POPULARITY
Labhair Cárthach le Lorcán Ó Máirtín faoin tarraingt a tharla ar maidin do Clhuichí 1/4 Ceannais Peile na hÉireann. Gaillimh agus Ath Cliath, Corcaigh agus Maigh Eo, Ciarraí agus Tír Eoghan, An Lú le Muineacháin.
An plean atá curtha i dtol a chéile le bealach sábháilte chun na scoile a thabhairt do Scoil Náisiúnta Réidh na nDoirí i nGaeltacht Mhúscraí.
Mír Rialta an Gharda Síochána. Tá fiosrúcháin ar bun ag na Gardaí faoi bhád a goideadh ó Dhroichead Ghaoth Bearra le gairid agus taisme bóthair a tharla i Leitir Ceanainn. Thug sé comhairle fosta do dhaoine a bheas ag freastal ar chluiche Dhún na nGall v Corcaigh ag an deireadh seachtaine.
Bhí Mark Foley ag caint le Cárthach faoi Luimneach agus Corcaigh ag imirt sa Chluiche Ceannais ar an Domhnach. Clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais, le hagallaimh, anailís agus plé ar an GAA agus ar phríomhscéalta spóirt na seachtaine.
Óráid a thug Uachtarán nah Éireann i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a raibh comóradh 175 de bhlianta teagaisc san Ollscoil.
Ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, áit a atá comóradh 175 de bhlianta teagaisc agus labhairt na Gaeilge san Ollscoil.
Clabhsúr ar an gclár le ceol ó scoláirí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Ceoltóirí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh atá ar scoláireacht an tseachtain seo i gCorca Dhuibhne.
Beidh Comóradh 175 de bhlianta teagaisc agus labhairt na Gaeilge san Ollscoil ar an gCéadaoin nuair a bheidh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly i láthair.
Bhí Liam Breathnach iar roghnóir agus imreoir le Áth Cliath ag plé cluichí móra iomána na deireadh seachtaine le Cárthach. An ceann mór in Parnell agus Clár agus Corcaigh ag troid le áit i gCluiche Ceannais na Mumhan . Clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais, le hagallaimh, anailís agus plé ar an GAA agus ar phríomhscéalta spóirt na seachtaine.
An tionchar atá ag táillí tríú leibhéal agus Buisead '27 ar scolairí.
Bhí an Ciarraíoch Declan Quill linn an tseachtain seo agus muid ag breathnú chun cinn ar an dá chluiche mhóra atá ag an deireadh seachtaine - cluiche ceannais na Mumhan idir Ciarraí agus Corcaigh, agus cluiche ceannais Connacht idir Gaillimh agus Ros Comáin. An Spota Dubh le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais – clár spóirt Gaeilge ar Raidió na Life le hanailís agus agallaimh.
Ceoltóir agus rinceoir Chorca Dhuibhne atá i measc grúpa ag dul chun stáitse anocht i Halla Uí Riada i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Bhain an scoil an brat buí amach inne ó thaobh dhul i ngleic le cúrsaí frithchiníochas agus idirchúlturtha sa láthair oibre.
Beidh neart foirne móra le feiceáil ag an deireadh seachtaine agus cluichí móra arís fud fad na tíre. Bhí Paddy Kelly as Corcaigh agus Gary Sice as Gaillimh linn chun súil a chaitheamh ar na cluichí ar fad. An Spota Dubh le Cárthach Bán Breathnach & Cian Ó Griallais | Clár Spóirt Gaeilge
Iar-scoláirí Choláiste Íde i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus tá podcraoladh acu in Áras Uí Thuama sa Choláiste.
Bean Chill na Martra atá ag imirt i gCluiche Ceannais na Sraithe le Corcaigh an Sathran beag seo.
Iriseoir an Irish Examiner ag caitheamh súil chun cinn ar Chluiche Ceannais na Sraithe idir Corcaigh agus Luimneach.
Tá mic léinn i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ag vótáil inniu i reifreann de chuid Aontas na Mac Léinn, ar son ról Oifigeach na Gaeilge agus an Chultúir lánaimseartha a bhunú in Aontas na Mac Léinn.
Spreagtha ag Verona Farrell, nó @secondhandhuns ar Insta, tá Louise ag iarraidh all things chic a phlé. Ach cad is 'chic' ann? An féidir cur síos a dhéanamh air? Tá díospóireacht againn faoi na rudaí atá chic agus not chic, dar linne, ar nós matching underwear (chic), espresso martinis (not chic BUT delish), and a red lip (hung jury). Doireann gets an awful touch for her wine fridge, argues for the chicness of iarthar Chorcaí, and somehow butchers the lyrics to TiK ToK le Kesha... Bain sult as an eip agus bí i dteagmháil linn le hinsint dúinn cad iad na rudaí atá chic, i do thuairim féin! HOW TO GAEL: LE GEALAÍ Londain: https://www.howtogael.com/london Corcaigh: https://corkpodcastfestival.ie/how-to-gael/ Baile Átha Cliath: https://www.ticketmaster.ie/how-to-gael-dublin-05-04-2026/event/1800638AD058E413 Bonus content ar fáil ar Patreon: patreon.com/HowToGael Bí i dteagmháil linn! Ríomhphost: howtogael@gmail.com Suíomh: https://www.howtogael.com/ Instagram: https://www.instagram.com/howtogael/ TikTok: https://www.tiktok.com/@howtogael Learn more about your ad choices. Visit podcastchoices.com/adchoices
Tá éiginnteacht léirithe faoin gcaoi ina bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla á chur i bhfeidhm i gcás ticéid pháirceála i gcathair Chorcaí, i ndiaidh cás cúirte an iarchomhairleora cathrach, Diarmaid Ó Cadhla.
Cnuasach nua filíochta tríthangach ag an bhfile Déiseach den teideal ‘Scéal Ó Carolina' á sheoladh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh an Deardaoin beag seo.
Tá imní mhór ar mhicléinn i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoina harduithe ar chíosanna a d'fhéadfadh teacht i bhfeidhm mar gheall ar an reachtaíocht nua do thionóntachtaí cónaithe.
Tá fáilte curtha ag an Seanadóir as Corcaigh roimh an gcomhaontú trádála idir an Eoraip agus an India.
Bhí lá mór eile ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair inné nuair a bhain siad Comórtas Náisiúnta Sinsir B na gCailíní. Bhuail siad Coláiste Phobail Naomh Peadar as Corcaigh 4-0.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Tá an agóidíocht i gcoinne an réimis san Iaráin ag leanúint ar aghaidh le coicís anuas. Creidtear go bhfuil thart ar 2,000 duine marbh le linn na coicíse, idir léirsitheoirí agus daoine ó na fórsaí rialtais. Spreag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, na leirsitheoirí le leanúint leis an agóidíocht agus gheall sé go mbeadh cabhair ag teacht go luath, ach níor thug sé sonraí cruinne faoin gcabhair san. Dúirt sé ar dtús go mb'fhéidir go mbeadh cainteanna idir ionadaithe ó na Stáit Aonaithe agus ón Iaráin, ach chuir sé na cainteanna san ar ceal go dtí go mbeadhdeireadh curtha leis an slad sa tír. Cuireadh athlá ar shearmanas oifigiúil in Áras an Uachtaráin Dé Máirt ina mbronnfaí a chuid litreacha creidiúna ar ambasadóir nuacheaptha na Iaráine. Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachrachta gur dheineadar an cinneadh toisc go mbeadh sé “míthráthúil” an searmanas a óstáil agus an cíorthuathail ar siúl san Iaráin fé láthair. Tá X, an t-ardán meán sóisialta de chuid Elon Musk, tar éis conspóid mhór a tharraingt le déanaí maidir lena aip intleachta saorga, Grok, toisc go bhfuil daoine ábalta é a úsáid chun íomhánna graosta a chruthú agus a fhoilsiú ar líne, íomhánna de linbh san áireamh. Dúirt an tAire Stáit Niamh Smyth, atá freagach as cúrsaí a bhaineann le hintleacht shaorga, go mbeadh sí sásta cosc iomlán a chur ar Grok mura gcuirfidís stop ar an ngné so den aip. Ansan, maidin Déardaoin, d'fhógair Xnach mbeadh daoine ábalta na híomhánna graosta so a chruthú níos mó i dtíortha ina bhfuil a leithéid mídhleathach. Tá imní fós ann, áfach, go mbeadh daoine in ann an geobhac so a sharú le VPN. Tá an t-amhránaí cáiliúil as Corcaigh, Seán Ó Sé, ar shlí na fírinne. Fuair sé bás Dé Máirt, trí lá roimh a bhreithlá. Bheadh sé 90 bliain d'aois. Bhain sé cáil amach mar gheall ar an amhrán Gaelach, ‘An Poc ar Buile', amhrán faoi phoc a thugann rabhadh do mhuintir Chill Orglan nuair a fheiceann sé fórsaí Cromwell ag teacht idtreo an bhaile. Thaifead Seán an t-amhrán in 1962 agus bhí iontas air nuair a bhí ana-ráchairt ar an amhrán. Fuair sé an leasainm, ‘An Pocar', dá bharr. Bhí sé páirteach sa ghrúpa Ceoltóirí Chualann – faoi cheannas Sheáin Uí Riada – snaseascaidí agus chuaigh sé ar camchuairt ar fud an domhain le Gael Linn agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann chomh maith. Ar dheis Dé go raibh a anam.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISleirsitheoirí - demonstratorslitreacha creidiúna - credentialsíomhánna graosta - lewd imagesgeobhac - geoblockpoc - billy goatráchairt - demand
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an deichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala agus Uachtarán Veineséala Nicolás Maduro a ghabhadh, agus Donald Trump ag móidiú “an tír a reáchtáil” go dtí go bhfuil próiseas aistrithe cumhachta cuí i bhfeidhm. Gabhadh ceannaire Veiniséala, atá de chuid na heite clé, agus a bhean chéile ag a gcompún agus eitlíodh go dtí na Stáit Aontaithe iad, mar chuid d'oibríocht dhrámatúil thar oíche, ina bhfacthas ionsaithe ar bhunáiteanna míleata fosta. Ó shin, cuireadh coireanna airm agus drugaí i leith Maduro agus a mhná Cilia Flores i Nua Eabhrac. Rinneadh cáineadh idirnáisiúnta ar an ionsaí. Dúirt an Teach Bán go mbeidh smacht ag na Stáit Aontaithe ar ola Veiniséala, atá faoi smachtbhanna faoi láthair, agus iad ag cur deireadh le srianta ar amhola sna margaí domhanda faoi láthair. Chuir titim sneachta agus aimsir shioctha isteach go mór ar an taisteal san Eoraip, agus seisear ar a laghad a cailleadh i dtimpistí a bhí ceangailte leis an drochaimsir ar an mhór-roinn. Bhí na céadta eitiltí ar ceal ar fud na hEorpa, leis na mílte daoine fágtha ag aerfoirt in Amsterdam agus Páras. Déardaoin, fógraíodh go raibh foláireamh buí i bhfeidhm i gCiarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Loch Garman, mar gheall go raibh Stoirm Goretti ag dul trasna na tíre, ach dúirt Met Éireann “nach ríshuntasach” d'Éirinn a bhí an córas aimsire a bhí bainte le Stoirm Goretti. In iar-dheisceart Shasana, bhí rabhadh dearg i bhfeidhm, agus thug an Met Office foláireamh go raibh “contúirt bháis mar gheall ar raic san aer” ar Oileáin na Scillí agus i gCorn na Breataine. Tá roinnt focail speisialta a bhfuil tionchar ar leith acu ar mhadaidh - ocras, páirc, siúl, agus, go deimhin, dinnéar! Ach tá grúpa cainíneach tallannach ann agus is dóigh go bhfuil cumas den scoth acu ag foghlaim stór focal an duine, agus iad abálta teanga a fhoghlaim ag cúléisteacht, sa bhealach céanna ina ndéanann tachráin. Seo maidir le taighde nua atá foilsithe san irisleabhar “Science”, a léiríonn go bhfuil na “foghlaimeoirí focal tallanacha” cainíneacha seo, atá in ann ainmnithe bréagán a fhoghlaim fríd traenáil cheana féin, in ann focail a thabháirt leo gan ach comhrá a chluinstin sa chúlra. Dúirt Clive Wynne, iompraí cainíneach ag Ollscoil Stáit Arizona go “ndearnadh go han-mhaith” an taighde, ach chuir sé comhairle ar dhaoine gur ainmhithe “fíor-eisceachtúla” a bhí iontu agus nár cheart dóibh a bheith ag tnúth le sárbhuanna ó pheataí teaghlaigh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISpróiseas aistrithe cumhachta - power transfer processcompún - compoundfoláireamh - alertraic - debristachráin - small kidsiompraí cainíneach - canine behaviourist
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23mtvmny Contact: irishlingos@gmail.com Gardaí recommend road safety over Christmas. Cúram ar na bóithre á mholadh ag na Gardaí thar an Nollaig. Today is the busiest day on the State's roads during the Christmas period, and An Garda Síochána is urging drivers to slow down and be mindful of other drivers, pedestrians and cyclists. Inniu an lá is gnóthaí ar bhóithre an Stáit i rith thréimhse na Nollag, agus tá an Garda Síochána ag impí ar thiománaithe maolú ar an luas agus bheith airdeallach faoi thiománaithe eile, coisithe agus rothaithe. Gardaí are today launching a 24-hour campaign to enforce speed limits more strictly, coinciding with this increase in Christmas traffic. Tá feachtas 24 huaire ar bun ag Gardaí inniu féachaint le teorainneacha luais a chur i bfheidhm níos géire, chomhuaineach leis an méadú seo ar an trácht Nollag. Gardaí say this is the latest element of a seasonal campaign which hopes to reduce the number of road accidents. Deir Gardaí gurb é seo an gné is deireanai den bhfeachtas séasúrtha atá ag súil le líon na dtaismí bóthair a laghdú. Drivers are being asked to stay within speed limits and be extra careful due to the high level of traffic and long journeys people are making. Táthar ag iarraidh ar thiománaithe fanacht laistigh de na teorainneacha luais agus bheith níos cúramaí de bharr an leibhéal ard tráchta agus turasanna fada atá ar bun ag daoine. 180 people have died on the State's roads so far in 2025. 180 duine a bhásaigh ar bhóithre an Stáit go dtí seo i 2025. Almost all bus, train, ferry and air services are at their peak today, as people head home for Christmas. Tá beagnach gach seirbhís bus, traenach, bád farantóireachta agus aeir ar teann a ndíchill inniu, agus daoine ag déanamh ar an mbaile don Nollaig. The services are recommending that people make advance reservations whenever possible. Tá na seirbhísí ag moladh do dhaoine réamh-áirithint a dhéanamh nuair is féidir. 50,000 people will come through Dublin airport today alone, with thousands more landing at Cork, Shannon, and Knock. 50,000 duine a thiocfaidh trí aerfort Átha Cliath inniu féin, leis na mílte eile ag tuirlingt ag Corcaigh, an tSionna, agus Cnoc Mhuire.
Tá obair athchóirithe déanta ar dhá leaba déag in Ospidéal Maigh Chromtha.
Le déanaí fuair an t-amhránaí iomráiteach dochtúireacht oinigh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2baut57r Contact: irishlingos@gmail.com Presidential candidates lobbying in various locations. Iarrthóirí Uachtaránachta ag stocaireacht in áiteanna éagsúla. The two candidates in the Presidential election are campaigning in different regions of the country today – half and half in Leach-Quinn and half in Leach- Mogha – with only two days left before the big day itself. Tá an bheirt iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta ag stocaireacht i réigiúin éagsúla sa tír inniu – idir Leath Chuinn agus Leath Mhogha leath ar leath – agus gan ach dhá lá fanta roimh an lá mór féin. Among those in Munster is Fine Gael candidate Heather Humphreys, between Cork and Co Clare. I measc na ndaoine i gCúige Mumhan atá iarrthóir Fhine Gael Heather Humphreys, idir Corcaigh agus Co an Chláir. She was first in Cork city this morning, then in Ballycastle, and from there she will go to Enniscray. I gcathair Chorcaí a bhí sí ar dtús ar maidin, i mBaile Mhisteála ina dhiaidh sin, agus rachaidh sí as sin go hInis an Chláir. Left-wing candidate Catherine Connolly is in Ulster, going out through the people in Co. Monaghan and Co. Cavan. Is in Ultaibh atá iarrthóir na heite clé Catherine Connolly agus í ag dul amach trí na daoine i gCo Mhuineacháin agus i gCo an Chabháin. She will visit Athlone in County Westmeath this afternoon and Mullingar afterwards. Tabharfaidh sí sciuird ar Bhaile Átha Luain i gCo na hIarmhí tráthnóna agus ar an Muileann gCearr ina dhiaidh sin. The pair clashed in the final election debate which aired on RTÉ television last night. Chuaigh an dís in árach a chéile i ndíospóireacht dheireanach an toghcháin a bhí ar siúl ar theilifís RTÉ aréir. Heather Humphreys was the most controversial of them all during the debate, and if the polls are true, she is far behind Catherine Connolly. Ba í Heather Humphreys ba spairní díobh le linn na díospóireachta arae, más fíor do na pobalbhreitheanna, tá sí i bhfad chun deiridh ar Catherine Connolly. According to political analysts, then, while it cannot be said that neither of them was without a sense of urgency, neither of them was without a sense of urgency. Dar leis na hanailísithe polaitíochta, más ea, cé nach bhféadfadí a rá nár bhain béim chreabhair do cheachtar acu nár buaileadh an bhrathbhéim ar cheachtar acu. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Cé gur éirigh Jim Gavin as an bhfeachtas ag tús na seachtaine beidh a ainm fós ar an bpáipéar ballóide ar an lá sin.
Beidh táirgí sláintíochta do mhná ar fáil i leithris roinnt foirgnimh atá faoi chúram Chomhairle Contae Corcaigh.
Muinteoir scoile i Scoil Naomh Iosaf i nGleann Maghair, Corcaigh a bhuaigh Leath Mharatón an Daingin ar an Sathran.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an séú la déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.D'fhógair iarrthóir uachtaránachta Fíne Gael, Mairéad McGuinness, ar an Déardaoin go bhfuil sí ag tarraingt amach as an bhfeachtas Uachtaránach. Dúradh nach cinneadh éasca ab ea ann ach tar éis tréimhse san ospidéal go bhfuil a sláinte curtha chun tús aici. I ráiteas an pháirtí tugadh tacaíocht di agus dúradh go mbuailfidh Comhairle Feidhmiúcháin Fíne Gael le chéile go luath leis an gcéad chéim eile a phleanáil, ach níl sé soiléir cé eile a rithfidh dóibh. Tá an TD Neamhspleách Catherine Connolly ó Ghaillimh Thiar ag báiliú tacaíocht ar an eite chlé, an t-aon iarrthóir anois tar éis feachtas a lainseáil agus leis an tacaíocht atá de dhíth chun ainmniúchán a bhaint amach. Níl sé soiléir an gcuirfidh Fianna Fáil iarrthóir ar aghaidh, tá plé inmheánach fós ar siúl ag Sinn Féin agus tá roinnt ainmneacha neamhspleácha sa chomhrá ach níl aon iarrthóir láidir le feiceáil fós. Críochnóidh téarma Mhichíl D. Uí hUigínn ar an 11 Samhain tar éis 14 bliain in oifig. Is dócha go mbeidh lá an toghcháin ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.Maraíodh ceathrar iriseoirí de chuid Al Jazeera in ionsaí beartaithe Iosraelach an tseachtain seo caite. Maraíodh seachtar san iomlán nuair a bhuail drón Iosraelach pobal lasmuigh d'ospidéal al-Shifa i gcathair Gaza a bhí ag tabhairt dídeán do na meáin. Maraíodh beirt chomhfhreagraithe; Anas al-Sharif agus Mohammed Qreiqeh, agus beirt cheamaradóirí; Ibrahim Zaher agus Mohammed Noufal. Bhí cáil ar Anas al-Sharif go háirithe mar ghuth láídir ó thús an chogaidh a chuir an fhírinne faoin uafás atá á dhéanamh ag Iosrael i nGaza ar stáitse domhanda. Is é an cogadh seo an cogadh is marfaí d'iriseoirí riamh, agus beagnach 270 iriseoir agus oibrí na meáin maraithe ag Iosreal ón 7 Deireadh Fomhair 2023. Sin níos mó ná gach iriseoir a maraíodh i ngach cogadh mór ón gCogadh Cathartha i Stáit Aontaithe Mheiriceá go dtí an lá atá inniú ann, curtha le chéile.Bhuaigh Gaillimh Cluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann an bhliain seo, tar éis cluiche drámatúil in aghaidh Chorcaí. Baineadh an bua amach ag an nóiméad deireanach le pointe ó Carrie Dolan, captaen na foirne, cúpla nóiméad tar éis cúl ó Chorcaigh a chuir an dá fhoireann ar comhscór. Is bua sceitimíneach é seo do Ghaillimh - bhuaigh Corcaigh an bhliain seo caite ina gcoinne arís agus bhí “three in a row” á lorg acu i mbliana. Seo an cúigiú bua den chomórtas do Ghaillimh, an triú ceann faoi bhainistiú Cathal Murray. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISiarrthóir uachtaránachta - presidential candidateComhairle Feidhmiúcháin - Executive Councilcomhfhreagraithe - correspondentsceamaradóirí - camera operatorscomhscór - even scores, drawbua sceitimíneach - exciting win
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá déag de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna.Tuairiscíodh sa Wall Street Journal gur scríobh Donald Trump litir bhreithlae ghraosta leath-thagairteach chuig Jeffrey Epstein, an t-airgeadaí agus péidifileach a chuir lámh ina bhás féin in 2019. Tá an tuairisc séanta ag Trump. Tá an-tacaíocht ag teoiricí comhcheilge faoi choireanna Epstein i measc lucht QAnon agus MAGA, dílseoirí Trump de ghnáth, agus anois tá an chonspóid ag éiri ina fhadhb pholaitiúil dó. Gheall Trump san fheachtas toghcháin go gcuirfeadh sé amach gach eolas faoi Epstein atá ag an rialtas, agus anois tá a chuid tacadóirí ag fanacht air. Dúirt Elon Musk ar X le linn troid mhór phoiblí le Trump an mhí seo caite go bhfuil Trump féin i gcomhaid Epstein.Thosaigh tochailt agus dí-adhlacadh fóiréinseach choirp na leanaí atá curtha ar shuíomh an iar-árais máithreacha is leanaí i dTuaim an tseachtain seo. De réir taighde a rinne Catherine Corless, níl taifead adhlactha ag beagnach 800 leanbh a d'éag san áras idir 1925 agus 1961, nuair a raibh an t-áras i mbun oibre faoi na Siúracha Bon Secours, ar son Comhairle Contae na Gaillimhe. Dheimhnigh fiosrúchán ar an suíomh go bhfuil go leor cnámha leanaí ann i seanchóras séarachais an árais. Tá 5,000 meadar cearnógach sa suíomh, agus meastar go mbeidh an tochailt ar siúl go cionn dhá bhliain ar a laghad, ag iarraidh a fháil amach cé atá curtha ann.Tá deireadh seachtaine mór spóirt ann faoi láthair. Inniu tá an chéad mhórchluiche de chamchuairt Leoin na Breataine agus na hÉireann ar siúl, i gcoinne na hAstrála i mBrisbane. I bPort Rois in Aontroim, tá Rory McIlroy agus Shane Lowry ag iarraidh an Chraobhchomórtas Oscailte Gailf a bhaint, den dara huair san áit chéanna i gcás Lowry, tar éis bua cáiliúil aige ann in 2019. Agus Dé Domhnaigh i bPáirc an Chrócaigh, beidh Corcaigh agus Tiobraid Árainn san iomaíocht le haghaidh Chraobh Iománaíochta na hÉireann. Bhí a mbua deireanach ag Tiobraid Árainn sa bhliain 2019 acht tá Corcaigh ag fanacht fiche bliain le Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt abhaile leo.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISleath-thagairteach - innuendo-ladenteoiricí comhcheilge - conspiracy theoriesiar-áras máithreacha is leanaí - former mother-and-baby hometaifead adhlactha - burial recordseanchóras séarachais - old sewerage systeman Chraobhchomórtas Oscailte Gailf - the Open (golf)
Imreofar cluiche ceannais sinsear iomána na hÉireann idir Corcaigh agus Tiobraid Árann, tráthnóna Dé Domhnaigh. Siad Corcaigh rogha na coitiantachta ach meastú cén chaoi a dtiocfaidh sé?
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ykcxresb Contact: irishlingos@gmail.com Irish Water is asking the public to be economical. Uisce Éireann ag iarraidh ar an bpobal a bheith tíosach. Irish Water is appealing to the public to conserve water from now on due to the hot weather. Tá Uisce Éireann ag achainí ar an bpobal uisce a chaomhnú as seo go ceann scaithimh mar gheall ar an aimsir the. The company says the heatwave is draining water supplies and is already causing drought in 31 watersheds in twelve counties. Deir an comhlacht go bhfuil soláthairtí uisce á ndísciú ag an teaspach agus go bhfuil sé ina thriomach cheana féin i 31 abhantrach in dhá chontae dhéag. The counties in question are Tipperary, Waterford, Offaly, Cork, Galway, Donegal, Meath, Kilkenny, Westmeath, Laois, Clare and Wexford. Is iad na contaetha atá i gceist Tiobraid Árann, Port Láirge, Uíbh Fhailí, Corcaigh, Gaillimh, Dún na nGall, An Mhí, Cill Chainnigh, An Iarmhí, Laois, An Clár agus Loch Garman. It is not an absolute drought and the water supply in those areas is "being managed", the company says. Ní dearbhthriomach atá ann agus tá an soláthar uisce sna háiteanna sin "á bhainistiú", a deir an comhlacht. However, Irish Water has declared conservation orders in three locations, namely, Mullingar in County Westmeath; Milford in County Donegal; and Kells- Oldcastle in County Meath. Mar sin féin, tá orduithe caomhnaithe fógartha ag Uisce Éireann i dtrí áit, mar atá, An Muileann gCearr i gCo na hIarmhí; Baile na nGallóglach i gCo Dhún na nGall; agus Ceanannas-An Seanchaisleán i gCo na Mí. In addition, the company says that it may still be a drought in other places as well, including Dublin. Ina cheann sin, deir an comhlacht go mb'fhéidir go mbeadh sé ina thriomach fós in áiteanna eile freisin, Baile Átha Cliath ina measc. Temperatures are expected to reach 28 degrees in parts of the country from now until at least Saturday, and people across the country are being urged to be water-efficient while the heatwave lasts. Meastar go mbeidh an teocht chomh hard le 28 céim in áiteanna sa tír as seo go Dé Sathairn ar a laghad, agus táthar ag iarraidh ar dhaoine ar fud na tíre a bheith stuama tíosach ó thaobh uisce de fad is a mhairfidh an brothall. Despite the fact that this country receives a lot of rainfall, Irish Water says that a lot of it is lost due to the poor condition of the national water network infrastructure and much of it being outdated. In ainneoin go dtiteann go leor báistí sa tír seo, deir Uisce Éireann go gcailltear go leor di mar gheall ar an drochbhail atá ar infreastruchtúr an líonra náisiúnta uisce agus cuid mhór de seanchaite. RTÉ News and Current Affairs Irish Water urges people to be water-efficient while the drought lasts Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Uisce Éireann ag iarraidh ar dhaoine a bheith barainneach ó thaobh uisce de fad is a mhairfidh an teaspach
Tá mic léinn na tíre ag maíomh go mbeidh tionchar suntasach ag na taillí a bheas le níoc ag colaistí triú léibhéal ar scolairí ó cheantair.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Leanann an cogadh idir Iosrael agus an Iaráin ar aghaidh an tseachtain seo. Rinne fórsaí Iosrael tuilleadh ionsaithe aeir ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, dírithe ar oirthear na cathrach. Mhol Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, do mhuintir Tehran imeacht roimh an ionsaí, amhail is go raibh a fhios aige roimh ré. Tháinig cáineadh ó rialtas na Síne, agus iad ag rá go raibh Trump ag cur leis an teannas. Ionsaíodh cathracha eile fosta, lena n-áirítear Natanz, áit a bhfuil áiseanna núicléacha, agus Tabriz, áit a bhfuil bunáit aerfhórsa na hIaráine. D'ionsaigh fórsaí na hIaráine na cathracha Iosraelacha Tel Aviv agus Haifa le diúracáin agus dróin. D'fhág Trump cruinniú G7 i gCeanada go tobann, ach séanann sé go raibh sé ag iarraidh páirt a ghlacadh i gcainteanna síochána idir an dá thír.Beidh babhta réamhcheathrú ceannais de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann ag tarlú an deireadh seachtaine seo. Tá Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Chorcaí i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn i gcluiche mór an deireadh seachtaine. Tarraingíodh na cluichí ar Morning Ireland ar RTÉ Raidió a hAon agus seo mar a tháinig siad amach: Dún na nGall v Lú, An Dún v Gaillimh, Ciarraí v An Cabhán, Baile Átha Cliath v Corcaigh. Beidh buntáiste baile ag Dún na nGall, An Dún, Baile Átha Cliath, agus Ciarraí, ós rud é gur tháinig siad sa dara háit ina ngrúpaí roimhe seo. Tá áit bainte amach ag buaiteoirí na ngrúpaí sin – Tír Eoghain, An Mhí, Muineachán, agus Ard Mhacha – sa bhabhta ceathrú ceannais cheana, agus beidh na foirne sin ag dul in iomaíocht le buaiteoirí na gcluichí an deireadh seachtaine seo.Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, a bhfuil cáil níos fearr air mar an rapálaí Mo Chara as an ghrúpa Kneecap, os comhair na cúirte i Londain an tseachtain seo. Cúisíodh é maidir le dlí frithsceimhlitheoireachta – deirtear gur thaispeáin sé bratach a bhí ag tacú le Hezbollah ag ceolchoirm i Londain i mí na Samhna seo caite. Shéan sé na cúisimh ar fad. Deir Kneecap gur caitheadh an bhratach ar an stáitse agus go bhfuil na cúisimh ina n-iarracht an grúpa rapcheoil a chiúnú. Deir siad go bhfuil an dlí á úsáid chun bac a chur orthu ag taisteal agus ag labhairt. Tá Kneecap an-oscailte lena dtacaíocht don Phalaistín agus i gcoinne an chogaidh in Gaza. Bhí slua mór ag tacú leo taobh amuigh den chúirt i Londain Dé Céadaoin, agus ligeadh amach ar bannaí é. Déardaoin d'fhill siad ar Éirinn le haghaidh ceolchoirm mhór i bPáirc Fionnradhairc i mBaile Átha Cliath.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISáiseanna núicléacha - nuclear facilitiesbunáit aerfhórsa - air force baseréamhcheathrú ceannais - preliminary quarter-finalag dul in iomaíocht le - competing withdlí frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism lawar bannaí - on bail
Tá forbairt le déanamh ar chóras Luas Chorcaí, agus ar an mbóthar nua N20/M20 idir Corcaigh agus Luimneach.
Labhraímid le James Ó Flatharta faoi Lancaster ina bhainisteoir ar Chúige Chonnachta, Luimneach agus Corcaigh san iománaíocht agus bua fhoireann na hÉireann i gcoinne na Slóivéine i sacar na mban.
Inniu an deichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna.Toghadh Robert Prevost mar Pápa Leo a Ceathair Déag, ag an gceathrú vóta de chomhthionóil na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach sa Róimh Déardaoin. Is eisean an dá chéad seachtó seachtú Pápa ó Pheadar. Is as Chicago dó, an chéad Phápa as na Stáit Aontaithe, agus chaith sé cuid mhór dá shaol i bPeiriú. Rinne an Pápa Proinsias easpag de in 2014, agus cairdinéal de in 2023. Nuair a fógraíodh é tar éis an toghcháin, labhair sé in Iodáilís, in Spáinnís, agus i Laidin. Tá leid i rogha a ainm phápaigh go mbeidh an ceartas sóisialta ina théama tábhachtach dá phápacht. Tá cáil ar an bPápa Leo deireanach, a Trí Déag, as a imlitir Rerum Novarum, a chuir cearta an lucht oibre go lárnach i dteagasc na heaglaise Rómánaí.Tá cluiche ceannais camógaíochta na Mumhan idir Corcaigh agus Port Láirge curtha siar ag Camógaíocht na Mumhan, mar tá an dá fhoireann ag diúltú scórtaí a chaitheamh. Bhi agóid eile faoin cheist an deireadh seachtaine seo caite, nuair a d'fheistigh foirne Bhaile Átha Cliath agus Chill Cheannaigh chun cluiche ag caitheamh brístí gearra, acht bhí orthu na bristí gearra a athrú go scórtaí sular cuireadh tús leis an gcluiche. An babhta seo tá na himreoirí uilig go soiléir nach nglacfaidh siad leis na scórtaí in aon chur. Beidh comhdháil speisialta ag an gCumann Camógaíochta ar an dara lá is fiche den mhí seo, chun riail na scórtaí éigeantacha a phlé.Bhuaigh Zhao Xintong craobh an domhain sa snúcar in Amharclann an Bhreogáin in Sheffield Dé Luain, an chéad bhuaiteoir ón tSín riamh. Bhuaigh sé ocht bhfráma dhéag in aghaidh a dó dhéag i gcoinne Mark Williams, iarchuradh ón mBreatain Bheag, sa chluiche ceannais; agus bhuaigh sé ar Ronnie O'Sullivan, duine de na himreoirí snúcair is fearr riamh, le seisiún le spáráil sa chluiche leathcheannais. Dar le máthair Zhao, toisc nach raibh sé ró-ard nuair a raibh sé ina ghasúr, bhí nós aige cleachtadh ag caitheamh scataí rollála, mar gheall ar na horlaí breise a thug siad dó.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISceartas sóisialta - social justiceimlitir - circular (letter)scórtaí - skortsAmharclann an Bhreogáin - the Crucible Theatreiarchuradh - former championscataí rollála - roller skates
Cén dul chun cinn atá déanta le CLUAS - líne éadrom traenach i gCorcaígh?
Bhí ceist scríofa Dála le déanaí ag an Teachta maidir le feachtas bolscaireachta ar leith a chruthú don nGaorthadh, láthair speisialta caomhnaithe i nGaeltacht Mhúscraí.
Tá Paula lonnaithe i gCléire, agus caint ann faoi láthair maidir le helicopter 115 a úáid chun othair atá i gcruachás in Iarthar Chorcaí a sheoladh go hÓispidéal na hOllscoile, Corcaigh. Chomh maith leis sin déanann sí cur síos ar na deacrachtaí atá acu buidéil agus cannaí a thabhairt go seirbhís athchúrsála.
Leagann an Teachta Dála amach a chuid spriocanna don Dáilcheantar don tréimhse seo romhainn.
Tá an Chomhairle thar a bheith gearánach faoin scéal nach bhfuil deontáisí ar fáil do dhaoine atá amach sna blianta le soirn nua ola a chéannacht.
Beidh cruinniú ag Coiste Gnó na Dála inniu chun breathnú ar aighneacht ó chúig pháirtí agus grúpaí Fhreasúra faoi dhearcadh an Ceann Comhairle Verona Murphy faoi ghrúpaí teicniúla.
Léiríodh go leor imní ag cruinniú de Chomhairle Contae Chorcaí inné maidir leis an gcinneadh a rinne an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr le déanaí, a chiallódh go mbeadh áiteanna áirithe gan seirbhís, laethanta áirithe den tseachtain.