Nuall na nÓg

Follow Nuall na nÓg
Share on
Copy link to clipboard

Is podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge. Bígí linn ⭕️

Nuall na nÓg


    • Mar 6, 2025 LATEST EPISODE
    • monthly NEW EPISODES
    • 41m AVG DURATION
    • 36 EPISODES


    Search for episodes from Nuall na nÓg with a specific topic:

    Latest episodes from Nuall na nÓg

    Breith Suas Linn: An scannal is déanaí is saol na polaitíochta & an chultúir

    Play Episode Listen Later Mar 6, 2025 45:19


    Sa chlár seo, pléimid tionchar an chultúir nua-aimseartha ar mheon na mac léinn maidir leis an Ghaeilge, ach an bhfuil an córas oideachais fós ag teip orthu? Ansin, caithfimid trácht a dhéanamh ar pholaitíocht chonspóideach Mheiriceá agus ar phleananna Trump, atá idir aisteach agus dáinséarach. Níos cóngaraí dúinn féin, bhí athrú stairiúil ann i gcúirteanna an Tuaisceart ó aimsir na Péindlíthe, chomh maith leis an cheist mhór i dTithe an Oireachtais faoi easpa Gaeilge an Cheann Comhairle. Bígí linn!

    Pod Chinn Bhliana 2024 - Ar Bealach na Réabhlóide

    Play Episode Listen Later Feb 8, 2025 71:03


    Sa chlár seo dár bpodchraoladh, caithimid súil siar ar na scéalta móra ó 2024. Ón bhfuacht go dtí an teas, is cosúil go bhfuil an domhan faoi uisce agus trí thine ag aon am amháin. Éist linn agus muid ag déanamh athbhreithniú ar an bhliain seo caite, ag déanamh anailíse ar chúrsaí reatha, ar ealaín, scannáin agus go leor eile. Ach agus muid ag smaoineamh ar fhéidearthachtaí fiáine 2025, is í an cheist ná:Cad atá romhainn? An mbeidh sé ina réabhlóid, nó an tríú Cogadh Domhanda? Tá rud amháin cinnte— caithfidh sé a bheith ar cheann amháin nó an ceann eile.

    Bród: Stair agus Todhcaí an Gníomhaíochais

    Play Episode Listen Later Jul 1, 2024 34:00


    Toisc gur deireadh seachtaine ceiliúrtha bród a bhí ann, chaith Anna & Kathleen súil siar ar bhunús Pride, ó círéibeacha Stonewall go dtí an lá inniu. Le cloisteáil anois ar Spotify, Apple Podcasts srl.

    Oidhreacht Chultúrtha a Chaomhnú Trí Cheol: Comhrá le Catríona Ní Ghribín

    Play Episode Listen Later Apr 9, 2024 41:14


    Sa phodchraoladh seo, labhair Anna le Catríona Ní Ghribín fána obair a rinne sí don mháistreacht ag caomhnú amhráin a bhí i mbaol caillte in iarthuaisceart Tír Chonaill, agus an tábhacht idir an béaloideas agus an ceol. Fosta, insíonn sí dúinn faoina bhanna úr Huartán, agus an dóigh a meascann siad gnéithe nua-aimseartha leis an cheol traidisiúnta. Is féidir éisteacht leis an eagrán seo ar spotify nó cibé áit a héisteann sibh le bhur bpodchraoltaí. Chomh maith le sin, déanaigí cinnte éisteacht le Huartán ar Spotify, agus le halbam Catríona leis na hamhráin a bhailigh sí i rith na máistreachta air darb ainm 's'iomaí coiscéim fada'.  

    Comhghuaillíocht leis an Phalaistín

    Play Episode Listen Later Feb 12, 2024 32:51


    Sa phodchraoladh seo, pléimid stair bhréige de bhunú an Iosrael, chomh maith leis an easpa tacaíochta a léirigh rialtas na hÉireann don chás sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta agus tíortha ag baint a gcuid maoiniú ón UNWRA. Ar a bharr sin, bíonn muid ag caint ar cinneadh Sinn Féin chun taisteal go Meiriceá agus buaileadh le Genocide Joe, ról an Éimin ag saoradh na Palaistíne agus níos mó…  Ná déanaigí dearmad chun bhur dtacaíochta a thabhairt d'eagraíochta áitiúla ag obair ar son na Palaistíne @irelandpsc @galway_ispc @cairdepalestinebf @cairdepalestinequb @irish.artists.for.palestine

    An Ghaeilge agus an Eite Chlé | Scoil Chois Claí 2023

    Play Episode Listen Later Jan 12, 2024 54:03


    Phléigh an painéal seo go leor gnéithe den Ghaeilge agus a nasc leis an eite chlé, ó obair óige agus tumoideachas go díchoilíniú agus meabhairshláinte. Tá Orla Nig Oirc, Ben Ó Ceallaigh, Andrias Ó Cathasaigh agus Kerron Ó Luain le cloisteáil ann. Bígí cinnte éisteacht leis an eipeasóid seo, tá sé suimiúil ar fad!

    Dúshlán Uí Chonghaile le hAndrias Ó Cathasaigh | Scoil Chois Claí 2023

    Play Episode Listen Later Dec 24, 2023 28:56


    Is staraí, scríbhneoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath é Andrias a bhfuil roinnt leabhair scríofa aige ar Karl Marx, Séamus Ó Conghaile, réabhlóid na Rúise, agus scríbhneoirí radacacha Gaeilge cosúil le Pádraic Ó Conaire. Labhair sé ag Scoil Chois Claí faoina chuid oibre ar Uí Chonghaile agus an dúshlán a thugann smaointe agus obair Uí Chonghaile don éite chlé inniu.

    Comhráite Oileánacha: le Fionnan Ó Conaola

    Play Episode Listen Later Sep 30, 2023 40:56


    An tseachtain seo, téann muid go hInis Oírr, áit ar bhuail Anna le Fionnan tráthnóna breá grianmhar. Labhraíonn Fionann fán tsaol san oileán, veigeánachas & biafhlaitheas, agus an tábhacht a bhaineann le caomhnú shaibhreas na teanga san oileán, agus a gcuid iarrachtaí sin a dhéanamh. Labhraíonn siad ar na dúshláin atá ag teacht le géarchéim na haeráide, agus cuireann siad béim ar na buntáistí a bhaineann le stíl mhaireachtála phlanda-bhunaithe in oileán beag cosúil le hInis Oírr. Déanaigí cinnte éisteacht leis an phlé spreagúil seo a thaispeánann an saibhreas cultúrtha, an inbhuanaitheacht agus an oidhreacht teanga; rudaí atá fíorspeisialta fá Inis Oírr.

    Athbheochan na scannánaíochta, an Ghaeilge ar an scáileán, agus stailceanna stairiúla in Hollywood.

    Play Episode Listen Later Aug 24, 2023 49:53


    Bígí le hAnna agus le Kathleen agus iad ag déanamh anailíse ar saol aoibhinn na pictiúrlainne le déanaí. An ceacht é Barbie ar smaointe Feimineacha? An ndéanann Oppenheimer tionscadal Manhattan a ghlóiriú? Nó nach bhfuil iontu ach scannáin iontacha? Pléann siad an tallann atá ag teacht chun cinn in Éirinn agus aon díol bíse atá fós le teacht. Ar ndóigh, cloisimid roinnt anailísí láidre ó Andrew fosta. Beir leat do ghrán rósta!

    Breith Suas Linn! Mí an Mheithimh

    Play Episode Listen Later Jul 14, 2023 39:46


    Thugamar féin an samhradh linn leis an phod seo a chomrádaícunts. Ar ndóigh bhí an submarine (fomhuireán) sin ina cheap magaidh againn; ní éistfear le haon duine eile a deir go ndáiltear saibhreas an domhain ar mhaithe leis an tsaol fán chaipitleachas - go háirithe nuair is féidir le biliúnaithe 250k a íoc chun lámh a chur ina mbás féin... Agus muid ag trácht ar rudaí ar cheart iad a chur go bun na meara, is féidir slíomadóir an tsamhraidh a thabhairt ar Robbie Keane - atá ina bhainisteoir ar fhoireann peile san Iosrael. Masmasach!!! Into the Submarine Robbie Keane.. Bígí linn!

    Breith Suas Linn! Mí Aibreáin

    Play Episode Listen Later May 17, 2023 65:18


    Comhrá den scoth idir Anna agus Andrew ag amharc siar dóibh ar aistear s'aige go Hong Cong. Ba chaoin na cuimhní a bhí le cíoradh acu seal pléite na saoire. Tá rudaí maithe ar na bacáin d'Anna agus í ag pilleadh ar Éirinn go luath. Buille fá thuairim cé acu a chaill fidil sa tSín ? Tuilleadh fán chlann ríoga agus slíomadóirín eile…

    suas ts comhr aibre tuilleadh
    I gcroílár Ghaeltacht Bhéal Feirste le Darán Ó Dochartaigh

    Play Episode Listen Later Apr 18, 2023 39:58


    Is beag rud níos deise ná suí cois tine le pionta Guinness i gcroílár Gaeltacht Bhéal Feirste, is cinnte é sin! Bhuail Anna isteach go Cumann Chluain Ard cúpla mhí ó shin chun caint le Darán ó Dochartaigh - aistritheoir agus gníomhaí teanga, fá stair agus todhchaí cumann cluain ard, láidreacht an teanga i mBF agus a aistear féin leis an Ghaeilge & an obair go dtí seo. Bainigí sult as!

    Breith Suas Linn! Machnamh ar Mhí Feabhra...

    Play Episode Listen Later Mar 23, 2023 58:46


    Is mó an rud a tharla le mí anuas, agus tá Anna & Andrew níos faide óna chéile na mar a bhí siad ariamh, ach bíonn am acu i gcónaí fá choinne dreas chomhrá agus giota scannal;)

    Machnamh, le Síomha

    Play Episode Listen Later Mar 4, 2023 36:04


    SÍOMHA, sea SÍOMHA sa chathaoir the a chomhrádaithe. Ba ardú croí é an eipeasóid seo. Agus é ag druidim le comóradh bliana a halbaim ‘infinite space', bí sé de phribhléid ag Anna a bheith ag labhairt le Síomha faoi na gnéithe éagsúla a bhaineann le halbam a chruthú, faoi bheith ainmninithe do na RTÉ Folk Awards, faoina cuid oibre le hAclaí Palestine, agus a podchraoladh nua ‘exploring infinite space and beyond'. Caithis mhillteanach Is féidir libh tacú le obair Aclaí Palestine anseo: https://www.gofundme.com/f/acla-palestine-project agus tá nascanna chuig Patreon Síomha ar leathanach insta s'aici.

    Ag foghlaim mar dhuine fásta: idir theanga agus cheol, le Miadhachlughain O'Donnell

    Play Episode Listen Later Jan 25, 2023 21:49


    Shuigh Anna le Miadhachlughain O'Donnell ag amharc siar ar an am a chaith siad lena chéile i rith na paindéime ag labhairt Gaeilge, ag canadh agus dar ndóigh, ag ól. Pléifidh Miadhach an dóigh ar bailíodh agus ar taifdeadadh na hamhráin dá EP úr, atá á sheoladh Dé hAoine beag seo (27ú Eanáir) sa Chultúrlann i mBéal Feirste agus tá ticéid ar fáil saor in aisce ó shuíomh idirlín na Cultúrlainne - tá an nasc in san bio. Bainigí sult a chairde!

    Pod Cinn Bhliana 2022

    Play Episode Listen Later Jan 17, 2023 56:59


    Bhuel féach a bhfuil anseo againn, pod úr cinn bhliana a chomrádaithe agus é i bhfad thar am. Éistigí le Andrew agus le Anna an uair seo. Beidh slíomadóirí na bliana 2022 á ndíchonstráidiú acu leis an deisbhéal, an giúmar agus an aiféis is dual daofa. Déanfar buaicphointí cultúir na bliana a chéiliúradh agus sceithfear sonraí samhnasacha Spotify Wrapped ó dhuine amháin acu. N'fheadar cé a bhí ann?! Bhí vadhbs gan smál ann seal taifeadta an phod agus táimid ag súil go mór libh a bheith ar ais inár gcuideachta aríst eile. Bígí lnn!

    Scéim Cónaithe Gaeilge QUB le Kathleen Ní Nualláin & Ciara Ní Ghadhra

    Play Episode Listen Later Nov 8, 2022 34:23


    Labhraíonn Anna le Kathleen Ní Nualláin & le Ciara Ní Ghadhra fán chéad scéim cónaithe Gaeilge in Ollscoil na Ríonna, fiafraítear daofa má tá siad ina mbaill de Chumann na bhfear buí agus fiosraítear cé na háiteanna is fearr fá choinne oíche drabhláis mBéal Féirste (glac a gcuid moltaí ar do phriacal féin - beirt culchies sa chéad bhliain iad ar ndóigh)

    Gadaíocht Aitheantais & Gabhar ar Bhus | Scéalta ó Vítneam cuid a haon

    Play Episode Listen Later Sep 27, 2022 27:46


    Tá Anna agus a deirfiúr Kathleen ag caitheamh súil siar ar a gcuid ama i Vítneam agus na heachtraí craiceáilte a tharla inti cosúil le gadaíocht aitheantais ar theorainn Laos, meaisín níocháin strapáilte ar chúl gluaisrothair, agus daoine Sasanacha nach raibh a fhios acu go bhfuil ár dteanga féin againn in Éirinn. Bainigí sult! Le fáil ar Spotify, Anchor, Apple Podcasts srl. www.patreon.com/leftbloc

    Eachtraí Mhí Aibreáin - Aistir Féinaithne i gCéin is i gCóngair

    Play Episode Listen Later Apr 28, 2022 45:06


    D'admhaigh an gang d'aon ghlór go raibh sé thar am againn pilleadh ar an chraoltóireacht. Agus BLD char tháinig meirg ar ár gcaint. Sceitheann Andrew fá dtaobh d'eachtraí s'aige sa Téalainn agus tá scéal grá NÓ DHÓ le cíoradh fosta. Nach méanar do chuid de na daoine?

    aibre
    Pod Chinn Bhliana 2021: Gameshow Gaeilge - Ó ó ochómicron

    Play Episode Listen Later Jan 7, 2022 37:38


    Ár gcuid den bhliain nua oraibh a chairde agus a chomrádaithe! Cuirfidh sé ola ar an chroí a chluinstean go raibh muid in éineacht a chéile le linn na Nollag. Ach, tholg beirt den triúr againn an víreas úd. Meas sibh cé a sheachain é? Ar aon nós, seo ócáid le buaiceannaí na bliana groí a d'imigh tharainn a chomóradh agus na híosphointí a olagón. Seans go bhfuil cur amach agaibh ar an leagan amach ó phod chinn bhliana 2020. Aithneoidh sibh, mar sin, an iarracht a dhéanann muid idir ealaíontóirí ildánacha,is cheoltóirí atá mór linn a chur chun cinn. Grá mór agus bainigí ceol as

    Múinteoir le linn an Lae, Striapach le linn na Sheets - Sraith II Eip 1 Cuid 1

    Play Episode Listen Later Nov 11, 2021 43:56


    Tá muid ag dúil go mór mór leis an cheann seo a chur in bhur gcluasa a chomrádaithe. Tá muid ar ais aríst le sraith úrnua agus lógó diamhar ón Diabhal é féin @_diabhal666_ . Labhraíonn muid go mion ach go gealgháireach fá gach rud fán spéir a bhaineann leis an tús nua, bíodh sé ina phost nó ollscoil nua etc. agus bhí aoichainteoir seoigh linn @ItsTurlough le hé seo uilig a chur fá chaibidil.

    Bliain ar an Aer |#15

    Play Episode Listen Later Aug 5, 2021 15:11


    Catchup mór de dhíth agus Andrew ar ais ó Abu Dhabi. Giota spraoi agus muid uilig le chéile arís. Níor thuig muid a mhéad a chrónaigh muid an chraic!

    Comhrá fán Phalaistín le hEoghan Ó Ceannabháin | #14

    Play Episode Listen Later Jun 2, 2021 35:47


    An tseachtain seo bhí deis ag Cillian agus Andrew giota cainte a dhéanamh le hEoghan O'Ceannabháin ó Phobal Seachas Brabús. Labhair siad fán éagóir leanúnach atá ag dul ar aghaidh sa Phailistín agus fuaireadar amhrán uaidh fosta.

    An tSárshraith Eorpach - Scannal Saolta Sacair | #13

    Play Episode Listen Later Apr 23, 2021 38:25


    An tseachtain seo bhí an gang ag plé peil sacair. Bhí Andrew ar seachrán ar feadh tamaill ach buíochas le dia tá sé ar ais agus níos rancásaí ná riamh! Dar ndóigh, bhí muid ag olagón fán chaipitileachas agus fán tSárshraith Eorpach ba ábhar mór conspóide le linn na seachtaine.

    dar ts eorpach
    Cealchultúr: Ar Ceal nó Ar Athlá? | #12

    Play Episode Listen Later Mar 25, 2021 27:44


    An bhfuil an chumhacht agat duine eile a chealú nó ar chóir duit sochar an amhrais a thabhairt dóibh? Agus cealchultúr go mór i mbéal an phobail ar líne fá láthair, rinne Anna agus Cillian mionscrúdú ar an ábhar le fáil amach. Fosta beidh neart craice, cúpla cluiche agus roghnóidh an dísreach slíomadóir na seachtaine (prick of the week)!

    Réaltchomharthaí an Stoidiaca Cuid a hAon - An tIasc an tUisceadóir Agus an Leon | #11

    Play Episode Listen Later Feb 20, 2021 33:57


    Tá an saol gann ar chreidimh a thugann léiriú macánta ar chastachtaí an nuashaoil Téann Anna agus Andrew i ngleic le ceist na spioradáltachta agus déanann siad scagadh ar na réaltchomharthaí (Sea léigh sibh mar is ceart é). Fuasclaíonn siad an cheist: An leigheas nua - aimseartha ar an aindiachas iad nó an é nach bhfuil iontu ach cur i gcéill agus ábhar magaidh? Ó agus tá braon polaitíochta ann fosta ar ndóigh ;)

    Sraith Agallamh Cuid a 2: Gafa le Gaylgeoirí | #10

    Play Episode Listen Later Jan 26, 2021 45:43


    Bhriseamar fríd dromchla ardghlórach, álainn, aerach, mar is fearr aithne atá air, agus bhuaileamar le Cian Ó Gríofa, file, eiseamláir, agus gnáthfhear galánta. Labhair sé faoina shaoldearcadh i dtaobh na Gaeilge, faoina chúlra teanga agus faoin dóigh ar chuir sé aithne air féin agus ar ar a ghnéasúlacht i neadóg na Gaeilge. D’imríomar cúpla cluiche leis an scúp a fháil sula ndeachaigh Aindriú a luí . Filíocht agus leabhar nua dá chuid, Foclóir nó Teanglann? agus an réaltchomhartha s’aige uilig le fáil ar Spotify, Apple Podcasts srl.

    Pod Chinn Bhliana 2020: Gameshow Gaeilge - An Gol is An Gáire | #9

    Play Episode Listen Later Jan 5, 2021 54:43


    Seo seó i bhfoirm Reeling in the Years. Triaileann muid idir an mhaith is an t-olc a phlé den raic ar fad ón bhliain úd atá imithe tharainn (buíochas le focain dia). Cuireann muid sraith le chéile de na buaicphointí nuachta, ceoil, cultúrtha agus tallainne a chuir go mór mór le saibhreas an tsaoil Éireannaigh i mbliana. Luafar na daoine galánta thíos. Bhí dúshláin mhóra le sarú ag an triúr againn i mbliana, mar a bhí ag achan duine. Ach, bhí an-bhliain againn i rith an ama. In ainneoin Covid-19, ní raibh rud ar bith níos taitneamhaí ná na laethanta fada samhraidh agus na hoícheanta siochta geimhridh ar chaith muid le chéile ag déanamh na bpodchraoltaí seo le chéile. Athbhliain faoi mhaise daoibh uilig a chomrádaithe

    Scannal Scaipthe na Nocht-Íomhánna (Nudes Leak Scandal): Comhfhreagracht, Cearta agus Coireanna | #8

    Play Episode Listen Later Dec 5, 2020 47:35


    GNÉAS-FHORÉIGEAN ÍOMHÁBHUNAITHE (image-based sexual violence) .i. leagan níos cirte den díoltas phornagrafach (revenge porn): Foréigean gnéasach a imirt ar dhuine trí mheán íomhánna graosta nó gáirsiúla a chur ar taispeáint sa timpeallacht. NÓ Díoltas a bhaint amach ar dhuine trí íomhánna príobháideacha de nó di a sceitheadh os comhair an tsaoil mar a bheadh pornagafaíocht ann MILLEANÚ AN ÍOSPHARTAIGH: An locht a chur ar an duine atá thíos leis an choir. ”GÁS-SOILSIÚ” (gaslighting): Mearbhall intinne a chur ar dhuine d'aonghnó is go mailíseach chun dul i bhfeidhm air nó uirthi. Tá súil againn go mbaineann sibh idir thairbhe is taitneamh as an eipeasóid seo. Cuimhnigí gur éadroime an t-ualach á roinnt.

    Cuir Síoda ar Biden ach is Nua-Liobrálach i gcónaí é | #7

    Play Episode Listen Later Nov 12, 2020 32:26


    Cinnte dearfa, is díol céiliúrtha í treascairt Donald Trump. Ach, an dtráfaidh borradh seo an dóchais fá riail Biden agus Kamala? Seo comhrá gairid idir Anna agus Andrew a phléann ár dtuairimí ar thoghchán Uachtarán SAM. (Cuirtear béim ar na gnéithe dearfacha in amantaí)

    Anna i nGaillimh: Meabhairshláinte, Murica & rúinne beag Marxachais | #6

    Play Episode Listen Later Oct 30, 2020 51:47


    Cuireann fuaimrian galánta leis an phianódóir @ellamcgrory ola ar chroí is ar intleacht na mbuachaillí sa chlár seo. Déanann siad domhantuiscintí pearsanta ar chúrsaí meabhairshláinte a chíoradh le chéile agus triaileann siad an teoireann idir mórcheisteanna eacnamaíocha agus cúinsí saoil an lae inniu a réabadh ó bhun. Ar a bharr sin, bíonn deis cainte ag @cillianmaccaba fá dheireadh

    inte inne murica beag ngaillimh cuireann
    Cleamhnas, Cardi B agus ag Cronú Cairde le hEmma Ní Fhíoruisce | #5

    Play Episode Listen Later Oct 9, 2020 43:26


    An tseachtain seo labhair muid le hEmma Ní Fhíoruisce fá gach rud óna cúlra sa cheol go dtí an próiseas scríbhneoireachta s’aici, chomh maith le go leor craice agus cúpla amhrán. An rud amháin a bhí in easnamh ná cúpla jagerbomb agus suíochán in Hiúdaí Beags. Tá súil againn go mbeidh muid uilig ‘Ar Ais go Gaoth Dobhair’ gan mhoill!

    Na hEalaíona - Earnáil in Éag? | #4

    Play Episode Listen Later Sep 14, 2020 46:30


    Bígí linn más suim libh ainm gaelach funky-áilte a chur ar bhur mbaibí nó má ba mhaith leat co-op de cheoltóirí a thoiseacht.

    #MiseFosta | #3

    Play Episode Listen Later Aug 14, 2020 42:15


    Labhair Anna inniu le Pauline Scanlon (FairPlé) agus Deirbhle Nic an Aoire faoin ghluaiseacht a tháinig chun solais i saol an cheoil thraidisiúnta le déanaí - #MiseFosta

    COVID, Caipitleachas agus Caife ó Chúba | #2

    Play Episode Listen Later Jul 31, 2020 30:58


    Labhair muid inniu faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag COVID ar dhaoine óga - i dtéarmaí eisimirce, fostaíochta, oideachais agus tithíochta - uilig agus póit an diabhail orainn...

    An bhfuil an teanga ag fáil bháis? | #1

    Play Episode Listen Later Jul 17, 2020 28:51


    Labhraíonn muid ar ár dtaithí féin leis an teanga, béarlachas, agus neart eile le linn an chéad phodchraoladh seo- bainigí sult!

    Claim Nuall na nÓg

    In order to claim this podcast we'll send an email to with a verification link. Simply click the link and you will be able to edit tags, request a refresh, and other features to take control of your podcast page!

    Claim Cancel