POPULARITY
Agallamh le John Ó Fearraigh, Oifigeach Pleanála Teanga in iarthuaisceart Dhún na nGall maidir leis an chonradh nua sínithe ag an Roinn Iompair d'Aerfort Dhún na nGall
Tá níos mo Gaeilge le feiceáil agus le cloistéail i mbaile an Chlochán liath anois.
Tá an Ghaeilge aitheanta go foirmiúil sa dlí i dTuaisceart Éireann ó chuir Státrúnaí na Breataine don Tuaisceart Hilary Benn ordú os comhair Pharlaimint Westminster inné.
Céard é a thuairim do Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Gaeilge san earnáil phoiblí 2026-2028 a foilsíodh an tseachtain seo?
Agallamh le Barry Ó Siocrú, Oifigeach Pleanála Teanga do Chiarraí Thiar, faoi torthaí an athbhreithnithe ar an chéad 10 plean teanga eisithe ag tús na seachtaine - beo ar Eadra
Tá ócáid cheiliúrtha á eagrú ag Gaeilge Iorrais i Maigh Eo ag an deireadh seachtaine.
An bhfuil éigeandáil teanga sa Ghaeltacht? De réir tuarascáil nua-eisithe - tá. Deirtear go neamhbhalbh sa tuairisc seo go gcaithfear “idirghabháil phráinneach chuimsitheach” a dhéanamh sula sleamhnaíonn an Ghaeilge níos faide siar mar theanga sa Ghaeltacht. Mar sin, an bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis mar theanga sna ceantair? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: John Prendergast See omnystudio.com/listener for privacy information.
A thuairim faoin athbhreithniú, moltaí agus freagraí a foilsíodh inné.
Bheartaigh Feidhmneaht na Seirbhísí Sláínte Seirbhís Labhartha agus Teanga a bhogadh as Leitir Móir go dtí An Tulla
Tá soiléireacht agus trédhearcacht ag teastáil nuair atá polasaí teanga tithíochta a leagan síos sa Ghaeltacht, dar leis.
Ta cluiche rúndúnmharaithe á eagrú ag Oifigeach Pleanála Teanga an Bhruaigh Thóir in Aras na nGael anocht.
Tá an oiread éileamh ar na himeachtaí agus na ranganna atá á chur ar fáil ag Pleanáil Teanga an Eachréidh nach raibh dóthain spáis i roinnt dena ranganna.
Dhéanfaidh Coiste Forbartha Chnoc Fola i gcomhar le Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Siúlóid Nádúr Digiteach Loch an Inbhir a sheoladh go hoifigiúil amárach.
Cén chuid den bhliain ‘an dúluachair'? Cad atá níos mó - ualach, fuílleach, dorn, slam? An cóir dúinn na DNTLS a chaitheamh san aer? Tháinig Séaghan Ó Súilleabháin, nó The Kerry Cowboy mar a bheadh aithne ag cuid againn air, ó fheirm i gcroílár na Ríochta. Ceapadh i 2020 é mar Oifigeach Pleanála Teanga do Chathair Saidhbhín, agus láithreoir teilifíse agus cruthaitheoir ábhair é freisin. Bhain sé amach céim sa Ghaelainn ó Choláiste Mhuire Gan Smál.
Seolfar an leabhar Scéal Mhuirí Mhuigh Eo le Breandán Mac Conamhna in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead Dé hAoine.
Bhí ócáid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha do chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn ar siúl oíche hAoine i mBaile Átha Cliath agus d'eirigh le CLG An Chlochán Liath Bonn Óir a bhaint amach agus tá Eugene agus Mary linn le cur síos a dhéanamh ar an ócáid.
Tá comhfhreagras seolta ag Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola agus ag Pobal Eascarrach chuig an Aire Dara Calleary agus chuig Roinn na Gaeltachta lena mbuaireamh a chur in iúl fan laghad acmhainní a deir siad atá ar fáil do Phleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola.
D'oibrigh an comhairleoir teanga agus cumarsáide Máire Ní Chatháin le Catherine Connolly nuair a bhí sí ina Méara na Gaillimhe lena cuid Gaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú.
Tá litir curtha ag Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola agus Pobal Eascarrach CTR chuig an Aire Dara Calleary agus chuig Roinn na Gaeltachta lena mbuaireamh a chur in iúl fán laghad acmhainní a deir siad atá ar fáil do Phleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola.
Tá leabhar nua Suíomhanna Stairiúla Inis Meáin seolta ag Pleanáil Teanga Inis Meáin.
Tá tuarascáil foilsithe inniu ag Oifig an Choimisinéara Teanga a thugann spléachadh gur chaith comhlachtai poiblí €19 milliún ar fhógraíocht i nGaeilge i 2024.
Tá an eagraíocht, Iontaobhas Fhear Manach ag ceiliúradh 30 bliain ar an fhód i mbliana agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an chloch-mhíle sin shocair siad gradam cathrach a bhronnadh ar 30 oibrí deonach le gairid mar aitheantas ar a gcuid oibre sa phobal ina mhaireann siad agus ina measc bhí Seán Ó Cearráin.
Fógraíodh go hoifigiúil tráthnóna inné go bhfuil an Dr. Pól Deeds ceaptha anois mar Choimisinéir Teanga don Ghaeilge sna Sé Chontae.
Beidh an ócáid ‘Give it a Go as Gaeilge' ar siúl i Leitir Ceanainn maidin Déardaoin seo dírithe ar lucht gnó an bhaile agus labhair Bairbre linn faoin ócáid.
Beidh sraith nua ranganna ocht seachtaine á reachtáil ag Dúchas an Daingin le tacú le tosaitheoirí atá ag foghlaim na Gaeilge i gCorca Dhuibhne.
Tá Oifigigh Pleanála Teanga na tíre ag fanacht go fóill ar an athbhreithniú atá an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobal agus Gaeltachta le foilsiú maidir leis an Phleanáil Teanga agus na pleananna teanga a cuireadh i bhfeidhm ach tá dul chun cinn sa scéal mar a mhínigh Caitlín do Mhichelle.
Beidh Aonach na nGairmeacha ar siúl sa Daingean ar maidin agus os cionn 160 dalta ag freastal air le Gairmeacha le Gaoluinn a phlé agus na roghanna oiliúna a fhiosrú.
Bricfeasta Gnó atá le n-eagrú an tseachtain seo chugainn i dTeach Scríbe.
Cuirfear tús le Féile an Fhómhair i Leitir Ceanainn inniu agus labhair Bairbre linn faoi fhéile na bliana seo.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24vspuan Contact: irishlingos@gmail.com Concerns about Loyalist violence over bilingual signage. Imní faoi fhoréigean Dilseoirí faoi chomharthaíocht dátheangach. Conradh na Gaeilge says the threats made by Loyalist paramilitaries at the weekend that Belfast City Council property will be destroyed if it has bilingual signage are a cause for great concern. Deir Conradh na Gaeilge gur cúis mhór imní iad na bagairtí a rinne paraimíleataigh Dílseora ag an deireadh seachtaine go scriosfar maoin de chuid Chomhairle Chathair Bhéal Feirste má bhíonn comharthaíocht dátheangach orthu. In an open letter from Conradh na Gaeilge and the Leaders of the Parties and the City Council, the League says that it is a cause for concern for everyone who supports the Irish language and equality in general. I litir oscailte ó Chonradh na Gaeilge agus ó Cheannairí na bPáirtithe agus ó Chomhairle na Cathrach deir an Conradh gur cúis imní é do gach duine a thacaíonn leis an Ghaeilge agus leis an chomhionannas trí chéile. The threat has been condemned by Ulster Unionist leader Mike Nesbitt. Tá an bhagairt cáinte ag ceannaire Aondachtóirí Uladh, Mike Nesbitt. A draft Irish language policy agreed by the Council would mean that Irish and English would be more prominent and side by side on all Council publications and property. Chiallaódh dréachtpholasaí Gaeilge atá aontaithe ag an Chomhairle go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla níos feiceálaí agus iad le taobh a chéile ar gach foilseachán agus maoin de chuid na Comhairle. But since the policy was adopted last Wednesday the UDA and UVF have threatened to destroy any property bearing the signage. Ach ó glacadh leis an pholasaí Dé Céadaoin seo caite tá an UDA agus UVF tar éis bagairt go scriosfaidh siad maoin ar bith a mbeidh an chomharthaíocht orthu. These paramilitary organisations told the Sunday Life newspaper that they would burn down Council vehicles and buildings if Irish was visible on them. Dúirt na heagrais paramíleatacha sin le nuachtán an Sunday Life go lasfadh siad feithiclí agus foirgnimh de chuid na Comhairle dá mbeadh an Ghaeilge le feiceáil orthu. Conradh na Gaeilge called on party leaders in Stormont to condemn the threat. D'iarr Conradh na Gaeilge ar cheannairí na bpáirtithe i Stormont an bhagairt a cháineadh. Irish Language Commissioner The new Irish Language Commissioner will be responsible for implementing the Identity and Language Act. Coimisinéir na Gaeilge Beidh dualgas ar an Choimisinéir úr Gaeilge an tAcht Féiniúlachta agus Teanga a chur i bhfeidhm. Yesterday on the X platform, the person nominated but not appointed to that position, Pól Deeds, said that the threat from the UDA and UVF is a result of the promotion of bigotry in the media - in particular, he said, the BBC. Inné ar an ardán X dúirt an té atá ainmnithe ach nach bhfuil ceaptha don phost sin, Pól Deeds, gur toradh í an bhagairt ón UDA agus UVF ar chur chun cinn na biogóideachta sna meáin - go háirithe a dúirt sé an BBC. Paul Deeds said the Executive Office in Stormont had failed to protect its own policy - and UK law - and was failing in its duty of care to the new Commissioner. Dúirt Pól Deeds gur theip ar Oifig an Fheidhmeannais i Stormont a bpolasaí féin - agus dlí na Ríochta Aontaithe - a chosaint agus go bhfuil siad ag teip ina ndualgas cúraim don Choimisinéir úr. The threats from Loyalists have only been condemned by one Unionist party, the Ulster Unionists (UUP). Níl na bagairtí ó Dhílseoirí cáinte ach ag pairtí Aondachtach amháin, Aondachtóirí Uladh an UUP. Their leader Mike Nesbitt said that the Irish language signage needs to be discussed further, and he said that any threat to Council workers should be withdrawn. Dúirt a gceannaire Mike Nesbitt go gcaithfear an chomharthaíocht i nGaeilge a phlé tuilleadh, agus dúirt sé gur cheart bagairt ar bith ar oibrithe na Comhairl...
Ennis is at the heart of a new Irish language enterprise, Inis Dom!, designed to support and celebrate the use of Irish in local businesses. Led by Líonra na hInse and An Clár as Gaeilge, and supported by Foras na Gaeilge, this initiative aims to make Irish a practical and powerful tool for business in the town. Alan Morrissey spoke with Leah Ní Thailtigh, Oifigeach Pleanála Teanga le Líonra na hInse, An Clár as Gaeilge and Ruairí Henchy, Oifigeach Forbartha Gaeilge live in studio on Friday's Morning Focus.
Cuirfear tús le ranganna ceoil i Scoil an Choimín ar an Chlochán anocht.
Bhí agóid mhór na nGael, CEARTA ar siúl i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine rinneadh plé ar an agóid agus caidé mar a chuaigh sé.
Recently, there seems to be a revival or surge in the amount of people wanting to learn Irish and especially with the popularity of Irish speaking bands like kneecap. We discuss the importance of keeping the Irish language alive with Caitlin Ni Dhubhsaigh Bannister Oideachas Uisce and also Eimear Ní Ghallachóir, Oifigeach Pleanála Teanga with Gaeilge Iorrais in the North Mayo Gaeltacht.Our show was live from the Westport Townhall Theatre today with thanks Destination Westport.
Seanán Mac Aoidh ón ghrúpa Tinteán, Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, Ruairí Ó Donnáin Oifigeach Forbartha Gaeilge le Conradh na Gaeilge, Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola, An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh agus Breandán Ó Dufaigh iar phríomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.
Ursula Ní Shionnain, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaeltacht na Mí. Tá an dara tréimhse den phlean teanga do limistéar Ghaeltacht na Mí ceadaithe.
Bainisteoir Chomhlucht Forbartha na nDéise ag caint ar na dtéarmaí fostaíochta nua d'Oifigigh Pleanála Teanga.
Labhair Dónall faoi agóid náisiúnta na ngael “Cearta” a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 20ú Meán Fómhair agus d'impigh sé ar dhaoine tacú leis an agóid.
Seolfar suíomh gréasáin úr ar an Chlochán Liath anocht dírithe ar chúrsaí turasóireachta ar an Chlochán Liath agus i gceantar na Rosann.
Beidh cruinniú poiblí i gCaisleán an Bharraigh san oíche amárach agus iad ag iarraidh compántas dramaíochta a bhunú ar an mbaile.
D'fhógair Oifigeach Cultúrtha agus Teanga de Bhord Chumann Peil na mBan i nDún na nGall, Dónall Ó Searcaigh go bhfuil sé ag seasamh siar ón Bhord mar gheall go bhfuil Cumann Peile na mBan ag diúltú éisteachtaí smachta chlub Gaeltachta a éisteacht i nGaeilge agus labhair Dónall le Michelle maidir le seo.
Fear Luimní ceapaithe mar Stiurthóir nua ag Oifig an Choimisinéara Teanga.
Colm Ó Cinsealla, Foram Pleanála Teanga Chois Fharraige. Tá aighneacht seolta ag Foram Pleanála Teanga Chois Fharraige chuig Comhairle Contae na Gaillimhe i dtaobh na forbartha atá beartaithe ag an gcomhlacht ollmhargaíochta Aldi sa Spidéal.
Ag caint faoi ráiteas Roinn na Gaeltachta go bhfoilseofar athbhreithniú ar dheich gcinn de phleananna teanga ar an mhí seo chugainn.
Beidh go leor imeachtaí ar siúl sa tseachtain amach romhainn anois mar chuid de Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta agus cuireann Niall síos ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl in iardheisceart na contae.
Tá ós cionn 30 teaghlach taréis iarratas a chuir isteach i mbliana ar scéim tithíochta atá dá thairiscint ar oileán Chléire, i gCo Chorcaigh. Labhair Aoife Ní Shúilleabháin le Ruairí Ó Donnabháin, Oifigeach Pleanála Teangan Chléire, faoin bhfeachtas atá á rith acu le mí anuas chun teaghlaigh nua a mhealladh dtí Cléire.
Tá Comhairle Contae Chorcaí le athbhreithniú a dhéanamh go luath ar an bplean forbartha contae agus beidh deis ansin le go mbeadh coinníoll teanga i gceist le haon fhorbairtí tithíochta i gceantair Ghaeltachta amach anseo.
Tuarascáil Bhliantúil 2024 foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga ar maidin.
Tá tacaíocht d'os cionn leath-mhilliún euro ceadaithe ag Bord Údarás na Gaeltachta do thogra nua fostaíochta i gCarna
Tá imní mhór i gCléire faoi láthair agus líon na ndaltaí atá ag freastal ar Scoil Náisiúnta ansin ag titim le blianta beaga anuas.