POPULARITY
Reáchtáladh cruinniú poiblí le Sinn Féin i Leitir Ceanainn aréir le plé a dhéanamh ar chostais mhaireachtála.
Beidh cruinniú poiblí ag na Teachtaí Dála, Piaras Ó Dochartaigh agus Pádraig Mac Lochlainn in Óstán an Radisson anocht le plé a dhéanamh ar an ghéarchéim a bhaineann leis an chostas maireachtála san am i láthair.
Craolfar clár faisnéise ar TG4 anocht áit a leanfar pearsaí spóirt ar a dturais féin i saol an spóirt ague beidh Fodhla, Pádraig agus Róisín le feiceáil ar an chlár.
Thóg na Teachtaí Dála Piaras Ó Dochartaigh agus Pat the Cope Ó Gallachóir ceist sa Dáil inniu faoin druga Givinostat, druga atá de dhith go cruaidh ar bheirt pháiste anseo i nDún na nGall agus páistí agus daoine fásta eile ar fud an stáit agus labhair Piaras linn ar maidin faoi seo.
Ag cur síos ar Ard Fheis Shinn Féin a bhí ar siúl mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine.
Tá grúpa as Pobalscoil Ghaoth Dobhair i Missouri Mheiriceá faoi láthair agus iad páirteach i gCraobh an Domhain den chomórtas Vex Robotics. Sheol na daltaí, Pádraig Ó Dochartaigh, Clint Ó Fearraigh, Rónán Ó Dochartaigh, Kevin Mac Uiginn agus an múinteoir, Keith Ó Fearraigh teachtaireachtaí fuaime chugainn ón chomórtas.
Ní leor an laghdú deich cent an lítear ar luach peitreal agus díosal atá tugtha isteach ag an rialtas atá le teacht i bhfeidhm ag stáisiúin bhreosla amárach le dul i ngleic leis an ghéarchéim bhreosla atá sa tír san am i láthair.
Ag caint faoin fhógra a tháinig maidin inniu go mbeidh na heitiltí idir aerfort Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath a gcur ar ais mar a bhí ón chéad lá de mhí na Bealtaine .
This week, Irish author Kerri ní Dochartaigh offers an evocation on how we might hold the duality of lightness and darkness in a world increasingly divided. When fear and loss are pervasive, how do we engage with the life that remains? Can we see experiences of grief as invitations into feeling our relationality with all living things? Tracing how a childhood in Derry in the northwest of Ireland taught her to tend the delicate, often invisible threads that bind us to each other, she brings us into the Celtic celebration of Bealtaine, which marks the transition towards the brightness of summer, to reveal how Earth's cycles of light and dark are a dance of which we are a part.Read the essay. Discover our latest print edition, Volume 6: Seasons.Photo by Al Brydon and J.M Golding
Ag caint ar an tsuim atá ag daoine ar fud na cruinne i gcúrsaí Gaeilge, d'fhreastal Staffan ar chúrsa Gaeilge in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille agus tá sé anois ag cur an Ghaeilge chun cinn ina thír dúchais.
Tá bainisteoir a lorg ag Ionad Oidhreachta Isaac Butt agus Ionad Lae an Chlocháin sa Ghaeltacht Láir san am i láthair agus tá an spriocdháta d'iarratais ann amárach, Dé hAoine 27 Márta.
Tá cinneadh déanta ag an rialtas tacaíochtaí airgid a chur ar fáil le dul i ngleic leis na himpleachtaí diúltacha agus an costas ard atá ar bhreosla sa stát seo faoi láthair mar gheall ar an chogadh sa Mheán Oirthear ach an leor na tacaíochtaí seo?
Tá cinneadh déanta ag Coiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall agóid a eagrú agus aghaidh a thabhairt ar Bhaile Átha Cliath ar an tseachtain seo chugainn mar nach bhfuil scéal oifigiúil ar bith óna comhráití idir an Roinn agus an comhlacht Emerald Airlines.
Tá reachtaíocht éigeandála faoi chostas maireachtála le cur os comhair na Dála agus rún le plé ag Sinn Féin faoin ábhar céanna inniu.
Tá ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald le cuairt a thabhairt ar Leitir Ceanainn tráthnóna le buaileadh le teaghlaigh na ndaoine a maraíodh i dtragóid an Chraoslaigh trí bliana go leith ó shin.
Beidh cruinniú poiblí ar líne ag Sinn Féin anocht le plé a dhéanamh ar an athbhreithniú a bhí beartaithe ar uaireanta oibre Chúntóirí Riachtanais Speisialta i scoltacha éagsúla.
Páirteach sa chlár seo i gcuimhne ar Phádraig bhí iar-pholaiteoirí a d'obair leis ina shaol poiblí, iar-chomhghleacaithe óna am mar mhúinteoir scoile agus mar úinéir an bháid farantóireachta An Tor Mór, roinnt de phobal Oileán Thoraí a chaith Pádraig bliantaag freastal orthu, iar Bhainisteoir Réigiún Údarás Na Gaeltachta i nDún na nGall.
Tá imní ar scoltacha atá ag brath ar thacaíochtaí ó Chúntóirí Riachtanaisí Speisialta go bhfuil ciorraithe le cur i bhfeidhm ó thaobh na gcúntóirí de.
Ag labhairt ar an mhíshástacht atá orthu faoin chonradh a bheith sínithe agus nach bhfuil seo oiriúnach ar dhóigh ar bith do mhuintir Dhún na nGall agus go gcaithfear athrú a dhéanamh ar an chonradh seo.
Thóg an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh na hathraithe atá beartaithe don tseirbhís PSO idir Aerfort Dhún na nGall agus Aerfort Bhaile Átha Cliath leis an Tánaiste sa Dáil inné.
Dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go bhfuil sé scannalach nach bhfuil Scéim Séarachais Ghaoth Dobhair luaite i bPlean Caipitil Uisce Éireann.
Ag tabhairt comhairle don phobal faoi aire, cúram agus na freagrachtaí a bhaineann le peata a bheith agat.
Tá an dara seó turasóireachta domhanda ar siúl an deireadh seachtaine seo, an ceann seo san RDS i mBaile Átha Cliath agus i measc iad siúd atá i láthair inniu tá Rónán Ó Dochartaigh as Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.
D'éirigh le Pobalscoil Ghaoth Dobhair aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta faoin Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta. Bhí cigireacht ar bun sa scoil an tseachtain seo ag an Roinn Oideachais agus beidh aitheantas oifigiúil a bhronnadh ar an scoil gan mhoill.
Ag labhairt dó sa Dáil inné thug an Teachta Ó Dochartaigh cuireadh don Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, cuairt a thabhairt ar Dhún na nGall le go dtuigfeadh sé chomh holc agus atá cúrsaí soláthar uisce sa chontae seo.
Beidh an gheamaireacht Aladdin a léiriú ag aisteoirí Ghaoth Dobhair in Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh trí oíche an tseachtain seo. Tá cléir óg agus stiurthóir óg ar gheamaireacht na bliana seo agus labhair Conor Ó Gallchóir le roinnt acu an tseachtain seo.
Thabharfaidh na deontais atá ar fáil ó Rannóg forbartha pobail na CoCo Dhún na nGall misneach do pobail leanach leis an obair atá ar bun acu.
Beidh cruinniú ag Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz le Príomh-Aire na Beilge Bart De Wever agus Uachtarán an Coimisiúin Eorpaigh Ursula Von der Leyen sa mBruiséil inniu chun plean an Coimisiún socmhainní reoite na Rúise a chur i dtreo na hÚcráine.
Tá 346 páiste i nDún na nGall ag fanacht ar scrúdú Measúnaithe ar Riachtanais nó scrúdú AON agus as an 55 páiste ar dearnadh measúnú orthu i mbliana ní raibh ach páiste amháin a fuair an scrúdú taobh istigh den tréimhse ama dlithiúil de shé mhí. Cháin an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh an rialtas go láidir mar gheall ar na figiúirí seo
Ag labhairt ar an Clár úr Tréidliachta in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceannainn a dhéanfaidh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais James Lawless a sheoladh go hoifigiúil tráthnóna inniu.
In November, we celebrated the launch of our latest print edition, Seasons, at the Tate Modern in London. Recorded live at the event, this conversation featuring four Volume 6 contributors, delves into each of their stories and the themes of requiem, invitation, and celebration at the heart of their seasonal experiences. From honoring the fragility of spring birdsong, to finding an expanded sense of self through seasonal “noticelings,” this wide-ranging and lively exchange explores the myriad ways of remembering our relationship with the seasons. Read the transcript. Discover our latest print edition, Volume 6: Seasons. Learn more about your ad choices. Visit megaphone.fm/adchoices
Beidh roinnt ceardlann ullmhúcháin do shéala an aistriúcháin ar siúl gan mhoill le Darán Ó Dochartaigh, ag wordsforwords@outlook.com.
Tá gearr ghá le scoil úr i bPobailscoil Chloich Cheann Fhaola. Thóg Piaras an ceist seo sa dáil aréir. Labhair sé chomh maith ar phlean úr tithíochta an rialtais agus ar easpa achmhainní na nGardaí sa chontae seo.
Is beag atá an rialtas a dhéanamh do thiománaithe sa tír seo atá a gcrá ag costais arda a deir sé.
Ag tabhairt a dtuairimí ar thoghchán na hUachtaránachta a bhí ar siúl De hAoine seo caite agus ina toghadh Catherine Connolly mar an deichiú Uachtarán ar an Stáit.
Plé i bParlaimint na Gearmáine faoi choinscríobh a thabhairt ar ais, agus impleachtaí na díospóireachta mar sheift polaitiúil.
Rachaidh an Coláiste Tréidliachta nua in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn chun sochar go mór do Chondae Dhún na nGall, a deir sé.
Dhearbhaigh an Rialtas i bhfreagra ar cheist pharlaiminte ón Teachta Ó Dochartaigh go bhfuil ceithre eagraíocht i nDún na nGall a chuireann seirbhísí a chur ar fáil do pháistí faoi mhíchumas go fóill ag fanacht ar mhaoiniú de €3.6 milliún ó fógraíodh an maoiniú dhá mhí is fiche ó shin.
Cuirfear tús le ranganna ceoil i Scoil an Choimín ar an Chlochán anocht.
D'fhógair Sinn Féin ag an deireadh seachtaine go mbeidh siad ag tabhairt tacaíochta don iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly i dtoghchán na hUachtaránachta.
Beidh agóidí na rúnaithe scoile agus oibrithe cothabhála scoile i nDún na nGall atá ina mbaill den Cheardchumann FÓRSA ar siúl arís inniu.
Tá Piaras ag labhairt ar an scéal nach raibh ach 13% d'othair le hailse a raibh ceimiteiripe uathu, a thosaigh ag fáil cóir leighis taobh istigh den am atá leagtha síos, in Otharlann Leitir Ceanainn sa chéad ráithe de 2025.
Dúirt sé go bhfuil tiarnaí talún móra ag céannacht cheithre theach as chuile chuig theach atá le díol I mBleá Cliath anois.
An phlé is déanaí faoin Ucráin agus seasamh na dtíortha Eorapacha ina leith. Caint sa Ghearmáin go bhféadfáí saighdiúirí ón nGearmáin a úsáid chun socrú síochána san Úcráin a chosaint
Tá an Plean Forbartha Náisiúnta le hinfheistíocht €112 billiún a dhéanamh idir 2026 go 2030 - ach lochtanna ag an bhfreasúra ar an bplean.
Beidh cruinniú poiblí i Halla Paróiste Ghleann Fhinne anocht leis an scéal faoi Moll Máinliachta a bheith lonnaithe ag Otharlann Leitir Ceanainn a phlé.
Ag déanmamh léirmheas ar leabhar úr atá foilsithe ag Éamonn Ó Dochartaigh, ‘Scéal agus Seanfhocla Inis Bó Finne”.
Rinneadh plé ar fhorbairt iarnróid go Dún na nGall i ndíospóireacht sa Dáil tráthnóna inné.Cheistigh Ó Dochartaigh an tAire Stáit sa Roinn Iompair Seán Canney.
Cruinniú faoi ospidéal Leitir Ceannainn aréir.
Dúirt Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz aréir go raibh sé an-sásta leis an gcruinniú a bhí aige le hUachtarán Mheiriceá Donald Trump sa Teach Bán inné.