POPULARITY
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tháinig na deartháireacha Gallagher ar ais le chéile an tseachtain seo don chéad ceolchoirm dá gcamchuairt aontaithe. Ba é seo an chéad léiriú ó Oasis ó scar an banna sé bliana déag ó shin. Sna blianta idir an dá linn, bhí achrann cáiliúil idir na deartháireacha Gallagher agus bhí amhras ann go mbeadh siad in ann seinm le chéile arís choíche. Ach an tseachtain seo, bhailigh sluaite díograiseacha le chéile chun an banna a fheiceáil agus chun canadh in éineacht le Wonderwall agus Don't Look Back in Anger. Cáineadh an chamchuairt roimhe seo as córas praghsála dinimiciúil a úsáid inar ardaíodh costas na dticéad de réir an éilimh. Aréir sheinn an grúpa os comhair lucht féachana de 80,000 duine i Manchain, an chéad sheó de chúig cinn ina mbaile dúchais, áit ar thosaigh an grúpa in 1991.Beidh uachtar gréine saor in aisce ar fáil do chuairteoirí i bpáirceanna poiblí i gContae Chorcaí an samhradh seo. Tagann cur i bhfeidhm an tionscnaimh seo i ndiaidh do Chumann Ailse na hÉireann a rá go bhfuil riosca méadaithe ailse craicinn ann i measc teochtaí arda. Tuairiscítear gurb í an inacmhainneacht an phríomhchonstaic a chuireann cosc ar dhaoine uachtar gréine a chaitheamh. Beidh na dáileoirí grianscéithe ar fáil i bPáirc na Mara, Páirc Fitzgerald, Páirc Clashduv agus Páirc Meelick ó Luan. Tá foláireamh buí maidir le teocht ard i bhfeidhm do 14 chontae in Éirinn.Cuirfear Taipéis Bayeux ar taispeáint sa Bhreatain tar éis tuairiscí gur aontaigh Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, cead a thabhairt don saothar ealaíne imeacht ón bhFrainc den chéad uair le 950 bliain. Léiríonn an taipéis, atá beagnach 70 méadar ar fhad, na himeachtaí a ba chúis le concas Normannach Shasana ag Liam Concar i gcoinne a chéile comhraic Harold, Iarla Wessex, agus a chríochnaíonn i gCath Hastings sa bhliain 1066. Mar mhalairt air sin, tabharfaidh Músaem na Breataine bailiúchán Sutton Hoo, fir fichille Lewis agus earraí eile ar iasacht don Fhrainc. Tháinig an fógra le linn chuairt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron ar an Ríocht Aontaithe.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScamchuairt - tourcóras praghsála dinimiciúil - dynamic pricing systemailse craicinn - skin cancerdáileoirí grianscéithe - sunscreen dispensersLiam Concar - William the Conquerormalairt - exchange
D'fhógair Príomh Aire na Breataine Keir Starmer, agus Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, socrú nua idir an dá thír tráthnóna inné i Londáin, maidir le himircigh - socrú ar a dtugtar “duine isteach, duine amach”.
Tá athrú ó bhonn geallta ag Príomh Aire na Breataine ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte - drochsheachtain dá rialtas an tseachtain seo.
Tá cáineadh déanta ag Gerry Adams, iar-Uachtarán Shinn Féin ar rialtas na Breataine atá le reachtaíocht a rith, a chuirfeadh cosc ar chúiteamh a íoc le imtheorannaithe a cuireadh i bpríosún go h-éagórach, sna 1970daí.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2azv975v Contact: irishlingos@gmail.com Talks in Geneva about Iran's nuclear program. Comhráite sa Ghinéiv faoi chlár núicléach na hIaráine. Israeli military forces say they carried out further bombing raids on various locations in Iran overnight. Deir fórsaí míleata Iosrael go ndearna siad tuilleadh ruathar buamála ar áiteanna éagsúla san Iaráin i gcaitheamh na hoíche. Among the locations hit, the Israelis say, was a center linked to Iran's nuclear development program in the capital, Tehran, as well as a missile manufacturing center. I measc na n-áiteanna a buaileadh, a deir na hIosraelaigh, bhí ionad atá bainteach le clár forbartha núicléiche na hIaráine sa phríomhchathair, Tehran, chomh maith le hionad déantúsaíochta diúracán. This is the eighth consecutive night that the Israelis have attacked locations in Iran, aiming, they say, to prevent the Iranians from developing nuclear weapons. Sin an t-ochtú hoíche as a chéile ag na hIosraelaigh áiteanna san Iaráin a ionsaí agus é mar aidhm acu, a deir siad, bac a chur ar na hIaránaigh airm núicléacha a fhorbairt. The Iranians say they are not developing any nuclear weapons and are enriching uranium solely as a source of energy. Deir na hIaránaigh nach bhfuil aon airm núicléacha á bhforbairt acu agus gur mar fhoinse fuinnimh amháin atá úráiniam á shaibhriú acu. It is also reported that seven people were injured when an Iranian missile hit the city of Beersheba in southern Israel last night, the second night in a row that the city has been attacked. Tuairiscítear freisin gur gortaíodh seachtar nuair a bhuail diuracán ón Iaráin cathair Beersheba i ndeisceart Iosrael aréir, an dara hoíche as a chéile a ionsaíodh an chathair sin. European Foreign Ministers will meet today with Iranian Foreign Minister Abbas Araqchi as part of ongoing efforts to reach a compromise on Iran's nuclear program and end the hostilities. Beidh cruinniu inniu ag Airí Gnóthaí Eachtracha ón Eoraip le hAire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine, Abbas Araqchi, mar chuid de na hiarrachtaí atá ar bun teacht ar chomhréiteach faoi chlár núicléach na hIaráine agus deireadh a chur leis an gcogaíocht. The Foreign Ministers of Britain, France and Germany had telephone conversations with the Iranian leader earlier this week and the two sides agreed to meet in Geneva today. Bhí comhráite teileafóin níos túisce an tseachtain seo ag Airí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, na Fraince agus na Gearmáine le fear na hIaráine agus shocraigh an dá thaobh teacht le chéile sa Ghinéiv inniu. It is understood that a report was provided to US Secretary of State Marco Rubio following the telephone conversations. Tuigtear gur cuireadh tuairisc ar fáil do Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio i ndiaidh na gcomhráite teileafóin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Beidh polaiteoirí ag vótáil faoin mBille um Dheireadh Saoil i dTeach na dTeachtaí i Londain inniu.
Bhain an clár irise Barrscéalta Gradam Siamsaíochta ag Féile na Meán Cheilteach, i Newquay i gCorn na Breataine, tráthnóna inné. Ba do chlár a craoladh ó oileán Árainn Mhór i mí na Bealtaine anuraidh a bronnadh an gradam. Ba í Michelle Nic Grianna a láithrigh an clár agus ba é Dónall Mac Ruairí a léirigh an clár.
Tá Príomh Aire na Breataine den tuairim go bhfuil an tír tar éis déanamh go maith as an socrú atá aontaithe idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach.
Ag plé an méid a aontaíodh inné idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach maidir le cúrsaí iascaireachta - beidh cead ag bádaí de chuid na tíre seo iascaireacht in uiscí na Breataine go dtí Meitheamh na bliana 2038.
Fógraíodh tráthnóna aréir go raibh ceolchoirm leis an mbanna ceoil Kneecap a bhí le tarlú i mí Iúil ag an ‘Eden Project' i gCorn na Breataine curtha ar ceal.
Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go bhfuil na Stáit Aontaithe sásta leithinis na Crimé a ligean don Rúis chun socrú síochána a bhaint amach, rud a sháródh Cairt na Náisiún Aontaithe, agus dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump "go mbogfadh na Stáit Aontaithe ar aghaidh" mura dtiocfaí ar shocrú síochána gan mhoill. Níl An Úcráin toilteanach na críocha atá gafa ag an Rúis a thabhairt suas.Sa Ríocht Aontaithe, tá an Chúirt Uachtarach i ndiaidh rialú a fhógairt ina ndeirtear go mbaineann na téarmaí 'bean' agus 'gnéas' le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch amháin, rud a fhágann mná trasinscneacha taobh amuigh den sainmhíniú. Chuir feachtasóirí inscne-chriticiúla fáilte roimh an rialú, ach ar an taobh eile tá imní ann nach dtabharfar cosaint cheart don phobal trascinscneach amach anseo. Tagann an fhógairt seo go gairid i ndiaidh céimeanna eile ar gcúl maidir le cearta daoine trasinscneacha sna Stáit Aontaithe agus san Ungáir.Bhain an galfaire Rory McIlroy sprioc mór amach Dé Domhnaigh nuair a bhain sé Comórtas na Máistrí in Augusta, Georgia, sna Stáit Aontaithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an Chaithréim Mhór bainte amach aige anois: Comórtas na Máistrí, Comórtas Oscailte na Stát Aontaithe, Comórtas Oscailte na Breataine agus Comórtas PGS na Stát Aontaithe. Níor éirigh ach le cúigear eile an éacht seo a dhéanamh roimhe seo, agus ba é Tiger Woods an duine deireanach chun an Chaithréim Mhór a chur i gcrích cúig bliana is fiche ó shin. Chomh maith leis an onóir sin, bhain McIlroy seaicéad glas na Máistrí den chéad uair agus níos mó ná ceithre mhilliún dollar. is as Ard Mhic Neasa i gContae an Dúin é McIlroy, atá ag imirt gailf ó bhí sé ina pháiste óg. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsos cogaidh - trucesocrú síochána - peace settlementbitheolaíoch - biologicalsainmhíniú - definitionan Chaithréim Mhór - the Grand Slaméacht - feat
Dúirt Príomh-Aire na Breataine, go mbeidh ardú 2.5% faoin mbliain 2027, ar an méid airgid a chaithfidh siad ar chúrsaí cosanta.
Léiríonn pobalbhreith a rinneadh sa Bhreatain an tseachtain seo go bhfuil Reform UK, an páirtí polaitíochta ina bhfuil Nigel Farage ina cheannaire air, chun tosaigh ar Pháirtí An Lucht Oibre agus Páirtí na gCaomhach don chéad uair.
Tá an Bille faoi Oidhreacht na dTrioblóidí ag tarraingt achrainn i Westminster, agus pléifear cás dúnmharú Sheán Browne arís inniu nuair a thagann achomharc rialtas na Breataine os comhair na cúirte inniu.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/248e8mkg Contact: irishlingos@gmail.com Kneecap received 6 BAFTA nominations. 6 ainmniúchán BAFTA faighte ag Kneecap. The film Kneecap has received six nominations for the annual BAFTAs (British Academy of Film and Television Film Awards). Tá sé ainmniuchán faighte ag an scannán Kneecap do ghradaim bhliantúla na BAFTAs (British Academy of Film and Television Film Awards). The film, written and directed by Englishman Rich Peppiatt, is the story of the Belfast rap group Kneecap. Scéal an ghrúpa rapcheoil as Béal Feirste Kneecap atá sa scannán arbh é an Sasanach Rich Peppiatt a scríobh agus a stiúraigh. Fine Point Films from Belfast and Wildcard Distribution from Dublin were among the production companies involved in the film. Fine Point Films as Béal Feirste agus Wildcard Distribution as Baile Átha Cliath, bhí siad i measc na gcomhlachtaí léiriúcháin a bhí bainteach leis an scannán. The film was funded by the British Film Institute, Vision Northern Ireland, the Irish Language Broadcasting Fund, Vision Ireland, the Media Commission and TG4. Institiúid Scannán na Breataine, Fís Thuaisceart Éireann, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, Coimisiún na Meán agus TG4, is iad a mhaoinigh an scannán. The proposal attracted controversy, however, and various groups in the North and Britain expressed their dissatisfaction that public money had been spent on it. Tharraing an togra conspóid, áfach, agus thug grúpaí éagsúla sa Tuaisceart agus sa Bhreatain le fios go raibh siad míshásta gur caitheadh airgead poiblí air. Much of the group's lyrics and artistic expression are based on provocative IRA propaganda. Tá cuid mhór de liricí agus de léiriú ealaíonta an ghrúpa bunaithe ar bholscaireacht ghríosaitheach an IRA. Irish actress Saoirse Ronan has also been nominated for a BAFTA award for her role in the film The Outrun. Tá an t-aisteoir as Éirinn Saoirse Ronan ainmnithe do dhuais BAFTA freisin as an bpáirt a bhí aici sa scannán The Outrun. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Tá sé ráite ag Aire Rialtais Stormont, Aire Eacnamaíochta na Sé Contae, Conor Murphy. go bhfuil earnáil na turasóireachta sna Sé Contae i mbaol sa réigiúin muna gcuirfear na Sé Contae as an áireamh i Scéim Tarscaoilte Víosaí na Breataine.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2d52u8pp Contact: irishlingos@gmail.com New information about WB Yeats' remains available in State documents. Eolas nua faoi thaisí WB Yeats ar fáil i gcáipéisí an Stáit. RTÉ News and Current Affairs The Department of Foreign Affairs decided to suppress information given to them in the late seventies about the remains of the poet WB Yeats. Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Chinn an Roinn Gnóthaí Eachtracha eolas a tugadh dóibh ag deireadh na seachtóidí faoi thaisí an fhile W B Yeats a chur faoi chois. In fact, the Department thought that a member of the famous Gluckstein family in London was blackmailing the State when he claimed to have evidence that the bones were not WB's. Go deimhin, shíl an Roinn go raibh ball de theaghlach cáiliúil Gluckstein i Londain ag déanamh dúmhál ar an Stát nuair a mhaígh sé go raibh fianaise aige nárbh iad cnámha W.B. Yeats was buried in Sligo. Yeats a bhí curtha i Sligeach. It emerged 10 years ago in French State documents that the remains buried in the cemetery in Drumcliabh in Sligo are unlikely to be those of WB Yeats. Tháinig sé chun solais 10 mbliana ó shin i gcáipéisí Stáit de chuid na Fraince nach dócha gur taisí W B Yeats atá curtha sa reilig i nDroim Chliabh i Sligeach. The poet died in Roquebrune, France, in 1939 and was buried in a pauper's grave. Cailleadh an file i Roquebrune na Fraince sa bhliain 1939 agus cuireadh é in uaigh bhochtáin. A grand ceremony was held in Ireland in 1948 when a naval ship brought his remains back to his homeland. Reáchtáladh searmanas mór in Éirinn in 1948 nuair a thug long cabhlaigh a chuid taisí ar ais go dtí a thír dhúchais. He was buried in Drumcliabh in County Sligo with great pomp and ceremony. Cuireadh é i nDroim Chliabh i gContae Shligigh le mustar is mórdháil. But Yeats' remains were so mixed with many others in the morgue that there was no way to distinguish them from other people buried there. Ach b'amhlaidh go raibh taisí Yeats measctha le go leor eile sa mharbhlann agus nach raibh aon dóigh go bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir iad agus daoine eile a bhí curtha ann. The pauper's grave had a five-year lease and was exhumed in 1946 and the poet's bones were interred with those of many others. Bhí léas cúig bliana ar uaigh an bhochtáin agus dí-adhlacadh é i 1946 agus cuireadh cnámha an fhile isteach le cnámha go leor daoine eile. Therefore, it is unlikely that the collection of bones sent back to Ireland belonged to Yeats at all. Mar sin, ní dócha gur le Yeats an cnuasach cnámha a seoladh ar ais go hÉirinn in aon chor. A Department of Foreign Affairs file now available in the National Archives due to the 30 Year Rule, provides fresh insight into the controversy. Tugann comhad de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta de bharr na Rialach 30 Bliain, léargas úr ar an chonspóid. On June 29, 1978, the Irish Ambassador to Britain submitted a confidential report to the Department on the matter. An 29 Meitheamh, 1978 chuir Ambasadóir na hÉireann chun na Breataine tuairisc rúnda faoi bhráid na Roinne faoin scéal. A member of the Gluckstein family contacted Ambassador Paul Keating with updated information about the situation. Chuaigh ball de theaghlach Gluckstein i dteagmháil leis an ambasadóir Paul Keating le heolas úr faoin scéal. Aunt R. was Bhí aintín R. J. J. Gluckstein (Ms Gluck) was very close to Edith Heald, a close friend of Yeats. Gluckstein (Ms Gluck) an-mhór le Edith Heald, dlúthchara de chuid Yeats. Heald had documents in his possession relating to Yeats' burial and these were left in Ms Gluck's will. Bhí doiciméid i seilbh Heald a bhain le hadhlacadh Yeats agus fágadh iad sin le huacht ag Ms Gluck. Gluckstein handed copies of these letters to the Ambassador. Thug Gluckstein cóipeanna de na litreacha seo ar lámh don Ambasadóir.
Fógraíodh inné go raibh olltairgeacht intíre, nó GDP, na Breataine laghdaithe go náid faoin gcéad (0%).
Tá an Taoiseach Simon Harris agus an Tánaiste Mícheál Martin i measc na gceannairí atá ag freastal ar chruinniú mullaigh de Chomhairle na Breataine agus na hÉireann i nDún Éideann na hAlban inniu.
Fógróidh Seansailéir na Breataine Rachel Reeves an Cháinaisnéis Dé Céadaoin - an chéad bhuiséad ag Páirtí an Lucht Oibre le ceithre bliana déag.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann go n-úsáidfear ceithre chochall ag saoráid óstáin in aice le Béal Feirste “ó am go chéile agus mar rogha dheireanach”. Dúirt ionadaí na Feidhmeannachta Tithíochta go bhfuil na cochaill "te agus compordach." Dúirt MLA Alliance Kellie Armstrong le BBC News NI nach bhfuil siad oiriúnach nó inghlactha. "Tá an geimhreadh ag bualadh linn. An féidir leis an fheidhmeannas Tithíochta a bheith cinnte go mbeidh na cochaill seo in ann déileáil leis an aimsir athraitheach, go mbeidh siad in ann déileáil le stoirmeacha?" Dúirt urlabhraí ón Fheidhmeannacht Tithíochta nach n-úsáidtear na cochaill ach sa ghearrthéarma agus go bhfuil siad de dhíth mar gheall ar éileamh gan fasach ar thithíocht shóisialta. Mhéadaigh líon na ndaoine a cuireadh i lóistín sealadach ó 4,527 in 2020 go 16,943 in 2023, a dúirt an t-urlabhraí. Úsáidtear na cochaill seo chun lóistín a thabhairt do “dhaoine singile nó lánúineacha atá gan dídean”. Bhí freagraí á lorg i dTeach Laighean le linn na seachtaine faoin “leithcheal gníomhach” a deirtear atá á dhéanamh ar dhaltaí na sraithe sóisearaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Triúr Teachtaí Dála a cheistigh an tAire Oideachais, Norma Foley, an tseachtain seo faoin chóras marcála atá in úsáid do chúrsa Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí. Dúirt duine de na Teachtaí Dála sin, Darren O'Rourke ó Shinn Féin, go bhfuil “imní mhór” i measc lucht scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoin chur chuige marcála don chúrsa. Is é an cúrsa T1 don Teastas Sóisearach an cúrsa nua a tugadh isteach in 2017 do dhaltaí i scoileanna ina mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge. Déanann daltaí scoileanna Béarla cúrsa T2, cúrsa nach bhfuil an dúshlán céanna ag baint leis. Ach tá cuid mhaith de mhúinteoirí agus de dhaltaí sna scoileanna míshásta leis an tslí a bhfuil an cúrsa T1 á marcáil. Ní fhaigheann ach líon beag daltaí na marcanna is airde sa scrúdú T1 i gcomparáid leis an líon mór daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhíodh ag fáil na marcanna is airde nuair a bhí aon scrúdú comónta amháin ann. Dúirt príomhoide Gaelcholáiste amháin le Tuairisc gurb amhlaidh gur “díspreagadh” do dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu atá sa chúrsa T1, atá “níos deacra” ná cúrsa Gaeilge na hArdteiste. Bhí sé i gceist cúrsa T1 agus T2 a thabhairt isteach don Ardteist ach cuireadh stop leis an phróiseas sin dhá bhliain ó shin.Tá teipthe ar an iaraltra agus dúnmharfóir ciontaithe Lucy Letby chun achomharc a dhéanamh in aghaidh a ciontaithe as iarracht cailín óg a dhúnmharú. D'áitigh dlíodóirí Letby i gCúirt Achomhairc na Breataine gur cheart an cúiseamh iarrachta dúnmharaithe a chur ar sos toisc go ndeachaigh tuairisciú na meán cumarsáide ar a céad triail i bhfeidhm go héagórach ar a cás. Mhaígh siad gur bhain an aird seo ó na meáin chumarsáide le dochar tromchúiseach agus buan, rud a d'fhág go raibh an atriail éagórach. Ach dhíbh triúr breithiúna sinsearacha achomharc Letby i ndiaidh na héisteachta i Londain. Gearradh 14 ordú saoil iomlán ar Letby roimhe seo as dúnmharuithe seachtar leanaí agus as iarracht ar dhúnmharuithe seisear eile, le dhá iarracht ar leanbh amháin, agus gearradh téarma cúig bliana déag uirthi as an ionsaí ar Leanbh K. Seo é an dara hiarracht achomhairc ó Letby a caitheamh amach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cochall - pod saoráid óstáin - hotel facility leithcheal - discrimination an Teastas Sóisearach - the Junior Cert dúnmarfóir - murderer achomharc - appeal
D'fhógair rialtas na Breataine inné go mbunófar fiosrúchán poiblí faoi dhúnmharú an aturnae Pat Finucane i 1989.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis sin, cháin antuarascáil na comhlachtaí tógála a chuir cumhdach inlasta ar éadan Thúr Grenfell agus a mhaígh nach raibh dainséar ar bith ag baint leis. Fuair 72 duine bás sa Túr ar an 14Meitheamh 2017 sa tine ba mheasa a tharla sa Ríocht Aontaithe ón nDara Cogadh Domhanda. Thosnaigh an tine mar gheall ar fhadhb leictreach i gcuisneoir ar an gceathrú urlár agus ansan scaip sí go tapa de bharr an chumhdaigh ar éadan an fhoirgnimh. Labhair Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, leis na daoine a tháinig slán as an dtubaiste agus leteaghlaigh na n-íospartach agus gheall sé go ndéanfadh an rialtas dianstaidéar ar an dtuarascáil agus ar na moltaí atá ann chun cinnte a dhéanamh nach dtarlódh tragóid eile dáléithéid aríst.Cé go raibh gliondar an domhain ar lucht leanúna Oasis an tseachtain seo caite nuair a d'fhógraíodar go mbeidh siad ag teacht le chéile aríst chun dul ar camchuairt, níor lean anlúchair sin do chuid maith dóibh siúd nuair a chuaigh na ticéid ar díol maidin Dé Sathairn. Bhí díol na dticéad á bhainistiú ag Ticketmaster agus ag an bpoiblitheoir ceolchoirmeacha MCD ach theip ar go leor daoine ticéid a fháil tar éis scuainí fada, fadhbanna teicniúla aguspraghsanna arda nach raibh aon choinne acu leo. Mar shampla, dúradh roimh ré go mbeadh ticéid ar fháil ó €86 ach ó thús an díolacháin bhí sé deacair ticéad a fháil ar phraghas níos lú ná €400. Cháin an Tánaiste Mícheál Martin an straitéis phraghsála a bhí ag Ticketmaster agus tá seans ann go mbeidh fiosrúchán á dhéanamh ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí. Ach cibé rud go bhféadfadh teacht as an bhfiosrúchán san, is cosúil go mbeidh go leor daoine ag féachaint siar ar an ndeireadh seachtaine le fearg…Beidh Maratón Dhaingean Uí Chúis ar siúl in iarthar Leithinis Chorca Dhuibhne Dé Sathairn. Dé réir na n-eagraithe, níl maratón eile san oileán le radharcra níos áille ná an ceann so. Beidh maratón agus leathmharatón á rith ar an lá, agus tosnóidh an dá rás ag an Muiríne i nDaingean. Rachaidh na hiomaitheoirí siar i dtreo Cheann Trá agus ansin go DúnChaoin. Críochnóidh an leathmharatón ansin ach ní hea an scéal céanna do na hiomaitheoirí sa mharatón – beidh orthusan leanúint ar aghaidh ó thuaidh trí Bhaile an Fheirtéaraigh agus iad ag rith in aghaidh na mala. Ach is fiú an cruatan mar beidh radharcra iontach rompu agus iad ag dul isteach go dtí an Daingean aríst. Beidh ball de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain ag glacadh páirt sa mharatón, Aodhán Ó Cathail. "Is mise Aodhán Ó Cathail agus táim ag foghlaim Gaeilge i Londain le dhá bhliain go leith anois. Ag an deireadh seachtaine, rithfidh mé mo chéad mharatón sa Daingean i gContae Chiarraí. Tá súil agam go mbeidh gach rud go maith, agus táim ag tnúth go mór leis. Le cúnamh Dé piocfaidh mé suas cúpla focal ar an mbealach." Go n-éirí an t-ádh le hAodhán ag an ndeireadh seachtaine. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS faillí - neglect, negligence cumhdach - cladding camchuairt - tour straitéis phraghsála - pricing strategy radharcra - scenery in aghaidh na mala - against the slope
Tá sé fógraithe ag an Aontas Eorpach go mbeidh ar shaoránaigh de chuid na Breataine iarratas a dhéanamh ar víosa ETIAS le dhul i mbun taistil go 30 tír san Eoraip i 2025.
Tá dochtúirí teaghlaigh atá ag obair don tSeirbhís Náisiúnta Sláinte i Sasana ag oibriú de réir rialach, mar gheall ar aighneas leis an rialtas faoi chúrsaí maoinithe.
Sa mBreatain, tá 500 duine gafa ag na póilíní mar gheall ar an bhforéigean a bhaineann leis na h-agóidí atá ar shráideanna na tíre ó maraíodh triúr cailíní beaga i Southport seachtain go Dé Luain seo caite. Tá 150 duine acu sin cúisithe as mí-ord. foréigneach.
Dúirt Príomh Aire na Breataine Keir Starmer go bhfuil foireann speisialta póílineachta le cur ar dualgas le déileáil leis na léirsithe atá ar bun i Sasana agus sna 6 Chontae.
Inne a phleadáil an t-Iar-Láithreoir Nuachta leis an mBBC, Huw Edwards, fear dhá bhliain agus trí fichead d'aois ciontach i gcúirt i Londain Shasana i dtrí chúis a bhain le pictúirí mígheanasacha de pháistí a dhéanamh.
Beidh Josie Knight ó Bhaile Cainín sa rás rothaíochta fé dhíon ar fhoireann na Breataine sna cluichí oilimpeacha.Beidh Zoe de hÍde ó Chíll ORglain ar fhoireann rámhaíochta na h-Éireann.
Aréir a chas Keir Starmer agus Taoiseach na hÉireann, Simon Harris le chéile leis an gcaidreamh idir an dá thír a phlé. Dhearbhaigh rialtas na Breataine inné go mbeidís ag cur Acht Trioblóidí, Oidhreachta agus Athmhuintearais Thuaisceart Éireann ar neamhní.
Beidh an Taoiseach Simon Harris i Londain inniu, áit a mbeidh a chéad chruinniú aige le Keir Starmer, Príomh Aire nua na Breataine. Tá sé ráite ag an mbeirt cheannaire go bhfuil súil acu borradh nua a chur faoin gcaidrimh idir an dá thír.
Tá tús curtha ag Príomh Aire nua na Breataine Keir Starmer agus a rialtas nua leis an obair lom láithreach agus tuairimíocht faoi cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Rishi Sunak mar cheannaire ar an bpáirtí Caomhach.
Sé Morgan McSweeney ó Mhaghchromtha ó dhúchas an fear a bhí laistiar do ghaisce Pháirtí an Lucht Oibre i dtoghchán na Breataine le déanaí.Tá sé ana lárnach i bpolasaithe an pháirtí,agus toghadh a bhean, Imogen Walker, ina feisire Páirliminte don Lucht Oibre i Hamilton Clyde Valley.
Michael Moynihan;Corcaigh agus an Clár le chéile i gcluiche ceannais iomána na h-Éireann. Mickey Ned Ó Súilleabháin,Bobby Holland;Coláiste Iosagáin. Conchubhar Ó Liatháin;Trácht ar Morgan McSweeney,Lucht Oibre na Breataine. Celine Ní Chóclaigh;Trácht ar Charraig na Siúire agus an leabhar ata scríofa acu faoín gceantar.
Is é inniu an lá mór agus na bothanna vótála osclaí ón 7 a chlog ar maidin d'olltoghchán na Breataine. 47 milliún duine atá I dteideal vóta a chaitheamh…650 feisire pairliminte le toghadh.
Gan ach lá amháin fágtha roimh olltoghchán na Breataine, inniu tugann ár gcomhfhreagraí i mBéal Feirste amharc ar an bhfeachtas sna sé Chontae agus tuarfaidh sí mar a roinnfear an chreach.
Amárach lá na cinniúna in olltoghchán na Breataine, áit a bhfuil 650 suíochán le líonadh. Tá na pobalbhreitheanna ar fad ar aon-fhocal go mbeidh móraimh ollmhór ag páirtí an Lucht Oibre.
Labhraímid le Hugh Carr faoi Jack Chambers ina Aire Airgeadais, bagairtí ar Simon Harris, an breith a fuair Cathal Crotty agus toghcháin na Breataine.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche dé mhí an Mheithimh. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Fuair tumadóirí lián amach ó Rinn an Róistigh a cheaptar a tháinig ó fhomhuireán Gearmánach a chuaigh go tóin poill le linn an Chéad Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1917 a bhí an fomhuireán ag cur mianaigh i gCuan Chorcaí chun cur isteach ar líne sholáthair Chabhlach na Breataine. Meastar go raibh pléascadh mianaigh ar bord agus bádh 27 de chriú nuair a chuaigh sé faoi. Ba mhaith leis an bhfoireann caomhnaithe a chinntiú gur ón bhfomhuireán sin a tháinig an lián agus ansin é a chosaint. Anuraidh a tháinig Timmy Carey ón gClub Tumadóireachta Fo-uisce ar an lián a bhí in aice leis an raic. Dúirt sé go raibh air plean a chur i gcrích chun aire a thabhairt dó mar bhí sé gan chosaint ó thrálaeir, ancairí agus seirbhísí tarrthála. Tháinig roinnt eagras le chéile chun tabhairt faoin obair seo, lena n-áirítear Cumann Fo-uisce na Dubhabhann, Seandálaíocht Mizen, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, Ard-Mhúsaem na hÉireann agus Ambasáid na Gearmáine. Tá an t-uisceadán Mara Beo an Daingean i gContae Chiarraí ana-ghnóthach le cúrsaí caomhnaithe. Rugadh an chéad phiongain gheintiúch le deich mbliana anuas. Dúirt Bainisteoir Mara Beo Kevin Flannery go bhfuil rath ar an éan óg agus leis seo tá cúpla piongain Pheiriúch as Meiriceá Theas tar éis teacht amach. I rith na seachtaine beidh na céadta cnádán á scaoileadh in Inse. Tháinig na torbáin isteach go Mara Beo ar dtúis mar triomaíodh na locháin. Mar sin thug an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na torbáin isteach go Mara Beo agus scaoilfear leo ansin i bPáirc Náisiúnta na Mara. Tá Craobhchomórtas Peile na hEorpa faoi lán seoil sa Ghearmáin. Thosnaigh an comórtas seachtain ó shin agus críochnóidh sé i gceann trí seachtaine leis an gcluiche ceannais san Olympiastadion i mBeirlín ar an gceathrú lá déag de mhí Iúil. Agus é seo á scríobh, tá ag éirí go maith leis an nGéarmáin agus leis an Spáinn, a bhuaigh an chéad dá chluiche sa chomórtas, ach tá díomá ar lucht leanúna Shasana tar éis dóibh comhscór a fháil in aghaidh na Danmhairge Déardaoin. Tiocfaidh deireadh le céim na ngrúpaí Dé Céadaoin agus rachaidh sé fhoireann déag ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS lián - propellor fomhuireán - submarine mianaigh - mines cnádán - natterjack toad torbáin - tadpoles comhscór - draw (in sport)
Cruinniú NEC le bheith i Sasana inniu maidir le Diane Abbott agus beidh an chéad díospóireacht teilifíse idir Rishi Sunak agus Keir Starmer ar ITV anocht.
Droch dheireadh seachtaine a bhi ann don Pháirtí na gCaomhach sa Bhreatain agus na céadta dá gcuid suíocháin caillte acu sna toghcháin áitiúla - i dtopghcháin mearachta agus i bhfothoghcháin parlaiminte - agus a gcuid bhóróirí á dtréigean ina sluaite ag dul i dtreo pháirtí a Lucht Oibre, Reform, na Daonlathaigh Liobrálacha.
Ag meán oíche anocht a thiocfaidh an fhoráil chonspóideach i mBille Oidhreachta rialtas na Breataine i bhfeidhm, sin go gcuirfear deireadh le fiorúcháin agus coistí coróinéire a bhaineann le blianta na dtrioblóidí.
Dearcadh Shinn Féin ar ráitis Rishi Sunak faoin imirce agus Éire agus an tionchar a d'fheadfadh a bheith ag polasaí Rwanda na Breataine ar chúrsaí inimirce anseo.
I mí an Mheithimh 2019 bhagair Rialtas na hAlban go gcuirfeadh siad an dlí ar aon iascaire seachas iascairí na Breataine a bheadh ag iascach i bhfoisceacht dhá mhíle dhéag do Rocall. Tá cás Rocall ardaithe arís tar éis don chlár ‘Iniúchadh TG4 – Anfa Mara' a craoladh ar an stáisiún aréir.
Tabharfaidh an Taoiseach Simon Harris agus an tAire Stáit Ghaeltachta Thomas Byrne aithisc ag an Tionól Parlaiminteach na Breataine agus na hÉireann inniu agus polaitíocht eile an lae.
Láimhseáil Galf Chumann Cheann Sibéal breis is milliún euro anuraidh. An bhliain ab fhearr riamh acu. Méadú tagtha ar ghnó an ghailf sa tír a deir Steve Fahy,agus beidh tionchar ana mhór ag Comórtas Ryder,agus Comórtas Oscailte na Breataine ar an ngó.
D'fhógair an seansailéara Jermy Hunt buiséad na Breataine inné.
Dúirt Chéad Aire Thuaisceart Éireann Michelle O'Neill inné go raibh sí féin agus leas Chéad Aire an Tuaiscirt Emma Little-Pengelly ar aon ghuth gur ghá brú a chur ar rialtas na Breataine chun maoiniú a chur ar fáil le dul i ngleic leis na fadhbanna san earnáil phoiblí ó Thuaidh.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 3ú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dheimhnigh an DUP go bhfillfeadh siad thar n-ais ar Stormont an tseachtain seo tar éis margaidh a dhein siad le Rialtas na Breataine. Ní raibh forais Stormont ina seasamh le dhá bhliain anuas ó tharraing an DUP amach astu mar gheall ar an margadh trádála déanta idir Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach. Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh sé sásta go mbeadh “áit Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe sábháilte de bharr a bhfuil geallta ag Rialtas na Breataine”. De réir an mhargaidh nua, beidh níos lú seiceálachacustaim ar earraí a sheoltar ón mBreatain agus a choinnítear sa Tuaisceart. Is cosúil go dtiocfaidh feisirí Thionól Stormont le chéile Dé Sathairn agus go mbeidh Michelle O'Neill óShinn Féin ina Céad-Aire de bharr thorthaí an toghcháin dheireanaigh. Seo an chéad uair a bheidh náisiúnaí ina Chéad-Aire ó bunaíodh Tuaisceart Éireann. Tá sé deimhnithe ag an Aontas Eorpach €50 billiún breise a thabhairt don Úcráin tar éis cruinniú éigeandála sa Bhruiséil an tseachtain seo. Bhí Príomh-Aire na hUngáire, Viktor Orbán, i gcoinne níos mó tacaíochta a chur ar fáil don Úcráin roimh an Nollaig, ach d'athraigh sé a mheon le linn an chruinnithe. Ba chóir go mbeadh gach cinneadh déanta d'aon ghuth san Aontas Eorpach agus mar sin, bhí fíor-thábhachtacht ag baint le cinneadh Orbán. Beidh an t-airgead seo riachtanach don Úcráin chun a seirbhísí agus a geilleagar a choinneáil slán. Tá géarghá le maoiniú ag an Úcráin tar éis dhá bhliain ag troid in aghaidhfhórsaí na Rúise agus an méid díobhála atá déanta sa tír ó thosaigh an cogadh. Ceiliúradh Lá Fhéile Bríde (nó Imbolc) Déardaoin agus beidh lá saoire bainc in Éirinn Dé Luain, an dara huair riamh a bheidh lá saoire ann chun onóir a thabhairt don Naomh agus don mBandia. Bhí an Taoiseach Leo Varadkar sa Bhruiséil an tseachtain seo, áit ar bhuail sé le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola. Tar éis a gcruinnithe, scríobh Metsolateachtaireacht i nGaolainn ar na meáin shóisialta inar ghuigh sí beannachtaí na Féile Bríde ar mhuintir na hÉireann. Beidh roinnt imeachtaí ar siúl le linn an deireadh seachtaine chun ómós a dhéanamh do Bhríd: mar shampla, beidh mórshiúl i gCluain Dolcáin Dé Domhnaigh ina mbeidh daoine gléasta mar chleamairí agus mar Bhríd, an Naomh agus an Bandia págánach. Beidh oilithreacht go dtí Tobar Bhríde, atá suite sa cheantar chomh maith, ar an Luan. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS margadh trádála - trade deal Céad-Aire - First Minister cruinniú éigeandála - emergency meeting geilleagar - economy ómós - homage, respect cleamairí - strawboys, biddy boys, mummers
Fógraíodh na sonraí inné faoin socrú atá déanta idir an DUP agus rialtas na Breataine chun go bhfillfidh siad ar ais ar Stormont. Táthar ag súil go gcruinneofaí na polaiteoirí ag Comhthionól Stormont Dé Sathairn.