POPULARITY
Cúrsaí aimseartha ar chósta thoir Mheiriceá agus méid an-mhór sneachta titithe.
Dúirt Uachtaráin Mheiriceá Donald Trump go bhfuil sé le táille trádala domhanda 15 % a thabhairt isteach go ceann 150 lá.
Bhí Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ag díriú inné ar chainteanna idir an Iaráin agus na Stáit Aontaithe sa Ghinéiv agus bás Jesse Jackson ach tá polaitíocht sa mbaile ag breith air.
Iriseoir agus teagascóir ag caint faoin scéal go bhfuil sé beartaithe ag ollscoil Mheiriceánach campus a bhunú i Mhainistir Cnoc Mheilearaí i bPort Láirge.
Teannas arís idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin faoi airm núicléacha, chomh maith leis an méid a bhí le rá ag Uachtarán Mheiriceá faoi Nouri al-Maliki, atá ag súil le bheith ina cheannasaí nua na hIaráice
Tá iarrachtaí ar bun ag Uachtarán Mheiriceá leis an aighneas atá tarraingthe ag oifigí inimirce i Minneapolis a laghdú.
An scéala is déanai ó thaobh Minnesota agus Maine.
Tionchar ráiteas agus gníomh Uachtarán Mheiriceá ar pholaitíocht na tíre seo - an cruinniú mullaigh Eorpach inniu.
Deireadh curtha leis an mbagairt go mbeidh tuilleadh taillí tradála le n-íoc ag tíortha san Eoraip tar éis cainteanna ag an bhFóram Eacnamaíochta Domhanda i Davos na hEilvéise
An Taoiseach ar a bhealach go Davos - maraon le uachtarán Mheiriceá, Donald Trump.
Beidh cruinniú ag Airí Gnothaí Eachtracha na Danmhairge agus na Graonlainne le Leas-Uachtarán na Stáit Aontaithe, JD Vance agus le Rúnaí Stáit na tíre Marco Rubio, sa Teach Bán inniu.
B'éigin dá bhean Winnebeth Veiniséala a fhágáil agus tá sé ag cur fáilte roimh an méid a rinne fórsaí Mheiriceá ag an deireadh seachtaine.
Cén ghlacadh atá i Stáit Aontaithe Mheiriceá leis an méid atá déanta ag an Rialtas ansin.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27af6noe Contact: irishlingos@gmail.com Maduro pleading not guilty to drug terrorism. Maduro ag pléadáil neamhchiontach i sceimhlitheoireacht drugaí. In a federal court in New York today, former Venezuelan President Nicolás Maduro pleaded not guilty to four charges against him, including drug trafficking, terrorism and weapons possession. I gcúirt fheidearálach i Nua-Eabhrac inniu, phléadáil iarUachtarán Veiniséala Nicolás Maduro neamhchiontach i gceithre chúis a cuireadh ina leith, lena n- áirítear sceimhlitheoireacht drugaí agus airm a bheith ina sheilbh aige. Maduro said he was not guilty, that he was a just man and that he was the president of his country. Dúirt Maduro nach raibh sé ciontach, gur fear cóir a bhí ann agus gur uachtarán a thíre ab ea é. Maduro’s wife, Cilia Flores, was in the same court in Manhattan, facing the same charges, and she also pleaded not guilty. Os comhair na cúirte céanna in Manhattan, agus na cúiseanna céanna curtha ina leith, bhí bean chéile Maduro, Cilia Flores, agus phléadáil sise neamhchiontach chomh maith. The couple are accused of enriching themselves over 25 years by colluding with international criminals who were shipping illegal drugs to the United States. Cuirtear i leith na lánúine gur shaibhrigh siad iad féin le 25 bliain trí dhul i bpáirt le coirpigh idirnáisúnta a bhí ag seoladh drugaí mídhleathacha chun na Stát Aontaithe. Maduro’s lawyer said his client would not apply for bail today but indicated that he had not ruled it out in the future. Dúirt dlíodóir Maduro nach raibh a chliant chun iarratas ar bhannaí a dhéanamh inniu ach thug le fios nach raibh sé curtha as an áireamh aige san am le teacht. The hearing lasted about 40 minutes and Maduro had his feet shackled during it. Mhair an éisteacht tuairim is 40 nóiméad agus bhí geimhle ar a chosa ag Maduro lena linn. Only certain journalists and members of the public were allowed into the courtroom. Ní raibh cead isteach i seomra na cúirte ach iriseoirí áirithe agus daoine áirithe ón bpobal. The case will come before the court again on March 17 but it is not yet clear whether Maduro or his wife will be present that day. Tiocfaidh an cás os comhair na cúirte arís ar an 17 Márta ach níl sé soiléir fós an mbeidh Maduro nó a bhean chéile i láthair an lá sin. American military forces abducted the couple from their home in the Venezuelan capital, Caracas, over the weekend and took them to New York aboard a ship. D’fhuadaigh fórsaí míleata Mheiriceá an lánúin as a dteach cónaithe i bpríomhchathair Veiniséala, Caracas, ar an deireadh seachtaine agus thug go Nua-Eabhrac iad ar bord loinge. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
An méid atá ag titim amach idir Meiriceá agus Veiniséala, chomh maith le dearbhú Monroe
Tá ráite ag Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, nach i bhfad go gcuirfear tús leis an dara céim de phlean síochána Mheiriceá i leith Ghaza ach go bhfuil go leor constaicí fós le sárú.
Cén chaoi ar éirigh leis na gcainteanna a bhí ar bun idir llucht idirbheartaíochta Mheiriceá agus na Rúise inné?
Is dócha nach féidir linn rud ar bith a chur go Stáit Aontaithe Mheiriceá níos mó.' B'shin an teachtaireacht a chuir An Siopa Leabhar ar Bluesky an tseachtain seo agus iad ag déanamh cur síos ar an tionchar ag táillí trádála Mheiriceá orthu féin.
Beidh cruinniú ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky i gCív inniu le hoifigigh ó airm Mheiriceá agus plean nua le nochtadh ag na Stáit Aontaithe le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.
Labhraíonn Séamus Ó Fianghusa, nó 'Seámus na Gaeilge', le Cuán faoina shaol ag fás aníos i mBrooklyn, an teanga a fhoghlaim, a thaithí in airm Mheiriceá, seal mar shaighdiúr san Afghanistan agus a shaol go dtí seo.
Deir IFAC go bhféadfadh cúrsaí airgeadais sa tír bheith fágtha gan chosaint mar gheall ar an méid cáin chorparáideach a thagann isteach sa tír seo ó Mheiriceá.
D'fhógair Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump inné go raibh sé chun billiún dollar a lorg ón mBBC mura ngabhtar leithscéal leis agus mura dtarraingeofaí siar faoi Dé hAoine clár faisnéise a rinneadh faoi.
Beidh vótáil ar siúl sa Seanad sna Stáit Aontaithe arís níos deireanaí inniu agus na polaiteoirí ag iarraidh teacht ar socrú leis an rialtas a chur ag obair arís.
Beidh sraith toghcháin ar bun i 32 stáit sna Stát Aontaithe inniu.
Tá go leor cor agus cúiteamh le blianta faoin cheist a bhaineann le cead vótála a bheith tugtha do mhuintir na 6 Chontae i dtogchán na hUachtarnachta sa tír seo.
Tháinig na milliúin duine le chéile trasna 50 stáit Mheiriceá le chéile ag sraith léirsithe i gcoinne polasaithe Donald Trump, léirsithe a eagraíodh faoin manna “No Kings”.
Níor éirigh leis an vóta a caitheadh i Seanad Mheiriceá aréir a thabharfadh cead sealadach don rialtas airgead a chaitheamh
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá go leor daoine sa tionscal scannánaíochta agus níos faide i gcéin ag tabhairt ómós do Robert Redford, a fuair bás Dé Máirt. Tháinig an t-aisteoir agus stiúrthóir aitheanta chun cinn i róil scannán lena n-áirítear The Sting (a bhuaigh sé a chéad Oscar ina leith in 1973) Butch Cassidy and the Sundance Kid agus The Way We Were. Bhunaigh sé féile scannán Sundance freisin, agus chuidigh sé le scannánóirí neamhspleácha Meiriceánacha a chothú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear Chloé Zhao, Quentin Tarantino, agus Richard Linklater. Chomh maith lena chuid oibre scannánaíochta, bhí cáil ar Redford as a dhíograis don ghníomhaíocht chomhshaoil.Rinne Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, a dhara cuairt stáit ar an Ríocht Aontaithe an tseachtain seo. I gCaisleán Windsor, tionóladh ceann de na searmanais mhíleata is mó i gcuimhne na ndaoine do cheannaire eachtrach ar cuairt. Lasmuigh den chaisleán, áfach, mháirseáil na mílte agóideoir chun cur i gcoinne na cuairte. Bhí comharthaí ag roinnt agóideoirí a raibh manaí scríofa orthu, lena n-áirítear “ní hea don chiníochas”, “ní hea do Trump” agus “stop ag armáil Iosrael”. Ag preasagallamh leis an bPríomh-Aire, Keir Starmer, dúirt Trump nach raibh sé i bhfabhar pleananna na Ríochta Aontaithe stát Palaistíneach a aithint agus mhol sé úsáid fórsa míleata chun cosc a chur ar inimircigh teacht isteach sa tír.Tá sampla neamhchoitianta de shéadchomhartha deasghnátha ón gCré-Umhaois aimsithe ar Oileán Acla i gContae Mhaigh Eo. Bhí an t-ailíniú cloiche i bhfolach ag crainn ársa a leagadh síos le linn Stoirm Éowyn níos luaithe i mbliana. Rinneadh an fhionnachtain le linn turas seandálaíochta le mic léinn Mheiriceánacha ar cuairt ó Ollscoil Notre Dame in Indiana. Bhí na mic léinn ar thréimhse thar lear in Ollscoil na Gaillimhe agus i Mainistir Choill Mhór. Tá raidhse séadchomharthaí agus dúnta réamhstairiúla ar Oileán Acla ach tá an suíomh Cré-Umhaoise seo atá ag breathnú amach ar Chuan Mó ar cheann de na cinn is suntasaí.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgníomhaíocht chomhshaoil - environmental activismpreasagallamh - press conferenceséadchomhartha deasghnátha - ritual monumentan Chré-Umhaois - the Bronze Agefionnachtain - discoverydúnta réamhstairiúla - prehistoric forts
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dj5v2tk Contact: irishlingos@gmail.com Qatari Prime Minister to meet with senior American officials. Príomhaire Chatar le bualadh le hoifigigh shinsearacha Mheiriceá. The Qatari prime minister is to meet with senior American officials. Tá príomhaire Chatar le bualadh le hoifigigh shinsearacha Mheiriceá. It is expected that the Israeli attack on Hamas leaders in Doha will be discussed during the meeting. Tá súil go bpléifear ionsaí Iosrael ar cheannairí Hamas in Doha le linn an chruinnithe. It is also hoped that they will talk to each other about the progress that has been made in achieving a ceasefire. Tá súil freisin go labhróidh siad lena chéile faoin dul chun cinn atá déanta ó thaobh sos cogaidh a bhaint amach. Following the meeting with senior officials, Qatari Prime Minister Sheikh Mohammed bin Abdulrahman al-Thani will meet with US Secretary of State Marco Rubio at the White House in Washington, the US State Department confirmed today. Tar éis an chruinnithe leis na hoifigigh shinsearacha, buailfidh Príomhaire Chatar, an Síc Mohammed bin Abdulrahman al- Thani, le Stát-Rúnaí Mheiriceá, Marco Rubio, sa Teach Bán in Washington, a dheimhnigh an Roinn Stáit i Meiriceá inniu. It was also reported in the media today that the Qatari Prime Minister is expected to meet with US President Donald Trump, Vice President Vance and the US special envoy, Steve Witkoff. Tuairiscíodh sna meáin inniu freisin go bhfuiltear ag súil go mbualfaidh Príomhaire Chatar le hUachtarán Mheiriceá, Donald Trump, le Leas-Uachtarán Vance agus le toscaire speisialta na Stát Aontaithe, Steve Witkoff, chomh maith. Israel's attack on Qatar was sharply criticized around the world. Rinneadh cáineadh géar ar fud an domhain ar ionsaí Iosrael ar Chatar. Some world leaders and the United Nations said it was a violation of international law and that the raid risks escalating the conflict in the region. Dúirt ceannairí domhanda áirithe agus na Náisiúin Aontaithe gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta a bhí ann agus go bhfuil an baol ann go n-éireoidh an t-aighneas sa réigiún níos measa i bhfianaise an ruathair. The United Nations Security Council published a statement yesterday condemning the attack. D'fhoilsigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ráiteas inné ar cáineadh an t-ionsaí. It was a statement signed by all members of the Security Council, including the United States. Ba ráiteas é a shínigh na baill ar fad den Chomhairle Slándála, na Stáit Aontaithe ina measc. America and Israel are allies. Is comhghuaillithe iad Meiriceá agus Iosrael. Israel was not mentioned in the statement, however. Níor luadh Iosrael sa ráiteas, áfach. President Trump says Qatar and America are also allies. Deir Uachtarán Trump gur comhghuaillithe iad Catar agus Meiriceá freisin.
Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, inné gur chóir do Uachtarán na Stáit Aontaithe, Donald Trump, cuimhneamh go ndéanfar damáiste do chomhlachtaí chogais Mheiriceánacha má chuireann sé a bhagairt táillí importála arda faoi leith a ghearradh ar chogais i bhfeidhm.
Idir an éiginnteacht sna margaí agus an easpa fáis sna figiúirí fostaíochta sna Stáit Aontaithe is díol iontais chomh maith agus atá geilleagar Mheiriceá ag déanamh, ach cén fad eile a leanfaidh an buaineadas?
Inniu a thiocfaidh an táille trádála 15% i bhfeidhm ar earraí a dhíolfaidh an tAontas Eorpach ar mhargadh Mheiriceá. Cá bhfágfaidh na táillí nua comhlachtaí agus fiontraithe anseo in Éirinn?
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 22ú lá de mí Iúil, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1983 chaill 15 aire sóisearach a carr de bharr go raibh gearradh siar de 1 milliún punt. I 1994 tháinig nuacht iontach amach don tír mar go raibh an eacnamaíocht chun ardú 6% tar éis bliain uafásach I 1993. I 1977 tháinig an t-ambasadóir nua ó Mheiriceá chuig an tír. I 1983 bhí raic sa chomhairle de bharr an mholadh chonradh nua. Sin Donna Summer le I Feel Love – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1977. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1989 chuaigh Martika chuig uimhir a haon I Meiriceá lena hamhrán Toy Soldiers agus d'fhan sí ann ar feadh dhá sheachtain. Chuaigh sí chuig uimhir a cúig sa Bhreatain. I 2004 fuair amhránaí Arthur Crier bás de bharr cliseadh croí. Bhí sé ball de The Chimes agus d'oibrigh sé le Little Eva, Gene Pitney, The Four Tops. The Temptations, Ben E.King, Johnny Nash agus The Coasters. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh amhránaí Selena Gomez I Meiriceá I 1992 agus rugadh aisteoir Willem Dafoe I Meiriceá ar an lá seo I 1955 agus seo chuid de na rudaí a rinne sé. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo. Welcome back to another edition of Ar An Lá Seo on the 22nd of July, with me Lauren Ní Loingsigh 1983: 15 junior ministers lost state cars in £1m cut. 1994: Booming economy was to grow by 6pc after flat 1993. 1977: New U.S ambassador to Ireland arrived. 1983: There was council uproar over contract recommendation. That was Donna Summer with I Feel Love – the biggest song on this day in 1977 Onto music news on this day In 1989 Former actress Martika started a two week run at No.1 on the US singles chart with 'Toy Soldiers', a No.5 hit in the UK. 2004 American singer, songwriter and producer Arthur Crier died of heart failure. Member of The Chimes and had worked with Little Eva, Gene Pitney, The Four Tops, The Temptations, Ben E. King, Johnny Nash and The Coasters. And finally celebrity birthdays on this day – singer Selena Gomez was born in America in 1992 and actor Willem Dafoe was born in America on this day in 1955 and this is some of the stuff he has done. I'll be back with you tomorrow with another edition of Ar An Lá Seo.
Tá an Coimisiún Eorpach tar éis liosta de tháirgí Mheiriceánacha ar fiú €72 billiún é a dhréachtadh, liosta a bhféadfaí táillí trádála a ghearradh orthu mura n-éiríonn leis an idirbheartaíocht le Stáit Aontaithe Mheirceá.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá de mhí Iúil. Is mise Sibéal Dempsey.Bhí féile Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo caite agus bhí conspóid ann don BBC dá bharr. Cé gur shocraigh an BBC roimh ré gan leagan beo de sheó Kneecap, an grúparapcheoil Éireannach, a thaispeáint, bhí conspóid ann faoi ghrúpa eile, Bob Vylan. Chan amhránaí na beirte “bás don IDF” agus é ar an stáitse, agus cé gur cuireadh stiúrthóirginearálta an BBC ar an eolas ag an am, leanadh leis an léiriú a chraoladh. Chuir Bob Vylan ráiteas amach níos déanaí nach raibh siad “i bhfabhar bás Giúdach, Arabach ná aon chine nó grúpa eile. Táimid i bhfabhar díchóimeáil meaisín míleata foréigneach”. Níl an léiriú curtha ar fáil ar aon cheann de sheirbhísí ar éileamh an BBC agus tá na póilíní ag fiosrú anois é mar eachtra ord poiblí.Tá “bille mór, álainn” Trump rite ag an Seanad, agus dúirt Trump gur “ceol dá chluasa” a bhí ann. Chuaigh triúr as caoga a trí Poblachtánach an tSeanaid i gcomhar leis na Daonlathaigh chun vótáil i gcoinne an phacáiste, a ritheadh caoga a haon-caoga tar éis don leas-uachtarán JD Vance an vóta comhscór a chaitheamh. Deirtear go dtacaíonn an bille le lucht an airgid trí laghduithe cánach, go maoineoidh sé an balla teorann, agus go méadóidh sé easnamh na Stát Aontaithe go trí thrilliún dollar sula dtiocfaidh deireadh le téarma Trump. Áirítear leis freisin laghduithe suntasacha maoinithe ar dhá chlár líontán sábhála: Medicaid, a sholáthraíonn cúram sláinte do Mheiriceánaigh bhochta agus faoi mhíchumas, agus an Clár Cúnaimh Cothú Forlíontach, a chabhraíonn le daoine earraí grósaera a íoc. Caithfear an bille a rith i dTeach na nIonadaithe anois, agus roinnt Poblachtánach sa seomra sin ag rá cheana féin nach dtacaíonn siad leis an leagan reatha.Tá tonn teasa ollmhór ag scaipeadh ar fud na hEorpa agus teochtaí níos airde ná mar a taifeadadh roimhe seo i roinnt tíortha, lena n-áirítear an Spáinn agus an Phortaingéil. Shroich teochtaí daichead a sé pointe a sé celcius i gcuid den Phortaingéil, an teocht is airde riamh i mí an Mheithimh sa tír. Bhí tionchar mór ag na teochtaí, lena n-áirítear roinnt daoine ag fáil bháis, scoileanna ag dúnadh, agus srianta á gcur ar obair lasmuigh. Nascann saineolaithe minicíocht agus déine na dtonnta teasa seo le hathrú aeráide, agus iad ag tabhairt rabhadh go bhfuil siad ag éirí níos coitianta.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISconspóid - controversyseirbhísí ar éileamh - on-demand serviceslíontán sábhála - safety netearraí grósaera - groceriestonn teasa - heatwaveminicíocht - frequency
Cén tábhacht a bhaineann le neamhspleáchas Stáit Aontaithe Mheiriceá anois? Agus cad atá athraithe ann le 250 bliain anuas? Pléimid é seo le hÚna Ní Bhroiméil.
Labhraímid le James Ó Flatharta faoin bhfás atá tagtha ar spóirt Mheiriceá.
Tá Gracie ina cónaí i Qatar, labhair sí faoin mhéid a tharla ansin aréir nuair a rinne an Iaráin ionsaí ar bhunáit mhíleata Mheiriceá in Al Udeid.
Rinne eitleáin le aerfhórsa Mheiriceá ionsaithe buamála ar 3 ionad núicleách san Iaráin oíche Shathairn. Dúírt an tUachtarán Trump go gcaithfidh an Iaráin síocháin a dhéanamh anois nó go ndéanfar tuilleadh ionsaithe ar ionaid núicleácha sa tír.
Deir Aontas na Mac Léinn in Éirinn go bhfuil siad an-imníoch faoin athrú i bpolasaí Mheiriceá do mhic léinn idirnáisiúnta atá ag iarraidh taisteal chun na tíre.
D'fhéadfadh sé go gcaithfí pleananna a bhí ag lear mhór daoine as an tír seo le dhul ag staideár sna Stáit Aontaithe a chaitheamh i dtraipisí mar gheall ar shrianta atá curtha i bhfeidhm ag rialtas Mheiriceá.
Dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go n'éireoidh siad as an iarracht le deire chuir leis an gcogadh sa Úcráin muna n'éirionn le cainteanna idir iad fhéin agus an Rúis
Tabharfaidh Uachtarán Mheiriceá Donald Trump cuairt ar an Meán Oirthear ar an tseachtain seo chugainn.
Beidh Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ag ceiliúradh an chéid níos deireanaí inniu. Is é sin céad lá ó insealbhaíodh é arís mar Uachtarán na tíre.
An dréachtchomhaontú idir Meiriceá agus an Úcráin - dearcadh an Uachtaráin Trump i leith fuinnimh inathnuaite.
Thit luachanna sa stocmhargadh i Meiriceá inné théis fógra Donald Trump Dé Céadaoin go raibh sé chun tarraingt siar ó na taraifí arda a bhí le gearradh ar thíortha eile ach amháin i gcás na Síne.
Dearcadh an fhreasúra i leith na gcor is deireanaí faoi tharaifí Mheiriceá.
Cúrsaí polaitíochta an lae - an freagra a thabharfar ar tháillí trádála Mheiriceá.
Fógra Uachtarán Mheiriceá Donald Trump aréir agus an méid a bhí le rá aige.
An cruinniú a bhí idir Uachtarán Mheiriceá agus uachtarán na Rúise tráthnóna inné.