Podcasts about choimisi

  • 14PODCASTS
  • 121EPISODES
  • 10mAVG DURATION
  • 1MONTHLY NEW EPISODE
  • Jun 13, 2026LATEST

POPULARITY

20192020202120222023202420252026


Best podcasts about choimisi

Latest podcast episodes about choimisi

Nuacht Mhall
13 Meitheamh 2026 (Liatroim)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jun 13, 2026 9:21


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille.Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an tseachtain seo maidir le líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí i gcoinne Bill Kenneally. Deirtear sa tuairisc gur theip go tromchúiseach ar bheirt oifigeach sinsearach den Gharda Síochána gníomhú i gceart nuair a tháinig líomhaintí chun cinn in 1987. Cé gur admhaigh Kenneally cuid dá iompar ag an am, níor cuireadh fiosrúchán cuí ar bun agus níor cuireadh stad lena chuid gníomhaíochtaí. Tá Kenneally i bpríosún faoi láthair as drochúsáid ghnéasach a dhéanamh ar 15 bhuachaill idir 1979 agus 1990. Cháin an tuairisc Bord Sláinte an Oirdheiscirt as gan eolas a bhí ar fáil dóibh ag an am a fhiosrú. Tá tagairt déanta do dhaoine áirithe i bpoist údaráis a raibh eolas acu faoi na líomhaintí thar na blianta. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí fiosrúchán práinneach maidir le hoifigigh phoiblí agus aon fhaillí a raibh déanta acu ina ndualgas. Braitheann roinnt marthanóirí go léiríonn an tuairisc go raibh an ceart acu ina seasamh, cé go bhfuil fearg orthu faoi na deiseanna a cailleadh chun cosc a chur ar an drochúsáid. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Jim O'Callaghan, go ndéanfaidh sé machnamh ar thorthaí na tuarascála agus go mbuailfidh sé leis na híospartaigh.I mBéal Feirste, tá an duine a gortaíodh san ionsaí scine a tharla oíche Luain i gcóma go fóill. Chaill Stephen Ogilvie súil amháin san ionsaí. Leanann an chorraíl ar aghaidh timpeall na cathrach. D'úsáid na póilíní gunna uisce ag Timpeallán Sandyknowes i nGleann Ghormlaithe, chun slua mór a scaipeadh tar éis ionsaithe leanúnacha ar na póilíní. Caitheadh brící, buidéil agus píosaí adhmaid ag na póilíní, agus rinne grúpaí de dhaoine a raibh masc orthu damáiste d'fhálta ag tithe áitiúla chun iad a úsáid mar airm. Tuairiscíodh tinte i roinnt áiteanna, lena n-áirítear feithicil de chuid an Roinn Bonneagair agus boscaí bruscair, agus rinneadh iarrachtaí foirgneamh tréigthe a chur trí thine. I roinnt cásanna, caitheadh buamaí peitril i dtreo línte na bpóilíní. Chuir an chorraíl isteach ar iompar poiblí ar fud na sé chontae ó thuaidh, agus dúnadh roinnt scoileanna go luath. Tá an foréigean seo cáinte go mór ag na húdaráis, a d'iarr ar dhaoine fanacht socair. Leanfaidh fiosrúcháin ar aghaidh maidir leis an gcéad ionsaí agus ar na himeachtaí a tháinig ina dhiaidh sin.Tá an Corn Domhanda FIFA tosaithe go hoifigiúil, an comórtas peile idirnáisiúnta is mó ar domhan, a bhíonn á reáchtáil gach ceithre bliana. Den chéad uair riamh, tá an comórtas ar siúl i dtrí thír - Meicsiceo, Ceanada agus na Stáit Aontaithe. Beidh cluichí i 16 chathair ar fud Mheiriceá Thuaidh, lena n-áirítear Cathair Mheicsiceo, Vancouver agus Nua-Eabhrac. Beidh 48 foireann páirteach sa chomórtas, roinnte i 12 ghrúpa de cheithre fhoireann. Laistigh de na grúpaí seo, imreoidh gach foireann trí chluiche. Rachaidh an dá fhoireann is fearr as gach grúpa ar aghaidh go huathoibríoch. Ansin, rachaidh ocht bhfoireann eile ar aghaidh freisin mar na foirne tríú háit is fearr. Cruthóidh seo na 32 foireann sa bhabhta díbeartha. Ón mbabhta díbeartha ar aghaidh, má chailleann foireann cluiche ar bith, fágfaidh siad an comórtas. Má bhíonn scór cothrom tar éis am breise, beidh ciceanna pionóis leis an mbuaiteoir a shocrú. Tá cluichí á n-imirt ar fud na gcathracha óstacha, agus leanfaidh an comórtas ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais, a bheidh ar siúl i Nua-Gheirsí ar 19 Iúil 2026.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí - allegations of child sex abusemarthanóirí - survivorsan Roinn Bonneagair - Department for Infrastructurego huathoibríoch - automaticallybabhta díbeartha - elimination round

pr vancouver foils gaeilge kenneally conradh beidh feirste londain aontaithe tuairisc inniu nua eabhrac chuir choimisi mheithimh nuacht mhall
RTÉ - Barrscéalta
Sinéad Ní Mhearnóg ó cheantar na Spéiríní.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Apr 15, 2026 8:27


Labhair Sinéad ar an fhiosrúchán poiblí de chuid an Choimisiún Achomhairc Pleanála mar gheall ar mhianach óir ar Shliabh Speirín i gContae Thír Eoghain a cuireadh tús leis an tseachtain seo.

eoghain choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Cathal Mac Coille, colúnaí, tuairisc.ie

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 14, 2026 4:55


Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O'Donovan inné go mbeadh sé ag iarraidh ar Choimisiún na Meán breathnú ar an gcaoi inar chlúdaigh na meáin chumarsáide na hagóidí breosla le déanaí.

cathal tuairisc choimisi
RTÉ - Barrscéalta
An staraí, an Dr Seosamh Ó Ceallaigh as An Fhál Carrach.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Mar 11, 2026 8:51


Beidh caint a thabhairt ag an Dr Seosamh Ó Ceallaigh i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair anocht faoi Choimisiún na Teorann i 1925.

stara beidh ceallaigh seosamh choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
An Seanadóir, Seán Kyne, Fine Gael.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 19, 2026 4:41


Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Kyne roimh fhógra an Choimisiúin Pleanála nach mbeidh éisteacht ó bhéal acu don mheasúnú atá ar bun acu i dtaobh an iarratais pleanála do chuarbhóthar na Gaillimhe.

fine gael kyne seanad plean gaillimhe choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach, An Deisceart.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jan 16, 2026 6:05


Beidh Uachtarán an Choimisiún Eorpaigh Ursula Von der Leyen agus Uachtarán Chomhairle na hEorpa Antonio Costa i bParagua ag an deireadh seachtaine leis an gconradh Mercosur a shíniú.

mercosur uachtar n mhurch eorpach choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Micheál Ó Clochartaigh - Cathaoirleach Cosaint Cósta Chonamara.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 22, 2025 3:55


Tá sé tugtha le fios go foirmeálta ag an chomhlacht Fuinneamh Sceirde Teoranta, FST, don Choimisiún Pleanála go bhfuil siad leis an iarratas pleanála le feirm ghaoithe a fhorbairt amach ó charraigeachaí Sceirde, a tharraingt siar

miche fst cathaoirleach plean choimisi chonamara
RTÉ - Adhmhaidin
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 13, 2025 4:15


Tá an Feisire Eorpach ag cáineadh moill an Choimisiúin Pleanála ar chinneadh iarratas pleanála LNG na Sionainne.

lng plean eorpach choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Joe Folan, feirmeoir & iar-chomhairleoir contae.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Aug 25, 2025 4:19


Imní nach mbeidh feiliméaraí i dteideal na híocaíochta aon-uaire feilme, nuair a bheidh siad ag tarraingt an phinsean stáit ag aois 66 faoi mholtaí nua an Choimisiúin Eorpaigh.

folan imn choimisi
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250810_IRISH__iosrael_cainte_go_laidir_faoina_phlean_is_deireanai_i_gaza

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Aug 10, 2025 17:17


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28cpwcsz Contact: irishlingos@gmail.com Israel has been strongly criticized for its latest plan in Gaza. Iosrael cáinte go láidir faoina phlean is deireanaí i Gaza. The Israeli government's intention to seize complete control of Gaza city has been condemned internationally. Tá an rún atá ag Rialtas Iosrael forlámhas iomlán a ghabháil ar chathair Gaza cáinte go hidirnáisiúnta. 'It is only an expansion of the war and there is a great risk that millions of Palestinians will suffer as a result'. 'Níl ann ach leathnú ar an gcogaíocht agus tá an baol mór ann go mbeidh na milliúin Pailistíneach thíos leis'. That is what United Nations Secretary-General António Guterres has said as well as other international leaders since this morning. Sin atá ráite ag Ard Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres chomh maith le ceannairí idirnáisiúnta eile ó mhaidin. Recently, France, Canada and Iran have been condemning what Israel is now planning in Gaza. Le deireanaí, tá an Fhrainc,Ceanada agus an Iaráin ag cáineadh a bhfuil á bheartú anois ag Iosrael i Gaza. Among the critics this morning were the United Kingdom, Jordan and China. I measc lucht an cháinte ar maidin bhí an Ríocht Aontaithe,an Iordáin agus an tSín. The United Nations says Israel's decision violates international law and violates the ruling of the International Criminal Court. Deir na Náisiúin Aontaithe gur sárú ar an dlí idirnáisiúnta atá ar bun ag Iosrael maidir leis an gcinneadh agus go sáraíonnn sé an rialú ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. An emergency meeting of the organization's Security Council is scheduled to be held tomorrow in New York. Tá cruinniú éigeandála de chuid Chomhairle Slándála na heagraíochta sin le tionól amárach i Nua Eabhrac. All member states except the United States and Panama requested such a meeting. D'iarr na ballstáit uilig seachas na Stáit Aontaithe agus Panama a léithid de chruinniú. European Commission President Ursula von der Leyen is calling on Israel to review this policy. Tá Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh,Ursula von der Leyen ag iarraidh ar Iosrael athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí seo. The Palestinian Ambassador to the United Nations, Riyad Mansour, has expressed his gratitude to all world leaders who are standing with the people of Gaza in this crisis. Tá a bhuíochas gafa ag Ambasadóir na bPailistíneach chun na Náisiúin Aontaithe,Riyad Mansour leis na ceannairí domhanda ar fad atá ag seasamh le pobal Gaza sa ghéarchéim seo. Israeli Defense Minister Israel Katz, however, has not accepted any of this international criticism, although neither the army chief of staff nor the leader of the opposition in Israel are overly impressed with the military occupation of Gaza. Níl aon ghlacadh ag Aire Cosanta Iosrael,Israel Katz áfach le haon chuid den cháineadh idirnáisiúnta seo, cé nach ró-thógtha atá ceann foirne an airm ná ceannaire an fhreasúra in Iosrael leis an seilbh mhíleata ar Gaza ach oiread. Israel's aim is now to gain full military control of Gaza according to this new plan, which has received the blessing of the Israeli Security Government. Ceannas iomlán míleata a fháil ar Gaza aidhm Iosrael anois de réir an phlean nua seo a bhfuil beannacht faighte aige ó Rialtas Slándála Iosrael. That will initially focus on Gaza city. Díreoidh sin ar dtús ar chathair Gaza. The aim is to disarm Hamas militants, free all remaining hostages, demilitarize Gaza and gain full control of the strip. Tá sé i gceist treallchogaithe Hamas a dhíarmáil, na gialla ar fad atá fós beo a shaoradh,dímhíleatú a dhéanamh ar Gaza agus smacht iomlán a fháil ar an stráice. The Hamas organization has said that all of this is a war crime. Tá sé ráite ag an eagraíocht Hamas gur coir chogaidh atá anseo uilig. Hamas says it is willing to release the rest of the hostages it is holding on the condition that a ceasefire ...

RTÉ - Adhmhaidin
John Downing, Irish Independent.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 20, 2025 5:14


Cáineadh déanta ag an bhfeisire Eorpach Kathleen Funchion ar an méid a bhí le rá ag Kaja Kallas, leas-uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

irish independent kaja kallas john downing choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Aengus Ó Snodaigh, T.D.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 21, 2025 3:37


Deir sé gur chaill an stát na caipéisí a bhaineann leis an gcéad daonáireamh a déanadh sa Saorstát - suirbhé do Choimisiún na Gaeltachta i 2025.

deir aengus gaeltachta snodaigh choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
John Downing, iriseoir polaitíochta, Irish Independent.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 8, 2025 2:50


Cruinniú an Taoisigh, Micheál Martin le Ursula Von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

RTÉ - Adhmhaidin
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 17, 2025 3:43


Tuarascáil an Choimisiúin Meabhairshláinte. Pobalbhreith an Irish Times.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250403_IRISH__taraifi_tradala:_tiortha_ar_tinneall_roimh_fhogra_trump

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Apr 3, 2025 10:12


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xjredca Contact: irishlingos@gmail.com Trade tariffs: countries on edge ahead of Trump's announcement. Taraifí trádála: tíortha ar tinneall roimh fhógra Trump. The tariffs that the United States Government plans to impose on goods from various countries around the world will be revealed later today. Nochtfar níos deireanaí inniu na taraifí atá beartaithe ag Rialtas na Stát Aontaithe a ghearradh ar earraí ó thíortha éagsúla ar fud an domhain. US President Donald Trump will provide more information about the tariffs at a press conference at the White House in Washington tonight. Tabharfaidh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump tuilleadh eolais faoi na taraifí ag preasócáid sa Teach Bán in Washington anocht. Trump met with trade officials last night to finalize the details of the tariffs that will take effect tomorrow. Bhi cruinniú ag Trump le hoifigigh trádála aréir le bailchríoch a chur ar mhionsonraí na dtaraifí a dtiocfaidh feidhm leo ó amárach. Trump says other countries are "stealing" the United States on trade and has claimed that the tariffs are ushering in a "golden age" for American manufacturers and the country's economy as a whole. Dar le Trump go bhfuil tíortha eile "ag sailleadh" na Stát Aonaithe ó thaobh cúrsaí trádála de agus tá maíte aige go bhfuil "ré órga" i ndán do dhéantúsóirí Meiriceánacha agus do gheilleagar na tíre trí chéile de thoradh na dtaraifí. On the contrary, others believe that it will be expensive for the American public and that prices will rise dramatically in that country. Os a choinne sin, creideann daoine eile go mbeidh daor ar phobal Mheiriceá agus go n-ardóidh praghsanna as éadan sa tír sin. There is also a risk, say the same people, that a global economic recession will be another of the results of the new era. Tá baol ann freisin, a deir na daoine céanna, go mbeidh cúlú eacnamaíochta domhanda ar cheann eile de thorthaí na ré nua. The countries most targeted by the tariffs are still trying – as late as this – to convince the Americans that every country in the world will lose out on what they are planning. Na tíortha is mó a bhfuil na taraifí dírithe orthu, tá siad fós ag iarraidh – chomh déanach seo – cur ina luí ar na Meiriceánaigh gur gach tír ar domhan a bheas caillteach lena bhfuil beartaithe acu. Trump has already indicated, however, that he has no interest in that. Tá sé tugtha le fios cheana ag Trump, áfach, nár mhairg ar bith aige é sin. However, a US government spokesman indicated that Trump would be willing to make a deal with other countries at the last minute. Ar a shon sin, thug urlabhraí ó Rialtas Mheiriceá le fios go mbeadh Trump sásta margadh a dhéanamh le tíortha eile ag an nóiméad deireanach. There is a lot of speculation in Ireland about what Trump has in mind, especially regarding the pharmaceutical sector. Táthar i ngad an bhuigiúin in Éirinn faoina bhfuil ar aigne ag Trump, go háirithe i dtaobh na hearnála cógaisíochta. As a member state of the European Union, however, Ireland is in a different place and all policies are common policies. Mar bhallstát den Aontas Eorpach, áfach, tá Éire i ngad eile agus gach beartas ina chomhbheartas. After all, strength lies in coming together, according to European Commission President Ursula von der Leyen. Ina dhiaidh sin, is sa chur le chéile atá an neart, dar le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20250311_IRISH__oibrithe_san_earnail_pobail_le_breathnu_ar_chomhaontu_pa

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Mar 11, 2025 8:01


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/23rqpuhs Contact: irishlingos@gmail.com Community sector workers to consider pay agreement. Oibrithe san earnáil pobail le breathnú ar chomhaontú pá. Workers in the community and voluntary sector are to consider proposals for a pay dispute settlement that have been accepted by their representatives. Tá oibrithe san earnáil pobail agus dheonach le breathnú ar mholtaí réitigh maidir le haighneas pá a bhfuil glactha ag a gcuid ionadaithe leo. The unions and the Government reached an agreement on the dispute in the Workplace Relations Commission last night and its contents are being presented to workers in the next few days. Tháinig na ceardchumainn agus an Rialtas ar chomhaontú faoin aighneas sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre aréir agus táthar lena bhfuil ann a chur faoi bhráid na n-oibrithe as seo go ceann cúpla lá. It is understood that the agreement proposes to give workers a 9.25% pay increase over the two years between October 2024 and October 2026, and also promises to include the community and voluntary sector in future pay agreements. Tuigtear go moltar sa chomhaontú ardú pá de 9.25 faoin gcéad a thabhairt do na hoibrithe i gcaitheamh an dá bhliain idir Deireadh Fómhair 2024 agus Deireadh Fómhair 2026, agus gealltar freisin an earnáil pobail agus dheonach a chur san áireamh i gcomhaontuithe pá as seo amach. Workers include people in various charities and agencies that provide healthcare services on behalf of the State. Áirítear i measc na n-oibrithe daoine i gcatharnais agus i ngníomhaireachtaí éagsúla a chuireann seirbhísí cúraim shláinte ar fáil thar ceann an Stáit. Last month, workers in those organizations voted in favor of going on strike if a resolution to the dispute was not reached. An mhí seo caite, vótáil oibrithe sna heagraíochtaí sin i bhfabhar dul ar stailc mura dtiocfaí ar réiteach ar an aighneas. They accused the Government of not yet implementing a pay agreement made in October 2023. Chuir siad i leith an Rialtais nár cuireadh i bhfeidhm fós comhaontú pá a rinneadh i nDeireadh Fómhair 2023. The Department of Children, Equality and Disability has stated that the community and voluntary sector is relied upon to provide a good number of essential services and that they should be fairly compensated for the invaluable work they do. Tá sé ráite ag an Roinn Leanaí, Comhionannais agus Míchumais go bhfuiltear ag brath ar lucht na hearnála pobail agus deonaí le riar maith seirbhísí riachtanacha a sholáthar agus gur cóir iad a chúiteamh mar is ceart as an obair iomardúil a dhéanann siad. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

children state government irish workers equality disability jquery original podcast rt news workplace relations commission chuir deireadh f rialtas choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Catherine Connolly, T.D.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 27, 2025 6:46


Foilsíodh Tuarascáil an Choimisiúin Tithíochta i mí na Bealtaine anuraidh. Inniu beidh deis ag Teachtaí Dála plé a dhéanamh ar na moltaí a rinne an Coimisiún i leith ceann de na ceisteanna is mó i saol na hÉireann. a.

connolly foils bealtaine tith teachta d inniu choimisi
RTÉ - An Saol ó Dheas
Ed Hick - Ball de Choimisiún na bhFianna in Éireann

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Feb 12, 2025 8:04


Cúig cinn déag d'aonaid le bunú chun dul i ngleic le líon na bhfianna sa tír seo.

hick choimisi
RTÉ - Barrscéalta
Michelle Murphy ó Cheartas Sóisialta na hÉireann.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Oct 24, 2024 6:25


Tá Michelle Murphy as Gleann tSúilí ceaptha ag an Rialtas ar an Choimisiún um Aistriú Cóir nó Just Transition. 

RTÉ - Adhmhaidin
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Sep 17, 2024 5:58


Táthar ag súil le fógra inniu ó Uachtarán an Choimisiún Eorpach Ursula Von der Leyen faoina cúramaí a bheas ag na coimisinéirí nua, Michael McGrath na tíre seo ina measc, agus scéalta eile an lae.

cuan uachtar choimisi
Nuacht Mhall
14 Meán Fómhair 2024 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Sep 14, 2024 5:40


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí an chéad díospóireacht uachtaránachta agus b'fhéidir an t-aon díospóireacht amháin idir an Leas-Uachtarán Daonlathach Kamala Harris agus an t-iarrthóir Poblachtánach Donald Trump ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar ghinmhilleadh, a oiriúnacht don oifig, agus a thrioblóidí dlíthiúla. Chuir Harris i leith Trump nach raibh sé ionraic agus ag pointe amháin, d'éiligh sí go bhfágann daoine cruinnithe feachtais Trump go luath "mar gheall ar thuirse agus leadrán". D'fhreagair Trump le "Tá na sluaite is mó agus is iontaí sa stair againn." Ba léir go raibh Kamala Harris ag iarraidh cur as do Trump agus d'éirigh léi agus bhí an chuma air go raibh frustrachas agus fearg air. Oíche mhaith a bhí ann do Kamala Harris agus tá díospóireacht eile iarrtha aici roimh an toghchán. Chuir Apple deireadh lena chath dlíthiúil i gcoinne rialú an Choimisiúin Eorpaigh, a shainigh gur íoc an comhlacht €13 billiún níos lú i gcáin ná mar ba cheart in Éirinn. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfabhar an Choimisiúin, ag athrú an bhreithiúnais roimhe sin ón Chúirt Íochtair. Tar éis rialú bunaidh an Choimisiúin, bhí ar Apple €13.1bn i gcánacha neamhíoctha móide €1.2bn in ús a íoc isteach i gcuntas neamhspleách tríú páirtí. Dhiúltaigh Apple agus Éire do thorthaí an choimisiúin agus dúirt siad nach bhfuair an comhlacht cóir speisialta ó Stát na hÉireann. Caithfidh an rialtas cinneadh a dhéanamh anois ar an bhealach is fearr leis an airgead seo a úsáid.  Tá lúthchleasaithe Fhoireann na hÉireann a ghlac páirt i gCluichí Parailimpeacha Pháras 2024 tagtha ar ais go hAerfort Bhaile Átha Cliath. Ghlac 35 lúthchleasaí páirt i naoi spórt agus bhuaigh siad sé bhonn: bonn óir amháin, trí bhonn airgid, agus dhá bhonn cré-umha. Chuir baill den lucht leanúna fáilte mhór abhaile roimh fhoireann na lúthchleasaithe. Bhí gliondar agus barróg ar na hiomaitheoirí agus iad ag teacht go hAerfort Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Luain. Dúirt an rothaí Katie George Dunlevy, a bhí ag caitheamh trí bhonn, go raibh sí “tuirseach ach ar bís” faoina héachtaí. Bhí Róisín Ní Riain, snámhaí, “an-sásta lena feidhmíocht” fosta. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS díospóireacht uachtaránachta - presidential debate ginmhilleadh - abortion cath dlíthiúil - legal battle cánacha neamhíoctha - unpaid taxes ús - interest (financial) feidhmíocht - performance

donald trump apple pr dm kamala harris tar bh gaeilge dhi mhe conradh cliath londain inniu chuir choimisi d luain ard mhacha aontais eorpaigh nuacht mhall
Léargas: A Podcast by Gerry Adams
Féile 24 | Irish Unity

Léargas: A Podcast by Gerry Adams

Play Episode Listen Later Aug 25, 2024 16:52


Féile 24 I thought I would reflect on some aspects of Féile 24 in this week's column. In particular the debates and discussions. First of all I'm sure all Féile enthusiasts agree that this was an outstanding Féile. The debates and discussions in particular were of a very high standard and variety and audiences and speakers had a very special treat this year at their Saint Mary's mecca on the Falls Road.Advancing the case for Irish UnityLá breithe shona do Choimisiún Shinn Féin ar Thodhchaí na hÉireann - Happy birthday to Sinn Féin's Commission on the Future of Ireland.  In the summer of 2022 Sinn Féin established the Commission to advance Irish Unity through a grassroots consultation process nationally and internationally. The strap line for all of the events – Have Your Say – highlights the core aim of the Commission. It is about people having their say on the shape and composition of a new Ireland. Declan Kearney MLA is Chair of the Commission and Lynn Boylan MEP is the Vice Chair.

RTÉ - Adhmhaidin
Micheál Ó Conchúir, Tráchtaire ar ghnóthaí an Aontais Eorpaigh.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 18, 2024 5:13


Inniu, beidh parlaimint na hEorpa ag vótáil ar Ursula von der Leyen a thoghadh mar Uachtarán ar Choimisiún na hEorpa.

ursula von der leyen miche conch uachtar heorpa inniu choimisi aontais eorpaigh
RTÉ - Adhmhaidin
Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 17, 2024 5:34


‘Scéal chailleach an úfáis' atá tugtha ag Cynthia Ní Mhurchú ar cháineadh Sheáin Kelly ar an gclár seo inné, nach mbeidh feisirí Fhianna Fáil ag tacú le Ursula von der Leyen mar Uachtarán Choimisiún na hEorpa.

ursula von der leyen uachtar n mhurch heorpa eorpach choimisi fhianna f
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20240615_IRISH_comhraite_ar_siul_le_suil_stailc_in_aer_lingus_a_sheachaint

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jun 15, 2024


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2yxb8l2d Contact: irishlingos@gmail.com Talks are underway to avoid a strike at Aer Lingus. Comhráite ar siúl le súil stailc in Aer Lingus a sheachaint. Discussions are underway today between Aer Lingus and the Irish Airline Pilots Association regarding a pay dispute that could lead to a strike. Tá comhráite ar siúl inniu idir Aer Lingus agus Chumann Phíolótaí Aerlínte na hÉireann maidir le haighneas pá a bhféadfadh stailc a bheith mar thoradh air. Yesterday, members of that union in Aer Lingus voted overwhelmingly in favor of taking industrial action - including a strike - if a compromise was not reached between us. Inné, vótáil baill den cheardchumann sin in Aer Lingus le móramh mór i bhfabhar tabhairt faoi ghníomhaíocht thionsclaíoch – stailc san áireamh – mura dtiocfaí ar chomhréiteach idir dhá linn. Ahead of today's joint talks, Aer Lingus asked the pilots to give fifteen days' notice before going on strike. Roimh na comhchainteanna inniu, d'iarr Aer Lingus fógra cúig lá dhéag ar na píolótaí sula rachaidís ar stailc. According to the Workplace Relations Commission's code of practice, it is recommended to give at least one week's notice before going on strike. De réir chód cleachtais an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, moltar fógra seachtaine ar a laghad a thabhairt sula dtéitear ar stailc. The president of the pilots' union, Captain Mark Tighe, said that the members would announce "in due course" what kind of industrial action they would undertake. Dúirt uachtarán cheardchumann na bpíolótaí, an Captaen Mark Tighe, go bhfógródh na baill "in am trátha" cén sórt gníomhaíochta tionsclaíche go baileach a dtabharfaidís faoi. He indicated however that the pilots wished not to disturb people who intend to go on holiday abroad this summer. Thug sé le fios mar sin féin gur mhian leis na píolótaí gan cur as do dhaoine a bhfuil sé i gceist acu dul ar saoire thar lear an samhradh seo. On the contrary, says Mark Tighe, the pilots are determined to get their own share of the big profit that Aer Lingus is currently making. Os a choinne sin, arsa Mark Tighe, tá na píolótaí meáite ar a gcothrom féin a fháil den bhrabach mór atá Aer Lingus a dhéanamh faoi láthair. Last week, the union rejected a Labor Court recommendation to give them a total 9.2% pay rise as part of an interim settlement. An tseachtain seo caite, dhiúltaigh an ceardchumann moladh ón gCúirt Oibreachais ardú pá 9.2 faoin gcéad san iomlán a thabhairt dóibh mar chuid de réiteach eatramhach. That proposal is far from the mark, however, since the 23.8% pay rise that the pilots are demanding. Tá an moladh sin i bhfad ón marc, ámh, ós ardú pá 23.8 faoin gcéad atá na píolótaí a éileamh. According to the pilots, the pay rise offers they have been given so far are not in line with the rate of inflation or the huge profit Aer Lingus is making, and do not take into account all the benefits that have allowed they want on behalf of the company during the Covid-19 pandemic. Dar leis na píolótaí nach bhfuil na tairiscintí ar ardú pá a tugadh dóibh go dtí seo, nach bhfuil siad ag teacht le ráta an bhoilscithe ná leis an mbrabach mór atá Aer Lingus a dhéanamh, agus nach gcuirtear san áireamh iontu na sochair ar fad a lig siad uathu ar son an chomhlachta aimsir na paindéime covid 19. Aer Lingus Chief Corporate Affairs Officer, Donal Moriarty, however, said the pilots' demands were out of proportion and untenable. Dúirt Príomhoifigeach Gnóthaí Corparáideacha Aer Lingus, Donal Moriarty, áfach, go raibh éileamh na bpíolótaí as compás agus dochurtha i gcrích. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

covid-19 pr irish os dar inns gc thug gn jquery aer lingus original podcast rt news mark tighe comhr workplace relations commission choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Micheál Ó Conchúir, Árd-Rúnaí Choiste na Réigiún.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later May 24, 2024 5:04


Tháinig cúigear ceannairí na scáth-ghrúpaí i gCoimisiún na hEorpa le chéile do dhíospóireacht Uachtaránachta na Choimisiúin a bhí ar bun inné.

miche conch uachtar heorpa choimisi gcoimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Apr 18, 2024 3:37


Iarrachtaí an Choimisiúin gearradh siar ar mhaorlathas an Chomhpholasaí Talmhaíochta d'fheirmeoirí.

eorpach choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 16, 2024 3:38


Beidh feidhm ón lá amárach ar aghaidh, le cúramaí Choimisiún na Meán mar chomhordaitheoir ar sheirbhísí digiteacha. Cúram reachtúil í seo, mar chuid den Acht um Sheirbhísí Digiteacha.

acht beidh domhnaill choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Seán Kelly, Feisire Eorpach, Fine Gael.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 15, 2024 5:42


Tá litir scríofa ag an Taoiseach Leo Varadkar agus Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sanchez chuig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen faoin ngéarchéim dhaonnúil i nGaza.

RTÉ - Adhmhaidin
Cuan Ó Seireadáin, Comhfhreagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 22, 2023 3:38


Tá cead tugtha ag an Ard-Chúirt don Choimisiún um Chearta Daonna cás a thógáil i gcoinne mar gheall ar theip an Stáit dóthain lóistín a chur ar fáil do iarrthóirí tearmainn.

cuan gaeltachta rt raidi choimisi
RTÉ - An Saol ó Dheas
Ed Hick; Ball de Choimisiún na bhFianna in Éirinn & Micheál Ó Críodáin; fear gnó i Múscraí

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 7, 2023 14:12


Tuarascáil nua foilsithe ag Grúpa Stráitéise agus Bainistíochta na bhFianna in Éirinn ar maidin - ag moladh go ndéanfaí ciondíothú ar thréad na bhfianna sa tír.

fear str miche hick scra choimisi
RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol Ó Dheas - 07 Nollaig 2023

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 7, 2023 49:44


Ed Hick, Ball de Choimisiún na bhFianna in Éirinn & Micheál Ó Críodáin, fear gnó i Múscraí Darán Ó Droma, Stiúrthóir Chór Fear na nDéise Sinéad Lough Séan Ó Súilleabháin Breandán Ó Riain

RTÉ - Barrscéalta
Róise Nic Laifeartaigh Oifigeach Caidrimh Poiblí Ghrúpa Gníomhaíochta Mica.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Nov 2, 2023 4:13


Tá súil ag úinéirí tithe le brící lochtacha i nDún na nGall go mbeidh toradh dearfach ar an chruinniú a thug toscaireacht ó Choimisiún na hEorpa ar Dhún na nGall an tseachtain seo ar chúrsaí.

mica dh omha ngall heorpa choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 17, 2023 5:45


Ag labhairt dó sa Róimh inné, cháin Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Uachtarán Choimisiún na hEorpa, Ursula von der Leyen agus pléifear íocaíochtaí breise do theaghlaigh ag cruinniú rialtais inniu.

Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230929_IRISH_greasan_griosaitheach_mailiseach_dunta_ag_tiktok

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Sep 29, 2023 7:59


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26s9hffw Contact: irishlingos@gmail.com TikTok shuts down "inciting malicious network". "Gréasán gríosaitheach mailíseach" dúnta ag TikTok. Social media platform TikTok has revealed that it has shut down a "malicious network that was spreading poisonous content". Tá sé tugtha le fios ag an meán sóisialta TikTok go bhfuil "gréasán mailíseach a raibh ábhar nimhiúil á scaipeadh air" dúnta acu. The network reportedly had 72 accounts and over 94,000 followers. Bhí 72 cuntas agus os cionn 94,000 leantóir ag an ngréasán, a dúradh. According to TikTok, extremist comments were being posted by the administrators of the web with a desire to foster conflict between people. Dar le TikTok go raibh tuairimí antoisceacha á bpostáil ag riarthóirí an ghréasáin le fonn coimhlint idir dhaoine a chothú. Some of the content posted on the web related to this country, as well as Japan, Russia and Taiwan. Bhain cuid den ábhar a postáladh ar an ngréasan leis an tír seo, chomh maith leis an tSeapáin, an Rúis agus an Téaváin. It appears that the network was operational during the first two quarters of this year. Is cosúil gur i gcaitheamh an chéad dá ráithe den bhliain seo a bhí an gréasán ag feidhmiú. The details of the story have been published in a report that TikTok has submitted to the European Commission as part of the medium's duty under the European Union's Code of Practice on Biography. Tá sonraí an scéil foilsithe i dtuarascáil atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ag TikTok mar chuid den dualgas atá ar an meán faoi Chód Cleachtais an Aontais Eorpaigh maidir le Bréagaisnéis. In addition to TikTok, Google, Microsoft, Facebook and Instagram are involved in that code of practice. Chomh maith le TikTok, tá Google, Microsoft, Facebook agus Instagram bainteach leis an gcód cleachtais sin. Twitter – or X, as it is now called – used to be involved as well but they pulled out after Elon Musk bought the company. Bhíodh Twittter – nó X, mar a thugtar air anois – bainteach leis freisin ach tharraing siad amach as tar éis do Elon Musk an comhlacht a cheannach. Very timely, the European Union revealed yesterday that on X - above any other medium in Europe - biography is posted the most. Tráthúil go maith, thug an tAontas Eorpach le fios arú inné gur ar X – thar aon mheán eile san Eoraip – is mó a phostáiltear bréagaisnéis. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

RTÉ - Adhmhaidin
Harry McGee, Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Times

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Sep 7, 2023 7:35


D'fhógair an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna inné go bhfuil cinneadh déanta ag an rialtas dhá reifreann a thionól ar chothromaíocht inscne & beidh feirmeoirí ag casadh leis an Aire Talmhaíochta faoi chinneadh an Choimisiún Eorpaigh teorann a chur leis an níotráit.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Conchubhair Ó Liatháin; Coimisiún Toghcháin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Aug 24, 2023 12:24


Athraithe d'fhéadfadh teacht chun cínn i dtoghcheantar Chorcaigh Thiar Thuaidh mar thoradh air thuairisc an Choimisiúin Toghcháin.

liath choimisi
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230818_IRISH_gniomhaiocht_thionsclaioch_curtha_ar_fionrai_ag_oibrithe_doiteain

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Aug 18, 2023 10:05


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/222ap964 Contact: irishlingos@gmail.com Industrial activity suspended by fire workers. Gníomhaíocht thionsclaíoch curtha ar fionraí ag oibrithe dóiteáin. Part-time firefighters have announced they have suspended industrial action from midday today in light of discussions at the Workplace Relations Commission yesterday. Tá sé fógartha ag comhraiceoirí dóiteáin páirtaimseartha go bhfuil an ghníomhaíocht thionsclaíoch atá ar bun acu curtha ar fionraí acu ón meán lae inniu i bhfianaise ar tháinig amach as comhráite sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre inné. Dissatisfaction of firefighters with their pay and working conditions is at the heart of the dispute. Míshásamh na gcomhraiceoirí dóiteáin lena gcuid pá agus a gcoinníollacha oibre is siocair leis an aighneas. In a video message sent to the workers last night, Karan O'Loughlin from the SIPTU union indicated that some progress had been made regarding pay matters in the talks - albeit slowly and carefully, as she said. I dteachtaireacht físeáin a seoladh chuig na hoibrithe aréir, thug Karan O'Loughlin ón gceardchumann SIPTU le fios go ndearnadh dul chun cinn áirithe maidir le cúrsaí pá sna comhráite – bíodh is gur go mall agus go léanmhar a rinneadh sin, mar a dúirt sí. She suggested suspending industrial action so that the next step could be taken and the issue addressed in conversations to be held about pay in the public service as a whole. Mhol sí an ghníomhaíocht thionsclaíoch a chur ar fionraí ionas go bhféadfaí an chéad chéim eile a ghlacadh agus aghaidh a thabhairt ar an gceist i gcomhráite atá le reáchtáil faoi phá sa tseirbhís phoiblí trí chéile. Part-time firefighters are on call from the beginning of the year and are paid a booking fee on top of a regular salary. Tá comhraiceoirí dóiteáin páirtaimseartha ar glao-dhualgas ó cheann ceann na bliana agus is táille áirithíochta thar ghnáth-thuarastal a íoctar leo. There are about 2,000 of them and they have been picketing regularly for ten weeks at 200 fire stations throughout the country in an attempt to resolve the dispute between them and the Department of Local Government. Tá thart ar 2,000 acu ann agus tá picéid curtha go tráthrialta le deich seachtaine acu ar 200 stáisiún dóiteáin ar fud na tíre de cheal réitigh ar an aighneas idir iad agus an Roinn Rialtais Áitiúil. They voted overwhelmingly last month against Labor Court settlement proposals that would have increased the annual booking fee by between 24% and 32.7%. Vótáil siad le móramh mór an mhí seo caite in aghaidh mholtaí réitigh na Cúirte Oibreachais faoina n-ardófaí an táille áirithíochta bhliantúil idir 24 faoin gcéad and 32.7 faoin gcéad . Although it would be a significant percentage increase, the workers pointed out that it was not enough since they are paid a very low fee in the first place. Cé gur ardú suntasach céatadánach a bheadh ann, thug na hoibrithe le fios nár leor é ós táille an-íseal a íoctar leo ar an gcéad dul síos. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

irish local government dissatisfaction gn loughlin jquery original podcast rt news siptu workplace relations commission choimisi
Learn Irish & other languages with daily podcasts
20230726_IRISH_gan_fail_ag_an_aos_og_ar_sheirbhis_cheart_mheabhairshlainte

Learn Irish & other languages with daily podcasts

Play Episode Listen Later Jul 26, 2023 12:03


jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ao7kbgz Contact: irishlingos@gmail.com "Young people not getting a proper mental health service". "Gan fáil ag an aos óg ar sheirbhís cheart mheabhairshláinte". An independent report on mental health services for young people states that parents and guardians cannot be guaranteed that their children have access to the right service anywhere in the State. Deirtear i dtuarascáil neamhspleách ar sheirbhísí meabhairshláinte do dhaoine óga nach féidir gealltanas a thabhairt do thuisimitheoirí ná do chaomhnóirí go bhfuil fáil ag a gcuid páistí ar sheirbhís cheart in aon áit sa Stát. The authors of the report reviewed the mental health services provided by the Health Service Executive for children and young people last year and so far this year. Rinne údair na tuarascála athbhreithniú ar na seirbhísí meabhairshláinte a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fáil do leanaí agus ógánaigh anuraidh agus go dtí seo i mbliana. The report published by the Mental Health Commission today indicates that there is no certainty that a safe, effective and evidence-based service is currently available for young people in Ireland. Tugtar le fios sa tuarascáil a d'fhoilsigh an Coimisiún Meabhair-Shláinte inniu nach bhfuil aon chinnteacht ann go bhfuil seirbhís atá sábháilte, éífeachtach agus fianaisebhunaithe, go bhfuil a leithéid ar fáil do dhaoine óga in Éirinn faoi láthair. It claims that the governance of the service is not good enough in places, that there is not enough staff, that people may be at risk and that they are not resourceful enough in times of need because of all that. Maítear ann nach bhfuil rialachas na seirbhíse sách maith in áiteanna, nach bhfuil dóthain foirne ann, gur féidir go bhfuil daoine i mbaol agus nach bhfuiltear sách seiftiúil in am an ghátair dá bhíthin sin ar fad. In fact, the report indicates that only half of the required staff are working in some locations. Go deimhin, tugtar le fios sa tuarascáil nach bhfuil ach leath na foirne a theastaíonn ag obair i roinnt áiteanna. In that head, it is said that some teams are not monitoring mental health medications according to international standards and, to top it off, that there are no national standards. Ina cheann sin, deirtear nach bhfuil foirne áirithe ag déanamh monatóireacht ar chógais leighis mheabhairshláinte de réir caighdeán idirnáisiúnta agus, mar bharr an donas, nach bhfuil aon chaighdeáin náisiúnta ann. The main author of the report Dr Susan Finnerty said in light of what she has seen that the administration of the service should be handed over to the Mental Health Commission immediately in order to force the State and the Health Service Executive to reform the service for the better. Dúirt príomhúdar na tuarascála an Dr Susan Finnerty i bhfianaise a bhfuil feicthe aici gur chóir riar na seirbhíse a thabhairt ar láimh don Choimisiún Meabhair-Shláinte láithreach le dúil iachall a chur ar an Stát agus ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an tseirbhís a leasú chun feabhais. In his annual report published two months ago, the Ombudsman for Children, Dr Niall Muldoon, said it was high time to reform the mental health service for young people. Ina thuarascáil bhliantúil a foilsíodh dhá mhí ó shin, dúirt an tOmbudsman do Leanaí, ar Dr Niall Muldoon, go raibh sé thar am an tseirbhís mheabhairshláinte do dhaoine óga a leasú. We all know, he said, that the service is extremely dysfunctional and that it is harming the most vulnerable children and adults in the country. Tá a fhios againn ar fad, arsa sé, go bhfuil an tseirbhís thar a bheith mífheidhmiúil agus go bhfuil sé ag loiceadh ar na leanaí agus na haosánaigh is leochailí sa tír. More on this story: National audit of mental health services for promising young people Harm caused to 46 children who were in mental health care RTÉ News and Current Affairs

RTÉ - Adhmhaidin
Póilín Ní Chiaráin, Iriseoir.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Mar 27, 2023 6:08


Tá sé fógartha ar maidin go bhfuil Geoff Knupfer, Príomh Imscrúdaitheoir an Choimisiúin Neamhspleách do láithreacha iarsmaí na n-íospartach ag éirí as a chuid oibre.

pr chiar choimisi
Bladhaire - RTÉ
Colm Ó Duifinn - Roinn na Gaeilge

Bladhaire - RTÉ

Play Episode Listen Later Mar 9, 2023 8:58


Aistritheoirí Gaeilge á lorg ag an Choimisiún Eorpach

colm gaeilge roinn eorpach choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Máire Aoibhinn Ní Ógáin, Ceannasaí Cartlainne TG4 & ball de Choiste Stiúrtha Litearthacht na Meán in Éirinn.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 21, 2023 6:38


Dúradh i dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán anuraidh gur theastaigh cur chuige níos iomláine chun dul in ngleic le tionchar an bhréagfhaisnéis ar shochaí agus daonlathas na tíre. Tá sé fógartha inniu go bhfuil meitheal bunaithe chun dul i mbun oibre ar an gceist seo.

aoibhinn choimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Déaglán de Bréadúin, Colúnaí leis an Irish News.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 2, 2022 4:12


Tugadh omós d'Uarachtán an Choimisiún Eorpaigh Ursula Von der Leyen aréir tráth a bronnadh gradam Ceannaireachta Sunderland uirthi thar ceann an Aontais Eorpaigh mar aitheantas ar an bhfuil déanta gan Aontas don tír seo.

leis irish news choimisi aontais eorpaigh
RTÉ - Adhmhaidin
Gráinne Ní Aodha - Tuairisceoir le PA Ireland

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Dec 1, 2022 6:18


Tá Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, ar cuairt ar Bhaile Átha Cliath inniu, áit a dtabharfaidh sí aitheasc os comhair na Dála. Tá conspóid i gcónaí ann faoi cheist na dteifeach.

ireland ursula von der leyen inne bhaile cliath aodha choimisi
Nuacht Mhall
22 Deireadh Fómhair 2022 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Oct 22, 2022 4:07


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh Ta aird idirnáisiúnta tarraingthe ag scannal caimiléireachta i saol an Rince Éireannaigh. Is é an Coimisiún le Rincí Gaelacha an eagraíocht rince Ghaelaigh is sine agus is mó le rá, ach d'éirigh beirt bhall sinsearach den Choimisiún as an eagraíocht ar an Déardaoin tar éis cruinniú a bheith ar siúl chun líomhaintí faoi chealgaireacht ag comórtais a phlé. Tháinig roinnt múinteoirí ar aghaidh le rá go raibh rún oscailte ann maidir le rigeáil na dtorthaí sna feiseanna. Dúirt urlabhraí ó Chumann Múinteoirí Mheiriceá Thuaidh gur bhain an chonspóid an bonn de mhuinín sa Rince Gaelach. Tá aoir osnádúrtha faoin mbeatha tar éis an bháis tar éis an Duais Booker 2022 a bhuachan. Insíonn ‘The Seven Moons of Maali Almeida' le Shehan Karunatilaka, scéal grianghrafadóra a dhúisíonn marbh lá amháin agus a dhéanann iarracht cumarsáid a dhéanamh ón taobh eile den uaigh faoi Chogadh Cathartha Shrí Lanca. Mhol an Príomhbhreitheamh, Neil MacGregor, scóip agus scála an úrscéil, agus é ag rá go raibh an cinneadh d'aon toil. Bhí an scríbhneoir Éireannach, Clare Keegan, ar an ngearrliosta don duais dá húrscéal ‘Small Things Like These'. Seachtain dhrámatúil eile a bhí ann i saol pholaitíocht na Breataine. Tráthnóna Déardaoin, d'fhógair Liz Truss go raibh sí le héirí as a ról mar Phríomh-Aire agus Ceannaire an Pháirtí Choimeádaigh tar éis sraith eachtraí náireacha. Níor chaith Truss ach daichead a ceathair lá sa phost; theip uirthí formhór a cuid polasaithe a chur i bhfeidhm agus b'éigean di a mionbhuiséad a thréigean tar éis shuaitheadh an mhargaidh agus brú óna páirtí féin. Tá tús curtha cheana féin le tuairimíocht faoina comharba ach caithfidh an té a roghnófar 100 vóta a fháil ar dtús chun dul isteach sa rás ceannaireachta. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS scannal caimiléireachta - cheating scandal líomhaintí faoi chealgaireacht - allegations of deception rigeáil na dtorthaí - rigging of results aoir osnádúrtha - supernatural satire d'aon toil - unanimous sraith eachtraí náireacha - a series of embarrassing incidents comharba - successor

pr aire ins liz truss bh baile truss phr gaeilge seachtain shehan karunatilaka seven moons neil macgregor conradh cliath londain inniu deireadh f choimisi breataine nuacht mhall
RTÉ - Adhmhaidin
Mícheál Ó Maoláin, Rúnaí, ‘Fóram Croí Chonamara & Árann'

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Oct 3, 2022 4:05


Tá an Coimisiún Eorpach tar éis iarraidh ar Éirinn a chinntiú go bhfuil stop a chur le baint móna in áiteanna atá lonnaithe i Limistéir Chaomhnaithe Speisialta. Tá dhá mhí ag rialtas na hÉireann chun freagra a thabhairt don Choimisiún faoin mbeart a dhéanfar chun cúrsaí a chur ina gceart.

rann eorpach choimisi chonamara
RTÉ - Adhmhaidin
Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Choimisiún Forbartha an Iarthair

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Sep 27, 2022 4:12


Tá ísliú déanta arís eile ar ghrádáil Iarthar & Iarthuaiscirt na hÉireann ag an gCoimisiún Eorpach agus é áirithe anois mar réigiún atá ag titim siar de bharr go bhfuil sé i bhfad níos boichte le roinnt blianta anuas i gcomparáid le réigiúin eile san Eoraip.

eoraip eorpach choimisi gcoimisi
RTÉ - Adhmhaidin
Andy Caomhánach, feidhmeannach ríomhaireachta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jun 17, 2022 4:23


Beannacht an Choimisiúin Iomaíochta agus Cosaint Tomhaltóirí, an CCPC, faighte ag árdán nua baincéireachta don fón póca, Synch, comhpáirtíocht de chuid na 4 phríomh bhainc in Éirinn.

gaeilge synch ccpc choimisi acadamh hollscola
RTÉ - Iris Aniar
Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Choimisiún Forbartha an Iarthair.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jun 16, 2022 14:14


Reachtáil Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Coimisiún Forbartha an Iarthair an triú suirbhé bliantiúil náisiúnta ar an gcianobair Mí Aibréain agus foilsíodh torthaí ginearálta an tsuirbhé sin ag deireadh Bhealtaine. Ach tá cíoradh déanta anois ag an gCoimisiún ar mhionsonraí na bhfreagraí a tugadh sa suirbhé.

ach ollscoil gaillimh choimisi gcoimisi
RTÉ - An Saol ó Dheas
Diarmaid Ó Drisceoil;Díchoimisiúnú Thobar Gáis Chionn tSáile.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Mar 23, 2022 12:03


Tá tobar gáis Chionn tSáile triomaithe. Bhíothars a tarrac gáis as ón mbliain 1978,ach tá deireadh ré sroiste aige. Tá na stáitsí agus gach a mbaineann leo á n-ardach chun siúil anois.

bh diarmaid choimisi