Podcasts about eoghain

  • 18PODCASTS
  • 158EPISODES
  • 10mAVG DURATION
  • 1EPISODE EVERY OTHER WEEK
  • May 26, 2026LATEST

POPULARITY

20192020202120222023202420252026


Best podcasts about eoghain

Latest podcast episodes about eoghain

RTÉ - An Saol ó Dheas
Tomás Ó Sé

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later May 26, 2026 7:32


Bainisteoir Chiarraí ag breathnú chun tosaigh ar chluiche ceannais Caide na hÉireann fé 20 i gcoinne Thír Eoghain.

eoghain
RTÉ - Barrscéalta
An Tráchtaire Spóirt, Lorcán Ó Máirtín.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 25, 2026 6:43


A leithéid de dheireadh seachtaine i gcursaí spóirt agus cluichí iontach le feiceáil i gCraobh na hÉireann. Bhí bua iontach ag Dún na nGall ar Chiarraí agus bua de phointe amháin a bhí ag Tír Eoghain ar Ros Comáin.

bh lorc ngall eoghain
RTÉ - Barrscéalta
Lorcan Ó Máirtín.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 22, 2026 8:50


Ag plé cluichí peile na deireadh seachtaine seo, Dún na nGall v Ciarraí agus Ros Comáin v Tír Eoghain.

lorcan ciarra ngall eoghain
Nuacht Mhall
9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 9, 2026 8:50


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht le corp a fir chéile an long i San Héilin. Fuair sí féin bás fosta. Fuair paisinéir eile bás seachtain ó shin, agus bhí amhras ann an mbeadh cead ag an long teacht isteach sna hOileáin Chanáracha, mar gheall ar an víreas. De ghnáth, baineann an hantaivíreas le creimirí amhail luchóga agus francaigh, ach tagann sé ar dhaoine ó am go ham. Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Déardaoin nach bhfuil siad ag súil le heipidéim mar gheall ar an ráig.Tá maoiniú do Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann sábháilte i ndiaidh fógra an tseachtain seo go mbeadh deireadh ag teacht le tacaíocht an rialtais don tionscadal, atá ar an fhód le beagnach daichead bliain. Bunaíodh é in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, in 1987,  le taighde a dhéanamh ar bhunús agus brí logainmneacha ar fud na Sé Chontae, ach d'fhógair an tAire Pobal Gordon Lyons, atá ina bhall den Pháirtí Daonlathach Aontachtach, nach mbeadh an maoiniú ar fáil a thuilleadh. Meastar gur £90,000 sa bhliain atá i gceist. Tháinig cor eile sa scéal, áfach, nuair a d'fhógair an tAire Geilleagair Caoimhe Archibald go gcuirfeadh a Roinn féin an maoiniú ar fáil. Shéan an tAire Lyons go raibh dearcadh frith-Éireannach aige.Bhain an craoltóir cáiliúil David Attenborough céad bliain amach inné. Rugadh é sa bhliain 1926 agus bhí suim aige sa dúlra ó bhí sé ina bhuachaill óg. Thosaigh sé ag obair leis an BBC ag tús na gcaogaidí agus bhí sé ina rialtóir ar an chainéal nua BBC2 sna seascaidí. Chruthaigh sé an clár faisnéise Life on Earth in 1979, agus ba sa tsraith seo go raibh cruinniú cáiliúil aige le grúpa goraillí i Ruanda. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana nuair a labhair sé leis an cheamara faoi éirim agus tuiscint na ngoraillí, agus ón am sin, bhí na milliún daoine timpeall an domhain tógtha lena chuid clár faisnéise agus go háirithe lena ghuth séimh. Tá go leor de na cláir sin le feiceáil ar shuíomh an BBC faoi láthair, agus tá neart imeachtaí eile ar siúl lena bhreithlá a cheiliúradh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISráig - outbreakcreimirí - rodentsan Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - the World Health Organisationmaoiniú - fundinglogainmneacha - placenamesfrith-Éireannach - anti-Irishcraoltóir - broadcasterrialtóir - controller

earth pr bbc chan sh david attenborough ruanda aig bbc2 buna gaeilge bealtaine conradh banr feirste ollscoil roinn londain aibre inniu eoghain hoile chuaigh nuacht mhall
RTÉ - Barrscéalta
Sinéad Ní Mhearnóg ó cheantar na Spéiríní.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 15, 2026 8:27


Labhair Sinéad ar an fhiosrúchán poiblí de chuid an Choimisiún Achomhairc Pleanála mar gheall ar mhianach óir ar Shliabh Speirín i gContae Thír Eoghain a cuireadh tús leis an tseachtain seo.

eoghain choimisi
RTÉ - Barrscéalta
Roisín Nic Ruairí, Captaen ar Fhoireann Ban Dhún na nGall, iar-chaptaen ar fhoireann iománaíochta Dhún na nGall, Colm Breathnach agus an trá

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 13, 2026 13:58


D'éirigh le mná Dhún na nGall cluiche ceannais na sraithe i Roinn 2 a bhaint ag an deireadh seachtaine agus bhí an lá leis na hiománaithe fosta i gCorn Christy Ring in éadan Cill Mhantáin mar a bhí ag Ard Mhacha in éadan Thír Eoghain i réamhbhabhta Craobh Shinsir Peile Uladh.

dh colm agus breathnach ruair roinn ngall eoghain ard mhacha
Nuacht Mhall
7 Márta 2026 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 7, 2026 8:16


Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá leithscéal déanta ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, as ionsaithe a rinneadh ar thíortha eile timpeall Mhurascaill na Peirse agus dúirt sé nach ndéanfaí ionsaí ar thír ar bith nach bhfuil ag ionsaí na hIaráine amach anseo. Tháinig an ráiteas seo i ndiaidh seachtain de chogadh san Mheánoirthear, tar éis do Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Iosrael aerionsaithe a lainseáil ar an Iaráin an deireadh seachtaine seo caite. Maraíodh an tAyatollah Khomeini sna hionsaithe, chomh maith le níos mó na míle sibhialtach, 180 cailín bunscoile san áireamh. Cáineadhan cogadh go hidirnáisiúnta, agus dhiúltaigh an Spáinn do Mheiriceá úsáid a bhaint as bunáiteanna míleata atá roinnte idir an dá thír.Tá sé ráite ag Nick Ashley-Cooper, Iarla Shaftesbury, go bhfuil sé toilteanach Loch nEathach a chur faoi úinéireacht phoiblí “saor in aisce” ach nach réiteoidh sin fadhbanna truaillithe an locha. Tá algaí gormghlasa le feiceáil ar an loch is mó in Éirinn le blianta beaga anuas, rud atá tocsaineach d'ainmhithe, mar gheall ar fhuílleach leasúcháin a úsáidtear ar fheirmeacha timpeall an locha. Dúirt Ashley-Cooper trí bliana ó shin go ndíolfadh sé an loch ar an phraghas cheart ach tá sé míshásta anois go gcuireann daoine áirithe an locht airsean agus go dtugtar “bithiúnach” air. Rinne sinsear an iarla, an Ridire Arthur Chichester, sléacht sa cheantar timpeall an locha sa seachtú haois déag, agus tá an loch an seilbh an teaghlaigh ó shin i leith.Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil agus an iliomad imeachtaí ar siúl in Éirinn agus ar fud an domhain. I measc na n-imeachtaí beidh rití páirce, seisiúin scéalaíochta, maidineacha caife, ranganna damhsa, taispeáintí scannáin, oícheanta biongó agusneart deiseanna eile an Ghaeilge a chleachtadh agus a labhairt. Is féidir an liosta iomlán imeachtaí a fheiceáil ar scéal.ie. Is iad na ceoltóirí Conor Curley ó Fontaines DC agus Róisín Seoighe ón ghrúpa IMLÉ ambasadóirí na féile i mbliana. Tiocfaidh an fhéile chun deiridh Lá Fhéile Pádraig.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISMurascaill na Peirse - the Persian Gulfsibhialtach - civilianbunáiteanna míleata - military basesbithiúnach - villainsléacht - slaughterrití páirce - park runs

mh rinne gaeilge iar fontaines dc iml uachtar l fh ashley cooper mhe conradh ghaeilge seoighe tiocfaidh londain mheirice inniu eoghain
RTÉ - Barrscéalta
An tráchtaire spóirt Emer Ní Ghallachóir.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Feb 6, 2026 3:37


Dhéanfaidh mná Dhún na nGall an turas go Tír Eoghain ar an Domhnach, agus beidh an cluiche sin ann ag 2.00in.

dh emer ngall eoghain
RTÉ - Barrscéalta
Ciarán Ó Gallchóir, agus na haisteoirí Fachtna Ó Briain, Micheál Eoghain Ó Dochartaigh agus Fionnuala Nic Aodha Bhuí.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jan 22, 2026 12:22


Beidh an gheamaireacht Aladdin a léiriú ag aisteoirí Ghaoth Dobhair in Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh trí oíche an tseachtain seo. Tá cléir óg agus stiurthóir óg ar gheamaireacht na bliana seo agus labhair Conor Ó Gallchóir le roinnt acu an tseachtain seo.

aladdin ciar agus miche fionnuala beidh briain dochartaigh aodha eoghain ghaoth dobhair
Nuacht Mhall
27 Nollaig 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 27, 2025 8:16


Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá suas le trian den phobal i gCív na hÚcráine gan teas lárnach inniu i ndiaidh baráiste drón agus diúracán ón Rúis. Maítear go bhfuil Moscó ag díriú ar shaoráidí fuinnimh agus ar bhonneagar sibhialta, fiú agus an teocht faoi bhun an reophointe. Beidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy ag dul go Floridaamárach chun bualadh le hUachtarán na Stát Aontaithe, ag súil go gcuirfidh na Meiriceánaigh brú ar an Rúis agus dúirt Zelenskyy go bhfuil plean síochána fiche pointe “nócha faoin chéad réidh”. Tá sé ráite ag Zelenskyy roimhe gurbh fhéidir glacadh le stádas mar shaorlimistéar eacnamaíochta nó limistéar dímhíleataithe a thabhairt don Donbas, ach go mbeadh reifreann de dhíth san Úcráin chun an plean sin a fhaomhadh.Sa Ríocht Aontaithe, tá moladh radacach déanta ag an ailtire a dhear an London Eye chun dul i ngleic le héileamh leictreachais san am atá le teacht: stáisiún cumhachta taoide ollmhór a chruthódh murlach ar chósta Somerset. Bheadh 125 tuirbín faoiuisce ann, i stua idir Minehead agus Watchet i Muir na Sabhrainne, nó Cainéal Bristol mar a thugtar air i mBéarla. Bheadh raon rothar 14 mhíle ar bharr an struchtúir agus muiríne le haghaidh spóirt uisce taobh istigh den mhurlach. Deir Feisire áitiúil go mbeadh an suíomh “íocónach” agus táthar ag súil go mbeadh turasóirí ag filleadh ar an cheantar de bharr na saoráidí úra.Tá an scannán úr Saipan le feiceáil sa phictiúrlann an tseachtain seo, ina léirítear na heachtraí mícháiliúla a thit amach i measc fhoireann peile na hÉireann sna hOileáin Mháirianacha Thuaidh go gairid roimh Chorn an Domhain sa bhliain 2002. Beidh na haisteoirí Steve Coogan agus Éanna Hardwicke i ról Mick McCarthy agus Roy Keane faoi seach, agus ní milleadh é le rá gur fhág Keane, duine de na peileadóirí ab fhearr riamh in Éireann, agus chuaigh sé abhaile sular cuireadh tús leis an chomórtas. Eachtra chonspóideach a bhí ann ar an am agus atá fós sa lá atá inniu ann, ach ba é 2002 Corn an Domhain deireanach a raibh Éire páirteach ann. Tá deis ag foireann reatha na hÉireann an comórtas céanna a bhaint amach sa bhliain atá romhainn, agus le cuidiú Dé ní bheidh aon choimhlint idirphearsanta ag cur isteach ar an fheachtas.Bliain úr faoi shéan is faoi mhaise oraibh uilig.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfaoi bhun an reophointe - below freezingsaorlimistéar eacnamaíochta - economic free zonemurlach - lagoonstua - arceachtraí mícháiliúla - infamous eventscoimhlint idirphearsanta - interpersonal conflict

RTÉ - Barrscéalta
An Trachtaire Spóirt Mark Harte as Tír Eoghain.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 21, 2025 4:13


Ag cur síos ar na cluichí leath cheannais i gcraobH Club CHuige Uladh a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.

harte eoghain
Nuacht Mhall
15 Samhain 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 15, 2025 6:16


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail.Insealbhaíodh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann Dé Máirt, ag searmanas i Halla Naomh Pádráig taobh istigh de Chaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí gaolta agus cairde an Uachtaráin nua i láthair, chomh maith le ceannairí polaitiúla na hÉireann agus an triúr iarUachtarán a mhaireann, Mary Robinson, Mary McAleese agus Micheál D. Ó hUiginn. Cuireadh tús leis an ócáid le beannachtaí ó cheannairí na gcreideamh éagsúil sa tír agus ansin thug Connolly an mionn oifige as Gaeilge agus as Béarla. Ina hóráid luaigh sí na téamaí is tábhachtaí di ina téarma mar Uachtarán: an tsíocháin, neodracht na hÉireann, an ghéarchéim aeráide agus ról na Gaeilge i saol na hÉireann. Is í Connolly an deichiú hUachtarán i stair an stáit agus an tríú bean sa ról. Tá grúpa agóideoirí bundúchasacha i ndiaidh imshuí a chur ar an bhealach isteach go Comhdháil na bPáirtithe nó COP30, imeacht atá ar siúl in Belém i dtuaisceart na Brasaíle faoi láthair. Tá an lucht agóide ag iarraidh ar rialtas na Brasaíle stop láithreach a chur leis na tionscadail forbartha ar fad atá ag tarlú san Amasóin, lena n-áirítear mianadóireacht, lománaíocht, druileáil ola agus tógáil iarnróid nua. Cé go bhfuil an dífhoraoisiú tite 50% le trí bliana anuas, tá an tUachtarán Lula ag brath ar thacaíocht earnáil na talmhaíochta agus cáineadh é as neamhaird a thabhairt ar fhadhbanna móra a bhaineann leis an athrú aeráide.Bhí bua stairiúil ag foireann sacair na hÉireann oíche Déardaoin nuair a bhuaigh siad ar an Phortaingéil a dó a náid i Staid Aviva, toradh a tháinig aniar aduaidh ar lucht leanúna agus lucht anailíse sacair araon. Fuair Troy Parrott as Baile Átha Cliath dhá chúl sa chéad leath agus ansin sa dara leath tugadh cárta dearg do Cristiano Ronaldo, an chéad chárta dearg dá ghairm idirnáisiúnta i ndiaidh 226 cluiche. Bua mór a bhí ann do bhainisteoir fhoireann na hÉireann Heimir Hallgrímsson fosta. Bhí an tÍoslannach faoi bhrú i ndiaidh drochthorthaí go luath san fheachtas seo, lena n-áirítear cluiche a cailleadh i gcoinne na hAirméine. Ní thig leis na himreoirí ceiliúradh a dhéanamh go fóill, áfach. Le deis a bheith acu áit a bhaint amach i gCorn an Domhain i Meiriceá Thuaidh an bhliain seo chugainn, caithfidh siad an bua a fháil in aghaidh na hUngáire Dé Domhnaigh, cluiche a bheidh an-doiligh ar fad.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmionn oifige - oath of officeneodracht - neutralitylománaíocht - loggingdífhoraoisiú - deforestationearnáil na talmhaíochta - the agricultural sectorlucht leanúna agus lucht anailíse sacair - soccer fans and pundits

pr dm cristiano ronaldo bp hung samhain amas connolly bh baile miche mary robinson gaeilge brasa bua uachtar mary mcaleese conradh bhaile cliath heimir hallgr samhna londain inniu eoghain comhdh cuireadh tuachtar d domhnaigh nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Anton Mac Cába, iriseoir, Tír Eoghain.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 12, 2025 2:55


Pléifear ábhar atá íogair i dtaobh na fórsaí cosanta de ag an bhfiosrúchán faoi bhuamáil na hÓmaí i mBéal Feirste inniu.

pl anton mb feirste eoghain
RTÉ - Barrscéalta
Nodlaig Brolly iar imreoir í le mná Dhoire.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 11, 2025 11:33


Tá brú leanúnach ag teacht ar an Chumann Lúthchleas Gael deireadh a chur leis an cheangal atá acu leis an chomhlacht árachais Allianz. Tá contaetha Thír Eoghain agus Uibh Fháilí i ndiaidh theacht amach ag rá gur cheart deireadh a chur leis an cheangal agus tá Nodlaig linn le plé a dhéanamh ar seo,

allianz brolly eoghain chumann l
Clare FM - Podcasts
Ar An Lá Seo - 24-10-2025

Clare FM - Podcasts

Play Episode Listen Later Oct 24, 2025 2:03


Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 24ú lá de mí Dheireadh Fómhair, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1975 dúnmharaíodh fear agus bean ina dteach feirme, timpeall míle ó Moy I dTír Eoghain. I 2003 bhí dúshlán dlíthiúil leis an rialtas de bharr an choisc caitheamh tobac. Shínigh an dlí cúpla uair roimhe ach bhí sé faoi bhagairt. I 1975 tháinig Golden Vale amach go raibh siad chun scoil le 450 oibrí – bhí sé sin 25% de 1,800 duine a bhí ag obair ann. I 1986 tháinig sé amach go mbeadh plaic chun a bheith ann I Spanish Point chun comóradh a dhéanamh do 50 bhliain do sheirbhísí garda tarrthála agus go mbeadh Uachtarán na hÉireann chun é a fhoilsiú. Sin Sugababes le Hold In The Head – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2003. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2001 fuair Kim Gardner bás ó ailse. Shroich sí uimhir a 3 sa Bhreatain I 1971 leis an amhrán The Resurrection Shuffle agus chuir sí an bhanna cheoil The Birds sa 60dí le chéile le giotáraí Ronnie Wood. I 2006 tháinig Taylor Swift amach lena chéad albam. Bhí sí 16 ag an am nuair a tháinig sé amach agus shroich sé barr na cairteacha agus d'fhan sé ann ar feadh 24 seachtain agus dhíol sí 7 milliúin cóip ag an am. Bhí an t-albam an ceann a d'fhan ar na cairteacha don am is mó – d'fhan sí ann ar feadh 277 seachtain ina iomláine. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Wayne Rooney sa Bhreatain I 1985 agus rugadh amhránaí Drake I gCeanada ar an lá seo I 1986 agus seo chuid de amhrán. Beidh mé ar ais libh an tseachtain seo chugainn le heagrán nua de Ar An Lá Seo. Welcome back to another edition of Ar An Lá Seo on the 24th of October, with me Lauren Ní Loingsigh 1975: A man and his wife were shot dead in their farmhouse home, a mile outside Moy, County Tyrone 2003: A legal Challenge to the governments smoking ban was threatened only hours after the measure was signed into law. 1975: Golden Vale announced that they were to lay off 450 workers - 25percent of its 1800 total. 1986: A plaque to commemorate the 50th anniversary of the establishment of the lifeguard service Ireland will be unveiled by the President of Ireland at the lifeguard post Spanish Point. That was Sugababes with Hole In The Head – the biggest song on this day in 2003 Onto music news on this day In 2001 Kim Gardner former bassist with Ashton Gardner & Dyke died of Cancer. Had the 1971 UK No.3 single 'The Resurrection Shuffle' and Gardner formed 60s band The Birds with guitarist Ronnie Wood. 2006 Taylor Swift released her self-titled debut studio album. Swift was 16 years old at the time of the album's release and the album went on the top the Country Albums Chart for 24 non-consecutive weeks selling over seven million copies. The album also became the longest-charting album on the Billboard 200 of the 2000s decade, remaining on the chart for 277 weeks in total. And finally celebrity birthdays on this day – footballer Wayne Rooney was born in the UK in 1985 and singer Drake was born in Canada on this day in 1986 and this is one of his songs. I'll be back with you next week with another edition of Ar An Lá Seo.

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Niall Mac Eoghain

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Play Episode Listen Later Sep 26, 2025 19:40


Labhraíonn Niall Mac Eoghain le Seán faoina thaithí ar 'The Traitors'.

traitors niall labhra eoghain
RTÉ - Barrscéalta
Grúpa daltaí agus múinteoirí as Coláiste Naomh Ciaráin, Baile Uí Dhálaigh, Tír Eoghain.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Sep 25, 2025 10:50


Bhí grúpa de sheachtar dalta is fiche ó Choláiste Naomh Ciaráin i mBaile Uí Dhálaigh i dTír Eoghain ar cuairt anseo sa cheantar le gairid agus bhuail siad isteach againne anseo sa raidió do chomhrá le Michelle.

Nuacht Mhall
30 Lúnasa 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Aug 30, 2025 4:36


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríochadú lá de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá ambasadóir na hÉireann i ndiaidh dul i dteagmháil leis na húdaráis i mBeirlín faoi ionsaí ar agóideoir Éireannach i bpríomhchathair na Gearmáine Déardaoin. Rinneadh físeáin agus pictiúir de Kitty O'Brien go forleathan ar na meáin shóisialta agus í mbun agóide le Irish Bloc Berlin, grúpa a sheasann i gcoinne an chinedhíothaithe sa Phalaistín. Sna físeáin, tá póilíní Gearmánacha le feiceáil agus iad ag cur brú ar an lucht agóide. Léirítear gur bhuail póilín amháin dorn sa tsrón ar an bhean Éireannach aríst agus aríst eile. Fágadh í le lámh bhriste agus aghaidh lán fola. Ní hé seo an chéad choimhlint idir póilíní agus agóideoirí síochánta i mBeirlín. Cuireadh cosc ar theangacha cé is moite den Ghearmáinis agus den Bhéarla ag agóidí anuraidh, agus gabhadh fear amháin i mí Aibreáin a bhí ag labhairt Gaeilge.Tá an truailliú i Loch nEathach níos measa ná riamh. Tá blás algach le feiceáil ar dhromchla an locha, sloda glas a dhéanann dochar do bheathra uisceach. Tá cosc ar iascaireacht le haghaidh eascann, tionscal traidisiúnta an cheantair, agus chonacthas eascanna amuigh as an uisce agus iad ag sleamhnú ar bharr an bhláis algaigh. Tarlaíonn an truailliú seo mar gheall ar an leibhéal ard fosfair agus nítrigine sa loch, a ritheann isteach ó fheirmeacha timpeall an locha. Tá grinneall agus bruacha Loch nEathach i seilbh Iarla Shaftesbury, Nicholas Ashley-Cooper, ach níl mórán déanta aigesean ná ag polaiteoirí Thuaisceart Éireann in ainneoin éilimh mhuintir na háite.Tá an fhéile cheoil is mó in Éirinn, an Electric Picnic, ar siúl an deireadh seachtaine seo. Tá thart fá 80,000 duine ag freastal ar an fhéile sa tSráidbhaile i gContae Laoise, ina bhfuil roinnt stáitsí ceoil agus puball grinn. I measc na gceoltóirí mór le rá tá Hozier, Chappell Roan, Fatboy Slim, Kneecap agus Kings of Leon. Anuas air sin, tá níos mó Gaeilge ná riamh ag an fhéile i mbliana, lena n-áirítear dhá stáitse Gaeilge, an Puball Gaeilge agus an Chollchoill, agus láthair speisialta Gaeltachta sa láthair champála. Ar an drochuair, tháinig deireadh leis an aimsir thirim inné agus beidh lucht na féile fliuch go leor. Tá an fhéile díolta amach le tamall.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISagóideoir - protestorblás algach - algal bloombeathra uisceach - aquatic lifeeascann - eelpuball grinn - comedy tentan Chollchoill - the Hazelwood

RTÉ - Adhmhaidin
Pádraig O Gallchóir ó Choiste eagraithe Féile Brian Friel.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 1, 2025 4:36


Déanfar ceiliúradh míosa ar an scríbhneoir agus an drámadóir Brian Friel i nDún na nGall, Doire agus Tír Eoghain i rith na míosa seo, mí Lúnasa.

draig brian friel ngall doire eoghain
RTÉ - Adhmhaidin
Ursula Ní Shabhaois - Tráchtaire ar Ghnóthaí na Sé Chontae.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 11, 2025 6:10


Las dílseoirí tine chnámh a raibh mac a samhail de bhád agus teifigh inti ar a barr i Maigh gCaisil gar do Dhún Geanainn i gCo Thír Eoghain aréir agus cuireadh bratach na hÉireann ar bharr na tine freisin. Tá sé seo cáinte ag polaiteoirí ar fud an Tuaiscirt.

dh eoghain chontae tuaiscirt
RTÉ - An Saol ó Dheas
Tomás Ó Sé agus Lorcán Ó Máirtín

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jul 11, 2025 13:25


Saineolaithe caide ag díriú isteach ar chluiche leath ceannais na hÉirean idir Chiarraí agus Tír Eoghain.

agus lorc eoghain
RTÉ - Barrscéalta
Na tráchtairí spóirt Caoimhín Ó Casaide agus Mark Mark Harte agus leo tá Ciarán Ó Fearraigh atá ag cur faoi i gContae na Mí.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jul 11, 2025 8:42


Tá an deireadh seachtaine mór tagtha agus cluichí leathcheannais peile na hÉireann ar siúl. Bhéarfaidh Tír Eoghain aghaidh ar Chiarraí amárach ar a cúig a chlog agus ansin ar an Domhnach rachaidh Dún na nGall agus an Mhí i mbun coimhlinte lena chéile ag a 4 a chlog.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Aodán Mac Gearailt

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jul 8, 2025 12:01


Roghnóir Chiarraí ag caint faoin dúshlán a bhaineann le dul i ngleic le Tír Eoghain i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

eoghain
RTÉ - Barrscéalta
An tráchtaire spóirt, Lorcan Ó Máirtín.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jul 7, 2025 4:49


Ag plé bua Thír Eoghain i gcluiche ceannair mionúir peile na hÉireann.

lorcan eoghain
RTÉ - Barrscéalta
Lorcán Ó Máirtín.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jul 4, 2025 3:13


Tá Lorcán ag labhairt faoi cluiche ceannais mionúir na hÉireann a bhéas ar siúl ag 1.30in ar an Domhnach idir Ciarraí agus Tír Eoghain.

ciarra lorc eoghain
Nuacht Mhall
28 Meitheamh 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jun 28, 2025 7:56


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Niall ÓSiadhail.Bhí bua gan choinne ag Zohran Mamdani i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Dhaonlathaigh le haghaidh Mhéara Nua-Eabhrac DéMáirt, nuair a fuair sé an ceann is fearr ar iarghobharnóir Stát Nua-Eabhrac Andrew Cuomo. Reáchtálfar toghchán an mhéara féin i mí na Samhna agus meastar gur rogha na coitiantachta a bheidh in iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh. Bhí tacaíocht leithéidí Bernie Sanders agus Alexandria Ocasio-Cortez ag Mamdani, agus é ag gealladh polasaithe níos forásaí ná Cuomo, lena n-áirítear reo cíosanna agus busanna saor in aisce sa chathair. Anuas air sin, tá Cuomo luaite le roinnt líomhaintí faoi chiapadh gnéasach. Má éiríonn le Mamdani i mí na Samhna beidh sé ina chéad Mhéara Moslamach i gCathair Nua-Eabhrac.Tháinig fear slán as foirgneamh a bhí trí thine i lár Bhaile Átha Cliath le linn na seachtaine, buíochas le tiománaí leoraí a pháirceáil a fheithicil faoi fhuinneog an tí ar Rae Granby in aice le Cearnóg Parnell. Chonaic Tomasz Zareba fear amháin ag léim amach as fuinneog thuas staighre agus é féin a ghortú ar an tsráid ach ansin thiomáin sé a leoraí taobh leis an fhoirgneamh le go mbeadh fear eile ábalta teacht anuas go sábháilte. I ndiaidh na heachtra, chuaigh Zareba ar ais ag obair, agus é ag seachadadh earraí go siopaí sa chathair. Cuireadh cóireáil ar sheachtar ar an láthair agus cuireadh triúr san ospidéal, ach ní fios go fóill cad é ba chúis leis an tine.Tá féile cheoil Glastonbury ar siúl an deireadh seachtaine seo, agus thart fá dhá chéad míle duine ag teacht go Worthy Farm in Somerset in iardheisceart Shasana. Is iad The 1975, Neil Young agus Olivia Rodrigo príomhoirfidigh na féile, a d'eagraigh anfeirmeoir Michael Eavis den chéad uair sa bhliain 1970, agus tá roinnt ceoltóirí móra Éireannacha ag seinm fosta i mbliana, lena n-áirítear Kneecap, CMAT, Sprints agus Inhaler. Seachtain ó shin, dúirt Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer go gcreideann sé nár chóir go mbeadh ceolchoirm Kneecap á léiriúar an teilifís, ach tá sé ráite ag an lucht eagraithe go bhfuil fáilte rompu ag an fhéile. Beidh an chéad fhéile eile ar siúl sa bhliain 2027, ós rud é gur feirm dhéiríochta é Worthy Farm agus go mbíonn bliain ina bhán de dhíth ó am go ham.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbua gan choinne - unexpected victoryrogha na coitiantachta - favouritereo cíosanna - rent freezelíomháintí faoi chiapadh gnéasach - allegations of sexual harassmentpríomhoirfidigh - headlinersbliain ina bhán -fallow year

RTÉ - Barrscéalta
Séamus Mac Annaidh as Contae Thír Eoghain.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jun 26, 2025 4:50


Cuirfear tús le Féile Ghaeltacht Thír Eoghain Dé Luain i gCabhán an Chaorthainn.

amus eoghain cuirfear
RTÉ - Barrscéalta
Mark Harte as Contae Thír Eoghain.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jun 24, 2025 4:40


D'éirigh leis an achomharc a rinne grúpa atá ag cur in éadan na forbartha ar bhealach an A5 san Ard Chúirt i mBéal Feirste.

mb harte a5 feirste eoghain
RTÉ - Barrscéalta
Mark Harte as Contae Thír Eoghain.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jun 23, 2025 6:57


Ag caitheamh súil siar ar chluichí peile an deireadh seachtaine.

harte eoghain
Nuacht Mhall
21 Meitheamh 2025 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jun 21, 2025 7:36


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Leanann an cogadh idir Iosrael agus an Iaráin ar aghaidh an tseachtain seo. Rinne fórsaí Iosrael tuilleadh ionsaithe aeir ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, dírithe ar oirthear na cathrach. Mhol Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, do mhuintir Tehran imeacht roimh an ionsaí, amhail is go raibh a fhios aige roimh ré. Tháinig cáineadh ó rialtas na Síne, agus iad ag rá go raibh Trump ag cur leis an teannas. Ionsaíodh cathracha eile fosta, lena n-áirítear Natanz, áit a bhfuil áiseanna núicléacha, agus Tabriz, áit a bhfuil bunáit aerfhórsa na hIaráine. D'ionsaigh fórsaí na hIaráine na cathracha Iosraelacha Tel Aviv agus Haifa le diúracáin agus dróin. D'fhág Trump cruinniú G7 i gCeanada go tobann, ach séanann sé go raibh sé ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcainteanna síochána idir an dá thír.Beidh babhta réamhcheathrú ceannais de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann ag tarlú an deireadh seachtaine seo. Tá Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Chorcaí i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn i gcluiche mór an deireadh seachtaine. Tarraingíodh na cluichí ar Morning Ireland ar RTÉ Raidió a hAon agus seo mar a tháinig siad amach: Dún na nGall v Lú, An Dún v Gaillimh, Ciarraí v An Cabhán, Baile Átha Cliath v Corcaigh. Beidh buntáiste baile ag Dún na nGall, An Dún, Baile Átha Cliath, agus Ciarraí, ós rud é gur tháinig siad sa dara háit ina ngrúpaí roimhe seo. Tá áit bainte amach ag buaiteoirí na ngrúpaí sin – Tír Eoghain, An Mhí, Muineachán, agus Ard Mhacha – sa bhabhta ceathrú ceannais cheana, agus beidh na foirne sin ag dul in iomaíocht le buaiteoirí na gcluichí an deireadh seachtaine seo.Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, a bhfuil cáil níos fearr air mar an rapálaí Mo Chara as an ghrúpa Kneecap, os comhair na cúirte i Londain an tseachtain seo. Cúisíodh é maidir le dlí frithsceimhlitheoireachta – deirtear gur thaispeáin sé bratach a bhí ag tacú le Hezbollah ag ceolchoirm i Londain i mí na Samhna seo caite. Shéan sé na cúisimh ar fad. Deir Kneecap gur caitheadh an bhratach ar an stáitse agus go bhfuil na cúisimh ina n-iarracht an grúpa rapcheoil a chiúnú. Deir siad go bhfuil an dlí á úsáid chun bac a chur orthu ag taisteal agus ag labhairt. Tá Kneecap an-oscailte lena dtacaíocht don Phalaistín agus i gcoinne an chogaidh in Gaza. Bhí slua mór ag tacú leo taobh amuigh den chúirt i Londain Dé Céadaoin, agus ligeadh amach ar bannaí é. Déardaoin d'fhill siad ar Éirinn le haghaidh ceolchoirm mhór i bPáirc Fionnradhairc i mBaile Átha Cliath.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISáiseanna núicléacha - nuclear facilitiesbunáit aerfhórsa - air force baseréamhcheathrú ceannais - preliminary quarter-finalag dul in iomaíocht le - competing withdlí frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism lawar bannaí - on bail

donald trump pr gaza sh bp g7 tehran hezbollah chr bh baile haifa mh kneecap rinne natanz deir gaeilge iar tabriz ciarra conradh beidh haon cliath mbaile morning ireland ngall samhna gaillimh londain aontaithe rt raidi inniu eoghain corcaigh mheithimh ard mhacha d sathairn nuacht mhall
RTÉ - Barrscéalta
Lorcan Ó Máirtín, tráchtaire ar chúrsaí an CLG as Contae Thír Eoghain.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jun 16, 2025 7:01


Ag caitheamh súil siar ar na cluichí peile a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine.

lorcan eoghain
RTÉ - Barrscéalta
Mark Harte agus Caoimhín Ó Casaide.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 26, 2025 7:00


Bhí an bua ag Tír Eoghain ar Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine sa pheil Ghaelach.

dh bh harte agus caoimh ngall eoghain ghaelach
RTÉ - Barrscéalta
Caoimhín Ó Casaide iar imreoir le Dún na nGall agus Mark Harte iar imreoir le Tír Eoghain.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 23, 2025 7:35


Ag ple cluichí an deireadh seachtaine seo.

harte agus caoimh ngall eoghain
RTÉ - Barrscéalta
John Cholm Mac Giolla Easbuig Cathaoirleach CLG Naomh Muire.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 23, 2025 6:20


Tá John ag labhairt faoin lá mór a bheas ag CLG Naomh Muire ar an Domhnach agus foirne ban Dhún na nGall agus Tír Eoghain le dul chun páirce ar na Méilte.

dh cathaoirleach ngall eoghain
RTÉ - Barrscéalta
Mír Spóirt.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 12, 2025 13:42


Mír faoi chluiche ceannais sinsear na bhfear Chuige Uladh a bhí ar siúl tráthnóna Dé Sathairn le píosa tráchtaireachta ar an chluiche le Damien Ó Dónaill agus caint le Máire Ní Chochláinn, Uachtarán Bhord Na Contae, CLG Dhún na nGall agus le Mark Harte, iar imreoir contae le Tír Eoghain.

uachtar ngall eoghain damien d d sathairn
RTÉ - Barrscéalta
Danny Ó Dónaill – Trachtaire Spóirt.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 1, 2025 5:25


Conor Ó Gallachóir ag caint le Danny i ndiaidh Cluiche Ceannais Faoi 20 Uladh aréir nuair a fuair Tír Eoghain lámh in uachtar ar Dhún na nGall.

dh danny d ngall eoghain
RTÉ - Barrscéalta
An tráchtaire spóirt Owenie Mac Gairbheith.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 30, 2025 2:50


Beidh cluiche mór ar siúl anocht ar an Abhainn Bheag i nDoire nuair a thabharfas peileadóirí Faoi 20 Dhún na nGall aghaidh ar Thír Eoghain i gCluiche Ceannais Uladh.

dh beidh ngall eoghain ndoire
Nuacht Mhall
19 Aibreán 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 19, 2025 4:30


Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go bhfuil na Stáit Aontaithe sásta leithinis na Crimé a ligean don Rúis chun socrú síochána a bhaint amach, rud a sháródh Cairt na Náisiún Aontaithe, agus dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump "go mbogfadh na Stáit Aontaithe ar aghaidh" mura dtiocfaí ar shocrú síochána gan mhoill. Níl An Úcráin toilteanach na críocha atá gafa ag an Rúis a thabhairt suas.Sa Ríocht Aontaithe, tá an Chúirt Uachtarach i ndiaidh rialú a fhógairt ina ndeirtear go mbaineann na téarmaí 'bean' agus 'gnéas' le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch amháin, rud a fhágann mná trasinscneacha taobh amuigh den sainmhíniú. Chuir feachtasóirí inscne-chriticiúla fáilte roimh an rialú, ach ar an taobh eile tá imní ann nach dtabharfar cosaint cheart don phobal trascinscneach amach anseo. Tagann an fhógairt seo go gairid i ndiaidh céimeanna eile ar gcúl maidir le cearta daoine trasinscneacha sna Stáit Aontaithe agus san Ungáir.Bhain an galfaire Rory McIlroy sprioc mór amach Dé Domhnaigh nuair a bhain sé Comórtas na Máistrí in Augusta, Georgia, sna Stáit Aontaithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an Chaithréim Mhór bainte amach aige anois: Comórtas na Máistrí, Comórtas Oscailte na Stát Aontaithe, Comórtas Oscailte na Breataine agus Comórtas PGS na Stát Aontaithe. Níor éirigh ach le cúigear eile an éacht seo a dhéanamh roimhe seo, agus ba é Tiger Woods an duine deireanach chun an Chaithréim Mhór a chur i gcrích cúig bliana is fiche ó shin. Chomh maith leis an onóir sin, bhain McIlroy seaicéad glas na Máistrí den chéad uair agus níos mó ná ceithre mhilliún dollar. is as Ard Mhic Neasa i gContae an Dúin é McIlroy, atá ag imirt gailf ó bhí sé ina pháiste óg. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsos cogaidh - trucesocrú síochána - peace settlementbitheolaíoch - biologicalsainmhíniú - definitionan Chaithréim Mhór - the Grand Slaméacht - feat

vladimir putin tiger woods grand slam bh rory mcilroy mh crim mcilroy ung pgs gaeilge uachtar conradh chomh londain aontaithe aibre inniu chuir eoghain gcontae d domhnaigh breataine
RTÉ - Barrscéalta
An Trachtaire Spóirt Mark Harte.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Mar 24, 2025 4:23


Bhí deireadh seachtaine gnóthach ann ó thaobh cúrsaí spóirt de agus tá an tráchtaire spóirt as Tír Eoghain, Mark Harte linn le plé a dhéanamh ar chluichí peile an deireadh seachtaine.

bh harte eoghain
Nuacht Mhall
8 Márta 2025 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 8, 2025 4:54


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag na húdaráis in Sante Fe, New Mexico, go bhfuair an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa bás nádúrtha an mhí seo caite. Thángthas ar an bheirt agus iad marbh ina dteach ag deireadh mhí Feabhra, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhógach hantaivíris, galar neamhchoitianta a scaipeann creimirí, agus gur mhair Hackman beagnach seachtain eile ina diaidh. Bhí Hackman an-tinn le tamall, agus bhí galar croí, galar Alzheimer agus galar duáin air.  BhainHackman clú agus cáil amach sna 1970idí i scannáin ar nós The French Connection agus The Poseidon Adventure. Bhain sé gradam Oscar as a ról in The French Connection agus as ról tacaíochta in Unforgiven in 1992. Suaimhneas síoraí orthu beirt.Thug rí Nigéarach samplaí uisce leis chuig réamhthriail i Londain an tseachtain seo. Bhí an Rí Godwin Bebe Okpabi ag labhairt thar ceann a phobail i nDeilt Abhainn na Nígire maidir le truailliú a rinne an comhlacht ola Shell sa cheantar. Bhí an réamhthriail ar siúl chun scóip na gceisteanna dlíthiúla a shocrú roimh an phríomhthriail, a tharlóidh an bhliain seo chugainn. Dar le Okpabi, tá Shell i ndiaidh na milliúin dollar a chaitheamh ar na dlíodóirí is fearr, in áit an t-airgead sin a chaitheamh ar ghlanadh uiscí agus talamh a phobail. Tá an modh maireachtálatraidisiúnta sa cheantar scriosta, dar leis, agus ta2 leibhéal an-ard ailse sa réigiún, fiú i measc daoine óga. Fógraíodh Dé Céadaoin go gceapfar Coimisinéir Gaeilge agus Coimisinéir Ultaise i dTuaisceart Éireann i mí na Bealtaine. Gealladh na hoifigí nua seo cúig bliana ó shin sa mhargadh New Deal, New Approach, ach níor ceapadh coimisinéir ar bith nuair a tharraing an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP, amach as na hinstitiúidí ó thuaidh. Chuir an Chéad-Aire, MichelleO'Neill, agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, fáilte roimh an fhógra, agus dúirt Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gurb é ceapadh an Choimisinéara Gaeilge an “fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge nua”. Is é an ról an bheidh ag an Choimisinéir Teanga ná na caighdeáin teanga a leagan amach do chomhlachtaí poiblí agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin sa chás go ndéanfadh na comhlachtaí poiblí faillí ina ndualgais teanga.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsiondróm scamhógach hantaivíris - hantavirus pulmonary syndromecreimirí - rodentsréamhthriail - preliminary trialtruailliú - pollutionforáil - clause (legal)faillí - neglect

RTÉ - Barrscéalta
Niamh Nic Giolla Dhuibh, imreoir le foireann peil na mban Thír Eoghain.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Feb 21, 2025 4:56


Ag caint ar na cluichí sraithe a bheas ar siúl an deireadh seachtaine seo.

RTÉ - Barrscéalta
Terry Crossan, Comhairleoir Contae as Inis Eoghain agus Oifigeach Gaeilge CLG Naomh Pádraig Uisce Chaoin.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jan 24, 2025 5:18


Ag cur síos ar tús ar an dóigh a bhfuil rudaí in Inis Eoghain mar gheall ar Stoirm Éowyn agus comhrá faoi chluiche ceannais soisear clubanna na hÉireann atá le himirt Dé Sathairn idir Naomh Pádraig Uisce Chaoin agus An Cheathrú Rua.

agus gaeilge inis draig crossan uisce eoghain cheathr rua d sathairn chaoin
RTÉ - Barrscéalta
Antoin Mac Cába, saor iriseoir as an Omaigh.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jan 15, 2025 10:04


Tá fiosrúchán poiblí de chuid an Choimisún Achomhairc Pleanála ag leanstan ar aghaidh ar an Ómaigh inniu don 3ú lá as a chéile, mar gheall ar mhinach óir ar Shliabh Speirín i gContae Thír Eoghain.

saor eoghain
RTÉ - Barrscéalta
Darren Ó Dubhgáin agus Rebecca Ní Dhonaille.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jan 14, 2025 9:55


Darren Ó Dubhgáin as an Ardaí Bheag i nGort a'Choirce agus Rebecca Ní Dhonaille as an Mháigh i dTír Eoghain i Rio de Janeiro ag déanamh cur síos ar an aistear atá déanta acu go dtí seo.

RTÉ - Barrscéalta
Sinéad Ní Mhearnóg.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Jan 13, 2025 8:32


Cuirfear tús le fiosrúcháin poiblí de chuid an choimisiún athchomhairc pleanála ar an Ómaigh inniu faoin mianach óir ar shliabh Speirín i gContae Thír Eoghain.

eoghain cuirfear
Nuacht Mhall
28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Dec 28, 2024 6:09


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh tríocha a hocht duine Lá Nollag nuair a thuirling eitleán ón Asarbaiseáin de thuairt sa Chasacstáin. Bhí beagnach seachtó duine ar bord an eitleáin, a d'fhág Baku, príomhchathair na hAsarbaiseáine, go luath maidin Dé Céadaoin. Bhí an t-eitleán ag iarraidh tuirlingt in Grozny sa tSeisnia nuair a mhothaigh na paisinéirí trí phléasc agus cuireadh an t-eitleán ar atreo trasna Mhuir Chaisp go cósta thiar na Casacstáine, 450 ciliméadar soir. Tuairiscíodh sa Rúis gur bhuail ealta éan an t-eitleán ach cuireadh an locht ar an Rúis féin ina dhiaidh sin, agus saineolaithe ag rá gurbh iad diúracáin aerchosanta a bhuail an t-eitleán. Tá aerlínte náisiúnta na hAsarbaiseáine agus na Casacstáine i ndiaidh cosc a chur ar eitiltí áirithe go dtí an Rúis. Tá an tsaoráid sláinte dheireanach i dtuaisceart Gaza as seirbhís, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Tá ranna tábhachtacha san ospidéal scriosta agus faoi thine i ndiaidh ionsaithe a rinne arm Iosrael, a deir gur “daingean na sceimhlitheoirí” atá san ospidéal. Tá 25 othar atá go dona tinn fós san fhoirgneamh, ach bogadh iad siúd nach bhfuil ach measartha tinn amach go láthair eile atá scriosta, otharlann a tógadh le hairgead ón Indinéis sa bhliain 2016 ach atá ina fothrach anois. Maraíodh cúigear iriseoirí in Gaza Déardaoin agus rinneadh aerionsaithe ar shúiomhanna in Éimin fosta. Tá tíogar Sumatrach darb ainm Dao tagtha go Páirc Dhúlra Fhóite i gContae Chorcaí. Deirtear go bhfuil an tíogar, atá dhá bhliain d'aois, ag socrú isteach go maith agus go gcuirfear le chéile le tíogar baineann darb ainm Jambi é in iarracht an speiceas a chaomhnú. Tá tíogair Shumatracha ar an speiceas is lú de thíogar agus tá siad i mbaol a ndíothaithe ina ngnáthóg nádúrtha mar gheall ar dhífhoraoisiú agus ar phóitseáil. Tá níos lú ná 350 tíogar Sumatrach fágtha anois ach táthar ag súil go mbeidh coileáin ag Dao agus Jambi gan mhoill. Rugadh an tíogar Sumatrach deireanach i bPáirc Dhúlra Fhóite sa bhliain 2019 agus rugadh dhá choileán don tíogar sin i Zú Chester i Sasana ó shin. Go n-éirí go geal le Dao agus Jambi. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tuairt - crash ealta éan - a flock of birds saoráid sláinte - health facility daingean na sceimhlitheoirí - stronghold of terrorists gnáthóg nádúrtha - natural habitat coileán - cub

pr dc gaza bp dh dao baku bh fh gaeilge nollaig grozny conradh nollag sasana londain tuairisc inniu eoghain nuacht mhall
RTÉ - Barrscéalta
Clara Ní Cholla, múinteoir as Coláiste Eoghain i mBun Cranncha.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 19, 2024 6:50


Beidh múinteoirí meánscoile sa chontae seo ag dul i mbun agóide inniu ag am lóin lena míshástacht a léiriú faoi na hathruithe atá beartaithe a dhéanamh ar leagan amach agus cur chuige na hArdteiste.

iste beidh cholla clara n eoghain
Nuacht Mhall
2 Samhain 2024 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Nov 2, 2024 6:46


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Ní fios cé mhéad duine atá fós ar iarraidh ach is léir gurb iad seo na tuilt e is measa agus is marfaí sa Spáinn i stair na linne seo. Tá tarrthálaithe ag dianchuardach na gceantar a bualadh agus tá an rialtas náisiúnta i ndiaidh cúig mhíle saighdiúir a sheoladh isteach chun cuidiú leis na hiarrachtaí seo. Tá rabhadh aimsire oráiste fós i bhfeidhm in València agus sa Chatalóin. Scríobh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn litir chomhbhróin ar son mhuintir na hÉireann chuig Rí Felipe VI sa Spáinn. Tugadh bata agus bóthar do bhainisteoir Manchester United Erik ten Hag ag tús na seachtaine, i ndiaidh dhá bhliain go leith sa phost. D'éirigh réasúnta maith leis ar dtús, agus dhá chorn buaite aige, ach níor thóg sé United ar ais go barr na sraithe agus ba léir nach raibh úinéirí ná lucht leanúna an chlub sásta leis. Ba é ten Hag an cúigiú bainisteoir buan a bhí ag an chlub ó chuaigh Alex Ferguson ar scor sa bhliain 2013, ach is iad a gcomharsana Manchester City atá chun tosaigh na laethanta seo. Bhí laoch an chlub agus comhthíreach ten Hag Ruud van Nistelrooy i gceannas ar an fhoireann le haghaidh cluiche amháin, ina bhfuair siad an bua ar Leicester City le scór 5-2, ach tá bainisteoir buan nua tagtha isteach anois, Rubén Amorim as an Phortaingéil, a bhain rath amach mar bhainisteoir den chlub Sporting i Liospóin. Tá Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne an tseachtain seo, agus Gaeil ó gach cearn den domhan bailithe le chéile chun an teanga agus an cultúr a cheiliúradh. Seoladh an fhéile Dé Céadaoin le hóráidí ó Uachtarán an Oireachtais Pádraig Mag Fhearghusa agus Aire Stáit na Gaeltachta, Spóirt & Corpoideachais, Thomas Byrne TD. Bronnadh duaiseanna Chomórtas Liteartha an Oireachtais agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an lá céanna. I measc imeachtaí eile, bhí seoltaí leabhair, díospóireachtaí, comórtais amhránaíochta agus damhsa, agus seoladh nuachtán clóite nua, An Páipéar, atá ar fáil ar bhonn seachtainiúil ó thús na míosa seo. Beidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste an bhliain seo chugainn, den chéad uair ó bhí 1997 ann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tarrthálaithe - rescuers rabhadh aimsire oráiste - orange weather warning litir chomhbhróin - letter of condolence comhthíreach - fellow countryman nuachtán clóite - print newspaper ar bhonn seachtainiúil - on a weekly basis

RTÉ - Adhmhaidin
Claire Ní Dhochartaigh - Príomhoide Cholaiste Eoin i mBun Cranncha.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 21, 2024 5:24


Tá athbhrandáil iomlán déanta ar Choláiste Chineál Eoghain i mBun Cranncha. Is í Coláiste Eoghain ainm na scoile anois agus tá suaitheantas agus éide scoile úr ag an Scoil.

Nuacht Mhall
24 Lúnasa 2024 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Aug 24, 2024 4:27


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá ionchúisitheoirí san Iodáil ag smaointiú ar chúisimh dúnorgana maidir le bás seachtair nuair a chuaigh an t-oll-luamh Bayesian go tóin poill amach ó chósta na Sicile Dé Luain. I measc na marbh tá Mike Lynch, Sasanach de bhunús Éireannach a bhunaigh an comhlacht idirnáisiúnta teicneolaíochta Autonomy. Bhí Lynch ag ceiliúradh go bhfuarthas neamhchiontach é i gcúisimh calaoise sna Stáit Aontaithe. Tháinig a bhean chéile slán ón tubaiste ach cailleadh iníon dá gcuid.  Comhtharlú tragóideach ab ea é nuair a maraíodh a chomhchosantóir sa chás calaoise, Stephen Chamberlain, i dtimpiste bóthair, roinnt uaireanta i ndiaidh don long dul go tóin poill. Tá sé ráite ag póilíní i Sasana nach raibh cúinsí amhrasacha bainte le bás Chamberlain. Bhí comhdháil náisiúnta an Pháirtí Dhaonlathaigh ar siúl i Siceágó an tseachtain seo, agus ghlac Kamala Harris leis an ainmniúchán le dul san iomaíocht i gcoinne Donald Trump i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá ag deireadh na bliana. Cháin sí Trump in óráid Déardaoin inar leag sí amach a fís don uachtaránacht. Tharla seo i ndiaidh seachtain d'óráidí móra tugtha ag leithéidí Joe Biden, Barack Obama, Michelle Obama, Hillary Clinton agus Tim Walz, gobharnóir Minnesota, a bheidh ag seasamh le Harris sa toghchán. Tá ag éirí níos fearr leis an Pháirtí Daonlathach sna pobalbhreitheanna ó shocraigh Biden ar éirí as an bealach a fhágáil do Harris. Tá tús curtha le trialacha an chéad vacsaín riamh in aghaidh ailse scamhóg. Deirtear go dtiocfadh leat an vacsaín nua a bheith “ceannródaíoch” sa troid i gcoinne an ghalair, an chúis bháis is mó i measc na gcineálacha ailse. Tá an triail ar siúl sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin, san Ungáir, sa Pholainn, sa Spáinn agus sa Tuirc agus táthar ag súil go mbeidh freagairt imdhíonachta níos fearr ag othair gan dochar ar bith a dhéanamh, rud a tharlaíonn le leithéidí ceimiteiripe. Ba é Janusz Racz as Londain an chéad duine chun an vacsaín a fháil, agus é ag rá go bhfuil sé ag súil le Maratón Londan a rith nuair a bheidh biseach air. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cúisimh dúnorgana - manslaughter charges oll-luamh - superyacht calaois - fraud cúinsí amhrasacha - suspicious circumstances ailse scamhóg - lung cancer freagairt imdhíonachta - immunity response