moving Hearts:   May Morning Dew. The Storm 23. Bert Jansch:   In the Bleak Midwinter.                 LA Turnaround 24. Ralph McTell:  Things You Wish Yourself.   Single

Bitesize Irish Podcast
Podcast 174: Rogha na Nollag (Christmas Favourites)

Bitesize Irish Podcast

Play Episode Listen Later Dec 9, 2024 42:09


In this special Christmas edition of the Bitesize Irish Podcast, Eoin and Niall discuss their favourite Christmas memory, song, movie, decoration, day, food and tradition.Cad iar bhur gcuid roghanna féin? What are your own choices?Find out more and join the discussion at: https://www.bitesize.irish/blog/rogha-na-nollagTake our Gaeilge Gach Lá 1-Week Challenge! https://www.challenge.irish/Get a 10% discount off Bitesize Irish membership at offer.irish.Support the showGo to www.bitesize.irish/links to find out more about courses and membership #GaeilgeGachLá