POPULARITY
Tháinig ceannairí Eorpacha agus Airí Graithí Eachtracha ó thíortha atá ag tacú leis an Ucráin le cheile i bPáras na Fraince inné.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá teaghlach Patrick Rooney, an chéad leanbh a fuair bás sna Trioblóidí, le "cúiteamh suntasach" a fháil tar éis caingean dlí i gcoinne Sheirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann as a dhúnmharú mídhleathach sa bhliain 1969. Lámhachadh Patrick, buachaill 9 mbliana d'aois, ina cheann ag Árasáin Dhuibhise i mBéal Feirste le linn oibríochta ag Constáblacht Ríoga Uladh (RUC), a scaoil suas le 200 babhta ó ghunnaí meaisín suite i bhfeithiclí. Bhí Patrick ina árasán lena theaghlach, ag lorg foscadh i seomra leapa, nuair a bhuail piléar é. Chuir an RUC bac ar imscrúduithe ina dhiaidh sin, agus fuair tuarascáil Ombudsman na bpóilíní in 2021 teipeanna suntasacha oibríochtúla agus imscrúdaitheacha. Mar thoradh ar an chaingean dlí, a ghlac máthair Patrick, Alice Rooney, thángthas ar shocrú lena n-áirítear leithscéal foirmiúil ón PSNI, ina n-aithneofar fulaingt an teaghlaigh. Tugann an socrú, tar éis 56 bliain, roinnt ceartais don teaghlach.Seoladh foclóir nua Gaeilge an tseachtain seo ag an iarsmalann EPIC i mBaile Átha Cliath. Is é an foclóir seo, a sheol an tUachtarán Catherine Connolly ag imeacht Dé Máirt, an chéad fhoclóir cuimsitheach aonteangach Gaeilge-Gaeilge. Dúirt an tUachtarán Connolly gur "acmhainn ríthábhachtach in aon teanga bheo é foclóir aonteangach nua-aimseartha, ina leagann pobal na teanga amach saibhreas agus uathúlacht na teanga ina cuid focal féin, seachas trí mhéan teanga eile". Cuireadh tús le hobair ar An Foclóir Nua Gaeilge i mí Mheán Fómhair 2022, agus bhí príomheagarthóir foclóir Fhoras na Gaeilge Pádraig Ó Mianáin agus clárbhainisteoir foclóra Cormac Breathnach i gceannas ar an tionscadal. Tá sciar tosaigh de 20,000 iontráil, ina bhfuil 40,000 ciall focail, beo ar Focloir.ie. Tá príomhchéim an tionscadail foclóra le bheith críochnaithe faoi Lúnasa 2027, agus faoin am sin beidh 30,000 iontráil agus 80,000 ciall ann.Tá balla ollmhór faoi uisce aimsithe ag seandálaithe mara na Fraince amach ó chósta na Briotáine, atá thart ar 7,000 bliain d'aois. Síltear gur ó shochaí na Clochaoise a d'fhéadfadh sé a bheith agus gurbh é a imeacht faoi na farraigí mar bhunús le finscéal faoi chathair áitiúil a chuaigh faoi uisce. Creideann na seandálaithe gur gaiste éisc nó claí a bhí sa bhalla 120 méadar (394 troigh) – an foirgneamh faoi uisce is mó a fuarthas riamh sa Fhrainc – chun cosaint a thabhairt i gcoinne leibhéil na farraige ag ardú. Nuair a tógadh é ar Île de Sein ag rinn thiar na Briotáine, bhí an balla ar an chladach, ach tá sé faoi naoi méadar uisce sa lá atá inniu ann. Tá an balla 20 méadar ar leithead agus dhá mhéadar ar airde ar an mheán. Fuair tumadóirí clocha móra eibhir – nó monailití – ag gobadh amach os cionn an bhalla i dhá líne chomhthreomhara. Más ceart an hipitéis faoin ghaiste éisc, is dócha go mbíodh líonra déanta as bataí agus craobhacha faoi chúram na monailítí ag gobadh amach chun iasc a ghabháil de réir mar a tharraing an taoide siar. Le mais iomlán de 3,300 tonna, is cinnte gur obair phobail shuntasach a bhí sa bhalla.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScúiteamh - compensationcaingean dlí - action at lawacmhainn - resourceaonteangach - monolingualgaiste éisc - fish trapclocha móra eibhir - large granite stones
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh.Tháinig na deartháireacha Gallagher ar ais le chéile an tseachtain seo don chéad ceolchoirm dá gcamchuairt aontaithe. Ba é seo an chéad léiriú ó Oasis ó scar an banna sé bliana déag ó shin. Sna blianta idir an dá linn, bhí achrann cáiliúil idir na deartháireacha Gallagher agus bhí amhras ann go mbeadh siad in ann seinm le chéile arís choíche. Ach an tseachtain seo, bhailigh sluaite díograiseacha le chéile chun an banna a fheiceáil agus chun canadh in éineacht le Wonderwall agus Don't Look Back in Anger. Cáineadh an chamchuairt roimhe seo as córas praghsála dinimiciúil a úsáid inar ardaíodh costas na dticéad de réir an éilimh. Aréir sheinn an grúpa os comhair lucht féachana de 80,000 duine i Manchain, an chéad sheó de chúig cinn ina mbaile dúchais, áit ar thosaigh an grúpa in 1991.Beidh uachtar gréine saor in aisce ar fáil do chuairteoirí i bpáirceanna poiblí i gContae Chorcaí an samhradh seo. Tagann cur i bhfeidhm an tionscnaimh seo i ndiaidh do Chumann Ailse na hÉireann a rá go bhfuil riosca méadaithe ailse craicinn ann i measc teochtaí arda. Tuairiscítear gurb í an inacmhainneacht an phríomhchonstaic a chuireann cosc ar dhaoine uachtar gréine a chaitheamh. Beidh na dáileoirí grianscéithe ar fáil i bPáirc na Mara, Páirc Fitzgerald, Páirc Clashduv agus Páirc Meelick ó Luan. Tá foláireamh buí maidir le teocht ard i bhfeidhm do 14 chontae in Éirinn.Cuirfear Taipéis Bayeux ar taispeáint sa Bhreatain tar éis tuairiscí gur aontaigh Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, cead a thabhairt don saothar ealaíne imeacht ón bhFrainc den chéad uair le 950 bliain. Léiríonn an taipéis, atá beagnach 70 méadar ar fhad, na himeachtaí a ba chúis le concas Normannach Shasana ag Liam Concar i gcoinne a chéile comhraic Harold, Iarla Wessex, agus a chríochnaíonn i gCath Hastings sa bhliain 1066. Mar mhalairt air sin, tabharfaidh Músaem na Breataine bailiúchán Sutton Hoo, fir fichille Lewis agus earraí eile ar iasacht don Fhrainc. Tháinig an fógra le linn chuairt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron ar an Ríocht Aontaithe.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScamchuairt - tourcóras praghsála dinimiciúil - dynamic pricing systemailse craicinn - skin cancerdáileoirí grianscéithe - sunscreen dispensersLiam Concar - William the Conquerormalairt - exchange
D'fhógair Príomh Aire na Breataine Keir Starmer, agus Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, socrú nua idir an dá thír tráthnóna inné i Londáin, maidir le himircigh - socrú ar a dtugtar “duine isteach, duine amach”.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2azv975v Contact: irishlingos@gmail.com Talks in Geneva about Iran's nuclear program. Comhráite sa Ghinéiv faoi chlár núicléach na hIaráine. Israeli military forces say they carried out further bombing raids on various locations in Iran overnight. Deir fórsaí míleata Iosrael go ndearna siad tuilleadh ruathar buamála ar áiteanna éagsúla san Iaráin i gcaitheamh na hoíche. Among the locations hit, the Israelis say, was a center linked to Iran's nuclear development program in the capital, Tehran, as well as a missile manufacturing center. I measc na n-áiteanna a buaileadh, a deir na hIosraelaigh, bhí ionad atá bainteach le clár forbartha núicléiche na hIaráine sa phríomhchathair, Tehran, chomh maith le hionad déantúsaíochta diúracán. This is the eighth consecutive night that the Israelis have attacked locations in Iran, aiming, they say, to prevent the Iranians from developing nuclear weapons. Sin an t-ochtú hoíche as a chéile ag na hIosraelaigh áiteanna san Iaráin a ionsaí agus é mar aidhm acu, a deir siad, bac a chur ar na hIaránaigh airm núicléacha a fhorbairt. The Iranians say they are not developing any nuclear weapons and are enriching uranium solely as a source of energy. Deir na hIaránaigh nach bhfuil aon airm núicléacha á bhforbairt acu agus gur mar fhoinse fuinnimh amháin atá úráiniam á shaibhriú acu. It is also reported that seven people were injured when an Iranian missile hit the city of Beersheba in southern Israel last night, the second night in a row that the city has been attacked. Tuairiscítear freisin gur gortaíodh seachtar nuair a bhuail diuracán ón Iaráin cathair Beersheba i ndeisceart Iosrael aréir, an dara hoíche as a chéile a ionsaíodh an chathair sin. European Foreign Ministers will meet today with Iranian Foreign Minister Abbas Araqchi as part of ongoing efforts to reach a compromise on Iran's nuclear program and end the hostilities. Beidh cruinniu inniu ag Airí Gnóthaí Eachtracha ón Eoraip le hAire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine, Abbas Araqchi, mar chuid de na hiarrachtaí atá ar bun teacht ar chomhréiteach faoi chlár núicléach na hIaráine agus deireadh a chur leis an gcogaíocht. The Foreign Ministers of Britain, France and Germany had telephone conversations with the Iranian leader earlier this week and the two sides agreed to meet in Geneva today. Bhí comhráite teileafóin níos túisce an tseachtain seo ag Airí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, na Fraince agus na Gearmáine le fear na hIaráine agus shocraigh an dá thaobh teacht le chéile sa Ghinéiv inniu. It is understood that a report was provided to US Secretary of State Marco Rubio following the telephone conversations. Tuigtear gur cuireadh tuairisc ar fáil do Rúnaí Stáit Mheiriceá Marco Rubio i ndiaidh na gcomhráite teileafóin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29qdaa47 Contact: irishlingos@gmail.com Coco Gauff triumphs in tennis. Coco Gauff buacach sa leadóg. Coco Gauff is the women's singles tennis champion at the French Open. Is í Coco Gauff an seaimpín singil leadóige i measc na mban i gComórtas Oscailte na Fraince. This is her first time winning that competition. Seo an chéad uair di an comórtas sin a bhuachan. It was not without effort or without knowing her bones that she got the best in Paris over Aryna Sabalenka, the highest ranked woman. Ní gan dua ná i ngan fhios dá cnámha a fuair sí an ceann is fearr i bPáras ar Aryna Sabalenka, an bhean ab airde ó thaobh rangaithe dhe. The wind blowing on the Roland Garros Court did not help these players at all today. Níor chabhraigh an ghaoth a bhí ag séideadh ar Chúirt Roland Garros tada leis na himreoirí seo inniu. The number one seed for this tournament lost the first set but came back to win the other two 6-2 6-4. Chaill an bhean a bhí rangaithe uimhir dó don chomórtas seo an chéad seit ach tháinig ar ais leis an dá cheann eile a bhreith léi 6-2 6-4.
Tá sé beartaithe ag polaiteoirí i dTionól Náisiúnta na Fraince go dtabharfaidh siad ardú céime don chaptaen Alfred Dreyfus, 90 bliain tar éis a bhás.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. Sa Spáinn, leantar le himscrúduithe ar cad ba chúis le gearradh cumhachta tubaisteach an tseachtain seo, ceann de na bristeacha leictreachais is mó san Eoraip riamh. De réir anailísithe, thit an mhinicíocht ar eangach leictreachais na Spáinne go tobann, rud a chuir tús le múchadh go leor stáisiún cumhachta. Tá sé ráite ag Príomh-aire na Spáinne, Pedro Sánchez, go bhfuil an rialtas ag fiosrú gach cúis fhéideartha. Mar sin féin, tá polaiteoirí an fhreasúra ag cur an mhilleáin ar spleáchas na Spáinne ar fhuinneamh in-athnuaite. Fágadh thart ar 55 milliún duine sa Spáinn, sa Phortaingéil agus in áiteanna eile i ndeisceart na Fraince gan leictreachas Dé Luain. I measc na ngnéithe den saol ar cuireadh isteach orthu bhí comharthaí soghluaiste, soilse tráchta agus baincéireacht dhigiteach.Tá an grúpa rapcheoil ó Bhéal Feirste Kneecap á fhiosrú ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Ríocht Aontaithe tar éis físeáin a tháinig chun cinn ina dtaispeántar an banna, de réir líomhaintí, ag iarraidh básanna Feisirí de chuid an Pháirtí Choimeádaigh agus ag béicíl "Up Hamas, up Hezbollah". D'eisigh Kneecap ráiteas ag rá nach nglacann siad leis an bhforéigean agus nach dtacaíonn siad le Hamas ná Hezbollah, ach gur cuireadh feachtas smearaidh orthu mar gheall ar a dtacaíocht leanúnach don Phalaistín agus ar a gcáineadh ar Iosrael. Tá litir oscailte sínithe ag na scórtha de cheoltóirí as Éirinn agus an Ríocht Aontaithe araon ag tacú leis an triúr agus ag rá go raibh “iarracht shoiléir, chomhbheartaithe idir lámha chun cinsireacht a dhéanamh ar an mbanna agus ar deireadh thiar iad a chur ó ardán”.Sna Toghcháin do Theach na dTeachtaí i gCeanada tá téarma eile i gcumhacht faighte ag an bPáirtí Liobrálach. Tá na Liobrálaithe i gcumhacht ó bhí 2015 ann ach seo é an chéad bhua ag an bpáirtí faoin bPríomh-Aire Mark Carney. Oíche Dé Luain labhair Mark Carney faoi theannas leanúnach taidhleoireachta agus eacnamaíoch le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a n-uachtarán, ag rá, “Tá an tUachtarán Trump ag iarraidh sinn a bhriseadh ionas go mbeimid i seilbh Mheiriceá. Ní dhéanfaidh sé sin - ní tharlóidh sé sin choíche.”*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgearradh cumhachta - power cutfuinneamh in-athnuaite - renewable energypóilíní frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism policefeachtas smearaidh - smear campaigna chur ó ardán - to deplatformseilbh - possession
Tá staid éigeandála fós i bhfeidhm i gceantracha sa Spáinn tar éis cliseadh cumhachta a tharla inné sa Spáinn, sa Phortaingéil agus i ndeisceart na Fraince.
Beidh an Taoiseach Micheál Martin i measc na gceannairí a bheas i láthair ag cruinniú mullaigh atá á reáchtáil ag Uachtarán na Fraince.
Tá seachtain na Gaeilge faoi lán sheol i Baile Átha na Fraince sa Ghearmáin. Dónall ag déanamh cur síos ar na himeachtaí atá ar siúl.
Tá an Taoiseach, Michéal Martin I bPáras na Fraince, inniu áit a mbeidh comhdháil faoi Intleacht Shaorga ar bun.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2d52u8pp Contact: irishlingos@gmail.com New information about WB Yeats' remains available in State documents. Eolas nua faoi thaisí WB Yeats ar fáil i gcáipéisí an Stáit. RTÉ News and Current Affairs The Department of Foreign Affairs decided to suppress information given to them in the late seventies about the remains of the poet WB Yeats. Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Chinn an Roinn Gnóthaí Eachtracha eolas a tugadh dóibh ag deireadh na seachtóidí faoi thaisí an fhile W B Yeats a chur faoi chois. In fact, the Department thought that a member of the famous Gluckstein family in London was blackmailing the State when he claimed to have evidence that the bones were not WB's. Go deimhin, shíl an Roinn go raibh ball de theaghlach cáiliúil Gluckstein i Londain ag déanamh dúmhál ar an Stát nuair a mhaígh sé go raibh fianaise aige nárbh iad cnámha W.B. Yeats was buried in Sligo. Yeats a bhí curtha i Sligeach. It emerged 10 years ago in French State documents that the remains buried in the cemetery in Drumcliabh in Sligo are unlikely to be those of WB Yeats. Tháinig sé chun solais 10 mbliana ó shin i gcáipéisí Stáit de chuid na Fraince nach dócha gur taisí W B Yeats atá curtha sa reilig i nDroim Chliabh i Sligeach. The poet died in Roquebrune, France, in 1939 and was buried in a pauper's grave. Cailleadh an file i Roquebrune na Fraince sa bhliain 1939 agus cuireadh é in uaigh bhochtáin. A grand ceremony was held in Ireland in 1948 when a naval ship brought his remains back to his homeland. Reáchtáladh searmanas mór in Éirinn in 1948 nuair a thug long cabhlaigh a chuid taisí ar ais go dtí a thír dhúchais. He was buried in Drumcliabh in County Sligo with great pomp and ceremony. Cuireadh é i nDroim Chliabh i gContae Shligigh le mustar is mórdháil. But Yeats' remains were so mixed with many others in the morgue that there was no way to distinguish them from other people buried there. Ach b'amhlaidh go raibh taisí Yeats measctha le go leor eile sa mharbhlann agus nach raibh aon dóigh go bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh idir iad agus daoine eile a bhí curtha ann. The pauper's grave had a five-year lease and was exhumed in 1946 and the poet's bones were interred with those of many others. Bhí léas cúig bliana ar uaigh an bhochtáin agus dí-adhlacadh é i 1946 agus cuireadh cnámha an fhile isteach le cnámha go leor daoine eile. Therefore, it is unlikely that the collection of bones sent back to Ireland belonged to Yeats at all. Mar sin, ní dócha gur le Yeats an cnuasach cnámha a seoladh ar ais go hÉirinn in aon chor. A Department of Foreign Affairs file now available in the National Archives due to the 30 Year Rule, provides fresh insight into the controversy. Tugann comhad de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha atá ar fáil anois sa Chartlann Náisiúnta de bharr na Rialach 30 Bliain, léargas úr ar an chonspóid. On June 29, 1978, the Irish Ambassador to Britain submitted a confidential report to the Department on the matter. An 29 Meitheamh, 1978 chuir Ambasadóir na hÉireann chun na Breataine tuairisc rúnda faoi bhráid na Roinne faoin scéal. A member of the Gluckstein family contacted Ambassador Paul Keating with updated information about the situation. Chuaigh ball de theaghlach Gluckstein i dteagmháil leis an ambasadóir Paul Keating le heolas úr faoin scéal. Aunt R. was Bhí aintín R. J. J. Gluckstein (Ms Gluck) was very close to Edith Heald, a close friend of Yeats. Gluckstein (Ms Gluck) an-mhór le Edith Heald, dlúthchara de chuid Yeats. Heald had documents in his possession relating to Yeats' burial and these were left in Ms Gluck's will. Bhí doiciméid i seilbh Heald a bhain le hadhlacadh Yeats agus fágadh iad sin le huacht ag Ms Gluck. Gluckstein handed copies of these letters to the Ambassador. Thug Gluckstein cóipeanna de na litreacha seo ar lámh don Ambasadóir.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Liam Ó Brádaigh. Ar an ochtú lá de mhí na Nollag, ghabh reibiliúnaithe armtha príomhchathair na Siria, an Damaisc, rud a spreag an rialóir fadtréimhseach forlámhach, an tUachtarán Bashar al-Assad, chun teitheadh as an tír. Fógraíodh Dé Domhnaigh go bhfuil tearmann tugtha do Assad sa Rúis. Tagann an t-aistriú seo tar éis 13 bliana de chogadh cathartha agus tugann sé deireadh éifeachtach le riail réimeas Assad. D'iarr príomh-aire eatramhach nua na Siria, Mohamed al-Bashir, ar na Siriaigh a theith ó réimeas Assad agus atá ag lorg tearmainn ar fud na cruinne “teacht ar ais”. “Ní mór dúinn atógáil, ár dtír a fháil ar a cosa arís agus tá cúnamh gach duine ag teastáil,” a dúirt sé in agallamh le meáin na hIodáile. Chuir tráchtairí timpeall an domhain fáilte chúramach roimh dheireadh réimeas Assad, a tháinig i gcumhacht tar éis bhás a athar sa bhliain 2000. Gabhadh fear óg mar amhrastach as marú Príomhoifigeach Feidhmiúcháin árachas sláinte ardphróifíle i Nua-Eabhrac. Caitheadh Brian Thompson go luath ar maidin an tseachtain seo caite in Manhattan. Tá aird shuntasach agus tráchtaireacht tarraingthe ar an gcás ar líne agus sna meáin, rud a léiríonn an frustrachas agus fearg atá ar go leor Meiriceánach faoi chóras leighis príobháideach Mheiriceá. Gabhadh Luigi Mangione, atá 26 bliain d'aois, in Pennsylvania tar éis leid ó oibrí McDonald's agus tá sé cúisithe as an dúnmharú. Cé gur mhol roinnt tráchtairí ar líne é mar laoch, rinne daoine eile anailís ar a phoist ar líne agus iad ar thóir leideanna idé-eolaíocha maidir lena spreagadh. Chuir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, fáilte roimh aíonna lena n-áirítear Donald Trump chuig Ardeaglais Notre-Dame i bPáras dá searmanas athoscailte, cúig bliana go leith tar éis dóiteán ollmhór gur bheag nár scrios an Ardeaglais go huile is go hiomlán. Athchóiríodh an foirgneamh meánaoiseach atá 860 bliain d'aois go dícheallach, le spuaic nua agus a taca crochta agus gargúilí cloiche snoite athchóirithe ar ais mar a bhí siad roimhe. D'oibrigh na mílte saineolaithe - idir siúinéirí agus saoir chloiche agus ealaíontóirí fuinneoga gloine dhaite - ag baint úsáide as seanmhodhanna chun gach rud a scriosadh nó a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú nó a athsholáthar. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cogadh cathartha - civil war príomh-aire eatramhach - interim prime minister amhrastach - suspect (person) árachas sláinte - health insurance searmanas athoscailte - reopening ceremony spuaic - spire
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 7ú lá de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá torthaí olltoghchán na hÉireann go léir istigh anois agus is cosúil go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael thar n-ais sa rialtas san athbhliain. Bhí toghchán rathúil ag Fianna Fáil go háirithe; tá 48 suíochán acu anois, méadú suntasach ón olltoghchán in 2020. Bhuaigh Fine Gael 38 suíochán agus mar sin tá 86 suíochán idir an dá pháirtí. Toisc go bhfuil 88 suíochán de dhíth chun móramh a bhaint amach, beidh siad ag caint le páirtithe eile agus le Teachtaí Dála neamhspleácha chun rialtas a chur le chéile. Bhí lá maith ag na Daonlathaigh Shóisialta agus le Páirtí an Lucht Oibre agus tá seans ann go mbeidh ról acusan sa chéad rialtas eile. Dúradar go mbeidís ag caint le páirtithe eile ar an eite chlé ar dtús, Sinn Féin san áireamh. Bhí idir mhaith agus olc sna torthaí ó thaobh Shinn Féin de. Cé go bhfuil méadú ar an líon Teachtaí Dála atá acu, laghdaigh a sciar den vóta 24.5% i 2020 go dtí 19% i mbliana. Bhí torthaí tubaisteacha ag an gComhaontas Glas, a bhí sa rialtas deireanach. Chailleadargach Teachta Dála a bhí acu seachas ceannaire an pháirtí, Roderic O'Gorman. Tá rialtas na Fraince tar éis titim nuair a chaill an Príomh-Aire, Michel Barnier, vóta mímhuiníne tráthnóna Dé Céadaoin. Bhí Barnier ag iarraidh buiséad a bhrú tríd an bparlaimint ach níor thaitin sé so leis an eite chlé ná leis an eite dheas. D'ardaigh Le Front Populaire, atá ar an eite chlé, rún mímhuiníne i rialtas Barnier agus thacaigh Le Rassemblement National, atá amach ar an eite dheas, leis. Bhí Barnier ag iarraidh €60 billiún a shabháil sa bhuiséad so, chun easnamh na tíre a réiteach ach dúirt na páirtithe eile go raibh na bearta ródhian ar ghnáthdhaoine. Is é an chéad uair ó 1962 gur chaill rialtas na Fraince vóta mímhuiníne agus d'éirigh Barnier as a phost mar Phríomh-Aire maidin Déardaoin. Tá Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, faoi níos mó brú anois tar éis samhradh tubaisteach, nuair a chaill sé móramh a pháirtí sa rialtas, agus neamhchinnteacht sa mhargadh anois. Beidh sé deacair dóréiteach a fháil leis an bparlaimint gan tromlach atá sa tír faoi láthair agus ní féidir leis toghchán eile a ghairm go dtí mí Iúil 2025. Bhuaigh an banna rapcheoil, Kneecap, a chás cúirte i gcoinne iar-Aire Rialtais sa Bhreatain, Kemi Badenoch. Chuir Badenoch in éadan an deontais ealaíne a bhuadar anuraidh nuair a dúirt sí nach raibh sí sásta airgead cáiníocóra a thabhairt “do dhaoine atá i gcoinne na Ríochta Aontaithe”. Mhaígh baill Kneecap go ndearnadh leithcheal orthu mar gheall ar a bhféiniúlacht agus d'aontaigh an Ard-Chúirt leo. Gheobhaidh siad an deontas atá dlíte dóibh ach dúradar go mbeidís ag tabhairt an airgid, €17,000 san iomlán, do dhá ghrúpa i mBéal Feirste, ceann amháin a oibríonn le daoine óga ó chúlra náisiúnach agus an ceann eile le daoine óga ó chúlra aontachtach. Tar éis an fhógra, dúirt Kemi Badenoch go raibh cinneadh na cúirte “dochreidte”. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS móramh - majority an Comhaontas Glas - the Green Party rún mímhuiníne - motion of no confidence easnamh - deficit leithcheal - discrimination féiniúlacht - identity
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá muintir na hÉireann fós ag fanacht ar thorthaí an olltoghcháin a reáchtáladh Dé hAoine, inné. De réir na bpobalbhreitheanna, bhí an rás gob ar ghob idir na príomhpháirtithe polaitiúla, Sinn Féin, Fianna Fáil, agus Fine Gael. Tá súil ghéar ag an phobal agus ag lucht anailíse ar an chéad chomhaireamh, a chuirfear ar fáil i rith an deireadh seachtaine beag seo. Tá an córas aistrithe inmhalartaithe á úsáid mar is gnách, agus mar gheall air sin b'fhéidir go dtógfaidh sé roinnt uaireanta, nó fiú laethanta, na suíocháin dheireanacha a líonadh i gceantair thoghcháin níos casta. Bhí na ceisteanna móra amhail tithíocht agus an córas sláinte fós i gcroílár na díospóireachta polaitiúla agus beidh ar an rialtas nua na ceisteanna seo a réiteach. Tar éis an toghcháin cuirfear tús le cainteanna maidir le comhrialtas a fhoirmiú. Tá sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah tar éis a bheith faofa le cabhair na Stát Aontaithe agus na Fraince. Tá sé seo mar bhua do thaidhleoireacht sa réigiún, a bhfuil cogadh ann le bliain. Dúirt arm na Liobáine go bhfuil sé réidh chun dul go deisceart na tíre chun an sos comhraic a chothabháil. D'iarr siad ar dhaoine gan filleadh ar dheisceart na tíre go dtí go mbeidh sé sábháilte. Fágfaidh arm Iosrael an Liobáin agus tuigtear freisin go bhfuil Hezbollah toilteanach gan dul níos gaire do theorainn Iosrael ná abhainn na Litani. D'fháiltigh an Tánaiste Micheál Martin an sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah agus dúirt sé gur cheart a mhacasamhail a dhéanamh anois i gcás stráice Gaza. Fuarthas taisí daonna i gContae Mhuineacháin mar chuid de chuardach ar chorp duine atá ar iarraidh ó na Trioblóidí sa Tuaisceart. Tógadh na taisí as uaigh i reilig idir Baile na Lorgan agus Cluain Tiobrad. Deir an coimisiún atá ag fiosrú daoine a d'imigh gan tásc ná tuairisc le linn na dTrioblóidí go bhfuair siad fianaise ar ghníomhaíochtaí amhrasacha sa reilig sna 1970idí. Tagann an dáta leis an am a chuaigh Joe Lynskey ar iarraidh. Bhí sé ina bhall den IRA agus níl aon tásc ar a shlí ó bhí 1972 ann. Tá Lynskey ar dhuine de 16 duine atá fós faoi fhiosrúchán faoi fhuadach agus adhlacadh rúnda le linn na dTrioblóidí. Is éard atá i gceist ná go bhfuil an tIRA freagrach as seo. Beidh sé roinnt laethanta sula mbeidh aon eolas breise ar fáil faoi na taisí faighte i gContae Mhuineacháin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gob ar ghob - neck and neck pobalbhreitheanna - polls faofa - approved taidhleoireacht - diplomacy taisí daonna - human remains fuadach - kidnapping
Is é inniu an dara lá de na Cluichí Parailimpeacha atá ar siúl i bPáras na Fraince.
Reachtálfar cainteanna sa bhFrainc inniu in iarracht an tsáin ina bhfuil polaitíocht na tíre a fhuascailt. Beidh Féile na bhFlaitheartach ar bun in Árainn an deireadh seachtaine seo.
Tá aimsir thirim an tSamhriadh ag cothú fadhbanna go leor sa bhFrainc freisin, agus iarrachtaí á ndéanamh trí thine ollmhór a smachtú ansin faoi láthair.
Mír rialta le ball den Gharda síochána go háitiúil le heolas agus comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraigh a tharla sa chondae le seachtain anuas agus tá an Garda Martina i ndiaidh pilleadh ó Páras na Fraince áit a raibh sí ar dhualgas ag na Cluichí Oilimpeacha.
Aréir i bPáras, tugadh na Cluichí Oilimpeacha chun críche. Meastar gur chosain tionól na gCluichí €9 Billiún, arbh infheistíocht mhaith a bhí ann?
Tá Gearóidín beo ó Páras na Fraince le rása Sara Lavin, fuair sí an séú áit. Tá Dympna ag labhairt ar éacht Mark thall i bPáras na Fraince. Tá Roseleen ag labhairt faoin chumann agus an tionchar a bhéas ag na cluichí Oilimpeacha orthu. Tá Eddie ag labhairt ar Sinead a bhéas ag reáchtáil sa mharatón Dé Domhnaigh ar son na hAstráile.
Beo ó Pháras na Fraince áit a bhfuil rása Mark English ar siúl, fuair sé an dara háit, tá sé cáilithe do na rásaí leath cheannais anois.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí Lúnasa. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá na Cluichí Oilimpeacha ar siúl faoi láthair i bPárás na Fraince. Bhuaigh an snámhaí as Contae Shligigh Mona McSharry an chéad bhonn ag snámh sna cluichí le tríocha bliain. Bhain sí bonn cré-umha amach sa snámh brollaigh 100 méadar. Bhain an snámhaí ó Ard Mhacha Daniel Wiffen curiarracht le bonn óir a bhuachtaint. Sa snámh ocht céad méadair saorstíle, ba é an chéad fhear Éireannach a bhuaigh bonn ag snámh sa chomórtas. Bhuaigh sé an rás san am is tapúla le seacht noiméad, tríocha a hocht soicind punc a naoi déag. Níl Wiffen críochnaithe fós mar tá rás míle cúig chéad saorstíle aige agus rás deich ciliméadar le bheith ar siúl sa tSéin. Tá ag éirí go maith linn sa rámhaíocht chomh maith, bhuaigh Philip Doyle ó Chontae an Dúin agus Daire Lynch ó Thiobraid Árann bonn cré-umha sa chomórtas céaslaire beirte. Ansin bhí bua iontach ag Paul O'Donovan agus Fintan McCarthy ó Sciobairín i gContae Chorcaí ag an gcluiche ceannais 2000 méadar, comórtas céaslaire beirte éadrom. Bhíodar imithe chun cinn tar éis na líne leathbhealaigh agus dheineadar a mbeart an bonn óir a bhaint amach. Tá ceann de na báid is sine ar domhan, an Belem, ag seoladh timpeall na hÉireann. Is bád traenála é inniu ach is bád ana-stairiúil é atá 120 bliain d'aois. Tógadh an bád sa bhliain 1896 agus bád lastais ab ea é ag iompar siúcra ó na hIndiacha Thiar agus ag easpórtáil cócó agus caife ón mBrasaíl agus ón nGuáin na Fraince go Nantes sa Fhrainc. Sa bhliain 1902 tháinig an bád slán ó bholcán ag brúchtadh in Martinique agus ó chrith talún sa bhliain 1923 in Yokohama sa tSeapáin. Inniu is bád traenála é do mhairnéalaigh. Thug an bád an lasair Oilimpeach ar an gcéad turas ón nGréig go Marseille. Tá an bád ag iompar criú de 16 agus 48 duine faoi oiliúint. D'fhógair Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann go bhfuil an scannán Gaeilge Kneecap curtha ar aghaidh don rannóg idirnáisiúnta do Dhuais an Acadaimh sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2025. Léirítear sa scannán na rapálaithe Móglai Bap agus Mo Chara agus an dioscmharcach DJ Próvaí ó Bhéal Feirste atá ag iarraidh a seánra féin de rap gaeilge a chruthú agus iad ag iarraidh a theanga dhúchais a shábháil. Is é Rich Peppiatt stiúrthóir an scannáin, agus bhí Jack Tarling agus Trevor Birney ina léiritheoirí air. Tá aisteoirí mór le rá páirteach sa scannán ar nós Michael Fassbender agus Simone Kirby. Dúirt Mo Chara gur mór an onóir é dóibh gur roghnaigh IFTA Kneecap chun cur isteach ar Oscar, agus go bhfuil an banna fíorbhuíoch as. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS bonn - medal snámh brollaigh - breast-stroke snámh saorstíle - freestyle céaslaire - scull bád lastais - cargo boat dioscmharcach - DJ
Beo ó Pháras na Fraince áit a bhfuil rása Paul O'Donovan agus Fintan McCarthy ar siúl i láthair na huaire ag na Cluichí Oilimpeacha i mbabhta ceannais sculls dúbailte agus Bonn Óir bainte acu.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26ptvqpm Contact: irishlingos@gmail.com Overhaul of the high-speed rail network in France. Coirluascadh ar ghréasán iarnróid ardluais sa bhFrainc. A "massive attack" has been carried out in France on the railway network, TGV, and 800,000 passengers have been displaced as a result. Tá "ionsaí ollmhór" déanta sa bhFráinc ar an ngréasan iarnróid, TGV agus cuireadh as do 800,000 paisinéir dá bharr. The opening ceremony of the Olympic Games will take place in Paris tonight. Beidh searmanas oscailte na gCluichí Oilimpeacha ar siúl i bPáras anocht. French Transport Minister Patrice Vergriete said today that it was a shameful criminal act. Dúirt Aire Iompair na Fraince, Patrice Vergriete, inniu gur gníomh coiriúil náireach a bhí ann. He indicated that there would be "major implications" and that only half of the TGV trains going north, east and north-west will be operating as a result. Thug sé le fios go mbeadh "impleachtaí móra" ann agus nach mbeidh ach leath na dtraenacha TGV ag dul ó thuaidh, soir agus siar ó thuaidh ag feidhmiú dá bharr. The trains on the TGV network are high speed services. Is seirbhísí ardluais iad na traenacha ar an ngréasán TGV. The network is run by the state company SNCF. Is é an comhlacht stáit SNCF a reachtálann an gréasán. Passengers have been advised to postpone their journeys, as many trains are being sent back to where they originally came from. Cuireadh comhairle ar phaisinéirí a dturas a chur ar athló, mar tá go leor leor traenacha á gcur ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as ar dtús. It will be like that, they say, until Monday morning at least. Is mar sin a bheidh sé, a deir siad, go dtí maidin Dé Luain ar a laghad. SNCF says arsonists set fire to some of the railways between Paris and cities in the north, west and east of France. Deir SNCF gur chuir coirloisceoirí cuid de na hiarnróid idir Páras agus cathracha i dtuaisceart, in iarthar agus in oirthear na Fraince trí thine. Services to Lille, Bordeaux and Strasbourg, for example, have been disrupted. Tá curtha isteach ar sheirbhísí go Lille, go Bordeaux agus go Strasbourg, mar shampla. However, no damage was done to the railway from the south-east, as the arsonists were stopped before they got as far. Ní dhearnadh aon díobhóil don iarnród soir ó theas, áfach, mar cuireadh stop leis na coirloisceoirí sula ndeachaigh siad chomh fada leis. Passengers have been advised to postpone their journeys, as many trains are being sent back to where they originally came from. Cuireadh comhairle ar phaisinéirí a dturas a chur ar athló, mar tá go leor leor traenacha á gcur ar ais go dtí an áit ar tháinig siad as ar dtús. It will be like that, they say, until Monday morning at least. Is mar sin a bheidh sé, a deir siad, go dtí maidin Dé Luain ar a laghad. There is a lot of security in place in France as the Olympic Games approach us in Paris. Tá go leor slándála i bhfeidhm sa bhFrainc agus na Cluichí Oileampacha ag teannadh linn i bPáras. The French people remember well the attacks in Paris and Nice in the last ten years. Tá cuimhne mhaith ag muintir na Fraince ar na hionsaithe i bPáras agus in Nice le deich mbliana anuas. There is now concern among the organizers of the Olympic Games and among the authorities that the fear among the public will intensify in light of this damage to the railway network. Tá imní ann anois i measc lucht eagraithe na gCluichí Oileampeacha agus i measc na n-údaráis go ngéaróidh ar an bhfaitíos i measc an phobail i bhfianaise na díobhála seo ar an ngréasán iarnróid. The coordinated strikes on the rail network will feed into a sense of apprehension ahead of the Olympics opening ceremony in the heart of Paris later today. The coordinated strikes on the rail network will feed into a sense of apprehension ahead of the Olympics opening ceremony in the heart of Paris later today.
Seachtain agus an lá inniu a léirigh torthaí olltoghcháin na Fraince go bhfuil an tír níos deighilte ná mar a bhí ag aon tráth roimhe seo. Céard a chiallaíonn sé sin don Fhrainc, an bhfuil aon dul chin cinn déanta ar chomhrialtas a chur le chéile?
Labhraíonn Ursula Ní Shabhaois faoi na toghcháin sa Bhreatain agus an tionchar atá acu ar an Tuaisceart; breathnaíonn sí ar an méid a thit amach i dtoghcháin na Fraince; agus tugann sí léargas ar an méid a thit amach agus Roderic O'Gorman ceaptha mar Cheannaire an Comhaontas Glas.
Siad an chomhghuaillíocht ar an eite chlé ‘Novelle Front Populaire' a fuair an líon is mó suíocháin i dtoghchán na Fraince ach níl mórámh iomlán ag páirtí ar bith.
Ó Bhaile Átha Cliath go Beirlín, ón Phrague go Páras, tá ardú tacaíochta ag teacht ar an eite fíordheis. Sa Fhrainc, is é seo uair na cinniúna agus an cuma ar an scéal go mbainfidh Marine Le Pen agus Jordon Bardella cumhacht amach sa toghchán. Labhraíonn an tOllamh Bairbre Ní Chíosáin le Seachtain le mínigh a thabhairt ar thírdhreach nua polaitíochta na Fraince. ` Foclóir: Cinneadh - decision Ag tacú - supporting Baolach - chancy Fuath – hate Malairt - opposite Aineolach – ignorant Deachtóir - Dictator Ruaig – to banish Stocaireacht – campaigning Cloígh le – to abide by Tromlach – majority Cumhacht – power Saoránach - citizen Dílis - loyal Saolaíodh - to be born Luach - value See omnystudio.com/listener for privacy information.
Reáchtáilfear an chéad bhabhta d'olltoghchán na Fraince ar an Domhnach, áit a gceaptar go mbeidh bua ollmhór ag páirtí eite deise ‘Slógadh Náisiúnta' Marine Le Pen.
Beidh an Taoiseach Leo Varadkar i measc na gceannairí idirnáisiúnta a bheas ag freastal ar chomhdháil i bPáras na Fraince inniu chun cúrsaí daonnachta a bhaineann leis an gcogadh idir Iosrael agus Hamas a phlé.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 28 Deireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Beidh cluiche ceannais Chorn an Domhain sa Rugbaí ar siúl Dé Sathairn i Stade de France i bPáras, agus an Afraic Theas ag imirt i gcoinne na Nua-Shéalainne. Thug an Afraic Theas na cosa leo agus iad ag buachan ar Shasana le pointe amháin ag an gcluiche ceathrú ceannais agus bhuaigh an Nua-Shéalainn go bog ar an Airgintín. Beidh an dhá fhoireann ag iarraidh Corn Webb Ellis a bhuachan don cheathrú uair. Don Afraic Theas, is é seo an ceathrú uair dóibh áit sa Chluiche Ceannais a bhaint amach agus an cúigiú uair don Nua-Shéalainn. Baineadh cor coise astu i rith an chomórtais nuair a chaill an Nua-Shéalainn i gcoinne na Fraince agus chaill an Afraic Theas i gcoinne Éireann ach thángadar chucu féin go láidir arís. Leis an gcogadh ag tarlú sa Mheánoirthear idir Iosrael agus Hamas, dhein arm Iosrael an darna ruathar isteach go Gaza. Deirtear go bhfuil arm Iosrael ag ullmhú chun ionradh a dhéanamh ar réigiún atá faoi riail Hamas. Bhuail saighdiúirí coise agus aonaid innealtóireachta targaidí thar oíche in oirthear na cathrach. Deir údaráis Gaza go bhfuil os cionn 7,300 duine tar éis bás a fháil ó thosaigh an cogadh. Deir rialtas Iosrael gur maraíodh níos mó ná 1400 duine nuair a dhein Hamas ionsaí gan choinne ar Iosrael agus iad ag marú sibhialtach cóngarach don teorainn. Ceaptar go bhfuil 224 Iosraelach á choimeád i ngéibheann istigh in Gaza. Theith os cionn milliún Palaistíneach go dtí deisceart an stráice faoi ordú arm Iosrael. Agus na daoine sin atá sáinnithe i réigiún atá measartha beag tá eagla ann go mbeidh géarchéim dhaonnúil ann mar níl aon leictreachas nó uisce reatha ar fáil agus tá an bia ídithe i gcaitheamh na n-uaireanta. Tharla rud neamhghnách in Uisceadán Acla i gContae Maigh Eo. Bhí gliomach ailbíneach neamhchoitianta a d'athraigh ó bhán go gorm. Tá cónaí ar an ngliomach san uisceadán ó fuarthas é amach ón gcósta sé bliana ó shin. Tá cáil ar an ngliomach le turasóirí ag teacht chun féachaint air. Ainmníodh é Charlie i ndiaidh an iascaire Charlie O'Malley a rug air amuigh ó chósta Acla sa bhliain 2017. Le ceithre bliana anuas tá dath gorm ag teacht air. Ní mhaireann gliomaigh ailbíneacha ach idir trí agus cúig bliana mar feiceann creachadóirí go héasca iad. Deir Kevin Garvin a oibríonn san Uisceadán go raibh Charlie ina ghliomach fásta nuair a rugadh air agus mar sin bheadh sé ceithre bliana d'aois anois. De réir mar atá sé ag fás, gach 12 go 14 mí, cuireann sé a bhlaosc. Ansin tagann dath gorm níos láidre air. Dúirt tréidlianna a tháinig ar chuairt chun féachaint air go bhfuil sé an-neamhghnách go dtarlaíonn sé seo do ghliomach ailbíneach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS thug siad na cosa leo - they weathered the storm cor coise - setback ionradh - invasion géarchéim dhaonnúil - humanitarian crisis gliomach ailbíneach - albino lobster uisceadán - aquarium
Tá Paddy agus a chuid air a slí dtí Páras na Fraince inniu,agus breis is trí seachtaine caite sa bhFraince acu. Deir sé go bhfuil rud le foghlaim againn aige baile maidir le áiseanna turasóireachta agus bealaí rothaíochta ach go h-áirithe.
Rachaidh muid chun na Fraince áit a mbeidh cluiche mór rugbaí ag Éirinn amárach sa Chorn Domhanda.
Tá rialtas na Fraince ag eagrú eitiltí as an Nigéir chun Francaigh agus daoine eile as an Eoraip a thabhairt abhaile i ndiaidh coup na seachtaine seo caite.
Bhí cruinniú inné ag Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, leis na céadta méara le tuiscint níos fearr a fháil ar na círéibeanna atá ag tarlú ó chaith póilín déagóir seachtain agus an lá inné.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Nochtadh an tseachtain seo caite gur íoc RTÉ €354,000 sa bhreis le Ryan Tubridy ó 2017 go 2022, méid nach raibh fógartha acu go poiblí. Dúirt Tubridy féin nach raibh sé ar an eolas faoi na híocaíochtaí. D'éirigh ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, as a post de bharr na conspóide agus, de réir RTÉ, ba ise an t-aon duine a bhí ar an eolas faoi na híocaíochtaí. Ach, le linn na seachtaine, d'admhaigh an Taoiseach Leo Varadkar nár chreid sé an méid atá á mhaíomh ag RTÉ. Tháinig tuairim is 200 fostaí de chuid RTÉ le chéile Dé Máirt chun agóid a dhéanamh agus a gcuid feirge a léiriú mar gheall ar na híocaíochtaí ceilte. Bhí baill de Bhord RTÉ agus de Bhord Feidhmiúcháin RTÉ os comhair lucht ceistiúcháin sa Dáil agus Seanad chun ceisteanna a fhreagairt. Tar éis di an cuntas a chloisint dúirt an tAire Catherine Martin go raibhsé soiléir go raibh teip thubaisteach rialachais ag ard-leibhéail bhainistíochta san eagraíocht. Dhein fórsaí gallóglach Wagner ceannairc Dé Sathairn i gcoinne stát na Rúise. Níor mhair an cheannairc ach lá amháin sular stopadar a dturas go Moscó. Le linn an lae, ghlac na fórsaí seilbh ar an mbunáit a bhí ag Arm na Rúise i Rostov-ar-an-Don agus chonacthas iad 200km ó Mhoscó nuair a stopadh an cheannairc. Ba é an dúshlán is mó i gcoinne Putin le linn a cheannaireachta. Tá Yevgeny Prigozhin – ceannasaí fhórsaí Wagner – ar deoraíocht san Bhealarúis anois. Mhaígh sé nach raibh coup d'état i gceist ach agóid chun a mhíshásamh leceannairí an airm a léiriú. Bhí an Grúpa Wagner ag troid ar son na Rúise san Úcráin agus bhí buanna móra acu, go háirithe i mBakhmut, ach tá siad freagach as coireanna cogaidh chomh maith, de réir roinnt tuairiscí. Phléasc círéibeacha ar fud na Fraince oíche an tseachtaine seo tar éis marú ógánaigh darb ainm Nahel M. i gcathair Nanterre, gar do Pháras. Scaoileadh an fear óg nuair a stop na póilíní é. Dúirt na póilíní ar dtús gur scaoileadar é toisc go raibh sé ag tiomáint ina gcoinne, ach tháinig sé chun solais nach raibh an cuntas sin fíor ó fhíseán den eachtra a uaslódáladh ar na meáin shóisialta. Tá an póilín a scaoil an fear óg á fhiosrú anois. Tuairiscíodh clampar i gcathracha áirithe sa Fhrainc le linn na seachtaine. Cuireadh carranna agus foirgnimh trí thine agus chaith agóideoirí tinte ealaíne in aghaidh na bpóilíní. Bhí an fear óg de bhunús Afraic Thuaidh, rud a chuireann leis an éagóir a mhothaíonn na hagóideoirí. Gabhadh na céadta duine agus cháin Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, an foréigean. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS íocaíochtaí ceilte - secret payments teip thubaisteach rialachais - a disastrous failure of governance fórsaí gallóglach - mercenary forces ceannairc - mutiny círéibeacha - riots tinte ealaíne - fireworks
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá cúigear turasóirí ar iarraidh a bhí ag déanamh turas faoin bhfarraige chun féachaint ar an long bhriste Titanic. Ceaptar go ndeachaigh an tumadóir ar iarraidh timpeall an cheantair sin in aice le Talamh an Éisc. Tá seirbhísí cuardaigh agus tarrthála ag déanamh gach iarracht teacht ar an tumadóir go tapaidh mar is é 96 uair an t-uasmhéid ama a chaitheann long mar seo faoin bhfarraige, agus seans nach bhfuil ocsaigin fágtha. Dúirt garda cósta na Stát Aontaithe nach raibh aon teagmháil deánta ón tumadóir tar éis uair agus daichead cúig noiméad den turas. Is é an comhlacht turasóireachta OceanGate Expeditions a chuireann turas mar seo ar fáil. Cosnaíonn ticéad 250,000 dollar. Reáchtálann siad turasanna go dtí dromchla na farraige chomh fada síos le ceithre mhíle méadar atá 370 míle amach ó chósta Thalamh an Éisc. Bhain an galfaire ó Chontae an Chabháin Leona Maguire bua amach sna Stáit Aontaithe ag comórtas Chumann Proifisiúnta Gailf na mBan a bhí ar siúl in Meijer, Michigan. Bhí sí an-chumasach ag scoráil ceithre éinín agus iolair ag an séú poll chun deiridh, ag críochnú faoi 21. Bhí sí in iomaíocht don chéad áit le Ariya Jutanugarn ón Téalainn. Chríochnaigh Xiyu Lin ón tSín agus Amy Yang ón gCoiré Theas le chéile sa triú háit. D'imir Leona gan aon bhógaí a fháil. I mí Feabhra 2022, bhuaigh Leona craobh LPGA amach den chéad uair in Florida. Éacht stairiúil a bhí ann mar ba í an chéad bhean Éireannach riamh a bhuaigh an comórtas. Dúirt Leona go raibh sí ag imirt go maith an tseachtain seo agus dhein sí iarracht a bheith foighneach. An sprioc a bhí aici ná fanacht faoi 20 agus bhí sé sásúil ceann amháin níos fearr a fháil. Dúirt sí leis, go caithfidh tú imirt ana-mhaith anseo agus tá sé dian. Tá sé deas ceann a bhuachaint anseo go háirithe leis na mórchomórtais ag teacht. Aimsíodh greanadh istigh i bpluais sa Fhrainc a rinne muintir Néandartálach caoga seacht míle bliain ó shin, dar le saineolaithe. Tá an phluais lonnaithe in La Roche-Cotard i reigiún an Loire i dTuaisceart na Fraince. Ceaptar gurb é an greanadh is sinne riamh déanta ag gaolta daonna agus tá seans ann gurb é seo an phluais is sinne sa Fhrainc agus san Eoraip. Dúirt taighdeoirí a dhein foilsiú ar na marcanna in Journal Plos One go léiríonn siad go raibh muintir Néandartálach casta agus éagsúil cosúil lenár sinsear féin. Dhein Jean-Claude Marquet ó Ollscoil Tours sa Fhrainc stáidéar ar na marcanna ar a dtugtar "cuislithe méire" in éineacht lena chomhghleacaí . Dheineadar samhail 3D de na marcanna chun comparáid a dhéanamh le marcanna daonna eile. Thángadar ar an gcinneadh go raibh na marcanna d'aon ghnó mar gheall ar na cruthanna, an spás agus an leagan amach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tumadóir - submersible Talamh an Éisc - Newfoundland éinín - birdie iolar - eagle bógaí - bogey greanadh - engraving pluais - cave
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtain, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. An tseachtain seo, thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar Éirinn. Ba é an ceathrú Uachtarán ó na Stáit Aontaithe a tháinig go dtí an t-oileán. Chuaigh sé go Béal Feirste ar dtús chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Bhí cruinniú aige le Príomhaire Shasana Rishi Sunak agus labhair sé in Ollscoil Uladh. Chuaigh sé ar aghaidh go Cairlinn i gContae Lú, an áit a rugadh a sin-sin-seanathair Owen Finnegan, a chuaigh go dtí na Stáit Aontaithe san 1840í. Tá gaolta le Biden fós ina gcónaí ann. Chaith sé am ag siúl timpeall Dhún Dealgan agus dúirt sé gur mór an onóir é teacht ar ais go hÉirinn agus gur bhraith sé go raibh sé ar ais ag baile. Thug sé cuairt ar Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin agus bhuail sé leis an Taoiseach Leo Varadkar ag Teach Farmleigh i bPáirc an Fhionnuisce. Labhair sé os comhar na bpolaiteoirí ó Dháil Éireann agus ón Seanad, agus é ag moladh an naisc leanúnaigh idir Éire agus na Stáit Aontaithe. Chríochnaigh sé an tráthnóna le fáilte oifigiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Chaith sé an lá deireanach i gContae Mhaigh Eo. Thug sé cuairt ar Chnoc Mhuire agus ar Bhéal an Átha, an áit a rugadh a sin-sin-sin-seanathair Edward Blewitt, a chuaigh go Meiriceá le linn an Ghorta Mhóir. Bhí ceolchoirm ar siúl sa bhaile leis na Coronas, The Academic agus na Chieftains ag seinm. Tháinig na mílte daoine go dtí an baile chun fáilte a chur roimhe. Labhair sé faoin nasc atá aige leis an gceantar agus lena mhuintir i mBéal an Átha i gcaitheamh na mblianta, gur chuir sé sin go mór leis an lá tábhachtach pearsanta a bhí aige in éineacht leis a chlann féin ar an turas seo. Sa Fhrainc, tá an Chomhairle Bhunreachtúil tar éis cead a thabhairt don Uachtarán Emmanuel Macron chun an pinsin a athchóiriú le go mbeidh ar dhaoine dul ar scor ag ceithre bliana is seasca d'aois. Bhí agóid i gcoinne an athchóirithe ar siúl i bPáras agus i mbailte eile timpeall na tíre. Tá daoine ar buile leis an Uachtarán as an tslí a chuir sé an t-athchóiriú tríd ag baint úsáid as Airteagal 49.3 de Bhunreacht na Fraince gur féidir an rialtas dlí a thabhairt isteach gan vóta ó pholaiteoirí. Nuair a chuaigh an bille tríd ar dtús ar an séú lá déag de mhí an Mhárta bhailigh slua mór daoine le chéile le bheith i mbun agóide. Cuireadh isteach ar sceideal na n-eitleán, na dtraenacha agus an bhailiúcháin dramhaíola. Dúirt an tUachtarán go bhfuil air an aois scoir a ardú chun é a mhaoiniú agus go bhfuil sé riachtanach don tír. Dúirt na ceardchumainn go bhfuil slí eile chun cothromaíocht a fháil ar chóras an phinsin. Tá bean darb ainm Beatriz Flamini 500 tar éis lá a chaitheamh ina haonar istigh i bpluais in Granada sa Spáinn, mar chuid de thurgnamh ina raibh eolaithe ag déanamh staideár agus monatóireacht uirthi. Dúirt sí nach bhfuil eolas aici ar aon rud a tharla sa saol mór ón lá a chuaigh sí isteach ann ar an aonú lá is fiche de Mhí na Samhna 2021. Chaith sí a cuid ama ag aclaíocht, ag tarraingt agus ag cniotáil caipíní. Léigh sí 60 leabhar agus d'ól sí 1000 lítear d'uisce. Bhí idir shíceolaithe, thaighdeoirí agus uaimheolaithe ag faire uirthi. Nuair a tháinig sí amach as an bpluais, dúirt sí gur chaill sí a tuiscint ar imeacht na haimsire tar éis di dhá mhí a chaitheamh sa phluais agus gur éirigh sí as comhaireamh na laethanta. An uair ba mheasa a bhí aici nuair a tháinig plá cuileog isteach á clúdach. Ach nuair a tháinig sí amach as an bpluais bhí sí sásta agus dúirt sí go raibh am iontach aici. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS sin-sin-seanathair - great-great-grandfather fáilte oifigiúil - official reception athchóiriú - reform bailiúchán dramhaíola - waste collection pluais - cave uaimheolaithe - speleologist plá cuileog - invasion of flies
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1876, rinne Alexander Graham Bell an chéad scairt teileafóin ar domhan, nuair a d'éirigh leis ceangal intuigthe a bhunú lena chúntóir a bhí i seomra teorantach. Ghair sé ar a chúntóir saotharlainne, Thomas Watson, leis na focail, “A Watson–tar anseo–ba mhaith liom tú a fheiceáil,” de réir nótaí saotharlainne a scríobh Bell. Mac d'eolaí agus de phianódóir ab ea Bell: bhí a mháthair bodhar agus mhúin a athair daoine bodhra, rud a rinne Bell é féin agus é i Meiriceá. Nuair a bronnadh duais air ó rialtas na Fraince ar son gaisce in eolaíocht leictreach in 1880, d'úsáid sé an t-airgead duaise le Saotharlann Volta a bhunú, institiúid a bhí tiomanta do staidéar ar an bhodhaire agus d'fheabhsú shaol na ndaoine bodhra. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS pianódóir – pianist bodhaire - deafness
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Cothrom an lae seo sa bhliain 1910, ba í Raymonde de Laroche an chéad bhean a fuair ceadúnas píolóta. Rugadh i bPáras na Fraince í sa bhliain 1882. Bean spórtúil ab ea í agus thaithin gluaisrothair agus cartacha go mór lei. Bhí cáil uirthi leis mar aisteoir roimhe. Spreagadh í san eitlíocht nuair a chur sí aithne ar eitleoirí eile. Chuaigh turas na ndeartháireacha Wright sa bhliain 1908 i gcion go mór uirthi freisin. Thosnaigh sí ag foghlaim conas eitilt sa bhliain 1909 sa bhaile Chalons, 140 ciliméadar taobh amuigh de Pháras. Chabhraigh an píolóta Charles Voisin léi taithí a fháil ar conas eitleán a láimhseáil. De réir a chéile d'éirigh léi eitleán a phíolótú go neamhspleách. Sa bhliain 1910, fuair sí roinnt cuirí go dtí taispeántais eitleáin timpeall an domhain. Bhí gradaim ann don té a bhainfeadh amach an luas, airde agus fad ab fhearr. Chuaigh sí ar turas go dtí Caireo san Éigipt, Cathair Pheadair sa Rúis agus Búdaipeist na hUngáire. Bhí roinnt timpistí aici ach lean sí ar aghaidh i gcónaí. Sa bhliain 1913, bhuaigh sí an gradam Coupe Femina, duais do phíolótaí baineanna as gnóthú thar na bearta a bhaint amach le heitilt 323 ciliméadar. Tháinig deireadh lena cuid aistear nuair a thosnaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Thóg sí post mar thiománaí ag iompar saighdiúirí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, thosnaigh sí ag eitilt arís. Sa bhliain 1919 chuaigh sí thar na bearta ní b'fhaide arís ar airde 4800 méadar. Ní amháin go raibh sí ag eitilt, bhí cáil uirthi mar innealtóir éirimiúil ag tástáil eitleán mar theastaigh uaithi caighdeán ní b'fhearr a bheith ar an margadh. I mí Iúil 1919 bhí sí amuigh ag tástáil, agus thuairteáil an t-eitleán agus bhuail sé an talamh. Fuair sí bás agus í 36 bliain d'aois. Deintear comóradh ar Raymonde de Laroche ag Seachtain Dhomhanda Mhná na hEitlíochta i mí an Mhárta agus tá dealbh di le feiceáil san aerfort Le Bourget i bPáras. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ceadúnas píolóta - pilot's licence eitlíocht - aviation cuirí - invitations
Cúrsaí stailce sa bhFrainc agus tús curtha leis an díospóireacht ar an mbille pinsin conspóideach i bParlaimint na Fraince inné.
Stailceanna Náisiúnta ar bun sa bhFrainc arís inniu mar agóid in aghaidh mholtaí an Uachtarán Emmanuel Macron le athchóiriú a dhéanamh ar chúrsaí pinsin.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Nollag, oíche Nollag. Is mise Sibéal Dempsey. Chaill an Fhrainc i gcoinne na hAirgintíne i gcluiche ceannais chorn an domhain dhá mhíle is fiche a dó a imríodh i gCatar Dé Domhnaigh seo caite. Tháinig deireadh leis an gcluiche le ciceanna pionóis agus fuair an Airgintín ceithre phionós ar dhá phionós na Fraince. Bhí comhscór 3-3 idir an dá fhoireann tar éis am breise. Bhain stair leis an gcluiche mar an chéad chluiche ceannais Chorn an Domhain agus scóráil imreoirí ag an dá fhoireann ar a laghad faoi dhó. Ba iad Kylian Mbappe na Fraince agus Lionel Messi ón Airgintín na himreoirí sin. Rinne an comórtas an stair freisin mar go bhfuarthas an líon is mó cúl riamh, agus Kylian Mbappe ag scóráil an dara cúl is céad seachtó. Bhuaigh an Chróit ar Mharacó Dé Sathairn freisin, chun an tríú háit a bhaint amach. Bhí conspóid ag baint leis an gcomórtas ó thús deireadh, agus is amhlaidh a bhí sé sa chluiche ceannais. Maisíodh Messi le róba dubh, comhartha traidisiúnta Araibise de mheas, ach féachann roinnt daoine air mar rud dímheasúil. Cheap an tUachtarán Michael D Higgins ceannaire Fine Gael Leo Varadkar ina Thaoiseach den dara huair. Beidh Micheál Martin ag éirí as anois mar chuid den chomhaontú comhrialtais idir Fine Gael agus Fianna Fáil sa bhliain fiche fiche. Ina chéad óráid mar Thaoiseach, labhair Varadkar faoin ngéarchéim tithíochta, go háirithe ag tagairt dá ‘phlean Tithíochta do Chách' a d'fhéachfadh le rátaí úinéireachta a ardú. Luaigh sé freisin go mbeadh sé ag dul i ngleic leis an mboilsciú ard agus leis an ngéarchéim costais mhaireachtála. Beidh aonad nua i Roinn an Taoisigh dírithe ar Éire a dhéanamh ar an tír is fearr le bheith ina leanbh. Glacfaidh Micheál Martin ról Varadkar mar leas-phríomh-aire anois. Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, nach ndéanfadh an t-athrú tada chun dul i ngleic leis na fadhbanna práinneacha. Tá painéal tí an séú Eanáir, atá ag fiosrú Donald Trump, tar éis an t-iar-uachtarán a tharchur ar cheithre chúiseamh choiriúla. I measc na gcúiseamh ná bheith páirteach in éirí amach, tionchar nó bac a chur ar imeacht imscrúdaithe oifigiúil, comhcheilg chalaoise a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe agus ráitis bhréagacha a dhéanamh go neamhdhleathach go feasach nó go toilteanach don rialtas feidearálach. Is é seo an chéad uair sa stair a ndearna an Chomhdháil iar-uachtarán a tharchur le haghaidh cúisimh. Déanfaidh an tArd-Aighne Merrick Garland a chinneadh féin ar chúisimh mar chuid d'imscrúduithe na Roinne Dlí agus Cirt. D'fhéadfadh tionchar a bheith ag toradh an imscrúdaithe sin freisin ar an bhféadfar Trump rith arís sa toghchán uachtaránachta sa bhliain fiche fiche a ceathair. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhscór - equal score, draw comhaontú comhrialtais - coalition agreement rátaí úinéireachta - ownership rates boilsciú ard - high inflation cúiseamh coiriúil - criminal charge comhcheilg chalaoise - fraud conspiracy
Corn Sacair an Domhain 2022 buachta ag an Airgintín in aghaidh na Fraince inné.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Ag an gCorn Domhanda i gCatar, bhain Maracó éacht amach leis an mbua a bhí acu i gcoinne na Spáinne. Is iad an chéad náisiún Arabach le dul ar aghaidh go dtí an Cluiche Ceathrú Ceannais. Tar éis 120 nóiméad, bhí orthu ciceanna pionóis a thógáil toisc nár aimsigh na foireainn aon bháire le linn an chluiche. B'é Achraf Hakimi an peileadóir a scóráil an báire a thug chun cinn iad. Bhí ríméad an domhain ar an lucht féachana go háirithe ag baile le daoine ag ceiliúradh amuigh sa chathair Rabat leis an Rí fein ina measc. Tá na cluichí ceathrú ceannais ar siúl an deireadh seachtaine seo. D'imir an Chróit i gcoinne na Brasaíle agus an Ísiltír i gcoinne na hAirgintíne inné agus an dá chluiche eile ar siúl inniu: Maracó i gcoinne na Portaingéile agus Sasana i gcoinne na Fraince. Tá sé dearbhaithe ag an HSE gur cailleadh leanbh óg ceithre bliana as an ionfhabhtú baictéarach Streip, cúpla lá tar éis bháis linbh óig i mBéal Feirste. Tá na siomptóim cosúil leis an bhfiabhras dearg le gríos, scornach thinn, fiabhras, agus teanga ata. Deimhníodh cúig chás is caoga den ghalar i mbliana in Éirinn. Dúirt an Dochtúir O'Moore, stiúrthóir leis an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte, go bhfuil na baictéir seo an-choitianta agus dé ghnáth bíonn sé éadrom le galrú cosúil le céislínteas agus an fiabhras dearg. Ach bíonn sé contúirteach nuair a bhíonn sé ionrach ag dul isteach sna scamhóga agus sa sruth fola; sa gcás sin bíonn sé tromchúiseach. Deir sé leis gur cheart a bheith ag faire amach i gcomhair na siomptóm: scornach thinn, fiabhras, fuacht a bheith ort agus pianta sna matáin. Beidh srianta sealadacha ar aerspás na hÉireann an mhí seo toisc go mbeidh Virgin ag lainseáil satailíte ón spásphort atá lonnaithe in aerfort i gCorn na Breataine. Eitleán 747 a bheidh ag fágaint an aerfoirt ag tabhairt roicéid faoi na sciatháin. Nuair a shroichfidh sé an spás, scaoilfear leis an roicéad. Tarlóidh sé sin ar muir os cionn Limistéar Eisiach Eacnamaíochta na hÉireann a thagann faoi Údarás Eitlíochta na hÉireann. Is iad an IAA a bheidh ag cur srian dhá uair a chloig ar an aerspás. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS báire - goal ionfhabhtú baictéarach - bacterial infection an fiabhras dearg - scarlet fever céislínteas - tonsilitis Limistéar Eisiach Eacnamaíochta - Exclusive Economic Zone Údarás Eitlíochta na hÉireann - Irish Aviation Authority
Tá Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron i mbun cuairte ar na Stáit Aontaithe an tseachtain seo agus é ag iarraidh an caidreamh idir an dá thír a láidriú.
Michelle Nic Pháidín ar An Diabhal Inti, sraith úr teilifíse de chuid BBC Gaeilge faoi chailleacha. Bairbre Ní Chíosáin, leachtóir agus taighdeoir le hOllscoil Toulouse na Fraince ar an chorás tearmainn. Agus Interrail 50 bliain d'aois i mbliana, cluinimid ó Áine Mhaoir atá ag taisteal san Iodáil agus Antaine Mac Aoidh atá díreach ar ais óna chuid taistil féin. Michelle Nic Pháidín on An Diabhal Inti, a new BBC Gaeilge TV series exploring why many people, mostly women, were targeted during the witch hunts that swept across Europe. Bairbre Ní Chíosáin, lecturer and researcher at Toulouse University, on the accommodation difficulties faced by asylum seekers. The Interrail pass is 50 years old and we hear from Áine Mhaoir who is currently travelling in Italy and Antaine Mac Aoidh who is just back from his travels.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí níos mó ná cúig mhíle duine i láthair ag imeacht plé maidir le todhchaí na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'eagraigh grúpa neamhbhrabúis darb ainm Ireland's Future an t-imeacht, a tharla sa 3arena i mBaile Átha Cliath agus bhí neart aoichainteoirí ann, idir pholaiteoirí agus daoine eile mór le rá. De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is féidir le Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann reifreann a fhógairt más léir go bhfuil níos mó ná leath an phobail sa Tuaisceart i bhfabhar Éireann Aontaithe. Meastar go bhfuil níos mó suime san athrú anois mar gheall ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus mar gheall ar an líon Caitliceach sa Tuaisceart a bheith níos airde ná an líon Protastúnach den chéad uair. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar an údar Francach Annie Ernaux an tseachtain seo. Rinneadh tagairt don "mhisneach agus géire thomhaiste lena nochtann sí bunchúiseanna, coimhthíos agus srianta comhchoiteanna na cuimhne pearsanta." Is í Ernaux, a scríobhann saothair neamhfhicsin chomh maith le húrscéalta, an chéad scríbhneoir Francach a bhain an Duais ó bhí 2014 ann. Rugadh agus tógadh sa Normainn i dtuaisceart na Fraince í. Gheobhaidh Ernaux ciste de bheagnach milliún euro don duais, a bhronntar gach bliain ar an té a chruthaigh sárshaothar "i dtreo idéalach." Tá domhan na fichille trína chéile faoi láthair mar gheall ar thuairisc a d'fhoilsigh chess.com. Rinneadh fiosrúchán ar ardmháistir fichille ó Mheiriceá, Hans Niemann, tar éis líomhaintí a bheith curtha ina leith maidir le caimiléireacht sa spórt. Fuarthas go bhfuil an chuma air gur úsáid Niemann inneall fichille chun suas le céad cluiche a bhaint, cluichí a raibh duais airgid acu san áireamh. É sin ráite, baineann na líomhaintí le cluichí ar líne amháin agus tá cead fós ag Niemann leanúint ar aghaidh i gCraobhchomórtas Fichille na Stát Aontaithe, atá ar siúl in Saint Louis faoi láthair. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS grúpa neamhbhrabúis - non-profit group aoichainteoirí - guest speakers géire thomhaiste - clinical acuity srianta comhchoiteanna - collective restraints ardmháistir fichille - chess grandmaster líomhaintí - allegations caimiléireacht - cheating