POPULARITY
Grace Ní Chonghaile, oifigeach tograí Ghaillimh le Gaeilge ag labhairt faoi Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh.
Le linn cruinniú Rialtais áitiúil I nGaillimh an tseachtain seo dúradh go raibh an scéim “cíos costais do thionóntaí in Situ” curtha ar fionraí nó go mbeadh Rialtas úr I mbun oibre sa tír seo agus dúradh nach le Gaillimh amháin a bhain sé seo ach le Rialtais áitiúil.
Bernie Ní Fhlatharta, Iriseoir ag labhairt faoi chuair Ronald Reagan ar Ghaillimh in 1984.
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 18ú lá de mí na Nollaig, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1981, bhí vótáil ann leis na hiriseoirí Éireannach chun fanacht ar stailc. De bharr sin níor tháinig The Irish Press amach agus ní raibh siad cinnte an mbeadh The Evening Press agus Sunday Press chun teacht amach. I 2011 bhí imní ann faoi shláinte Pope Benedict, dúirt daoine a chuaigh ann go raibh sé níos laige agus níos laige gach lá. Bhí sé ag úsáid ardán a bhí ag bogadh I St. Peter's Basilica. Bhí sé 85 ag an am agus bhí ceisteanna ann. I 1981 fuair Michael D Higgins ón chontae thofa mar mhéara de Ghaillimh. Fuair sé é tar éis a d'éirigh ball d'Fhianna Fáil. I 1988 bhí cead ag clann le seacht bpáistí a theach a bhunú ar fhearann Pálás Westbourn – a raibh Bishop Willie Walsh ina chónaí. Tharla sé seo nuair a chuireadh as seilbh a dtí iad. Sin Cher le Believe – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1998. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 2000 fuair Kirsty MacColl bás nuair a mharaíodh í I dtimpiste bháid I Meicsiceo. Bhí sí aois 41 agus bhí í féin agus a chlann ag tumadóireacht ag an am. I 2005 bhí vóta ann agus dúirt daoine go raibh Fairytale of New York an t-amhrán Nollaig is fearr riamh. Tháinig an t-amhrán ó The Pogues agus Kirsty MacColl amach ar barr, le Mariah Carey sa dara háit le All I Want For Christmas Is You agus tháinig Wham sa tríú háit le Last Christmas. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh Brad Pitt I Meiriceá I 1963 agus rugadh amhránaí Billie Eilish I LA ar an lá seo I 2001 agus seo chuid de a amhrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo.
Úinéirí an chapaill, Dúinín a bhuaigh sa Ghaillimh le déanaí (1999).
I ndiaidh daofa cliseadh sa chluiche ceannais le dhá bhliain anuas, inné d'éirigh le foireann Sinsir Ban Chiarraí craobh na hÉireann a bhaint, agus é bainte acu go compórdach sa deireadh ar Ghaillimh leis an scór 3.14 in éadan 0.11.
Bhí Feisire Pairliminte Néamhspléach agus iar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre sa Ríocht Aontaithe Jeremy Corbyn ar cuairt ar Ghaillimh ar an deireadh seachtaine, ar chuireadh ón Teachta Farrell.
Beidh an Ghaillimh agus Ciarrai le chéile i gcluiche ceannais peile na h-Éireann i bpeil na mban i mbliana.
Beidh cúrsa do mhuinteoirí iar bhunscoile ar bun aige Cogg idir an 12-14ú lá don mí seo chughain. Ar líne a bheidh trí lá don gcúrsa agus an clabhsúr sa Ghaillimh ar an 14ú. Fáilte is fiche roimhis mhúinteoirí clárú don gcúrsa.
Donal Ó Fátharta, anailisí peile ag labhairt faoi chluiche Ghaillimh v Dún na nGall.
Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly gur baineadh siar aistí féin nuair a chuala sí an méid a dúirt ball do Bhord Oideachais agus Oiliúna Ghaillimh agus Ros Comáin faoi phríomhoidí Gaeltachta ar an gclár inné.
Tá plean nua ó thaobh tabhairt faoin teanga a threisiú curtha i dtoll a chéile ag scoileanna dara léíbheal ata faoi chúram bhord Oideachais agus Oiliúna Ghaillimh agus Ros Comáin.
Siad Bríd Ní Mhóráin agus Micheál Ó Ruairc na h-údair a bhí páirteach sa Dinnseanchas ag Cúirt 2024 sa Ghaillimh ag an deireadh seachtaine. Scéal a chuala Bríd ó na fear céille Muiris Ó Muircheartaigh a spreag an gearrscéal a chuir sí fé bhráid an lucht éisteachta.
Pléadh Gaeltacht na nDeise aige cruinniú fén nGaeltacht sa Ghaillimh le déanaí.
Bríd Ní Chonghóile, príomhfheidhmeannach Ghaillimh le Gaeilge ag labhairt faoin bhféile Tonnta.
Agallamh curtha i mBéarla ar dhuine le post mar chuntóir teanga i scoil Ghaeltachta.
Tá beagnach €39,500 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O Donovan do Ghaillimh le Gaeilge faoin Scéim Tacaíochta Gaeilge le cur ar a gcumas staidéar féidireachta a dhéanamh faoi Lár ionad cúltúrtha Gaeilge a fhorbairt i gCathair na Gaillimhe.
D'éagraigh Méara na Gaillimhe fáiltiú an mhéara do Ghaillimh le Gaeilge aréir le buíochas a ghabháil leo as an méid atá déanta acu leis an nGaeilge sa gcathair.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2zj22jvn Contact: irishlingos@gmail.com Man from Spidéal in court over cocaine shipment. Fear ón Spidéal os comhair cúirte faoi lastas cocaoin. A man from An Spidéal in County Galway was brought before the Galway District Court today charged with a cocaine shipment, worth €106,000, found in a house in Spidéal. Tugadh fear as An Spidéal i gContae na Gaillimhe os comhair Chúirt Dúiche na Gaillimhe inniu agus é cúisithe maidir le lastas cócaoin, luach €106,000 a fuarthas i dteach sa Spidéal. Judge Brendan O'Reilly said he was willing to let Niall Conneely out on bail but there would be certain conditions. Dúirt an Breitheamh Brendan O'Reilly go raibh sé sásta Niall Conneely a ligean amach ar bannaí ach go mbeadh coinníollacha áirithe i gceist. Niall Conneely, whose home address is Sídhéán ar an Spidéal, was present at a special sitting of the court today. Bhí Niall Conneely, a bhfuil Sídheán ar an Spidéal, mar sheoladh baile aige, i láthair ag suí speisialta de chuid na cúirte inniu. He was arrested yesterday when a cocaine shipment worth €106,000 was found in a residence in the town. Gabhadh inné é nuair a fuarthas lastas cócaoin ar luach €106,000 i dteach cónaithe ar an mbaile. Detective Constable Peter Naughton, who arrested and charged Niall Conneely yesterday, said that he was willing to accept the bail terms proposed by Solicitor Brian Gilmartin, bails to the value of €20,000, but that certain conditions had to be attached to them . Dúirt an Bleachtaire Peter Naughton, a ghabh agus a chúisigh Niall Conneely inné, go raibh sé sásta glacadh le téarmaí na mbannaí a bhí á moladh ag an Aturnae Brian Gilmartin, bannaí ar luach €20,000, ach go gcaithfeadh coinníollacha áirithe a bheith ag baint leo. Judge Brendan O'Reilly accepted the recommended bail terms. Ghlac an Breitheamh Brendan O'Reilly le téarmaí na mbannaí a bhí á moladh. The following conditions will apply to the arrangement. Bainfidh na coinníollacha seo a leanas leis an socrú. Niall Conneely will have to give the guards a contact number and be willing to answer the phone at any time during the day or night. Beidh ar Niall Conneely uimhir theagmhála a thabhairt do na gardaí agus a bheith sásta an guthán a fhreagairt am ar bith i gcaitheamh an lae nó istoíche. He will have to sign in at the Garda Station in Beach Road every Monday, Wednesday and Saturday from now on. Beidh air síniú isteach ag Stáisiún na nGardaí i mBóthar na Trá gach Luan, Céadaoin agus Satharn as seo amach. He was asked to hand over his passport to the Gardaí and not to interfere with travel documents. Iarradh air a phas a thabhairt do na Gardaí agus gan cur isteach ar cháipéisí taistil. In addition, Niall Conneely will have to remain clean of intoxicants, remain at his home address and inform the Gardai if there is any change in that address. Ina theannta sin, beidh ar Niall Conneely fanacht glan ó ábhar meisciúil, fanacht ina sheoladh baile agus na Gardaí a chur ar an eolas má thagann aon athrú ar an seoladh sin. Judge Brendan O'Reilly recommended that Niall Conneely pay the court a sum of €10,000 in cash, but he was willing to reduce that sum to €5000 at the request of Solicitor Brian Gilmartin, who said he would not be able to afford it. by Niall Conneely to pay the full amount by next week. Mhol an Breitheamh Brendan O'Reilly go ndéanfadh Niall Conneely suim €10,000 a íoc leis an gcúirt in airgead tirim, ach bhí sé sásta an tsuim sin a laghdú go €5000 ar iarratas ón Aturnae Brian Gilmartin, a dúirt nach mbeadh sé d'acmhainn ag Niall Conneely an méid iomlán a íoc faoin tseachtain seo chugainn. Niall Conneelly will appear before the District Court again in Galway on June 7. Beidh Niall Conneelly os comhair na Cúirte Dúiche arís sa Ghaillimh ar an 7 Meitheamh.
Ag labhairt faoi Ionad Lae Áras Mhic Dara.
Agus í ag ceistiú Aire na Mara Charlie McConalogue, faoi bhreithiúnas a thug an Chúirt Achomhairc, a chuir ar neamhní an cosc a bhí ar bháid os cionn 18m iascach taobh istigh den teorainn 6 mhuirmhíle, dúirt an Teachta Dála sa Dáil aréir go ndearna an Roinn agus an Rialtas praiseach den phróiseas leis an stoc éisc a chosaint.
Bhuaidh an Ghaillimh air Chiarraí inné, agus iad cáilithe anois don gcluiche ceannais sraithe i gcoinne Mhuigheo. Siad iománaithe Luimní agus Chill Chainnigh a bheidh le chéile sna camáin.
Moltar i straitéis iompair do Ghaillimh atá á sheoladh ag an bpáirtí Pobal Seachas Brabús sa gCathair inniu go gcuirfí deire le páirceáil ar na sráideanna i nGaillimh ionas gur féidir forbairt a dhéanamh ar bhealaí eile iompar thimpeall na cathrach agus na ceantair máguaird.
Tá cáineadh déanta ag baill do Bhord Oideachais agus Oiliúna Ghaillimh agus Ros Comáin ar an Roinn Oideachais mar nach bhfuil siad sásta an deontas Gaeilge agus dhátheangachais a chur ar fáil do scoileanna atá faoina gcúram. Labhair Tomás Mac Pháidín agus Shane Curley le Cóilín Ó Neachtain.
Bhí deá scéala ag cruinniú Bhord Oideachais agus Oiliúna Ghaillimh agus Ros Comáin go bhfuil sé curtha in iúl ag Roinn na Gaeltachta don Bhord go mbeidh siad ag leanacht leis na scoláireachtaí do ghasúir le freastal ar na scoileanna dara leibhéal ar Oileáin Árann as seo go ceann trí bliana.
Tá sé ag cruthú deacrachtaí móra do scoileanna a bhfuil stádas DEIS acu nach bhfuil siad in ann a dhul agus bricfeasta na béilí te a chur ar fáil do ghasúir atá faoina gcúraim.
Tá a mBeannacht tugtha ag an rialtas do dhréacht reachtaíocht a thabharfadh cead do thithe ósta bheith oscailte idir 10.30 ar maidin agus 12.30 san oíche seacht lá na seachtaine agus a chiallódh go mbeadh clubannaí oíche in ann a bheith oscailte go dtí an 6 chlog ar maidin.
Síobhra Aiken,Darach Mac Con Iomaire;Eagrán Cómhar i gcuimhne Mháire Mhac a tSaoí. Cuirfear blaise do shaothar Mháire ós cóir an phobail istoiche de Sathairn in Eaglais Sn Nioclás sa Ghaillimh
Síobhra Aiken,Darach Mac Con Iomaire;Eagrán Cómhar i gcuimhne Mháire Mhac a tSaoí. Cuirfear blaise do shaothar Mháire ós cóir an phobail istoiche de Sathairn in Eaglais Sn Nioclás sa Ghaillimh
Ba í ‘Tithíocht Oileán' téama na Comhdhála ag Comhdháil Oileáin na hÉireann thar an deireadh seachtaine. Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur labhair muintir Árainn leis faoi na fadhbanna a bhaineann le cúrsaí pleanála agus tithíochta ar na hoileáin.
Nodanna do Ráiseanna an lae inniu sa Ghaillimh
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24ot8gtg Contact: irishlingos@gmail.com Services with Bus Eireann hit. Seirbhísí le Bus Eireann buailte. Bus Eireann announced this morning that some of its services are not operating today. D'fhógair Bus Eireann ar maidin go bhfuil roinnt dá chuid seirbhísí nach bhfuil ag feidhmiú inniu. Among the services affected are a number of express buses to Dublin Airport. I measc na seirbhísí atá buailte, tá roinnt mearbhusanna go hAerfort Bhaile Átha Cliath. The west of the country is worst hit and the counties of Galway, Mayo and Sligo are particularly affected. Is é iarthar na tíre is measa atá buailte agus tá contaetha na Gaillimhe,Mhaigh Eo agus Shligigh thíos leis go speisialta. However, Bus Eireann says this is not affecting people trying to get to Croke Park, whether from Galway or Kerry. Deir Bus Eireann áfach nach bhfuil sé seo ag goilliúint ar dhaoine atá ag iarraidh Páirc an Chrócaigh a bhaint amach, bíodh sin ó Ghaillimh nó ó Chiarraí. Services between Dublin Airport and counties Waterford and Wexford have also been cancelled. Cuireadh ar ceal freisin seirbhísí idir Aerfort Bhaile Átha Cliath agus contaetha Phort Láirge agus Loch Garman. Bus Eireann says there are a number of reasons for this and one of those reasons is a lack of drivers. Deir Bus Eireann go bhfuil roinnt fáthanna leis seo agus go bhfuil easpa tiománaithe ar cheann de na fáthanna sin. 'But 98% of its services are operating nationally' he says. 'Ach tá 98 faoin gcéad dá chuid seirbhísí ag feidhmiú go náisiúnta' a deir sé. He asks anyone who was planning to travel to check the company's Twitter account or website. Iarrann sé ar aon duine a raibh sé i gceist acu taisteal cuntas Twitter nó gréasán an chomhlachta a sheiceáil.
Craoladh speisialta ó Óstán Salthill sa Ghaillimh agus sin a prappáil do chluiche ceannais peile na h-Éireann idir Ciarrai agus Gaillimh.
Tá easpa daonnachta mór le feiceáil ó thaobh cúrsaí san ospidéal i nGaillimh, a dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly. Dúirt sí go bhfuil cúrsaí chomh dona san ospidéal anois go bhfuil daoine ag caitheamh seachtaine ar thralaí san Aonad Éigeandála.
Tá sciob sceab ar thicéadaí don chluiche ceannais chraobhchomórtas sinsear caide na hÉireann idir na contaetha Gaeltachta Ciarraí agus An Ghaillimh. Deir Conall Ó Cíobháin gur tríd na cumainn is fearr na ticéadaí dos na cluichí a dháileadh.
Ní mórán tairbhe atá sa scéim An Chéad Bhaile a sheol an rialtas an tseachtain seo caite do dhaoine atá ag iarraidh teach a thógáil ar a gcuid talún féin faoin tuath a deir an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Mairéad Farrell.
Ciarraí agus an Ghaillimh a bheidh á fhéachaint le chéile i gcliche ceannais peile na h-Éireann i mbliana.
Cíll Chainnigh agus Luimneach a bheidh á fhéachaint le chéile i gcluiche ceannais iomána na h-Éireann i mbliana. A Clár agus an Ghaillimh cloíte an deireadh seachtaine seo.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/24x2fyzm Contact: irishlingos@gmail.com Tiernan Kelly Armagh 24 week ban. Cosc 24 seachtaine ar Tiernan Kelly Ard Mhacha. Tiernan Kelly has been banned for 24 weeks for an incident that occurred during last Sunday's All - Ireland Quarter Final. Tá cosc 24 seachtaine curtha ar Tiernan Kelly as eachtra a tharla i rith Chluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. The match between Galway and Armagh ended in a draw and went into overtime. Ar comhscór a chríochnaigh an cluiche idir Gaillimh agus Ard Mhacha agus chuaigh go dtí am breise. Tiernan Kelly was not on the Armagh panel for that game, but was involved in the scuffle that occurred on the pitch before the start of extra time. Ní raibh Tiernan Kelly ar phainéal Ard Mhacha don chluiche sin, ach bhí sé páirteach sa scliúchas a tharla ar an bpáirc roimh thus an ama breise. He seemed to touch the face and eyes of Damien Comer of Galway. Ba chosúil go ndearna sé teagmháil le héadan agus súile Damien Comer na Gaillimhe. Both counties have been fined € 10,000 for the slum, and Conor Turbitt and Blaine Hughes of Armagh, and Cathal Sweeny of Galway, have been banned for one match. Tá fíneáil €10,000 curtha ar an dá chontae as an scliúchas, agus tá cosc aon- chluiche curtha ar Conor Turbitt agus Blaine Hughes as Ard Mhacha, agus ar Chathal Sweeny na Gaillimhe. Armagh have confirmed that they will accept the ban on both players, but no confirmation has yet been received from Galway. Tá sé deimhnithe ag Ard Mhacha go nglacfaidh siad leis an gcosc ar an mbeirt imreoirí, ach níl aon deimhniú faighte fós ó Ghaillimh. Three players, Seán Kelly of Galway and Gred McCabe and Aidean Nugent of Armagh, were given a red card during his game, and may also be banned from one - match. Tugadh cárta dearg do thriúr imreoirí i rith a chuiche, Seán Kelly na Gaillimhe agus Gred McCabe agus Aidean Nugent Ard Mhacha, agus is féidir go gcuirfear cosc aon-chluiche orthusan freisin. Kelly's got the card for 'adding to the sleuth', but it's what Galway thinks will appeal. As bheith 'ag cur leis an scliúchas' a fuair Kelly an cárta, ach déanfaidh Gaillimh achomharc ar sin ceaptar, ó taispeánann físeán é ag iarraidh daoine eile la choinneáil amah as an achrann. Armagh lost in the penalty kicks after extra time ended in a draw. Chaill Ard Mhacha sna ciceanna pionóís tar éis don am breise é féin críochnú ar comhscór. Galway will play Derry in the semi - final on 9 July and will be keen to find an early solution to these issues. Ar aghaidh Dhoire a imreoidh Gaillimh sa chluiche leathcheannais an 9 Iúil agus beidh fonn láidir orthu réiteach luath a fháil ar na ceisteanna seo.
Cluichí leathcheannais peile na h-Éireann sroiste aige Ciarrai, An Ghaillimh, Doire agus Átha Cliath.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/y98wd4tn Bishop of Clonfert appointed Bishop of Galway. Easpag Chluain Fearta ceaptha mar Easpag ar Ghaillimh. The Catholic Bishop of Clonfert, Michael Duignan, has now been appointed Bishop of Galway. Is é Easpag Caitliceach Chluain Fearta, Michael Duignan atá ceaptha anois mar Easpag ar Ghaillimh. The announcement was made in Galway Cathedral this morning when Mass was read and the main celebrant was Pope Nuncio Jude Okolo. Rinneadh an fógra in Ard-Eaglais na Gaillimhe ar maidin nuair a léadh Aifreann agus ba é Nuncio an Phápa,Jude Okolo, an príomh- cheiliúraí. The future of Clonfert and the Diocese of Galway - Kilmacdow as well as the Apostolic Administration of Kilfenora will be the responsibility for the future. Beidh cúraimí Chluain Fearta agus Dheoise na Gaillimhe-Chill Mhic Dhuach chomh maith le Riaradh Aspalda Chill Fhionnúrach ar an Easpa Duignan feasta. Bishop Michael Duignan, 51, is a native of Athlone. 51 bliain d'aois atá an tEaspag Michael Duignan, as Áth Luain ó dhúchas. He succeeds Bishop who has resigned from Brendan Kelly. Tagann sé i gcomharbacht ar an Easpag Breandán Ó Ceallaigh (Brendan Kelly) atá éirithe as a chuid cúraimí. Bishop Kelly, now 75, was also at the altar in the cathedral this morning. Bhí an tEaspag Ó Ceallaigh, atá 75 anois é féin freisin ar an altóir san ardeaglais ar maidin. In an address given by Bishop Duignan, he thanked Pope Francis 'for the confidence he has shown in me in carrying out these additional tasks'. In aitheasc a thug an tEaspag Duignan,ghabh sé buíochas leis an bPápa Proinsias 'as an muinín atá léirithe aige ionam na cúraimí breise seo a chomhlíonadh'. He also said that he was very interested in Irish and that he would ask people with Irish in his dioceses to help him with the language. Dúirt sé freisin go raibh suim mhór aige i gcúrsaí Gaeilge agus go mbeadh sé ag iarraidh ar dhaoine le Gaeilge sna deoisí atá aige chuile chúnamh a thabhairt dó leis an teanga. This is the first time that 2 major Catholic dioceses on the island of Ireland have come together under one bishop. Is í seo an chéad uair riamh a bhfuil 2 mhórdheoise Chaitliceach ar oileán na hÉireann tagtha le chéile faoi aon easpag amháin. However, the Vatican says that it is not an amalgamation, and that neither diocese will lose whatever independence it already has. Deir an Vatacáin áfach nach aon chomhnascadh atá i gceist, agus nach gcaillfidh ceachtar deoise pé neamhspleáchas atá aici cheana féin. There are currently 26 dioceses on the island for the Catholic community of 4.5m people. 26 deoise atá ar an oileán faoi láthair don phobal Caitliceach de 4.5m duine. Bishop of Clonfert appointed Bishop of Galway Easpag Chluain Fearta ceaptha mar Easpag ar Ghaillimh
Tá tithe le leagan sa gCaisleán Gearr agus roinnt eile le tógail ar láimh mar gheall ar an gcuarbhóthar atá beartaithe do Ghaillimh. Creideann Ciarán go mbeidh impleachtaí aige ar a theach féin.
Tá suíomh roghnaithe ag an Seirbhís Náisiunta Otharcharranna le bunáit nua a lonnú san Ionad Sláinte ar an Sraith Salach.
Is iad Big O Taxis a buaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh na bliana seo. Labhrann Seán linn faoin mbua agus insíonn Bríd dhúinn faoi na buaiteoirí eile de chuid chomórtas Ghaillimh le Gaeilge.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yjdwa8wo Investigation into an explosive incident in which a woman was injured in Galway. Fiosrú faoi eachtra pléascáin inar gortaíodh bean sa Ghaillimh. A young woman in her 20s was seriously injured when a fireworks explosion struck her in the face while she was sitting at a bus stop on Eyre Square, Galway city around midnight last night. Gortaíodh bean óg sna 20daí, go dona, nuair a bhuail pléascán tine ealaíne san aghaidh í fad agus a bhí sí ag suí ag stad bus ar an bhFaiche Mhór, cathair na Gaillimhe thart fá meánoíche aréir. Gardaí are investigating cctv and asking for any witnesses to come forward. Tá na Gardaí ag fiosrú cctv agus ag iarraidh ar aon fhinnéithe teacht chun cinn. It is understood that there was a large crowd on Eyre Square at the time. Tuigtear go raibh slua mór daoine ar an bhFaiche Mhór ag an am. The fireworks are believed to have been released from a location across the street from the bus stop, close to a tourist information office. Meastar gur ó láthair éigin trasna na sráide ón stad bus, gar d'oifig eolais turasóireachta a scaoileadh an tine ealaíne. The young woman was taken to Galway University Hospital by ambulance, where she is still receiving treatment. Tógadh an bhean óg chuig Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh in otharcharr, áit a bhfuil sí fós ag fáil cóir leighis. Gardaí said she suffered serious life-threatening injuries. Dúirt Gardaí gur fhulaing sí gortaithe tromchúiseacha a mbeidh tionchar saoil acu uirthi.
Tá an Corrib Great Southern le leagan go talamh.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yhdkjh9t Government approved outdoor drinking legislation. Reachtaíocht maidir le ól taobh amuigh ceadaithe ag an Rialtas. A cabinet meeting was held a long time ago today to pass legislation that will give you legal clarity on rules for drinking outdoors. Reachtáileadh cruinniú comhaireachta ó chian inniu chun reachtaíocht a cheadú a thabharfaidh soiléireacht ó thaobh dlí dho do rialacha a bhaineann le bheith ag ól taobh amuigh faoin aer. The legislation will allow alcohol to be sold and consumed in designated areas outside of pubs and restaurants. Faoin reachtaíocht tabharfar cead alcól a dhíol agus a ól in áiteanna ainmnithe taobh amuigh de thithe tábhairne agus bialanna. Last week, Garda Commissioner Drew Harris issued a guide to Gardaí to use their discretion in relation to outdoor drinking. An tseachtain seo caite, d'éisigh Coimisinéir na nGardaí Drew Harris treoir do Ghardaí chun a ndiscréid a usáid maidir le daoine ag ól taobh amuigh faoin aer. This guide was issued following concerns expressed in Galway when Gardaí in Galway were skeptical about the legality of an outdoor drinking service, a story first revealed by local newspaper An Curadh Connachtach. Éisíodh an treoir sin i ndiaidh gur léiríodh imní sa Ghaillimh nuair a bhí amhras ar Ghardaí sa Ghaillimh maidir le cé chomh dleathach is a bhí seirbhís maidir le bheith ag ól taobh amuigh, scéal a nocht an nuachtán áitiúil An Curadh Connachtach ar dtús. Gardaí in Galway stated that outdoor drinking was only permitted in Galway City if the premises where people were drinking outside had obtained a special license in court or had been permitted by bye-laws. for people to drink outside. Dúirt Gardaí sa Ghaillimh nach raibh cead a bheith ag ól taobh amuigh i gCathair na Gaillimhe ach amháin dá mba rud é go raibh ceadúnas speisialta faighte sa chúirt ag an áitreabh ina raibh daoine ag ól taobh amuigh de nó go raibh cead tugtha faoi fho-dhlithe do dhaoine a bheith ag ól taobh amuigh. The legislation is due to be laid before the Dáil this week and will expire on November 30th unless it is renewed by the Oireachtas for a further 6 months. Tá an reachtaíocht le cur os comhair na Dála an tseachtain seo agus tiocfaidh deireadh léi ar an 30ú Samhain ach amháin sa chás is go ndéanann an tOireachtas í a athnuachan ar feadh 6 mhí eile.
Mar chuid dá chamchuairt ar Ghaillimh agus ar Ghaeltacht na Gaillimhe inné & arís inniu d’fhógair an tAire Stáit Jack Chambers go bhfuil beannacht na Roinne tugthaí do dhá phlean teanga, ceann do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Chathair na Gaillimhe agus ceann don Limistéir Pleanála Teanga, Bearna agus Cnoc na Cathrach.
Tá sé curtha in iúl do bhord oideachais agus Oiliúna Ghaillimh agus Ros Comáin go mbeidh ardú do 500 scoláire ag teacht ar an líon gasúir a bheas ag freastal ar scoileanna dara léibheal do chuid an bhord an Chead bhliain eile.
Ar an gclár seo bhí Kayla Reed ag labhairt inn ó Osló faoin gCáisc san Iorua agus eile (léigh a blag anseo! scriobhaisiulach.wordpress.com/2021/04/0…a-choill/ ). Chomh maith leis sin labhair Céiteach Mac Stiofáin linn ó Ghaillimh faoi 'virtual Pop Up Gaeltacht' atá á déanamh aige le cairde sa Spáinn, sna Stáit Aontaithe agus daoine eile ar fud na cruinne ar líne le breis is bliain ó shin anois.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an fichiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh Tá rialtas na Ríochta Aontaithe ag iarraidh bille nua conspóideach a chur i bhfeidhm a chuirfeadh srian ar cheart saoránach agóid a dhéanamh. Clúdaíonn an Bille Póilíní, Coireachta, Pianbhreithe, agus Cúirteanna 2021 réimse leathan saincheisteanna a bhaineann le hathchóiriú ceartais agus póilíneachta. Ceann de na bearta a mholtar ná nár cheart d'agóidí a bheith ina núis phoiblí. D'ardaigh roinnt dlíodóirí um chearta an duine, gníomhaithe agus baill den fhreasúra agóidí i gcoinne an bhille, ag rá go dtugann an reachtaíocht an iomarca cumhachta do phóilíní agóid dhlisteanach a stopadh. Ainmníodh scannán beoite ón stiúideo Cartoon Saloon atá lonnaithe i gCill Ceannach don ghradam ‘Scannán Beoite is Fearr' ag na 2021 Oscars. Is é Wolfwalkers (a bhí faoi stiúir Tomm Moor agus Ross Stewart) an ceathrú scannán a rinne an stiuideo atá ainmnithe sa chatagóir seo. Baineann an scéal le sealgaire óg agus a hathair a théann go hÉirinn chun an ceann deireaneach de na mic tíre a dhíothú faoi orduithe ó Oliver Cromwell. Críochnaíonn an scannán triológ bhéaloidis an stiúideo a thosaigh le The Secret of Kells agus a lean ar aghaidh le Song of the Sea. D'eisigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach a céad bhreithiúnas riamh trí Ghaeilge an tseachtain seo. Tar éis beagnach 50 bliain sa bhloc trádála, níor ghlac an chúirt ach a céad chás Gaeilge i mí Eanáir agus bhí an rialú eisithe acu ar Lá Fhéile Pádraig. Bhain an cás leis an nGaeilge freisin: theastaigh Peadar Mac Fhlannchadha ó Ghaillimh lipéadú dátheangach a fheiceáil ar leigheas d'ainmhithe. Tá stádas oifigiúil ag an nGaeilge mar theanga chonartha den Aontas Eorpach ó 1973 agus teanga oibre de ó 2007. Bhreithnigh an chúirt gur chóir go mbeadh lipéadú teanga Éireannach ar tháirgí tréidliachta a dhíoltar in Éirinn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS agóid - protest, objection an freasúra - the opposition (politics) scannán beoite - animated film sealgaire - hunter teanga chonartha - treaty language teanga oibre - working language
Beidh John Spillane ar stáitse sa Róisín Dubh sa Ghaillimh istoíche Dé Domhnaigh agus fonn bóthair chun ceoil arís air. Amhráin á gcumadh ar dalladh aige.
Tair an Ghaillimh do na laethanta saoire i mbliana! Tránna breátha siar trí Chonamara agus tabhair sciúird isteach dtí na h-oileáin chomh maith.
Cárthach Mac Craith;Athchúrsáil ar bheoir! Doireann Ní Ghlacáin agus Brian Ó Loughlin; caint agus ceol.Caitlín Ní Chualáin;Tair an Ghaillimh.
Tá Oireachtas na Samhna sa Ghaillimh curtha ar ceal.
Thug Marcus Mac Conghail aghaidh ar Ghaillimh le buaileadh le roinnt de na daoine a bhíonns ag imirt do Ghaeil na Gaillimhe, cumann peile lán-Ghaeilge. Labhair sé le Sheila Ní Bheaglaoich, Sarah Ní Chathmhaoil agus Stiofán Seoighe.
Pacáiste ó sheoladh togra Ríonach Ní Néill, Turas Chonamara, mapa digiteach de Chonamara mar chuid de Ghaillimh 2020.
Cé gur cuireadh an ócáid oscailte ar ceall de bharr na drochaimsire, bhí searmanais oscailte sa gClochán agus sa Spidéal do Ghaillimh 2020 agus shocraigh Treasa Bhreathnach freastal orthu agus labhairt le roinnt de na daoine a bhí i láthair.
Micheál Ó hIarnáin - Labhair Micheál le triúr a chaith vóta don chéad uair:Nuala Ní Chonghaile agus Cáit de Bháilís - Toghcheantar Mhaigh Eo agus Toghcheantar na Mí Thiar:Tomás Mac Seáin - Díon a séideadh do scoil in Acaill:Treasa Bhreathnach- Searmanais oscailte sa gClochán agus sa Spidéal do Ghaillimh 2020.
Tá drochbhail ar roinnt de chéibheanna Ghaillimh is Maigh Eo. Labhair Aodán Mac Donnacha atá ag obair leis an seirbhís farantóireacht go hInis Bó Finne agus Peadar Ó Tuathail as Inis Tuirc linn ar an gclár.
Ar an gclár seo chualamar ó Mhòrbheinn Mèinnearach in Albain faoi thionchar an #Bréalú ar an Albain. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh a rinneadh ar an gclár seo dhá bhliain ó shin le fear uasal darb ainm Gus Ó Gormáin a bhog ó Ghaillimh go Montreal 40 bliain ó shin agus a fuair bás le déanaí.
Ar an gclár seo, chuaigh muid go Ceanada le labhairt le Gus O' Gorman a bhog ó Ghaillimh go Montréal breis is 40 bliain ó shin agus le Aralt Mac Giolla Chainnigh a bhíonn ag cur na Gaeilge chun cinn in Ottowa agus timpeall ar Mheiriceá Thuaidh. Ina theannta sin, labhraíomar faoi scéalta idirnáisiúnta na seachtaine, ag díriú ar chás Michael Browne i bhFerguson.