POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an séú la déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.D'fhógair iarrthóir uachtaránachta Fíne Gael, Mairéad McGuinness, ar an Déardaoin go bhfuil sí ag tarraingt amach as an bhfeachtas Uachtaránach. Dúradh nach cinneadh éasca ab ea ann ach tar éis tréimhse san ospidéal go bhfuil a sláinte curtha chun tús aici. I ráiteas an pháirtí tugadh tacaíocht di agus dúradh go mbuailfidh Comhairle Feidhmiúcháin Fíne Gael le chéile go luath leis an gcéad chéim eile a phleanáil, ach níl sé soiléir cé eile a rithfidh dóibh. Tá an TD Neamhspleách Catherine Connolly ó Ghaillimh Thiar ag báiliú tacaíocht ar an eite chlé, an t-aon iarrthóir anois tar éis feachtas a lainseáil agus leis an tacaíocht atá de dhíth chun ainmniúchán a bhaint amach. Níl sé soiléir an gcuirfidh Fianna Fáil iarrthóir ar aghaidh, tá plé inmheánach fós ar siúl ag Sinn Féin agus tá roinnt ainmneacha neamhspleácha sa chomhrá ach níl aon iarrthóir láidir le feiceáil fós. Críochnóidh téarma Mhichíl D. Uí hUigínn ar an 11 Samhain tar éis 14 bliain in oifig. Is dócha go mbeidh lá an toghcháin ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.Maraíodh ceathrar iriseoirí de chuid Al Jazeera in ionsaí beartaithe Iosraelach an tseachtain seo caite. Maraíodh seachtar san iomlán nuair a bhuail drón Iosraelach pobal lasmuigh d'ospidéal al-Shifa i gcathair Gaza a bhí ag tabhairt dídeán do na meáin. Maraíodh beirt chomhfhreagraithe; Anas al-Sharif agus Mohammed Qreiqeh, agus beirt cheamaradóirí; Ibrahim Zaher agus Mohammed Noufal. Bhí cáil ar Anas al-Sharif go háirithe mar ghuth láídir ó thús an chogaidh a chuir an fhírinne faoin uafás atá á dhéanamh ag Iosrael i nGaza ar stáitse domhanda. Is é an cogadh seo an cogadh is marfaí d'iriseoirí riamh, agus beagnach 270 iriseoir agus oibrí na meáin maraithe ag Iosreal ón 7 Deireadh Fomhair 2023. Sin níos mó ná gach iriseoir a maraíodh i ngach cogadh mór ón gCogadh Cathartha i Stáit Aontaithe Mheiriceá go dtí an lá atá inniú ann, curtha le chéile.Bhuaigh Gaillimh Cluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann an bhliain seo, tar éis cluiche drámatúil in aghaidh Chorcaí. Baineadh an bua amach ag an nóiméad deireanach le pointe ó Carrie Dolan, captaen na foirne, cúpla nóiméad tar éis cúl ó Chorcaigh a chuir an dá fhoireann ar comhscór. Is bua sceitimíneach é seo do Ghaillimh - bhuaigh Corcaigh an bhliain seo caite ina gcoinne arís agus bhí “three in a row” á lorg acu i mbliana. Seo an cúigiú bua den chomórtas do Ghaillimh, an triú ceann faoi bhainistiú Cathal Murray. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISiarrthóir uachtaránachta - presidential candidateComhairle Feidhmiúcháin - Executive Councilcomhfhreagraithe - correspondentsceamaradóirí - camera operatorscomhscór - even scores, drawbua sceitimíneach - exciting win
Beidh an Taoiseach i measc na gcainteoirí inniu ag comóradh an Stát ar bhreith Dhónaill Uí Chonaill dhá chéad go leith bliain agus an lá inniu i gCathair Dhónaill i gCiarraí.
Bainisteoirí ar Chorcaigh nuair a bhuadar Cluiche Ceannais na hÉireann i 2004 agus 2005.
Tá an Comhairleoir Ní Mhuimhneacháin míshásta nach bhfuil coinníol teanga curtha leis na 8 dteach shóisialta a cheadaigh Comhairle Chontae Chorcaigh a fhorbairt in aice Ardán Ghobnatan i mBaile Mhúirne.
Iar-mhuinteoir agus cigire ó Chorcaigh agus Baile na nGall atá ag aisteoireacht anois agus páirt aige sa ‘Young Offenders'.
An déantóir scannán ó Chorcaigh ag caint ar an ar scannán a rinne sé go luath sna 1960í le Christy Ring.
Beidh mic léinn 3ú leibhéal agus lucht an fhreasúra ag bailiú lasmuigh de Theach Laighean tráthnóna agus iad i mbun léirsithe i gcoinne ardú na dtáillí 3ú leibhéal atá á phlé ag an rialtas faoi láthair.
Tá comhairleoirí Chiarraí agus Chorcaigh ar aon fhocal faoi mhór-fhadhb amháin atá acu – fadhbanna le soilse phoiblí, a bhíonn ina ábhar aighnis ag cruinnithe comhairle le formhór bliain anuas anois.
Tá an Gailearaí Crawford i gcathair Chorcaigh le dúnadh do ath-chóiriú agus uasghradú ag deireadh mí Dheireadh Fomhair. Labhraíomar leis t-ealaíontóir Deirdre McKenna faoi toghchaí an ghailearaí agus faoin méid atá go fóill le feicieáil ann sula ndúnann sé.
Bhuaidh iománaithe an Chláir air Chorcaigh i gcluiche Ceannais iomána na h-Éireann inné. Ana chluiche,agus cé go raibh sé tuillte ag an gClár i ndeireadh bhí trua aige na h-Éinne d'fhoireann Chorcaí.
Is seod rúndá í an Gailearaí Crawford i gcathair Chorcaigh agus an samhradh seo beidh tú in ann turas a fháil i nGaeilge. Insíonn an t-ealaíontóir Deirdre McKenna dúinn faoi.
Bhí Liam Breathnach ag caint le Cárthach faoi scéalta agus cluichí móra iomána na deireadh seachtaine . Bua ciniúnach Chorcaigh, tortha iontach ag Ceatharlach agus snas ar na Dubs i bPáirc Pharnell.
Beidh an chomhdháil "Waste Not, Want Not," ar siúl in Ostán FOTA Chorcaigh amárach.
Osclófar an dara stráice de sheachbhóthar Bhaile Mhúirne is Mhá Chromtha, idir Carraig a' Phúca agus Túnláin ag tús mí Lúnasa.
An bheart déanta aige Luimneach ar Chorcaigh san iomáint inné. Briseadh croí do Chorcaigh agus a bport seinnte sa chraobh i mbliana. Craobh peile na Mumhan buaite aige mná Chorcaí agus Ciarrai cloíte acu.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dé Domhnaigh, bhain Contae Luimnigh an tríú bua as a chéile i gclúiche iontach in aghaidh Chontae Chill Chainnigh. Thug siad greadadh do Phort Láirge agus do Chorcaigh in 2020 agus 2021, agus i ndiaidh dhá uair a chaitheamh i mbun cluiche te i bPáirc an Chrócaigh, ar cheann de na laethantha is teo i mbliana, bronnadh Corn Mhic Cárthaigh ar an fhoireann tráthnóna Dé Domhnaigh. Cé nár ghéill na Cait, a fuair na trí phointe dheireanacha den chluiche, ní bhfuair siad an cúl a bhí de dhíth orthu. Cuireadh fáilte roimh an fhoireann oíche Dé Luain i bPáirc na nGael i gCathair Luimnigh. I ndiaidh dóibh an dá bua eile a bhaint amach le linn na paindéime, gan seans ceiliúradh ceart a dhéanamh orthu, bhí go leor le ceiliúradh ag an chontae! Tá Gaillimh agus Ciarraí ag imirt i gcluiche ceannais na peile an deireadh seachtaine seo. Cuireadh teorainneacha ar uisce i bhféidhm i níos mó na cuig chontae dhéag in Éirinn le linn na seachtaine, mar gheall ar an teas. Breacadh na teochtaí is airde i níos mó ná céad bliaini mBaile Átha Cliath agus i dTuaisceart Éireann i rith an lae. Bhain daoine thart fá Éirinn sult as an teas, agus na mílte daoine ar an trá gach lá an tseachtain seo ach eisíodh rabhadh buí ar fud na tíre agus tugadh le fios go raibh daoine leochaileacha i mbaol. Sa Bhreatain, druideadh scoileanna agus codanna den chorás iarnród, agus dódh ceantair cóngarach do Londain, chomh maith le ceantair mhóra sa Fhrainc, sa Phortaingéil agus sa Spáinn. Chaill Netflix níos mó ná milliún síntiúsóirí idir mí Aibreáin agus mí Iúil i mbliana. I ndiaidh treimhse fhada fáis mar an phríomhsheirbhís sruthaithe, tá Netflix in iomaíocht le comhlachtaí eile anois. D'athraigh Netflix nósanna teilfíse as éadan i ndiaidh bhunadh an chomhlachta in 2007, agus i rith na paindéime, mheall Netflix níos mó daoine arís le bheith ina síntiúsóirí. Ach anois, i ndiaidh praghasanna níos airde agus seirbhísí eile ag teacht chun cinn, tá Netflix ag streachailt. Dúirt an lucht féachana go bhfuil siad ag baint úsáid as níos mó ná seirbhís sruthaithe amháin na laethanta seo, agus go gcaithfidh Netflix ardchaighdéan de shraitheanna agus scannáin a chur amach ionas gur fiú é íoc as an tseirbhís gach mí. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS greadadh - thrashing Corn Mhic Cárthaigh - Liam McCarthy Cup teorainneacha - limits rabhadh buí - yellow warning síntiúsóirí - subscribers seirbhís sruthaithe - streaming service
An líon tithe atá folamh sa tír - an bhféadfí iad iad a athchóiriú le go mbeadh siad in úsaid ag daoine gan dídean.
Bhuaidh An Ghaillimh ar Chorcaigh,agus bhí'n lá le Contae an Chláir i gcoinne Loch Garmain i gcluichí ceathrú ceannais iomána na h-Éireann de Sathairn.
Ag caint ar a ról úr gColáiste an Phiarsaigh don samhradh, na gortaithe a bhaint dí, agus a choinneal í ó imirt le roinnt míonna agus cluiche an Domhnach seo in éadan Chorcaigh.
Í ag tacú le rún gur chóir níos mó úsáide a bhaint as Aerfort Chorcaí.
Bhí Naoise De Bhaldraithe ag caint le Cárthach faoi bua Chorcaigh i mBéal Feiriste agus Loch Garman i dTrá Lí agus ag breathnú chun cinn ar na cluichí ceathrú ceannais Dé Sathairn seo chugainn
Tá Niamh ceaptha mar eagarthóir ar iris ollscoile Chorcaigh, Motley
Bhuaidh Ciarraí ar Chorcaigh i bPáirc Uí Rinn tráthnóna Dé Sathairn i gcluiche leathcheannais na Mumhan. Bhí an lá le peileadóirí fé 20 Thír Eoghain in aghaidh Chiarraí.
Bhuaidh an Clár ar Chorcaigh i mbabhta 3 do chraobh iomána na Mumhan inné.
Bhuaidh Ciarrai ar Mhuigheo sa chluiche ceannais sraithe sa pheil inné,agus fuair na Déise an láimh in uachtair air Chorcaigh sa chluiche ceannais iomána.
Craoladh beo ó Chorcaigh le micléinn Ollscoil Chorcaí.
Le Plean bí do chathair Chorcaigh, ag clúdach achan bhéile agus greim bí sa lá.
Tá imní ar Chomhairleoirí Contae i gCorcaigh nach mbeifear in ann a dhul chun cinn le tograí tithíochta sa Chontae mar atá beartaithe i bplean forbartha an Chontae de bharr easnaimh sa bhonn eagair uisce.
Tháinig méadú 80% anuraidh ar líon na nglaochanna ó cham scéimeanna ar ghuthán, ábhar a bhí faoi chabidéal ag cruinniú Chomhairle Contae Chorcaigh.
Ag inseacht faoi imeachtaí an chumainn Ghaelaigh.
Bhí Seán ag rothaíocht ó Chorcaigh go Dún na nGall inné. D'éirigh leis an churiarracht a bhualadh.
Tá giomnáisiam ag Ainle i gCorcaigh agus ceann eile aige sa Bhruach Thiar sa Mheán Oirthear. Cuireann sé síos ar an ceangal ata aige leis an Mheán Oirthear agus ar an mhéid atá ag tarlú ansin faoi láthair.
Tá aip nua turasóireacht curtha ar bun aige Comhairle Contae Chorcaí le daoine a mhealladh an dúthaigh.
Risteard Mac Liam; Pleananna don Daingean an Samhradh seo.Aileen Loughrey;Aip nua Turasóireachta do Chorcaigh.Breandán Ó Cróinín;Cúrsaí i gColáiste Muire Gan Smál.Micheál Ó Coileáin;Féile na Bealtaine
Votáil comharleoirí contae Chorcaigh le móramh mór ag cruinniú na Comhairle inné athbhreithniú breithiúnaigh a lorg i gcoinne cine an Aire Rialtais áitiúil agus oifig an rialathóra pleanala cead a dhiúltiú don gcomhairle Oll Ionad Siopadóireachta a fhorbairt i gCorrán Tuathail in oirthear an chontae.
Tá Edel Ní Bhraonáin,Nell Ní Chíobháin, agus Cathal Ó Conail ag obair ón mbaile fé láthair. Tá Edel agus Nell bogaithe abhaile ó Chorcaigh agus Bleá Cliath.
Ceol beo i stiudeó Chorcaigh
Micheál Ó Críodáin,Brian Budhlaeir,Johnny Mac Uidhir; Turasóireacht. Cad a thitfidh amach do thionscail na turasóireachta i gCorcaigh má mhéadaíonn ar an víoras corónach ann?
Tá ceann scríbe beagnach bainte amach ag Saoirse atá ag rothaíocht ó Chorcaigh go Málainn le hairgead a bhailiú don ghrúpa carthanachta ‘As I Am’
Tá John mar bhall don ghrúpa “Sos Lóin” a thiocfadh le chéile achan Dé Máirt i gcathair Chorcaigh le deis a bheith acu a gcuid Gaeilge a úsáid, agus fuair an grúpa dóigh le h-oibriú thart an mhéid a bhí ar bun acu sular thosaigh an dian ghlasáil.
Tá iarrachtaí ar bun le roinnt blianta, Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan a chur ar bun agus inné, thug an Rialtas a mbeannacht Oifigiúil don tionscnamh agus Institiúidí Teichneólaíochta Chorcaí agus Chiarraí le comhnascadh anois.
Louis Marcus ó Chorcaigh ag déanamh cur síos ar a shaol agus é i mbun scannánaíochta agus eile ag caint le Breandán ó hEithir sa bhliain 1983.
Frank O Connor, an t-údar cáiliúil ó Chorcaigh ag crur síos ar mar a fuair sé post mar leabharlannaí.
Cuid de mhuintir na Gaeltachta agus ceoltóirí a thaifead RÉ ó Chorcaigh nuair a fosclaíodh stiúideo úr nua-aimseartha ann sa bhliain 1958. Tá na daoine seo leanas le cluinstin: Seán Ó Ríordáin; Jerry McCarthy fidléir; Seán Ó Donghaile amhránaí ón Choireán agus An Suibhneach Meann ó Chúil Aodha.
Pádraig Ó Caoimh ar an fhidil ag oscailt oifigiúil stiúideo úr CHorcaigh sa bhliain 1958.
Ceol, amhráin agus filiocht a taifeadadh nuair a fosclaíodh stiúideo úr Chorcaigh sa bhliain 1958. I measc na n-aíonn tá Jerry McCarthy ar an fhidil, Máire de Barra le cúpla amhrán, Seán Ó Riordáin le cúpla dán agus Risteád Ó Drisceoil le hamhrán.
Clár le Pádraig Tyers fá bhacaigh nó fir siúil i gCúige Mumhan. Craoladh 1974. Léiríodh i stiúideo Chorcaigh.