Podcasts about heorpa

  • 21PODCASTS
  • 319EPISODES
  • 12mAVG DURATION
  • 1WEEKLY EPISODE
  • Jul 31, 2026LATEST

POPULARITY

20192020202120222023202420252026


Best podcasts about heorpa

Latest podcast episodes about heorpa

RTÉ - Adhmhaidin
Hughie Rua Ó Gallchóir, Gníomhaí le Ceiltigh Ghaoth Dobhair.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 31, 2026 3:39


Tá bagairt déanta ag UEFA, scáth eagraíocht sacair na hEorpa go ndéanfaidh siad baghcat ar Chraobh Chomórtas Sacair an Domhain dá leanfadh FIFA lena gcuid pleananna, scaireanna a dhíol sa gcomórtas le infheisteoirí príobháideacha.

fifa uefa hughie omha heorpa ghaoth dobhair
RTÉ - Adhmhaidin
Seán Ó Callaghan, ó An Taisce.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 24, 2026 4:44


Tá impí déanta ag eagraíochtaí agus grúpaí comhshaoil ar fud na hEorpa ar Airí comhshaoil an Aontais gan géilleadh don bhrú le maolú a dhéanamh ar reachtaíocht comhshaoil. Beidh Cruinniú neamhfhoirmiúil ag Airí Comhshaoil agus Aeráide na hEorpa i mBaile Átha Cliath inniu.

air callaghan aer cliath taisce mbaile heorpa
RTÉ - Adhmhaidin
Micheál Ó Cinnéide : Iar-stiúrthóir de chuid na hÁisíneachta um Chosaint Comhshaoil.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 20, 2026 7:47


Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go gcaithfidh rialtais ar fud na hEorpa glacadh le toinn teasa mar géarchéimeanna seachas mar bhrothaill neamhghnách. Deir siad go gcaithfear gníomhú anois.

RTÉ - Iris Aniar
Hazel Ní Chualáin, intéirneach.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jul 14, 2026 13:20


Hazel Ní Chualáin, intéirneach ag labhairt faoin ról atá aici mar Phreas Oifigeach Gaeilge i bParlaimint na hEorpa sa mBruiséil agus í ar intéirneacht ar feadh cúpla mí.

heorpa n chual
RTÉ - Adhmhaidin
Seán Kelly, Feisire, Pairlimint na hEorpa.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 9, 2026 5:34


Vótáil páirlimint na hEorpa i bhfábhar moladh a d'fhágfadh go mbeadh cosc ar easphórtáil alúmina chun na Rúise

heorpa
Nuacht Mhall
4 Iúil 2026 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jul 4, 2026 9:42


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach ceithre fhoireann i gCraobh na hÉireann. Dé Sathairn, bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh tar éis cluiche den scoth. Sa dara cluiche an lá sin, bhí an bua ag Ciarraí ar Thír Eoghain — cluiche an-sciobtha, scóráil ard agus toradh an-chóngarach ag an deireadh. Dé Domhnaigh bhí bua stairiúil ag Contae Lú nuair a sháraigh siad Muineachán chun áit a bhaint sa chluiche leathcheannais den chéad uair ó bhí 1957 ann. Bhí cluiche deacair ag Baile Átha Cliath i gcoinne na Gaillimhe, ach d'éirigh leo an bua a fháil i ndiaidh dráma agus conspóide. Rinneadh an tarraingt oifigiúil Dé Domhnaigh agus mar sin, beidh Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Ciarraí, agus Lú ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo sa bhabhta leathcheannais. Beidh na cluichí sin ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn.Tar éis do Sir Keir Starmer a fhógairt go mbeidh sé ag éirí as ról an Phríomh-aire, tá Feisire Makerfield Andy Burnham ar tí an post is mó i saol na polaitíochta sa Ríocht Aontaithe a bhaint amach i lár mhí Iúil. De réir tuairiscí, táthar ag súil go rithfidh sé gan iomaíocht i dtoghchán ceannaireachta Pháirtí an Lucht Oibre. Ina chéad óráid mhór maidir le polasaithe i Manchain an tseachtain seo, leag Burnham amach plean radacach chun an tír a athrú ó bhonn. Bunóidh sé an dara hoifig rialtais i Manchain chun cumhacht a tharraingt amach ó Londain. Dúirt sé go mbeidh plean fadtéarmach ann chun tithe sóisialta a thógáil agus printíseachtaí teicniúla a chur ar comhchéim le céimeanna ollscoile. Gheall sé go gcloífidh sé le rialacha Pháirtí an Lucht Oibre chun na margaí a chur ar a suaimhneas agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chinntiú. Beidh níos mo eolais againn go luath.De réir seandálaithe, d'fhéadfadh ceann de na lonnaíochtaí is sine san Eoraip a bheith suite díreach lasmuigh de chathair Ard Mhacha. Tá Lios Uí Eochaidh gar don suíomh cáiliúil Eamhain Mhacha, áit ar tugadh “príomhchathair na hIarannaoise i gCúige Uladh” uirthi, agus ina raibh Rí Uladh Conchúr Mac Neasa ina chónaí sna scéalta miotaseolaíochta. Deir saineolaithe ó Ollscoil na Banríona agus ó Ollscoil Ghlaschú go raibh Lios Uí Eochaidh ina lárionad rathúil le linn na Cré-umhaoise Deireanaí —timpeall 400 bliain níos luaithe ná mar a ceapadh roimhe seo. Dúirt an seandálaí Patrick Gleeson go bhfuil an suíomh seo ar cheann de na tírdhreacha stairiúla is tábhachtaí in iarthar na hEorpa don tréimhse sin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbua stairiúil - historic victoryconspóid - controversyFeisire - MPprintíseachtaí teicniúla - technical apprenticeshipsseandálaithe - archaeologiststírdhreacha - landscapes

pr bp tar gc chr bh baile burnham bun sir keir starmer deir phr gaeilge ciarra conradh beidh cliath banr gaillimhe ollscoil londain aontaithe inniu heorpa eoraip eoghain mhaigh eo d domhnaigh ard mhacha chorcaigh d sathairn nuacht mhall
RTÉ - Iris Aniar
Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jul 2, 2026 7:51


Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge Comhairle Cathrach na Gaillimhe. ag labhairt faoi Craobhchomórtas Mháistrí na hEorpa sa Lúthchleasaíocht Nach i Staid a bhéas ar siúl i nGaillimh i 2028.

mh gaeilge comhairle gaillimhe heorpa conaire ngaillimh
RTÉ - An Saol ó Dheas
Micheál Ó Conchúir:Rúnaí ar Choiste na Réigiún i gCoimisiúin na h-Eorpa.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jun 30, 2026 14:13


Uachtaránacht na hÉireann ar Choimisiún na hEorpa, tréimhse 6 mhí, ag tosnú amáireach

miche conch uachtar heorpa choimisi gcoimisi
Nuacht Mhall
27 Meitheamh 2026 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jun 27, 2026 4:52


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh. I Veiniséala, mharaigh dhá chrith talún cumhachtach 589 duine ar a laghad agus gortaíodh beagnach 3,000. Tráthnóna Dé Céadaoin, braitheadh na creathanna talún, a thomhais 7.2 agus 7.5 ar scála Richter, ar fud an réigiúin. Tá scriosadh foirgneamh agus bóithre forleathan. Tuairiscítear go bhfuil na mílte fós ar iarraidh ar fud na tíre agus foirne tarrthála áitiúla agus idirnáisiúnta ag cuardach marthanóirí. D'fhógair an t-uachtarán eatramhach Delcy Rodriguez staid éigeandála i n-aitheasc don náisiún Dé Céadaoin. Dúirt sí go raibh an rialtas ag cruthú ciste atógála d'ospidéil agus do thithe a ndearnadh damáiste dóibh de bharr na gcreathanna talún. Ciontaíodh iarcheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, i ngach ceann de na 18 gcúiseamh mí-úsáide gnéis leanaí ina choinne, lena n-áirítear éigniú. Fuair an giúiré freisin gur chabhraigh agus gur spreag a bhean chéile, Eleanor, leis, ach níor ciontaíodh í mar gheall ar neamhábaltacht triail a sheasamh. D'aontaigh ionadaithe ó dhá thaobh an deighilt pholaitiúil sa Tuaisceart ina gcáineadh ar iarcheannaire an DUP ag tús ghnó an Tionóil Dé Máirt agus mhol polaiteoirí misneach íospartaigh Donaldson as na líomhaintí a thabhairt chun cinn . Bhí an ceannaire cumhachtach agus suntasach roimhe seo tar éis é féin a chur i láthair mar dhuine a thacaigh le luachanna láidre Críostaí. Ó tugadh an breithiúnas, tá tuilleadh nochtuithe déanta ag iar-oifigigh shinsearacha póilíní agus polaiteoirí faoi iompar bréagchráifeach Donaldson.Tá an tonn teasa tubaisteach ag cur isteach ar an saol in iarthar na hEorpa, go háirithe i Sasana, sa Fhrainc, sa Spáinn agus san Iodáil. Sa Ríocht Aontaithe dhún go leor scoileanna agus gnólachtaí go luath mar gheall ar an teas dian agus tá rabhaidh ann faoi mhoilleanna agus cealuithe traenacha de réir mar a sháraíonn an teocht 37C. Tá cruinneachán teasa tar éis teochtaí a bhrú os cionn 40 céim i gcodanna d'Iarthar na hEorpa an tseachtain seo, rud a d'fhág na céadta marbh. In Éirinn tá rabhaidh tugtha faoi stoirmeacha toirní atá ar tí tarlú ar fud na tíre.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmarthanóirí - survivorsuachtarán eatramhach - interim presidentnochtuithe - revelationsbréagchráifeach - hypocriticaltonn teasa - heat wavecruinneachán teasa - heat dome

pr dc dm richter donaldson bh baile dup tion gaeilge iod jeffrey donaldson conradh cliath sasana londain aontaithe heorpa tuairisc inniu mheithimh nuacht mhall
Raidió na Life 106.4FM
Tonna Teasa - Ferdia McCrann

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Jun 24, 2026 10:53


Agallamh le Ferdia McCrann de chuid Met Éireann faoin tonna teasa in Éireann agus ar fud na hEorpa le linn na seachtaine seo - beo ar Eadra Tuilleadh sonraí: https://www.met.ie Podcraoladh Met Éireann: https://www.met.ie/education/podchraoladh-met-eireann

ferdia agallamh heorpa
RTÉ - Adhmhaidin
An Dr. Bríd Ní Ghráinne, Ollamh Comhlach leis an dlí idirnáisiúnta in Ollscoil Mhá Nuad.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 19, 2026 6:20


Tá na cainteanna a bhí le tosú inniu idir an Iaráin agus na Stát Aontaite mar chuid de na hiarrachtaí réiteach buan a fháil ar an gcoimhlint sa murascail curtha ar athló agus ní bheidh leas uachtarán na Stát Aontaithe ag teacht chun na hEorpa.

inne leis iar n ghr ollscoil aontaithe heorpa
RTÉ - Adhmhaidin
Conchubhar Ó Dálaigh, saineolaí ar an Rúis agus Oirthear na hEorpa.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 4, 2026 5:19


Tá sé fógraithe ag an Aontas Eorpach go bhfuil na baillstáit tagtha ar chomhaontú le breathnú ar iarratais ón Úcráin agus ón Moldóiv le bheith ina mbaill den Aontas.

mold agus heorpa aontas eorpach
Nuacht Mhall
30 Bealtaine 2026 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 30, 2026 7:13


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffrey Donaldson, agus a mhná céile, i ndiaidh do bheirt bhan líomhaintí a dhéanamh go ndearna sé mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí. D'inis abhcóide an ionchúisimh, Rosie Walsh KC, don ghiúire de chúigear ban agus seachtar fear ag Cúirt Chórónach an Iúir, go ndúirt duine de na gearánaigh gur thosaigh an mhí-úsáid agus í fós sa bhunscoil, agus gur leanadh ar aghaidh leis ar feadh roinnt blianta. Dúirt an gearánach eile gur chreid sí gur tharla na teagmhais bainte léi féin thart fán aois chéanna. Agus é i mbun agallamh le póilíní tar éis á ghabhála i Mí an Mhárta 2024, dúirt Donaldson gur rud “dochreidte” a bhí sa chúiseamh éignithe ina aghaidh agus shéan sé na cúisimh a bhí curtha ina leith. Phléadáil iar-cheannaire an DUP neamhchiontach do 18 gcúiseamh agus shéan Bean Donaldson cúig chúiseamh. Deirtear gur tharla na teagmhais idir na blianta 1985 agus 2008Dé Céadaoin, sáraíodh an churiarracht teochta um mí na Bealtaine in Éirinn ag Aerfort na Sionainne, nuair a bhain an mearcair 30.6C amach. Lean sé seo curiarracht eile ní ba luaithe sa lá ag stáisiún aimsire Páirc na Darach, taobh amuigh de bhaile Cheatharlach, inar taifeadadh teocht 29.7C. Agus sa Phortaingéil, taifeadadh an lá is teo i mí na Bealtaine ag 40.3C sa bhaile lárnach Mora, agus tíortha in iarthar na hEorpa ag streachailt leo san aimsir mharfach leáiteach. Sna tríocha bliain a chuaigh thart, tá ardú teochta 0.56C tagtha ar an Eoraip achan deich mbliana, de réir na Seirbhíse Aeráide Copernicus - neart leis na teochtaí as cuimse a dhéanamh níos coitianta. Déardaoin, dúirt na Náisiúin Aontaithe go bhfuil seans maith ann go ndéanfaidh na meánteochtaí domhanda na hardteochtaí as cuimse níos géire. Tháinig clú agus cáil ar bhuabhall ailbíneach neamhchoitianta a bhfuil gruaig fhada fhionn air sa Bhangladéis, agus an fhéile Eid al-Adha ag bualadh linn, agus é ag tarraingt na sluaite cuairteoirí fiosracha a deir go bhfuil an-chosúlacht idir an t-ainmhí agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump. Tógadh an buabhall, a bhfuil beagnach 700kg meáchain ann, ar fheirm i gceantar in aice leis an phríomhchathair, Dhaka, agus tugadh an leasainm Donald Trump air mar gheall ar an dos gruaige bán thar a bhaitheas. Is Moslamaigh iad formhór na mBangladéiseach, náisiún san Áise Theas a bhfuil 170 milliún duine ann, a bhí ag céiliúradh Eid al-Adha, féile na híobairte le linn na seachtaine. Bhí sléacht le déanamh ar an bhuabhall leis an fhéile a chomóradh ach, sna huaireanta sular cuireadh é chun báis, ghníomhaigh an rialtas leis an t-ainmhí a shabháil. Dúirt coiméadaí an Zú Náisiúnta um Bangladéis, Atiqur Rahman, go dtabharfaí cúram maith don ainmhí, agus bóthán áirithe tugtha don bhuabhall in éineacht le cúramóir, agus go mbeidh sé ar coraintín le haghaidh coicíse. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgearánach - complainantcúiseamh éignithe - accusation of rapeleáiteach - meltingmeánteochtaí - average temperaturesbuabhall ailbíneach - albino buffalodos gruaige - tuft of hair

RTÉ - An Saol ó Dheas
Pól Ó Geibheannaigh, Micheál Martin, Seán Ó Ceallaigh

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later May 11, 2026 4:52


Oráid ó chaptaen Chiarraí agus tuairimí an Taoisigh agus an Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tar éis Cluiche Ceannais na Mumhan.

miche ceallaigh mumhan heorpa
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20260429_IRISH__athru_aeraide:_an_eoraip_is_treine_ata_ag_teamh

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 29, 2026 9:26


 jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23m9ybod Contact: irishlingos@gmail.com Climate change: Europe is warming the most. Athrú aeráide: an Eoraip is tréine atá ag téamh. Europe is warming, or being warmed by humans, more than any other continent on the planet, says a new international report on climate change. Is í an Eoraip thar aon ilchríoch eile den chruinne is tréine atá ag téamh, nó á téamh ag an duine, a deirtear i dtuarascáil nua idirnáisiúnta faoi athrú aeráide. Every decade for thirty years, Europe has seen an average temperature increase of 0.56 degrees, a rate that is twice as strong as the rest of the world. Gach deich mbliana le tríocha bliain, bhí meánardú de 0.56 céim ar an teocht san Eoraip, ráta atá dhá oiread níos tréine ná an chuid eile den domhan. This means that the temperature in Europe increased by 1.68 degrees during those years. Fágann sin gur ardú de 1.68 céim a tháinig ar an teocht san Eoraip i gcaitheamh na mblianta sin. However, temperatures are rising even faster in the Arctic region – 0.75 degrees every decade. Is tréine fós atá an teocht ag ardú i réigiún an Artaigh, áfach – 0.75 céim gach deich mbliana. The result of this catastrophic change is warmer air, warmer seas, melting ice, drier land, the destruction of nature and the disappearance of all the shadows on which all beings live. Is é an toradh atá ar an athrú tubaisteach seo aer níos teo, farraigí níos teo, leá oighir, talamh níos tirime, scriosadh dúlra agus dul i léig gach aon cheann de scátha a chéile a maireann gach aon neach orthu. The details are in the annual report published by the European Centre for Medium-Range Weather Forecasts and the World Meteorological Organization. Tá na mionsonraí sa tuarascáil bhliantúil a d’fhoilsigh an Lárionad Eorpach do Réamhaisnéisí Aimsire Meánraoin agus an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta. In addition to the report’s doomsday predictions, it also highlights the positive side of the situation. Chomh maith le tuar tubaiste na tuarascála, tarraingítear aird ann ar an gcor dearfach. The progress made in Europe regarding renewable energy is said to be a hopeful forecast. Tuar dóchais, a deirtear, is ea an dul chun cinn atá déanta san Eoraip maidir le fuinneamh in- athnuaite. In 2025, 46.4% of Europe’s electricity supply will be generated from renewable sources. In 2025, is ó fhoinsí in-athnuaite a gineadh 46.4 faoin gcéad de sholáthar leictreachais na hEorpa. These sources were mainly wind, water and sun. Gaoth, uisce agus grian is mó a bhí sna foinsí sin. 27.5% of electricity supply was generated from fossil fuels, a significant decrease over thirty years. Ó bhreoslaí iontaise a gineadh 27.5 faoin gcéad den soláthar leictreachais, ar laghdú suntasach é sin le tríocha bliain. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

RTÉ - Barrscéalta
Fear na Ríomhairí, Andy Caomhánach.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 22, 2026 9:46


Ag caint faoi aip úr atá seolta ag Aontas na hEorpa le daoine óga a chosaint ar líne agus faoi na rialacha a bhaineann leis an aois óg ag baint úsáide as na meáin shóisialta i dtíortha na hEorpa agus ag caint ar dhaonáireamh 1926 atá le feiceáil anois ar líne.

fear heorpa
RTÉ - Adhmhaidin
Conchubhar Ó Dálaigh, saineolaí ar chúrsaí oirthir na hEorpa.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 13, 2026 4:17


D'éirigh le Peter Magyar agus a pháirtí Tisza móramh a bhaint amach in olltoghchán na hUngáire inné.

Splanc
Splanc Mínithe: Curriarracht Siúlóid Cosnochta Trasna na hEorpa

Splanc

Play Episode Listen Later Apr 3, 2026 19:50


Labhraíonn Éamonn Keaveney le Cuán faoina thaithí ag siúl trasna na hEorpa cosnochta agus an curriarracht a bhain sé amach.

labhra heorpa
RTÉ - An Saol ó Dheas
Seán Ó Ceallaigh agus Micheál Ó Ceilleachair

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Mar 24, 2026 13:04


Feisire na hEorpa de chuid Fhine Gael agus feirmeoir ag trácht ar an bhfeachtas nua chun deireadh a chuir le coigilt solas lae.

agus miche ceallaigh heorpa
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Labhraíonn Éamonn Keaveney le Seán faoin siúlóid a rinne sé trasna na hEorpa cosnocht, an curiarracht a bhain sé amach agus an méid atá bainte amach aige ó shin.

labhra heorpa
Seachtain
The Irish Hitlers: Paddy, Bridget agus uncail Adolf

Seachtain

Play Episode Listen Later Mar 19, 2026 24:30


Is beag duine nár chuala trácht ar an sloinne Hitler, ná ar na himeachtaí uafásacha a tharla mar gheall ar Adolf Hitler. Seans nach bhfuil mórán fios ag an ghnáthdhuine ar na hÉireannaigh a bhí gaolta leis – na ‘Irish Hitlers' mar a tugadh orthu. Mar sin de, cén ceangal a bhí ag Adolf Hitler leis an tír bheag seo ar imeall na hEorpa? Agus cad chuige a ndeachaigh Paddy Hitler chun cogaidh in aghaidh a uncail féin? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Ciarán Dunbar Foclóir: Seafóideach: Daft Is annamh: Rarely Leathdheartháir: Half-brother Mion sónraí: minute details Tiománta: Determined Fuadach: Kidnap Maígh: Allege Fianaise Evidence Scian: Knife Ní nach ionadh: It's no surprise Teacht i dtír: Take advantage of Namhaid: Enemy Gadaíocht: Thieving Spiaireachta: Spying Dul chun searbhais: To turn sour Bolscaireacht: Propaganda Sloinne: SurnameSee omnystudio.com/listener for privacy information.

RTÉ - Adhmhaidin
Conchubhar Ó Dálaigh, tráchtaire ar ghnóthaí oirthear na hEorpa.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 18, 2026 7:07


Bhí cruinniú ag Uachatarán na hÚcráine Voldomyr Zelensky le Príomhaire na Breataine Keir Starmer in Londain inné. An tionchar ag an gcogadh san Mheánoirthear ar an Úcráin agus an Rúis.

pr bh mhe londain heorpa
RTÉ - Iris Aniar
Pádraic Ronán Ó Mullaoidh, as an gCeathrú Rua

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Mar 18, 2026 10:12


Beidh an dornálaí Kieran Molloy ag troid i gCraobh IBF na hEorpa i mBéal Féirste Dé hAoine

mb beidh heorpa d haoine
RTÉ - An Saol ó Dheas
Cynthia Ní Mhurchú

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Mar 18, 2026 10:21


Feisire Pharlaimint na hEorpa – cur síos aici ar cad is féidir a dhéanamh ar leibhéal Eorpach chun cabhrú le daoine le linn na géarchéime íle.

n mhurch heorpa eorpach
RTÉ - Adhmhaidin
Dan Mulhall, iar-ambasadóir go Washington.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 17, 2026 6:13


Donald Trump ag léiriú frustrachais le tíortha na hEorpa foaina ndrogall tacú leis.

RTÉ - Adhmhaidin
Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, tráchtaire, cúrsaí na Rúise agus oirthear na hEorpa.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 24, 2026 5:39


Cheithre bliana sa lá inniú ó curtha tús le cogadh na hÚcráine

agus heorpa
RTÉ - Adhmhaidin
Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, tráchtaire, An Rúis agus Oirthear na hEorpa.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 17, 2026 6:15


Cuirfear tús leis an mbabhta is deireanaí de chainteanna sa Ghinéiv inniu mar chuid de na hiarrachtaí atá ar bun le deireadh a chur leis cogadh na Rúise ar an Úcráin.

agus heorpa cuirfear
RTÉ - An Saol ó Dheas
Cynthia Ní Mhurchú

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Feb 16, 2026 9:31


Feisire de Pharlaimint na hEorpa chun todhchaí earnáil na hiascaireachta a phlé ag cruinniú i mBaile Chaisleáin Bhéarra an Deardaoin beag seo.

bh n mhurch heorpa
RTÉ - Adhmhaidin
John Maguire, iriseoir, Páras.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 12, 2026 5:15


Beidh an Taoiseach Micheál Martin agus ceannairí eile na hEorpa ag freastal ar chruinniú neamhfhoirmeálta atá á reáchtáil inniu sa mBeilg ag Uachtarán Comhairle na hEorpa António Costa.

costa uachtar taoiseach miche comhairle beidh john maguire heorpa
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Bódléar - Leabhar mhí Feabhra 2026 | February's Book of the Month 2026

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Feb 3, 2026 18:35


[English version below] I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn muintir an bhaile ag súil go mór leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe. I mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua “gan cheol gan rithim”, tagann uafás agus alltacht orthu. An sagart féin, fógraíonn sé na ‘filí mallaithe' ón altóir. Úrscéal é seo a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc. Bhuaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2024 agus Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana' 2025 Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Úna Nic Cárthaigh agus Ava Ní Loinsigh [Leagan Gaeilge thuas] In a village on the west coast of Ireland, every summer, the local poet is sent south to Munster to represent his village at the great gathering of poets. And each year, he composes a new poem for the occasion and, more importantly, he brings home new poems and songs. The people of the village love the songs he brings back to them, and organize a big night every year to welcome him home. But this year, the poet has returned in a foul humour. From now on, he will compose “new poetry, truer poetry!” he says. But when his new “rhymeless and toneless” poems are heard, the locals are horrified…. Bódléar is a novel with a light comic touch, a romance that deals with the changes in life and the ways in which people deal with them. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Úna Nic Cárthaigh and Ava Ní Loinsigh

RTÉ - An Saol ó Dheas
Sean Ó Ceallaigh

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jan 23, 2026 13:51


Feisire na hEorpa ag caint in ómós do iar-fheisire na hEorpa Brian Crowley agus faoin gConradh Trádála Mercusor agus cursaí Chumann Luthchleas Gael.

ceallaigh heorpa
RTÉ - Adhmhaidin
Breandán Seoighe, Cumann Feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 22, 2026 6:14


Cinneadh Phairlimint na hEorpa faoi Mhercosur agus éileamh go n-éireodh cathaoirleach Bhord Bia as.

natura agus cumann breand seoighe heorpa
RTÉ - Adhmhaidin
Alan Dukes, iar-cheannaire Fhine Gael.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 22, 2026 7:19


Cruinniú ag ceannairí na hEorpa inniu faoin méid atá ar bun ag Stáit Aontaithe Mheiriceá.

dukes cruinni heorpa
Nuacht Mhall
10 Eanáir 2026 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 10, 2026 5:59


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an deichiú lá de mhí Eanáir. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis ionsaí a dhéanamh ar Veiniséala agus Uachtarán Veineséala Nicolás Maduro a ghabhadh, agus Donald Trump ag móidiú “an tír a reáchtáil” go dtí go bhfuil próiseas aistrithe cumhachta cuí i bhfeidhm. Gabhadh ceannaire Veiniséala, atá de chuid na heite clé, agus a bhean chéile ag a gcompún agus eitlíodh go dtí na Stáit Aontaithe iad, mar chuid d'oibríocht dhrámatúil thar oíche, ina bhfacthas ionsaithe ar bhunáiteanna míleata fosta. Ó shin, cuireadh coireanna airm agus drugaí i leith Maduro agus a mhná Cilia Flores i Nua Eabhrac. Rinneadh cáineadh idirnáisiúnta ar an ionsaí. Dúirt an Teach Bán go mbeidh smacht ag na Stáit Aontaithe ar ola Veiniséala, atá faoi smachtbhanna faoi láthair, agus iad ag cur deireadh le srianta ar amhola sna margaí domhanda faoi láthair. Chuir titim sneachta agus aimsir shioctha isteach go mór ar an taisteal san Eoraip, agus seisear ar a laghad a cailleadh i dtimpistí a bhí ceangailte leis an drochaimsir ar an mhór-roinn. Bhí na céadta eitiltí ar ceal ar fud na hEorpa, leis na mílte daoine fágtha ag aerfoirt in Amsterdam agus Páras. Déardaoin, fógraíodh go raibh foláireamh buí i bhfeidhm i gCiarraí, Corcaigh, Port Láirge agus Loch Garman, mar gheall go raibh Stoirm Goretti ag dul trasna na tíre, ach dúirt Met Éireann “nach ríshuntasach” d'Éirinn a bhí an córas aimsire a bhí bainte le Stoirm Goretti. In iar-dheisceart Shasana, bhí rabhadh dearg i bhfeidhm, agus thug an Met Office foláireamh go raibh “contúirt bháis mar gheall ar raic san aer” ar Oileáin na Scillí agus i gCorn na Breataine.  Tá roinnt focail speisialta a bhfuil tionchar ar leith acu ar mhadaidh - ocras, páirc, siúl, agus, go deimhin, dinnéar! Ach tá grúpa cainíneach tallannach ann agus is dóigh go bhfuil cumas den scoth acu ag foghlaim stór focal an duine, agus iad abálta teanga a fhoghlaim ag cúléisteacht, sa bhealach céanna ina ndéanann tachráin. Seo maidir le taighde nua atá foilsithe san irisleabhar “Science”, a léiríonn go bhfuil na “foghlaimeoirí focal tallanacha” cainíneacha seo, atá in ann ainmnithe bréagán a fhoghlaim fríd traenáil cheana féin, in ann focail a thabháirt leo gan ach comhrá a chluinstin sa chúlra. Dúirt Clive Wynne, iompraí cainíneach ag Ollscoil Stáit Arizona go “ndearnadh go han-mhaith” an taighde, ach chuir sé comhairle ar dhaoine gur ainmhithe “fíor-eisceachtúla” a bhí iontu agus nár cheart dóibh a bheith ag tnúth le sárbhuanna ó pheataí teaghlaigh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISpróiseas aistrithe cumhachta - power transfer processcompún - compoundfoláireamh - alertraic - debristachráin - small kidsiompraí cainíneach - canine behaviourist

donald trump science pr arizona amsterdam seo nicholas maduro ach bh ean gaeilge met office cilia flores uachtar oile conradh ngall londain aontaithe heorpa inniu nua eabhrac eoraip chuir corcaigh breataine gciarra nuacht mhall
Nuacht Mhall
3 Eanáir 2026 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jan 3, 2026 5:01


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríú lá de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tharla tine uafásach ag cóisir chéiliúradh na hAthbhliana ag ionad sciála in Crans-Montana san Eilvéis. Maraíodh timpeall 40 duine agus gortaíodh breis is céad duine sa tine. Tá fiosrú maidir le cúis na tine fós ar siúl. Deir finnéithe go mb'fhéidir gur coinneal ar bharr buidéil seampéin a thosaigh an tine ach tá oifigí ag diúitiú aon ráiteas a dhéanamh ag an bpointe seo. Deirtear go dtógfaidh sé laethanta nó seachtainí fiú chun íospartaigh na tubaiste a aithint agus teaghlaigh agus cairde na n-íospartach ag fanacht le nuacht. Slua óg, idirnáisiúnta a bhí ag céilliúradh an óiche sin, tá daoine ón gceantar áitiúil agus oifigí ó thíortha na n-íospartach ag báiliú ag suíomh na tubaiste chun a meas a thaispeáint agus bláthanna agus coinnle a chur amach.Beidh Comóradh Céad Bliain de raidió Éireannach á chéilliúradh i rith 2026. Tar éis craoltaí trialacha a fhoilsiú an bhliain roimhe, ar an gcéad lá de mhí Eanáir 1926 sheol Dubhghlas de hÍde 2RN, réamhtheachtaí Raidió Éireann, agus Raidió Teilifís Éireann tar éis sin, leis an chéad aitheasc raidió poiblí i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt sé go raibh sé in am d'Éirinn a háit a thógáil le tíortha eile na hEorpa a raibh raidió náisiúnta acu cheana. Ar dtús bhí gearáin ó roinn den phobail, go raibh na craoltaí ag tógáil spás na gcraoltaí Sasanacha. Céad bliain ina dhiaidh sin, tá 33 cainéal náisiúnta, 21 cainéal áitiúla ar fáil agus beagnach 3.5 milliún duine ag éisteacht le raidió Éireannach gach lá den tseachtain. Beidh réimse craoltaí beo ó Ard-Oifig an Phoist ar an 15 Eanáir chun an ócáid a mharcáil, trasna Raidió na Gaeltachta, RTE 1 agus a thuilleadh. Tá nasc don chéad chraoladh a thug Dubhghlas de hÍde le fáil sa script: https://www.rte.ie/archives/exhibitions/681-history-of-rte/682-rte-1920s/289997-first-radio-/Thosaigh agóid in Tehran san Iaráin an tseachtain seo caite faoin mboilsciú agus faoin díluacháil tar éis titim an rial, airgeadra na hIaráine, go dtí an luach is ísle riamh. Spreagadh agóidí i gcathracha ar fud na tíre ó shin agus na póiliní ag iarraidh na hagóideoirí a scaipeadh, ag úsáid brú agus deoirgháis. Tuairiscíodh bás seisir Déardaoin, tar éis fhormhéadú na corraíola. Phóstáil Donald Trump, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar Truth Social Dé hAoine, go rachadh na Stáit Aontaithe isteach sa chás go maródh an Iaráin aon agóideoirí. Níl sé soiléir cén gníomh atá i gceist ag Trump leis an ráiteas seo ach deirtear go mbeidh cur isteach na Stát Aontaithe sa choimhlint dainséarach don réigiún. Léiríonn na hagóidí seo ní amháin míshásacht an phobail san Iaráin le stádas eacnamaíocht na tíre, ach leis an gcóras san iomlán.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISfiosrú - investigationíospartach - victimcraoltaí - broadcastsaitheasc - address (speech)boilsciú - inflationdíluacháil - devaluation

donald trump pr tehran mb tar rte crans montana rann deir ean gaeilge iar uachtar raidi gaeltachta conradh beidh ngaeilge bliain londain aontaithe heorpa tuairisc inniu nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
An tOllamh Brian Ó Conchubhair ó Ollscoil Notre Dame in Indiana.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 22, 2025 5:17


Ceann de scéalta móra na bliana ab ea filleadh Donald Trump ar an Teach Bán mar Uachtarán na Tíre. Ó shin i leith tá go leor airde dírithe ar thionchar a chuid polasaithe anseo in Éirinn, agus ar fud na hEorpa, ach cad é mar atá rudaí sa tír féin?

RTÉ - Adhmhaidin
An Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, comhalta taighde ar cuairt i Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh i gColáiste na Trionóide.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 19, 2025 7:40


Tháinig ceannairí na hEorpa ag cruinniú mullaigh an Aontas Eorpaigh sa mBruiséil ar comhréiteach luath ar maidin go gcuirfear iasacht airgid de luach 90 billiún euro ar fáil don Úcráin.

inns agus iste trion roinn gcol heorpa cuairt
RTÉ - Adhmhaidin
Maitiú de Hál - Ball den Choiste BÁNÚ.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 17, 2025 4:18


Inné a d'fhoilsigh An Coimisiúin Eorpach Plean Tithíochta Inacmhainne na hEorpa agus tá fáilte curtha ag an ngrúpa stocaireacht tithíochta Gaeltachta, Bánú roimh an gcáipéis.

RTÉ - Barrscéalta
Aodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann, An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir agus Stiofán Seoighe.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Dec 15, 2025 24:52


Baineadh stad as pobal iascaireachta na tíre seo luath maidin Dé Sathairn nuair a tháinig an scéala chucu faoin mhargadh a rinne Comhairle Iascaigh Aontas na hEorpa do 2026 agus an tionchar a bheas aige ar an earnáil sa tír seo. Faoin mhéid a socraíodh beidh 57,000 tonna níos lú cuóta éisc ag iascairí na tíre seo i 2026.

cope agus aodh stiof domhnaill seoighe teachta d heorpa d sathairn
RTÉ - Adhmhaidin
Evelyn O'Rourke, Comhfhreagraí Meán & Ealaíona RTE.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 5, 2025 4:03


D'fhógair RTÉ tráthnóna aréir nach mbeidh aon bhaint ag an eagraíocht leis an gComórtas Amhrán Eoraifíse in 2026 mar gheall ar chinneadh Aontas Craoltóireachta na hEorpa cead a thabhairt d'Iosrael páirt a ghlacadh sa gcomórtas.

rt eala amhr gcom heorpa
RTÉ - Adhmhaidin
John Joe Mac Gearailt, leas-uachtarán Cumann Feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 28, 2025 5:16


Tá Coimisiún na hEorpa ag moladh go gcuirfí síneadh ama trí bliana, leis an maolú ar an treoir níotráite in Éirinn.

RTÉ - Adhmhaidin
Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 10, 2025 4:34


Níl an deis chéanna ann d'ógánaigh na hEorpa, atá ag tógaint páirt sa scéim DiscoverEU, aithne a chur ar chultúr agus teanga na Gaeltachta mar gheall ar easpa seirbhísí traenach i gceantair Ghaeltachta i ndeisceart na tíre.

gaeltachta n mhurch heorpa eorpach ghaeltachta
RTÉ - Adhmhaidin
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 7, 2025 4:37


Argóint ar bun ag leibhéal na hEorpa faoin díoluaine nítráite.

RTÉ - Adhmhaidin
Thomas Byrne, An tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 24, 2025 5:30


Is é an cogadh san Úcráin a bhí chun tosaigh sna cainteanna ag Comhairle na hEorpa sa mBruiséil inné.

taire thomas byrne comhairle heorpa
RTÉ - Adhmhaidin
Eoghan Ó Neachtain, iar cheannfort airm, iar phreasrúnaí rialtais.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 23, 2025 3:11


Tá tuilleadh smachtbhannaí fógraithe ag an Aontas Eorpach i gcoinne na Rúise agus déanfar plé ar an ábhar ag cruinniú de Chomhairle na hEorpa inniu agus amárach.

eoghan heorpa neachtain aontas eorpach
RTÉ - Barrscéalta
Caitlín Ní Bhroin ón ghrúpa Tinteán.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Oct 16, 2025 5:02


Tá comhairliúchán poiblí ar siúl ag Coimisiún na hEorpa san am i láthair maidir le cúrsaí tithíochta san Eoraip agus tá an grúpa, Tinteán ag iarraidh ar phobal na Gaeltachta a bheith páirteach sa chomhairliúchán.

tinte caitl gaeltachta n ghr heorpa eoraip
RTÉ - Barrscéalta
Aodh Ó Domhnaill Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Oct 15, 2025 7:13


Bhí Aodh Ó Domhnaill, Príomhfheidhmeannach Chumann Tairgeoirí Éisc na hÉireann os comhair an Chomhchoiste Oireachtais ar Ghnothaí Mara inné le plé a dhéanamh ar chuótaí éisc na hEorpa agus an Comhbheartas Iascaigh.

pr aodh domhnaill heorpa
RTÉ - An Saol ó Dheas
Sean Ó Ceallaigh

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Oct 14, 2025 12:34


Dar leis an bhFeisire de Pharlaimint na hEorpa ba cheart go mbeadh uachtarán na hÉireann in ann Gaeilge a labhairt.

dar gaeilge ceallaigh heorpa
RTÉ - An Saol ó Dheas
JJ Ó Corrduibh

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Sep 30, 2025 10:30


Feighlí cúrsa Cheann Sibéal ar an mborradhsa ghalf tar éis bua na hEorpa sa Chorn Ryder agus an comórtas ag teacht go hÁth Dara in 2027.

heorpa
RTÉ - Iris Aniar
Enda Ó Conghaile, ó Chomharchumann Achmhainní Mara Oileáin na hÉireann.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Sep 15, 2025 7:48


Enda Ó Conghaile, ó Chomharchumann Achmhainní Mara Oileáin na hÉireann. Tá imní ar Chumann Táirgeoirí Éisc na hEorpa faoin thionchar a d'fhéadfadh a bheith ag na beartais nua atá i gceist ag an Aontas Eorpach a chur i bhfeidhm ar an earnáil iascaireachta.

enda oile heorpa aontas eorpach