POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Dé Domhnaigh, fuadaíodh bean as Éirinn i Háítí agus seachtar eile in éineacht léi, leanbh trí bliana d'aois ina measc. Is í Gena Heraty, atá ina stiúrthóir i ndílleachtlann in aice le príomhchathair Háítí, Port-au-Prince, agus ar as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo ó dhúchas di, an bhean a fuadaíodh. Bronnadh roinnt gradam ar an stiúrthóir dílleachtlainne ar son a cuid obair dhaonnúil, Gradam Dínit an Duine um Oireachtais san áireamh. D'agair an Taoiseach Micheál Martin leis an dream a d'fhuadaigh an tÉireannach í a scaoileadh saor agus dhearbhaigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Simon Harris, go raibh “dianiarrachtaí leanúnacha” ar siúl lena fuascailt a bhaint amach. Tháinig borradh mór faoin táirgeadh plaistigh sa chéad bliain a chuaigh thart, agus cé gur táirge míorúilteach é i roinnt cásanna, is cúis tromluí é i gcás an truaillithe. In 2022, tháinig tíortha ar chomhaontú a bhí ina cheangal de réir dlí, le dramhaíl plaistigh agus ceimiceáin dhíobhálacha a bhaineann le plaisteacha ar leith a laghdú, ach tar éis dhá bhliain níl an conradh réitithe go fóill. Dé Máirt, bhuail na tíortha domhanda le chéile arís ag comhdháil na Náisiún Aontaithe in Geneva, ag cur tús le seisiún atá ag iarraidh an comhaontú a chríochnú, téacs an chomhaontú a fhormheas, agus é a chur os comhair Chomhdháil Taidhleoireachta na Lánchumhachtach sula nglacfaí leis.Tá Fleadh Cheoil na Éireann faoi lánseol i Loch Garman don darna bhliain: níos mó ná seachtain lán de cheol, amhránaíocht agus damhsa, agus buaicphointe na bliana do na taibheoirí. Tá réimse imeachtaí Gaeilge le fáil ag an Fhleadh fosta, idir cheol beo, scéalaíocht, TG4, stair, siamsóirí sráide, agus neart eile, ó Seachtain na Gaeilge, agus tá seans ag daoine an Ghaeilge a labhairt agus a chluinstin go nádúrtha sa spás cultúrtha seo. Críochnaíonn na comórtais agus na taispeántais Dé Domhnaigh, 10 Lúnasa agus tá na craoltaí le feiceáil ar TG4, beo agus le sruthú. Fógraíodh anuraidh go mbeidh Fleadh Cheoil na Éireann ag tarlú i mBéal Feirste den chéad uair in 2026, agus den darna huair sa Tuaisceart.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISdílleachtlann - orphanageobair dhaonnúil - humanitarian worktáirgeadh plaistigh - production of plasticina cheangal de réir dlí - legally bindingbuaicphointe - climaxsiamsóirí sráide - street entertainers
Tá club nua dhá bhunú ag Club CLG Bhóthar na Trá-Chnoc na Cathrach, a bheas dírithe ar pháistí le riachtanais speisialta.
Cuirfear tús inniu le Cairdeas na bhFidléirí i nGleann Cholmcille, áit a ngacfaidh níos mo nó céad fidléir páirt sna h-imeachtaí a bhéas ar siúl i rith na seachtaine.
Ag dhíriú anois ar chlub an chaptaen, Paddy Mac Briartaigh, CLG Chill Chartha agus faoin atmaisféar atá ansin i gCill Chartha.
Cuirfear tús le Trad Tráthnóna in Ionad Cois Locha anocht le ceolchoirm speisialta leis an Chrann Óg agus tá baill den Chrann Óg linn beo sa stiúideo anseo inniu agus leo tá Caitlín Joe Jack Uí Dhuibhir a dhéanfas Trad Tráthnóna a sheoladh go hoifigiúil anocht.
Fógraíodh tráthnóna inné go mbeidh mórshiúl náisiúnta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 20ú lá de Mheán Fómhair na bliana seo. CEARTA an t-ainm atá baistíthe ar an mórshiúl seo, agus is é an chéad uair le haon bhliain déag a mbeidh agóid den chineál seo sa bphíomhchathair.
An t-Urramach Calum Domhnullach a searmonachadh air Marcus 8:31
Siúlóidí ar shlí cholmcille eagraithe an deireadh seachtaine seo i nGleann Cholm Cille, i gCloich Cheann Fhaola agus ar Oileán Thóraigh.
Christo de Witt, Luno Suid-Afrika, gesels oor Witsand. Volg RSG Geldsake op Twitter
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25bofwlj Contact: irishlingos@gmail.com 150k people have paid their respects to the Pope so far. 150k duine atá tar éis a n-ómós a léiriú don Phápa go dtí seo. The Vatican has said that 150,000 people have already come to pay their respects to Pope Francis, who is lying in state in St. Peter's Basilica in Vatican City for the third consecutive day. Tá sé ráite ag an Vatacáin go bhfuil 150,000 duine tar éis teacht cheana féin chun a n-ómós a thabhairt don Phápa Proinsias, atá ina luí faoi ghradam i mBaisleac Pheadair i gCathair na Vatacáine don tríú lá as a chéile. People are waiting up to four hours in queues to pay their respects. Tá daoine ag fanacht suas le ceithre huaire i scuainí lena n-ómós a léiriú. Pope Francis passed away on Easter Monday. Cailleadh an Pápa Proinsias Luan na Cásca. He was 88 years old. Bhí sé 88 bliain d'aois. The President of Ireland, Michael D. Bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, and his wife, Sabina in St. Peter's Basilica earlier. Higgins, agus a bhean chéile, Sabina i mBaisleac Pheadair níos túisce. With world leaders expected to attend the funeral tomorrow morning, Italy is preparing for a tight security measure. Agus súil le ceannairí domhanda teacht chuig an tsochraid maidin amárach, tá beart dian slándála á réiteach ag an Iodáil. President Michael D. Beidh an tUachtarán Michael D. Higgins and Taoiseach Micheál Martin are among the heads of state and government who will represent the countries of the world in Peter's Square. Higgins agus an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceann stáit agus na gceann rialtais a dhéanfaidh ionadaíocht ar son thíortha an domhain i gCearnóg Pheadair. They will be joined by US President Trump, British Prime Minister Keir Starmer, President Emmanuel Macron and Ukrainian President Volodymur Zelenskyy. Ina gcomhluadar beidh Uachtarán Trump na Stát Aontaithe, Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer, an tUachtarán Emmanuel Macron agus Uachtarán na hÚcráine, Volodymur Zelenskyy. It was announced shortly afterwards that the First Minister of Northern Ireland, Michelle O'Neill, will be present at the funeral. Fógraíodh ar ball beag go mbeidh Céad-Aire Thuaisceart Éireann, Michelle O'Neill, i láthair ag an tsochraid. Former US President Joe Biden will also be there. Beidh iarUachtarán Mheirceá, Joe Biden, ann freisin. In addition, hundreds of thousands of visitors are expected in Rome between now and Easter Sunday, when Pope Francis was last seen making a short circuit through St. Peter's Square. Anuas air sin, tá súil leis na céadta míle cuairteoir sa Róimh as seo go dtí an Satharn Domhnach na Cásca an uair dheireanach a chonacthas an Pápa Proinsias agus é ag déanamh cúrsa gearr thrí Chearnóg Pheadair. Less than 24 hours later he died of a stroke that had struck him during the night. Níos lú ná 24 uair níos deanaí bhí sé básaithe den stróc a bhuail é i gcaitheamh na hoíche. He was recovering in the Vatican from a pneumonia infection that had put him in the hospital for 5 weeks. Bhí sé ag teacht chuige fein sa Vatacáin ó infhabhtú niúmóine a chuir san ospidéal ar feadh 5 seachtaine é. After the funeral, his body will be taken to his favorite church in Rome, the Basilica of Santa Maria Maggiore, and will be laid to rest under a simple slab with a single word engraved on it, Franciscus. Tar éis na sochraide, tabharfar a chorp chuig an séipéal b'ansa leis sa Róimh, baisleac Santa Maria Maggiore agus cuirfear ann é faoi leac simplí a mbeidh aon fhocal amháin greanta air, Franciscus. In Ireland, a Solemn Mass was held this morning in St. Mary's Parish Church where prayers were held for the eternal rest of the Pope's soul. In Éirinn, bhí Aifreann Sollúnta ar siúl ar maidin i Leas-Eaglais Naomh Muire inar guíodh ar son suaimhneas síoraí d'anam an Phápa.
Bhí fáiltiú cathartha ag Comhairle Contae Dhún na nGall d'fhoireann ban na nDúnaibh in Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn aréir mar aitheantas ar an éacht a bhain siad amach anuraidh nuair a bhain siad Craobh Shóisear Uladh.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26a6ezva Contact: irishlingos@gmail.com Former Kerry football manager Mick O Iarbhainisteoir peile Chiarraí Mick O'Dwyer tar éis bháis. Former Kerry football team manager Mick O'Dwyer has died at the age of forty- eight. Tá iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer tar éis bháis in aois a ocht mbliana agus ceithre scór. 'Micko' was one of Ireland's greatest sporting figures and won many medals, championships, trophies and awards as a player and manager throughout his life. Duine de mhórphearsana spóirt na hÉireann ab ea 'Micko' agus is iomaí bonn, craobh, corn agus gradam nach iad a bhuaigh sé mar imreoir agus mar bhainisteoir i gcaitheamh a shaoil. He won four All-Ireland championships as a player and eight championships as a pioneering manager of that famous elite team that Kerry had in the seventies and eighties. Ceithre chraobh Uile- Éireann a bhuaigh sé mar imreoir agus ocht gcraobh mar bhainisteoir ceannródaíoch ar an scothfhoireann cháiliúil úd a bhí ag Ciarraí sna seachtóidí agus sna hochtóidí. The Kerry team at that time, led by the Waterford man, were often in footy duels with the great Dublin team led by Kevin Heffernan, games that are deeply engraved and carved in stone for the Gaelic Athletic Association. Ba mhinic na Ciarraígh an uair úd, faoi stiúir fhear an Choireáin, i ndeabhaidh chosbháire le sárfhoireann Bhaile Átha Cliath a raibh Kevin Heffernan ina ceannas, cluichí atá greanta go domhain agus go snoite i gcloch oiris Chumann Lúthchleas Gael. Not counting the All-Ireland Championship, Mick O'Dwyer won the Munster Championship 23 times and the National League eleven times as both a player and manager. Gan Craobh na hÉireann a bhac, bhuaigh Mick O'Dwyer Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir araon. Although he was a staunch Kerryman, his talent was sought after in other counties as well and he was lured by teams that were not performing well – namely, Kildare, Laois, Wicklow and Clare – in the hope that he would turn the malt into ale, even though he was a man who had always abstained from intoxicating drink. Cé gur Ciarraíoch dílis go smior a bhí ann, bhí tóir ar a ardchumas i gcontaetha eile leis agus mealladh é ag foirne nach raibh ag cruthú go maith – mar atá, Cill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus an Clár – le súil go ndéanfadh sé leann den bhraich, siúd is go mb'fhear é a staon riamh ón deoch mheisciúil. In fact, Kildare won the Leinster Championship in 1998 and 2000 under the guidance of Mick O'Dwyer and that team reached the All-Ireland final in 1998, when they were beaten by Galway by four goals. Go deimhin, bhain Cill Dara Craobh Laighean i 1998 agus in 2000 faoi lámh stiúrtha Mick O'Dwyer agus chuaigh an fhoireann sin chomh fada le cluiche ceannais Chraobh na hÉireann i 1998, tráth a fuair Gaillimh an ceann is fearr orthu le ceithre chúilín. Mick O'Dwyer made his living as an innkeeper and undertaker in Waterville. Is mar óstóir agus adhlacóir sa Choireán a shaothraigh Mick O'Dwyer a bheatha. His first wife Mary Carmel died in 2012 and he married Geraldine Shields in 2023. Bhásaigh a chéad bhean chéile Mary Carmel in 2012 agus phós sé Geraldine Shields in 2023. He is survived by his sons John, Robbie and Karl. Maireann a chlann mhac John, Robbie agus Karl. He was predeceased by another son, Michael. Bhásaigh roimhe mac eile, Michael. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Murchadh Martainn a searmonachadh air Lucais 16:20
Tabharfaidh foireann Iardheisceart Dhún na nGall aghaidh ar Pháirc Uí Éilí ar an Ómaigh ar an Domhnach i gCluiche Ceathrú Ceannais Corn Mhic Ruairí.
Murchadh Martainn a searmonachadh air Salm 1:1
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/288k8dyz Contact: irishlingos@gmail.com 175 people killed in road accidents in the State in 2024. 175 duine maraithe i dtubaistí bóthair sa Stát in 2024. 175 people were killed in road accidents in various parts of the State in 2024, compared to 183 the previous year, according to figures released by An Garda Síochána. Maraíodh 175 duine i dtionóiscí bóthair in áiteanna éagsúla ar fud na Stáit in 2024, le hais 183 an bhliain roimhe sin, de réir figiúirí atá eisithe ag an nGarda Síochána. 69 of the people killed were drivers, 35 were car passengers and 38 were pedestrians. Tiománaithe ab ea 69 de na daoine a maraíodh, paisinéirí i ngluaisteáin ab ea 35 díobh agus coisithe ab ea 38 díobh. As with two-wheeled vehicles, seventeen motorcyclists, one motorcycle passenger, eleven cyclists and four people travelling on an electric scooter were killed. Mar le feithiclí dérothacha, maraíodh seacht ngluaisrothaí dhéag, paisinéir gluaisrothair amháin, aon rothaí dhéag agus ceathrar a bhí ag taisteal ar scútar leictreach. 68 people were killed in road accidents in the North in 2024, compared to 71 in 2023. 68 duine a maraíodh i dtionóiscí bóthair sa Tuaisceart in 2024, le hais 71 in 2023. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Tabharfaidh foireann ban na nDúnaibh aghaidh ar Naomh Pól Mhungarait as Luimneach i gCluiche Ceannais Sóisir na hÉireann i bPeil Shinsir na mBan ar an Domhnach.
BBeidh cruinniú poiblí ar siúl i mBaile na Finne le plé a dhéanamh ar thodhchaí na traenach sa cheantar, An Mhuc Dhubh traein atá suite ansin ar bhruach Loch Finne.
Ag plé an cluichí CLG a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.
Tá ollscoil na Gaillimhe le céim onórach a bhronnadh ar Tara Nic Dhiarmada agus Marina Fiddler a bhunaigh an charthanacht MADRA
Beidh lá mór ag tarlú in Óstán na Cúirte i nGaoth Dobhair Dé Satharn seo dírithe ar chúrsaí meabharshláinte, agus iarrachtaí ar bun againn i gcónaí an méid strus atá inár saoil go laethúil a laghdú.
An t-Urramach Domhnull A. Domhnullach a searmonachadh air Eòin 19:5
Ciarán Ó Cofaigh, Scríbhneoir & duine de Léiritheoirí na sraithe teilifíse Na Féilte Tine ag atá le craoladh ar RTÉ Dé Luain seo chugainn.
Duine d'údair tuarascála a foilsíodh faoi Aonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla ag caint faoin méid a tháinig as a gcuid taighde.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2yg5as5j Contact: irishlingos@gmail.com 22 duine maraithe, 117 leonta ag fórsaí Iosrael i mBéiriút. Tá fórsaí míleata Iosrael ag leanúint den ár atá siad a dhéanamh sa Liobáin le trí seachtaine. Maraíodh 22 duine agus leonadh 117 nuair a bhuamáil aerfhórsa Iosrael comharsanacht Shiach i lár na príomhchathrach, Béiriút, tráthnóna inné. Buamáil thréan a bhí ann ar cheantar dlúthchónaithe lán d'árasáin agus de shiopaí beaga. Bhí ochtar ó theaghlach amháin lena n-áirítear triúr leanaí i measc na marbh. Tuairiscítear nach raibh an teaghlach ach tar éis teitheadh roimh bhuamáil na nIosraelach i ndeisceart na Liobáine. Tá lucht tarrthála fós ag cíorláil sa smionagar le súil go dtiocfaidh siad ar dhaoine atá fós ina mbeatha ach tuairiscítear go bhfuil an áit plúchta ag dúthoit tiubh ó stáisiún peitril a bhuamáil na hIosraelaigh. Is cosúil go raibh súil ag na hIosraelaigh ball sinsearach de Hezbollah a mharú san ionsaí ach deirtear gur tháinig sé slán. Tuairiscítear freisin gur scaoil fórsaí Iosrael le hionad de chuid na Náisiún Aontaithe i ndeisceart na Liobáine den dara lá as a chéile agus gur gortaíodh beirt mar gheall ar an ionsaí. Deirtear chomh maith go ndeachaigh saighdiúirí Iosraelacha isteach in ionad eile leis na Náisiúin Aontaithe sa cheantar. Mar le Gaza, maítear i dtuarascáil nua ó na Náisiúin Aontaithe go bhfuil córas sláinte na hiamhchríche Palaistíní á scríosadh in aon turas ag na hIosraelaigh. Tugtar le fios sa tuarascáil freisin go bhfuil coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh na daonnachta á ndéanamh ag na hIosraelaigh in Gaza. Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Ceantar cónaithe i lár Bhéiriút scriosta ag fórsaí Iosrael
Patricia Forde, duine de bhunaitheoirí Babaró ag labhairt faoi fhéile na bliana seo.
[English version below] Seo scéal a thugann radharc dúinn ar Cholm Cille an duine, duine a raibh a chuid laigí féin aige agus a raibh constaicí go leor le sárú aige. Tumtar sinn i saol éiginnte an séú haois, tráth a raibh athruithe móra ag teacht ar shaol na ndaoine; tráth a raibh ríthe uaillmhianacha in adharca a chéile; tráth a raibh seansaol na págántachta ag géilleadh don Chríostaíocht. An Naomh a Dhuiniú seachas an Duine a Naomhú Insíonn Flaitheas scéal an duine atá ag iarraidh ciall a bhaint as an saol corrach, scéal an duine ag streachailt leis an gcinniúint, scéal an duine a dhéanann botúin ach atá ar a dhícheall an rud ceart a dhéanamh dó féin agus do na daoine thart air. Scéal gach duine againn. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Gráinne Ní Ghilín agus Dubhán Ó Longáin [Leagan Gaeilge thuas] Pagans and Christians at each other's throats We are immersed in the uncertain life of the sixth century, a time when great changes were coming to people's lives; a time when ambitious kings were at each other's throats; a time when the old world of paganism was yielding to Christianity. A glimpse of Colmcille the person Flaitheas is a story that gives us a glimpse of the human Colmcille, a person who had his own weaknesses and had many obstacles to overcome. The story of each one of us Flaitheas tells the story of a person who is trying to make sense of changes in his life, the story of a person struggling with fate, the story of a person who makes mistakes but tries his best to do the right thing for himself and for the people around him. The story of each of us. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Gráinne Ní Ghilín and Dubhán Ó Longáin
Tá cuardach ar bun ag TG4 chun Ard-Stiúrthóir a aimsiú anois agus Alan Esslemont ag dul ar scoir san Earrach. Tá sé sa ról ó bhí 2016 ann. Duine de na bainisteoirí a bhunaigh TnaG a bhí ann, an stáisiún a d'athraigh go TG4 i 1999. Labhair sé le Ciarán Dunbar faoina thréimhse féin sa ról, faoi na dúshláin a bheas os comhair an té úr sa ról, agus cad é a bheas ar na bacáin aige amach anseo. Foclóir: Ard Stiúrthóir - Director General - Dul ar scor – Retire - Seasta – Constant - Faraor – Alas - Theip – Failed - Tuiscint – Understanding - Fáil réidh - Get rid of - Dóthain - Enough - Caomhnú - Preserve - Earcú - Recruit - Dearfach – Positive - Ar a laghadh – At least - Rún - Secret - Luchmhar – Valuable - Flosc chun oibre - Eagerness for work Solubhtha – Flexible - Ag teacht i gcomharbacht ort – to succeed you. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá ceiliúradh ar siúl i mbliana ag cumann sacair Chláirsigh na Finne agus iad bunaithe le trí scór go leith bliain. Beidh ócáid mhór le seo a cheiliúradh ar siúl in Ostán an Villa Rose i mBealach Féich ar an mhí seo chugainn, tá eolas ar stair an chumainn ag Éamonn dúinn.
An t-Urramach Seumas Domhnullach a searmonachadh air Eabhruidheach 4:14
Bhí diomá ar na céadta míle do lucht leanúna an ghrúpa, Oasis maidin Dé Sathairn a bhí i scuaine ar shuíomh idirlíne Ticketmaster le ticéid a cheannacht do na coirmeacha ceoil a bheas an grúpa a dhéanamh an samhradh seo chugainn.
De réir an n-eolas is déanaí atá curtha ar fáil ag an suíomh tithíochta Daft.ie tá Cathair na Gaillimhe an dara ceantar uirbeach is daoire sa tír le teach nó árasán a fháil ar cíos ann. Tá daoine ag íoc os cionn dhá mhíle euro sa mhí anois ar theach nó árasán a fháil ar cíos.
Ba é Martin Cahill – a.k.a The General – ceann de na Crime Lords is clúití in Éirinn. Rugadh é go beo bocht, mar chuid de chlann ollmhór, i lár na cathrach i mBÁC sna 1940í. Thosaigh Martin Cahill amach i mbun mionchion agus é óg agus lean sé ar aghaidh agus phleanáil sé ceann de na robálacha ba mhó le rá i stair na tíre. Tar éis na coireachta d'fhorbair Cahill stádas mistiúil i gcultúr na hÉireann, le roinnt daoine ag féachaint air mar laoch an phobail, Baile Átha Cliath bocht ó dhúchas. Ó maraíodh é sa bhliain 1994, spreag saol agus coireanna Martin Cahill leabhair, scannáin, agus tuairimíocht gan stad – the criminal whose life became the stuff of legend and infamy. Is é scéal Martin bunús scéal an scannán ‘The General', agus an scannán 2000 ‘Ordinary Decent Criminal' le Kevin Spacey agus Colin Farrell. Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Tessa Fleming leis an coirpeach is cluití in Éirinn a phlé. Foclóir: Áirid - eccentric Coirpeach – criminal Seodra – jewellery Fianaise – evidence Foréigneach - violent Tairne – nail Ba léir - it was apparent Aire – care Teagmhálaithe - contacts Táithí - experience Luachmhar – valuable Anonn is anall – back and forth Ifreann – hell Suntas – attention Oidhreacht – legacy Scaoileadh - shot See omnystudio.com/listener for privacy information.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2c7y6z4k Contact: irishlingos@gmail.com Over 40,000 people killed in Gaza in the last ten months. Os cionn 40,000 duine maraithe in Gaza le deich mí anuas. Negotiators are due to meet again today in Doha, the capital of Qatar. Tá lucht idirbheartaíochta le bualadh lena chéile arís inniu in Doha, príomhchathair Chatar. According to the authorities in Gaza, by now, over 40,000 people have been killed by Israeli forces in Gaza since October 7, 2023. Deir réir na n-údarás in Gaza, faoin tráth seo, tá os cionn 40,000 duine maraithe ag fórsaí Iosrael in Gaza ó bhí 7 Deireadh Fómhair 2023 ann. The fresh talks started yesterday and the discussion will continue today. Cuireadh tús leis na cainteanna úra inné agus leanfar den phlé inniu. A US security source said yesterday's talks were "proper". Thug foinse slándála de chuid na Stát Aontaithe le fios go raibh cainteanna an lae inné "fiúntach". "Critical work is underway", said John Kirby, the United Nations security spokesman, to journalists at the White House last night. "Obair ríthábhachtach atá ar bun", a dúirt John Kirby, urlabhraí slándála na Náisiún Aontaithe, le hiriseoirí ag an Teach Bán aréir. This process must be completed." Caithfear an próiséas seo a thabhairt i gcrích." At least six people were killed when a house was attacked in Jabalia in the north of the strip. Maraíodh seisiúr ar a laghad nuair a rinneadh ionsaí ar theach in Jabalia i dtuaisceart an stráice. But Gaza's health ministry, which is controlled by Hamas, says at least six people were killed overnight in Gaza when a house was attacked in Jabalia, in the north of the strip. Ach deir aireacht sláinte Ghaza, atá faoi smacht Hamas, gur maraíodh seisiúr, ar a laghad, thar oíche i nGaza nuair a rinneadh ionsaí ar theach in Jabalia, i dtuaisceart an stráice. Earlier in the night, Israeli forces attacked the southern cities of Rafah and Khan Younis. Níos túisce san oíche, rinne fórsaí Iosrael ionsaithe ar chathracha ó dheas, Rafah agus Khan Younis. Hamas has not yet participated in the talks in Doha. Níor ghlac Hamas páirt sna cainteanna in Doha go fóill. However, in a statement on Telegram last night, a senior member of Hamas indicated that these attacks - which Israel is carrying out without stopping - would hinder any progress in the peace process. I ráiteas ar Telegram aréir, áfach, thug ball sinsearach de chuid Hamas le fios go gcuirfeadh na hionsaithe seo - atá á ndéanamh gan stad ag Iosrael – bac ar aon dul chun cinn sa phroiséas síochána. The war has been going on for ten months and over 40,000 people have been killed by now Le deich mí atá an chogaíocht ar bun agus tá os cionn 40,000 duine maraithe faoin tráth seo
Duine de phríomh aisteoirí sa Cheoldráma “Rent” in Amharclann an Ghrianáin i Leitir Ceanainn an deireadh seachtaine seo.
Tá sé in am aige Fine Gael iarrthóir a aimsiú le seasamh i gCiarrai san Olltoghchán a deir Seán.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xnljyfl Contact: irishlingos@gmail.com 118 people drowned in Irish waters in 5 years. 118 duine báite in uiscí na hÉireann le 5 bhliana. An average of ten people are drowning in the country every month according to new research published by Irish Water Safety. Tá deichniúr ar an meán á mbáthadh sa tír gach mí de réir thaighde nua atá foilsithe ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann. People are drowning at all times of the year at sea and on waterways, and 118 drowned from 2019-2023 says the organization in the new report. Tá daoine á mbáthadh ag gach tráth den bhliain ar muir agus ar bhealaí uisce, agus 118 báite ó 2019-2023 a deir an eagraíocht sa tuarascáil úr. 70% of them were men and boys and more than half of the total were middle-aged, between 40 and 69 years old. Fir agus buachaillí 70 faoin gcéad dóibh agus bhí níos mó ná leath den iomlán meánaosta, idir 40 agus 69 bliain d'aois. 78 drowned last year, 15 less than 2022. Báthadh 78 anuraidh, 15 níos lú ná 2022. The figures from the Central Statistics Office show that 57% of people drowned by accident between 2017 and 2021. Léiríonn na figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur tré thimpiste a báthadh 57 faoin gcéad de na daoine idir 2017 agus 2021. Along the coast 80% of the people drowned. Cois cósta a báthadh 80 faoin gcéad de na daoine. On a river or lake the rest died. Ar abhainn nó loch a bhásaigh an chuid eile. In Co Mayo the rate was highest last year when 8 out of every 100,000 people drowned. I gCo Mhaigh Eo is airde a bhí an ráta anuraidh nuair a báthadh 8 as gach 100,000 duine. The highest number was in Co Cork - 15 drowned there. I gCo Chorcaí a bhí an líon is airde – 15 a báthadh ansiúd. "People are more aware of the danger" says Joanne Walsh, Chief Executive of Irish Water Safety. "Tá tuiscint níos mó ar an gcontúirt ag daoine" a deir Joanne Walsh, Príomhfheidhmeannach Shábháilteacht Uisce na hÉireann. "The share of the number who drown while swimming or diving is decreasing" she says "and the figure is now 25% of the total." "Tá an sciar den líon a báthadh agus iad ag snámh nó ag tumadh ag laghdú" a deir sí "agus an figiúr anois ag 25 faoin gcéad den iomlán." Joanne Walsh stated that 60% of the number of people who drown by accident are related to "events on land, such as people walking a cliff or hiking or hunting." Luaigh Joanne Walsh go mbaineann 60 faoin gcéad den líon daoine a báthadh tré thimpiste le "imeachtaí ar tír, ar nós daoine ag siúl aille nó ag siúlóireacht nó ag sealgaireacht." They will now focus more, she says, on the danger associated with such actions. Beidh siad feasta ag díriú tuilleadh a deir sí ar an gcontúirt a bhaineann le gníomhartha den chineál sin. She urged people to remember the acronym "SAFE - Stay away from edges." D'ímpigh sí ar dhaoine cuimhniú ar an acrainm "SAFE - Stay away from edges." "You could be out walking in the summer when there is a lot of growth and you might not see the edge of the river, or the lake. "D'fhéadfá a bheith amuigh ag siúl sa samhradh nuair atá fás mór déanta agus b'fhéidir nach bhfeicfeá ciumhais na habhann, nó na locha. And in winter, although it is bare, the edge is not as strong as the ground could give it. Agus sa ngeimhreadh, cé go bhfuil sé lom feannta, níl an chiumhais chomh láidir agus d'fhéadfadh an talamh tabhairt uaidh. You have to be careful, and always remember SAFE - Stay away from edges." Ní mór a bheith ar aire, agus cuimhnigh i gcónaí ar SAFE - Stay away from edges."
[English version below] A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir mímhúinte a chodlaíonn ina chuid stocaí. Sin, nó go gcastar Tomás uirthi, scríbhneoir mór a bhfuil an inspioráid ag teip air... Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Katie Whelan [Leagan Gaeilge thuas] What a life! After spending the day working as a hostess at conferences and trade shows, all that awaits Zoé at home is a rude and lazy boyfriend who sleeps in his socks! Until she meets Tomás, a writer who is running out of inspiration... Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emma Ní Chearúil and Katie Whelan
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhí an líon daoine ag baint úsáid as seirbhisí tithíochta éigeandála in Éirinn níos airde ná riamh cheana an mhí seo caite. Bhí 13,841 daoine i dtithíocht éigeandála i mí Feabhra, 4,170 díobh a bhí ina bpáistí. Sin na huimhreacha is airde a taifeadadh ó tosaíodh taifead a dhéanamh, agus ardú 310 duine atá i gceist i gcomparáíd le mí Eanáir. Tá 10,100 de na daoine taifeadta bunaithe i mBaile Átha Cliath. Léirigh ionadaí ó Chlann Shíomóin nach bhfuil daoine a bhíonn ag fanacht ar na sráideanna, daoine atá ag éalú ó fhoréigean baile nó lucht iarrtha tearmainn san áireamh sna figiúirí sin agus mar sin nach léiriú ceart iad don ghéarchéim iomlán. Mar thoradh ar an éíleamh ard ar na seirbhisí tá ar dhaoine gan dídean tréimhse níos giorra a chaitheamh i dtithíocht éigeandála. D'iarr Clann Shíomóin ar an rialtas dearbhthosáiocht a dhéanamh as an ngéarchéím easpa dídine. Dúirt siad gurb í tógáil tithí sóisialta agus inacmhainne an t-aon fhreagar agus chuir siad brú ar an rialtas glacadh leis an “Simon Homeless Prevention Bill” agus cearta dídine a chumhdach. Tharla timpiste uafásach in Baltimore sna Stáit Aontaithe Dé Máirt nuair a bhuail long choimeadán Droichead Francis Scott Key i bpríomhphort na cathrach. Tá an droichead 2.6k i bhfad agus thit sé san fharraige de bharr an damáiste a rinneadh don tacaíocht nuair a tharla an t-imbhualadh. Tá fiosrú oifigiúil fós ar siúl le teacht ar chúis chinnte leis an timpiste ach deir oifigeach gur tharla cliseadh cumhachta ar an long agus gur seoladh comhartha guaise nóiméad roimh an imbhualadh. Bhí ochtar ag obair ar an droichead nuair a tharla an timpiste agus tugadh tarrtháil ar bheirt acu. Fuair beirt bás agus leanann iarrachtaí teacht ar an gceathrar atá caillte ach glactar leis go bhfuil siad marbh. Tá dúshlán mór i gceist leis an iarracht mar gheall ar an teocht fhuar agus an líon smionagair san uisce. Ní raibh aon ghortú ag an bhfoireann ar an long. Is é Port Baltimore an port is gnóthaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le heaspórtáil gluaisteán agus tá sé tábhachtach le haghaidh lasta freisin. Tógfaidh sé tamaillín an droichead a atógáil agus tá imní ann faoin tionchar ar shlabhraí soláthair an domhain. D'fhógair Micheál Martin, an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha go bhfuil Éire chun idirghabháil a dhéanamh sa chás a thosaigh an Aifric Theas i gcoinne Iosrael faoin gCoinbhinsiúin ar Chinedhíothú ag an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta. Dúirt an Tánaiste gur thug sé orduithe d'oifigí tús a chur le hobair ar fhógairt idirghabháil faoi alt 63 de reacht na Cúirte. Má ghlacann an rialtas leis cuirfear an idirghabháil leis an gcás i gcoinne Iosrael ag an gcúirt sa Háig. Bhí an rialtas faoi bhrú leanúnach ón bpobal agus ón bhfreasúra chun gníomhú maidir leis an gcás seo. Dúirt Rapóirtéir Speisialta um Chearta an Duine ag na Náisiúin Aontaithe gur "cinneadh tábhachtach" é ach "b'fhéidir thar téarma". Mhínigh Fionnuala Ní Aoláin, ollamh dlí ag Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, nach cás coiriúil atá i gceist agus níl brí ag an idirghabháil go bhfuil an rialtas ar aon "taobh" ach is tuairim bunaithe ar fhíricí atá i gceist leis an idirghabháil. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS seirbhisí tithíochta éigeandála - emergency housing services Clann Shíomóin - the Simon Community, a charity which helps homeless people long choimeadán - container ship comhartha guaise - danger signal idirghabháil - intervention Rapóirtéir Speisialta um Chearta an Duine - Special Rapporeur for Human Rights
Eithne Nic Dhonnchadha duine den lucht eagraithe don Siompóisiam Eacnamaíochta a bheas in Ionad Cuimhneacháin na nImirceacha i gCarna Dé Máirt ag labhairt faoin ócáid sin.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/28x524k9 Contact: irishlingos@gmail.com An adult has died of measles in Leinster. Duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean. The Health Service Executive has confirmed that an adult has died of measles in Leinster. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean. It was revealed that the person died in the hospital but it was not said where exactly. Tugadh le fios gur san ospidéal a bhásaigh an duine ach ní dúradh cén áit go baileach. This is the first case of measles recorded in the State so far this year. Is é seo an chéad chás bruitíní a taifeadadh sa Stát go dtí seo i mbliana. A special medical team that was recently established is on standby in light of the person's death and people with symptoms of the disease are being appealed to consult a doctor. Tá foireann speisialta leighis a bunaíodh le gairid ar fuireachas i bhfianaise bhás an duine agus táthar ag achainí ar dhaoine a bhfuil airíonna an ghalair orthu dul i gcomhairle dochtúra. Health Minister Stephen Donnelly indicated yesterday that there was likely to be a measles outbreak shortly among groups that have not received the MMR vaccine. Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly le fios arú inné gur dhóichí go mbeadh ráig bhruitíní go gairid i measc grúpaí nach bhfuil an vacsaín MMR faighte acu. The Chief Medical Officer in the Department of Health, Professor Breda Smyth, has since said that she is very concerned that there will soon be an outbreak of smallpox in Ireland. An Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte, an tOllamh Breda Smyth, tá sé ráite aicise ó shin go bhfuil an-imní uirthi go mbeidh ráig bhruitíní in Éirinn gan mhoill. She confirmed that at least 95% of the population would have to have received the MMR vaccine to prevent an outbreak. Dhearbhaigh sí nár mhór an vacsaín MMR a bheith faighte ag 95 faoin gcéad den phobal ar a laghad le ráig a chosc. Unfortunately, says Professor Smyth, only about 90% of children nationally have received the vaccine in two years and the rate is as low as 80%, or below that again, in some counties. Ar an drochuair, arsa an tOllamh Smyth, níl an vacsaín faighte ach ag thart ar 90 faoin gcéad de leanaí ar bhonn náisiúnta le dhá bhliain agus tá an ráta chomh híseal le 80 faoin gcéad , nó faoina bhun sin arís, i gcontaetha áirithe. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Tá fios curtha ar bhád tarrthála Heilbhic cúpla uair go dtí seo cheanna fhéin i mbliana, le dul i gcabhair ar dhaoine a bhí i dtrioblóid ar an bhfarraige.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yu8mg9az Contact: irishlingos@gmail.com "No one will stop us in Gaza" - Benjamin Netanyahu. "Ní stopfaidh aon duine muid i nGaza" - Benjamin Netanyahu. Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu has said that the International Court of Justice will not stop Israel from achieving a complete victory in its war on Gaza, despite South Africa's case of genocide against Palestinians. Tá sé ráite ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu nach stopfaidh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta Iosrael bua iomlán a bhaint amach ina gcogadh ar Gaza, ainneoin chás na hAfraice Theas cinedhíothú ar Phalaistínigh a chur i leith na tíre sin. "No one will stop us - The Hague, Axis of Evil or anyone else. "Ní stopfaidh aon duine muid - an Hág, Ais an Oilc ná aon duine eile. We can and must continue to win and we will," Netanyahu said at a press event broadcast across Israel today and the first day of the war there tomorrow (Sunday). Is féidir agus is gá leanacht go mbeidh an bua againn agus déanfaidh muid sin," a dúirt Netanyahu ag preas ócáid a craoladh ar fud Iosrael inniu agus an céadú lá den chogaíocht ann amárach (Dé Domhnaigh). Netanyahu was referring to a case that South Africa brought to the International Court of Justice, the highest court of the United Nations in The Hague, in which South Africa claims that Israel has violated the United Nations Genocide Convention. Is ag tagairt a bhí Netanyahu do chás a thug an Afraic Theas chuig an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, an chúirt is airde de chuid na Náisiúin Aontaithe sa Hág, ina maíonn an Afraic Theas go bhfuil Coinbhinsiún Cinedhíothaithe na Náisiún Aontaithe sáraithe ag Iosrael. Axis of Evil is a reference to a nickname given to an alliance of armed groups in the Middle East supported by Iran. Is tagairt í Ais an Oilc de leasainm atá tugtha ar chomhghuaillíocht de ghrúpa armtha sa Mheán Oirthear a bhfuil tacaíocht na hIaráine acu. Netanyahu said that "most of the Hamas battalions have been eliminated" in the Gaza strip, but that thousands of people who had to flee from northern Gaza will not be able to return to their home area for the foreseeable future. Dúirt Netanyahy go bhfuil "formhór chathláin Hamas sriosta" i stráice Gaza, ach nach mbeidh ar chumas na mílte duine arbh éigean dóibh teitheadh as tuaisceart Gaza, filleadh ar a gceantar dúchais go ceann i bhfad. "There is an international law that says you move a community out of an area and you don't allow them to return as long as the danger is still there," Netanyahu said. "Tá dlí idirnáisiúnta ann a deir go mbogann tú pobal amach as ceantar agus nach gceadaíonn tú dóibh filleadh an fhad is gur ann fós don chontúirt," a dúirt Netanyahu. "And there is the danger. "Agus is ann don chontúirt. The fighting is still going on (in northern Gaza)." Tá an trodaíocht fós ar bun (i dtuaisceart Gaza)." Netanyahu also said that a decision has yet to be made regarding military capture of the "Philadelphia Corridor" that runs along the Gaza border with Egypt. Dúirt Netanyahu chomh maith go bhfuil cinneadh fós le déanamh maidir le gabháil mhíleata ar "Chonair Philadelphi" a ritheann feadh theorainn Gaza leis an Éigipt. "The area could be closed in an attempt to trap Hamas there, according to Israel's campaign plan," but Netanyahu said "there are several options," including sending Israeli forces into the Philadelphia Corridor. "D'fhéadfaí an ceantar a dhúnadh in iarracht Hamas a sháinniú ann, de réir phlean fheachtas Iosrael," ach dúirt Netanyahu "go bhfuil roinnt roghanna ann," ina measc sin tá fórsaí Iosrael a chur isteach i gConair Philadelphi. Israel in Gaza fighting for "their right to live in safety" - Netanyahu In a televised address, Israeli Army chief Herzi Halevi said that Israeli soldiers are in Gaza for "their right to live in safety" and they will not forget ever since the Hamas attack on...
Tá fáilte curtha ag grúpaí ó thuaidh agus ó dheas roimh chinneadh Rialtas na hÉireann an dlí a chur ar Rialtas na Breataine faoin mbille i dtaobh oidhreacht na dTrioblóidí toisc go ndeir siad go sáraíonn an bille an coinbhinsiún Eorpach um chearta an Duine.
Cúán Mac Conghail ar a thógáil le Gaeilge in Áth Cliath na seachtóidí agus na hochtóidí. I gcás eisiach agus stairiúil, tá seisear daoine óga de bhunadh na Portaingéile ag maíomh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine gur sárú na gcearta daonna s'acu an easpa gnímh ó rialtais na hEorpa maidir le hathrú aeráide. Labhair Caoimhe Chats Ní Chathail le Gearóid Ó Cuinn, duine de na dlíodóirí a bhí ag tacú leo sa chás seo. Labhair an Dr Art Hughes le Máire Bhreathnach, léachtóir, scríbhneoir agus gníomhaí teanga, faoina shaol ag fás aníos i dtuaisceart Bhéal Feirste, faoi a bheith ag teagasc ag leibhéal ollscoile agus faoina shaothar, a chéad úrscéal san áireamh. Cúán Mac Conghail on his upbringing in the Irish language in the Dublin of the seventies and eighties and his Irish language heritage. Six young people from Portugal are taking an unprecedented and historic case to the European Court of Human Rights claiming that the inaction of European governments on climate change constitutes a violation of their human rights. Caoimhe Chats Ní Chathail talked to Gearóid Ó Cuinn, one of the lawyers supporting their action. Dr Art Hughes, lecturer, writer and language activist, discusses his life and work from growing up in north Belfast to the publication of his first novel.
Déanann Eoin Ó Catháin cur síos ar scéalta nuachta na seachtaine; insíonn Kate De Molder dúinn faoina taithí ag glacadh frithdhúlagrán; faighimid léargas ó Phól Ó Murchú ar 'End Child Poverty Week' agus an obair atá ar siúl aige le dul i ngleic le bochtaineacht do pháistí; agus Daragh Ó Conchúir le buaicphointí móra spóirt na seachtaine.
Duine de lucht leannta an cheoltóra Taylor Swift, ag caint faoi na ticéidí a d'éirigh lei a fháil do cheolchoirm Taylor Swift a cuireadh ar díol inniu.
Foilsíodh an chéad phlean straitéiseach do Sheirbhís na bPáirceannaí Náisiúnta agus Fiadhúlra an tseachtain seo. Díreofar ar chúrsaí ceannaireachta sa bplean nua, chomh fada agus a bhaineann sé le gnaithí timpeallachta, sa tréimhse go dtí 2025.
Tá eagraíochtaí pobail i gCiarrai ag éileamh breis ionadaithe tofa ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Duine amháin atá le togha mar a sheasann cúrsaí ach tá a n-ionadaí tofa féin ó mhuintir Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh agus beirt á lorg i gCorca Dhuibhne.
Eolas ar an tsraith úr den chlár ‘Beidh Mé Ar Ais' a bheas ag toiseacht ar TG4 Dé Domhnaigh seo.