Podcasts about aontas eorpach

  • 11PODCASTS
  • 118EPISODES
  • 10mAVG DURATION
  • 1EPISODE EVERY OTHER WEEK
  • Apr 13, 2025LATEST

POPULARITY

20172018201920202021202220232024


Best podcasts about aontas eorpach

Latest podcast episodes about aontas eorpach

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250413_IRISH__an_tsin_le_taraifi_de_125%_a_ghearradh_ar_earrai_o_mheiricea

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 13, 2025 10:05


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25ut5yg9 Contact: irishlingos@gmail.com China to impose 125% tariffs on American goods. An tSín le taraifí de 125 faoin gcéad a ghearradh ar earraí ó Mheiriceá. China is to impose tariffs of 125% on goods from the United States from tomorrow instead of the 84% previously announced. Tá an tSín le taraifí de 125 faoin gcéad a ghearradh ar earraí ó na Stáit Aontaithe ó amárach seachas an 84 faoin gcéad a fógraíodh cheana. The Chinese have raised the tariffs after US President Donald Trump raised tariffs on goods from China to up to 145%. Tá na taraifí ardaithe ag na Sínigh tar éis d'Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump taraifí ar earraí ón tSín a ardú go dtí suas le 145 faoin gcéad . While Trump is lashing out at everyone, his focus is particularly on China at the moment. Cé gur ag diúracadh an cháich sa tor atá Trump is sa tSín go háirithe atá a gha i láthair na huaire. In this regard, and in accordance with the well-established art of war, China is seeking to ally itself with those other countries that Trump is imposing tariffs on, including member states of the European Union. Ina dhíol sin, agus de réir ealaín sheanbhunaithe an chogaidh, tá an tSín ag féachaint le comhghuaillíocht a dhéanamh leis na tíortha eile sin a bhfuil Trump ag taraifthromaíocht orthu, lena n-áirítear ballstáit an Aontais Eorpaigh. Chinese President Xi Jinping met with Spanish Prime Minister Pedro Sánchez in Beijing today to discuss the major transformation of the global economic order. Bhí cruinniú ag Uachtarán na Síne Xi Jinping le Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez i mBéising inniu leis an gclaochló mór ar eagar eacnamaíochta an domhain a chíoradh. Xi reportedly called on the Spaniard, and by extension the rest of the European Union, to join hands with China and stand firm against Trump's "unilateral bullying." Tuairiscítear gur iarr Xi ar fhear na Spáinne, agus dá réir sin ar an gcuid eile den Aontas Eorpach, dul i gcomhar leis an tSín agus an fód a sheasamh in aghaidh "mhaistíneacht aontaobhach" Trump. At a press conference after the meeting, Sánchez said that the international trade conflict should not be allowed to affect relations between the European Union and China. Ag preasócáid i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Sánchez nár cheart ligean don choimhlint trádála idirnáisiúnta cur isteach ar an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSín. He indeed suggested that the Union intended to expand that relationship and sell much more goods to China in the future. Thug sé le tuiscint go deimhin go raibh faoin Aontas cur leis an gcaidreamh sin agus i bhfad níos mó earraí a dhíol leis an tSín san am le teacht. Without stopping China and the European Union, Trump's 'I ask for a reason' doesn't seem to be slowing down and he announced last night that he would impose tariffs and sanctions on Mexico if that country did not provide flood water from the Rio Grande to the state of Texas. Gan an tSín agus an tAontas Eorpach a bhac, is cosúil nach bhfuil 'Iarraim cúis' Trump ag maolú pioc agus d'fhogair sé go taghdach aréir go ngearrfadh sé taraifí agus smachtbhannaí ar Mheicsiceo mura gcuirfeadh an tír sin tuiileadh uisce ón Rio Grande ar fáil do stát Texas. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250403_IRISH__taraifi_tradala:_tiortha_ar_tinneall_roimh_fhogra_trump

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 3, 2025 10:12


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xjredca Contact: irishlingos@gmail.com Trade tariffs: countries on edge ahead of Trump's announcement. Taraifí trádála: tíortha ar tinneall roimh fhógra Trump. The tariffs that the United States Government plans to impose on goods from various countries around the world will be revealed later today. Nochtfar níos deireanaí inniu na taraifí atá beartaithe ag Rialtas na Stát Aontaithe a ghearradh ar earraí ó thíortha éagsúla ar fud an domhain. US President Donald Trump will provide more information about the tariffs at a press conference at the White House in Washington tonight. Tabharfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump tuilleadh eolais faoi na taraifí ag preasócáid sa Teach Bán in Washington anocht. Trump met with trade officials last night to finalize the details of the tariffs that will take effect tomorrow. Bhi cruinniú ag Trump le hoifigigh trádála aréir le bailchríoch a chur ar mhionsonraí na dtaraifí a dtiocfaidh feidhm leo ó amárach. Trump says other countries are "stealing" the United States on trade and has claimed that the tariffs are ushering in a "golden age" for American manufacturers and the country's economy as a whole. Dar le Trump go bhfuil tíortha eile "ag sailleadh" na Stát Aonaithe ó thaobh cúrsaí trádála de agus tá maíte aige go bhfuil "ré órga" i ndán do dhéantúsóirí Meiriceánacha agus do gheilleagar na tíre trí chéile de thoradh na dtaraifí. On the contrary, others believe that it will be expensive for the American public and that prices will rise dramatically in that country. Os a choinne sin, creideann daoine eile go mbeidh daor ar phobal Mheiriceá agus go n-ardóidh praghsanna as éadan sa tír sin. There is also a risk, say the same people, that a global economic recession will be another of the results of the new era. Tá baol ann freisin, a deir na daoine céanna, go mbeidh cúlú eacnamaíochta domhanda ar cheann eile de thorthaí na ré nua. The countries most targeted by the tariffs are still trying – as late as this – to convince the Americans that every country in the world will lose out on what they are planning. Na tíortha is mó a bhfuil na taraifí dírithe orthu, tá siad fós ag iarraidh – chomh déanach seo – cur ina luí ar na Meiriceánaigh gur gach tír ar domhan a bheas caillteach lena bhfuil beartaithe acu. Trump has already indicated, however, that he has no interest in that. Tá sé tugtha le fios cheana ag Trump, áfach, nár mhairg ar bith aige é sin. However, a US government spokesman indicated that Trump would be willing to make a deal with other countries at the last minute. Ar a shon sin, thug urlabhraí ó Rialtas Mheiriceá le fios go mbeadh Trump sásta margadh a dhéanamh le tíortha eile ag an nóiméad deireanach. There is a lot of speculation in Ireland about what Trump has in mind, especially regarding the pharmaceutical sector. Táthar i ngad an bhuigiúin in Éirinn faoina bhfuil ar aigne ag Trump, go háirithe i dtaobh na hearnála cógaisíochta. As a member state of the European Union, however, Ireland is in a different place and all policies are common policies. Mar bhallstát den Aontas Eorpach, áfach, tá Éire i ngad eile agus gach beartas ina chomhbheartas. After all, strength lies in coming together, according to European Commission President Ursula von der Leyen. Ina dhiaidh sin, is sa chur le chéile atá an neart, dar le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

RTÉ - Adhmhaidin
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 1, 2025 5:20


Céard is féidir leis an Aontas Eorpach a dhéanamh chun an tír seo, agus ballstáit eile, a chosaint sa gcogadh trádála?

eorpach aontas eorpach
RTÉ - Adhmhaidin
Alan Dukes, iarcheannaire Fhine Gael.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 28, 2025 7:14


Tá imní ann faoina taraifí breise a bheas le gearradh ar an Aontas Eorpach nuair a dhéanann Donald Trump tuilleadh fógraí an tseachtain seo chugainn.

donald trump dukes aontas eorpach
Nuacht Mhall
15 Márta 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 15, 2025 4:54


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ag a chruinniú leis an Taoiseach, Micheál Martin, sa Teach Bán tráthnóna Dé Máirt go bhfuil “grá mór” ag muintir na hÉireann dó. Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil “ár gcomhlachtaí pharma ag Éirinn”. Ba mhaith leis an Uachtarán iad a thabhairt ar ais chuig na Stáit Aontaithe, cé gur mhol sé na hÉireannaigh as ucht na comhlachtaí sin a mhealladh. Ní raibh aon cheilt ag an Trumpach ach an oiread ar a naimhdeas leis an Aontas Eorpach, agus mar sin de ba bheag an t-iontas gurbh iad na taraifí an téama ba lárnaí ag an bpreasócáid san Oifig Ubhchruthach. Nuair a fuair an Taoiseach deis cainte, luaigh sé an caidreamh stairiúil idir an dá thír, agus dúirt sé gurb í an fhadhb is mó a bhí le réiteach in Éirinn ná an ghéarchéim tithíochta. Maidir leis na cogaí in Gaza agus san Úcráin, thug sé freagraí taidhleoireachta gan cur isteach ar an Uachtarán ná ar an Leas-Uachtarán, J.D. Vance, a rinne argóint phoiblí le déanaí le hUachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy.Bhí an Ghaeilge á labhairt den chéad uair riamh le linn Cheisteanna an Phríomh-Aire in Westminster an tseachtain seo. Luaigh ceannaire an SDLP, Claire Hanna, go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl anois, agus go bhfuil ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig ar na bacáin freisin. An méid sin ráite, lean sí uirthi ansin i mBéarla, agus mhol sí an Príomh-Aire, Keir Starmer, as caidreamh “cairdiúil agus dlúth” a chothú idir Éire agus an Bhreatain. Thug sí cuireadh dó freisin teacht go Béal Feirste an bhliain seo chugainn chun freastal ar Fhleadh Cheoil na hÉireann. Ghabh an Príomh-Aire buíochas léi agus ghuigh sé Lá Fhéile Pádraig sona dóibh siúd a bheadh ag ceiliúradh na féile. Dúirt an SDLP gur gníomh “siombalach” don Ghaeilge é ráiteas a gceannaire.Tá póilíní na Gearmáine sa tóir ar changarú a bhí caillte de réir dealraimh tar éis do thiománaí a chur in iúl go raibh sé ag léimneach síos an bóthar in aice le baile Sebnitz gar don teorainn leis an tSeicia. Tar éis an radharc neamhghnách a fheiceáil, ghlaoigh an tiománaí ar na póilíní agus chuir sé grianghraf chucu mar fhianaise. Ach faoin am a tháinig siad ar an láthair, bhí an cangarú imithe glan. Is beag eolas atá ar fáil faoin ainmhí, a dúirt na póilíní, ach an lá dár gcionn thuairiscigh bean go raibh cangarú áirithe ar iarraidh. In 2023, tharla oibríocht ollmhór póilíneachta i mBeirlín nuair a tuairiscíodh go raibh leon scaoilte ar shráideanna na cathrach. Chuir siad deireadh leis an gcuardach, áfach, tar éis dóibh anailís a dhéanamh ar an bhfíseán agus a thuiscint nach leon a bhí ann, ach torc.taraifí - tariffsfreagraí taidhleoireachta - diplomatic answersar na bacáin - coming soon, in the pipelinecuireadh - invitation

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250202_IRISH__45,000_fos_ag_fanacht_leis_an_gcumhacht_aibhleise

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Feb 2, 2025 4:49


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28lr62n5 Contact: irishlingos@gmail.com 45,000 still waiting for electricity. 45,000 fós ag fanacht leis an gcumhacht aibhléise. The Electricity Supply Board says that only up to 45,000 customers are now left to be reconnected to its network following storm Éowyn. Deir Bord Soláthar an leictreachais nach bhfuil fágtha anois le ceangal ar ais ar a ghréasán i ndiaidh na stoirme Éowyn ach suas le 45,000 custaiméar. He indicated that electrical power has now been restored to up to 723,000 households, farms and businesses. Thug sé le fios go bhfuil an chumhacht aibhléise curtha ina ceart in athuair do suas 723,000 anois idir theaghlaigh,fheirmeacha agus ghnólachtaí. He also says he is doing his best to restore power to the remaining areas that have now been without electricity for over a week. Deir sé freisin go bhfuil sé ar a dhícheall ag iarraidh an chuid eile atá fágtha anois gan leictreachas le breis is seachtain a chur ina gceart. 'Engineers from Britain and other European Union countries are supporting the effort,' he says. 'Tá innealtóirí on Bhreatain agus tíortha eile ón Aontas Eorpach ag tacú leis an iarracht' a deir sé. It is reported that up to 3,000 customers in Northern Ireland are still without electricity since the storm hit the island a week ago last Friday. Tuairiscítear go bhfuil suas le 3,000 custaiméar i dTuaisceart Éireann d'uireasa na cumhachta aibhléise go fóill ó thug an stoirm ropadh faoin oileán seachtain ó Dé hAoine seo caite.

Nuacht Mhall
4 Eanáir 2025 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 4, 2025 5:15


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Eanáir. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá an FBI ag fiosrú mar eachtra sceimhlitheoireachta ionsaí a tharla i gcathair New Orleans, nuair a thiomáin fear trucail isteach trí shlua a bhí ag ceiliúradh na hAthbhliana ar shráideanna na cathrach, agus ansin thosaigh sé ag scaoileadh urchar leo. Maraíodh ar a laghad cúig dhuine dhéag, agus gortaíodh breis is tríocha a cúig duine eile. Ag a ceathrú tar éis a trí ar maidin a tharla an eachtra ar Shráid Bourbon, ceantar mór turasóireachta i gCeathrú Francach na cathrach. Scaoil an tiománaí, a bhí ina shaighdiúir roimhe, le póilíní ansin, agus gortaíodh beirt acu. Scaoil na póilíní leis an tiománaí freisin, agus maraíodh ar an láthair é. Fuarthas bratach ISIS sa trucail. Tá sé ráite ag an FBI go gcreideann siad go raibh an tiománaí ag gníomhú ina aonar. Ar ais in Éirinn, tá feidhm anois le reachtaíocht nua chun déileáil le coireanna áirithe ar fuath is bun leo. Mar shampla, fuath a léiriú do dhaoine ar bhonn cine, datha, claonadh gnéis, inscne nó míchumais. Go dtí seo, bhí Éirinn ar cheann den bheagán ballstát den Aontas Eorpach gan reachtaíocht i gcoinne fuatha. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, go raibh an reachtaíocht nua de dhíth orainn ó bhí méadú de 7.5% ar an líon coireanna fuatha a thaifead na Gardaí i mbliana. Thug sí le fios freisin go raibh an reachtaíocht bunaithe ar thaithí phearsanta daoine, toisc go ndeachaigh a roinn i gcomhairle leis an bpobal sular chruthaigh siad í. Bhí rabhadh buí faoi theocht íseal agus baol seaca i bhfeidhm ar fud na hÉireann Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo. Anois tá sé fógartha ag Met Éireann go leanfar leis an drochaimsir ag an deireadh seachtaine. Tá siad ag tuar go mbeidh an teocht idir aon chéim agus sé chéim Dé Sathairn, agus gur chóir dúinn a bheith ag súil le tuilleadh ráigeanna den bháisteach throm. Chomh maith leis sin, beidh sé níos ísle fiú san oíche, thart ar lúide cúig chéim. Agus ní bheidh an pictiúr ag athrú mórán go luath amach anseo. Is féidir linn a bheith ag súil le haimsir den chineál céanna an tseachtain seo chugainn. Mar sin de, má bhíonn sibh ar na bóithre, bígí cúramach agus tugaigí aire. eachtra sceimhlitheoireachta - act of terrorism an Ceathrú Francach - the French Quarter reachtaíocht - legislation coireanna áirithe ar fuath is bun leo - certain hate crimes rabhadh buí - yellow warning lúide - minus

pr new orleans fbi bourbon bh thug garda agus ean shr helen mcentee gaillimh chomh inniu d haoine d sathairn aontas eorpach nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Aindrias Ó Muíneacháin, T.D.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 24, 2024 6:00


Tá rialacha nua ón Aontas Eorpach le teorainn a chur ar caiteachas na tíre seo ar nós mótarbhealach a thógáil gan teorainn luas a chur i bhfeidhm. Sin a bhí le rá ag Séamus Coffey, Cathaoirleach IFAC, ag cruinniú den choiste um Fhormhaoirsiú Buiséid i dTithe an Oireachtais tráthnóna aréir.

sin coffey aontas eorpach
RTÉ - An Saol ó Dheas
Micheál Ó Conchúir; Seachtain na Réigiúin san Aontas Eorpach

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Oct 9, 2024 7:45


70% do dhlithe na hÉireann a teacht ón Eoraip anois agus tionchar ar chuid mhór do shaol na tíre seo acu dá réir.

miche conch seachtain eoraip aontas eorpach
RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas 9ú Deireadh Fómhair 2024

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Oct 9, 2024 46:58


Sorcha Ní Chatháin;Scoil an Ghleanna. Darrán Ó Droma;Cuisle Ceoil. Máiréad Ní Dhubhda,agus Nioclás Ó Gríoftain; Daoine cnag aosta tiomáint. Seán Uada;Deontas do CLG an tSeana Phobail. Micheál Ó Conchúir; Seachtain na Réigiúin san Aontas Eorpach

miche darr conch clg seachtain scoil saol dhea s uada deireadh f daoine aontas eorpach niocl
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240919_IRISH_cinneadh_faoi_airgead_apple_le_fogairt_sa_bhuisead

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Sep 19, 2024 7:21


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xrpkv67 Contact: irishlingos@gmail.com Decision about Apple money to be announced in the Budget. Cinneadh faoi airgead Apple le fógairt sa Bhuiséad. It is estimated that the Government will set out in the Budget, a week from next Tuesday, how the big tax windfall from Apple will be spent. Meastar go leagfaidh an Rialtas amach sa Bhuiséad, seachtain ón Máirt seo chugainn, conas a chaithfear an t-amhantar mór cánach ó Apple. In a meeting of the Fine Gael parliamentary party last night, Taoiseach Simon Harris indicated that he hoped the Government would have made a decision regarding the money by 1 October. I gcruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael aréir, thug an Taoiseach Simon Harris le fios go raibh súil aige go mbeadh cinneadh déanta ag an Rialtas maidir leis an airgead faoin 1 Deireadh Fómhair. Last week, the European Court of Justice ruled that Apple would have to pay €13 billion in taxes to Ireland, as ordered by the European Union in 2016. An tseachtain seo caite, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach go gcaithfeadh Apple €13 billiún i gcánacha a íoc le hÉirinn, mar a bhí ordaithe ag an Aontas Eorpach in 2016. The money was deposited in an escrow account while the case was ongoing and due to interest it is now worth €14.1 billion. Bhí an t-airgead i dtaisce i gcuntas eascró fad is a bhí an cás ar siúl agus de bharr úis is fiú €14.1 billiún anois é. In last night's meeting, the Taoiseach confirmed that the money would be invested in further developing the State's infrastructure. Sa chruinniú aréir, dheimhnigh an Taoiseach go n- infheisteofaí an t-airgead i mbonneagar an Stáit a fhorbairt tuilleadh. It is understood that he had in mind housing, water and energy infrastructure. Tuigtear gur bonneagar tithíochta, uisce agus fuinnimh a bhí ar intinn aige. The Government has already decided not to make the money available for daily spending or to compensate tax reductions for the Exchequer. Tá sé socraithe cheana féin ag an Rialtas gan an t-airgead a chur ar fáil faoi thuairim caiteachais laethúla ná chun laghduithe cánach a chúiteamh don Státchiste. According to Sinn Féin, however, the public should be given a voice on the issue and wait until after the general election before making any decision about the money. Dar le Sinn Féin, áfach, ba chóir guth a thabhairt don phobal ar an gceist agus fanacht go dtí tar éis an olltoghcháin sula ndéanfaí aon chinneadh faoin airgead. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240902_IRISH_149,200_inimirceach_tagtha_go_heirinn_in_imeacht_bliana

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Sep 2, 2024 17:31


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26r67kmc Contact: irishlingos@gmail.com 149,200 immigrants arrived in Ireland in the course of a year. 149,200 inimirceach tagtha go hÉirinn in imeacht bliana. 149,200 people came to live in this State from abroad during the twelve months between April 2023 and April 2024, according to new figures from the Central Statistics Office. Tháinig 149,200 duine chun cónaithe sa Stát seo ón iasacht i gcaitheamh an dá mhí dhéag idir Aibreán 2023 agus Aibreán 2024, de réir figiúirí nua ón bPríomh- Oifig Staidrimh. That is a 5% increase from 2022-2023 and is the largest number of immigrants to Ireland in one year since 2006-2007. Sin ardú 5 faoin gcéad ó 2022-2023 agus is é an an líon is mó inimirceach a tháinig go hÉirinn in imeacht bliana é ó 2006-2007. Not all of them were foreigners, 30,000 of the 149,200 were emigrants who were returning to their native land. Níor eachtrannaigh iad ar fad, arae aisimircigh a bhí ag filleadh ar an bhfód dúchais ab ea 30,000 den 149,200. 27,000 of them were citizens of other member states of the European Union and 5,400 of them were British citizens. Saoránaigh bhallstáit eile san Aontas Eorpach ab ea 27,000 díobh agus saoránaigh na Breataine ab ea 5,400 díobh. The other 86,800 people were from other countries. Ba as tíortha eile an 86,800 duine eile. According to the Central Statistics Office this is the third year in a row that over 100,000 came to live in Ireland from abroad. Dar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh gurb í seo an tríú bliain as a chéile a tháinig barr ar 100,000 chun cónaithe in Éirinn ón iasacht. The statisticians published today also show that over 69,000 people left the State to live in other countries between April 2023 and April 2024, compared to 64,000 the year before. Léiríonn ar fhoilsigh na staitisteoirí inniu chomh maith gur imigh barr ar 69,000 duine as an Stát le dul chun conaithe i dtíortha eile idir Aibreán 2023 agus Aibreán 2024, i gcomparáid le 64,000 an bhliain roimhe sin. That is the largest number of emigrants since 2014-2015. Sin an líon is mó eisimirceach ó 2014-2015. 34,000 of the 69,000 were Irish citizens. Saoránaigh na hÉireann ab ea 34,000 den 69,000. 10,600 of the 69,000 went to Australia, compared to the 4,700 who headed south- east on that antipodal continent the year before. Ba chun na hAstráile a chuaigh 10,600 den 69,000, i gcomparáid leis an 4,700 a thug a n-aghaidh soir ó dheas ar an mór-roinn antapódach úd an bhliain roimhe sin. 15,200 people left the State to settle in Britain, compared to 14,600 the year before. D'imigh 15,200 duine as an Stát le baint fúthu sa Bhreatain, i gcomparáid le 14,600 an bhliain roimhe sin. At the same time, there was a natural increase in the population; 54,200 children were born and 34,800 people died, which is an increase of 19,400 people. San am céanna, tháing breisiu nádúrtha ar an daonra; saolaíodh 54,200 leanbh agus cailleadh 34,800 duine, ar bhreisiú 19,400 duine é sin. According to the estimates provided by the Central Statistics Office today, the population of the State is getting older. De réir na meastachán a chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh ar fáil inniu, tá daonra an Stáit ag dul in aois. There are 833,300 people aged 65 or over, which is 156,800 more than in 2018. Tá 833,300 duine 65 bliain d'aois nó níos sine, sin 156,800 níos mó ná 2018. There are 55,500 children under twelve months, which is 19,400 less than in 2010. Tá 55,500 leanbh faoi dhá mhí dhéag, sin 19,400 níos lú ná 2010. New information graphic from the Central Statistics Office The percentage of the national population living in Dublin has risen from 27.6% in 2011 to 28.5%. Grafaic eolais nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh Tá an céatadán den daonra náisiúnta atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath ardaithe ó 27.6 faoin gcéad in 2011 go 28.5 faoin gcéad . 1,534,

RTÉ - Adhmhaidin
Eoghan Corry, iriseoir taistil.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 21, 2024 4:00


Tá sé fógraithe ag an Aontas Eorpach go mbeidh ar shaoránaigh de chuid na Breataine iarratas a dhéanamh ar víosa ETIAS le dhul i mbun taistil go 30 tír san Eoraip i 2025.

eoghan eoraip breataine aontas eorpach
RTÉ - Adhmhaidin
John Joe Mac Gearailt, Leas Uachtarán Chumann Feirmeoirí Natura & Cnoic na hÉireann.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 18, 2024 5:32


Tá a mbeannacht tughta ag an Aontas Eorpach do pholasaí faoina gcuirfear rialacha géara i bhfeidhm leis an nádúr a chaomhnú agus a chur ar ais mar a bhí.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240605_IRISH_fograi_breagacha_maidir_leis_an_tir_seo_ceadaithe_ag_tiktok

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jun 5, 2024


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22ofhly8 Contact: irishlingos@gmail.com False ads about this country allowed by TikTok. Fógraí bréagacha maidir leis an tír seo ceadaithe ag TikTok. An investigation by a human rights organization shows that the video sharing platform TikTok has allowed false advertisements regarding electoral matters in this country. Léiríonn fiosrúchán a rinne eagraíocht chearta daonna gur cheadaigh an t-ardán roinnte físeán TikTok fógraí bréagacha maidir le cúrsaí toghcháin sa tír seo. It was with the desire to test TikTok's filtering system that the organization Global Witness sent sixteen ads to the social media containing false information. Ba le fonn córas scagtha TikTok a thástáil a chuir an eagraíocht Global Witness sé fhógra dhéag chuig an meán sóisialta a raibh eolas bréagach iontu. Online and telephone text voting; the voting age; and immigrants being allowed to vote in Ireland – well – the topics presented in the ads. Vótáil ar líne agus i dtéacs teileafóin; an aois vótála; agus cead vótála ag inimircigh in Éirinn – mar dhea – na hábhair a cuireadh i láthair sna fógraí. TikTok approved each and every one of the ads but Global Witness withdrew them before they were published. Cheadaigh TikTok gach uile cheann de na fógraí ach tharraing Global Witness siar iad sular foilsíodh iad. In a statement from TikTok regarding the inquiry, it was claimed that the platform's filtering program recognized that the ads violated the company's policies but were later said to have been mistakenly approved by a staff member. I ráiteas ó TikTok maidir leis an bhfiosrúchán, maíodh gur aithnigh ríomhchlár scagtha an ardáin gur sháraigh na fógraí polasaithe an chomhlachta ach dúradh gur cheadaigh ball foirne iad de dhearmad ina dhiaidh sin. It was also said that the staff member in question had since been retrained and that the company had introduced new practices in relation to political advertisements. Dúradh freisin go raibh athoiliúint curtha ar an mball foirne a bhí i gceist ó shin agus go raibh cleachtais nua tugtha isteach ag an gcomhlacht maidir le fógraí polaitíochta. As part of their investigation, Global Witness also sent false advertisements to YouTube and X. Mar chuid dá bhfiosrúchán, chuir Global Witness fógraí bréagacha chuig YouTube agus X chomh maith. X rejected all of them but YouTube accepted a couple of them. Dhiúltaigh X gach ceann acu ach ghlac YouTube le péire acu. Last February, the Digital Services Act came into force in the European Union which aims to combat biographical and misrepresentation. I mí Feabhra seo caite, tháinig feidhm leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha san Aontas Eorpach a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic le bréagaisnéis agus le mífhaisnéis. Global Witness said they were to make an official complaint to the European Commission about the false ads being allowed. Dúirt Global Witness go raibh siad le gearán oifigiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach faoi na fógraí bréagacha a bheith ceadaithe. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Nuacht Mhall
18 Bealtaine 2024 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 19, 2024 5:05


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.  Rinneadh ionsaí ar Phríomhaire na Slóvaice Dé Céadaoin agus é taobh amuigh de chultúrlann i mbaile beag darb ainm Haldlova, i ndiaidh cruinniú a bhí aige. Tuairiscíodh gur lámhachadh ceithre huaire é agus gabhadh an té a rinne an t-ionsaí lámhaigh air ar láthair na coire. Gortaíodh go dona Príomh-Aire Fico agus dúradh go raibh sé ag streachailt leis an bhás, ach tar éis cúig uair faoi obráid, go raibh drochbhail sheasmhach air. Sa tSlóvaic agus san Aontas Eorpach, is pearsa conspóideach é Fico, mar gheall ar a éilimh chun deireadh a chur le cúnamh míleata don Úcráin agus stop a chur leis na smachtbhannaí eacnamaíochta ar an Rúis. Tá taighde nua foilsithe ag Údarás na Gaeltachta, ina léirítear go bhfuil an líon teaghlach sa Ghaeltacht ag méadú níos gasta ná an líon tithe, agus is mó tithe atá folamh i gceantair Ghaeltachta ná mar atá go náisiúnta. Ón bhliain 2016, tharla méadú 6% ar an líon teaghlach sa Ghaeltacht, agus níor tharla ach méadú 5% ar líon na dtithe. Bhí an taighde bunaithe ar Dhaonáireamh 2022 agus b'é an Dr Séin Ó Muineacháin a rinne é. Fuair an taighdeoir amach gurb iad na contaetha Gaeltachta na contaetha ina bhfuil an líon is mó tithe saoire in Éirinn, go háirithe i gContae Chiarraí agus i gContae Dhún na nGall. Dúirt Údarás na Gaeltachta go mbeadh tábhacht leis an taighde seo agus tithíocht na Gaeltachta á forbairt acu, agus go bhfuil breis tithíochta de dhíth ar na ceantair Ghaeltachta.  Oíche Dé hAoine seo caite, bhí radharc draíochtúil ann nuair a bhí na Saighneáin nó na Gealáin Thuaidh le feiceáil ar fud an domhain, agus an Eoraip san áireamh. Bhí Na Saighneáin dathúla le feiceáil mar gheall ar an stoirm gheomaighnéadach ba mhó a bhuail an domhan leis na cianta agus cuireadh amach rabhadh annamh grianstoirme, toisc go raibh baol dochair ann ar an eangach leictreachais, bonneagar, agus satailítí. Tá seans ann gur thig linn Na Saighneáin a fheiceáil arís i mbliana agus an ghrian ag barr a gníomhaíochta timthrialla i láthair na tréimhse seo. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ionsaí lámhaigh - shooting attack láthair na coire - the crime scene taighde - research de dhíth - needed stoirm gheomaighnéadach - geomagnetic storm eangach leictreachais - electricity grid

pr dc fico sl bh phr gaeilge bealtaine gaeltachta conradh ngall ghaeltacht londain tuairisc inniu eoraip ghaeltachta d haoine aontas eorpach nuacht mhall
Nuacht Mhall
3 Feabhra 2024 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 3, 2024 5:49


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 3ú lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dheimhnigh an DUP go bhfillfeadh siad thar n-ais ar Stormont an tseachtain seo tar éis margaidh a dhein siad le Rialtas na Breataine. Ní raibh forais Stormont ina seasamh le dhá bhliain anuas ó tharraing an DUP amach astu mar gheall ar an margadh trádála déanta idir Rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach. Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go raibh sé sásta go mbeadh “áit Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe sábháilte de bharr a bhfuil geallta ag Rialtas na Breataine”. De réir an mhargaidh nua, beidh níos lú seiceálachacustaim ar earraí a sheoltar ón mBreatain agus a choinnítear sa Tuaisceart. Is cosúil go dtiocfaidh feisirí Thionól Stormont le chéile Dé Sathairn agus go mbeidh Michelle O'Neill óShinn Féin ina Céad-Aire de bharr thorthaí an toghcháin dheireanaigh. Seo an chéad uair a bheidh náisiúnaí ina Chéad-Aire ó bunaíodh Tuaisceart Éireann. Tá sé deimhnithe ag an Aontas Eorpach €50 billiún breise a thabhairt don Úcráin tar éis cruinniú éigeandála sa Bhruiséil an tseachtain seo. Bhí Príomh-Aire na hUngáire, Viktor Orbán, i gcoinne níos mó tacaíochta a chur ar fáil don Úcráin roimh an Nollaig, ach d'athraigh sé a mheon le linn an chruinnithe. Ba chóir go mbeadh gach cinneadh déanta d'aon ghuth san Aontas Eorpach agus mar sin, bhí fíor-thábhachtacht ag baint le cinneadh Orbán. Beidh an t-airgead seo riachtanach don Úcráin chun a seirbhísí agus a geilleagar a choinneáil slán. Tá géarghá le maoiniú ag an Úcráin tar éis dhá bhliain ag troid in aghaidhfhórsaí na Rúise agus an méid díobhála atá déanta sa tír ó thosaigh an cogadh. Ceiliúradh Lá Fhéile Bríde (nó Imbolc) Déardaoin agus beidh lá saoire bainc in Éirinn Dé Luain, an dara huair riamh a bheidh lá saoire ann chun onóir a thabhairt don Naomh agus don mBandia. Bhí an Taoiseach Leo Varadkar sa Bhruiséil an tseachtain seo, áit ar bhuail sé le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola. Tar éis a gcruinnithe, scríobh Metsolateachtaireacht i nGaolainn ar na meáin shóisialta inar ghuigh sí beannachtaí na Féile Bríde ar mhuintir na hÉireann. Beidh roinnt imeachtaí ar siúl le linn an deireadh seachtaine chun ómós a dhéanamh do Bhríd: mar shampla, beidh mórshiúl i gCluain Dolcáin Dé Domhnaigh ina mbeidh daoine gléasta mar chleamairí agus mar Bhríd, an Naomh agus an Bandia págánach. Beidh oilithreacht go dtí Tobar Bhríde, atá suite sa cheantar chomh maith, ar an Luan. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS margadh trádála - trade deal Céad-Aire - First Minister cruinniú éigeandála - emergency meeting geilleagar - economy ómós - homage, respect cleamairí - strawboys, biddy boys, mummers

pr seo aire hung tar bh viktor orban orb dup luan gaeilge stormont roberta metsola nollaig taoiseach leo varadkar bhr ceili l fh conradh jeffrey donaldson beidh aontaithe inniu heorpa londain bhruis rialtas d domhnaigh breataine d luain d sathairn aontas eorpach nuacht mhall
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240112_IRISH_taoiseach_ar_cuairt_dha_la_chuig_iarthar_na_mbalcan

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jan 12, 2024 9:31


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yvk3uw3q Contact: irishlingos@gmail.com Taoiseach on a two-day visit to the Western Balkans. Taoiseach ar cuairt dhá lá chuig Iarthar na mBalcán. Taoiseach Leo Varadkar is in Kosovo today for talks about that country's application for membership in the European Union. Tá an Taoiseach Leo Varadkar sa Chosaiv inniu le haghaidh comhráite faoin iarratas atá déanta ag an tír sin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach. The Taoiseach is discussing the issue with Kosovo's political leaders in the capital Pristina as part of a two-day visit to three countries in the Western Balkans. Tá an Taoiseach ag plé na ceiste le ceannairí polaitiúla na Cosaive sa phríomhchathair Pristine mar chuid de chuairt dhá lá atá sé a thabhairt ar thrí thír in Iarthar na mBalcán. Tomorrow, the Taoiseach will go to Podgairítse, the capital of Montenegro, and after that to Skopje, the capital of North Macedonia, where he will have conversations with politicians in those two countries about their application for membership in the European Union. Amárach, rachaidh an Taoiseach go dtí Podgairítse, príomhchathair Mhontainéagró, agus ina dhiaidh sin go dtí Scóipé, príomhchathair na Macadóine Thuaidh, mar a mbeidh comhráite aige le polaiteoirí sa dá thír sin faoin iarratas atá déanta acu féin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach. Matters of peace and security in the region will also be discussed in the joint talks, especially in light of the war in Ukraine. Beidh cúrsaí síochána agus slándála sa réigiún faoi chaibidil sna comhchainteanna freisin, go háirithe i bhfianaise an chogaidh san Úcráin. This afternoon, the Taoiseach will visit the thirteen members of the Defense Forces who are stationed in Pristina as part of an international peacekeeping mission in Kosovo led by the North Atlantic Treaty Organization. Tráthnóna inniu, rachaidh an Taoiseach ar cuairt chuig na trí chomhalta dhéag d'Óglaigh na hÉireann atá ar fiannas i bPristine mar chuid de mhisean idirnáisiúnta síochánaíochta sa Chosaiv a bhfuil Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh ina cheann. Leo Varadkar will also speak to members of the Garda Síochána who are on duty in Kosovo as part of the European Union's 'rule of law' mission. Labhróidh Leo Varadkar freisin le comhaltaí den Gharda Síochána atá ar fiannas sa Chosaiv mar chuid de mhisean 'riail an dlí' an Aontais Eorpaigh. The Irish Government is in favor of granting membership of the European Union to Kosovo, Montenegro and North Macedonia, and the Taoiseach will be advising the politicians of those countries on the best way to speed up the process. Tá Rialtas na hÉireann i bhfabhar ballraíocht san Aontas Eorpach a lamháil don Chosaiv, do Mhontainéagró agus don Mhacadóin Thuaidh, agus beidh an Taoiseach ag cur comhairle ar pholaiteoirí na dtíortha sin faoin dóigh is fearr le dlús a chur leis an bpróiseas. He will be recommending them, above all, to amend and improve their governance policies. Beidh sé ag moladh dóibh, thar aon ní eile, a gcuid polasaithe rialachais a leasú agus a fheabhsú. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20231223_IRISH_dlithe_nua_inimirce_le_cur_i_bhfeidhm_san_aontas_eorpach_in_2024

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Dec 23, 2023 12:41


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yw6md5tm Contact: irishlingos@gmail.com New immigration laws to be implemented in the European Union in 2024. Dlíthe nua inimirce le cur i bhfeidhm san Aontas Eorpach in 2024. The member states of the European Union have reached an agreement on new immigration laws. Tá ballstáit an Aontais Eorpaigh tagtha ar chomhaontú maidir le dlíthe nua inimirce. In the wee hours of the morning, after a long wait, executives from the member states and the European Parliament made the deal. I dtráthanna beaga na maidine, tar éis dóibh suiochán fada a dhéanamh, a rinne feidhmeannaigh ó na ballstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa an margadh. According to the new laws, the various tasks related to bringing immigrants into the European Union will be shared more evenly between all the member states. De réir na ndlíthe nua, roinnfear níos cothroime feasta idir na ballstáit uile na cúraimí éagsula a bhaineann le hinmircigh a thabhairt isteach san Aontas Eorpach. The new laws relate first of all to the care that will be given to immigrants on their arrival; secondly with residence permit applications; and thirdly which member states will have those duties from case to case. Baineann na dlíthe nua ar an gcéad dul síos leis an aire a thabharfar d'inimircigh ar theacht dóibh; ar an dara dul síos le hiarratais ar chead cónaithe; agus ar an tríú dul síos le cé na ballstáit a mbeidh na curaimí sin orthu ó chás go cás. One of the proposed aims is to limit the number of immigrants who will be admitted to the European Union. Teorainn a chur leis an líon inimirceach a ligfear isteach san Aontas Eorpach is ea ceann d'aidhmeanna a bhfuil beartaithe. In fact, people in need of international asylum will be screened in more detail from other migrants who are not in such great need and from migrants who are believed to endanger the security of the Union. Go deimhin, scagfar níos mine feasta daoine a bhfuil tearmann idirnáisiunta de dhíth orthu ó imircigh eile nach bhfuil i ngátar chomh mór sin agus ó imircigh a chreidtear a d'fheadfadh slándáil an Aontais a chur i gcontúirt. That provision has been criticized by migrant rights groups, however, who say that many refugees will be stranded and left on the empty beach along the borders of the European Union as a result. Tá an fhoráil sin cáinte ag grúpaí cearta imirceach, ámh, a deir go mbeidh go leor teifeach sáinnithe agus fágtha ar an trá fholamh taobh le teorainneacha an Aontais Eorpaigh dá bhíthin. About 255,000 immigrants have come to the Union so far this year; that's a big drop from 2015, when it topped a million. Thart ar 255,000 inimirceach atá tagtha chun an Aontais go dtí seo i mbliana; sin laghdú mór ó 2015, tráth a tháinig barr ar mhilliún. They arrive in small boats from Africa, and they first visit Malta and Italy. Is i mbáid bheaga ón Afraic a thagann a mbunáite, agus is ar Mhálta agus ar an Iodáil a thugann siad aghaidh ar an gcéad dul síos. Although it was tried to divide the various tasks between all the member states before, no good was done because countries in Eastern Europe were not willing to accept people who had landed in the Mediterranean countries. Cé gur féachadh leis na cúraimí éagsúla a roinnt idir na ballstáit ar fad roimhe seo, ní dhearnadh aon mhaith mar nach raibh tíortha in Oirthear na hEorpa sásta glacadh le daoine a bhí tagtha i dtír i dtíortha na Meánmhara. However, according to the new system, if immigrants are rejected before they must be compensated. De réir an chórais nua, áfach, má dhiúltaítear roimh inimircigh caithfear a chúiteamh. Member States that are not on the edge of the European Union will now have the option of accepting immigrants from other member states or putting money into a special fund. Ballstáit nach bhfuil ar imeall an Aontais Eorpaigh, beidh rogha acu feasta glacadh le hinimircigh ó bhallstáit eile nó airgead a ch...

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20231214_IRISH_an_ucrain,_gaza_le_ple_ag_ceannairi_an_aontais_eorpaigh

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Dec 14, 2023 10:35


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yrnpa2dt Contact: irishlingos@gmail.com Ukraine, Gaza to be discussed by the leaders of the European Union. An Úcráin, Gaza le plé ag ceannairí an Aontais Eorpaigh. Taoiseach Leo Varadkar will participate in a summit meeting of the leaders of the European Union in Brussels today and tomorrow where financial support for Ukraine and the crisis in Gaza will be among the major issues that will be discussed there. Beidh an Taoiseach Leo Varadkar rannpháirteach i gcruinniú mullaigh de cheannairí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil inniu agus amárach a mbeidh tacaíocht airgeadais don Úcráin agus an ghéarchéim in Gaza i measc na mórcheisteanna a bheas faoi chaibidil ann. The leaders intended to allocate €50 billion in financial aid to Ukraine in order to keep essential services and the economy of that country going for the next four years. Bhí sé i gceist ag na ceannairí cabhair airgeadais €50 billiún a lamháil don Úcráin le rún seirbhísí riachtanacha agus geilleagar na tíre sin a choinneáil ag imeacht as seo go ceann ceithre bliana. It was also to be confirmed that the negotiations on the introduction of Ukraine into the European Union would begin soon. Bhíothas lena dhearbhú freisin go gcuirfí tús gan mhoill leis an idirbheartaíocht faoin Úcráin a thabhairt isteach san Aontas Eorpach. Hungarian Prime Minister Viktor Orban has indicated, however, that he will veto those two resolutions of the other leaders. Tá sé tugtha le fios ag Príomh-Aire na hUngáire Viktor Orban, áfach, go gcuirfidh sé cros in aghaidh dhá rún sin na gceannairí eile. Viktor Orban doesn't often pull a team and other European Union leaders view him as a loner. Ní tharraingíonn Viktor Orban le foireann go minic agus breathnaíonn ceannairí eile an Aontais Eorpaigh air mar sheargánach. In fact, the European Commission is withholding €30 billion in funding going to Hungary because of the 'sovereign' policies of that country's government, if any. Go deimhin, tá an Coimisiún Eorpach ag coinneáil siar maoiniú €30 billiún atá ag dul don Ungáir mar gheall ar na polasaithe 'tiarnúla' atá ag rialtas na tíre sin, má tá. Even so, as part of the political back and forth before the summit, the European Commission last night approved €10 billion of those €30 billion to be made available to Hungary immediately. Ina dhiaidh sin féin, mar chuid den anonn is anall polaitiúil roimh an gcruinniú mullaigh, cheadaigh an Coimisiún Eorpach aréir €10 mbilliún de na €30 biilliún sin a chur ar fáil don Ungáir láithreach. Viktor Orban has been accused by some of the other leaders, however, of blackmailing him. Tá sé curtha i leith Viktor Orban ag cuid de na ceannairí eile, ámh, gur dúmhál atá ar bun aige. In relation to Gaza, the Taoiseach and several other leaders will ask for a ceasefire to be implemented there for the sake of humanity. I dtaca le Gaza, iarrfaidh an Taoiseach agus roinnt ceannairí eile sos comhraic a chur i bhfeidhm ann de ghrá na daonnúlachta. It is unlikely that this request will be successful, however, since the most powerful member states voted against the same resolution in the United Nations General Assembly last night. Ní dóichí go mbeidh aon rath ar an iarratas sin, áfach, ó vótáil na ballstáit is cumhachtaí in aghaidh an rúin chéanna i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe arú aréir. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20231104_IRISH_bearta_iosrael_’nios_cosula_le_dioltas_na_le_feinchosaint

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Nov 4, 2023 14:48


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ythsftet Contact: irishlingos@gmail.com "Measures of Israel "Bearta Iosrael 'níos cosúla le díoltas ná le féinchosaint". The Taoiseach says that Israel's self-defense is not the only thing going on in Gaza at the moment, but that it is like taking revenge. Deir an Taoiseach nach féinchosaint Iosrael amháin atá ar bun i nGaza faoi láthair, ach gur cosúla é le díoltas bheith á bhaint amach. Leo Varadkar made this speech as Israeli ground troops surrounded Gaza City this morning. Rinne Leo Varadkar an chaint seo tráth a bhí trúpaí talún de chuid Iosrael ag timpeallú chathair Gaza ar maidin. He believes, the Taoiseach said, that Israel, like any other state, has the right to defend itself and that they have the right to go after Hamas so that they cannot do this again. Creideann sé, a dúirt An Taoiseach go bhfuil cead ag Iosreal, fearacht stát ar bith eile, í féin a chosaint agus an ceart acu dul i ndiaidh Hamas le nach féidir leo é seo a dhéanamh arís. "People should never forget", he added, "that this started with the Hamas attack on Israel in which 1,400 people were killed". "Níor cheart do dhaoine dearmad a dhéanamh go brách", a dúirt sé freisin, "gur le hionsaí Hamas ar Iosrael inar maraíodh 1,400 duine a thosaigh sé seo". "But it's not just self-defense that I'm seeing right now", said Leo Varardkar," but something that is going towards revenge, and that's not where we should be now, and that's not the way that Israel will maintain its freedom and security for the future". "Ach ní hí an fhéinchosaint amháin atá á fheiceáil agam faoi láthair", a dúirt Leo Varardkar," ach rud éigin atá ag dul i dtreo an díoltais, agus ní hé sin an áit ar cheart dúinn bheith anois, agus ní hé sin an bealach a mbuanóidh Iosrael a saoirse agus a slándáil don todhchaí". "Israel listens to the countries it considers to be its friends and allies, such as the United States", he said, "but I'm not sure, frankly, that they listen carefully to what we tell them." "Éisteann Iosrael leis na tíortha a mheasann sí atá ina gcairde agus ina gcomhghuaillithe lei, ar nós na Stát Aontaithe", a dúirt é,"ach nílim cinnte, le fírinne, go n-éisteann siad go cúramach lena ndeir muid leo." He said despite this that this would not stop this State from taking a position as members of the United Nations and the European Union. Dúirt sé ina ainneoin sin nach stopfadh sé sin an Stát seo ó sheasamh a ghlacadh mar bhaill de na Náisiúin Aontaithe agus den Aontas Eorpach. Leo Varadkar admitted that Israel would not regard Ireland as close friends like the likes of the United States and Germany. D'admhaigh Leo Varadkar nach mbreathnódh Iosrael ar Éirinn mar dhlúthchairde ar nós leithéidí na Stát Aontaithe agus na Gearmáine. He also promised that the State would increase the humanitarian relief for Palestine. Gheall sé freisin go méadódh an Stát an fhóirithint dhaonnúil don Phailistín. The Taoiseach was speaking to reporters in South Korea this morning. Bhí an Taoiseach ag labhairt le tuairisceoirí sa Choiré Theas ar maidin. The Israeli Embassy in Dublin later said in a statement that Israel is 'acting within international law' and that they are 'taking drastic measures to avoid killing civilians' The Embassy admitted that there has been strong criticism by the Taoiseach and the Tánaiste on Hamas 'since the beginning of the war'. Dúirt Ambasáid Iosrael i mBaile Átha Cliath i ráiteas ina dhiaidh sin go bhfuil Iosrael 'ag gníomhú taobh istigh den dlí idirnáisiúnta' agus go bhfuil 'bearta as cuimse á nglacadh acu chun marú sibhialtach a sheachaint' D'admhaigh an Ambasáid go bhfuil cáineadh láidir déanta ag An Taoiseach agus ag An Tánaiste ar Hamas 'ó thús an chogaidh'. The statement said that Hamas must release all 242 Israeli hostages, and that it should always be 'remembered that it was Hamas that started all this' and that 'rocket...

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20231102_IRISH_iosrael_cainte_go_laidir_ag_an_tanaiste_faoi_ollmharu_leanai

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Nov 2, 2023 10:05


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yrdxvvrx Contact: irishlingos@gmail.com Israel strongly criticized by the Tánaiste for mass killing of children. Iosrael cáinte go láidir ag an Tánaiste faoi ollmharú leanaí. The Minister of Foreign Affairs, Tánaiste Micheál Martin, has said that he is horrified by the high number of people killed in the bombing attack carried out by Israeli forces on the Jabalia refugee camp in northern Gaza yesterday. Tá sé ráite ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, go bhfuil uafás air faoin líon ard daoine a maraíodh san ionsaí buamála a rinne fórsaí Iosrael ar champa teifeach Jabalia i dtuaisceart Gaza inné. In a statement, Micheál Martin said that the Irish Government had said frankly and often that although the Israelis have the right to defend themselves they must comply with International Humanitarian Law. I ráiteas, dúirt Micheál Martin go raibh sé ráite go neamhbhalbh agus go minic ag Rialtas na hÉireann cé go bhfuil sé de cheart ag na hIosraelaigh iad féin a chosaint nach mór dóibh cloí leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta. That means, he said, that a distinction must be made (between military and civilians), and that action must be taken according to needs, proportionately and carefully. Ciallaíonn sé sin, arsa sé, go gcaithfear idirdhealú a dhéanamh (idir lucht airm agus sibhialtaigh), agus go gcaithfear gníomhú de réir riachtanais, go comhréireach agus go cúramach. Civilians must also be protected, he said. Caithfear sibhialtaigh a chosaint freisin, a dúirt sé. As the Secretary General of the United Nations, António Guterres, said Micheál Martin, International Humanitarian Law cannot be applied on a selective basis. Mar a dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, arsa Micheál Martin, ní féidir an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm ar bhonn roghnach. He also said in his statement that the United Nations revealed yesterday that more children have been killed in Gaza since October 7 than have been killed in conflicts around the world combined since 2019. Dúirt sé ina ráiteas chomh maith gur thug na Náisiúin Aontaithe le fios inné gur maraíodh níos mó páistí in Gaza ón 7 Deireadh Fómhair ná mar a maraíodh i gcoimhlintí ar fud an domhain le chéile ó 2019. We cannot allow this to continue, it must be stopped, he said. Ní féidir linn ligean dó seo leanúint ar aghaidh, caithfear deireadh a chur leis, arsa sé. The Tánaiste said that ceasefires should be implemented, humanitarian aid allowed into Gaza and exit routes opened, as recommended by the European Union. Dúirt an Tánaiste gur cheart sosanna comhraic a chur i bhfeidhm, cabhair dhaonnúil a ligean isteach in Gaza agus bealaí amach as a oscailt, mar atá á mholadh ag an Aontas Eorpach. We can't wait any longer, he said. Ní féidir linn fanacht níos faide, arsa sé. RTÉ News and Current Affairs Palestinian girl injured in a bombing attack by Israeli forces on Khan Younis, Gaza, 30 October 2023 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Cailín Palaistíneach a gortaíodh in ionsaí buamála a rinne fórsaí Iosrael ar Khan Younis, Gaza, 30 Deireadh Fómhair 2023

RTÉ - Adhmhaidin
Aodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Próiseálaithe Éisc na hÉireann.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 30, 2023 4:51


Cuirfear tús leis na cainteanna idir ionadaithe ón Aontas Eorpach agus ó na tíortha Nordacha an tseachtain seo chun teacht ar chomhaontú faoina gcuótaí éisc do 2024.

aodh domhnaill aontas eorpach cuirfear
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230428_IRISH_cogadh_sa_tsudain:_50,000_leanbh_ar_a_laghad_fior-mhichothaithe

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 28, 2023 11:35


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/255cxov5 Contact: irishlingos@gmail.com War in Sudan: "At least 50,000 children severely malnourished". Cogadh sa tSúdáin: "50,000 leanbh ar a laghad fíor-mhíchothaithe". The World Health Organization says only 16% of health facilities are functioning in Sudan's capital, Khartoum, due to the destruction caused by the war between two military gangs in the country. Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach bhfuil ach 16 faoin gcéad de shaoráidí sláinte ag feidhmiú i bpríomhchathair na Súdáine, Cartúm, mar gheall ar an scrios atá déanta ag an gcogaíocht idir dhá dhrong mhíleata sa tír. On top of that, diseases are spreading, food and water are scarce and it is only possible that more people will die under those circumstances, it is said. Ar a mhuin sin, tá galair á scaipeadh, tá bia agus uisce gann agus ní féidir ach go bhfaighidh tuilleadh daoine bás faoi réir na gcúinsí sin, a deirtear. In fact, it is reported that around 50,000 children who are severely malnourished have been treated medically so far and there is no thought that this will be the end. Go deimhin, tuairiscítear go bhfuil cóireáil leighis curtha go dtí seo ar thart ar 50,000 leanbh atá fíor-mhíchothaithe agus gan aon cheapadh gurb in é a dheireadh. A three-day ceasefire that was put in place at the beginning of the week will end this afternoon, and although there is talk of extending it, it is not clear whether the two sides agree on that. Tiocfaidh deireadh tráthnóna le sos comhraic trí lá a cuireadh i bhfeidhm i dtús na seachtaine, agus cé go bhfuil caint ar shíneadh a chur leis níl sé soiléir an bhfuil an dá thaobh ar aon intinn faoi sin. In any case, the ceasefire was breached in places and there were clashes yesterday in the suburbs of Khartoum, in the neighboring city of Omdurman and in the Darfur region close to the border with Chad in western Sudan. Ar aon chuma, sáraíodh an sos comhraic in áiteanna agus bhí caismirtí inné i mbruachbhailte Chartúm, i gcathair chomharsanachta Omdurman agus i réigiún Darfur gar don teorainn le Sead in iarthar na Súdáine. Many people are fleeing the war and the United Nations estimates that 270,000 refugees could seek refuge in Chad and South Sudan. Tá an draoi daoine ag teitheadh ón gcogaíocht agus measann na Náisiúin Aontaithe go bhféadfadh 270,000 dídeanaí tearmann a lorg i Sead agus sa tSúdáin Theas. According to the latest figures, 88 Irish citizens and their families have so far been evacuated from Sudan with the assistance of various countries in the European Union. De réir na bhfigiúrí is deireanaí, tá 88 saoránach Éireannach agus a dteaghlaigh aslonnaithe go dtí seo ón tSúdáin le cúnamh ó thíortha éagsúla san Aontas Eorpach. Since the conflict began on April 15, it is estimated that over 500 people have been killed, that almost 4,200 have been killed and that millions have been left in need. Ó thosaigh an choimhlint ar an 15 Aibreán, áirítear gur maraíodh os cionn 500 duine, gur donaíodh beagnach 4,200 agus go bhfuil na milliúin fágtha ar an ngannchuid. It is said that matters have now gathered from head to head for the fifteen million people in Sudan who were already dependent on humanitarian aid. Deirtear go bhfuil cúrsaí bailithe ó mhaoil go mullach anois do na cúig mhilliún déag duine sa tSúdáin a bhí ag brath ar chabhair dhaonnúil cheana féin. Disagreement between the leader of Sudan, General Abdel Fattah al-Burhan, and the deputy leader, Mohamed Hamdan Dagalo, is the cause of the fighting. Easaontas idir cheannaire na Súdáine, an Ginearál Abdel Fattah al-Burhan, agus an leascheannaire, Mohamed Hamdan Dagalo, is cionsiocair leis an gcomhrac. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230424_IRISH_cosc_molta_ar_usaid_tiktok_ar_ghleasanna_oibre_fostaithe_poibli

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 24, 2023 11:51


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/248a2tzb Contact: irishlingos@gmail.com Proposed ban on the use of TikTok on the work devices of public employees. Cosc molta ar úsáid TikTok ar ghléasanna oibre fostaithe poiblí. Taoiseach Leo Varadkar has said that he understands that concerns have been expressed about how information collected on TikTok is used and how it is passed on. Tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go dtuigeann sé go bhfuil imní léirithe faoin gcaoi a n-úsáidtear eolas a bhailítear ar TikTok agus faoin tslí a gcuirtear ar aghaidh é. He was speaking in Cork, after the National Cyber Security Center advised government departments and state organizations that TikTok should not be allowed on the work devices of public employees. Ag caint i gCorcaigh a bhí sé, tar éis don Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála comhairle a chur ar ranna rialtais agus eagraíochtaí stáit nár chóir TikTok a cheadú ar ghairis oibre fostaithe poiblí. The use of TikTok was recently banned on public works devices in the United Kingdom, the European Union and the United States. Cuireadh cosc ar úsáid TikTok le gairid ar ghléasanna oibrithe poiblí sa Ríocht Aontaithe, san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe. TikTok is owned by a Chinese company and concerns have been expressed around the world about cyber security on the platform. Is le comhlacht de chuid na Síne é TikTok agus tá imní léirithe ar fud an domhain maidir le cibearshlándáil ar an ardáin. Coming on the heels of the ban in other countries, the government in Ireland announced a few months ago that they were to seek fresh advice on the issue and the National Cyber Security Center undertook a technical assessment of TikTok. Ag teacht sna sála ar an gcosc sna tíortha eile, d'fhógair an rialtas in Éirinn cúpla mí ó shin go raibh siad le comhairle úr a lorg ar an gceist agus thug an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála faoi mheasúnú teicniúil ar TikTok. The Taoiseach indicated, however, that it must be recognized that the company ByteDance, which owns TikTok, provides a lot of investment for this country and that the company employs many people in Ireland. Thug an Taoiseach le fios, áfach, go gcaithfear a aithint go gcuireann an comhlacht ByteDance, gur leosan TikTok, go leor infheistíochta ar fáil don tír seo agus go bhfuil go leor daoine fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn. But even so, he said, expert advice cannot be ignored. Ach mar sin fhéin, a dúirt sé, ní féidir neamhaird a thabhairt ar chomhairle saineolaithe. According to the advice of the Cyber Security Centre, TikTok should not be placed on public workstations, unless it is absolutely necessary, from the point of view of the organization's business. De réir chomhairle an Lárionaid Chibearshlándála, níor chóir TikTok a chur ar ghairis oibirthe poiblí, ach amháin sa gcás go bhfuil géarghá ag baint leis, ó thaobh ghnó na heagraíochta de. That advice is in line with the ban put in place by the European Commission. Tá an chomhairle sin ag teacht leis an gcosc atá curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach. In a statement today, TikTok expressed its disappointment at the announcement and said it had not been contacted before the decision was made. I ráiteas inniu, thug TikTok le fios gur údar díomá é an fógra seo agus dúirt siad nach ndearnadh aon teagmháil leosan sular glacadh an cinneadh. The concern about the amount of information that the authorities in China have access to through TikTok is intensifying. Tá ag géarú ar an imní faoin méid eolais go bhfuil fáil ag na húdaráis sa tSín air trí TikTok. To alleviate that concern, TikTok said they would be willing to store European user data in two data centers in Dublin and a third in Norway. Chun an imní sin a mhaolú, dúirt TikTok go mbéidís toilteanach sonraí úsáideoirí na hEorpa a stóráil i ndá ionad sonraí i mBaile Átha Cliath agus sa tríú hionad san Iorua.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230329_IRISH_sciuradh_airgid:_suil_ag_an_rialtas_udaras_nua_a_bhunu_in_eirinn

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Mar 29, 2023 8:00


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2hgxt9bg Contact: irishlingos@gmail.com Money laundering: the Government hopes to establish a new authority in Ireland. Sciúradh airgid: súil ag an Rialtas údarás nua a bhunú in Éirinn. The Minister for Finance Michael McGrath has declared that the Government will ask the European Union to locate a new authority to combat money laundering in Ireland over any other member state. Tá sé dearbhaithe ag an Aire Airgeadais Michael McGrath go n-iarrfaidh an Rialtas ar an Aontas Eorpach údarás nua atá le dul i ngleic le sciúradh airgid a lonnú in Éirinn thar aon bhallstát eile. The Anti-Money Laundering Authority is to be formally established next year but no headquarters have been chosen yet. Tá an tÚdarás um Fhrith-Sciúradh Airgid le bunú go foirimiúil an bhliain seo chugainn ach níl aon cheanncheathrú roghnaithe fós. It is said to be a very powerful authority whose aim will be to ensure compliance with laws relating to money laundering and terrorist financing. Deirtear gur údarás an-chumhachtach a bheas ann a mbeidh sé mar aidhm aige a chinntiú go gcomhlíonfar na dlíthe a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. The authority will focus primarily on the financial services sector. Is ag díriú ar an earnáil seirbhísí airgeadais a bheas an t-údarás ar gcéad dul síos. The new authority will employ hundreds of people in various fields and will require experts in governance, technology, administration and business. Beidh na céadta duine fostaithe i réimsí éagsúla ag an údarás nua agus beidh saineolaithe i gcúrsaí rialachais, teicneolaíochta, riaracháin agus gnó ag teastáil. Regarding its headquarters, Michael McGrath says that Ireland has an advantage over other member states because there is already a large financial services sector and plenty of fully qualified workers in this country. Maidir le ceanncheathrú de, deir Michael McGrath go bhfuil buntáiste ag Éirinn ar bhallstáit eile de bhrí go bhfuil earnáil mhór seirbhísí airgeadais agus neart oibrithe láncháilithe sa tír seo cheana féin. Those, he says, without mentioning the good reputation we have in terms of governance and administration. Iad sin, a deir sé, gan trácht ar an dea-cháil atá orainn ó thaobh rialachais agus riaracháin de. Eight other member states are competing, however, and it is expected that the winner's place will be announced later this year. Tá ocht mballstát eile san iomaíocht, ámh, agus meastar gur amach sa bhliain a fhógrófar áit an áidh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Nuacht Mhall
4 Márta 2023 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 4, 2023 6:31


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Ar an seachtú lá is fiche de mhí Feabhra d'fhógair Rishi Sunak “Creatlach Windsor” – leagan nua de phrótacal Thuaisceart Éireann a comhaontaíodh tar éis ceithre mhí d'idirbheartaíocht leis an Aontas Eorpach. Tugann an comhaontú “coscán éigeandála” do rialtas na Ríochta Aontaithe ar dhlíthe nua an Aontais Eorpaigh a chuirfear i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann má chuireann polaiteoirí sa chúige ina gcoinne. Cruthaíonn sé lána glas nua freisin do thrádálaithe, a bhaineann an teorainn le haghaidh earraí tomhaltóra as Muir Éireann, ag laghdú na riachtanas maidir le páipéarachas agus seiceálacha agus dualgais eile. Beidh seiceanna fós ag teastáil le haghaidh earraí sa lána dearg. Glacadh go dearfach leis an margadh go ginearálta cé is moite de lucht an Bhreatimeachta agus baill áirithe den Pháirtí Aontachtach Daonlathach, Ian Paisley ina measc. D'fháiltigh rialtas na hÉireann roimhe mar “chaibidil nua” sa chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley go raibh sí ag cur moill ar na pleananna chun roinnt scrúduithe na hArdteistiméireachta a bhogadh go dtí an cúigiú bliain. Bhí sé i gceist go ndéanfaí an cinneadh bunaidh sa bhliain fiche fiche agus bhí sé i gceist an brú a mhaolú ar scoláirí na hArdteistiméireachta trína gcuid scrúduithe a scaipeadh thar thréimhse dhá bhliain. Tá cur síos déanta ag Aontas Múinteoirí Éireann ar an gcinneadh mar “fhorbairt fháilteach” ar an mbonn nár cuireadh bunús an togra i láthair riamh. Dúirt Ms Foley nár léirigh sé seo nach mbeadh athruithe eile ag dul ar aghaidh mar chuid den athbhreithniú níos leithne ar an Ardteistiméireacht. Áiríodh sna pleananna níos leithne seo, daichead faoin gcéad de na marcanna ag teacht ó mheascán d'obair thionscadail, ó scrúdú cainte agus ó chleachtaí praiticiúla agus bunú “scoileanna líonra” a sheolfadh ábhair nua ar nós drámaíochta, scannánaíochta agus staidéar amharclainne. Tá Raidió na Gaeltachta ag leanúint lena chomóradh caoga bliain le roinnt ceolchoirmeacha a bheith ar siúl ar fud na tíre. Bhí ceann acu ar siúl an tseachtain seo caite in Amharclann Ghaoth Dobhair agus beidh dhá cheann eile ar siúl an mhí seo chugainn i gConamara agus i mBaile Bhúirne. Nuair a seoladh an stáisiún den chéad uair bhailigh sé taifeadtaí de mhuintir na hÉireann, cartlann luachmhar de chuid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh. Inniu craolann sé raon ábhar lena n-áirítear spórt, ceol agus nuacht. Rinne Údarás Craolacháin na hÉireann taighde le déanaí freisin a thug le tuiscint go mbeadh an seans ann go n-éistfeadh tríocha ocht faoin gcéad de dhaoine idir cúig bliana déag agus tríocha a ceathair le stáisiún nua Gaeilge ar an gcoinníoll go gcloisfeadh sé ‘an ceol ceart, go gclúdódh sé ceisteanna atá tábhachtach don spriocghrúpa, agus d'fhéadfadh sé go mbeadh sé saor ó fhógraí.' * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS creatlach - framework earraí tomhaltóra - consumer goods an Ardteistiméireacht - the Leaving Cert obair thionscadail - project work cartlann luachmhar - valuable archive coinníoll - condition

pr foley bh dempsey muir mh inni rinne gaeilge ian paisley gaeltachta conradh beidh nuair aontaithe londain inniu tugann luimneach gconamara aontas eorpach dtuaisceart aontais eorpaigh nuacht mhall
Nuacht Mhall
25 Feabhra 2023 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Feb 25, 2023 5:16


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá vótáil ar siúl sa Nigéir inniu sa toghchán uachtaránachta is iomaíche a tharla le blianta fada. De ghnáth, bíonn dhá pháirtí mhóra san iomaíocht - Comhdháil na bhForasaithe Uile (APC) agus Páirtí Daonlathach an Phobail (PDP) - ach i mbliana tá ag éirí go maith le Páirtí an Lucht Oibre. Síltear go bhfuil daoine óga atá ag vótáil den chéad uair i bhfabhar iarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre, Peter Obi, go háirithe i ndeisceart na tíre. Don té a thabharfaidh an lá leis, beidh a lán dúshlán aige. Tá fadhbanna ann le hathdhearadh an airgeadra, chomh maith le cúrsaí geilleagair, fostaíochta agus slándála. Táthar ag súil go bhfógrófar na torthaí laistigh de chúpla lá. Scaoileadh póilín ar an Ómaigh oíche Dé Céadaoin. Ní raibh an Bleachtaire Príomhchigire John Caldwell ar dualgas ag an am; bhí sé ag cur liathróidí i mbúit a chairr tar éis seisiún peile le daoine óga, agus bhí a mhac in aice leis ag an am. Chuaigh Caldwell faoi scian ach tá a bheatha fós i mbaol. Meastar gurb iad easaontóirí poblachtacha atá taobh thiar den ionsaí, agus tá cúigear fear faoi choimeád na bpóilíní sa chontae faoi láthair. Tháinig ceannairí na gcúig pháirtí mhóra le chéile chun an t-ionsaí a cháineadh. Is fada ó chonacthas le chéile iad ach de réir tuairiscí is cosúil go bhfuil margadh nua maidir le Prótacal an Tuaiscirt aontaithe ag an Ríocht Aontaithe agus an Aontas Eorpach. Chuige seo, dúirt an DUP nach rachaidís ar ais i dTionól Thuaisceart Éireann gan margadh níos fearr. Cothram an deiridh seachtaine seo bliain ó shin a chuir an Rúis tús leis an ionradh san Úcráin. Ón am sin, tá na mílte marbh agus níl aon chosúlacht ar an scéal go mbeidh deireadh leis an chogadh gan mhoill, cé go bhfuil Uachtaráin an dá thír ag maíomh go mbeidh an bua acu go luath. Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden cuairt ar Chív le linn na seachtaine, rud nach raibh daoine ag súil leis, agus d'eisigh Rialtas na Síne páipéar maidin Dé hAoine ina ndéantar éileamh ar chainteanna síochana ach deirtear fosta go bhfuil an tSín ag smaoineamh ar airm a thabhairt do na Rúisigh. San Úcráin féin, eisíodh stampa nua ar a bhfuil íomhá de mhúrphictiúr de chuid Banksy agus na litreacha FCK PTN. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS iarrthóir - candidate athdhearadh an airgeadra - currency redesign ar dualgas - on duty easaontóirí poblachtacha - republican dissidents ionradh - invasion múrphictiúr - mural

pr dc banksy ts nig dup gaeilge peter obi uachtar john caldwell conradh aontaithe londain inniu comhdh eoghain d haoine rialtas aontas eorpach tuaiscirt nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Rónán McCrea , Ollamh le Dlí bunreachtúil agus Eorpach

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 22, 2023 7:32


Dúirt Leas-Uachtarán an Aontas Eorpach Maroš Šefcovic inné cé go raibh an chuma ar an scéal go raibh ceann scríbe bainte amach ag an Aontas Eorpach agus an Bhreatain sna cainteanna faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann nach raibh an margadh déanta fós.

agus phr mccrea eorpach bhreatain aontas eorpach
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230102_IRISH_an_chroit_nios_rannphairti_san_aontas_eorpach_o_inniu

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jan 2, 2023 10:31


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2jm8u7t3 Contact: irishlingos@gmail.com Croatia more involved in the European Union from today. An Chróit níos rannpháirtí san Aontas Eorpach ó inniu. Two major new policies apply in Croatia from today which make the country even more closely related to the European Union than it has been until now. Tá feidhm sa Chróit ó inniu le dhá mhórbheartas nua a fhágann go bhfuil an tír níos dlúthbhaintí fós leis an Aontas Eorpach ná mar a bhí go dtí seo. The euro has been the official currency of Croatia since midnight and it is now one of only a handful of countries participating in the eurozone. Is é an euro airgeadra oifigiúil na Cróite ón meán oíche agus tá sí anois ar cheann de scór tíortha atá páirteach sa limistéar euro. In addition, Croatia is now one of the 27 European countries participating in the Schengen Agreement. Chomh maith leis sin, tá an Chróit anois ar cheann den 27 tír Eorpach atá páirteach i gComhaontú Schengen. Citizens of those countries have free travel permission in each other's countries, according to the Schengen Agreement. Tá saorchead taistil ag saóranaigh na dtíortha sin i dtíortha a chéile, de réir Chomhaontú Schengen. Croatia has been a member state of the European Union for ten years and it is claimed that it would be better able to fight inflation now that it is participating in the eurozone. Tá an Chróit ina ballstát den Aontas Eorpach le deich mbliana agus maítear gur fearr a bheas sí in ann dul i ngleic leis an mboilsciú anois ó tá sí rannpháirteach sa limistéar euro. But as with other European countries, food and fuel prices in Croatia have risen dramatically since Russia invaded Ukraine ten months ago. Ach an oiread le tíortha eile na hEorpa, tá praghsanna bia agus breosla sa Chróit ardaithe as cuimse ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin deich mí ó shin. The inflation rate in Croatia was 13.5% in November, compared to 10% in the euro area. 13.5 faoin gcéad a bhí sa ráta boilscithe sa Chróit i mí na Samhna, i gcomórtas le 10 faoin gcéad sa limistéar euro. However, many people in Croatia believe that the major European countries - France and Germany in particular - will benefit the most from Croatia's membership in the eurozone. Mar sin féin, creideann go leor daoine sa Chróit gurb iad tíortha móra na Eorpa - an Fhrainc agus an Ghearmáin go háirithe - gurb iad na tíortha sin is mó a bhainfeas tairbhe as ballraíocht na Cróite sa limistéar euro. On the contrary, the hospitality sector is very happy with the free travel permit and it is expected that there will be a renewed boom in tourism in Croatia because of it. Os a choinne sin, tá an earnáil fáilteachtais an-sásta leis an saorchead taistil agus táthar ag súil go mbeidh borradh as an nua faoin turasóireacht sa Chróit dá bhíthin. Heavy security will always be in place, however, in the east of the country along the border with Bosnia-Herzegovina, Serbia and Montenegro. Beidh dianslándáil i bhfeidhm i gcónaí, áfach, in oirthear na tíre feadh na teorann leis an mBoisnia-Heirseagaivéin, an tSeirbia agus Montainéagró. This is a big challenge since the border is 1,350 kilometers long. Is mór an dúshlán an méid sin ó tá an teorainn 1,350 ciliméadar ar a fad.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20221217_IRISH_fainic_curtha_ag_an_aontas_eorpach_ar_elon_musk

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Dec 17, 2022 11:12


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2evduwp5 Contact: irishlingos@gmail.com The European Union has been wary of Elon Musk. Fainic curtha ag an Aontas Eorpach ar Elon Musk. Elon Musk has been warned by the European Union after he suspended several journalists from Twitter. Tá fainic curtha ag an Aontas Eorpach ar Elon Musk tar éis dó roinnt iriseoirí a chur ar fionraí ó Twitter. The European Union says it could face sanctions under new media legislation, and that this suspension is worrying. Deir an tAontas Eorpach go bhféadfaí smachtbhannaí a chur air faoi reachtaíocht nua faoi na meáin, agus gur díol imní é an fionraí seo. Commissioner Very Jourova expressed this on Twitter herself, saying that she was concerned that journalists were being suspended 'irregularly' and that this was a violation of media freedom and fundamental rights. Ar Twittter féin a chuir an coimisinéir Very Jourova é seo in iúl, á rá gur chuir sé imní uirthi go raibh iriseoirí ar fionraí ' go dírialta' agus gur sárú é seo ar shaoirse na meán agus ar chearta bunúsacha. Elon Musk could expect sanctions soon. D'fhéadfadh Elon Musk bheith ag súil le smachtbhannaí go luath. Twitter suspended the accounts of several well-known journalists after they wrote about the company's new owner, Elon Musk. Chuir Twitter cuntaisí roinnt iriseoirí aitheanta ar fionraí tar éis dóíbh scríobh faoi úinéir nua an chomhlachta, Elon Musk. He said, in a tweet, that the ban on publishing personal information applied to everyone, including journalists. Dúirt seisean, i tvuít, gur bhain an cosc ar eolas pearsanta a fhoilsiú le gach duine, iriseoirí san áireamh. This is widely known as doxxing. Doxxing an téarma a thugtar air seo go forleathan. It was personal knowledge to publish information about the affairs of his private plane on social media, as the @elonjet account did. An t-eolas pearsanta a bhí i gceist é faisnéis faoi chúrsaí a eilteáin phríobháidigh a fhoilsiú ar na meáin shóisialta, mar a rinne an cuntas @elonjet. This is information published by the Federal Aviation Authority about the course of each private plane. Faisnéis é seo a fhoilsíonn an Federal Aviation Authority faoi chúrsa gach eitleán príobháideach. Musk accused the account of having his son's car attacked as a result of this information being published. Chuir Musk i leith an chuntais go ndearnadh ionsaí ar charr a mhic de bharr an eolais seo bheith foilsithe. Other accounts were subsequently suspended although it does not appear that they published this information again. Cuireadh cuntais eile ar fionraí ina dhiaidh sin cé nach léir gur fhoilsigh siadsan an fhaisnéis seo arís. One of those is Kerry Donie O'Sullivan, who is a well-known CNN correspondent. Ar dhuine díobh sin tá an Ciarraíoch Donie O'Sullivan, atá ina chomhfhreagraí aitheanta ag CNN. The account of Mastodon, the social media company promoting itself as an alternative to Twitter, was also suspended. Cuireadh cuntas Mastodon ar fionraí freisin, an comhlachct meán sóisialta atá á chur féin chun cinn mar rogha eile in ionad Twitter. Musk said in April that he was buying Twitter to preserve and protect international freedom of speech. Mhaigh Musk thiar mí Aibreáin go raibh sé ag ceannach Twitter le cead cainte idirnáisiúnta a chaomhnú agus a chosaint. Shortly after taking over the company, he invited former President Trump back on stage. Go gairid i ndiaidh dó dul i mbun an chomhlachta, thug sé cuireadh ar ais ar an árdán don iar-Uachtarán Trump.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20221214_IRISH_uisce_faoi_thalamh:_thar_am_coras_eitice_an_ae_a_leasu

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Dec 14, 2022 14:55


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2hd55rg3 Contact: irishlingos@gmail.com Groundwater: "time to reform the EU ethics system". Uisce faoi thalamh: "thar am córas eitice an AE a leasú". The vast majority of the members in the European Parliament voted for the resolutions of the Greek member Eva Kaili to be removed from her position as the deputy president of the parliament in light of allegations of corruption being made against her. Vótáil formhór mór na bhfeisirí i bParlaimint na hEorpa ar son rúin an feisire Gréagach Eva Kaili a chur as a post mar leasuachtarán na parlaiminte i bhfianaise líomhaintí faoi chaimiléireacht a bheith curtha ina leith. 625 members voted for the resolution, one voted against it and two others abstained. 625 feisire a vótáil ar son an rúin, vótáil duine ina aghaidh agus staon beirt eile. Eva Kaili has already had other tasks in the previous parliament. Tá cúraimí eile a bhí ar Eva Kaili sa pharlaimint roimhe seo bainte di cheana féin. Eva Kaili is one of four people arrested by police in Belgium last weekend while investigating allegations of corruption in the European Parliament. Tá Eva Kaili ar dhuine de cheathrar a ghabh póilíní sa Bheilg an deireadh seachtaine seo caite agus líomhaintí faoi éillitheacht i bParlaimint na hEorpa á bhfiosrú acu. The story relates to reports that the State of Qatar gave bribes to certain people - both money and gifts - in the hope that those people would lobby on behalf of Qatar in the institutions of the European Union. Baineann an scéal le tuairiscí gur thug Stát Chatar breabanna do dhaoine áirithe - idir airgead agus bhronntanais - le súil go ndéanfadh na daoine sin stocaireacht ar son Chatar i bhforais an Aontais Eorpaigh. The residences of several members of parliament and people associated with them have been searched by the police since last Friday, and they have since confiscated a million euros in cash. Tá áiteanna cónaithe roinnt feisirí parlaiminte agus daoine atá bainteach leo cuardaithe ag na póilíní ón Aoine seo caite, agus tá bordaithe ar mhilliún euro in airgead tirim coigistithe acu ó shin. However, it was not said whether Eva Kaili's residence was among them. Ní dúradh, áfach, an raibh áras cónaithe Eva Kaili ina measc. She and the other three are still in custody and are due to appear in court for a preliminary hearing tomorrow. Tá sí féin agus an triúr eile fós faoi choinneáil agus tá siad le tabhairt os comhair cúirte le haghaidh réamhéisteachta amárach. Yesterday, the president of the European Parliament Roberta Metsola claimed that she believed that underground water was being created and that an attempt was being made to undermine the European Union. Inné, mhaígh uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola gur chreid sí go raibh uisce faoi thalamh á dhéanamh agus go rabhthas ag iarraidh an bonn a bhaint den Aontas Eorpach. She promised to set up an internal inquiry into it. Gheall sí fiosrúchán inmheánach ina thaobh a bhunú. Eva Kaili's lawyer has said that his client is not and had nothing to do with cheating. Tá sé ráite ag dlíodóir Eva Kaili nach bhfuil agus nach raibh aon bhaint ag a chliant le caimiléireacht. Eva Kaili visited Qatar shortly before the start of the Soccer World Cup in that country last month. Thug Eva Kaili cuairt ar Chatar go gairid sular cuireadh tús le Corn Sacair an Domhain sa tír sin an mhí seo caite. While she was there, she praised the country's authorities for what they had done for workers' rights. Fad is a bhí sí ann, mhol sí údaráis na tíre faoina raibh déanta acu ar son cearta oibrithe. The same praise came from her many times while speaking in the European Parliament. Tháinig an moladh céanna uaithi go minic agus í ag labhairt i bParlaimint na hEorpa. European Union Ombudsman Emily O'Reilly has indicated that the allegations of corruption show that the EU's ethics system can be fundamentall...

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20221202_IRISH_von_der_leyen:_an_eoraip_faoi_chomaoin_ag_eirinn

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Dec 2, 2022 13:38


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2p4a485e Contact: irishlingos@gmail.com Von der Leyen: "Europe owes Ireland". Von der Leyen: "an Eoraip faoi chomaoin ag Éirinn". The President of the European Commission Ursula von der Leyen claimed that there would be no "hard border" in Ireland and she said that it was necessary to ensure that the single market continued to function north and south. Mhaígh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen nach mbeadh aon "teorainn chrua" in Éirinn agus dúirt sí go gcaithfí a chinntiú go leanfadh an margadh aonair air ag feidhmiú thuaidh agus theas. In a speech she gave to the Irish Dála Deputies and Senators this afternoon, Ursula von der Leyen indicated that Britain's departure from the European Union would not prevent reconciliation in Ireland. In óráid a thug sí uaithi faoi dhreich Theachtaí Dála agus Sheanadóirí Éireann tráthnóna, thug Ursula von der Leyen le fios nach gcuirfeadh imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, nach gcuirfeadh sé bac leis an athmhuintearas in Éirinn. She also promised that the European Union would uphold the Good Friday Agreement. Gheall sí freisin go seasfadh an tAontas Eorpach le Comhaontú Aoine an Chéasta. Speaking from the seat of the Head of Council in Dáil Éireann, she suggested that if the State of Ireland and the European Union were on one side and Britain on the other, if they were happy with all the sensitive issues (related to Citizenship) to take into account, that a sound compromise could be reached. Ag labhairt di ó ionad an Chinn Chomhairle i nDáil Éireann, thug sí le tuiscint dá mbeadh Stát na hÉireann agus an tAontas Eorpach ar thaobh amháin agus an Bhreatain ar an taobh eile, dá mbeidís sásta na ceisteanna íogaire ar fad (a bhaineann le Breatimeacht) a chur san áireamh, go bhféadfaí teacht ar chomhréiteach fónta. Ursula von der Leyen also said that the contact she had so far with British Prime Minister Rishi Sunak, gave her courage for the time to come. Dúirt Ursula von der Leyen freisin gur thug an teagmháil a bhí aici go dtí seo le Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak, gur thug sé misneach di faoin am atá le teacht. Citing former SDLP leader John Hume as her authority, she claimed that the European Union was an institution that both helped and adopted people. Agus iarcheannaire an SDLP John Hume á thabhairt mar údarás aici, mhaígh sí gur foras é an tAontas Eorpach a thug idir chúnamh agus uchtach do dhaoine. She highly praised this country and said that "the other countries of Europe respect Ireland more than any other country." Mhol sí go hard an tír seo agus dúirt go bhfuil "an-mheas ag tíortha eile na hEorpa ar Éirinn thar aon tír eile." She continued to make a white mouth with us and claimed that we are "evangelical, faithful to our history, open and free-spirited in relation to our destiny." Lean sí uirthi ag déanamh an bhéil bháin linn agus mhaígh go bhfuilimid "soicheallach, dílís dár stair, oscailte agus saorbhreathach maidir lena bhfuil i ndán dúinn." "Europe is better with Ireland as part of it and, indeed, Europe owes Ireland," she said. "Is fearrde an Eoraip Éire mar chuid di agus, go deimhin, tá an Eoraip faoi chomaoin ag Éirinn," ar sí. However, there is no rose without a thorn, and Ursula von der Leyen also drew attention to our leadership, as she said. Níl rós gan deilgín, áfach, agus tharraing Ursula von der Leyen aird chomh maith ar ár gceanndánacht, mar a dúirt sí. As it happens, this characteristic, she said, is needed to support Ukraine and for Europe to become independent from Russian gas and oil. Mar a tharlaíonn sé, teastaíonn an tréith seo, arsa sí, le tacú leis an Úcráin agus le gur féidir leis an Eoraip a bheith neamhspleách feasta ar ghás agus ola na Rúise. Afterwards, she again praised "this green island" about the progress we have made in relation to wind energy. Ina dhiaidh sin,

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20221117_IRISH_toirmeasc_curtha_ar_an_taoiseach_dul_isteach_sa_ruis

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Nov 17, 2022 9:03


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2o997cva Contact: irishlingos@gmail.com The Taoiseach has been banned from entering Russia. Toirmeasc curtha ar an Taoiseach dul isteach sa Rúis. The Russian Government has banned Taoiseach Micheál Martin from entering that country in retaliation for the sanctions imposed by the European Union on Russia. Tá toirmeasc curtha ag Rialtas na Rúise ar an Taoiseach Micheál Martin dul isteach sa tír sin in éiric ar na smachtbhannaí atá curtha ag an Aontas Eorpach ar an Rúis. The Russians have similarly banned several other politicians and senior Irish civil servants - including Tánaiste Leo Varadkar, Foreign Affairs Minister Simon Coveney, and Justice Minister Helen McEntee. Tá an toirmeasc céanna curtha ag na Rúisigh ar roinnt polaiteoirí eile agus ar státseirbhísigh shinsearacha na hÉireann - an Tánaiste Leo Varadkar, an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, agus an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee ina measc. The Russian Department of Foreign Affairs indicated that the banning order had been issued against a total of 52 Irish executives. Thug Roinn Gnóthaí Eachtracha na Rúise le fios gur eisíodh an t-ordú toirmisc i leith 52 feidhmeannach Éireannach san iomlán. The Russians said the Irish Government was involved in an anti-Russian propaganda campaign "at the behest of Brussels." Dúirt na Rúisigh go raibh Rialtas na hÉireann páirteach i bhfeachtas bolscaireachta frith-Rúiseach "ar ordú na Bruiséile." They also claimed that the Government was looking to reduce bilateral cooperation between Ireland and Russia, and marginalize Russia internationally. Mhaígh siad freisin go raibh an Rialtas ag féachaint le comhoibriú déthaobhach idir Éire agus an Rúis a laghdú, agus an Rúis a imeallú go hidirnáisiúnta. According to the Russians, the people of this country are being incited (by the Government), one of the consequences of which was the attack on the Russian Embassy in Dublin last March. Dar leis na Rúisigh go bhfuil pobal na tíre seo á ghríosadh (ag an Rialtas), arbh é an t-ionsaí ar Ambasáid na Rúise i mBaile Átha Cliath i mí an Mhárta seo caite ar cheann dá iarmhairtí. The Taoiseach said in the Dáil that the situation had come back to haunt him and that he had been banned from entering Russia "it's a new situation". Dúirt an Taoiseach sa Dáil gur tháinig an scéal aniar aduaidh air agus gur "cor nua é" toirmeasc a bheith curtha air dul isteach sa Rúis. He claimed it was "part of the general propaganda war" being waged by the Russians. Mhaígh sé gur "cuid den chogadh bolscaireachta ginearálta" atá ar bun ag na Rúisigh a bhí ann. Deputy Dáil Neale Richmond suggested closing the Russian Embassy in Ireland because of the banning order but the Taoiseach said it was necessary to be prudent in a situation like this. Mhol an Teachta Dála Neale Richmond Ambasáid na Rúise in Éirinn a dhúnadh mar gheall ar an ordú toirmisc ach dúirt an Taoiseach gur gá a bheith stuama i gcás mar seo.

RTÉ - Adhmhaidin
Aodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Táirgeoirí Éisc na hÉireann

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 24, 2022 4:25


Dóchasach go mbainfidh Roinn na Mara tairbhe go luath as an maoiniú atá ar fáil ón Aontas Eorpach le cuidiú le hiascairí na tíre seo íoc as costas ard breosla.

aodh domhnaill roinn aontas eorpach
Nuacht Mhall
8 Deireadh Fómhair 2022 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Oct 8, 2022 4:21


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail. Bhí níos mó ná cúig mhíle duine i láthair ag imeacht plé maidir le todhchaí na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'eagraigh grúpa neamhbhrabúis darb ainm Ireland's Future an t-imeacht, a tharla sa 3arena i mBaile Átha Cliath agus bhí neart aoichainteoirí ann, idir pholaiteoirí agus daoine eile mór le rá. De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is féidir le Rúnaí Stáit do Thuaisceart Éireann reifreann a fhógairt más léir go bhfuil níos mó ná leath an phobail sa Tuaisceart i bhfabhar Éireann Aontaithe. Meastar go bhfuil níos mó suime san athrú anois mar gheall ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus mar gheall ar an líon Caitliceach sa Tuaisceart a bheith níos airde ná an líon Protastúnach den chéad uair. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar an údar Francach Annie Ernaux an tseachtain seo. Rinneadh tagairt don "mhisneach agus géire thomhaiste lena nochtann sí bunchúiseanna, coimhthíos agus srianta comhchoiteanna na cuimhne pearsanta." Is í Ernaux, a scríobhann saothair neamhfhicsin chomh maith le húrscéalta, an chéad scríbhneoir Francach a bhain an Duais ó bhí 2014 ann. Rugadh agus tógadh sa Normainn i dtuaisceart na Fraince í. Gheobhaidh Ernaux ciste de bheagnach milliún euro don duais, a bhronntar gach bliain ar an té a chruthaigh sárshaothar "i dtreo idéalach." Tá domhan na fichille trína chéile faoi láthair mar gheall ar thuairisc a d'fhoilsigh chess.com. Rinneadh fiosrúchán ar ardmháistir fichille ó Mheiriceá, Hans Niemann, tar éis líomhaintí a bheith curtha ina leith maidir le caimiléireacht sa spórt. Fuarthas go bhfuil an chuma air gur úsáid Niemann inneall fichille chun suas le céad cluiche a bhaint, cluichí a raibh duais airgid acu san áireamh. É sin ráite, baineann na líomhaintí le cluichí ar líne amháin agus tá cead fós ag Niemann leanúint ar aghaidh i gCraobhchomórtas Fichille na Stát Aontaithe, atá ar siúl in Saint Louis faoi láthair. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS grúpa neamhbhrabúis - non-profit group aoichainteoirí - guest speakers géire thomhaiste - clinical acuity srianta comhchoiteanna - collective restraints ardmháistir fichille - chess grandmaster líomhaintí - allegations caimiléireacht - cheating

pr future ireland saint louis bh niemann gaeilge hans niemann litr conradh cliath mbaile duais aontaithe londain mheirice inniu deireadh f eoghain fraince aontas eorpach nuacht mhall
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20220930_IRISH_airi_fuinnimh_an_aontais_eorpaigh_le_bualadh_lena_cheile_inniu

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Sep 30, 2022 9:41


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2zrojr9z Contact: irishlingos@gmail.com European Union energy ministers to meet today. Airí fuinnimh an Aontais Eorpaigh le bualadh lena chéile inniu. The European Union's energy ministers are to meet today to discuss the crisis in that sector. Tá airí fuinnimh an Aontais Eorpaigh le bualadh lena chéile inniu chun plé a dhéanamh ar an ngéarchéim san earnáil sin. They intend to vote on a windfall tax on the huge profits of future energy companies. Tá sé i gceist acu vótáil ar cháin amhantair a ghearradh ar bhrábúis mhóra na gcomhlachtaí fuinnimh feasta. A wind tax and a cap on prices are among the policies proposed in Brussels last week, with the aim of mitigating the large and sudden increase in the price of energy. Tá cáin amhantair agus teorainn ar phraghsanna i measc na mbeartas a moladh sa mBruiséil an tseachtain seo caite, féachaint leis an ardú mór agus tobann atá tagtha ar phraghas fuinnimh a mhaolú. There is a risk that Europe is facing an economic recession due to this crisis. Tá baol ann go bhfuil cúlú eacnamaíochta i ndán don Eoraip de bharr na géarchéime seo. Among the windfall taxes under discussion, it is proposed that any additional profits earned by fossil fuel companies during 2022 and 2023 would be taxed more than the profits they earned during other years. I measc na gcánacha amhantair atá faoi chaibidil, moltar go ngearrfaí cáin sa mbreis ar aon bhrábús sa mbreis a bheas tuillte ag comhlachtaí breosla iontaise le linn 2022 agus 2023, i gcomparáid leis na brabúis a thuill siad le linn blianta eile. It is also recommended that there be a mandatory 5% reduction in energy use during peak pricing periods. Moltar freisin go mbeadh laghdú éigeantach 5 faoin gcéad ar úsáid fuinnimh le linn buaicthréimhsí praghsála. Diplomats have expressed confidence that the energy ministers will vote for the wind taxes today. Tá muinín léirithe ag taidhleoirí go vótálfaidh na hairí fuinnimh ar son na gcánacha amhantair inniu. But that still leaves the issue of the price cap; a proposal that Germany is completely opposed to. Ach fágann sin go fóill ceist na caidhpe praghais; moladh a bhfuil an Ghearmáin glan ina choinne. Leaders from fifteen European Union countries - including France, Italy and Poland - called on Brussels this week to propose a cap on wholesale gas prices to tackle rising inflation. . D'iarr ceannairí ó chúig thír déag san Aontas Eorpach - An Fhrainc, an Iodáil agus an Pholainn ina measc - ar an mBruiséil an tseachtain seo teorainn ar phraghsanna mórdíola gáis a mholadh chun dul i ngleic leis an ráta boilscithe, atá ag méadú de shíor. But the governments in Germany and Iceland say that countries in the European Union would have difficulties attracting suppliers, if there was a limit on the price they can pay. Ach deir na rialtais sa nGearmáin agus san Ísletír go mbeadh deacrachtaí ag tíortha san Aontas Eorpach soláthróirí a mhealladh, dá mbeadh teorainn ar an bpraghas gur féidir leo a íoc.

RTÉ - Adhmhaidin
An tOllamh Ronan McCrea, Coláiste na hOllscoile, Londain

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Sep 16, 2022 5:42


Tá rialtas na Breataine tar éis litir a sheoladh chuig an Aontas Eorpach dhá rá go leanfar ar aghaidh le haistriú earraí áirid idir na Sé Chontae agus an Bhreatain gan iad a sheiceáil ag an teorainn.

iste mccrea londain bhreatain breataine aontas eorpach
RTÉ - Barrscéalta
Tomas Ó Muireadaigh, ón bhrúghrúpa Pobal Ar An Teorann in Éadan imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Sep 6, 2022 12:27


Beidh Príomh-Aire úr na Breataine Liz Truss ag gabhail i mbun a cuid dualgais ura inniu, tuairimí Tom faoi na dúshláin atá os a comhair.

aire breataine aontas eorpach
RTÉ - Barrscéalta
Máirín Uí Fhearraigh, Chomharchumann na nOileán Beag.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Aug 24, 2022 6:06


Beidh seisiún eolais dírithe ar scéim Forbartha Fiontair an Eacnamaíocht Ghlas a cuireadh ar bun mar gheall ar imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar siúl tráthnóna inniu i nGaoth Dobhair.

beidh beag noile breataine aontas eorpach ngaoth dobhair
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20220713_IRISH_buisead_na_bhforsai_cosanta_le_hardu_go_€1.5_billiun_faoi_2028

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jul 13, 2022 10:03


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ygzd4nj Contact: irishlingos@gmail.com Defense Forces budget to increase to € 1.5 billion by 2028. Buiséad na bhFórsaí Cosanta le hardú go €1.5 billiún faoi 2028. The cabinet has agreed to increase the budget for the Defense Forces, Defense Forces, to € 1.5 billion by 2028. Tá sé aontaithe ag an gcomh-aireacht go n-ardófar an buiséad do na Fórsaí Cosanta, Óglaigh na hÉireann, go dtí €1.5 billiún faoin mbliain 2028. Under the new budget, low grade allowances will be increased from € 89 per week to € 5,000 per year. Faoin mbuiséad nua, ardófar liúntais dóibh sin atá ar ghrád íseal ó €89 in aghaidh na seachtaine go dtí €5,000 in aghaidh na bliana. Minister Coveney said today that the Government's decision would be the biggest decision for the Defense Forces ever and one of the biggest things he has done since he started dealing with politics. Dúirt an tAire Coveney inniu go mbeadh an cinneadh Rialtais ar an gcinneadh is mó do na Fórsaí Cosanta riamh agus ceann do na rudaí is mó a bheidh déanta aige féin ó thosaigh sé ag plé le cúrsaí polaitíochta. The Commission wants this target to be achieved by 2030 but the Minister aims to have the funding available two years earlier, in 2028. Tá an Comisiún ag iarraidh go mbainfí an sprioc seo amach faoin mbliain 2030 ach tá sé mar aidhm ag an Aire an maoiniú a bheith ar fáil dhá bhliain roimhe sin, i 2028. Defense Minister Simon Coveney said that every country in the European Union was looking to increase its Defense resources and this country must do so. Dúirt an tAire Cosanta Simon Coveney go raibh gach tír san Aontas Eorpach ag féachaint le cur lena gcuid acmhainní Cosanta agus go gcaithfidh an tír seo amhlaidh a dhéanamh. He said that although Ireland is a neutral country, that does not mean that the country is safe. Dúirt sé cé go gur tír neodrach í Éire, ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an tír sábháilte. Richard Boyd Barrett of the Community for Profit Alliance said he welcomed the improvement in wages but said it was hard to believe that the Government was going to spend money on military equipment when it is failing to tackle the cost of living. . Dúirt Richard Boyd Barrett ón gComhaontas Pobal seachas Brabús go gcuireann sé fáilte roimh fheabhsú ar chúrsaí pá ach deir sé go bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil an Rialtas le hairgead a chaitheamh ar threalamh míleata nuair atá ag teipeadh orthu dul i ngleic leis an gcostas maireachtála. Labor Party Defense Spokesman Senator Mark Wall said at least 3,000 additional workers will be needed to implement the plan announced today. Dúirt Urlabhraí Cosanta Pháirtí an Lucht Oibre, an Seanadóir Mark Wall go mbeidh 3,000 oibrí breise ar a laghad ag teastáil chun an plean a fógraíodh inniu a chur i bhfeidhm. Defense Forces budget to be raised by Minister for Defense to € 1.5 billion by 2028 Buiséad na bhFórsaí Cosanta le hardú ag an Aire Cosanta go €1.5 billiún faoin mbliain 2028

RTÉ - Adhmhaidin
Máirtín Ó Tuairisg, Oifigeach Forbartha Réigiúnach, Bord Iascaigh Mhara

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 6, 2022 4:54


Deir an tOifigeach Forbartha Réigiúnach le Bord Iascaigh Mhara go bhfuil an-deis ag comhlachtaí i gConamara tairbhe a bhaint as Scéim Forbartha Fiontraíochta an Bhreatimeachta, atá fógartha ag an Aontas Eorpach.

bord deir gconamara aontas eorpach
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20220625_IRISH_taispeantas_faoin_gcogadh_cathartha_sna_ceithre_cuirteanna

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jun 25, 2022 13:11


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29q2ab9r Contact: irishlingos@gmail.com An exhibition about the Civil War in the Four Courts. Taispeántas faoin gCogadh Cathartha sna Ceithre Cúirteanna. On June 28, 1922, the Civil War broke out when the IRA's anti - treaty forces were attacked by temporary government forces. Ar an 28 Meitheamh 1922, cuireadh tús leis an gCogadh Cathartha nuair a rinne fórsaí an rialtais shealadaigh ionsaí ar fhórsaí frithchonartha an IRA. The anti-contract forces had been stationed in the Four Courts in Dublin since the previous April and had control of the place. Bhí na fórsaí frithchonartha curtha fúthu sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath ón Aibreán roimhe sin agus smacht acu ar an áit. An exhibition with a digital app was launched in the Four Courts today to commemorate that fateful battle. Seoladh taispeántas a bhfuil aip dhigiteach ag dul leis sna Ceithre Cúirteanna inniu chun comóradh a dhéanamh ar an gcath cinniúnach úd. Dublin-based historian Lorcan Collins is best known for setting up The 1916 Walking Rebellion Tour, and says it is impossible to say whether it was right: "Michael Collins only had six weeks to negotiate with Lloyd George, who was British Prime Minister at the time. Tá cáil ar an staraí Lorcan Collins i mBaile Átha Cliath faoin turas treoraithe The 1916 Walking Rebellion Tour a bhunú, agus dar leis nach féidir a mhaíomh cé acu an raibh an ceart: "Ní raibh ach sé seachtaine ag Michael Collins chun idirbheartaíocht a dhéanamh le Lloyd George, a bhí mar Phríomh-Aire na Breataine ag an am. He was under terrible pressure. Bhí brú uafásach air. "When you think about it, they had six years to negotiate Britain's exit from the European Union, and yet, they made a mess of it. "Nuair a smaoiníonn tú air, bhí sé bliana acu chun idirbheartaíocht a dhéanamh ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach, agus fós féin, rinne siad praiseach de. “When Henry Wilson was killed in London,” said Lorcan Collins, “that angered Lloyd George and Churchill and it was believed that Michael Collins had given the order to kill Wilson. "Nuair a maraíodh Henry Wilson i Londain," a dúirt Lorcan Collins, "chuir sin fearg ar Lloyd George agus Churchill agus bhíothas den tuairim gurbh é Michael Collins a thug an t-ordú chun Wilson a mharú. "So Britain ordered the provisional government in Ireland to abolish the IRA in the Four Courts." "Mar sin, thug an Bhreatain ordú don rialtas sealadach in Éirinn lucht an IRA sna Ceithre Cúirteanna a dhíothú." On 28 June 1922, the Four Courts were attacked and the battle lasted for 60 hours until the IRA surrendered. Ar 28 Meitheamh 1922, rinneadh ionsaí ar na Ceithre Cúirteanna agus mhair an cath go ceann 60 uair an chloig go dtí gur ghéill an an tIRA. Although not many people were injured during the conflict, the Public Records Office was destroyed. Cé nár gortaíodh mórán daoine le linn na caismirte, scriosadh Oifig na dTaifead Poiblí. "Thousands were killed during the Civil War," said Professor Paul Rouse of the School of History at University College Dublin, "and it has fostered a great division among the people that is still to be found in the political life of the country." "Maraíodh na mílte i rith an Chogaidh Chathartha," a dúirt an tOllamh Paul Rouse ón Scoil Staire sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, "agus chothaigh sé deighilt mhór i measc an phobail atá fós le brath ar shaol polaitiúil na tíre." Guided tours of the Four Courts are available as part of the exhibition. Tá turais treoraithe timpeall na gCeithre Cúirteanna ar fáil mar chuid den taispeántas. They can be booked online in advance. Is féidir iad a chur in áirithe ar líne roimh ré. A tour in Irish will take place tomorrow evening at 1:30. Beidh turas i Gaeilge ar siúl tráthnóna amárach ag 1:30. The app related to the demo is available in the Apple Store and Google Store.

RTÉ - Adhmhaidin
John Downing, Irish Independent.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 24, 2022 2:24


Bheartaigh an tAontas Eorpach aréir glacadh le hiarratais ón Úcráin agus ón Mholdóiv bheith ina mbaill den Aontas Eorpach.

Nuacht Mhall
11 Meitheamh 2022 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jun 11, 2022 4:28


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Thosaigh an Ardteist agus an Teastas Sóisearach Dé Céadaoin. Den chéad uair le dhá bhliain beidh na scrúduithe traidisiúnta scríofa ar siúl, tar éis cur isteach na paindéime. Thosaigh an Ardteist le Béarla Páipéar a hAon, críochnóidh sé ar an 28 Meitheamh. Le haghaidh daltaí a gcuireann Covid-19 nó méala isteach orthu beidh deis acu scrúduithe iarchurtha a dhéanamh ag tosú ar an 30 Meitheamh. Cuirfidh sé seo isteach ar an gCoimisiún um Scrúduithe Stáit agus ceartú na scrúduithe, agus mar thoradh air sin ní féidir leo dáta na dtorthaí a fhógairt go fóill. D'fhoilsigh oifigí agus airí teachtaireachtaí tacaíochta do dhaltaí na hArdteiste, á moladh dá neart i rith na paindéime agus chun aire a thabhairt dóibh féin i rith na tréimhse strusmhaire. Vótáil Feisirí de Phairlimint na hEorpa i bhfabhar rún a iarrann ar bhallstáit an Aontais Eorpaigh cead isteach a thabhairt don Úcráín. Tharla an vóta roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí a tharlóidh ag deireadh na míosa, ina mbeidh roinnt tíortha, Éire san áireamh, ag brú chun stádas iarrthóra a thabhairt don Úcráin. Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin i gcoinne an rúin. Iarrann an rún chomh maith do vótáil tromlach maidir le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus ardú ar chaiteachas cosanta. Dúirt an Taoiseach Mícheál Martin gur teachtaireacht ‘an-láidir' a bheidh ann do mhuintir na hÚcráine má thabharfar cead isteach don Aontas Eorpach dóibh. Tharla vóta mímhuiníne do Phríomh Aire na Ríocht Aontaithe Boris Johnson Dé Luain. Mhair sé an vóta ach fós rinneadh damáiste mór dá cháil agus dá chumhacht. Vótáil na Tóraithe 211 in aghaidh 148 i bhfábhar an Phríomh Aire, sin 41% de na Feisirí ina choinne. Ní comhartha dearfach é sin do thodhchaí ghairm Johnson i gcomparáid le Theresa May a bhuaigh vóta mímhuiníne in 2018 le 37% ina coinne, ach fós bhí uirthí imeacht ón bpost lastaigh de sé mhí. In 1990 chuaigh Margaret Thatcher roimh vótá mímhuiníne agus fiú gur bhuaigh sí, le torthaí níos fearr ná Johnson arís, d'eirigh sí as níos déanaí sa bliain sular tharla vóta eile nach mairfeadh sí. An phríomhchúis do mhíshástacht le Johnson i measc na bhFeisirí agus an phobail ná briseadh na rialacha Covid-19 nuair a tharla cóisirí in 10 Downing Street i rith na dianghlasála. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an Ardteist - the Leaving Cert an Teastas Sóisearach - the Junior Cert Feisirí de Phairlimint na hEorpa - MEPs caiteachas cosanta - defence expenditure vóta mímhuiníne - vote of no confidence Feisirí - MPs

covid-19 pr dc aire margaret thatcher downing street theresa may rann scr phr gaeilge conradh haon heorpa londain inniu ghearm aontas eorpach mheithimh gcoimisi aontais eorpaigh nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Seán Ó Cónaing, an Bhruiséil

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 8, 2022 5:47


Tá an Taoiseach i mbun cuairte ar Strasbourg na Fraince inniu, agus labhróidh sé os comhair Pharlaimint na hEorpa inniu ar bhallraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach, caoga bliain ó chuaigh muid isteach san Aontas.

strasbourg taoiseach heorpa bhruis fraince aontas eorpach
Nuacht Mhall
4 Meitheamh 2022 (Luimneach)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jun 4, 2022 5:35


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey. Tá scuainí daoine ag fanacht uaireanta ag aerfort Bhaile Átha Cliath le seachtain anuas, agus chaill thar ceithre chéad déag duine a gcuid eitiltí an deireadh seachtaine seo caite amháin. D'aithin Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath gur theip orthu ina ndualgais do phaisinéirí an deireadh seachtaine seo caite, ag tabhairt le fios gurbh í an phríomhfhadhb ná nach raibh acmhainní foirne i bhfeidhm chun déileáil leis an líon daoine a rabhthas ag súil a thiocfadh chuig an aerfort. I measc na saincheisteanna eile a luaigh ceannaire an Lucht Oibre Ivana Bacik mar shampla, tá teip sa bheartas náisiúnta eitlíochta a chinntiú go ndéantar eitiltí a dháileadh go héifeachtach idir aerfoirt na tíre, chun scuainí a bhainistiú. Tháinig an t-aerfort faoi ghrinnscrúdú freisin nuair a dúradh gur bhain an príomhfheidhmeannach úsáid as seiceáil isteach príobháideach, a íocadh mar chostas gnó, chun cuid de na scuainí a sheachaint. Níos luaithe an tseachtain seo d'aontaigh an tAontas Eorpach le lánchosc ar fhormhór allmhairí ola na Rúise. Mar thoradh ar an lánchosc, atá mar chuid den séú pacáiste smachtbhannaí ag an Aontas Eorpach, gearrfar thart ar nócha faoin gcéad ar allmhairí, méadú ó seachtó cúig faoin gcéad atá i bhfeidhm láithreach. I measc na smachtbhannaí eile a fógraíodh tá toirmeasc ar thrí chraoltóir eile faoi úinéireacht stát na Rúise agus smachtbhannaí i gcoinne daoine aonair áirithe a bhí páirteach i gcogadh na hÚcráine. D'fhógair an Chomhairle freisin go bhfuil sí ar tí naoi mbilliún euro a dheonú don Úcráin i gcabhair lena hatógáil tar éis an chogaidh. D'fhreagair an Rúis trí ghearradh ar a soláthairtí gáis chuig roinnt tíortha lena n-áirítear an Danmhairg agus an Ghearmáin. Tá fleadh nua ceoil traidisiúnta saor in aisce darb ainm ‘Smithfield Fleadh' fógartha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Beidh an fleadh ar siúl ar an ochtú agus an naoú lá déag de mhí an Mheithimh agus beidh raon ceoil agus rince beo ann, sean-nós ina measc. Tá roinnt daoine mór le rá ó shaol an cheoil thraidisiúnta sa chlár, leithéidí Cormac Begley, agus beidh tallann nua Éireannach á léiriú ag an am céanna. Is í an ócáid seo an chéad cheann dá leithéid a reáchtálfar sa Chearnóg agus tarlóidh sí roimh an Fleadh Cheoil a bhfuil aithne níos fearr air, a bheidh ar siúl i mbliana sa Mhuileann gCearr go luath i mí Lúnasa. Tá sé ráite ag Méara Bhaile Átha Cliath faoin bhféile go bhfuil súil aici gur féidir leis an bhféile leanúint ar ais de réir mar a thagann fás ar shaol an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS beartas náisiúnta eitlíochta - national aviation policy grinnscrúdú - scrutiny lánchosc - embargo allmhairí - imports toirmeasc - prohibition fleadh - festival

pr dempsey gaeilge conradh fleadh cheoil beidh cliath bhaile cormac begley inniu londain luimneach ghearm aontas eorpach mheithimh nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Dr. Pádraig Ó Laighin, údar agus saineolaí teanga.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 19, 2022 5:09


Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas agus Cumhacht is teideal do leabhar nua atá scríofa ag an gníomhaí teangan a bhí lárnach sa bhfeachtas le stádas oifigiúil a bhaint amach den Ghaeilge san Aontas Eorpach.

agus draig ghaeilge teanga institi aontas eorpach
Blas Pod
Fear na hAimsire ag Foghlaim na Teanga, An Ghaeilge san Aontas Eorpach, Blas ar an Bhóthar, An Ghaeilge i Nua Eabhrac

Blas Pod

Play Episode Listen Later Mar 18, 2022 36:31


Labhraíonn fear na haimsire, Barra Best, faoin a thuras teanga, cluineann muid ó chuid de na daoine atá ag obair in institiúidí na hÉorpa, téann Blas ar an bhóthar do Seachtain na Gaeilge, chuig Cill Chua sna Beanna Boirche agus chuig ionad Skainos in oirthear Bhéal Feirste agus insíonn Seosamh Mac Seoin dúinn faoi chúrsaí in Nua Eabhrac agus faoi phleananna s'aige do Lá na Féile Pádraig. Weatherman Barra Best speaks about his journey to learn Irish, we hear from some of the people working in the European institutions in Brussels, Blas goes on the road to celebrate Seachtain na Gaeilge, to Kilcoo GAC in the Mournes and to the Skainos centre and Naíscoil na Seolta in east Belfast and Seosamh Mac Seoin tells us about his plans for St. Patrick's Day in New York.

Nuacht Mhall
5 Márta 2022 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 5, 2022 5:56


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tá ionradh na Rúise ar an Úcráin ar siúl, go mall agus go tubaisteach, in aghaidh frithbheartaíocht dhian mhuintir na hÚcráine. Thosaigh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an t-ionradh orthu chun, mar a dúirt sé, dínaitsíú a dhéanamh ar an Úcráin, cé nach bhfuair páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis acht 1.6% den vóta i dtoghchán na huachtaránachta. Tá comparáid déanta ag tráchtairí eile idir Putin féin agus Hitler, agus cogadh talún tosaithe aige san Eoraip. Ní féidir an focal ‘ionradh' a chur ar an cogadh taobh istigh den Rúis ar mbaol géibhinn, agus dúnadh stáisiúin raidió agus teilifíse shaora dheireanacha na Rúise an tseachtain seo as sin a dhéanamh. Tá an-mheas buaite ag muintir na hÚcráine ar fud an domhan as a seasamh láidir i gcoinne an ionraidh, faoi cheannasaíocht chróga a n-Uachtarán Volodymyr Zelenskyy, agus seans go bhfuil an cogadh straitéiseach caillte ag an Rúis cheana. Tá iarratas ballraíochta ar an Aontas Eorpach déanta ag an Úcráin agus an tSeoirse; agus mar gheall ar an t-uafás roimh an ionradh ar fud an domhain, tá na smachtbhannaí eacnamaíochta, cultúrtha agus spóirt is láidire riamh curtha ar an Rúis, agus a mbainc caite amach as an gcóras idirnáisiúnta, an banc ceannais ina measc, rud nach bhfacthas roimhe seo. Tá seans go bhfágfaidh na smachtbhannaí geilleagar na Rúise in anchaoi; acht faoi láthair tá daoine ag básadh agus cathracha á scriosadh san Úcráin. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá an coiste comhdháile atá ag déanamh fiosrúchán ar an ionsaí ar an Capitol tar éis an toghcháin anuraidh i ndiaidh cúiseamh comhcheilge coiriúla a chur ar Donald Trump. Rinne Trump achomharc agus is cosúil go gcuirfear moill ar an bpróiseas anois agus nach mbeidh air teistíocht a dhéanamh go luath. Do mhol Trump Vladimir Putin faoi thrí le gairid, mar fhear an-cliste, ag tús an ionraidh ar an Úcráin, acht ansin cháin sé an marú atá ar siúl, gan ainm Putin a lua. Agus in Éirinn, tharla Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite i nGaillimh, an chéad cheann san fhíorshaol ó tháinig COVID ar an domhan. Toghadh Paula Melvin mar Uachtarán an Chonartha, an tríú bean riamh. Seoladh Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil san ionad siopadóireachta An Fhaiche Mhór; agus bronnadh duais ar Uachtarán na hÉireann ag dinnéar speisialta Dé Sathairn. I mBaile Átha Cliath oíche Déardaoin, tharla an chéad PopUp Gaeltacht ó thús na paindéime, agus an teach tábhairne plódaithe leis na céadta Gaeilgeoirí. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ionradh - invasion dínaitsíú - denazification ball géibhinn - danger of imprisonment cúiseamh comhcheilge coiriúla - criminal conspiracy charge teistíocht - deposition, testimony