POPULARITY
Comhrá leis an cheoltóir Conor Torbóid faoi 'Glór na Cathrach' - gig Gaelach a bheas ar siúl i suíomh rúnda i mBéal Feirste ar 10ú Bealtaine.
Bhain mac Eimear, Tiernan Ó Biataigh, atá dhá bhliain déag d'aois, an ceathrú háit sa rince Gaelach ina aois ghrúpa ag comórtas damhsa Oireachtas na Cruinne san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath le gairid.
Grúpa Gaelach nua in iarthar Chorcaí chun an teanga a chur chun cinn.
Ní thig le scoltacha a bhfuil sruth Gaelach iontu aitheantas a fháil faoi Scéim Aitheantas na Scoileanna Gaeltachta mar atá sé mar nach bhfuil siad ag feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge ach tá dóchas ann go dtiocfaidh athrú ar sin.
Labhair Áine Hensey linn faoina mbua i nGradaim Cheoil TG4 2025 agus an obair atá déanta aici thar na blianta ag tacú leis an gceol Gaelach.
Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn, agus mar sin tá spotsolas an domhain ar chúrsaí Éireannacha agus oidhreachta in athuair. Ó bunaíodh é i 1902, tá clú agus cáil ar an iris ‘Ireland's Own' agus tá baint láidir aige le híomha na tíre seo agus é ar an iris clóite is faide bunaithe in Éirinn. Agus sinne in 2025, tá an-tóir ar an iris go fóill, go háirithe ag an am seo bliana agus an saol Gaelach ag ceiliúradh Naomh Pádraig. Mar sin de, agus 17ú Márta ag teannadh linn, labhraíonn Seán Ó Murchadha, duine de scríbhneoirí na hirise, faoin bhéim a chuireann daoine ar fud fad na cruinne ar shloinnte gaelacha. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Agallamh le Andrea Palandri, a bhí ar an guthán ó Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoin albam nua aige, 'An Veidhlín Muimhneach'.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna. In Éirinn, tá an idirbheartaíocht idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách chun rialtas nua a bhunú fós ar siúl. Toghadh Verona Murphy ina Ceann Comhairle Dé Céadaoin, an chéad bhean tofa san oifig údaí i stair an stáit. Is Teachta Dála neamhspléach ó Loch Garman í, agus dúirt sí gur mór an onóir di an ról a ghlacadh. Gheall sí go mbeidh sí cothrom agus stuama, agus gheall sí freisin a cuid Gaeilge a fheabhsú go leibhéal i gcomhréir leis an ról. Dé Máirt, fógraíodh go mbeidh an calafort Holyhead ar Inis Món dúnta go dtí an cúigiú lá déag de mhí Eanáir, ar a laghad, mar gheall ar an dochar a rinne Stoirm Darragh ann. Cuirfidh an dúnadh isteach go mór ar dhaoine ag taisteal abhaile don Nollaig, agus ar an bpost idir Éire agus an Bhreatain. Dúirt urlabhraí ó Chomhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann gur géarchéim atá ann, go mbeidh tionchar ollmhór ag an dúnadh ar an tionscal, agus go bhfuil baill dá gcuid ag cailleadh trí chéad míle euro gach seachtain mar gheall air. De ghnáth, téann 60% d'earraí a thagann isteach in Éirinn trí chalafort Holyhead. Tá an rialtas i gcomhoibriú le rialtas na Breataine Bige chun an tionchar a laghdú, agus an trácht a chur ar mhalairt slí trí Fishguard, Learpholl, nó Càrn Rìoghain in Albain. D'éag Gearóid Ó Cairealláin, laoch na Gaeilge i mBéal Feirste agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine. Is iomaí gaisce a baineadh amach ar son na teanga faoina cheannasaíocht fhíseach, lena n-áirítear: an chéad nuachtán laethúil as Gaeilge in Éirinn, Lá, a thosaigh in 1984; Coláiste Feirste, meánscoil lán-Ghaeilge a bunaíodh in 1991; Raidió Fáilte, a fuair ceadúnas in 2006; Aisling Ghéar, an compántas drámaíochta Gaelaí; agus Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, i gcroílár na ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste. Tá clú agus cáil bainte amach ag a mhac Naoise, nó Móglaí Bap mar is fearr aithne air, sa bhanna ceoil Kneecap. Suaimhneas síoraí ar a anam uasal Gaelach. Guíonn muid Nollaig shona, agus bliain úr faoi shéan is faoi mhaise, dár lucht éisteachta ar fud an domhain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS idirbheartaíocht - negotiation Grúpa Réigiúnach Neamhspleách - Regional Group of Independents Inis Món - Ynys Môn/Anglesey Comhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann - Irish Road Haulage Association ceannasaíocht fhíseach - visionary leadership ceadúnas - licence
Cé go bhfuil lión na ngaeilgeoirí ag dul i meid sa phríomhchathair, tá sé fós deacair go leor ar phobail na Gaeilge teacht ar bealaí agus áiteanna í a labhairt. Tá na ceithre bárdais áitúla tagtha le cheile chun Gaeilge 365 a chur ar bun chun an scéal sin athrú agus cuid lárnach de sin ná Todhchaí Geal Gaelach. Bhuaileamar isteach chucu chun tuilleadh eolais a fháil.
Labhraíonn an ceoltóir John Spillane faoina cheoldráma nuascríofa Fíoruisce agus athshealbhú a dhéanamh ar chultúr Gaelach
Páirteach sa chlár bhí an Grúpa Ceoil Stranded, Gráinne Nic Niallais ó Choiate na Feile, Christopher Ó Dochartaigh, Gavin Ó Baoill, An Garda Siobhán Ní Chathmhaoil, Na Mary's atá san iomaíocht i bhféile na bliana seo agus comhrá le roinnt do na daoine a bhí i láthair ag an chraoladh beo.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá de mhí an Mheithimh. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dar le tuairisc déanta ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, tá breis is 320 iarratas déanta acu ar rochtain ar shonraí cumarsáide iriseoirí le 13 bliana anuas. Ar 10 gcinn de na hócáidí seo, bhain sé le hiarracht a dhéanamh ar a gcuid foinsí a aithint trí mhodhanna rúnda. Dúirt an PSNI gur minic a bhí sonraí á lorg acu nuair a bhí na hiriseoirí ina n-íospartaigh, ina n-amhrastaigh nó ina bhfiannéithe. Dúradh sa tuarascáil fosta go ndearnadh 500 iarratas ar shonraí a bhain le dlíodóirí le linn na tréimhse céanna. D'iarr Amnesty International agus Aontas Náisiúnta na nIriseoirí go ndéanfaí fiosrúchán ar ghníomhaíocht faireachais póilíneachta. Tagann sé i ndiaidh líomhaintí cúirte go ndearnadh monatóireacht mhídhleathach ar ghutháin de chuid roinnt tuairisceoirí. Dúradh sa tuarascáil go raibh na hócáidí ina ndearnadh iarracht foinse iriseora a aithint bainteach le himscrúduithe ar “nochtadh neamhúdaraithe” fhaisnéis nó dhoiciméid an PSNI. Dúirt an PSNI go ndéanann sé thart ar 8,500 iarratas sonraí cumarsáide gach bliain. Ach, i ráiteas, dúirt an Bord Póilíneachta nár thug an tuarascáil “gach ráthaíocht a bhí de dhíth ar dhaoine”. Ní ba luaithe an tseachtain seo, d'fhógair an Príomh-Chonstábla Jon Boutcher go ndéanfaidh dlíodóir, Angus McCullough KC, athbhreithniú ar chúrsaí faireachais.Cháin príomhfheidhmeannach na Náisiún Aontaithe ionsaí a rinne Iosrael ar scoil a bhí á reáchtáil ag na Naisiúin Aontaithe le déanaí. Líomhnaíonn Iosrael go raibh “comhdháil Hamas” á reachtáil sa scoil. Dúirt dochtúirí Gaza gur maraíodh 40 duine ar a laghad. “Níl ann ach sampla uafásach eile den phraghas atá á íoc ag sibhialtaigh, go bhfuil fir, mná agus leanaí na Palaistíne faoi chos agus iad díreach ag iarraidh maireachtáil” a dúirt urlabhraí Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres. "Beidh gá le cuntasacht as gach rud a tharla in Gaza," a dúirt sé. Tá iarrtha ag na Stáit Aontaithe ar Iosrael a bheith fírinneach faoin ionsaí seo - lena n-áirítear ar maraíodh leanaí san ionsaí. Dúirt an tUasal Miller gur chreid polaiteoirí na Stát Aontaithe measúnuithe agus tuairisc Iosrael go bhfuil Hamas i bhfolach uaireanta i mbonneagar sibhialta, ach dúirt sé go raibh sé ag fanacht le faisnéis ar an ionsaí is déanaí. Thuairiscigh Iosrael gur bhuail siad an scoil mar ionsaí ón aer, spriocdhírithe ar níos mó ná 30 trodaithe Hamas taobh istigh, ach dúirt oifigeach Palaistíneach gurb iad 40 duine lena n-áirítear mná agus leanaí a maraíodh agus iad ag baint úsáid as an suíomh NA mar fhoscadh. Tá rogha de thráchtaireacht bheo as Gaeilge i measc na bhféidearthachtaí atá á bplé ag an tseirbhís sruthaithe GAAGO do na cluichí craoibhe ar fad a chuirtear ar fáil ar líne, a thug Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, le fios. Mheabhraigh Ó Broin nach raibh cluichí Gaelacha á sruthú ag an gCumann cúig bliana ó shin ach nuair a tharla an phaindéim go raibh dualgas ar CLG an cumas a chruthú. “Craoladh 222 cluiche Gaelach anuraidh le tráchtaireacht i nGaeilge as 300 – ní olc sin nuair a smaoiníonn tú air agus ba bhreá linn é sin a dhéanamh,” a dúirt sé, agus é ag caint ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar na mallaibh. “Nuair a smaoiníonn tú go bhfuil an BBC ábalta é a dhéanamh agus fiú an BBC, b'fhéidir go dtiocfadh le GAAGO féachaint air sin . Tá cuid mhór féidearthachtaí ag GAAGO gan amhras agus sin ceann de na féidearthachtaí atá againn, beidh muid ag breathnú agus ag leathnú amach na seirbhíse agus, insan todhchaí, má leanaimid sa treo ina bhfuil muid ag dul, sílim go dtiocfaidh linn sin a dhéanamh," a dúirt sé. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS íospartaigh - victims amhrastaigh - suspects fiannéithe - witnesses bonneagar sibhialta - civil infrastructure tráchtaireacht bheo - live commentary féidearthachtaí - possibilities
Tara Ní Bhroin ag comhra faoin Chumann
ag comhrá faoin chumann Gaelach
Kellie, Aoife agus Graeme ag comhrá linn faoi imeachtaí Chumann Gaelach Ollscoil Theicneolaíochta Phort Láirge
Imeachtaí atá ar bun ag an Chumann Gaelach
To learn more and for all show notes go to - https://thelanguagequestion.com/episode-22-an-calafoirneach-gaelach-a-conversation-with-seathrun-sardina
Ag caint ar chluichí móra a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo sa pheil Gaelach.
Ar an gclár seo bhí Seán Ó Ceallaigh, ball de Chairde na Pailaistíne Bhéal Feirste, ag labhairt linn faoin ngrúpa agus a gcuid oibre, cad atá de dhíth ó shaoránaigh agus ó cheannairí don Phailistín agus go leor eile. Chomh maith leis sin bhí Ríoghnach Hyland ag labhairt linn faoi sheoladh Craobh na Bruiséile de chuid Conradh na Gaeilge le gairid agus an pobal Gaelach sa chathair.
Ag tabhairt a thuairim ar Chluiche Ceannais Chlubanna Chuige Uladh sa Pheile Gaelach a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.
Scolaireachtaí acu chuig Oileán Chléire le ealaíon úr a chruthú.
Beidh an Réabh 1916 ar siúl i gClub an Chonartha, Baile Átha Cliath, Dé Satharn seo. Gig techno Gaelach le téama Éirí Amach 1916 atá ann.
Ag plé cúrsaí craoibhe na mban agus na bhfear sa pheil Gaelach agus na cluichí a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.
Comhairleoir Contae Séamus Chosaí Mac Gearailt;creimeadh cósta. Muiris Bric; Aige baile ó Stáit Aontaithe Mheiricea. Diarmuid Ó Meachair; Dlúthchéirnín nua Melodeon Medleys. Coleen Ní Fhaoláin;Cailín Gaelach 2023. Aodh Mac Craith; Oscailt oifigiúil na seomraí nua scoile.
Roghnaíodh Coleen Ní Fhaoláin ina cailín Gaelach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta i dTír Chonail an deireadh seachtaine seo. Bhí sí seasamh an fhóid thar cheann Chill na Martra
Tá Aoife Ní Neachtain ó CLG Mhicheál Breathnach, Sarah Ní Churraoin CLG Carna/Caiseal & Ciera Ní Icí CLG Naomh Anna roghnaithe ag a gcuid cumainn le bheith san iomaíocht i gcomórtas "an chailín Gaelach" ag Comórtas Peile na Gaeltachta.
imeachtaí ag tarlú amárach i mBaile Átha Cliath
Cór úr ag toiseacht in Áras Mhic Reachtain
Ar an gclár seo labhair Siubhán Nic Amhlaoibh linn faoina am i Learpholl Shasana, an píosa a rinne sí le TG4 faoi Staid Anfield agus an pobal Gaelach i Learpholl. Chomh maith leis sin bhí Seán Mac Coisteallaí ag labhairt linn faoin bPop-Up Gaeltacht a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh beag seo in Havertown ar imeall Philadelphia, PA sna Stáit Aontaithe. Ar deireadh ansin chualamar ó Indrik Ois as an Eastóin a d'aistrigh an leabhar Gaeilge 'Madame Lazare' go hEastóinis faoina gcuid oibre ar an aistriúchán, a chuid oibre agus eile.
Is ábhar dóchais é an méid turasóirí a tháinig go Conamara i mbliana le haghaidh saoire na Cásca a dúirt Cathaoirleach eatramhach Chósta Gaelach Chonamara agus na hOileáin Dominic Ó Móráin.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Oíche Dé Domhnaigh in Hollywood, bhí “An Cailín Ciúin” san áireamh do ghradam Oscar, ainmnithe mar cheann de na scannáin eachtracha is fearr i mbliana. Ba é an chéad scannán Gaelach a bhain an onóir sin amach. Insíonn an scannán scéal faoi chailín óg a bhfuil tuismitheoirí seachmallacha aici, a chuirtear ar altramas le gaolta meánaosta. Faraor, níor bhuaigh “An Cailín Ciúin” an duais; bhí an bua ag “Scéal ar Bith ón bhFronta Thiar”, cóiriú ar an úrscéal frithchogaidh Gearmánach le Erich Remarque. Inné ar Lá Fhéile Pádraig, tháinig na sluaite amach do na mórshiúlta agus imeachtaí i mBaile Átha Cliath, ar fud na tíre, agus ar fud an domhain. Sa Teach Bán in Washington, bhuail an Taoiseach le Joe Biden, agus bhronn sé babhla seamróg air, sa searmanas bliantúil traidisiúnta atá an-tábhachtach i dtaidhleoireacht na hÉireann. Bhí ar an Taoiseach pardún a ghabháil, tar éis a bheith ag déanamh grinn an oíche roimhe faoin mbaol a dúirt sé a bhí ann d'intéarnaigh in Washington le linn uachtaránacht Bill Clinton. Bhuaigh an Baile Átha Cliathach Rhasidat Adeleke an bonn airgid i gcomórtas 400m na mban sa Chraobhcomórtas Lúthchleas Coláiste Náisiúnta Laistigh, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Chríochnaigh sí in am 50.45 soicind, 0.12 soicind níos moille ná an churiarracht Éireannach a bhain sí amach an mhí seo caite. Tá sí fiche bliain d'aois, agus tá sí ag freastal ar scoláireacht ar Ollscoil Texas. Tá roinnt curiarrachtaí náisiúnta ag an rábálaí cheana, lena n-áirítear 200m agus 400m lasmuigh agus laistigh. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tuismitheoirí seachmallacha - neglectful parents altramas - fosterage mórshiúlta - parades taidhleoireacht - diplomacy curiarracht - record (in sport) rábálaí - sprinter
Fuair iar Uachtarán an CLG, Seán McCague bás tráthnóna inné, bhí sé seacht mbliana déag agus trí scór, cuireann Máire síos ar mar dhuine agus a shuim sa Ghaeilge agus sa chultúr Gaelach.
Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn! San eagrán seo labhraíonn Ciara leis an scríbhneoir agus aistritheoir Antain Mac Lochlainn. An focal é ‘scaif'? An bhfuil ciall le ‘fear le féasóg'? An ann do Bhéarlachas atá ‘Gaelach'? Tráchtaire ar an aistriúchán agus ar chúrsaí cruinnis agus stíle sa Ghaeilge é Antain agus tá sraith leabhar foilsithe aige ar na hábhair sin: In Ord is in Eagar, Cruinneas agus Ó Bhéarla go Gaeilge. Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.
Eolais faoin tseachtain Gaelach atá ag an Ollscoil an tseachtain seo.
An tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta tá Katie Whelan agus Gráinne Ní Aodha ag plé Twitter, aistriú an Rialtais, clúmhilleadh; Eoin P Ó Murchú ag caint ar nuálaíocht na n-ealaíona Gaeilge agus IMRAM; Cóisirí Nollag agus conas iad a eagrú le hÉadaoin Nic Mhuiris; agus an gcuireann ceol borradh faoi chluichí spóirt? Daragh Ó Conchúir leis an bhfreagra.
Tá Cósta Gaelach Chonamara agus na hOileáin le ócáid a reáchtáil Dé Máirt seo chugainn in Óstán Chois Fharraige le tionscail na turasóireachta a phlé sa gceantar. Labhair Dominic Ó Móráin le Cóilín Ó Neachtain.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine léite go mall. * Inniu an t-ochtó lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tháinig na mílte daoine amach ar shráideanna Bhéal Feirste Dé Sathrain seo cáite in agóid ar son cearta teanga ó thuaidh. Tugadh an t-ainm "An Lá Dearg" ar an lá stairiúil seo, nuair a shiúil 17,000 duine ó Chultúrlann McAdam ó Fiaich go dtí Halla na Cathrach i mBéal Feirste, gléasta in éadaí dearga chun reachtaíocht Ghaeilge a éileamh. Tá fearg ar na daoine seo nach bhfuil Gaeilgeoirí abálta an Ghaeilge a úsáid go cothrom i dTuaisceart Éireann. Tháinig daoine ó achan coirneál den tír, le cur in iúl do pholaiteoirí go bhfuil siad ag fanacht go fóill. Gheall Comhthionól Chnoc an Anfa agus Rialtas na Breataine Acht Gaeilge mar chuid den phacáiste cúlturtha sa chomhaontú "New Decade, New Approach" in 2020, agus Dé Céadaoin, faoi dheireadh thar thall, tógadh reachtaíocht maidir le Gaeilge agus Ultais araon isteach in Westminster. Tháinig ardú €15.55 billiún ar shaibhreas na mbilliúnaithe in Éirinn i rith Covid, dé réir tuairisc úr a rinne an carthanas Oxfam. Is é sin ardú 55% ar shaibhreas na ndaoine seo, 15 billiúnaí san iomlán, a thógann méid airgid eatarthu go €55 billiún. Dúirt Jim Clarken, stiúrthóir Oxfam in Éirinn gur brabúsach an rud é an phaindéim do na daoine seo, agus gurb é an t-ardú costas maireachtála a lean an phaindéim a thug seans do bhilliúnaithe níos mó airgid a thuilleadh. Idir an dá linn, a deirtear sa tuairisc "Profitting from Pain", tá dúshlán mór roimh na milliúin daoine faoi latháir agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis an ardú atá tágtha ar an chostas maireachtála. Tá grúpa mac léinn ó Ollscoil Rutgers in New Jersey Mheiriceá tagtha go hÉirinn an tseachtain seo le staidéar a dhéanamh ar na seirbhísí meáin chumarsáide atá ar fáil trí mheán na Gaeilge agus an tacaíocht atá ar fáil don teanga agus don chultúr Gaelach. Tháinig dhá dhuine dhéag, atá ina mic léinn cumarsáide, go hÉirinn ag tús na seachtaine. Caithfidh siad am sa Cheathrú Rua, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Déanfaidh na mic léinn staidéar ar obair Raidió na Gaeltachta, a cheiliúir 50 bliain ar an fhód le déanaí, agus TG4, agus casfaidh siad le hionadaithe ón dá sheirbhís. I mBaile Átha Cliath tabharfaidh siad cuairt ar Chonradh na Gaeilge agus ar cheanncheathrú Chumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh. D'eascair an cúrsa as cuairt a thug Ollamh an chúrsa ar an Cheathrú Rua cúpla bliain ó shin. Chonaic sí an borradh atá faoi thionscal na meán cumarsáide i gConamara agus mheas sí go raibh ábhar ann le gearrchúrsa a fhorbairt sa réimse staidéir a bhfuil plé aici leis in Ollscoil Rutgers. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gléasta - dressed Ultais - Ulster-Scots saibhreas na mbilliúnaithe - the wealth of billionaires brabúsach - profitable borradh - growth, boom réimse staidéir - field of study
Tá micléinn ó Ollscoil Rutgers i New Jersey Mheiriceá tagtha go hÉirinn an t-seachtain seo le staidéar a dhéanamh ar na seirbhísí meáin chumarsáide atá ar fáil thrí mheán na Gaeilge agus an tacaíocht atá ar fáil don teanga agus don chultúr Gaelach.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Emmanuel Macron i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Marine Le Pen i dToghchán Uachtaránachta na Fraince. Níor bhain Uachtarán reatha na Fraince an dara téarma amach ó rinne Jacques Chirac é fiche bliain ó shin. Chuir ceannairí éagsúla ar fud na hEorpa fáilte roimh bhua Macron, atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, cé go bhfuair Le Pen, atá i bhfad amach ar an eite dheis, os cionn 40%, de na vótaí, ardú suntusach ón vóta sa bhliain 2017. Ní raibh iarrthóir ón site chlé sa toghchán réitigh. Athrófar ainm Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nó NUIG, go "Ollscoil na Gaillimhe - University of Galway" i mbliana. Úsáidfear an teideal dátheangach seo, ina bhfuil tús áite ag an Ghaeilge, ar gach doiciméad oifigiúil de chuid na hollscoile. Ní hé seo an chéad athrú ar ainm na hinstitiúide. Bunaíodh an ollscoil mar Queen's University Galway sa bhliain 1845 ach athraíodh an t-ainm go Coláiste na hOllscoile, Gaillimh in 1908 agus tugadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh uirthi in 1997. Lonnaigh an scríbhneoir Breandán Ó hEithir a úrscéal "Lig Sinn i gCathú" i leagan ficseanaithe den ollscoil. Tá imeacht mór Gaelach ar siúl i Londain an deireadh seachtaine seo. Beartaíodh Gaeltacht Chois Tamaise dhá bhliain ó shin, ach cuireadh ar ceal í mar gheall ar phaindéim Covid-19. I mbliana, tá daoine ag taisteal go Londain le haghaidh deireadh seachtaine tumthach. I measc na n-imeachtaí atá ar siúl tá dianchúrsa Gaeilge, Pop Up Gaeltacht agus Comhdháil na Breataine, teacht le chéile ar líne agus ar an láthair de dhaoine ó gach cearn den oileán, chun plé a dhéanamh ar conas an Ghaeilge a chur chun cinn sa Bhreatain agus cearta teanga a bhaint amach i dTuaisceart Éireann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Uachtarán reatha - sitting President toghchán réitigh - run-off election tús áite - priority leagan ficseanaithe - fictionalised version Gaeltacht Chois Tamaise - Thames-side Gaeltacht deireadh seachtaine tumthach - immersive weekend
beidh baill den ghrupa ar stáitse sa Taibhdhearc anocht
ag inse faoin bhaint ata aici leis an chumann Gaelach agus scéim cónaithe TCD
Ar an gclár seo, labhraíomar le Barry Ó Séanáin, a oibríonn ar chúrsaí forbartha agus seachtracha le hIonad na nEalaíon Gaelaigh i gCathair Nua Eabhrac agus é ag labhairt linn faoi athoscailt foirgneamh nua an Ionaid mí na Nollag agus na féidearthachtaí nua a bheidh ann don phobal Gaelach sa chathair leis. Labhróidh sé faoin bhFéile is mó Gaelach a bheas acu freisin agus na himeachtaí éagsúla atá ar an gclár do na míonna amach romhainn!
Ar an gclár seo, labhraíomar le Barry Ó Séanáin, a oibríonn ar chúrsaí forbartha agus seachtracha le hIonad na nEalaíon Gaelaigh i gCathair Nua Eabhrac agus é ag labhairt linn faoi athoscailt foirgneamh nua an Ionaid mí na Nollag agus na féidearthachtaí nua a bheidh ann don phobal Gaelach sa chathair leis. Labhróidh sé faoin bhFéile is mó Gaelach a bheas acu freisin agus na himeachtaí éagsúla atá ar an gclár do na míonna amach romhainn!
ag inse faoin chumann atá i gcoláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste
Ag labhairt faoi imeachtaí an chumainn.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Táthar ag súil go dtiocfadh le druga trialach nua ráta cur in ospidéal nó fiú ráta báis mar gheall ar Covid-19 a laghdú faoina leath. Tugadh an táibléad d'othair a raibh an víreas orthu dhá uair sa lá agus bhí na torthaí chomh dearfach gur stop siad an triail go luath. Anois tá an comhlacht cogaisíochta ag iarraidh cead an druga a úsáid i gcás éigeandála. Seans go mbeidh an cógas nua seo éifeachtach in aghaidh cineálacha nua den víreas, agus deir an tOllamh Peter Horby ó Ollscoil Oxford go mbeadh dul chun cinn ollmhór i ndruga frithvíreasach béil atá sábháilte, inacmhainne agus éifeachtach. Theip ar shuíomh gréasáin Thuaisceart Éireann Díreach Dé Luain mar go ndearna an oiread sin daoine iarracht clárú don dearbhán £100 atá ar fáil do gach duine os cionn 18 sna Sé Chontae. Is é aidhm na scéime daoine a spreagadh chun siopadóireacht a dhéanamh agus airgead a chaitheamh ina gceantar féin, ach caithfidh siad an dearbhán a úsáid roimh dheireadh mhí na Samhna. Meastar go bhfuil thart faoi 1.4 duine incháilithe don dearbhán, agus sa tslí sin, go gcuideofar leis an gheilleagar go mór. Tá craobh Chonradh na Gaeilge i Londain ag ceiliúradh 125 bliain ar an fhód i bpríomhchathair Shasana le sraith imeachtaí an fómhar seo. Beidh léiriú scannán de chuid Cartoon Saloon ar siúl, agus léachtaí le taighdeoirí a bhfuil obair déanta acu ar stádas na Gaeilge sa lá atá inniu ann, ach is é an comórtas ealaíne an t-imeacht is mó. Tá an comórtas oscailte do chách, agus iarrtar ar ealaíontóirí píosa a chruthú atá bunaithe ar sheanfhocal Gaelach, agus é a sheoladh chuig londain@cnag.ie. Roghnóidh ealaíontóir mór le rá Ciaraíoch na buaiteoirí, agus beidh £300 ann mar chéad-duais. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin agus ar mheáin shóisialta na craoibhe. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS druga trialach - trial drug comhlacht cogaisíochta - pharmaceutical company dearbhán - voucher an geilleagar - the economy taighdeoirí - researchers seanfhocal Gaelach - traditional Irish proverb
Ag inseacht faoi imeachtaí an Chumainn.
Ag inseacht faoi imeachtaí an Chumainn i nGaillimh
Ag inseacht faoi aip i nGaeilge le comhluadar Gaelach a aimsiú!
Bhí teachtaireacht speisialta a thaifeadadh físteachtaireacht speisialta taifeadta ag an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn do sheoladh FhleadhFest 2021, leagan fíorúil de Fhleadh Cheoil na hÉireann bhliantúil. Is í an fhéile ceoil traidisiúnta Gaelach is mó in Éirinn í agus is cuairteoir rialta, mar aon le pátrún na féile é an tUachtarán Ó hUigínn. I bhfianaise shrianta COVID-19 i mbliana, reáchtálfar an fhéile ar line.
Tagann ár mionsraith Siúlach Gaelach chun críche le hEilís Ní Chaiside, iar-churadh camógaíochta na hÉireann le CLG Sleacht Néill, atá anois ag pocáil sliotar thart ar gharraithe gaofara Wellington na Nua Shéalainne. Insíonn Seán Antoin Ó Conalláin agus Lusaí Nig Oirc dúinn faoi na cúrsaí Gaeilge a bheidh ar fáil an samhradh seo do dhaltaí idir óg agus aosta. Agus deireadh tagtha leis an bhliain acadúil 20-21, tapaíonn Caoimhe Ní Chathail an deis súil siar a chaitheamh ar an bhliain mar a bhí agus amharc ar an dóchas atá ann don samhradh. Labhraíonn sí leis na mic léinn Áine Ní Dhonnaile atá ag freastal ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh, le Ruairí Donnáin as Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, le Hugh O'Reilly atá ag tabhairt faoi Erasmus ó Ollscoil na hÉireann, Corcaigh in Cologne na Gearmáine agus le Katie Ní Chléire, Uachtarán Tofa Aontas na Mac Léinn, OIlscoil na Banríona, Béal Feirste. Our globetrotting series Siúlach Gaelach finishes with three-time All-Ireland club camogie champion Eilís Ní Chaiside who has swapped windswept Sleacht Néill for windy Wellington, the New Zealand capital. Seán Antoin Ó Conalláin and Lucy McGurk have news of this summer's language courses for young and old. As the academic year 20-21 draws to a close, Caoimhe Ní Chathail takes the opportunity to examine the year as it was and the hopes for the summer ahead. She talks to students Áine Ní Dhonnaile, Ruairí Donnáin, Hugh O'Reilly and Katie Ní Chléire.
Labhraíonn an t-iriseoir Cathal Ó Cuaig faoina chlub CLG in Sitges sa Chatalóin don dara eagrán dár mionsraith #Siúlach Gaelach, cluineann muid ó MC Muipéad, Pádraig Ó Conghaile de chuid IMLÉ, faoina singil úr, Ní hÉ, agus faoin togra ceoil Rive Côté Mer, insíonn Caoimhe de Barra, Príomhfheidhmeannach Trócaire, dúinn faoin fhoréigean atá ag titim amach in Gaza agus Iosrael agus faoin obair a dhéanann an charthanacht ar an talamh ansin agus, do Lá Domhanda na mBeach, labhraíonn Pól Mac Cana, bitheolaí, agus Tadhg Ó Cróinín, beachadóir amaitéireach, faoi bhithéagsúlacht agus na bealaí ar féidir linn tacaíocht a thabhairt do bheacha agus don phláinéad. Journalist Cathal Ó Cuaig chats about his Gaelic club in Sitges, Catalonia for the second edition of our mini-series, Siúlach Gaelach, we hear from MC Muipéad, Pádraig Ó Conghaile, from the band IMLÉ about their new single Ní hÉ and about the music project Rive Côté Mer, Chief Executive of Trócaire, Caoimhe de Bara, tells us about the violence in Gaza and about the work of the charity on the ground there and, for World Bee Day, biologist Pól Mac Cana and amateur beekeeper Tadhg Ó Cróinín talk about biodiversity and how we can help support bees and the planet.
Cluineann muid faoi thionchar na pandéime ar chúrsaí caidrimh agus collaíochta ó Chian Ó Gríofa agus Martha Dalton, insíonn Colly Mac Eoin agus Máirtín Pléamoinn d'Fhearghal faoi thaithí s'acu ar an spórt Gaelach in Abu Dhabi agus, le deireadh Ramadan agus Moslamaigh an domhain réidh le Eid a cheiliúradh, faigheann muid amach faoi thábhacht na féile agus Máire ag caint le Sara Elmazbouh, Marium Syed agus Ryma Halfaoui. Cian Ó Gríofa and Martha Dalton discuss the impact the pandemic has had on relationships and intimacy, Fearghal hears from Colly MacEoin and Máirtín Pléamoinn about Gaelic sport in Abu Dhabi and as Ramadan comes to an end and Muslims around the world prepare to celebrate Eid, we hear about the festival’s importance from Sara Elmazbouh, Marium Syed and Ryma Halfaoui.
Seo an dara eagrán ón bpodchraoladh beo a rinneamar le linn Sheachtain na Gaeilge le hOifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad. San eagrán seo phléigh Alswyn, Clíodhna, Dúlra & Sinéad na deiseanna oibre a fhuair siad mar gheall ar an gCuallacht & ar na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a bheith agat. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuig @gael_gals ar Insta nó chuig nagaelgals@gmail.com
Labhraíonn Padraic Ó Griallais le Seán faoi Micil Distillery, an chéad drioglann dhleathach i nGaillimh le breis agus céad bliain anuas. Insíonn sé faoi na rudaí iontacha atá bainte amach acu agus ar siúl acu faoi láthair. Déanann sé cur síos ar na táirgí iontacha atá ar fáil acu, gin agus poitín lámhdhéanta i gConamara, chomh maith le fuisce agus uachtar Gaelach atá a chruthú acu i mbliana, agus faighimid léargas iontach ar an stair taobh thiar den drioglann.
Ag cur síos ar an dóigh a bhfuil srianta na géarchéime sláinte ag cur isteach go fóill ar ranganna damhsa cé go bhfuil cead arís ag grúpaí theacht le cheile do traenáil spóirt agus imeachtaí eile.
Ag cur síos ar a chuid oibre, agus an dóigh a dtugann sé comhairle feirmeoireacht do dhaoine ar Instagram.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tháinig níos mó na dhá chéad daoine le chéile ag Páirc an Chrócaigh inné chun ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile Mhoslamach Eid. Cuireadh Páirc an Chrócaigh ar fáil ionas go mbeadh scaradh sóisialta i bhfeidhm le linn na seirbhíse urnaí. I mbliana tagann Eid ag aimsir seanfhéile Gaelaí, Lúnasa. In ómós na hocáide sin, tá Camino Mhacha ar siúl i gContae Ard Mhacha. Tá daoine ag siúl ó Thí Chulainn sa Mhullach Bán go dtí Eamhain Mhacha, mar a shiúil Cú Chulainn é féin fadó fadó. Tá súil ag na siúlóirí go mbaileoidh siad airgead ar son Aonaigh Mhacha, lárionad Gaelach nua i gCathair Ard Mhacha. I Nua-Eabhrac, eisíodh cáipéisí a mhaíonn go ndearna cintóir gnéis Jeffrey Epstein iarracht fianaise inchoiritheach ar Phrionsa Andrew a fháil. Deirtear sna páipéir gur chuir Epstein brú ar chailín faoi aois caidreamh collaí a thosú leis an Phrionsa ar oileán príobháideach in Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean. Chuir Epstein lámh ina bhás féin anuraidh ach anois tá a iarpháirtí Ghislaine Maxwell ag fanacht le triail sna Stáit Aontaithe. Fuair stiúrthóir scannán Sasanach Alan Parker bás inné. Bhí clú agus cáil air mar dhéantóir scannán éagsúil ar nós Midnight Express, Fame, The Commitments, agus Bugsy Malone. Le linn a shaoil bhain Parker a lán duaiseanna agus gradam, sé Ghradam Oscar san áireamh. Bhí sé sé bliana is seachtó d'aois. Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.
Eid al-Adha shona daoibh! Why are some bilingual teenagers seen as a triumph of aspirational middle-class parenting, but others are treated as a problem to be solved? This is a matter that strikes to the heart of discussions around the Irish language as it forces us to think about what monolingualism and multilingualism really tell us about intelligence, culture and community. In today’s episode, Darach talks to writer and law student Fadilah Salawu. She talks about balancing her Muslim, Nigerian, Dublin and Gaelach identities. She tells Darach about Ireland and Nigeria’s shared colonial heritage and the conflicts with colonised people articulating their experiences with an imposed language. She shares the experience of Yoruba-speaking parents using English in the home with their children in Ireland, and watching Catholic rites of passage from the outside (but also from the inside - inside the classroom). She also tells Darach about her enjoyment of learning Irish and why Islam cautions against translating the Quran. https://medium.com/@fadilah --- Support Motherfocloir on Patreon: https://www.patreon.com/darach Get Kirsten Shiel art prints here: https://www.inprnt.com/gallery/kirstenshiel/ --- Contact the show: twitter - @motherfocloir and @theirishfor email - motherfocloir@headstuff.org (mailto:motherfocloir@headstuff.org) --- Want to record your own podcast? Check out our studios at https://thepodcaststudios.ie
Fógraíodh buaiteoir gradaim Ghlór na nGael ar an 4.00 tráthnóna, linn tá Frances ó Sheomra na Nuachta agus beirt de na príomh bhuaiteoirí, Ciarán Mac Giolla Bhéin, ó Chultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste agus Aimee Ní Chonaig ball de chumann Gaelach ó Ollscoil na nÉireann Gaillimh.
Tá na mílte punta cruinnithe ag Clann Mhic Corraidh, teaghlach Gaelach as Béal Feirste, dó sheirbhísí Oíspís sna Sé Contae.
Ar an gclár seo bhí Anthony Cummins, comhláithreoir liom ar Raidió na Life ag labhairt linn faoina shaol sa Mhalaeisia - a chuid oibre le hOllscoil Perdana, an Ghaeilge ann, an ceol Gaelach in Oirdheisceart na hÁise & a chlár féin Gach Treo.
Tá aoi speisialta i dteannta na mban, Mícheál as Meiriceá ag caint ar a shaol Gaelach in Nua- Eabhrach!
Darach is back in studio this week, as he and Peadar begin the podcast by discussing the rising trend of Alt-Right Twitter trolls attempting to weaponise the Irish language. The irony of two white men discussing racism is not lost on them. They meander through Brexit, national identity, Britpop and the halcyon days of 2015 as they chat about what it means to be "Gaelach". Dáithí De Mórdha's article: https://tuairisc.ie/gael-is-ea-gael-is-cuma-dubh-ban-no-riabhach/ The Scots Gaelic version of Motherfoclóir: https://twitter.com/cananballs The Scots Gaelic version of The Irish For: https://twitter.com/scotsgaelicfor --- Contact the show at https://twitter.com/motherfocloir or email us at motherfocloir@headstuff.org.
Bhí an dara cuid den agallamh a rinne mé le Panu Höglund ó Turku na Fionlainne ar an gclár seo agus é i mbun cainte faoina gcuid leabhar, an cultúr Gaelach san Fhionlainn agus eile. Chomh maith leis sin labhair Síne Nic an Ailí, Stiúrthóir Cultúr Club de chuid Chonradh na Gaeilge linn faoin obair atá idir lámha anois mar chuid den Chlub - acmhainní nua do theagasc na Gaeilge do pháistí thar sáile san áireamh.
Dónal Ó Loinsigh ó Oifig na n-Obreacha Poiblí ag caint fán obair atá ar siúl acu ar Oileán Mhic Dara amach ó chósta Charna i gConamara. Donncha Ó Corráin, saineolaí ar an sean shaol Gaelach ag cur síos ar Mhac Dara agus Naoimh eile.
Ar an gclár seo, chualamr ó Dheasúin Ó Nualáin sa Gaelic-American Club i bhFairfield, Connecticut faoi chúrsaí Gaeilge is Gaelach ansin. Chomh maith leis sin labhair Maeve Ní Chillín atá mar Oifigeach Gaeilge anois le hAmbasáid na hÉireann i mBeirlín na Gearmáine linn faoina ról leis an Ambasáid agus faoin bhféile Oktoberfest.
Seán Ó Baoill ag cur síos ar an aithne a bhí aige ar Carl Hardebeck, Sasancah de bhunadh na Gearmáine, a tháinig go Béal Feirste agus rinne iarrachtaí móra an ceol Gaelach a chuir chun cinn.
A Mistress, sadist and toy maker from Kingston, Ontario brings the California attitude to her new community.
[English version below] Úrscéal faoin idéalachas, dílseacht, grá... agus caife. Is saighdiúir de chuid na cúise í Rebekka Vogelzang, bean óg as an Ísiltír a d'fhoghlaim Gaeilge agus í ag obair i dteach caife Gaelach i gcathair na Gaillimhe. Cuireann sí a croí agus a hanam isteach i ngach uile bhonnóg dá mbácálann sí agus i ngach uile chupán espresso dá ndéanann sí, toisc go dtuigeann sí go bhfuil slánú na teanga ag brath air. Ach cé a shlánóidh Rebekka? Láithreoir: Róisín Ní Mhaolchallann Aíonna: Eoghan Ó Ceannabháin agus Diarmuid Ó Mathúna [Leagan Gaeilge thuas] Rebekka Vogelzang, a young Dutchwoman, is fighting to save the Irish language, which she has learnt on the job in an Irish-speaking café in Galway. She puts her heart and soul into every scone she bakes and every cup of espresso she makes because she knows the very salvation of the language depends upon it. But who will save Rebekka? Presenter: Róisín Ní Mhaolchallann Guests: Eoghan Ó Ceannabháin and Diarmuid Ó Mathúna
Sa chlár seo labhair Muireann de Barra linn a chaith go leor ama sa Bholaiv ag déanamh scannánaíochta agus í ag caint linn faoi na bundúchasaigh ann tar éis don McDonalds deireanach dúnadh sa tír. Chomh maith leis sin labhair Maura Mulligan linn ó Nua Eabhrac faoin méid atá déanta aici leis an gcultúr Gaelach thall leis na blianta anuas ó bhog sí ó Mhaigh Eo go Meiriceá. Léann sí dán de chuid Eoghain Uí Thuairisg dúinn agus í ar tí léamh poiblí den dán a dhéanamh san oíche tar éis an chláir seo.