POPULARITY
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bcz49bu Contact: irishlingos@gmail.com Ukraine: American peace proposal being discussed by European leaders. An Úcráin: moladh síochána Mheiriceá á phlé ag ceannairí Eorpacha. Taoiseach Micheál Martin is attending a summit in Brussels today, where European Union leaders are discussing the war in Ukraine and other major international issues. Tá an Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar chruinniú mullaigh sa Bhruiséil inniu, áit a bhfuil an cogadh san Úcráin agus mórcheisteanna idirnáisiúnta eile á gcíoradh ag ceannairí an Aontais Eorpaigh. The meeting will discuss, in particular, the ceasefire and peace agreement proposed by the United States Government. Faoi chaibidil sa chruinnú go háirithe, tá an sos cogaidh agus an comhaontú síochána atá Rialtas na Stát Aontaithe a mholadh. Ukrainian President Volodymyr Zelensky's views on what US President Donald Trump is proposing will be heard when he participates in the meeting via video link later. Tabharfar cluas éisteachta do thuairimí Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky i dtaobh a bhfuil á mholadh ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump nuair a ghlacfas sé páirt sa chruinniú ar nasc físe ar ball. Talks on the details of the peace deal will take place in Saudi Arabia next weekend and Zelensky is ready to present what he knows about the agenda to the other leaders. Beidh comhráite faoi mhionsonraí na síochána ar siúl san Araib Shádach a an deireadh seachtaine seo chugainn agus tá Zelensky lena bhfuil ar eolas aige faoin gclár oibre a chur os comhair na gceannairí eile. Donald Trump told Zelensky yesterday that the United States government wants to take over Ukraine's nuclear power plants and operate them as part of a peace agreement. Dúirt Donald Trump le Zelensky inné gur mian le Rialtas na Stát Aontaithe seilbh a ghabháil ar stáisiúin núicléacha na hÚcráine agus iad a riar feasta mar chuid de chomhaontú síochána. At today's meeting in Brussels, it is understood that the leaders will give their blessing to a plan to significantly increase the military and economic support that the European Union already provides to Ukraine. Sa chruinniú sa Bhruiséil inniu, tuigtear go dtabharfaidh na ceannairí a mbeannacht do phlean cur go mór leis an tacaíocht mhíleata agus eacnamaíochta a thugann an tAontas Eorpach don Úcráin cheana féin. They will also discuss the Israeli massacre in Gaza, the crisis in Syria and international trade issues in light of President Trump's policies. Pléifidh siad freisin an t-ollmharú atá Iosrael a dhéanamh in Gaza, an ghéarchéim sa tSiria agus cúrsaí trádála idirnáisiúnta i bhfianaise pholasaithe an Uachtaráin Trump. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Cheistigh na gardaí ionadaithe poiblí ó Shinn Féin maidir le liomhaintí faoi chalaois airgid i gcomhlucht ina rabhdar ag obair roimhe seo, rialtas nua na Gearmáine le bheith dian ar inimirce, agus casmairtí sa tSiria idir an réimeas nua agus lucht tacaíochta Assad a díbríodh le déanaí. Craolta: 100325
Múinteoir ón mBóthar, Baile na bhFionnúrach. Dhá bhliain tugtha i Melbourne aici ag múineadh Béarla do leanaí ón Liobáin, ón tSiria agus ón bPailistín.
Labhraímid leis an iriseoir Emmet Ryan faoi fhéidearthachtaí comhrialtais in Éirinn, conspóid Eoin Hayes leis na Daonlathaigh Shóisialta, deireadh le ré Al-Assad sa tSiria agus an fear atá faoi amhras as dúnmharú Phríomhfheidhmeannach UnitedHealthcare.
Pléadh cás an tSiria ag cruinniú éigeandála comhairle slándála na Náisiún Aontaithe aréir. Tuairiscítear gur lean Iosrael ar aghaidh lena gcuid ionsaithe aer ar bunáiteanna aer a bhí lárnach d'infreastruchtúr na tíre sa tSiria.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24lom9kg Contact: irishlingos@gmail.com Lebanon: talk of a ceasefire but the bombing continues. An Liobáin: caint ar shos comhraic ach maireann an bhuamáil. Israeli military forces are continuing their bombing of Lebanon since the beginning of this week despite requests from the United States and France to implement a ceasefire. Tá fórsaí míleata Iosrael ag leanúint den bhuamáil atá siad a dhéanamh ar an Liobáin ó thús na seachtaine seo ainneoin iarratais ó na Stáit Aontaithe agus ón bhFrainc sos comhraic a chur i bhfeidhm. The Government of Lebanon indicated that thirteen people were killed in bombing attacks carried out by the Israeli air force on parts of the east and south of the country during the night. Thug Rialtas na Liobáine le fios gur maraíodh trí dhuine dhéag in ionsaithe buamála a rinne aerfhórsa Iosrael ar áiteanna in oirthear agus i ndeisceart na tíre i gcaitheamh na hoíche. However, that report appears to have been a hoax since it was later reported that 23 people – mostly women and children – were killed when the Israelis bombed a small town in eastern Lebanon. Is cosúil gur maolaisnéis a bhí sa tuairsic sin, áfach, ó tuairiscíodh ina dhiaidh sin gur maraíodh 23 duine – mná agus leanaí a bhformhór – nuair a bhuamáil na hIosraelaigh baile beag in oirthear na Liobáine. The dead were apparently refugees from the war in Syria. Teifigh ón gcogadh sa tSiria a bhí sna mairbh, de réir dealraimh. According to the Israelis, their missiles hit 75 Hezbollah sites - arsenals, rocket launching bases and other military infrastructure. Dar leis na hIosraelaigh gur bhuail a gcuid diúracán 75 ionad de chuid Hezbollah – armlanna, bunáiteanna lainseála roicéad agus bonneagar míleata eile. Yesterday, the bombing killed at least 72 people and injured hundreds. Inné, maraíodh 72 duine ar a laghad agus gortaíodh na céadta de bharr na buamála. The Israelis claimed they attacked Hezbollah positions and destroyed nearly 300 of them. Mhaígh na hIosraelaigh gur ionaid de chuid Hezbollah a d'ionsaigh siad agus gur scrios siad beagnach 300 acu. About 100,000 people have fled the danger zone in the hope of finding refuge in the capital, Beirut, and other towns in northern Lebanon. Tá thart ar 100,000 duine tar éis teitheadh ó bhearna an bhaoil ar shúil go bhfaighidh siad tearmann sa phríomhchathair, Béiriút, agus i mbailte eile i dtuaisceart na Liobáine. In New York, US President Joe Biden and French President Emmanuel Macron both expressed concern that there would be an all-out war in the region. I Nua-Eabhrac, dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden agus Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron araon go raibh imní orthu go mbeadh cogadh iomlán sa réigiún. They called for a three-week ceasefire to be implemented and to seize the opportunity to engage in talks about easing the crisis. D'iarr siad sos comhraic trí seachtaine a chur i bhfeidhm agus breith ar an bhfaill le dul i mbun comhráite faoin ngéarchéim a mhaolú. Joe Biden and Emmanuel Macron are attending the United Nations General Assembly in New York. Tá Joe Biden agus Emmanuel Macron ag freastal ar Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac. Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu is scheduled to address the Assembly this evening. Tá Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu le óráid a thabhairt sa Chomhthionól tráthnóna inniu. RTÉ News and Current Affairs People watch the bombing of their own village near Tuir in southern Lebanon, 26 September 2024 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Daoine ag faire ar bhuamáil a sráidbhaile féin in aice leis an Tuír i ndeisceart na Liobáine, 26 Meán Fómhair 2024
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ar55r8m Contact: irishlingos@gmail.com Israel to sue for revenge for Iran's attacks. Iosrael le díoltas a agairt as ionsaithe na hIaráine. Israel's military leaders met last night after the attacks that came from Iran during the night. Tháinig ceannairí míleata Iosrael le chéile aréir i ndiaidh na n-ionsaithe a tháinig ón Iaráin i rith na hoíche. The Government of Israel has threatened to sue for retaliation for the missiles fired at the country. Tá sé bagartha ag Rialtas Iosrael go n- agrófar díoltas as na diúracáin a scaoileadh leis an tír. The defense equipment of the Israeli forces with the help of Britain and the United States succeeded in deflecting most of the missiles before they reached their targets. D'éirigh leis an trealamh cosanta atá ag fórsaí Iosrael le cúnamh ón Bhreatain agus na Stáit Aontaithe formhór na ndiúracán a chur ó mhaith sular bhain siad spriocanna amach. However, some managed to go head-to-head and cause damage. Mar sin féin d'éirigh le roinnt díobh dul go ceann cúrsa agus damáiste a dhéanamh. It is known that at least 30 people have been injured as a result of the attacks, including a 10-year-old girl. Tá a fhios go bhfuil suas le 30 duine ar a laghad a gortaíodh de bharr na n-ionsaithe, cailín 10 mbliana d'aois ina measc. Iran says any further attack on Israel will be much more severe if Israel or the United States act against it. Deir an Iaráin go mbeidh aon ionsaí eile a dhéanfar ar Iosrael i bhfad níos déine más rud é go ngníomhaíonn Iosrael nó na Stáit Aontaithe ina coinne. 'Last night was revenge for an attack by Israel on the Iranian consulate in Damascus in Syria two weeks ago' says the Leader of Iran, Ayatollah Ali Khamenei. 'Díoltas a bhí san oíche aréir as ionsaí a rinne Iosrael ar chonsalacht na hIaráine i Damascus sa tSiria coicís ó shin' a deir Ceannaire na hIaráine,Ayatollah Ali Khamenei. Israel has not officially claimed responsibility for the attack on April 1 but is strongly believed to be responsible. Níor ghlac Iosrael aon fhreagracht oifigiúil as an ionsaí sin ar an 1 Aibreán ach creidtear go láidir gurb é a bhí freagrach. The President of America, Joe Biden, says that that country is standing by its promise to Israel. Deir Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden go bhfuil an tír sin ag seasamh lena geallúint d'Iosrael. The United Kingdom and France are also offering assistance to Israel to give it more protection against missile attacks. Tá cúnamh á thairiscint ag an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc d'Iosrael freisin le breis cosanta a thabhairt di ar ionsaithe diúracáin. The major countries of the world are meeting today and the United Nations Security Council will meet this afternoon to discuss the crisis. Tá tíortha móra an domhain i mbun cruinnithe inniu agus tiocfaidh Comhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe le chéile tráthnóna leis an ghéarchéim a phlé.
Caroline Keane agus Tom Delany; Caint is ceol. Séamus Ó Drisceoil; Plean forbartha na n-oileán. Mary Uí Dhrisceoil; Teaghlach ón tSiria tagtha go Cléire. Caoimhín Ó Flanúra;Cnádáin a Mhachaire i Mara Beo. Diarmuid Ó Donnabháin; Ómós do Teddy Mac Cárthaigh
Tá teaghlach ón tSiria taréis bogadh isteach go Cléire. Athair,máthair agus triúr clainne in aois bunscoile ata i gceist. Beidh ana thábhacht a baint leo agus iarrachtaí air bun scoil an oileáin a choimeád oscailte.
Tá achainí déanta ag na Náisiúin Aontaithe ar an bpobal tacú leo chun billiún dollar a bhailiú ar son 5.2 milliúin duine atá ar an ngannchuid leis an scrios a rinne na creathanna talún sa Túirc agus an tSiria an tseachtain seo caite.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2azdnoxa Contact: irishlingos@gmail.com Thousands are fending for themselves in Turkey, in Syria without help. Na mílte ag seiftiú dóibh féin sa Tuirc, sa tSiria cheal cuidithe. RTÉ News and Current Affairs There are many people who survived - or rather crippled - from the earthquake in Turkey and Syria are fending for themselves in the open while they are left homeless, without their needs met in the desert. Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Tá an t-anrud daoine a tháinig slán – nó easlán ba chirte a rá – ón gcrith talún sa Tuirc agus sa tSiria ag seiftiú dóibh féin amuigh faoin spéir agus iad fághta gan dídean, gan riar a riachtanais sa dúluachair. The disaster is currently estimated to have killed over 17,500 people – 14,351 in Turkey and 3,162 in Syria, including Kurdistan – but the truth is that it is still an untold number. Áirítear faoi láthair barr ar 17,500 duine a bheith maraithe mar gheall ar an tubaiste – 14,351 sa Tuirc agus 3,162 sa tSiria, lena n-áirítear an Chordastáin – ach is é a fhíor gur líon gan áireamh fós é. As for the poor survivors, many of them are on standby next to their homes and hope to God that their family members will come out of the crossroads in their lives. Maidir leis na marthanóirí bochta, tá a lán acu ar fuireachas taobh lena n-iaráiteanna cónaithe agus súil le Dia acu go dtiocfaidh a ndaoine muinteartha amach as an treascarnach ina mbeatha. In the most deplorable cases, a forbidding call is reported coming from the debris bin in the hearing of loved ones, before the mournful voice is completely silenced by the failure of the equipment that would rescue the victim from his fate. Tuairiscítear sna cásanna is truamhéalaí glao coscrach ag teacht ó dhuibheagán an smionagair in éisteacht na ngaolta, sula dtiteann an glór faonlag ina thost ar fad de cheal an trealaimh a d'fhuasclódh an donán óna chinniúint. The temperature is below five degrees in the city of Gaziantep which is located close to the epicenter of the earthquake in southeastern Turkey. Faoi bhun cúig chéim atá an teocht i gcathair Gaziantep atá suite gar d'eipealár an chreatha in oirdheisceart na Tuirce. Despite the cold, people preferred to spend the night moving from post to pillory and back again to keep themselves warm, rather than staying still in undressed tents or rough-made fireplaces. Ainneoin an fhuachta, b'fhearr le daoine an oíche a chaitheamh ag gluaiseacht ó phost go piléar agus ar ais arís le hiad féin a choinneáil te, seachas fanacht i bhfos i bpubaill neamhchóirithe ná i dteáltaí garbhdhéanta. Turkish President Recep Tayyip Erdoğan admitted yesterday that there were "flaws" in the way the state dealt with the emergency, but said that it was by nature impossible in situations like this to make all preparations in advance. D'admhaigh Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdoğan inné go raibh "lochtanna" ar an gcaoi a ndeachaigh an stát i ngleic leis an éigéandáil go trásta, ach dúirt go raibh sé dodhéanta de réir nádúir i gcásanna mar seo gach úmachan a dhéanamh roimh ré. It seems, however, that the Turkish Government is very sensitive about any fault found in the state system. Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil Rialtas na Tuirce an-ghoilliúnach faoi aon locht a fhaightear ar an státchóras. Twitter was taken offline in the country for much of last night and this morning due to the disdain that was being made on that medium for the government's emergency operation. Baineadh Twitter as líne sa tír ar feadh scaithimh aréir agus ar maidin inniu mar gheall ar an díspeagadh a bhíothas a dhéanamh ar an meán sin ar oibríocht éigeandála an rialtais. In that one, the police arrested eighteen people for publishing "intentional" posters. Ina cheann sin, ghabh na póilíní ocht nduine dhéag faoi phóstalacha "cointinneacha" a fhoilsiú. In terms of international relief,
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22t96egm Contact: irishlingos@gmail.com The official death toll in Turkey, Syria continues to rise. Líon oifigiúil na marbh sa Tuirc, sa tSiria ag ardú i gcónaí. 11,200 people have now been killed in southern Turkey and northern Syria due to the earthquake that occurred in that region two days ago. Áirítear anois 11,200 duine a bheith maraithe i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria mar gheall ar an gcrith talún a tharla sa réigiún sin dhá lá ó shin. It is estimated that 8,600 people were killed in Turkey and over 2,500 in Syria, including Kurdistan. Meastar gur maraíodh 8,600 duine sa Tuirc agus os cionn 2,500 sa tSiria, lena n-áirítear an Chordastáin. It is assumed that these official figures will be rising for the next few years. Glactar leis gur ag ardú go ceann scaithimh eile a bheas na figiúirí oifigiúila seo. From the Turkish side, the authorities say that 13.5 million people have been affected by the disaster in a distance of 450 kilometers between the city of Adana in the west of the country and the city of Diyarbakir in the east. Ó thaobh na Tuirce de, deir na húdaráis gur bordáil ar 13.5 milliún duine atá buailte ag an tubaiste in achar 450 ciliméadar idir cathair Adana in iarthar na tíre agus cathair Diyarbakir san oirthear. The rescue workers who have been doing their best since they were informed to find people who are still alive in the debris, with their clothes on, must be worried. Tá sithiúlacht, ní foláir, sna hoibrithe tarrthála atá ag déanamh a ndíchill ó cuireadh fios orthu teacht ar dhaoine atá fós ina mbeatha sa smionagar, dá éadóichí sin. As for the people who survived but their houses were destroyed, they are finding shelter from the snow and the cold of winter in mosques, schools and other large buildings. Maidir leis na daoine a tháinig slán ach ar scriosadh a dtithe, tá díon á fháil acu ar an sneachta agus ar ghoimh an gheimhridh i moscanna, scoileanna agus i mbanracha móra eile. The smallest tent would do for some of them, indeed, and they only have firewood from their own ancestors to keep them warm. Dhéanfadh an teálta is lú cúis do chuid acu, go deimhin, agus gan acu ach connadh óna n- iarthithe féin lena gcoinneáil te. The biggest delay in external relief is now the case with the refugees. An mhoill ar fhóirithint ón taobh amuigh is mó is cás leis na dídeantaithe anois. It is needed without space, of course, since the regional infrastructure has been destroyed - between shops, the power supply and others. Tá sé de dhíth gan spás, dar ndóigh, ó tá an bonneagar réigiúnach scriosta – idir shiopaí, an soláthar cumhachta agus eile. As bad as things are in Turkey, they are even worse in northern Syria, where the infrastructure was already very poor due to the war there. Dá dhonacht cúrsaí sa Tuirc, is measa fós iad i dtuaisceart na Siria, mar a raibh an bonneagar fíorlag cheana féin mar gheall ar an gcogaíocht ansin. Not only is water, food and fuel scarce, but basic medical treatment for the injured is not readily available. Ní hamháin go bhfuil uisce, bia agus breosla gann, ach níl cóireáil bhunúsach leighis do na daoine a gortaíodh le fáil go saoráideach. Charitable organizations are petitioning Western countries to suspend sanctions they have imposed on Syria on humanitarian grounds. Tá eagraíochtaí carthanachta ag achainí ar thíortha an Iarthair smachtbhannaí atá curtha acu ar an tSiria a chur ar fionraí ar chúiseanna daonnachta. The charities are also urging the Syrian Government to allow relief supplies into rebel-held areas, regardless of which flag they salute. Tá na carthanais ag impí ar Rialtas na Siria chomh maith soláthairtí fóirithinte a ligean isteach i gceantair atá faoina smacht ag ceannaircigh, is cuma cén bhratach a dtugann siad ómós dó. The American Secretary of State Antony Blinken indicated that the Americans would not ...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29etssz4 Contact: irishlingos@gmail.com Earthquake in Turkey, Syria: over 3,000 people killed. Crith talún sa Tuirc, sa tSiria: os cionn 3,000 duine maraithe. The death toll from the early morning earthquake in southern Turkey and northern Syria - including Kurdistan - is currently estimated at around 3,000. Áirítear faoi láthair thart ar 3,000 duine a bheith maraithe mar gheall ar chrith talún a tharla go moch ar maidin i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria – lena n-áirítear an Chordastáin. Thousands of people were also injured by the 7.8-magnitude quake, and many others are still trapped in the rubble of their homes that were turned into rubble in the middle of the night. Gortaíodh na mílte duine chomh maith de bharr an chreatha a raibh méid sheismeach 7.8 ann, agus tá anrud daoine eile sáinnithe i gcónaí i smionagar a dtithe a ndearnadh leircín díobh ar iompú boise i gcoim na hoíche. On top of the tragedy, in addition to the people who have lived in the region all their lives, millions more have settled there since fleeing the fighting in other parts of the Middle East. Mar bharr ar an tragóid, chomh maith leis na daoine atá ina gcónaí sa réigiún lena saol ar fad, tá na milliúin eile ag baint fúthu ann ó theith siad ón gcogaíocht in áiteanna eile sa Mheánoirthear. It is reported that the tremor was felt as far away as Cyprus and Lebanon. Tuairiscítear gur airíodh an crith chomh fada i gcéin leis an gCipir agus an Liobáin. Another earthquake - a smaller one - occurred a few hours later and it is reported that it caused little damage in the wake of the first one. Tharla crith eile – ceann níos lú – cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin agus tuairiscítear nár bheag an scrios a rinne sé ar lorg an chéad chinn. Between large towns and small towns in a very extensive region in both Turkey and Syria that have been hit - not to mention remote areas - and other countries are being sued asking for their help. Idir bhailte móra agus bhailte beaga i réigiún an-fhairsing sa Tuirc agus sa tSiria araon a buaileadh – gan áiteanna ar chúla éaga a bhac – agus táthar ag agairt tíortha eile ag iarraidh a gcabhrach. In Turkey, the towns of Pazarcık, Nurdağı and İslâhiye were closest to the epicenter of the quake. Sa Tuirc, ba iad bailte Pazarcık, Nurdağı agus İslâhiye ba ghaire d'eipealár an chreatha. In Syria, people are reported missing in the cities of Aleppo, Latakia, Hama and Tartus. Sa tSiria, tuairiscítear daoine i gcathracha Aleppo, Latakia, Hama agus Tartus a bheith faoi chall. Fortunately, aid has been promised since morning and is already on its way from Greece, Serbia, the Netherlands and Sweden. Ar an dea-uair, tá cabhair geallta ó mhaidin agus faoi bhealach cheana féin ón nGréig, ón tSeirbia, ón Ísiltír agus ón tSualainn. It was revealed this evening that the member states of the European Union and the North Atlantic Treaty Organization - along with more than two dozen other countries - are to bail out the authorities who are dealing with the emergency. Tugadh le fios tráthnóna go bhfuil ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh – mar aon le breis agus dhá scór tír eile – le fóirithint ar na húdaráis atá ag cargáil leis an éigeandáil. Meanwhile, rescuers are frantically trying to pull people out of the debris, dead or alive. Idir dhá linn, tá lucht tarrthála ar an mball bíogtha agus ar a mine ghéire ag féachaint le daoine a thabhairt amach as an smionagar, beo nó marbh iad. The earthquake was not entirely unexpected since the region that was hit is located on a fault line between two major tectonic plates that are constantly being pushed. Ní gan choinne ar fad a tharla an crith talún ó tá an réigiún a buaileadh suite ar éasclíne idir dhá mhórphláta theicteonacha atá á bhrú go seasta. In 1999, over 17,
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Shroich an líon dídeanaithe atá ag teitheadh as an Úcráin ó thús an chogaidh leis an Rúis 3 mhilliún an tseachtain seo, de réir fícirí ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce. Dúirt UNICEF gur páistí iad leath acu. Ghlac Rialtas na hÉireann 6,600 isteach sa tír, agus chuir 20,000 daoine Éireannacha fáilte roimh dhaoine atá ag teitheadh ón chogadh isteach ina dtithe. I measc daoine eile atá ag teacht isteach sa tír tá daoine atá ag teitheadh as tíortha eile atá i mbun cogaidh, amhail An tSiria, An Nigéir, An tSomáil, agus An Phacastáin. Bronnadh seacht ngradam IFTA ar an fhadscannán Gaeilge "An Cailín Ciúin" i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tá gradam IFTA, nó "Gradam Scannáin agus Teilifíse na hÉireann", ar cheann de na duaiseanna is tabhachtaí ó thaobh scannáin Éireannacha de. I measc na ngradam a bhuaigh "An Cailín Ciúin" bhí gradam don scannán is fearr, bua a raibh an scannán "Belfast" ar an ghearrliosta dó fosta. Dúirt Cleona Ní Chrualaoí, láithreoir An Cailín Ciúin, go raibh sí iontach brodúil as an fhoireann a d'oibrigh ar an scannán léi, agus go léiríonn sé nuair a dhéantear infheistíocht i scannán gur féidir leis a bheith rathúil. I ndiaidh beagnach dhá bhliain de shrianta Covid, éireoidh an Ríocht Aontaithe ar fad as na srianta dlí deireaneacha atá fágtha roimh dheireadh na míosa. In Albain, cuirfeadh deireadh leis na srianta ar chomhlachtaí ar an 21 Márta, agus druidfear suíomhanna tástálacha, agus sa Bhreatain Beag, déanfar an rud céanna seachtain ina dhiaidh. Ní bheidh ar dhaoine fanacht abhaile go dleathach agus an víreas acu, ach moltar do dhaoine fanacht sa bhaile go dtí go bhfuil siad ag mothú níos fearr. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ag teitheadh - fleeing i mbun cogaidh - at war infheistíocht - investment rathúil - successful srianta dlí - legal restrictions suíomhanna tástálacha - testing centres
Clár speisialta é seo d'Fhéile Bróid 2021 agus ceiliúradh de 300 clár de Fada is Fairsing! Ar an gclár tá agallamh speisialta le bunaitheoir an Queercal Comhrá Don Ó Donnacháin, duine a d'oibrigh go dian do phobal LADTA+ na Gaeilge agus a chaith blianta i mbun iriseoireachta timpeall na cruinne ón Éigipt, go dtí an Túnéis, go Libia agus an tSiria. Labhraíomar faoina chuid iriseoireachta, an staidéar a rinne sé i Nua Eabhrac agus sa Bhruiséil agus an obair atá idir lámha aige anois le Turas agus mar léachtóir iriseoireachta in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Chomh maith leis sin luaím roinnt imeachtaí atá ar siúl ar fud na cruinne do mhí Bróid agus roinnt grúpaí agus daoine iontacha a oibríonn ar son pobal LADTA+ na Gaeilge - An Queercal Comhrá, AerachAiteachGaelach, Gaylgeoirí agus ShoutOut san áireamh.
Clár speisialta é seo d'Fhéile Bróid 2021 agus ceiliúradh de 300 clár de Fada is Fairsing! Ar an gclár tá agallamh speisialta le bunaitheoir an Queercal Comhrá Don Ó Donnacháin, duine a d'oibrigh go dian do phobal LADTA+ na Gaeilge agus a chaith blianta i mbun iriseoireachta timpeall na cruinne ón Éigipt, go dtí an Túnéis, go Libia agus an tSiria. Labhraíomar faoina chuid iriseoireachta, an staidéar a rinne sé i Nua Eabhrac agus sa Bhruiséil agus an obair atá idir lámha aige anois le Turas agus mar léachtóir iriseoireachta in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Chomh maith leis sin luaím roinnt imeachtaí atá ar siúl ar fud na cruinne do mhí Bróid agus roinnt grúpaí agus daoine iontacha a oibríonn ar son pobal LADTA+ na Gaeilge - An Queercal Comhrá, AerachAiteachGaelach, Gaylgeoirí agus ShoutOut san áireamh.
Ar an gclár seo labhair Colmcille Ó Monacháin linn ó Bhruiséil na Beilge faoina bhua Gradam de Bhaldraithe 2020 dá leabhar 'Ar luch agus ar dhuine', aistriúchán den leabhar Of Mice and Men lonnaithe i gCalafóirne sna 30í . Chomh maith leis sin beidh beidh Leifteanant Aifric Gallagher, an Captaen Diarmuid Ó Céidigh agus eitleoir, Stevie gleeson ó Óglaigh na hÉireann ag labhairt linn óna misean sa tSiria faoi láthair, dúshláin na paindéime agus eile.
Agallamh speisialta a bhí ar an gclár seo ón tráchtaire Pj Mac Gabhann ag breathnú siar ar an méid atá tar éis titim amach san Eoraip agus sa MheánOirthear ó na hionsuithe a rinneadh ar Pháras go cúrsaí sa tSiria.
Labhair Brian Ó Conchubhair linn ar an gclár seo faoi dhámhachtainí Fulbright atá ar fáil sa teicneolaíocht foghlama teangan in Ollscoil Notre Dame in Indiana na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin labhraíomar le Dan McDonald atá ag eagrú díolachán ealaíne do na teifigh in Calais agus sa tSiria a bheas ar siúl ar an 30 Meán Fómhair sa Workman's Club i mBAC agus bhí Siún Ní Cheallaigh ag labhairt faoin ngrúpa de mhúinteoirí tíreolais atá tar éis teacht le chéile chun acmhainní a roinnt agus cothromas a lorg mar mhúinteoirí Gaelscoile tíreolais.
Pól Ó Grádaigh, Deutsche Presse Agentur, Cairo – Coirdínigh Kobane sa tSiria; Gráinne Ní Aodha, Ceannlínte na Cruinne; Tomás Ó Loingsigh + Darragh De Paor – Bliain in Honduras; Cormac Ó Comhraí – Duine den Diaspora: Billy the Kid Caoimhe Ní Shúilleabháin, Bruxelles – Na Gaeil i gCéin;
An oíche seo, labhraímid le Hillary Mhic Suibhne atá mar léachtóir Gaeilge in Ollscoil Nua Eabhrac faoi sheasamh na Stát Aontaithe i leith cúrsaí sa tSiria agus meon na meiriceánach faoin scéal. Cloisimid ó Labhrás Wilson atá ina chónaí i Maryland sna Stáit Aontaithe chomh maith, faoina shaol féin is an Ghaeilge agus ar deireadh labhraímid le Siún Ní Dhuinn, léachtóir Gaeilge, a chuaigh i mbun múinteoireachta i Nua Eabhrac le déanaí ar dheireadh seachtaine Gaeilge de chuid na heagraíochta Daltaí na Gaeilge.