POPULARITY
Méadú ar an líon scoláirí atá ag freastal ar chúrsaí de chuid AcadaImh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair.
Micheal Bharry Ó Flatharta Feidhmeannach Ríomhaireachta Acadamh na hOllscolaíochta Gaillimh agus Príomhoide Cholaiste na bPiarsach Rosmuc Eoin Ó Mainín ag labhairt faoin tsraith atá ar Netflix "Adolesence".
Tá sé fógraithe ag úineirí Phictiúrlann an Phálais i nGaillimh go bhfuil sé le dúnadh i mí Feabhra na bliana seo chugainn.
Is í Treasa Uí Lorcáin atá ceapaithe mar Cheannasaí Eatramhach ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
Moltar i dtuarascáil atá foilsithe ag an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Spóirt agus Meáin go gcuirfí deireadh leis an gceadúnas teilifíse agus go gcuirfeadh an státchiste maoiniú a bheadh á bhainistiú ag Coimisiún na Meán ar fáil do chraoltóireacht na seirbhíse poiblí.
Tá sé iarrtha ag na milliúin de lucht úsáide an tsuímh meán sóisialta Instagram gan a gcuid íomhánna a úsáid le go bhféadfadh innill intleacht shaorga nó AI an chórais in ann feidhmiú.
Tá sé deimhnithe ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil tús á chur le próiseas earcaíochta do stiúrthóir nua ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.
D'éirigh leis an n-aisteoir as Corcaigh Cillian Murphy an gradam don aisteoir is fearr a bhaint amach ag na hOscars aréir as a ról a bhí aige mar J Robert Oppenheimer sa scannán Oppenheimer.
Micheál Bharry Ó Flaithearta feidhmeannach ríomhaireachta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe ag labhairt faoi nuacht bréagach a bhíonn ar shuíomhanna éagsúla.
Tá ardú tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír ó Dhaonáireamh na bliana 2016 ach laghdú i gceantair Ghaeltachta ar an líon cainteoirí laethúla.
An mhoill atá ar an gcóras naisiúnta leathanbhanda a chuir ar fáil i nDún na nGall.
Ní bheidh fáil ar chóras náisiúnta leathanbhanda tuaithe i gceantar Chill Chartha go dtí an bhliain 2027.
Léiríonn staidéar atá déanta ag taighdeoirí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh an dochar atá déanta do mhuinín an phobail i dtuairiscí nuachta mar gheall ar fhíseáin chogaíochta a athraítear le teicneolaíocht leis an dubh a chur ar an mbán. Labhair Aodh Ó Coileáin le Séamus Ó Scanláin.
Ar an gclár seo chualamar ó Kelly Doherty ó Na Gaeil Chicago a labhair linn faoi na cúrsaí Gaeilge a bheidh ar siúl ansin san fhómhar, a scéal féin agus Féile na nGael Milwaukee. Chomh maith leis sin bhí Andy Caomhánach, Feidhmeannach Ríomhaireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair linn le labhairt faoin dream mac léinn a tháinig chucu ó thuaidh as Washington le cur lena gcuid Gaeilge!
Tá ag éirí go maith leis an gcúrsa Gaeilge do mhic léinn ó Ollscoil Western Washington atá ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair faoi láthair.
Tá cruinniú le bheith inniu ag Príomh-Stiúrthóir nua cheaptha RTÉ, Kevin Bakhurst le ionadaithe foirne an stáisiúin. Ghabh sé leithscéal faoin dochar a deir sé atá déanta don chaidrimh idir RTÉ agus an pobal, cén chaoi a n'éiroidh leis muinín a chothú in athuair in RTÉ?
Ag cur síos ar thaispeántas ealaíne leis an ealaíontóir Christine McBride a bheas a sheoladh go hoifigiúil sa Ghailearaí ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair tráthnóna inniu, beidh an taispeántas ar súil sa ghailearaí go deireadh na míosa seo chugainn.
Tá tuairimí dá lorg ón bpobal ag an gCoimisiún Rialaithe Cumarsáide faoi na beartais is deireanaí atá dhá gcur chun cinn le dhul i ngleic le cam-scéimeanna teilichumarsáide sa tír seo.
Cén cineál dochar atá déanta do chlú RTÉ tar éis na conspóide le seachtain anuas agus cén chaoi a dtiocfaidh craoltóir seirbhíse poiblí as in athuair?
Chuir Aer Lingus in iúl inné gur dearnadh cibear ionsaí ar an aerlíne agus go bhfuil thart ar 5 mhíle duine atá fostaithe acu buailte chomh maith le roinnt daoine a bhíodh fostaithe ag an gcomhlacht.
Dhiúltaigh na comhlachtaí meáin shóisialta ar leo Facebook agus TikTok le cuireadh teacht os comhair coiste an Oireachtais an tseachtain seo chugainn chun a bpleananna don todhchaí a phlé.
D'fhógair an t-ollchomhlacht teicneolaíochta - Accenture go bhfuil 400 duine atá ag obair dóibh anseo in Éirinn le ligean chun bealaigh.
Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan dúnta ó briseadh isteach sa gcóras ríomhaireachta - imní faoin gcéad comhlacht nó eagraíocht mór eile a d'fhéadfaí fabhadh a thabhairt fúithi nó an é go mbeidh claí teorainn níos airde agus níos láidre le tógáil thimpeall ar chórais ríomhaireachta feasta?
Rinne grúpa atá báúil don Rúis cibirionsaí ar chóras ríomhaireachta Pharlaimint na hEorpa inné.
Míreanna cartlainne Raidió na Gaeltachta ón gCeathrú Rua le leath chéad bliain a bheidh faoi chaibidéal ag Cumann Béaloidis Choanamara tráthnóna.
Tuigtear go ndéanfaidh Meta, máthairchomhlacht Facebook fógra amárach go bhfuil siad leis na mílte dá gcuid oibrithe a leagan amach, tá 3,000 acu ag obair go díreach don chomhlacht in Éirinn agus 6,000 duine eile i gcomhlachtaí a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil dhóibh sa tír seo.
Beannacht an Choimisiúin Iomaíochta agus Cosaint Tomhaltóirí, an CCPC, faighte ag árdán nua baincéireachta don fón póca, Synch, comhpáirtíocht de chuid na 4 phríomh bhainc in Éirinn.
Tá Elon Musk ag bagairt droim láimhe a thabhairt don mhargadh a bhí déanta aige an suíomh gréasáin agus meán sóisialta Twitter a cheannach, agus é den tuairim nach raibh bord an tsuímh macánta faoi mhéid cuntas bréige atá ann.
Bronnadh saibhreas de lámhscríbhinní Anthony J Doherty ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus tá an t-eolas uilig ag a garmhac Ciarán Mac Pháidín agus an léachtóir san Acadamh, Micheál Ó Domhnaill.
Beidh an tseirbhís teilifíse TG4 ag ceiliúradh ceathrú céid ar an bhfód oíche Shamhna.
Thug Frances Haugen tuilleadh eolais faoi FB & na droch chleachtais a chuireann as go ghasúir a raibh eolas acu fúthu.
Sraith léachtaí, 'Léachtaí um lón', á eagrú ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tosú ar an Aoine.
Tá cód díchriptithe faighte ón ngrúpa a rinne an t-ionsaí ar chóras ríomhaireachta na Feidhmeannachta Sláinte & na Roinne Sláinte
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ycv4sawv 10,000 letters written by American migrants awarded to NUI Galway. 10,000 litir a scríobh imircigh i Meiriceá bronnta ar OÉ Gaillimh. Northwestern Reporter An American historian has donated a collection of 10,000 letters written by Irish immigrants to America over the past 400 years to NUI Galway. Tuairisceoir an Iarthuaiscirt Tá bailiúchán de 10,000 litir a scríobh imircigh as Éirinn go Meiriceá le 400 bliain anuas bronnta ag staraí Meiriceánach ar Ollscoil na hÉireann i nGaillimh. American researcher Kerby A. Is é an taighdeoir Meiriceánach Kerby A. Miller donated the collection to the University. Miller a thug an bailiúchán don Ollscoil. Acadamh na hOllscoile in Gaoth Dobhair in Co Donegal will screen and index the material for future public publication online. Déanfaidh Acadamh na hOllscoile i nGaoth Dobhair i gCo Dhún na nGall scagadh agus innéacsú ar an ábhar lena chur ar líne go poiblí amach anseo. The University says that "these documents are a window into the life of Ireland and America in the long run and are a wonderful gift to the people of the country from which these emigrants have left for centuries." Deir an Ollscoil gur "fuinneog ar shaol na hÉireann agus Mheiriceá sa tréimhse fhada atá sna cáipéisí seo agus gur bronntanas iontach iad do mhuintir na tíre ónár fhág na himircigh seo leis na céadta bliain." The collection donated by the American historian Kerby A Miller to the university in Galway is the view of Irish immigrants leaving their homeland for 400 years. Dearcadh na n-imirceach as Éirinn ar a dtírín dúchais a bhí orthu a fhágáil le 400 bliain atá sa bhailiúchán atá tugtha ag an staraí Meiriceánach Kerby A Miller don ollscoil i nGaillimh. That personal attitude is reflected in a collection of letters from immigrants that Miller has collected over the past 50 years. Tá an meon pearsanta sin le feiceáil i mbailiúchán litreacha ó imircigh a chruinnigh Miller le breis is 50 bliain anuas. Professor Breandán Mac Suibhne, Director of Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, says that Miller himself spent some years here in the seventies seeking detailed information on emigration from Ireland to America. Deir an tOllamh Breandán Mac Suibhne atá ina Stiúrthóir ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, gur chaith Miller é féin tamall de bhlianta anseo sna seachtóidí ag cuartú mioneolas ar an imirce as Éirinn go Meiriceá. "He wanted to know what the ordinary Irish people thought had left this country of emigration. "Bhí sé ag iarraidh a fháil amach caidé a shíl gnáthmhuintir na hÉireann a dfhág an tír seo den imirce. He did not want to find all that information in books or in newspapers. Ní raibh sé leis an eolas sin uilig afháil i leabharthaí ná i nuachtáin. But he thought he would find that information in letters composed by the emigrants themselves, and began his collection of letters, transcribing them, passing the basics back to people and then analyzing them. Ach mheas sé go bhfaigheadh sé an t-eolas sin i litreacha a chum na himircigh iad féin, agus thoisigh sé a chruinniú litreacha, á dtras-scríobh, ag cur na mbunrudaí ar ais chuig daoine agus ag déanamh anailís ansin orthu. He found that the Irish people viewed emigration as an exile and that is what comes out of these letters, "says Breandán. Fuair sé amach gur dhearc cosmhuintir na hÉireann ar an imirce mar a bheadh deoraíocht ann agus sin an rud is mó a thig amach as na litreacha seo," arsa Breandán. Breandán says that Miller has donated a huge treasure trove of Irish ideas abroad to a University in Ireland: "When Miller decided that his collection of letters was to come to Ireland, there was no better place for the subject. this is the National University of Ireland, Galway. Deir Breandán go bhfuil cúis ar leith a bhfuil an taisce ollmhór de smaointe na nGael thar lear bronnta ag Miller ar Ollscoil in Éi...
Ar an gclár seo, labhair Dónall Ó Braonáin, Stiúrthóir Acadúil na Gaeilge Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge OÉG linn faoin seimineár idirnáisiúnta ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain a chuir an Ollscoil ar siúl ar líne le rannpháirtithe ó thíortha i bhfad is i gcéin le déanaí. Chomh maith leis sin labhair Eoin Ó Catháin linn faoi Thoghchán Uachtaránachta na Stát Aontaithe atá 5 seachtaine uainn anois agus an chéad díospóireacht idir na hiarrthóirí le bheith ar siúl anocht, an 29 Meán Fómhair.
Is de bhunadh Ard a’ Reatha é Breandán atá ina phost úr le thart fá mhí anois, ag cur síos ar a phost úr, a chuid suime i gcúrsaí staire agus a shaol oibre go dtí seo.
Tá App nua a dhéanann Ríanú Teagmhála COVID-19 ar fáil inniu - cén chaoi a n-oibreoidh sí agus an mbeidh sonraí cosanta?
Ar an gclár seo bhí Somhairle Mag Uidhir ó Raidió Fáilte atá caint linn faoin mBreatimeacht agus cúrsaí ó thuaidh ceithre lá tar éis don Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinne an tOllamh Kevin Scannell linn le gairid tar éis dó bogadh go Gaillimh chun scoláireacht Fulbright a dhéanamh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua faoina scoláireacht agus a chuid taighde faoin nGaeilge ar líne agus eile.
Ar an gclár seo bhí an tOllamh Kevin Scannell atá díreach tar éis bogadh go Gaillimh chun scoláireacht Fulbright a dhéanamh ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag labhairt linn faoina scoláireacht agus a chuid taighde faoin nGaeilge ar líne agus eile. Chomh maith leis sin bhí Ciarán Mac Guill ag labhairt linn faoin nGaeltacht sur Seine - grúpa Gael i bPáras na Fraince - a gcuid imeachtaí is eile.
The idea of the existence of a soul or life-force which exists independently of the body is of considerable antiquity. In folk tradition, the soul was understood to depart the body, not just at the moment of death (where it was said to leave through the crown of the head), but during sleep (where it departed the body via the mouth in the appearance of a small creature or insect). For this 13th edition of Blúiríní Béaloidis (marking one year on the air!) hosts Jonny Dillon and Claire Doohan explore popular conceptions of the soul in folk tradition; from offerings left by our forebears to the souls of their departed ancestors, to those souls who return from the otherworld in need of help (or to exact revenge). From the lovers whose bonds transcend death, to tobacco spirits in need of prayer, join Claire and Jonny as they turn their thoughts to those who have gone before, and to those lost souls who wander among us still, between nightfall and cock-crow. And a special word of thanks this month to our colleagues Mícheál and Réiltín at Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Doirí Beaga, who kindly allowed us to use an audio sample from the bealoideasbeo.ie project, for which we are extremely grateful.
Clár ag breathnú ar mhúineadh is ar fhoghlaim na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh is ar fud an domhain. Labhraíonn Maidhc Newell linn ó 'Chumann na Gaeilge i mBostún' faoin nGaeilge i measc na nGael-Mheiriceánaigh is na hÉireannaigh i mBostún agus faoi imeachtaí samhraidh an Chumainn. Cloisfimid ó roinnt mac léinn ó Mheiriceá, ó Cheanada is ón Eoraip atá ag caitheamh seala ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge don samhradh. Ar deireadh, labhraímid le hEoin Ó Catháin a mhúineann an Ghaeilge in Ottawa, Ceanada faoi fhoghlaim agus faoi mhúineadh na Gaeilge thar sáile sa lá atá inniu ann.