POPULARITY
Bean Dhún Chaoin atá daichead bliain d'aois a raibh obráid croí oscailte aici.
Prí omh Oide, Scoil Dhún Chaoin ag trácht ar Chomórtas Luthcleasaíóchta do leanaí bunscoile.
Tá chuile shórt réitithe acu le páirc nua spraoi a dhéanamh i nDún Chaoin, ach tá siad ag fanacht leis an Stát an léas ar an talamh, a shíniú
Tá maoiniú faighte ag Scoil Dhún Chaoin síneadh a chur le foirgneamh na scoile.
Tráthnóna inniu i nDún Chaoin a sheolfar go hoifigiúil an suíomh is déanaí www.canuint.ie
Tá iarrachtaí ar bun 'bóithre ciúine' a dhéanamh de roinnt bóithre faoin tuath i gCorca Dhuibhne.
The Dingle Distillery International Film Festival is holding screenings at Ionad an Bhlascaoid (the Blasket Centre) in Dún Chaoin, this St. Brigid’s Weekend – tomorrow, Saturday 1st and Sunday, 2nd February. Presented in association with NEWKD, the event will feature four screenings of films on the theme of war and famine which will highlight the connection between Ireland and Ukraine. Tomorrow, February 1st, the Ukrainian Ambassador Larysa Gerasko will introduce, Family Album. The documentary tells the story of Samara Pearce, a British photographer whose great-grandfather Alexander Wienerberger became an accidental witness of Holodomor, the man-made famine in Ukraine in 1933. He recorded the event through his photography. Jerry spoke to Samara Pearce and to Natalia Krasnenkova of NEWKD (North East and West Kerry Development) and co-organiser of the event. For more go to: https://dinglefilmfest.com/common-ground/ and https://holodomormuseum.org.ua/en/archive/holodomor-in-kharkiv-region-photo-by-alexander-wienerberger/
Ag cur síos ar tús ar an dóigh a bhfuil rudaí in Inis Eoghain mar gheall ar Stoirm Éowyn agus comhrá faoi chluiche ceannais soisear clubanna na hÉireann atá le himirt Dé Sathairn idir Naomh Pádraig Uisce Chaoin agus An Cheathrú Rua.
An ceoltóir aitheanta ag caitheamh cúpla lá i nDún Chaoin sula mbeidh ceolchoirm aige san INEC i gCill Áirne
Beidh foireann Naomh Pádraig, Uisce Chaoin ag tarraingt ar Pháirc Pharnell i mBaile Átha Cliath ar an Domhnach do chluiche leathcheannais sóisir na hÉireann.
Micheál Ó Cinnéide - Feirmeoir ó Bhaile na bPoc atá i gcoinne an tairiscint ó Ghrúpa Chiarraí, go ndíolfaí an gnó déiríochta Kerry Dairy Ireland do Chomharchumann Chiarraí. Pádraig Ó Scanláin - Feirmeoir ó Dhún Chaoin atá den tuairim gur bhfuil Grúpa Chiarraí mar chomlacht comhábhar bia nach bhfuil bainne de dhíth orthu a thuilleadh
Bhuaidh Coiste Bhailte slachtmhara Bhéal Átha an Ghaorthaigh bonn cré úmha ag comórtas na mbailte slachtmhara i mbliana. Bhí muintir Dhún Chaoin ana shásta leo féin chomh maith,agus iad a díriú a n-aird ar an mbliain seo chugainn cheana féin.
Clár speisialta le Séamus Ó Scanláin,ó Ghleannb Loic i nDún Chaoin ó dhúchas. Tá Séamus a cur faoí i gCathair na Gaillimhe le blianta fada.
Tá togra, ar bhonn triaileadh tosaithe in Iarthar Duibhneach, i measc earnáil na feirmeoireachta ag féachaint an féidir feoil na háite a chur ar fáil i siopaí áitiúla.
Torthaí Chomórtas na mBailte Slachtmhara ag teannadh linn agus Dún Chaoin istigh arís i mbliana air don dara bliain as a chéile.
Dúirt an Chomhairle Contae aríst an tseachtain seo caite, nach bhfuil aon mhaoiniú ar fáil don togra chun cosán a fhorbairt idir Scoil Naomh Gobnait agus Crosaire Chrúgair.
Síníodh meamram tuisceana idir Mhusaeim Springfield & Oifig na nOibreacha Poiblí & é i gceist go gcuirfí ábhar staire ar nós litreacha na n-imirceach ó Chiarraí Thiar a chuaigh thar sáile ar taispeáint i nDún Chaoin & ábhar ó Dhún Chaoin a roinnt leis na Gaeil Mheiriceánach i musaeim Springfield.
Tuairisc ar an méid a dúirt Cathaoirleach an Údaráis Rialála Limistéir Mhuirí , “MARA” Mark Mellett ag ócáid a bhí ar bun in ionad an Bhalscóid i nDún Chaoin ar an deire seachtaine.
Fágadh muintir Dhún Chaoin gan aon deor uisce dhá bhabhta le mí anuas, gan aon fhógra in aon chor faighte acu ó Uisce Éireann, rud a chur isteach ar ghnónna agus ar theaghlaigh an pharóiste. Labhair an comhairleoir Séamus Chosaí Mac Gearailt le Dáithí de Mórdha.
Roghnófar Rós Pobail Chorca Dhuibhne i Halla na Feothanaí ar an Satharn an 3ú Feabhra. Raghadidh pé brabús a déanfar ar mhaithe le Ciste Pháirc spraoí na nóg i nDún Chaoin.
Tá cead pleanála agus cead na Roinne Oideachais faighte ag Bord Bainistíochta Scoil Dhún Chaoin, chun síneadh a chur leis an bhfoirgeamh, nár athraíodh ó tógadh ar dtús é i 1914. Labhair Pádraig Firtéar le Dáithí de Mórdha.
Ócáid eolais faoi áiseanna fuinnimh inathnuaite do thithe i nDún Chaoin.
Beidh Malachaí agus buion lúthchleasaithe ó Dhún Chaoin a rith leath mharatón an Daingin amáireach agus iad a bailiú airgid ar le Páirc Spraoí an Pharóiste.
Turas go Tír na nÓg téama Cheiliúradh an Bhlascaoid i mbliana. Beidh ana bhailiú acu in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin i gceann coicíse.
Tá feachtaisí bailithe airgid ar bun aige dhá phobal Gaeltachta ar mhaithe le áiseanna na n-óg a bheith aige leanaí na h-áite. Sin iad Pobal Chléire agus muintir Dhún Chaoin.
Deir príomhoide Scoil Dhún Chaoin gur buille tubaisteach an ganntan seirbhísí leighis ar leithinis Chorca Dhuibhne le linn an tsamhraidh, nuair a mhéadaíonn an daonra. Bhásaigh bean de bharr fadhbanna croí ar Ché Dhún Chaoin i rith an deireadh seachtaine.
Tá an comharchumann an-mhíshásta leis na teora luais atá i bhfeidhm sa dúithche. Deir sé nach bhfuil ciall ná réasún leis an uas-theora luais 80Km.
Cruinniú cínn bhliana an Chomharchumainn ar bun istoiche de Sathairn seo chughainn. Ionad scléipe na ndaoine óga,cárr chlóis, teora luais agus cúrsaí tímpeallachta ar chuid do na rudaí bheidh le plé.
Máire Uí Mhurchú;Comharchumann Dhún Chaoin. Daltaí Scoil Eoin Baiste Liospóil;Cr. na Mumhan i scileanna peile buaite acu. Micheál Ó Drisleáin;An Droimeann. Sorcha Durham; EP nua seolta ar an margadh aici.
Craoladh ó Scoil Dhún Chaoin. Comóradh leathchéad bliain ar athoscailt na scoile.
Tá síneadh ceadaithe ag Comhairle Contae Chiarraí do Scoil Naomh Gobnait i nDún Chaoin, agus geall le dúbailt le teacht ar scóp na scoile.
Bhí Comhdháil faoin turasóireacht inbhuanaithe ar siúl in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin inné, ag a labhraíodh faoi phleananna atá ag an Dingle Hub, le tacaíocht ó eagrais eile, tacú le gnóanna in earnáil na turasóireachta, a bheidh níos inniúla agus níos seiftiúla ó thaobh an fhuinnimh a úsáideann siad.
Beidh sraith gearrscannáin á dtaispeáint in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin tráthnona agus éachtaint á thabhairt ar conas tá feirmeoirí i gCorca Dhuibhne dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Seolfar leabhar nua le Máire Breathnach i dTigh Kruger i nDún Chaoin de Domhnaigh seo chughainn. 'Mábúis' is teideal don leabhar agus é oiriúnach do dhaoine óga idir 10-13. Scéal iontach gleoite.
Oscailt Oifigiúil Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin i 1994 le Niamh Criomhthain, Bean Uí Laoithe, Gearóid Cheaist Ó Catháin, Maura Ní Shúilleabháin Uí Chíobháin, Lís Sheáisí Ní Chearna Bn Teahan, agus Neil Ghobnait Ní Ghuithín Bn. Uí Shé. Ceol le Noel Hill & Tony MacMahon
Tá Máire Uí Mhurchú ón gCeathrúin, ceapaithe ina Cathaoirleach nua ar Chomharchumann Dhún Chaoin.
Beidh Dialann Mhóire le fáil amáireach. Iris bhliantúil Pharóiste Dhún Chaoin. Go leor altanna spéisiúla le fáil ann.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ygz5kppt The great Irish poet Máire Mhac an tSaoi on the way to the truth. An mórfhile Gaeilge Máire Mhac an tSaoi ar shlí na fírinne. Leading poet Máire Mhac an tSaoi has died. Tá an file mór le rá Máire Mhac an tSaoi tar éis bháis. She was 99 years old - the same age as the State, as she herself ends up. Bhí sí 99 bliain d'aois - ar aon aois leis an Stát, mar a deireadh sí féin. Máire Mhac an tSaoi was one of the most important Irish language poets of the second half of the last century. Bhí Máire Mhac an tSaoi ar dhuine de na filí Gaeilge ba thábhachtaí sa dara leath den chéad seo caite. Although she has been writing since her youth, her first collection of poetry, Margadh na Saoire, was not published until 1956. Cé go raibh sí i mbun pinn óna hóige níor foilsíodh an chéad chnuasach filíochta léi, Margadh na Saoire, go dtí an bhliain 1956. The work was highly praised, especially the love - or sexuality - poem Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin, which shows from the first quarter how polished, clear and concise the poet was able to express feelings as she drew on the tradition native: "But if I were caught out of this number - And God did not allow that for a long time - Perhaps the remembrance Of what I found of peace in my arms will serve" ... Moladh an saothar go hard, go háirithe an dán grá - nó collaíochta - Ceathrúintí Mháire Ní Ógáin, ar léir ón gcéad cheathrú chomh snasta, soiléir agus gonta agus a bhí an file in ann mothcháin a chur in iúl agus í ag tarraingt ar an traidisiún dúchais i gcónaí: "Ach a mbead gafa as an líon so – Is nár lige Dia gur fada san – B'fhéidir go bhfónfaidh cuimhneamh Ar a bhfuaireas de shuaimhneas id bhaclainn" ... Her life 's published anthologies include The Warrior' s Sleep (1973), The Depression (1980) and The Offense to Date (1987). Tá Codladh an Ghaiscígh (1973), An Galar Dubhach (1980) agus An Cion go dtí Seo (1987) i measc na nduanairí eile léi a foilsíodh i gcaitheamh a saoil. Máire Mac an tSaoi was born in Dublin. I mBaile Átha Cliath a rugadh Máire Mhac an tSaoi. His father, Belfast native Seán Mac an tSaoi, took part in the Easter Rising. Ghlac a hathair, an Béal Feirsteach Seán Mac an tSaoi, páirt in Éirí Amach na Cásca. He was one of the founders of Fianna Fáil and was Minister for Finance in the De Valera Government. Duine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil a bhí ann agus bhí sé ina Aire Airgeadais i Rialtas De Valera. Her uncle, the Magistrate Pádraig de Brún, was a prominent Irish scholar, and she spent much of her youth in her house in Dún Chaoin. Scoláire Gaeilge mór le rá ab ea a huncail, an Moinsínseoir Pádraig de Brún, agus chaith sí go leor dá hóige ina theachsa i nDún Chaoin. Máire Mhac an tSaoi was a versatile poet. Éigseach ildánach a bhí Máire Mhac an tSaoi. In addition to her own anthology, she published academic material on Irish poetry in the seventeenth century (1946) and on the similarities between Irish and classical Greek poetry (1988). Chomh maith lena duanaireacht féin, d'fhoilsigh sí ábhar acadúil ar fhilíocht na nGael sa seachtú haois déag (1946) agus ar na cosúlachtaí idir fhilíocht na Gaeilge agus fhilíocht chlasaiceach na Gréige (1988). She was awarded the O'Shaugnessy Prize for her poetry in 1988. Bronnadh Gradam O'Shaugnessy uirthi as a cuid filíochta i 1988. She has always been interested in the personalities of the poets and has written short novels about Piers Ferret and Gerald Earl over the years. Bhí suim aici riamh i bpearsana na bhfilí agus scríobh sí úrscéalta gairide faoi Phiaras Feiritéar agus Ghearóid Iarla agus í amach sna blianta. Máire Mhac an tSaoi qualified as a barrister and was the first woman in Ireland to be called to the bar. Cháiligh Máire Mhac an tSaoi mar abhcóide agus ba í chéad bhean in Éirinn ar glaodh chun an bharra í. She spent time as a diplomat for this country in France,
Tá diúltaithe aige Oifig na n-Oibreacha Poiblí d'iarratas ó Chomharchumann Dhún Chaoin píosa talún a chuir ar fáil dóibh fé bhráid Ionad spraoi do leanaí. Tá ana dhíomá ar an gComharchumann ach deir John Kennedy go mbainfidh siad triaill eile astu.
Tá cáirde le John Cunningham chun Corrán Tuathail a dhreapadh de Domhnaigh seo chughainn ar mhaithe le h-airgead a bhaiiú do sheirbhís tárrthála Mhála. Bádh John Cunningham i gCom Dhíneol i nDún Chaoin bliain a dtaca seo.
1.3 milliún euro le caitheamh ar oibreacha éagsúla cothabhála agus feabhsúcháin ar chéibh Dhún Chaoin agus an Dúinín, agús ar fhoirgnimh atá ar láthair Marina an Daingin áit atá faoi chúram Roinn na Mara.
Mháirseáil muintir Dhún Chaoin go Bleá Cliath leathchéad bliain ó shin in iarracht an scoil a choimeád oscailte. Ach cé h-é an bhean óg a bhí i mbun agóide ina measc san ard chathair an lá úd?
An t-athair Micheál Ó Muineacháin;An Cháisc. An TD Aindrias Ó Muineacháin; Stáisiún Gárdaí nua do Mhagh Chromtha. Colm Ó Snodaigh:Scoil Dhún Chaoin.Micheál Ó Laoghaire:Céanna Chorcaí.Seán Ó Súilleabháin;CLG an Daingin.
Thug Maidhc Ó Gairbhí,ón gCeathrú i nDún Chaoin breis is sé mbliana fichead i gCabhlach na Breataine.Tá leabhrán curtha le chéile aige na gharmhar air a sheanathair a tabhairt éachtaint ar an saol a chaith Maidhc ar an bhfarraige. Bhog muintir Ghairbhí ó Chorca Dhuibhne go Baile Ghib i ndeireadh na dtriochaidí.
Seomraí breise le cur le bunscoil náisiúnta na Rinne. Spásanna párcála le cur le scoil Dhún Chaoin.
Deirdre Wadding; Saolaíodh mac do Dheirdre i Bessborough i 1981. Aodh Mac Craith agus Malachaí Mac Amhlaoibh;Scoil Dhún Chaoin agus na Rinne a fás agus seomraí agus ionaid párcála le cur leo. Séamus Ó Lúing; Oifig Poist Cheanntrá-méadú 230% ar litreacha na Nollag.
Agallamh Beirte: Clinic an Daingin. Rang a 5 agus 6 i Scoil Naomh Gobnait Dún Chaoin
James Ó Slatara agus Dara Mac an tSíthigh, Rang a 4, Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin.
Ar iompú do bhoise i mí Márta, bhí gnó an chomhlachta Dingle Slea Head Tours, le hEibhlís agus Rory Ó Brosnacháin ó Dhún Chaoin, ina lánstad. Céard atá ar siúl anois acu?
Trí dhreas ceoil. 1. Dhá phort;An Loch Geal agus an Loch Dubh 2.Dhá ríl;Pléaráca Chorca Dhuibhne agus an Bóthar Ard 3.3 Pholca;An Clasach, Pólca Dhún Chaoin, agus Polca na Trá Báine.
Muiris Caomhánach, nó Kruger Kavanagh, ó Dhún Chaoin, ag caint le Breandán Ó Cíobháin sa bhliain 1969.
Harry Lushe, bainisteoir phictiúrlann an Adelphi i mBÁC ag caint le Pádraig Dolan fán eolas atá aige ar Dhún Chaoin agus an aithne a chuir sé ar Kruger Kavanagh.
Comóradh ar an údar cháiliúil Tomás Ó Criomhthain (An tOileánach) i nDún Chaoin sa bhliain 1957 agus é 20 bliain ar shlí na fírinne. Páirteacht tá Padraig Ó Siochfhradha (An Seabhac), Seán Ó Súilleabháin agus mac Thomáis, Seán.
Domhnall Ó Dubhda, Dún Chaoin Co. Chiarraí ag cur síos ar ghnéithe de shaol a cheantair dhúchais.