POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.I ndiaidh cúpla seachtain dhrámatúil i bpolaitíocht na Breataine, tá an Feisire Parlaiminte nuathofa do Makerfield, Andy Burnham,ar tí seilbh a ghlacadh ar Uimhir 10 Sráid Downing. Cé go bhfuair Burnham, a bheidh ina sheachtú Príomh-Aire ar an mBreatain le deich mbliana anuas, ainmniúcháin ó 322 de na 403 Feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, tá dúshláin go leor roimhe anois,agus gan ach trí bliana fágtha den téarma rialtais. Beidh na fadhbanna tromchúiseacha ba chúis le titim a réamhtheachtaí, Sir Keir Starmer, faoi chúram iar-Mhéara Mhanchain go luath, lena n-áirítear míshástacht an phobail leis an rialtas, na géarchéimeanna leanúnacha sa Mheánoirthear agus an brú atá ag teacht ó ghrúpaí éagsúla chun caiteachas cosanta a mhéadú gan cáin ioncaim a ardú. Ní hé Burnham an t-aon pholaiteoir mór le rá sa Bhreatain atá i gcruachás faoi láthair, áfach. Tá ceisteanna crua le freagairt ag a phríomh-iomaitheoir, Nigel Farage, ceannaire an pháirtí Reform UK, tar éis teacht chun solais gur ghlac Farage le cúig mhilliún punt ó bhilliúnaí criptea-airgeadra. I measc ábhair imní gur sciúradh airgid a bhí ar siúl, tá an síntiús á fhiosrú anois ag an National Crime Agency, agus idir an dá linn, tá Farage tar éis éirí as a phost mar Fheisire Parlaiminte do Clacton, agus é ag súil go léireodh fothoghchán úr tacaíocht an phobail dó féin agus don mhaíomh gur íospartach den chóras oifigiúil é. Mar fhreagra, tá sé fógartha ag Páirtí an LuchtOibre, na Coimeádaigh, na Glasaigh agus na Daonlathaithe Liobrálacha nach mbeidh siad ag seasamh san fhothoghchán, agus is cosúil gurb é cuairteoir ón spás amuigh, darb ainm Count Binface, a bheidh ina phríomh-iomaitheoir do Farage.Dea-scéala do lucht leanúna an cheoil Éireannaigh a nascann an traidisiún leis an turgnamh, tá Trá Pháidín ar ais le halbam nua, go gairid i ndiaidh An A24 ón mbliain seo caite. Tarraingíonn an t-albam nua, Cloch ‘s Claí, inspioráid ón úrscéal aoiriúil cáiliúil le Myles na gCopaleen, An Béal Bocht, agus pléann sé an gaol idir an Ghaeltacht agus an chuid eile d'Éirinn chomhaimseartha, agus béim ar leith á cur ar chúrsaí tithíochta, ar fhadhbannaeacnamaíocha agus ar cheisteanna féiniúlachta. Is é seo an chéad eisiúint ag an ngrúpa ar an lipéad World of Echo, atá lonnaithe i Londain, agus a dhíolann ceirníní ó cheoltóirí ceannródaíocha ar fud an domhain, agus mar thoradh air sin,tabharfaidh sé deis do lucht éisteachta idirnáisiúnta aithne a chur ar an dream as Conamara. Tar éis 102 cluiche agus breis agus mí a bhí lán de scileanna iontacha, botúin thubaisteacha, taispeántais laochúla, moilleanna de bharr VAR agus conspóid pholaitiúil, tá Corn an Domhain ag druidim chun deiridh. Cé gurb iad an Spáinn rogha na coitiantachta, tar éis dóibh an Fhrainc a shárú in Dallas oíche Dé Máirt, le cúil ó Mikel Oyarzabal agus Pedro Porro, beidh neart le déanamh acu chun an lámh in uachtar a fháil ar an Airgintín, atá ag filleadh ar an gcluiche ceannais mar seaimpíní gan chloí tar éis bua cáiliúil i gcoinne Shasana ag Staid Atlanta oíche Dé Céadaoin. Níos cóngaraí don bhaile, ar lá spóirt lán le haicsean, fillfidh Gaillimh ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann den chéad uair ó 2018, agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Luimnigh atá sa tóir ar a séú theideal in ocht mbliana. Beidh Gaillimh ag súil go mbeidh an tosaí Rory Burke i mbarr a réime arís tar éis an gortú a d'fhulaing sé i gcluiche ceannais Laighean, agus tá faoiseamh ar fhir na Mumhan go bhfuil a gcaptaen, Cian Lynch, réidh le himirt tar éis dó a bheith as láthair ón mbua ar Chontae an Chláir. *GLUAISréamhtheachtaí - predecessorspás amuigh - outer spaceturgnamh - experimentaoiriúil - satiricalrogha na coitiantachta - the favourite to win i mbarr a réime - at the top of his game
Tá a fhios ag madraí na sráide faoin bhfadhb atá sa tír seo maidir le heaspa tithíochta. Ó Ghaoth Dobhair, go Carna, go Corca Dhuibhne, tá dúshláin mhóra roimh theaghlaigh atá ag iarraidh teach a fháil i gceantair Ghaeltachta. Beagnach bliain ó shin, fostaíodh duine chun dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sna Gaeltachtaí: Comhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht. Agus an sprioc? Tithe folmha sna Gaeltachtaí a chur ar ais in úsáid. Ach an bhfuil an éirigh leis an iarracht? Agus cé chomh tábhacht is atá na deontais athchóirithe do na tithe fomha seo? Ar Seachtain thug Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht, uasdátú ar an dul chun cinn atá déanta ó thosaigh sé sa phost. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir: Deontas: Grant Athchóiriú: Renovation Tithe folmha: Vacant houses Tréigthe: Abandoned Díon: Roof Bothán: An old rudimentary house A mheas: To assess Fostaíocht: Employment Na scéaltaí rathúla: Success stories Íochta amach: Paid out Ag baint leas as: Benefitting from Coinníoll: Condition Daoine aonair: Individuals Togra: Project Dírithe: Directed at Maoiniú: Funding Cíos: Rent Meascán: Mixture Chun tosaigh: Ahead Rannpháirtíocht: Participation Uacht: Will Cáin: TaxSee omnystudio.com/listener for privacy information.
Plé ar nDréacht-Ráiteas Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht a foilsíodh le gairid.
Plé faoina deiseanna agus na dúshláin a bheas ann den Ghaeilge agus don Ghaeltacht má bhíonn Éireann aontaithe ann?
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo faoin difear a dhéanfadh sé dá gcuirfí 10% de thithe folmha ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise. Agus é ag labhairt ar na deacrachtaí atá aitheanta sna ceantair Ghaeltachta maidir le tithíocht do dhaoine le Gaeilge, dúirt Mac Eachmharcaigh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta iontach gar do bhailte móra, agus go bhfuil an-éileamh ar thithíocht iontu ó dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus ó dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Dar leis an daonáireamh deireanach, tá 172 teach folamh i nGaeltacht na nDéise, líon réasúnta ard nach bhfuil chomh hard céanna le ceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre. Dúirt Mac Eachmharcaigh fosta go bhfuiltear ag iarraidh ar dhaoine atá ag díol tithe faoi láthair an Ghaeilge a thabhairt san áireamh agus iad ag smaoineamh ar cé leo a ndíolfaidh siad a dteach. Dá n-éireodh leis an fheachtas seo tá Mac Eachmharcaigh den tuairim go gcuirfeadh sé go mór le spiorad pobail. Dúirt sé go bhfuil cumhacht ag úinéirí tí pobal na Gaeilge a neartú, dá mba mhian leo.Tá fear 26 bliain d'aois gafa ag póilíní sa Ríocht Aontaithe ar amhras gur dhúnmharaigh sé an t-iar-pholaiteoir Ann Widdecombe. Dúirt Póilíní Devon agus Cornwall gur glaodh ar oifigigh chuig seoladh in Haytor ag 11.40am inné agus fuarthas Ms Widdecombe marbh, i ndiaidh di gortuithe tromchúiseacha a fháil. Dúirt na póilíní gur ghabh siad fear geal Briotanach. Dúirt Leas-Phríomhchonstábla Póilíní Devon agus Cornwall, Matt Longman ag preasagallamh nach raibh bás Ms Widdecombe á chóireáil mar eachtra sceimhlitheoireachta agus nach raibh aon chúis ag na póilíní a chreidiúint go raibh sé spreagtha go polaitiúil. "Tá bleachtairí ó fhoireann imscrúdaithe coireachta móra an fhórsa tar éis imscrúdú dúnmharaithe a sheoladh, agus tá siad ag déanamh fiosrúchán fairsing ar bhás Ms Widdecombe," a dúirt sé. Cuireadh macasamhail moisc trí thine ar thine chnámh i gContae Thír Eoghain, díreach seachtainí i ndiaidh do dhaoine sna 6 chontae teitheadh óna dtithe le linn círéibeacha ciníocha, an tseachtain seo. Cuireadh an tsamhail ar bharr na tine chnámh i Maigh gCaisil Dé Céadaoin agus lasadh í tráthnóna Déardaoin. Tá úinéirí gnó, eagraíochtaí pobail agus reiligiúnacha chomh maith le roinnt daoine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann ag roinnt a n-imní. Tá eagla ann, ag leanúint ó thrí shamhradh círéibeacha, go bhfuil an Ioslamafóibe i dTuaisceart Éireann ag dul in olcas. Dúirt cathaoirleach Chomhairle Síochána agus Lánpháirtíochta Moslamach na hÉireann: "Ní ráiteas polaitiúil é seo dúinne, is teachtaireacht eisiaimh agus imeaglaithe é dúinne, nár chóir do dhaoine bheith ar a suaimhneas anseo." "Tá an ceart ag daoine a gcuid traidisiún a cheiliúradh agus a gcuid tinte cnámh a bheith acu, ach sílim nuair a chuireann tú bratacha, nuair a chuireann tú pictiúir de cheannaire polaitiúil, nuair a chuireann tú moscanna ar bharr na dtinte cnámh seo, nach traidisiún é a thuilleadh, is fuath é go bunúsach, is imeaglú é. Ní cultúr é seo a thuilleadh." Dúirt sé fosta go mbraitheann sé go bhfuil tacaíocht ó na póilíní agus ó cheannairí eaglaise eile. "Mar phobal Moslamach, tá a fhios againn go bhfuil formhór na ndaoine i dTuaisceart Éireann an-fháilteach agus an-chineálta," a dúirt sé, ach chuir sé leis go bhfuil na cineálacha eachtraí seo ag méadú.gortuithe tromchúiseacha - serious injuriesfiosrúchán - investigation
Ag fógairt an gearrliosta do chomórtas úr Ghlór na nGael do ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, an comórtas ‘ARDÁN'. Tá meascán de ghrúpaí Gaeltachta agus grúpaí atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht luaite sna gearrliostaí.
Bhí Conor Ó Gallachóir i láthair ag ócáid a bhí ar siúl i nGaoth Dobhair le gairid dírithe ar an téama ‘Éire Aontaithe” Labhair Conor Róisín Nic Liam, a bhí i mbun taighde do Chonradh na Gaeilge ar an ábhar seo, Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
Seolfar ‘Forás an Phobail i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh' Dé Ceadaoin seo chughiann. Togra taighde a bhí ar siúl ó mhí Feabhra 2024 go Meitheamh 2025.
Os cionn mí ó shin, tharraing léirsithe maidir le costas breosla aird ar an mbrú atá ar phobail tuaithe. Dúnadh bóithre timpeall na tíre agus lucht na hagóide ag lorg tacaíochta ón rialtas chun dul i ngleic leis an ardú costais. In ainneoin gur chuir an rialtas beartais cúnaimh ar fáil, tá imní ar phobail tuaithe nach bhfuil deireadh na géarchéime seo ann go fóill. Mar sin de, an bhfuil a dhath ar bith réitithe i ndáiríre? Agus an bhfuil an ghéarchéim bhreosla níos measa fós sa Ghaeltacht? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoí: Áine Ní Bhreisleáin Foclóir: Léirsithe: Demonstrations Breosla: Fuel Iniúchadh: To examine Iompar: Transport An Meánoirthear: The Middle East Ag teacht i dtír: To land or arrive by sea Faoiseamh: Relief Réiteach: Solution Beart: Package Scuainí: Queues Conraitheoir talmhaíochta: Agricultural contractor Díomhaoin: Idle Earraí: Goods Imníoch: Concerned/anxious Rogha: Choice Fiontraí: Entrepreneur Éiginnteacht: Uncertainty Costas reachtála: Running cost Achmhainní nádúrtha: Natural resources Móin: Turf Leochaileach: Vulnerable See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bainteach leis an ngrúpa sa Rinn agus An tSean Phobal atá i gcoinne tógáil tuirbíní gaoithe tionsclaíocha sa Ghaeltacht.
Ar na mallaibh rinne comhlacht príobháideach eile atá lonnaithe anseo sa Ghaeltacht infheistíochta mhór sa chomhlacht agus thug Conor Ó Gallchóir an tígh seo cuairt ar cheanncheathrú an chomhlachta le gairid agus labhair sé leis an úinéir Joseph Mangan.
Kerry Gaelic football legend & esteemed broadcaster Dara Ó Cinnéide sits down for in-depth conversation with Ger Gilroy around the release of ‘Rian na Fola', his latest documentary, investigating the century-old murder of a Kerry man…There is also loads of conversation around his role as chairman of his beloved An Ghaeltacht, the Irish language,Off The Ball Breakfast with Viagra Connect 50mg film-coated tablets. Contains sildenafil. For adult men with erectile dysfunction. Subject to suitability. Maximum dosage one 50mg tablet per day. Always read the label.Catch The Off The Ball Breakfast show LIVE weekday mornings from 7:30am or just search for Off The Ball Breakfast and get the podcast on the Off The Ball app.SUBSCRIBE at OffTheBall.com/joinOff The Ball Breakfast is live weekday mornings from 7:30am across Off The Ball.
Kerry Gaelic football legend & esteemed broadcaster Dara Ó Cinnéide sits down for in-depth conversation with Ger Gilroy around the release of ‘Rian na Fola', his latest documentary, investigating the century-old murder of a Kerry man…There is also loads of conversation around his role as chairman of his beloved An Ghaeltacht, the Irish language,Off The Ball Breakfast with Viagra Connect 50mg film-coated tablets. Contains sildenafil. For adult men with erectile dysfunction. Subject to suitability. Maximum dosage one 50mg tablet per day. Always read the label.Catch The Off The Ball Breakfast show LIVE weekday mornings from 7:30am or just search for Off The Ball Breakfast and get the podcast on the Off The Ball app.SUBSCRIBE at OffTheBall.com/joinOff The Ball Breakfast is live weekday mornings from 7:30am across Off The Ball.
Cruinniú eolais ag an mbrúghrúpa BÁNÚ i nGaillimh aréir faoi chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.
In episode 30 of Settle In, we spoke to An Ghaeltacht footballer, Franz Sauerland, on what was a momentous 2025 for him and his club.Sauerland speaks of suffering racial abuse on the field as a teenager, but not letting that deter his ambition to represent his club on the biggest stage of all.The Gaeltacht defender tells Off The Ball's Rachel Sheehan of his dream to represent his county, missing out on playing in the Intermediate All-Ireland club final, and growing up in a football-obsessed school. Settle In on Off The Ball is brought to you by Guinness 0.0. visit drinkaware.ie
Dúirt Niall Ó Ceallaigh, Oifigeach Pleanála Teanga Iardheiscirt Theas Dhún na nGall, le Frances Nic Géadaigh go mbeidh sé deacair an sprioc de 85% de chainteoirí Gaeilge a bhaint amach i scéimeanna tithíochta sa Ghaeltacht.
In episode 30 of Settle In, we spoke to An Ghaeltacht footballer, Franz Sauerland, on what was a momentous 2025 for him and his club.Sauerland speaks of suffering racial abuse on the field as a teenager, but not letting that deter his ambition to represent his club on the biggest stage of all.The Gaeltacht defender tells Off The Ball's Rachel Sheehan of his dream to represent his county, missing out on playing in the Intermediate All-Ireland club final, and growing up in a football-obsessed school. Settle In on Off The Ball is brought to you by Guinness 0.0. visit drinkaware.ie
Bainteach leis an ngrúpa sa Rinn agus An tSean Phobal atá i gcoinne tógáil tuirbíní gaoithe tionsclaíocha sa Ghaeltacht.
Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe. Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb. Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo, I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce, infrastruchtúr, seirbhísí, fostaíocht agus áiseanna, agus tá siad ar fad nasctha ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta de. Ach cad é an tionchar atá le feiceáil ar an talamh sna ceantair seo atá faoi bhrú maidir le saol an chultúir agus leis an spórt? Cad iad na baic is mó atá ag coinneáil cainteoirí Gaeilge atá ag lorg tí, lasmuigh den Ghaeltacht? Agus cén dóigh go bhfuil na pobail seo ag troid i gcoinne chreimeadh na tuaithe? Ar Seachtain, fiosraíonn Áine Ní Bhreisleáin an tionchar atá ag bánú na tuaithe ar an Ghaeltacht. Foclóir: Bánú: Depopulation Ceal: A lack of Gníomhaithe teanga: Language activists Tithíocht inacmhainne: Affordable housing Fostaíocht: Employment Níos fusa: Easier Faoin tuath: The country or rural area Éileamh: Demand Todhchaí: Future Luach: Value Forleathan: Widespread Go sonrach: Particularly Ar dualgas: On Duty Borradh: A boost or growth Creimeadh: Erosion I mbaol: In danger Scéim Scoláireachta: Scholarship Scheme An taoide a chasadh: To turn the tide Ag dul in éag: Becoming extinct Is annamh: Rarely Ionad Fiontraíochta: Enterprise centre Ar an imeall: On the egde Fite fuaite: Intertwined See omnystudio.com/listener for privacy information.
De réir phlean forbartha na contae caithfear coinníoll teanga a chur i bhfeidhm i ngach scéim tithíochta sóisialta agus príobháideach a thógfar feasta sa Ghaeltacht áit a mbeidh ar 85% de na tionóntaithe Gaeilge a bheith acu.
Has the Tricolour lost the meaning that its creators intended? Should it be replaced?Joining Ciara to discuss is Conor D McGuinness, Sinn Féin TD for Waterford and party Spokesman on Rural Affairs, Community Development and an Ghaeltacht.
Bhí Colm De Buitléir ag teacht chun cinn trí na céimeanna i rugbaí An Ghaeltacht, agus ba é an chéad imreoir riamh ón gclub a chuaigh ar aghaidh chun imirt do Connacht. As teaghlach atá an-tógtha leis an rugbaí dó, d'imir a athair do Laighin ag leibhéal faoi aois agus imríonn a dheartháir do Connacht.Ag imirt mar leathchúlaí scroba agus leathchúlaí oscailte, d'imir sé do Corinthians agus tháinig sé tríd an gcóras i Connacht, ag tuilleamh a chéad chaipín sinsir i gcoinne Bordeaux Bègles sa Challenge Cup in 2018.Chuir gortuithe isteach ar a dhul chun cinn, agus d'fhág sé Connacht in 2021. Ina dhiaidh sin bhí sé mar chuid den fhoireann Terenure a bhuaigh a gcéad teideal AIL riamh in 2023.Colm De Buitléir came through the ranks at An Gaeltacht Rugby and was their first ever player to go on to play for Connacht. From a rugby obsessed family, his Dad played for Leinster underage and his brother plays for Connacht.At scrum half and out half he played for Corentians and came through at Connacht, earning his first senior cap against Bordeaux Beagles in the Challenge Cup in 2018. De Buitléar has been plagued with injuries but has learned valuable life lessons from each one, leaving Connacht in 2021, he was part of the Terenure team that won their first ever AIL title in 2023To become a member and access our exclusive content simply click: here:http://offtheball.com/join
Bhain Seanán an comórtas d'iomaitheoirí as taobh amuigh den Ghaeltacht ag comórtas an Béal Binn leis an dán Bhí Bata Ag Seánín.
Labhraíonn Pádraig Óg Ó Sé le Seán faoin méid atá bainte amach aige sa spórt, blian iontach do An Ghaeltacht, Comórtas Peile Paidí Ó Sé agus cúrsaí turasóireachta agus cultúrtha.
Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís ar feadh coicíse agus i mbliana tá an ceol i gcroílár an chéiliúradh. Is é téama na bliana seo ná ‘A Ghaeilge, mo cheol thú', agus s'iad Róisín Seoighe, ball den ghrúpa ceoil IMLÉ, agus Conor Curley ón bhanna ceoil Fontaines D.C., ambasadóirí na féile. Tá dhá thuras ar leith ag an bheirt ambasadóir leis an teanga. Tógadh Róisín le Gaeilge i gcroílár na Gaeltachta agus cumann sí ceol nua-aimseartha ins an teanga, agus tá Conor anois ag iarraidh ath-thosú lena chuid aistir foghlamtha. Léiríonn téama na bliana seo an gaol láidir atá idir an Ghaeilge agus an ceol agus tá an teanga á úsáid ag Conor agus Róisín ina gcuid liricí. Tá sé coitianta anois do cheoltóirí móra le rá an Ghaeilge a fhigh isteach ina gcuid ceoil ceoltóirí ar nós CMAT, Fontaines D.C., Denise Chalia agus Kneecap. Ach cad é atá mar spreagadh ar an treocht seo? Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Róisín Seoighe, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, agus bean Gaeltachta go smior í, faoin fís atá aici don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Foclóir: Ceol a chumadh: To compose music Faitíos: Apprehension Aistrigh: Translate Béim: Emphasis Eispéireas: Experience Céad cuimhní: First memories Nósanna: Traditions or customs Éalú uaigh: Escape from it Drogall: Hesitation Seanchas: Storytelling Ag casadh ceol: Playing music Camchuairt: A tour A scaradh: To seperate Dushlán: Challenge Iomráiteach: Prominent Slí bheatha: Career Figh: Weave See omnystudio.com/listener for privacy information.
Chruinnigh scaifte taobh amuigh de Theacht Laighean i mBAC Dé Máirt na seachtaine seo agus iad ag ágóidíocht de bharr fadhb thithíocht na Gaeltachta. Bhí an lucht agóide ag éileamh ar an Aire Tithíochta James Browne dul i mbun gnímh láithreach maidir leis an ghéarchéim thithíochta agus teanga sa Ghaeltacht. Tá sé acu go bhfuil an ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas agus tá muintir na Gaeltachta buailte go dona leis. Labhair Áine Ní Bhreisleáin le Seachtain faoin léirsiú. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh agóid ar siúl ag an ghrúpa feachtasaíochta tithíochta, Tinteán amárach taobh amuigh de Theach Laighean le haird a tharraingt ar an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht. Labhair sé fosta faoin Tionól Pleanála Teanga a bhí ar siúl inniu leis an Aire Gaeltachta Dara Calleary inniu i gCaisleán an Bharraigh.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá sé mar aidhm anois ag Conradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” tar éis don Ard-Fheis vótáil ar son athraithe ar bhunreacht na heagraíochta. Bhí an ócáid bhliantúil ar siúl san Óstán Europa i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite, an chéad uair a reachtáladh é sa chathair le tríocha bliain. Lá suntasach a bhí ann don eagraíocht nuair a ghlac mórchuid de na baill gur chóir go mbeadh an Conradh i lár an aonaigh maidir le deireadh a chur le críochdheighilt na hÉireann. Tagann an fógra seo ag am cinniúnach don teanga, dar leis an taighdeoir Róisín Nic Liam, a thug rabhadh go mbeidh an Gaeilge i mbaol mura n-athraíonn meon an phobail agus muid ag druidim le comhaontú na tíre. I measc na n-abhár eile a pléadh, glacadh freisin le rún a éilíonn gníomh ó Stát na hÉireann chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus moltaí ón gConradh agus ó eagraíochtaí ar nós Bánú a chur i bhfeidhm. Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar an ngníomhaí cearta Fergus Ó hÍr as a chuid éachtaí thar na blianta, lena n-áirítear a sheasamh in aghaidh na mBlocanna H agus a cheannaireacht ar Raidió Fáilte.Níl an dara rogha ag foireann sacair na hÉireann ach a gcluichí i Sraith na Náisiún in aghaidh Iosrael a chomhlíonadh. Sin de réir Phríomhfheidhmeannach Cumann Sacair na hÉireann (an FAI) David Courell, i ndiaidh an fhógra go n-imreofaí cluiche baile i mBaile Átha Cliath ar an gceathrú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Tuigeann an FAI go mbeidh an cinneadh seo deacair ar go leor den lucht tacaíochta, a deir a ráiteas, ach caithfidh siad cloí le rialacha UEFA nó glacadh leis an mbaol dícháilithe. Thacaigh gnáthbhaill FAI roimhe seo le rún ag iarraidh go gcuirfí Iosrael ar fionraí ó chomórtais UEFA mar gheall ar an gcinedhíothú sa Phalaistín. Bhí ráflaí ann go n-imreofaí an cluiche thar lear, ag cur san áireamh an teannas idir an dá thír agus an imní faoi chúrsaí slándála. Tuigtear, áfach, go bhfuil na Gardaí sásta nach mbeidh aon fhadhb ann. Níl a fhios fós cad a dhéanfaidh daoine mar fhreagra, ach is féidir a bheith ag súil le baghcat nó le hagóid ag an Staid Aviva ar an oíche.Tá Seachtain na Gaeilge 2026 beagnach buailte linn, agus chun an ócáid a cheiliúradh, beidh dhá scannán as Gaeilge le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. Beidh lucht féachana Cúla4 ar bís faoi fhilleadh carachtair bhuí áirithe ar an scáileán mór sa scannán beochana SpongeBob: Cá Bhfuil SquarePants? San eachtra nua seo, caithfidh SpongeBob a chrógacht a chruthú dá leathbhádóir, an tUasal Krabs, agus an bheirt acu sa tóir ar thaibhse fíochmhar. Más rud é go bhfuil tú ag lorg rud eicínt níos dorcha, áfach, is féidir leat dul chuig Báite, scéal noir atá suite sna seachtóidí, ina dtagann rúin ghránna chun solais tar éis corp a fháil i loch. Ba é Ruán Magan, deartháir Manchán, a stiúir an scannán, bunaithe ar an úrscéal The Lake, le script ón údar céanna, Sheena Lambert. Tá ardmholadh faighte ag Báite on eagarthóir coimisiúnaithe TG4, Máire Ní Chonláin, a deir go bhfuil sé “fréamhaithe go domhain in áit agus i gcarachtair”, le béim láidir ar shaibhreas scéalaíochta na Gaeilge.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScríochdheighilt - partitionrún - resolutionbaol dícháilithe - risk of disqualificationar fionraí - suspendedleathbhádóir - partnereagarthóir coimisiúnaithe - commissioning editor
Tá comhpháirtíocht ar bun idir Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Mhaigh Eo dírithe ar thithe folmha sa Ghaeltacht, agus chur Colm agus Marion síos dúinn ar an chomhpháirtíocht agus an obair a bheas a dhéanamh acu.
Ag plé cúrsaí tithíochta anseo sa Ghaeltacht. Fógraíodh le cúpla lá anuas go bhfuil cead pleanála a lorg le tuilleadh tithe a thógail i Loch an Iúir agus an agóid a bhí ar siúl ag Aerfort Dhún na nGall Dé Sathairn.
Inniu ar Chartlann na Céadaoine tá an Dr Seán Ó hEochaidh agus é ag déanamh cur síos ar an tseanchas a bhain le Naomh Bríd anseo sa Ghaeltacht. Seo mar a labhair sé faoin ábhar ar an aonú lá déag de Shamhain 1991.
Faoin socrú a rinneadh inné ceardlann a eagrú go luath le soiléiriú a fháil ar an dóigh a gcuirfidh an Chomhairle Contae coinníoll teanga i bhfeidhm do thithíocht shóisialta sa Ghaeltacht agus plé ar úsáid an ardán X sa Chomhairle Contae.
Dara leath do sheoladh Teampaill Geal na nDéise - Ceol agus Amhránaíocht ó Ghaeltacht na nDéise.
An bhfuil éigeandáil teanga sa Ghaeltacht? De réir tuarascáil nua-eisithe - tá. Deirtear go neamhbhalbh sa tuairisc seo go gcaithfear “idirghabháil phráinneach chuimsitheach” a dhéanamh sula sleamhnaíonn an Ghaeilge níos faide siar mar theanga sa Ghaeltacht. Mar sin, an bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis mar theanga sna ceantair? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: John Prendergast See omnystudio.com/listener for privacy information.
Is iarr Thánaiste do Ghaeltacht an Oileáin Úir é Diarmaid Ó Maolagáin - Diarmaid Ó Maolagáin was the Vice-President of the "New Island" Gaeltacht in Tamworth, Ontario.“A small community is drawn here, to a small patch of land in a tiny Ontario town where Gaelic acts as a lifeline to their history, their culture and to the Emerald Isle itself. This is the Canadian Gaeltacht.”— Susan Krashinsky, Canadian Broadcasting Corporationwww.gaeilge.caD'fhoghlaim sé a chuid Ghaelainne i gCeanada chun ceangal a dhéanamh len' dhúchais - He learned his Irish in Canada to make a link with his heritage. Fuair sé pobal láidir Gaelach agus d'fhoghlaim sé as bheith páirteach le himeachtaí tumoideachas agus sa tighe tabharnaí ag labhairt le cainteoirí líofa - He found a strong Irish community and he learned being part of immersive activities and in the pub speaking with fluent speakers. Nuair a ghlac sé ról an Tánaiste bhí sé mar chuspóir aige an Ghaelainn a spreagadh - When he took up the role of Vice-President it was a goal of his to spread the language, agus mar sin thar aon rud éile bhí fonn múinteoireachta air - and therefore above all the desire to teach was on him. Thosnaigh sé ag múineadh tríd an Ghaeltacht agus théis tamaill thosnaigh sé ag múineadh ar a shon fhéin - He started to teach through the Gaeltacht agus after a while, for himself. Anois tá sé ag múineadh agus ag freastal ar scoil chun céim a fháil sa Cheol Ceilteach - Now he is teaching and attending school to get a degree in Celtic Music. Oibríonn sé fós leis an nGaeltacht chun imeachtaí a eagrú - He still works with the Gaeltacht to organise events. Cuireann sé gliondar ina chroí go bhfuil sé in ann tacaíocht a thabhairt do fhoghlaimeoirí agus gur féidir leis cairdeas a dhéanamh tríd an teanga - It puts delight on his heart to be able to give support to learners and make friends through the language, agus tá sé ag tnúth le coinneáil ar aghaidh ag foghlaim agus ag labhairt na Gaelainne - and he is looking forward to carrying on learning and speaking Irish!Connect with Diarmaid here :) @gael_ceanadachGo raibh míle maith agat, a chara! Thanks a million, friend. Thaitin ár gcomhrá go mór liom - I really enjoyed our conversation!
Foilsíodh an t-athbhreithniú ar na gcéad deich bplean teanga a cuireadh i bhfeidhm faoin bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht inné. Ach tráthnóna aréir d'eisigh an Roinn ceartúchán mar gheall ar bhotúin riarachán sa téacs do fhreagraí na Roinne.
Tá sé fógartha ag an Aire Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil an t-athbhreithniú ar na céad bplean teanga faoin bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht foilsithe inniu.
Tá soiléireacht agus trédhearcacht ag teastáil nuair atá polasaí teanga tithíochta a leagan síos sa Ghaeltacht, dar leis.
Former Kerry Football Captain and An Ghaeltacht Chairman Dara ó Cinnéide joins Ger Gilroy and Colm Boohig to discuss his side's All-Ireland Club Football Intermediate Championship last Sunday where they overcame Derry's Glenullin 0-12 - 0-6 Catch The Off The Ball Breakfast show LIVE weekday mornings from 7:30am or just search for Off The Ball Breakfast and get the podcast on the Off The Ball app.
Tar linn ar aistear as we flog dead horses, discuss the importance of a wink in story telling and discover erotic fantasy fiction (bhur moltaí uainn anseo le bhur dtoil). Freisin - Síomha's big fall ag an baby shower, pavlova Dhoireann agus anailís Louise ar bhuachaintí mhór Chiarraí le déanaí! Hup an Ghaeltacht, hup Jessie Buckley. Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices
Bhailigh slua mór i bPáirc Ghallarus i gCorca Dhuibhne tráthnóna aréir le failte abhaile a chuir roimh fhoireann na Gaeltachta.
Pacáiste ar bhua “An Ghaeltacht” i gCraobh idirmhéanach na hÉireann agus Corn Ciarán Uí Shúilleabháin i leithnis Chorca Dhuibhne.
As the Junior and Intermediate All-Ireland winners are crowned, The Football Pod are back - we're looking at the two finals from this weekend before turning attention to the Dingle-St. Brigid's showdown next Sunday. We're talking new trends, old habits and so much more. Chapters(01:00) - New year, new James, brilliant Jessie Buckley, Paddy's bench press.(08:00) - An Ghaeltacht beat Glenullin - old habits rear its head.(18:00) - Ballymacelligot claim Junior - Kerry dominance. Ciaran Bogue's dummy. (22:00) - Previewing Dingle vs. St. Brigids - match-ups, tactics, predictions.(38:00) - Trends and new players emerging, McGrath & O'Byrne cup memoriesThe first three episodes of The Football Pod Club series are out now, and we're sitting down with the All-Ireland Senior Club Champions next Wednesday for the final episode of the series. You can listen or watch back our first three episodes now; with Kerry's All-Ireland winners, Gavin White and Shane Ryan. Galway manager Padraic Joyce, and an hour with Dublin's All-Ireland winning duo - Carla Rowe and Sinead Goldrick. The Football Pod is brought to you every week, thanks to AIB. Proud supporters of the AIB All-Ireland club championships for men's football, hurling, ladies football and Camogie. Because we believe support is what gets you the life you're truly after.
An Ghaeltacht le bheith i gCluiche Ceannais Peile Idirmheánach na hÉireann Dé Domhnaigh agus feachtas bailiúcháin airgid atá acu.
We were joined by Eoin Bradley (Glenullin) and Aidan Walsh (An Ghaeltacht) ahead of their AIB GAA Football All-Ireland Intermediate Club Championship Final in Croke Park. A historic club championship season, defined by thrilling encounters and unprecedented journeys, culminates in the eagerly anticipated AIB GAA Football Intermediate and Junior club finals taking centre stage on Sunday January 11th.
Your Monday episode of The Football Pod returns - and what an opening weekend of Football we had to 2026 - Tommy, James and Paddy get stuck into Dingle's remarkable comeback against Ballyboden, and look at how St. Brigid's got the better of Scotstown. We're casting our eye over some of the county stories around the pre-season games and much more too. Enjoy, and a Happy New Year from The Football Pod. Chapters(01:00) - Christmas breaks, winter ball and frozen fields(08:00) - St. Brigids figure out Scotstown to reach final.(21:00) - How Dingle flipped the script on Ballyboden.(33:00) - An Ghaeltacht's controversial winner(39:00) - Instagram Q&A, County pre-season round-upThe first three episodes of The Football Pod Club series are out now - Ep. 1 was with two of Kerry's brilliant All-Ireland winning team, Gavin White and Shane Ryan. Episode 2 is with Galway manager and legend, Padraic Joyce, whilst we recorded Ep. 3 with two of Dublin's All-Ireland winning heroes - captain Carla Rowe, and the brilliant Sinead Goldrick.The Football Pod is brought to you every week, thanks to AIB. Proud supporters of the AIB All-Ireland club championships for men's football, hurling, ladies football and Camogie. Because we believe support is what gets you the life you're truly after.
Cursaí caide á phlé agus CLG Daingean Uí Chúis agus An Ghaeltacht in iomaíocht i gcluichí leath ceannais na hÉireann an Sathran beag seo.
Ag caint faoi imeacht na Nollag a bheas a reáchtáil ag an chlub rothaíochta i nGleann Fhinne.
Cathlaoirligh agus bainisteoirí do fhoireann caide Daingean Uí Chúis agus An Ghaeltacht tar éis an dá chumann craobh na Mumhan a bhreith leo ag an deireadh seachtaine.
Labhair Michelle le mic léinn a bhí i ndiaidh seimeastar a chaitheamh anseo sa Ghaeltacht. Bhí Jack Patton as Longfort, Daithí Ó Murnáin i gCill Dara, Síofra Ní Mhíagáin as Cill Chainnigh agus Róisín Nic Uidhir as Contae an Chabháin agus bhí an léachtóir, Andy Caomhánach ina gcuideachta fosta.