POPULARITY
Beidh ócáid eolais ar siúl san Arcade ar an Chlochán Liath san oíche amárach dírithe ar an ghaeloideachas i gceantar na Rosann
Inniu ar Chartlann na Chéadaoine téann muid siar dhá scór bliain go tús mí Mheitheamh 1986 nuair a d'éirigh sagart as An Chlochán Laith as a ról mar Shagart Paróiste don Lucht Siúil i mBaile Átha Cliath. Thug Timlín Ó Cearnaigh cuairt ar an Athair Micheál Mac Con Uladh nó Michael McCullagh agus é ag fágáil a pharóiste.
Beidh ócáid faoi chúrsaí bádóireachta agus fonnadóireachta i gCloch na Rón tráthnóna inniu.
Seolfaidh Niall an leabhar úr ‘The Last Century Boy' le Pat Boyle Ferry ag ócáid a bheas ar siúl ar an Chlochán Liath ag an deireadh seachtaine.
Bhí scaifte i láthair ag ócáid i Rann na Feirste nuair a rinne Nóra Frainc Chonaill Uí Raghallaí leacht úr galánta den logainm Chloch a Phlúir a nochtú agus bhí Michelle i láthair, labhair sí le Joe Frainc Chonaill, Donnachadh Ó Baoill ó Choiste Náisiúnta Logainmneacha na hÉireann, Nóra Frainc Chonaill agus Annie Mhicí Jimí Uí Dhuibheannaigh.
Ag labhairt faoin tragóid a tharla ar an Chlochán sa Ghaeltacht Láir Dé Satharn, áit ar maraíodh Josh Morrow, seacht mbliana déag d'aois i dtaisme bóthar ar bhealach an R252.
Tá Denis linn ag labhairt faoi leabhrán digiteach úr atá a sheoladh amárach ar an Chlochán Liath dar teideal ‘Cúrsaí Airgid' nó ‘Money Matters' le cuidiú leat bainistiú a dhéanamh ar chúrsaí airgid.
Cuirfear tús le Féile Thraidisiunta an Chlocháin amárach.
Ag caint faoi ócáid a bheas ar siúl ar an Chlochán Laith Dé Domhnaigh seo, Domhnach Cásca áit a mbeidh bannaí ceoil as ar fud na contae ag teacht le chéile le seinnm le chéile mar ollbhanna mór amháin.
Tá bainisteoir a lorg ag Ionad Oidhreachta Isaac Butt agus Ionad Lae an Chlocháin sa Ghaeltacht Láir san am i láthair agus tá an spriocdháta d'iarratais ann amárach, Dé hAoine 27 Márta.
Roghnófar Máire na Gaeltachta d'Fhéile Mháire an Chlocháin Léith ag ócáid a bheas ar siúl ar an tSatharn seo in Óstán An Waterfront.
Mír rialta le ball de na Gardaí sa chontae le heolas agus comhairle don phobal. Eolas inniu faoi ionsaithe a rinne madaidh ar chaoraigh i gceantar Chloich Cheann Fhaola, faoin fhiosrúcháin maidir leis an taisme a tharla i mBaile Suingean ar an Mháirt seo a chuaigh thart agus faoi eachtraí gadaíochta a tharla sa chontae le tamall.
Tá níos mo Gaeilge le feiceáil agus le cloistéail i mbaile an Chlochán liath anois.
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Labhair sí faoi chúrsaí ar na bóithre ag an deireadh seachtaine, faoi thimpiste bóthair i nDún Mhaoile i Srath an Urláir, tá siad ag lorg eolais faoi dhamáiste coiriúil a rinneadh i gceantar Leitir Ceanainn agus labhair sí faoi ócáid a bhéas ar siúl acu don phobal ar an Tearmann Déardaoin seo ag teacht.
Moltaí agus comhairle don phobal faoina seirbhísí atá ar fáil ón nGarda Síochána i nDún na nGall le linn na Nollag.
Bronnadh Gradam Oidhreachta Chiarraí ó Chumann Seandálaíochta agus Staire Chiarraí ar bhean an Chlocháin le déanaí.
Tá Arcade an Chlocháin Léith foscailte arís agus imeachtaí éagsúla ar siúl ann ar nós an ceann a bheas ar siúl Dé Domhnaigh seo ag teacht – Margadh na Nollag.
Beidh ócáid eolais ar siúl ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar an Chlochán Liath amárach le heolas a thabhairt don phobal faoi na deontais atá ar fáil le obair a dhéanamh ar do theach nó b'fhéidir sean teach a chóiriú suas agus tá John linn le tuilleadh eolais a thabhairt dúinn.
Bhí ócáid Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha do chlubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn ar siúl oíche hAoine i mBaile Átha Cliath agus d'eirigh le CLG An Chlochán Liath Bonn Óir a bhaint amach agus tá Eugene agus Mary linn le cur síos a dhéanamh ar an ócáid.
Mír rialta le ball den Gharda Síochána. Labhair Siobhán inniu faoi thinte ealaíne, séasúr na reithíochta do charrianna, eachtra gadaíochta ar an Chraoslach agus camscéim atá ag dul thart.
Panéil de chainteoirí le plé a dhéanamh ar Bhuiséad 2026 a fógraíodh inné. Labhair Finighín Ó Searcaigh – a bhfuil tábhairne Owenie's aige ar an Chlochán Liath.Joseph Mangan ó Chomlacht Iompar Mangan agus Shane Barr ó Ace Promotions fosta.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/277epztj Contact: irishlingos@gmail.com Presidential Election: three candidates on the Atlantic path. Toghchán Uachtaránachta: triúr iarrthóirí ar shlí an Atlantaigh. The three candidates in the Presidential election are canvassing in Co. Donegal and Co. Kerry today. Ta an triúr iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag canbhasáil i gCo Dhún na nGall agus i gCo Chiarraí inniu. Left-wing candidate Catherine Connolly will be in Donegal town, Killybegs, Clifden and Ardara. Iarrthóir na heite clé Catherine Connolly, beidh sí i mbaile Dhún na nGall, sna Cealla Beaga, sa Chlochán Liath agus in Ard an Rátha. Since Sinn Féin is supporting Catherine Connolly, that party's finance spokesman, Pearse Doherty from Gaoth Dobhair, is canvassing alongside her today. Ó tá Sinn Féin ag tacú le Catherine Connolly, tá urlabhraí airgeadais an pháirtí sin, Pearse Doherty as Gaoth Dobhair, ag canbhasáil in éindí léi inniu. Kerry is home to both Fine Gael candidate Heather Humphreys and Fianna Fáil candidate Jim Gavin. I gCiarraí atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys agus iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin araon. They may run into each other as they are both due to go to the Listowel Races this afternoon. D'fhéadfadh sé go gcasfaí ar a chéile iad ó tá an bheirt acu le dul chuig Rásaí Lios Tuathail tráthnóna. The two were interviewed from various locations on Radio Kerry this morning. Cuireadh an bheirt faoi agallamh ó áiteanna éagsúla ar Radio Kerry ar maidin. Jim Gavin is in Tralee, where he will be giving a tour of the Tralee Bay Wetland Ecopark. Tá Jim Gavin i dTrá Lí, áit a dtabharfaidh sé sciuird ar Éiceapháirc Bhogach Bhá Thrá Lí. Heather Humphreys went on a short cart ride in Killarney, she is due to be in Muckross House soon and will also visit the Tralee Women's Hut. Chuaigh Heather Humphreys ar thuras gairid i gcairt i gCill Airne, tá sí le bheith i dTeach Mhucrois ar ball agus tabharfaidh sí cuairt freisin ar Bhothán Ban Thrá Lí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Cuirfear tús le ranganna ceoil i Scoil an Choimín ar an Chlochán anocht.
Beidh an chéad léiriú do “Joe's Call/Scairt Joe' ar bun ag Féile Ealaíona an Chlocháin tráthnóna inniu.
Seolfar suíomh gréasáin úr ar an Chlochán Liath anocht dírithe ar chúrsaí turasóireachta ar an Chlochán Liath agus i gceantar na Rosann.
Labhair Pat faoin tragóid a tharla ar an Chlochán Liath tráthnóna Dé hAoine nuair a maraíodh páiste óg naoi mbliana d'aois, Joey Forker.
Beidh baill de Club Rothaíochta Chú Uladh sa Ghaeltacht Lár ag rothaíocht ón Chlochán i gContae Uibh Fhailí go dtí'n Chlochán i gContae Dhún na nGall le hairgead a bhailiú do Ionad Lae an Chlocháin sa Ghaeltacht Lar.
Bhí Breandán ag caint le Treasa Bhreathnach le réamhbhlaiseadh faoi chlár Fhéile Ealaíona an Chlocháin na bliana seo a thabhairt dúinn.
Tá col ceathar Danny, Martin Boyle, as an Chlochán Liath ach atá ag obair sa Ghearmáin faoi láthair san otharlann go dona tinn tar éis eachtra a d'athraigh a shaol go tobann.
Rachaidh muid siar do dtí an bhliain 2000 nuair a labhair Edel Ní Chuireáin le hÁine Ní Ghallchóir as Gort a'Choirce a rinne ionadaíocht don Ghaeltacht ag Féile Mháire an Chlocháin Léith na bliana sin.
Cuireadh tús le Tionól Gaeltachta 2025 ar an Chlochán Liath tráthnóna inné.
Beidh Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ar siúl ar an Chlochán Liath ón lá inniu go dtí'n Domhnach. Tá clár leathan d'imeachtaí beartaithe as seo go tráthnóna Dé Domhnaigh.
Beidh ócáid ar siúl anocht in Ollscoil Uladh i gCúil Raithin dírithe ar logainmneacha agus an Ghaeilge i gComhairle Ceantair Chósta Chlochán an Aifir agus na nGlinntí.
Mairéad Farrell, TD ag labhairt faoi ionad tastála tiomána an Chlocháin a bheith dúnta don tsamhraidh.
Fadhbanna ag daoine le droch amharc a mbealach a dhéanamh i mbaile an Chlochán Léíth
Is cuimhin leis an mbean ón gCeapaigh sa Chlochán nuair a thug Eamonn de Valera a fhreagra cáiliúil ar Winston Churchill cothrom an lae seo 80 bliain ó shin.
Tá sé mar dhualgas ar an Chomhairle Condae a chinntiú gur an Ghaeilge a bhéas mar ghnáth theanga oibre in Oifigí Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Liath.
Linda Ní Dhroighneáin, Leas Phríomhoide Scoil Naomh Pádraig An Chloch Bhreac ag labhairt faoin iarracht atá ar bun acu le tuilleadh gasúir a mhealladh ag an scoil.
Tá feachtas bailiúcháin airgid ar bun san am i láthair ag Scoil Taobhóige ar an Chlochán sa Ghaeltacht Láir agus iad ag ullmhú le dul go Texas do na babhtaí ceannais de Chraobh Domhanda Róbataice VEX.
Seirbhísí iar-scoile an Chlocháin.
An tábhairneoir sa Chlochán ag caint faoi ghaol dá chuid a bhí obair leis sa teach tabhairne atá ag tosú ag obair i NASA.
Niamh Ní Thuathair, OPT an Chlocháin ag labhairt faoin chuid den méid atá beartaithe aici ina ról nua.
Tá Fleadh Cheoil Dhún na nGall ag pilleadh ar an Chlochán Liath arís i mbliana idir an 8ú - 11ú Bealtaine agus seolfar an fhleadh ag ócáid ar an bhaile anocht.
Roghnófar Máire na Gaeltachta d'Fhéile Mháire an Chlocháin Léith seachtain san oíche amárach agus glacfar le hiarratais go dtí amárach le dul san iomaíocht sa chomórtas.
Beidh lá mór ag girseachaí mionúir an Chlocháin Léith ar an Domhnach agus iad ag imirt i gcluiche ceannais Uladh agus beidh cluiche mór eile ar siúl ar an Domhnach fosta agus Cill Chua agus Aireagail Ciaráin ag dul in adharca a chéile i gcluiche ceannais na gclub anseo i gCúige Uladh.
Maraiodh Seán Scanlon, ó Chlochán na nUagha, Baile an Sceilig i dtimpist bhóthair istoiche de Sathairn. Tá pobal na dúichí sin fé scamal bhróin ó shoin,agus aithne agus cion ar féin is a mhuintir sa cheantar,
Tá na costais reatha le Féile áitiúil a reáchtáil ag méadú go mór agus ag cur brú ar choistí deonacha, a dúirt Gráinne Nic Niallas, Oifigeach Pleanála Teanga Baile Seirbhíse Gaeltachta an Chlochán Léith.
Seolfar an leabhar 'Ceann Scríbe Baile Ghib' i dTigh Uí Dhúbhda sa Chlochán ar an 12ú lá don mí seo. D'fhág líontithe Gaeltacht an Leitriúigh sa bhliain 1937 agus bhogadar go Baile Ghib. Tháinigh cuid acu abhaile,agus d'fhan cuid eile acu thuas.
Deir Kevin O'Hara go gcaithfear infheistíocht a dhéanamh i gcaomhnú na mbád seoil traidisiúnta agus i Seó Capaillíní an Chlocháin le cinntiú go bhfanfaidh siad mar íomhá de Chonamara.
Céard atá ag tarlú sa bpróiseas earcaíochta ó thaobh Ospidéal Pobail an Chlocháin agus imeacht Éamon Ryan.