POPULARITY
Ar an gclár seo chualamar ó Thomás Ó Riain ag caint linn ó Learpholl Sasana faoi tríú léacht bliaintiúil a bheidh ar siúl sa chathair ar an 22 Dheireadh Fómhair in omós do Tony Birtill, comheagraithe ag Conradh na Gaeilge, Learpholl agus Féile na nGael Learpholl. Chomh maith leis sin, chualamar ó Mhicheáilín Nic Sheoin, Ellen Corbett agus Amergín Ó Caoindealbháin faoi chúrsaí Gaeilge i Strasbourg agus an Pop Up Gaeltacht a bheas ar siúl acu sa chathair Déardaoin beag seo!
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dúirt an Taoiseach Simon Harris maidin Dé Céadaoin go mbeidh Éire ag tabhairt aitheantas don bPalaistín go foirmiúil ón 28ú lá de mhí na Bealtaine. D'fhógair an Iorua agus an Spáinn go mbeidh siadsan ag tabhairt aitheantas don stát chomh maith. Luaigh an Taoiseach stair na hÉireann agus a heispéireas leis an gcoilíneachas agus dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go leanfaidh tíortha eile an eiseamláir seo. Bhí an-fhearg ar rialtas Iosrael agus d'athghair siad ambasadóir na tíre in Éirinn. Chomh maith leis sin, tá barántas gabhála á lorg an tseachtain seo ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta do Phríomh Aire Iosrael, Benjamin Netenyahu agus don Aire Cosanta, Yoav Gallant, chomh maith le triúr ceannairí de chuid Hamas. Tá an t-ionchúisitheoir ag an gCúirt ag iarraidh iad a ghabháil mar gheall ar choireanna cogaidh aguscoireanna in aghaidh an duine. Déanfar scrúdú ar na hiarratais go luath ach fiú má éisíonn an Chúirt an barántas, níl aon chumhacht aici é a chur i bhfeidhm. Cuireann an Chúirt i leith go bhfuil Netanyahu agus Gallant ag baint úsáid as an ngorta mar uirlis chogaidh. Tá níos mó ná 35,000 Palaistíneach marbh ó thús an chogaidh agus tá an daonra sa réigiún i mbéal an bháis leis an ocras de réir oibrithe cabhracha. Maraíodh Uachtarán na hIaráine Ebrahim Raisi, an t-aire gnóthaí eachtracha Hossein Amir-Abdollahian agus roinnt daoine eile i dtimpiste héileacaptair Dé Domhnaigh. Tharla an timpiste i gceantar sléibhtiúil in aice le teorainn na hAsarbaiseáine. Bhí an héileacaptair ag teacht thar n-ais ó shearmanas oscailte damba nuair a chuaigh sé i sáinn i gceo trom. Ceannaire ana-choimeádach a bhí in Raisi, duine a chuir faoi chois go cruálach éirí amach na mban agus nagcailíní in 2022. Bhí Raisi ana-mhór leis an Ard-Cheannaire, an Ayatollah Ali Khamenei, agus ceapadh go mbeadh sé féin ag teacht i gcomharbacht air sa todhchaí. Fógraíodh cúig ládobróin sa tír ón Luan seo caite. Tá an Ghaeltacht Chois Tamaise ar siúl arís an deireadh seachtaine seo i gcroílár Londan. Seo an tríú bliain den imeacht atá ag dul ó neart go neart ó thosaigh sí in 2022. Cuireadh tús leis Dé hAoine le Pop-Up Gaeltacht i gCeamdain agus anois tá dhá lá de ranganna i scoil Haverstock, i dtuaisceart Londan ar an Sathairn agus ar an nDomhnach. Chomh maith leis sin, beidh roinnt imeachtaí cúltúrtha ar siúl le linn an deireadh seachtaine, mar shampla léiriú an scannáin Arracht, séisiún ceoil, ranganna ióga agus siúlóid Ghaelach trí lár na cathrach. Má tá suim agat inti, tá drochscéala againn: tá na ticéid go léir díolta amach le cúpla seachtain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS aitheantas - recognition coilíneachas - colonialism barántas gabhála - arrest warrant ionchúisitheoir - prosecutor damba - dam dobrón - mourning
Labhraíonn James Knoblauch le Seán faoin gnó agus tráchtáil, eolaíocht, na Gaeil Óga, Pop Up Gaeltacht, iriseoireacht agus go leor eile.
Labhraíonn Seathrún Sardina le Seán faoina shaothar agus taighde san eolaíocht, a PhD i gColáiste na Tríonóide, a shaothar scríbhneoireachta agus an méid a dhéanann sé le Pop Up Gaeltacht Átha Cliath.
Beidh imeacht anocht i mBaile Átha Cliath
Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán tseoil ansin agus go leor ar siúl I Muineacháin - ina measc Pop Up Gaeltacht, siúlóidí srl
Evelyn O'Rourke, RTE Reporter
Today, I'll be chatting with Antóin Ó Trinliúin. Antóin is my colleague here in the Celtic Studies Program at the University of St. Michael's College having received an award from the Ireland Canada University Foundation to teach Irish in Toronto. Antóin has been here since September 2022 and will be going back to Ireland before the beginning of the summer. I wanted to get Antóin on the podcast to chat as in contrast to most of my other guests so far, he has a definite end date on his time here in Toronto and may provide a different perspective. In this chat, we discuss Antóin's life through the Irish language before he moved to Toronto and how it has changed since moving here. We look at how he is in the midst of establishing a branch of Conradh na Gaeilge or The Gaelic League in Toronto. We also chat about his expectations of Toronto and what he misses about home. Normally, Antóin and myself only communicate in Irish so it was a bit unusual to speak to him in English. In relation to the Pop-Up Gaeltacht which was mentioned, it will be taking place on Thursday, March 9th in Saulter Street Brewery which is just east of Queen and Broadview. Everyone and anyone is welcome, regardless of your level of Irish, it should be good craic and thanks to Eoin Mac Gearailt for making it possible, another Irish speaker who will be on this podcast in the future.
Labhraíonn Jess Ní Mháirtín faoina cuid oibre sa chraoltóireacht le Beat 102 103, iriseoireacht, teagasc agus oícheanta Pop Up Gaeltacht i Loch Garman.
Ar an gclár seo labhair Osgur ó Ciardha linn linn faoi fhás agus fhorbairt an Pop-Up Gaeltacht thar an sé bliana a bhfuil sí ar an bhfód ar fud na cruinne! Chomh maith leis sin labhair Cathal Gilbert linn faoina chuid oibre ar chearta daonna in Uganda na hAfraice.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá Emmanuel Macron i ndiaidh an lámh in uachtar a fháil ar Marine Le Pen i dToghchán Uachtaránachta na Fraince. Níor bhain Uachtarán reatha na Fraince an dara téarma amach ó rinne Jacques Chirac é fiche bliain ó shin. Chuir ceannairí éagsúla ar fud na hEorpa fáilte roimh bhua Macron, atá go mór i bhfabhar an Aontais Eorpaigh, cé go bhfuair Le Pen, atá i bhfad amach ar an eite dheis, os cionn 40%, de na vótaí, ardú suntusach ón vóta sa bhliain 2017. Ní raibh iarrthóir ón site chlé sa toghchán réitigh. Athrófar ainm Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, nó NUIG, go "Ollscoil na Gaillimhe - University of Galway" i mbliana. Úsáidfear an teideal dátheangach seo, ina bhfuil tús áite ag an Ghaeilge, ar gach doiciméad oifigiúil de chuid na hollscoile. Ní hé seo an chéad athrú ar ainm na hinstitiúide. Bunaíodh an ollscoil mar Queen's University Galway sa bhliain 1845 ach athraíodh an t-ainm go Coláiste na hOllscoile, Gaillimh in 1908 agus tugadh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh uirthi in 1997. Lonnaigh an scríbhneoir Breandán Ó hEithir a úrscéal "Lig Sinn i gCathú" i leagan ficseanaithe den ollscoil. Tá imeacht mór Gaelach ar siúl i Londain an deireadh seachtaine seo. Beartaíodh Gaeltacht Chois Tamaise dhá bhliain ó shin, ach cuireadh ar ceal í mar gheall ar phaindéim Covid-19. I mbliana, tá daoine ag taisteal go Londain le haghaidh deireadh seachtaine tumthach. I measc na n-imeachtaí atá ar siúl tá dianchúrsa Gaeilge, Pop Up Gaeltacht agus Comhdháil na Breataine, teacht le chéile ar líne agus ar an láthair de dhaoine ó gach cearn den oileán, chun plé a dhéanamh ar conas an Ghaeilge a chur chun cinn sa Bhreatain agus cearta teanga a bhaint amach i dTuaisceart Éireann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Uachtarán reatha - sitting President toghchán réitigh - run-off election tús áite - priority leagan ficseanaithe - fictionalised version Gaeltacht Chois Tamaise - Thames-side Gaeltacht deireadh seachtaine tumthach - immersive weekend
Imeacht ar siúl san Cobblestone ag deireadh na míosa
Labhraíonn Peadar Ó Caomhánaigh le Seán faoina shaol sa pholaitíocht, mar Mhéara Bhaile Átha Cliath Theas i mbliana agus mar Chomhairleoir Contae. Insíonn sé do Shéain faoina phobal dúchais i gCluain Dolcáin, na rudaí a spreag é ó thaobh na Gaeilge de agus an méid atá déanta aige sa chraoltóireacht le 10 mbliana anuas. Faighimid léargas iontach ar an Pop Up Gaeltacht a bhunaigh Peadar le hOsgur Ó Ciardha agus faighimid amach faoi bhuaicphointí agus na cuimhní is fearr atá ag Peadar ón podchraoladh Motherfoclóir.
Labhraíonn Osgur Ó Ciardha faoina méid atá bainte amach aige sa turasóireacht, anseo in Éirinn agus i Meiriceá Theas, a thogra úr – Zanzibar Locke – i lár na cathrach, ach go háirithe. Déanann sé cur síos ar na rudaí a spreag an Pop Up Gaeltacht agus an tionchar atá aige ar shaol na Gaeilge. Insíonn sé dúinn chomh maith faoin MBA a bhain sé amach ó UCD i 2018 agus a thaithí ag déanamh an tsraith Beidh Mé Ar Ais ar TG4, agus go leor comhrá eile.
Ar an gclár seo bhí Kayla Reed ag labhairt inn ó Osló faoin gCáisc san Iorua agus eile (léigh a blag anseo! scriobhaisiulach.wordpress.com/2021/04/0…a-choill/ ). Chomh maith leis sin labhair Céiteach Mac Stiofáin linn ó Ghaillimh faoi 'virtual Pop Up Gaeltacht' atá á déanamh aige le cairde sa Spáinn, sna Stáit Aontaithe agus daoine eile ar fud na cruinne ar líne le breis is bliain ó shin anois.
Labhraíonn Tadhg Ó Buachalla le Seán faoina chuid oibre le Ógras, na clubanna óige ar líne a bheidh a chur ar fáil acu, an Pop Up Gaeltacht i Lios Tuathail, a chuid oibre mar mhúinteoir agus ag cur na Gaeilge chun cinn, chomh maith lena ról ar an chlár 'Bothán na bhFear' ar Raidió na Life.
Ar an gclár seo bhí Kate Cunningham ag labhairt linn faoi Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath ar siúl 26 Feabhra - 8 Márta 2020. Chomh maith leis sin bhí Gwyneth Ní Aidicín Ní Loinsigh linn ó Londain Shasana áit ar eagraigh sí Pop Up Gaeltacht ag an deireadh seachtaine i ndiaidh ceolchoirme de chuid Kneecap sa chathair!
What a year. What a week. What a decade! It’s Christmastime again and Darach, Peadar and Gearóidín have met up to reflect on the passing of time. In this week’s episode they look at the 2010s as the decade when the Irish language and social media became acquainted with each other, starting with the #sneachta hashtag and ending with an election in our neighbouring state that has made hitherto hypothetical questions about identity and Irishness more urgent. We consider the memes and Irish words of the decade, the beginnings of @theirishfor and Pop Up Gaeltacht and the traditions of activism, community and dialogue that informed the big changes of the decade in this island, which have been a part of Gaeilge all along. We also remember Iris Robinson and the men who surrounded her, the first viral story of a decade bookended by DUP humiliations. And Niall Horan, who our Laois Legend may have met and completely forgotten. --- Get Kirsten Shiel art prints here: https://www.inprnt.com/gallery/kirstenshiel/ Support for this episode comes from Foras na Gaeilge -https://www.forasnagaeilge.ie/ --- Contact the show: twitter - @motherfocloir and @theirishfor email - motherfocloir@headstuff.org
Osgur Ó Ciardha and Peadar Ó Caomhánaigh are on a mission to bring the Irish speaker in us out, literally. The Irish language is a thing of beauty and it’s sad the language isn’t spoken more often. The lads are creating opportunities for people to connect with each other through the Irish language with Pop Up Gaeltacht. Pop Up Gaeltacht = hundreds of people heading for an established boozer for pints, in Irish like.
Ar an gclár seo labhair James McDonald linn faoi fhéile Gaelic Voices Festival 2019 ar siúl ag London Irish Centre agus Conradh na Gaeilge i Londain ar an 18 Bealtaine agus Pop UP Gaeltacht leis! Chomh maith leis sin bhí Niamh Ní Shúilleabháin ag labhairt linn faoi ionsaí sceimhlitheoireachta Sri Lanka a tharla le déanaí agus í thall ansin i mbun taistil.
Peter Kavanagh of Motherfoclóir, Pop-Up Gaeltacht, and the Green Party, joins Alan and Ellen to talk about the hero who hasn't gotten pollution down to zero just yet but he's trying his best: Captain Planet! We try to stay positive about the future of the planet even though Captain Planet came out twenty nine years ago and the bad guys who like to loot and plunder are still doing it. You can hear Peter regularly on Motherfoclóir and find him on Twitter @TheKavOfficial Alan is @alan_maguire Ellen is @incogellen. Juvenalia is on all of the social medias, if you search for Juvenalia, you'll find us. Juvenalia original artwork by Dee McDonnell This episode was produced and edited by Brian + Alan
For nearly two centuries, we have been told that English is the language of commerce and industry and that the Irish language sits outside this world, peeping in. Could a company from Ireland ever use Gaeilge in its product branding the way Ikea uses Swedish? Osgur Ó Ciardha is one half of the team behind Pop Up Gaeltacht (the other half being Motherfoclóir regular Peadar Ó Caomhanaigh). In today's episode, he chats to Darach about whether PUG has identified a market for an Irish language bar, the uses of Irish in advertising, the Euro Gaelach and the gravy train myth. Today's episode is swear-free. --- Contact the show at https://twitter.com/motherfocloir or email us at motherfocloir@headstuff.org.
Pop-Up Gaeltacht is PUG for short. The Irish for a pug is smutmhadra. The Irish for smut is salachar, which is an anagram of “ah rascal”. Darach goes down a wormhole with Peadar Ó Caomhánaigh, one half of the duo behind Pop-Up Gaeltacht. They discuss safe spaces, Gaeltacht bangers, getting the wear, euphonic phonemes and the global pug phenomenon. --- Contact the show at https://twitter.com/motherfocloir or email us at motherfocloir@headstuff.org.
On todays High Noon Ciara Kelly discusses the discovery of an Irish Terror Cell, why praising your children can be bad for them and The Right To Die debate.
Ar an gclár seo chualamar ó Dhónal Kelleher i Londain faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus timpeall ar an Ríocht Aontaithe, agus Coláiste na nGael. Chomh maith leis sin labhair mé le Fran Mulraney i Nua Eabhrac faoin Pop Up Gaeltacht a bheas ar siúl ansin go luath.