Podcasts about chonradh

  • 19PODCASTS
  • 142EPISODES
  • 16mAVG DURATION
  • 1WEEKLY EPISODE
  • Apr 10, 2025LATEST

POPULARITY

20172018201920202021202220232024


Best podcasts about chonradh

Latest podcast episodes about chonradh

RTÉ - An Saol ó Dheas
Colm Ó hEartáin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Apr 10, 2025 3:43


Gradam le fáil aige ó Chonradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn i mBaile Átha Cliath inniu – mar dhuine atá gníómhach leis an nGaeilge sa tríú leibhéal.

RTÉ - Adhmhaidin
Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 9, 2025 2:16


Beidh cruinniú poiblí ar bun i nGaillimh anocht faoin ngéarchéim tithíochta agus lóistín atá sa tír.

gaeilge beidh chonradh ngaillimh n chinn
RTÉ - Iris Aniar
Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge & scoláirí a bhí ag Ard Fheis na nÓg.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Apr 4, 2025 19:57


Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge & scoláirí a bhí ag Ard Fheis na nÓg an tseachtain seo.

Raidió na Life 106.4FM
Conradh na Gaeilge: 120 Bliain (Clár 5: Baile Átha Cliath)

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Mar 27, 2025 27:00


Téann Judy-Meg ar cuairt chuig craobhacha éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge, fad is a n-insítear scéal stairiúl an Chonartha, ó lár an naoiú aois déag in Éireann. Is le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Fhoras na Gaeilge a rinneadh an léiriúchán seo. Fuaim innealtóireacht le Seán Ó Cearúil. Craolta ar Raidió na Life sa bhliain 2013.

Raidió na Life 106.4FM
Conradh na Gaeilge: 120 Bliain (Clár 2: Craobh Bheirlín)

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Mar 27, 2025 27:00


Téann Judy-Meg ar cuairt chuig craobhacha éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge, fad is a n-insítear scéal stairiúl an Chonartha, ó lár an naoiú aois déag in Éireann. Is le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Fhoras na Gaeilge a rinneadh an léiriúchán seo. Fuaim innealtóireacht le Seán Ó Cearúil. Craolta ar Raidió na Life sa bhliain 2013.

Raidió na Life 106.4FM
Conradh na Gaeilge: 120 Bliain (Clár 4: Craobh Mhanchain)

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Mar 27, 2025 27:00


Téann Judy-Meg ar cuairt chuig craobhacha éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge, fad is a n-insítear scéal stairiúl an Chonartha, ó lár an naoiú aois déag in Éireann. Is le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Fhoras na Gaeilge a rinneadh an léiriúchán seo. Fuaim innealtóireacht le Seán Ó Cearúil. Craolta ar Raidió na Life sa bhliain 2013.

Raidió na Life 106.4FM
Conradh na Gaeilge: 120 Bliain (Clár 3: Craobh Phádraig Mhic Piarais, Glaschú)

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Mar 27, 2025 27:00


Téann Judy-Meg ar cuairt chuig craobhacha éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge, fad is a n-insítear scéal stairiúl an Chonartha, ó lár an naoiú aois déag in Éireann. Is le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Fhoras na Gaeilge a rinneadh an léiriúchán seo. Fuaim innealtóireacht le Seán Ó Cearúil. Craolta ar Raidió na Life sa bhliain 2013.

Nuacht Mhall
8 Márta 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 8, 2025 4:54


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag na húdaráis in Sante Fe, New Mexico, go bhfuair an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa bás nádúrtha an mhí seo caite. Thángthas ar an bheirt agus iad marbh ina dteach ag deireadh mhí Feabhra, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhógach hantaivíris, galar neamhchoitianta a scaipeann creimirí, agus gur mhair Hackman beagnach seachtain eile ina diaidh. Bhí Hackman an-tinn le tamall, agus bhí galar croí, galar Alzheimer agus galar duáin air.  BhainHackman clú agus cáil amach sna 1970idí i scannáin ar nós The French Connection agus The Poseidon Adventure. Bhain sé gradam Oscar as a ról in The French Connection agus as ról tacaíochta in Unforgiven in 1992. Suaimhneas síoraí orthu beirt.Thug rí Nigéarach samplaí uisce leis chuig réamhthriail i Londain an tseachtain seo. Bhí an Rí Godwin Bebe Okpabi ag labhairt thar ceann a phobail i nDeilt Abhainn na Nígire maidir le truailliú a rinne an comhlacht ola Shell sa cheantar. Bhí an réamhthriail ar siúl chun scóip na gceisteanna dlíthiúla a shocrú roimh an phríomhthriail, a tharlóidh an bhliain seo chugainn. Dar le Okpabi, tá Shell i ndiaidh na milliúin dollar a chaitheamh ar na dlíodóirí is fearr, in áit an t-airgead sin a chaitheamh ar ghlanadh uiscí agus talamh a phobail. Tá an modh maireachtálatraidisiúnta sa cheantar scriosta, dar leis, agus ta2 leibhéal an-ard ailse sa réigiún, fiú i measc daoine óga. Fógraíodh Dé Céadaoin go gceapfar Coimisinéir Gaeilge agus Coimisinéir Ultaise i dTuaisceart Éireann i mí na Bealtaine. Gealladh na hoifigí nua seo cúig bliana ó shin sa mhargadh New Deal, New Approach, ach níor ceapadh coimisinéir ar bith nuair a tharraing an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP, amach as na hinstitiúidí ó thuaidh. Chuir an Chéad-Aire, MichelleO'Neill, agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, fáilte roimh an fhógra, agus dúirt Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gurb é ceapadh an Choimisinéara Gaeilge an “fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge nua”. Is é an ról an bheidh ag an Choimisinéir Teanga ná na caighdeáin teanga a leagan amach do chomhlachtaí poiblí agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin sa chás go ndéanfadh na comhlachtaí poiblí faillí ina ndualgais teanga.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsiondróm scamhógach hantaivíris - hantavirus pulmonary syndromecreimirí - rodentsréamhthriail - preliminary trialtruailliú - pollutionforáil - clause (legal)faillí - neglect

Seachtain
Gaelscolaíocht - blossoming under the DUP ach ag titim siar faoin rialtas ó dheas

Seachtain

Play Episode Listen Later Feb 27, 2025 20:34


Tá obair mhór os chomhair Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge agus é ag cur tús lena aistear sa ról. Toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin, gníomhaí teanga as Iarthar Bhéal Feirste, mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Labhair sé le Seachtain faoin fheachtas ‘Gaelcholáiste BÁC 2,4,6,8' agus an peirspictíocht éagsúil “Feirsteach” atá aige agus conas a imreoidh sé tionchar air sa ról amach anseo. Láithreoir; Tessa Fleming, Aoi; Ciarán Mac Giolla Bhéin Foclóir: Corraithe: Agitated Cuimsithe: Embodied Constaicí: Obstacles Naimhdeas: Animosity Cur i gcéill: Bluff/ Masquerade Cos ar bolg: Oppress Cur i gcrích: Accomplish Deartha: Designed Uaillmhianach: Ambitious. Borradh: Boom Meicníocht: Mechanism Timthriall: Cycle Cuí: Appropriate Inacmhainne: Affordable An Bhreatain Bheag: Wales Critéir: Criteria Pobalbhreith: Opinion poll See omnystudio.com/listener for privacy information.

RTÉ - An Saol ó Dheas
John Prendergast agus Liam Ó Hógáin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Feb 26, 2025 13:46


Ag an deireadh seachtaine toghadh an beirt acu ar choiste gnó Chonradh na Gaeilge. Ceol: Old Peter Street/The Dispute at the Crossroads/Within a Mile of Clonbur le Danú

Raidió na Life 106.4FM
Céad Míle Fáilte - Seán Ó Murchadha

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Feb 21, 2025 13:54


Agallamh le Seán Ó Murchadha atá mar feidhmeannach le Céad Míle Fáilte - togra de chuid Chonradh na Gaeilge chun an Ghaeilge a chuir chun cinn i measc na pobail nua in Éirinn - ar Lá na Máthairteangacha.

Raidió na Life 106.4FM
Comhrá le Julian de Spáinn

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Feb 20, 2025 8:31


Comhrá idir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Joe Breathnach de chuid ExtraG.ie do Raidió na Life

RTÉ - Adhmhaidin
Julian De Spáinn - Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 5, 2025 4:37


Tá sé curtha I leith an DUP go bhfuil siad ag stopadh an chórais a thugann deis do Rialtas na hÉireann breis maoinithe a chuir ar fáil do Fhoras na Gaeilge.

inns desp dup gaeilge chonradh rialtas
Raidió na Life 106.4FM
An Ghaeilge sa Dáil Nua - Róisín Ní Chinnéide

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Jan 18, 2025 11:16


Déanann Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge cíoradh ar phleannana an rialtais nua don Ghaeilge.

gaeilge ghaeilge chonradh n chinn
Nuacht Mhall
11 Eanáir 2025 (An Dún)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 11, 2025 5:44


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí Eanáir. is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Dhiúltaigh an tAire Oideachais ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Paul Givan iarratas ón scoil is mó sna Sé Chontae le bheith ina scoil imeasctha. Thacaigh tromlach soiléir thuismitheoirí na ndaltaí leis an athrú in Acadamh Bheannchair, a bhfuil timpeall 1,850 dalta ann. Ach tá cinneadh déanta anois ag Paul Givan nár cheart dul ar aghaidh leis na pleananna. Diúltíodh togra ó scoil eile i mBeannchar fosta, Bunscoil an Rátha Mhóir, chun athrú a dhéanamh ina scoil imeasctha. De réir doiciméad a d'fhoilsigh an Roinn Oideachais, mhol oifigigh go n-athrófaí an dá scoil le bheith imeasctha ach chinn an tAire gan an moladh sin a cheadú. Agus é ag diúltú do na tairiscintí, dúirt Givan nach raibh go leor fianaise ann go mbeadh dóthain daltaí Caitliceacha ag gach scoil chun oideachas imeasctha a chur ar fáil. Luaigh sé reachtaíocht Stormont ina ndeirtear gur cheart go mbeadh líon réasúnta leanaí Caitliceacha agus Protastúnacha araon i scoileanna imeasctha. "Fiú ar an anailís is dóchasaí, tá an chuma ar an scéal go mbeadh sé iontach deacair líon réasúnta a bhaint amach," a scríobh Givan.Tá an comhlacht teicneolaíochta Meta ag fáil réidh lena chuid seiceálaithe fíricí neamhspleácha ar Facebook agus Instagram, agus ag cur “nótaí pobail” i stíl cosúil leis an ardán X ina n-áit ina bhfágtar trácht ar chruinneas postálacha de chuid úsáideoirí. I bhfíseán Meta, dúirt an príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg go raibh modhnóirí tríú páirtí “róchlaonta ó thaobh na polaitíochta de” agus go raibh sé “in am dul ar ais go dtí ár bhfréamhacha maidir le saoirse cainte”. Tagann an t-aistriú seo agus Zuckerberg agus feidhmeannaigh eile i dtionscal na teicneolaíochta ag iarraidh caidreamh a fheabhsú le hUachtarán tofa na Stát Aontaithe, Donald Trump, sula rachaidh sé in oifig níos déanaí an mhí seo. Cháin Trump agus a chomhghuaillithe Poblachtacha Meta as a pholasaí seiceála fíricí, ag rá go ndéanann an comhlacht cinsireacht ar ghuthanna na heite deise. Ag labhairt dó i ndiaidh na hathruithe a fhógairt, dúirt Trump ag comhdháil nuachta go raibh sé an-tógtha le cinneadh Zuckerberg.Tá an Gael, scríobhneoir, agus foilseoitheoir Pádraig Ó Snodaigh ar shlí na bhfírinne. Tháinig na sluaite daoine le chéile fá choinne thórramh Phádraig, a fuair bás agus é 89 bliain d'aois, i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath. Ba Ghael go smior é an tUasal Ó Snodaigh, agus ba dhuine mór le rá é i measc gníomhaithe Gaeilge agus chúis na teanga ó dheas. Ba iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge é, a chaith a shaol ar fad ag troid ar son cearta teanga, agus é ag obair leis an ESB agus an iarsmalann náisiúnta. Chuir Pádraig an comhlacht foilsiú Coiscéim ar bun, le £1000 a bhfuair sé ar iasacht ó chara dá chuid in 1980, comhlacht a d'fhoilsigh níos mó ná 1,700 leabhar. Bhí seisear mac aige lena bhean, an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen, a cailleadh dhá bhliain go leith ó shin; Teachta Dála is ea é mac amháin, agus tá triúr eile bainte leis an ghrúpa ceoil Kíla. Bhí a chónra caoladóireachta clúdaithe faoi bhratach scal ghréine an Chonartha agus í á tabhairt isteach go Séipéal Naomh Peadar agus Pól. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS scoil imeasctha - integrated school reachtaíocht - legislation seiceálaithe fíricí neamhspleácha - independent fact checkers modhnóirí - moderators cónra caoladóireachta - wicker coffin scal ghréine - sunburst

Seachtain
Ó Snodaigh agus Ó Cairealláin: The men behind éirí amach na Gaeilge

Seachtain

Play Episode Listen Later Jan 9, 2025 22:45


Cailleadh Gael mór le rá roinnt seachtainí anuas, Pádraig Ó Snodaigh agus Gearóid Ó Cairealláin, beirt iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Toghadh Pádraig ina Uachtarán idir 1974-1979 agus chuir sé tús leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Coiscéim i 1980. Chaith Gearóid tréimhse mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge idir 1995-1998 agus thuill sé aitheantais le linn a shaoil mar ghníomhaí teanga. Bhí sé mar chuid den ghrúpa a bhunaigh roinnt mhaith tionscadail Gaeilge, ar nós an páipéar nuachta Lá, Raidió Fáilte, Meánscoil Feirste, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, agus an compántas drámaíochta Gaeilge Aisling Ghéar. Ar Seachtain, labhair Ciarán Ó Feinneadha, dlúthchara den bheirt, faoin oidhreacht atá fágtha ag an dá laoch seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Micheál de Mordha

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jan 6, 2025 8:07


Ag caint in ómós do Phádraig Ó Snodaigh - an scríbhneoir, foilsitheoir, gníomhaí teanga, agus iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge agus an nasc a bhí aige le Chorca Dhuibhne

miche gaeilge uachtar snodaigh chonradh chorca dhuibhne
Nuacht Mhall
21 Nollaig 2024 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 21, 2024 6:45


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna. In Éirinn, tá an idirbheartaíocht idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách chun rialtas nua a bhunú fós ar siúl. Toghadh Verona Murphy ina Ceann Comhairle Dé Céadaoin, an chéad bhean tofa san oifig údaí i stair an stáit. Is Teachta Dála neamhspléach ó Loch Garman í, agus dúirt sí gur mór an onóir di an ról a ghlacadh. Gheall sí go mbeidh sí cothrom agus stuama, agus gheall sí freisin a cuid Gaeilge a fheabhsú go leibhéal i gcomhréir leis an ról. Dé Máirt, fógraíodh go mbeidh an calafort Holyhead ar Inis Món dúnta go dtí an cúigiú lá déag de mhí Eanáir, ar a laghad, mar gheall ar an dochar a rinne Stoirm Darragh ann. Cuirfidh an dúnadh isteach go mór ar dhaoine ag taisteal abhaile don Nollaig, agus ar an bpost idir Éire agus an Bhreatain. Dúirt urlabhraí ó Chomhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann gur géarchéim atá ann, go mbeidh tionchar ollmhór ag an dúnadh ar an tionscal, agus go bhfuil baill dá gcuid ag cailleadh trí chéad míle euro gach seachtain mar gheall air. De ghnáth, téann 60% d'earraí a thagann isteach in Éirinn trí chalafort Holyhead. Tá an rialtas i gcomhoibriú le rialtas na Breataine Bige chun an tionchar a laghdú, agus an trácht a chur ar mhalairt slí trí Fishguard, Learpholl, nó Càrn Rìoghain in Albain. D'éag Gearóid Ó Cairealláin, laoch na Gaeilge i mBéal Feirste agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine. Is iomaí gaisce a baineadh amach ar son na teanga faoina cheannasaíocht fhíseach, lena n-áirítear: an chéad nuachtán laethúil as Gaeilge in Éirinn, Lá, a thosaigh in 1984; Coláiste Feirste, meánscoil lán-Ghaeilge a bunaíodh in 1991; Raidió Fáilte, a fuair ceadúnas in 2006; Aisling Ghéar, an compántas drámaíochta Gaelaí; agus Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, i gcroílár na ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste. Tá clú agus cáil bainte amach ag a mhac Naoise, nó Móglaí Bap mar is fearr aithne air, sa bhanna ceoil Kneecap. Suaimhneas síoraí ar a anam uasal Gaelach. Guíonn muid Nollaig shona, agus bliain úr faoi shéan is faoi mhaise, dár lucht éisteachta ar fud an domhain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS idirbheartaíocht - negotiation Grúpa Réigiúnach Neamhspleách - Regional Group of Independents Inis Món - Ynys Môn/Anglesey Comhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann - Irish Road Haulage Association ceannasaíocht fhíseach - visionary leadership ceadúnas - licence

Raidió na Life 106.4FM
Fada is Fairsing 17ú Nollaig 2024

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Dec 17, 2024 26:28


Ar an gclár seo chualamar ó Michael Ó Conchúir ó Chonradh na Gaeilge Aoetearoa sa Nua Shéalainn linn le labhairt faoin bPop Up Gaeltacht a bhí acu an tseachtain seo caite agus go leor eile! Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Chiarán Ó Ceallaigh sa Bhruiséil faoi obair Chonradh na Gaeilge ansin agus faoin gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi lánúin ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa chathair dar teideal La Vie sa Bhruiséil.

RTÉ - Adhmhaidin
Julian de Spáinn, Ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 25, 2024 5:00


Seolfaidh Conradh na Gaeilge bileog eolais inniu mar chuid den fheachtas #Gaelvóta le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge a chur ar an eolas faoi sheasamh na bpáirtithe polaitiúla i dtaobh éilimh an Chonartha faoin teanga.

Raidió na Life 106.4FM
Toghchán '24 - Ceist na Gaeilge sna Forógraí Polaitíochta

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Nov 13, 2024 11:47


Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, ag caint linn faoin nGaeilge sna forógraí ag páirtithe polaitíochta go dtí seo, agus na ceisteanna ar cheart do phobal na Gaeilge a chur ar pholaiteoirí agus iad i mbun feachtasaíochta.

Splanc
Cuán v Cúán: Scoil Synge agus Club Chonradh na Gaeilge

Splanc

Play Episode Listen Later Sep 27, 2024 18:54


le Cúán de Búrca

RTÉ - Adhmhaidin
Róisín de Bhaldraithe, Craobh Chonradh na Gaeilge, An Bhruiséil.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Sep 26, 2024 3:03


Inniu Lá Teangacha na hEorpa. Mar chuid den ceiliúradh reáchtálfar imeacht i bParlaimint na hEorpa sa mBruiséil anocht atá eagraithe ag an bhfeisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú agus Conradh na Gaeilge.

gaeilge conradh heorpa chonradh bhruis
Raidió na Life 106.4FM
Dúnadh Club an Chonradh

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Sep 25, 2024 6:48


Cara Nic Giolla Chomhaill ag labhairt linn faoi dhúnadh 6 Sráid Fhearchair ar feadh 3 bliana agus athchóiriú suntasach á dhéanamh ar an bhfoirgneamh.

club sr nadh chonradh
Raidió na Life 106.4FM
Fada is Fairsing 17ú Meán Fómhair 2024

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Sep 17, 2024 23:38


Ar an gclár seo bhí Brent Ó Casaide linn le labhairt faoi Fhleadh Ghaelach Oulu san Fhionlainn, ar siúl ón 25-29 Meán Fómhair le héagsúlacht ceoltóirí agus scéalaithe i measc go leor eile ar an gclár spleodrach! Chomh maith leis sin, labhraíomar le Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge faoin imeacht ag a mbeidh sí ag labhairt, comheagraithe ag @Conradh na Gaeilge Craobh na Bruiséile agus Feisire Pharlaimint na hEorpa, Cynthia Ní Mhurchú sa Bhruiséil, díospóireacht painéil ar "Theangacha ar son na Síochána" mar cheiliúradh ar Lá Eorpach na dTeangacha ag deireadh na míosa leis an Ambasadóir Cáit Moran, Leas Bhuanionadaí na hÉireann chuig an AE agus Aire Gaeltachta, Thomas Byrne TD.

moran ae fada gaeilge conradh chomh heorpa chonradh bhruis n chinn
Nuacht Mhall
7 Meán Fómhair 2024 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Sep 7, 2024 7:21


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis sin, cháin antuarascáil na comhlachtaí tógála a chuir cumhdach inlasta ar éadan Thúr Grenfell agus a mhaígh nach raibh dainséar ar bith ag baint leis. Fuair 72 duine bás sa Túr ar an 14Meitheamh 2017 sa tine ba mheasa a tharla sa Ríocht Aontaithe ón nDara Cogadh Domhanda. Thosnaigh an tine mar gheall ar fhadhb leictreach i gcuisneoir ar an gceathrú urlár agus ansan scaip sí go tapa de bharr an chumhdaigh ar éadan an fhoirgnimh. Labhair Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, leis na daoine a tháinig slán as an dtubaiste agus leteaghlaigh na n-íospartach agus gheall sé go ndéanfadh an rialtas dianstaidéar ar an dtuarascáil agus ar na moltaí atá ann chun cinnte a dhéanamh nach dtarlódh tragóid eile dáléithéid aríst.Cé go raibh gliondar an domhain ar lucht leanúna Oasis an tseachtain seo caite nuair a d'fhógraíodar go mbeidh siad ag teacht le chéile aríst chun dul ar camchuairt, níor lean anlúchair sin do chuid maith dóibh siúd nuair a chuaigh na ticéid ar díol maidin Dé Sathairn. Bhí díol na dticéad á bhainistiú ag Ticketmaster agus ag an bpoiblitheoir ceolchoirmeacha MCD ach theip ar go leor daoine ticéid a fháil tar éis scuainí fada, fadhbanna teicniúla aguspraghsanna arda nach raibh aon choinne acu leo. Mar shampla, dúradh roimh ré go mbeadh ticéid ar fháil ó €86 ach ó thús an díolacháin bhí sé deacair ticéad a fháil ar phraghas níos lú ná €400. Cháin an Tánaiste Mícheál Martin an straitéis phraghsála a bhí ag Ticketmaster agus tá seans ann go mbeidh fiosrúchán á dhéanamh ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí. Ach cibé rud go bhféadfadh teacht as an bhfiosrúchán san, is cosúil go mbeidh go leor daoine ag féachaint siar ar an ndeireadh seachtaine le fearg…Beidh Maratón Dhaingean Uí Chúis ar siúl in iarthar Leithinis Chorca Dhuibhne Dé Sathairn. Dé réir na n-eagraithe, níl maratón eile san oileán le radharcra níos áille ná an ceann so. Beidh maratón agus leathmharatón á rith ar an lá, agus tosnóidh an dá rás ag an Muiríne i nDaingean. Rachaidh na hiomaitheoirí siar i dtreo Cheann Trá agus ansin go DúnChaoin. Críochnóidh an leathmharatón ansin ach ní hea an scéal céanna do na hiomaitheoirí sa mharatón – beidh orthusan leanúint ar aghaidh ó thuaidh trí Bhaile an Fheirtéaraigh agus iad ag rith in aghaidh na mala. Ach is fiú an cruatan mar beidh radharcra iontach rompu agus iad ag dul isteach go dtí an Daingean aríst. Beidh ball de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain ag glacadh páirt sa mharatón, Aodhán Ó Cathail. "Is mise Aodhán Ó Cathail agus táim ag foghlaim Gaeilge i Londain le dhá bhliain go leith anois. Ag an deireadh seachtaine, rithfidh mé mo chéad mharatón sa Daingean i gContae Chiarraí. Tá súil agam go mbeidh gach rud go maith, agus táim ag tnúth go mór leis. Le cúnamh Dé piocfaidh mé suas cúpla focal ar an mbealach." Go n-éirí an t-ádh le hAodhán ag an ndeireadh seachtaine. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS faillí - neglect, negligence cumhdach - cladding camchuairt - tour straitéis phraghsála - pricing strategy radharcra - scenery in aghaidh na mala - against the slope

pr dc oasis ach aire ticketmaster dt tar bh keir starmer muir mcd grenfell gaeilge aodh mhe conradh beidh bhaile daingean chomh aontaithe inniu londain chonradh breataine d sathairn gcoimisi nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Donnacha Ó hÉallaithe, Gníomhaí Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 16, 2024 6:41


In alt a foilsíodh ar Tuairisc.ie inné tugadh le fios go ndúirt 59% i bpobalbhreith a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge ‘gur chóir go mbeadh aire sinsearach le Gaeilge freagrach go díreach as cúrsaí Gaeilge aus Gaeltachta in ionad aire sóisearach', mar atá againn faoi láthair.

RTÉ - Adhmhaidin
Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 11, 2024 3:53


Tráthnóna inniu sa Dáil rithfidh an rialtas an dara céim de na leasaithe atá i gceist a dhéanamh ar Bhille Údarás na Gaeltachta, 2024. Céard is dóigh le Conradh na Gaeilge?

RTÉ - Adhmhaidin
Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 20, 2024 6:20


An tseachtain seo a bhí cruinniú ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Stáit Gaeltachta, Thomas Byrne - an chéad chruinniú dá gcuid leis an Aire Stáit ó ceapadh é.

RTÉ - Iris Aniar
Treasa Ní Ghearraigh, bainisteoir Comhar Dhún Chaocháin.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later May 20, 2024 7:50


Treasa Ní Ghearraigh, bainisteoir Comhar Dhún Chaocháin ah labhairt faoi Thionól Chonradh nma Gaeilge a bheas ar bun i gCeathrú Thaidhg.

gaeilge treasa comhar chonradh
RTÉ - Adhmhaidin
Pádraig Ó Tiarnaigh - Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge ó thuaidh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 6, 2024 4:36


Tugadh le fios i gcomhthionól Stormont le gairid go bhfuil an réamhobair ar fad déanta anois a réitíonn an bealach do cheapachán coimisinéírí teanga agus aitheantais ó thuaidh.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Conor Ó Brosnacháin;Conradh an Daingin 1529

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Apr 24, 2024 5:06


Labharfaidh an Dr. Declan Downey ar Chonradh an Daingin sa Díseart sa Daingean ag a 3 chloig de Domhnaigh seo chughainn. Síníodh an Conradh 495 bliain ó shoin,agus cuireadh bonn trádála idir an Daingean agus críocha na Spáinne dá bharra. Caithfear suiocháin a chuir in áireamh.

conradh daingean chonradh daingin
Bladhaire - RTÉ
Simon ó Donnabháin - Craobh Inse Chór de Chonradh na Gaeilge

Bladhaire - RTÉ

Play Episode Listen Later Apr 11, 2024 6:10


imeachtaí go leor ar siúl ag an chraobh ina measc ceolchoirm

gaeilge inse chonradh
RTÉ - An Saol ó Dheas
Insealbhú Phádraig Mhic Fhearghusa mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Feb 26, 2024 20:50


Insealbhaíodh Pádraig Mac Fhearghusa mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge ag ócáid san ard chathair tráthnóna Dé hAoine seo caite.

RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas: Dé Luain 26 Feabhra 2024.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Feb 26, 2024 50:01


Eddie Hutch; Beidh rang táthú tosnú anocht i scioból na bhfear sa Daingean. Insealbhú Phádraig Mhic Fhearghusa mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge. An Comhairleoir Contae Gobnait Ní Mhuineacháin;Cá bhfuil Plean Teanga Bhaile Mhaghchromtha.

gaeilge uachtar saol dhea s beidh daingean chonradh d luain
RTÉ - Adhmhaidin
Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 15, 2024 3:07


Tá díomá léirithe ag Conradh na Gaeilge faoin gcaoi inar labhair iar-aire rialtais Ivan Yates agus an láithreoir teilifíse Brian Dowling faoin nGaeilge ar ‘The Six O'Clock Show' ar Virgin Media an tseachtain seo.

RTÉ - Adhmhaidin
Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta, Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 13, 2024 7:46


Léirisú a reáchtáil taobh amuigh do Theach Laighean ag am dinnéir inniu le aird a dhíriú ar cheist na tithíochta I gceantair Ghaeltachta sa tír seo.

gaeilge chonradh ghaeltachta n chinn
RTÉ - Adhmhaidin
Mairéad Ní Fhátharta, Meitheal Gaeltachta Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 9, 2024 3:46


Léirsiú a reáchtáil taobh amuigh do Theach Laighean Dé Máirt seo chugainn le aird a tharraingt ar cheist na tithíochta.

Splanc
Scéalta nuachta na seachtaine; 50 bliain ar aghaidh ó fheachtas stairiúil chraolacháin Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge; na cláir theilifíse gur chor dúinn breathnú ar; agus scéalta spóirt na seachtaine

Splanc

Play Episode Listen Later Jan 19, 2024 122:15


Pléann Emmet Ryan scéalta na seachtaine le Cuán; faighimid léargas ó Cholm Mac Gearailt ar fheachtas stairiúil de chuid Chonradh na Gaeilge agus iad ag iarraidh craolacháin i nGaeilge 50 bliain ó shin; insíonn Sinéad Ní Uallacháin dúinn faoi na cláir theilifíse is fearr faoi láthair; agus tá Daragh Ó Conchúir ag déanamh cur síos ar an méid atá ag titim amach sa spórt.

RTÉ - Adhmhaidin
Julian de Spáinn, Árd Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 5, 2024 4:59


Tá Conradh na Gaeilge ag diúltú riaraistí ar bhillí a íoc le Uisce Éireann, de bharr go bhfuil an chomhfhreagras atá dhá fháil acu ón gcomhlacht i mBéarla.

RTÉ - Adhmhaidin
Julian De Spáinn, Árd Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 1, 2023 4:05


Úsáid na Gaeilge i dteachtaireachtaí fuathchainte ar na hárdáin meán-shóisialta.

Bladhaire - RTÉ
Cuan De Burca, Cathaoirleach Chraobh 1916, Chonradh na Gaeilge.

Bladhaire - RTÉ

Play Episode Listen Later Nov 30, 2023 7:05


Beidh an Réabh 1916 ar siúl i gClub an Chonartha, Baile Átha Cliath, Dé Satharn seo. Gig techno Gaelach le téama Éirí Amach 1916 atá ann.

RTÉ - Adhmhaidin
Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 14, 2023 5:53


In agallamh ar an stáisiún seo ag an deireadh seachtaine, dúirt an Dr. Pádraig Ó Duibhir gur cóir Tionól Saoránach a reáchtáil faoin nGaeilge. Aontaíonn Conradh na Gaeilge leis an moladh seo.

Nuacht Mhall
11 Samhain 2023 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 11, 2023 4:53


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá an choimhlint sa Mheánoirthear ar siúl le níos mó ná mí anois. Thosaigh an cogadh ar an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair nuair a rinne Hamas ionsaí ag féile cheoil in Iosrael, inar thóg siad timpeall 200 giall. Chuir Iosrael tús le buamáil in Gaza mar fhreagra. Maraíodh thart ar 1400 Iosraelach agus níos mó ná 10,000 saoránach Palaistíneach ó tosaíodh na hionsaithe an mhí seo caite, 4,000 páistí san áireamh. Deir na Naisiúin Aontaithe go bhfuair timpeall 5,400 daoine bás san iomlán i ngach coimhlint eile a bhí idir Iosrael agus Hamas ó bhí 2007 ann. Deirtear gurb é seo an feachtas buamála is faide ar cheantar a bhfuil daoine ina gcónaí ann sa stair. Deir údaráis Iosrael nach gcuirfidh siad stop leis an bhfeachtas go dtí go ligfear saor na gialla atá ag Hamas. Tá taispeántais dlúthpháirtíochta don Phalaistín ag leanúint ar aghaidh in a lán tíortha, agus agóideoirí ag lorg sos cogaidh.Rinneadh digitiú ar 60,000 mír ó chartlann Chonradh na Gaeilge, atá ar fáil ar líne anois. Tá an tionscnamh, a thosaigh bliain go leith ó shin, ar siúl ag Ollscoil na Gaillimhe, i gcomhoibriú le Conradh na Gaeilge. Ní ach thart ar 10% den bhailiúcháin atá i gceist leis an 60,000 mír, as níos mó ná 600,000 míreanna san iomlán. Leanann an obair chun an chartlann a dhigitiú ina hiomláine. Baineann na míreanna le gníomhaíocht agus feachtasaíocht na heagraíochta ó bunaíodh í in 1893 anuas go casadh na mílaoise. Lena chois sin tá roinnt mhór foinsí sa chartlann a bhaineann leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann le linn an chéid roimhe. Deir Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil siad bródúil go bhfuil an bailiúcháin acu, rud a chuireann leis an mbailiúcháin digiteach ollmhór d'fhoinsí stairiúla Gaeilge, cultúir, béaloidis srl. a bhí acu roimhe.Chonacthas na Gealáin Thuaidh, nó Aurora Borealis, sa spéir os cionn Éireann ag tús na seachtaine. Eachtra annamh é iad a fheiceáil in Éirinn, rud a chur sceitimíní ar réalteolaithe idir ghairmiúil agus amaitéarach. De ghnáth ní bheadh na Gealáin le feiceáil ó theas Dhún na nGall ach chonacthas iad i gCorcaigh an tseachtain seo. Den chuid is mó bhí siad infheicthe leis an tsúil ach d'éirigh  le daoine grianghraif áille a thógáil, agus iad ag úsáid nochtadh fada chun solas atá infheicthe don tsúil a ghabháil. Don tsúil, ní ach solas doiléire ar fhíor na spéire a bhí le feiceáil. Tá roinnt mhór grianghníomhaíochta, an feiniméan a chruthaíonn na Gealáin, ar siúl faoi láthair. Tá súil ag saineolaithe go mbeidh roinnt deiseanna eile againn iad a fheiceaíl ó Éirinn arís le linn na bliana atá romhainn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS giall - hostage sos cogaidh - ceasefire feachtasaíocht - campaigning casadh na mílaoise - turn of the millennium infheicthe leis an tsúil - visible to the eye grianghníomhaíocht - solar activity

RTÉ - Adhmhaidin
Julian de Spáinn, Árd Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 13, 2023 4:12


Tá díomá léirithe ag Conradh na Gaeilge faoin laghad maoiniú a d'fhógair an rialtas chun tacú le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Nuacht Mhall
26 Lúnasa 2023 (An Dún)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Aug 26, 2023 6:12


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an séú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Is í an India an chéad tír chun spásárthach a thabhairt i dtír go rathúil ar phol theas na gealaí. Theip ar iarrachtaí na hIndia roimhe seo, agus mar gheall ar thír-raon garbh an phoil theas bhí sé deacair teacht i dtír. Bhí sé mar aidhm ag Chandrayaan-3 a bheith ar an chéad spásárthach chun teagmháil a dhéanamh i réigiún de dhromchla na gealaí a measadh go raibh cráitéir dhoimhne ann agus oighear uisce iontu. Chuaigh sé i dteagmháil le dromchla na gealaí sé seachtaine i ndiaidh dó a bheith seolta ar bord roicéid ó spásphort in Andhra Pradesh. Bhí gártha agus bualadh bos ó rialú misin ag Ionad Spáis Satish Dhawan tar éis na tuirlingthe rathúla. Chuaigh an Príomh-Aire Narendra Modi isteach i nglao comhdhála ag an ionad spáis chun féachaint ar an tuirlingt, agus chroith sé bratach na hIndia nuair a d'éirigh leis an tuirlingt. Tá suim ar leith ag eolaithe san oighear uisce, toisc go bhféadfaí é a úsáid fá choinne breosla, ocsaigine agus uisce óil - agus an misean ag déanamh na bunoibre fá choinne bunáit bhuan amach anseo. Fuair beirt fhear bás agus iad san iomaíocht i gcomórtas IronMan i gContae Chorcaí Dé Domhnaigh seo caite. Chuaigh na fir, a bhí sna 40í agus sna 60í, i dtrioblóid in eachtraí ar leith le linn na céime snámha den rás in Eochaill, Co. Chorcaí. Bhain na seirbhísí éigeandála amach as an uisce iad ach fógraíodh go raibh siad marbh díreach ina dhiaidh. Cuireadh an t-imeacht siar ón Satharn mar gheall ar thuilte agus drochchoinníollacha cúrsaí i ndiaidh stoirme. Gearradh an snámh ó 3.8km go 1.9km cheana féin de bharr drochaimsire, ach lean an rás ar aghaidh agus ligeadh d'iomaitheoirí críochnú in ainneoin na tragóide dúbailte sa chéad chuid den rás. Tá naimhdeas anois idir lucht eagraithe áitiúil IronMan agus Triathalon Ireland, an comhlacht rialaithe do rásaí agus comórtais dá leithéid in Éirinn faoi cén uair a tugadh fógra gan dul ar aghaidh leis an rás. Deir Conradh na Gaeilge gur chóir a chinntiú sa bhuiséad nach mbeidh an bochtanas ina bhac ar aon duine óg atá ag iarraidh freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta. Tá an eagraíocht teanga ag éileamh ar an rialtas suas le €10 milliún breise a chaitheamh ar scéimeanna chun scoláireachtaí a chur ar fáil do scoláirí le freastal ar choláistí Gaeilge lena chinntiú go mbeidh aon pháiste ar mhaith leo freastal ar an Ghaeltacht in ann sin a dhéanamh. Faoi láthair, cuireann Roinn na Gaeltachta €400,000 ar fáil chun 400 scoláireacht a sholáthar do pháistí in iar-bhunscoileanna chun deis a thabhairt dóibh dul go dtí an Ghaeltacht le linn an tsamhraidh. Ach tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go ndéanfar méadú suntasach ar an infheistíocht sin. Agus an rialtas ag ullmhú do Bhuiséad 2024, deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur anois an t-am lena chinntiú go mbeidh deis ag an oiread páistí agus is féidir freastal ar choláiste Gaeilge, go háirithe páistí atá faoi dhrochchoinníollacha sóisialta. Deirtear go minic go bhfuil an costas a bhaineann le páiste a chur chuig coláiste samhraidh sa Ghaeltacht, a mbíonn táille suas le €1,000 ag baint leis, ina bhac ar go leor teaghlach ar fud na tíre. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS spásárthach - spacecraft pol theas na gealaí - the south pole of the moon bunáit bhuan - permanent base naimhdeas - hostility lucht eagraithe áitiúil - local organisers bochtanas - poverty

RTÉ - Adhmhaidin
Conchúr Ó Muadaigh : bainisteoir abhcóidíochta Chonradh na Gaeilge sna 6 Chontae.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 7, 2023 6:09


Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Oifig an Fheidhmeannais agus ar Oifig Thuaisceart Éireann bogadh ar aghaidh gan a thuilleadh moille leis an bpróiseas chun Coimisinéir Gaeilge a cheapadh.

conch gaeilge chonradh chontae
RTÉ - Adhmhaidin
Julian De Spáinn, Ard-rúnaí Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 26, 2023 3:13


Tá Séamus Ó Concheanainn ainmnithe ag an rialtas mar an chéad Choimisinéir Teanga eile. Labhair Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge faoi na dúshláin a bheidh le sárú ag an gCoimisinéir nua.

RTÉ - Adhmhaidin
Seán Ó Drisceoil, Cathaoirleach Chraobh an Athar Uí Ghríofa de Chonradh na Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 5, 2023 5:47


Dúirt Cathaoirleach Chraobh an Athar Uí Ghríofa de Chonradh na Gaeilge Bhearna/na bhForbacha nach féidir cúram tithíochta ná forbartha sa nGaeltach a fhágáil faoi Chomhairle Contae na Gaillimhe. 

Nuacht Mhall
1 Aibreán 2023 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 1, 2023 4:16


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhuaigh rialtas na hÉireann vóta muiníne, tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre rún mímhuiníne a ardú, i bhfreagracht don díospóireacht maidir leis an gcosc díshealbhaithe. Bhí an díospóireacht bunaithe ar chinneadh an rialtais chun an cosc díshealbhaithe a chur i leataobh, i gcoinne rún ó Sinn Féin chun é a shíneadh go dtí mí Eanáir 2024. Lean an díospóireacht níos mó ná dhá uair an chloig agus dúirt an Ceann Comhairle go raibh iompar ‘uafásach' ag an dá thaobh. Dúirt Páirtí an Lucht Oibre go raibh teipthe ar an rialtas maidir le tithíocht agus go bhfágfaí daoine gan dídeán mar gheall ar dheireadh an choisc. Vótáil 86 TD i bhfábhar an rialtais agus 67 ina choinne. I gcás gur chaill an rialtas an vóta, tharlódh olltogchán. Tharla agóid le linn na seachtaine lasmuigh de Theach Laighean faoi chás na Gaeilge sa chóras oideachais. Bhí daltaí, múinteoirí, agus tuismitheoirí i láthair. Tá an feachtas Gaeilge4All ag iarraidh go mbunófar coiste oibre le saineolaithe Gaeilge chun fadhb na Gaeilge sa chóras oideachais a fhreagairt. Cúpla de na gearáin a chloistear ná an cinneadh conspóideach chun páipéar a haon den Ardteist Ghaeilge a bhogadh go dtí an cúigíú bliain agus córas na ndíolúintí, a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, atá imithe ‘as smacht'. Dúirt sé freisin go bhfuil 90% de mhúinteóirí míshásta le siollabais na Sraithe Sóisearaí agus go bhfuil easpa Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fud na tíre. Fuair láithreoir, fuirseoir agus draig-ríon Paul O'Grady bás Dé Céadaoin ag aois 67. Bhí cáil ar O'Grady mar an chéad draig-ríon ar theilifís príomhshrutha sa Bhreatain, ag dul ar an aer mar Lily Savage den chéad uair sna nóchaidí. Tugadh ‘ceannródaí' uirthi agus tháinig na mílte ómós ó gach saghas duine ach go háirithe ó dhraig-ríonacha eile agus ó dhaoine ón bpobal LADTA a dúirt gur thug sí compord agus muinín dóibh a bheith compordach leo féín agus gur chruthaigh sí deiseanna d'ealaíontóiri draig eile gairm a bhaint amach. Níos déanaí sa ghairm d'éirigh O'Grady as an gcarachtar Lily Savage a dhéanamh agus rinne níos mó oibre faoina ainm féin, agus é ag tuilleadh rath agus grá an phobail arís le cláracha cosúil le ‘Paul O'Grady, For the Love of Dogs' a lean go dtí a bhás. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS rún mímhuiníne - motion of no confidence díospóireacht - debate saineolaithe - experts díolúintí - exemptions fuirseoir - comedian ceannródaí - trailblazer

love pr dogs dc td bh sinn f rann ean gaeilge conradh aibre londain inniu chonradh bhreatain nuacht mhall