Podcasts about leabhar

  • 23PODCASTS
  • 306EPISODES
  • 19mAVG DURATION
  • 1MONTHLY NEW EPISODE
  • Jun 23, 2026LATEST

POPULARITY

20192020202120222023202420252026


Best podcasts about leabhar

Latest podcast episodes about leabhar

RTÉ - An Saol ó Dheas
Seán Ó hArgáin

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jun 23, 2026 10:36


Leabhar nua "Waves of Time" foilsithe ag Scoil Náisiúnta Naomh Fhionáin sa Choireán faoi ghnéithe éagsúla de shaol an cheantair sin, idir spórt, piseoga agus eachtraí staire.

time waves choire leabhar
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
An Cleasaí Dubh - Leabhar mhí an Mheithimh 2026 | May's Book of the Month 2026

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later May 28, 2026 26:04


[English version below] Maireann scéalta Bhríain Mhic a' Bhaird i saol atá idir an coitianta agus an corr – saol ina mbuaileann draíocht na samhlaíochta le gnáthshaol na tuaithe. Tá na carachtair a chruthaíonn sé beo daonna, ach bíonn scáil éiginnteachta ag crochadh tharstu go minic, le seift éigin agus rúndiamhair fite fuaite i scéalta a mbeatha. Léirítear réimse leathan de shaolta sna scéalta seo: tá an greann ann chomh maith leis an ghruaim, leis an uaigneas agus an cairdeas, an fhírinne lom agus an chaimiléireacht. Tugann Mac a' Bhaird a ghuth sainiúil féin do shaol atá ag athrú, guth atá fréamhaithe sa traidisiún ach atá ag lorg bealaí úra leis an fhírinne a rá amach. Seo leabhar a mheallfaidh an léitheoir isteach sna saolta a nochtar dúinn, áit a mbíonn an gnáthshaol i gcónaí réidh le héirí as an choiteann. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Dáibhidh Ó Luinín agus Caoimhín Ó Liatháin [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories in Irish from the author of Iníon Katie and Ó Loinsigh agus Mason. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Dáibhidh Ó Luinín and Caoimhín Ó Liatháin

english irish seo caoimh bhr dubh liath mhic leabhar luin mheithimh
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
An Saol Sona - Leabhar mhí na Bealtaine 2026 | May's Book of the Month 2026

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later May 1, 2026 31:13


[English version below] Colscartha óna bhean, caidreamh ar éigean aige lena mhac, ní thuigeann Éric cén chaoi a ndeachaigh a shaol amú air oiread. Léas solais atá i ndeis nua oibre, a cheanglaíonn arís é le seanchara scoile agus a thugann go cathair Seoul é, ach ní mhaireann an solas sin i bhfad. Tógfaidh sé eispéireas as an ngnáth le cabhrú le Éric na rudaí tábhachtacha sa saol a aithint… Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Anna Heussaff agus Cian Ó Dubhshláine [Leagan Gaeilge thuas] Divorced from his wife, struggling to keep a relationship with his son, Éric doesn't understand how life went so wrong for him. A ray of light comes in the form of a new work opportunity, one that reconnects him with an old schoolmate and takes him to Seoul, but even that light soon falters. It will take a rather novel experience to help Éric recognise the important things in life… Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Anna Heussaff and Cian Ó Dubhshláine

RTÉ - Iris Aniar
Tony Ó Rodaibh & Patrick Deane, ó Chlub Leabhar Chois Fharraige.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Apr 8, 2026 10:39


Tá an ócáid 'Lá i gCathrú' á eagrú ag Club Leabhar Chois Fharraige le ceiliúradh a dhéanamh ar an leabhar 'Lig Sinn i gCathú' le Breandán Ó hEithir.

breand chlub leabhar heithir
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Glórtha an Tráthnóna - Leabhar mhí Aibreáin 2026 | April's Book of the Month 2026

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Mar 23, 2026 22:05


[English version below] Faoi ainm cleite a foilsíodh an chéad úrscéal a scríobh Natalia Ginzburg i 1942, ach fán bhliain 1947 bhí sí saor le scríobh faoina hainm féin. Tháinig rabharta úrscéalta uaithi as sin amach, mar aon le haistí, gearrscéalta, agus eile. Áirítear í ar mhórscríbhneoirí Iodáilise a linne. I 1961 a tháinig Le voci della sera amach. Tá an scéal suite i mbaile tuaithe in iarthuaisceart na hIodáile sna 1940í. Ríomhtar an scéal trí shúile mná óige, agus faightear spléachadh ar a saol siúd agus ar shaol na gcomharsan, go háirithe ar imeachtaí an dream ar leo an mhonarcha ar a bhfuil an dúiche ar fad beo. Tá cúrsaí polaitiúla agus sóisialta i gceist, chomh maith le cúrsaí grá agus pósta, rudaí nach ritheann go réidh do dhuine ar bith san áit, agus ní taise do bhean inste an scéil é. Tá lámh éadrom ag an údar ar an insint, agus súil ghéar, agus cluas ghéar, agus ligtear do phearsanra an scéil iad féin a léiriú, an-mhinic, trí ráitis a mbéil féin. Ón eagrán Iodáilise a d'fhoilsigh Einaudi i 1971 (athchló 1979) a aistríodh Glórtha an Tráthnóna. Aistrithe ón Iodáilis ag Máire Nic Mhaoláin, buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe, 2024. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: aitlín Nic Íomhair agus Oisín Montanari [Leagan Gaeilge thuas] Our primary narrator in Voices in the Evening is Elsa, an as-yet-unmarried woman of a certain age—dismaying her hypochondriac mother—who describes the colorful natives of this small village. Her dialogue is rich, ranging from amusing character studies to heartbreaking developments, all of which subtly reflect a society rebuilding itself after tremendous loss. Ginzburg's work often focuses on individuals in the time around World War II, when many isms—Communism, Fascism, Catholicism, Nationalism—provided conflicts across Italy, and within communities and families. Though the political context is important in understanding the nuances of her work, Ginzburg's talent, and how fresh these stories still feel, is in her note-perfect characterizations. The many political frictions offer a context, but it's these imaginary/real people who are front and center. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Caitlín Nic Íomhair and Oisín Montanari

Splanc
Splanc Leabhair: Lá Domhanda na Leabhar

Splanc

Play Episode Listen Later Mar 6, 2026 16:14


Labhraíonn Máire Zepf le Cuán faoi 'Rita agus an tEachtrán', atá roghnaithe mar cheann de leabhair 'Lá Domhanda na Leabhar'. Labhraíonn sí faoin tsraith Rita, a saothar scríbhneoireachta agus léitheoireacht a chothú do pháistí.

labhra leabhar
RTÉ - Iris Aniar
Bridget Breathnach, ó Chló Iar Chonnacht

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Mar 4, 2026 15:48


Amárach Lá Domhanda na Leabhar. Beidh béim á chur ar leabhair agus ar chúrsaí léitheoireachta.

breathnach beidh leabhar
RTÉ - An Saol ó Dheas
Adrian Breathnach

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Feb 27, 2026 4:58


Leabhar ar stair caide Na Misteallaigh i dTrá Lí scríofa aige le seoladh an Sathran beag seo.

breathnach leabhar
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Na Bróga Peile agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2026 | March's Book of the Month 2026

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Feb 26, 2026 20:51


[English version below] Póg neamhcheadaithe; déantúsán luachmhar a aimsíonn déagóir sa Bhoireann; ciceanna pionóis le glacadh; duine óg ag glacadh páirt sa chlár teilifíse Cé Ar Mhaith Leis A Bheith ina Mhilliúnaí?; aisteoirí amaitéaracha ag dul amach ar stáitse den chéad uair agus go leor eile. Cnuasach spreagúil atá anseo a thugann an léitheoir ar thurais éagsúla: chuig óige an scéalaí i gCorcaigh; chuig cathracha iasachta ar nós Sydney na hAstráile, Manchain agus Londain i Sasana; chuig Oileán Bharra in Albain; chuig Ardoifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca 1916 agus chuig Láthair an Áir sa bhliain 1914. Is as Cathair Chorcaí ó dhúchas do Sheosamh Céitinn. D'fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Chaith sé breis is tríocha bliain ag múineadh na Gaeilge i mBaile Átha Luain sula ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2022. I measc na leabhar atá foilsithe aige tá Tomás Oileánach (1992) faoin údar Gaeilge mór le rá, an leabhar gramadaí Graiméar don Mheánscoil (Mentor Books 2012) agus bhí sé ina chomhúdar ar an tsraith Maoin (Mentor Books 2009) chomh maith leis an leagan nua den tsraith a foilsíodh sa bhliain 2020. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Katie Whelan agus Jody Buckley-Coogan [Leagan Gaeilge thuas] This is the first short story collection by Seosamh Céitinn. An unexpected kiss; a teenager stumbles across a valuable object in the Burren; tense penalty shootouts; a young contestant on Who Wants to Be a Millionaire?; amateur actors stepping onto the stage for the very first time—and plenty more. This is a captivating collection that takes readers on a variety of journeys: back to the author's childhood in Cork; to faraway cities like Sydney, Manchester, and London; to the remote Scottish island of Barra; into the General Post Office during the Easter Rising of 1916; and to a haunting massacre site in 1914. Seosamh Céitinn was born and raised in Cork City. He attended University College Cork, where he earned both a BA and an MA in Modern Irish before completing a Higher Diploma in Education. He spent over thirty years teaching Irish in Athlone before retiring in 2022. He published his first book, Tomás Oileánach, in 1992, about the well- known Irish-language writer Tomás Ó Criomhthain. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Katie Whelan and Jody Buckley-Coogan

RTÉ - An Saol ó Dheas
Micheál Ó Siochrú

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Feb 3, 2026 16:26


Leabhar nua filíochta scríofa aige den teideal ‘Uibh Rathach an Cheoil' – seoladh é ag Éigse na Brídeoige.

miche leabhar
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Bódléar - Leabhar mhí Feabhra 2026 | February's Book of the Month 2026

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Feb 3, 2026 18:35


[English version below] I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn muintir an bhaile ag súil go mór leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe. I mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua “gan cheol gan rithim”, tagann uafás agus alltacht orthu. An sagart féin, fógraíonn sé na ‘filí mallaithe' ón altóir. Úrscéal é seo a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc. Bhuaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2024 agus Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana' 2025 Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Úna Nic Cárthaigh agus Ava Ní Loinsigh [Leagan Gaeilge thuas] In a village on the west coast of Ireland, every summer, the local poet is sent south to Munster to represent his village at the great gathering of poets. And each year, he composes a new poem for the occasion and, more importantly, he brings home new poems and songs. The people of the village love the songs he brings back to them, and organize a big night every year to welcome him home. But this year, the poet has returned in a foul humour. From now on, he will compose “new poetry, truer poetry!” he says. But when his new “rhymeless and toneless” poems are heard, the locals are horrified…. Bódléar is a novel with a light comic touch, a romance that deals with the changes in life and the ways in which people deal with them. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Úna Nic Cárthaigh and Ava Ní Loinsigh

RTÉ - Iris Aniar
Zoya Ní Eibhearáird, Club Leabhar Ráth Chairn.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Jan 5, 2026 5:45


Zoya Ní Eibhearáird, Club Leabhar Ráth Chairn ag labhairt faoin gclub nua atáthar a bhunú.

club zoya leabhar
RTÉ - Iris Aniar
Máire Ní Chualáin, duine den dream a bhí ag obair ar an leabhar

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Dec 9, 2025 13:38


Tá scéalta Pheadar Uí Dhomhnaill as an gCaorán Beag ar an gCeathrú Rua curtha le chéile i leabhar atá le seoladh an tseachtain seo.

beag duine leabhar n chual
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Eachtraí Sherlock Holmes - Leabhar mhí Eanáir 2026 | January's Book of the Month 2026

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Dec 9, 2025 17:27


[English version below] Eagrán nuachóirithe le hÉamonn Ó Dónaill Cnuasach sárscéalta bleachtaireachta … mar ar tháinig an carachtar ficseanúil is fearr de chuid an Albanaigh de bhunadh na hÉireann, Arthur Conan Doyle, os comhair an tsaoil den chéad uair. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Éamonn Ó Dónaill [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories based on the adventures of Sherlock Holmes by Arthur Conan Doyle. Updated edition by Éamonn Ó Dónaill. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Éamonn Ó Dónaill

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Scéalta Nollag - Leabhar mhí na Nollag 2025 | December's Book of the Month 2025

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Dec 8, 2025 21:00


[English version below] - Gearrliosta 'Leabhar Ficsin Gaeilge na Bliana' ag Gradaim An Post 2025 Foilsíodh leaganacha d'fhormhór na scéalta seo i gcolún an údair ‘Crobhingne' san Irish Times aimsir na Nollag le fiche bliain anuas. Is geall le fabhalscéalta nó athinsintí samhlaíocha iad ar a bhfuil sa Bhíobla, nó neachtar acu, eachtraí atá bunaithe ar thomhaltachas Nollaig na linne seo. Scéal níos faide is ea ‘Lá Breithe' ar óige Íosa nach bhfuil aon leagan de le fáil sa Tiomna Nua in aon chor, in aon chor. Bhuaigh an scéal seo duais do shaothar spioradáltachta ag Comórtais Liteartha an Oireachtais 2024. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sorcha de Brún [Leagan Gaeilge thuas] - Shortlisted for 'Irish Language Fiction Book of the Year' at the An Post Irish Book Awards 2025 Versions of most of these stories were previously published in the author's column ‘Crobhingne' in The Irish Times at Christmastime over the past twenty years. Some could be described as fables or imaginative retellings of Bible stories. Others are tales inspired by modern-day Christmas consumerism. ‘Lá Breithe' is a longer story about Jesus' childhood. No version of this story exists in the New Testament at all, at all. This story won a prize in the spiritual writing category at the 2024 Oireachtas Literary Competitions. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Sorcha de Brún Show less

RTÉ - An Saol ó Dheas
Bryan Mac Mahon

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Dec 3, 2025 15:08


Leabhar scríofa ag an stairí ó Bhaile Uí Thaidhg faoin nGorta Mór i gCorca Dhuibhne – 'Calamity and Controversey'

mahon controversey leabhar
RTÉ - Iris Aniar
Tom Kenny, ó Siopa Leabhar Uí Chonnaith.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Nov 27, 2025 11:02


Tom Kenny, ó Siopa Leabhar Uí Chonnaith. Tá ceann de na siopaí leabhar is aitheanta in Éirinn, Siopa Leabhar Uí Chionnaith i nGaillimh, ag ceiliúradh 85 bliain i mbun graithe.

tom kenny leabhar ngaillimh
RTÉ - Adhmhaidin
Gráinne Ní Mhuilneoir, An Siopa Leabhar, Baile Átha Cliath.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Nov 26, 2025 6:59


Is dócha nach féidir linn rud ar bith a chur go Stáit Aontaithe Mheiriceá níos mó.' B'shin an teachtaireacht a chuir An Siopa Leabhar ar Bluesky an tseachtain seo agus iad ag déanamh cur síos ar an tionchar ag táillí trádála Mheiriceá orthu féin.

blue sky baile inne cliath leabhar mheirice
RTÉ - An Saol ó Dheas
Concubhar Ó Loingsigh

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 19, 2025 10:54


Leabhar nua foilsithe aige ag trácht ar na bráithre críostaí, mná rialta agus sagairt ó Chill na Martra, Máigh Chromtha agus Cluain Droichead.

leabhar
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Dúnmharú i bPáirc an Chrócaigh - Leabhar mhí na Samhna 2025 | November's Book of the Month 2025

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Oct 27, 2025 22:59


[English version below] ‘Dúnmharú! Piléar tríd an gcluas! Ar an dé deiridh atá sé! Tagann deireadh tobann leis an gCluiche Ceannais i bPáirc an Chrócaigh nuair a dhúnmharaítear Seán Ó Glaimhín, an t-iománaí is fearr sa tír, ar an bpáirc imeartha. Ach cérbh é an Glaimhíneach seo, i ndáiríre? Cad a bhí ar siúl aige go ndearnadh é a lámhach go poiblí? Agus cé na dreamanna amhrasacha a raibh sé ag obair dóibh? Ar ámharaí an tsaoil bhí Réics Carló, an lorgaire phríobháideach is fearr sa tír, agus a chúntóir óg, Brian Ó Ruairc, i láthair ag an gcluiche. An mbeidh siadsan in ann na ceisteanna sin a fhreagairt agus cabhrú leis na Gardaí cód agus rúndiamhra an cháis a réiteach? Ar eagla nár leor gunna agus intleacht ghéar bíonn Réics Carló i gcónaí in ann brath ar a dhá dhorn má tharlaíonn sé é a bheith i sáinn. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Nóra Nic Con Ultaigh agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] If the best hurler in the country, Seán Ó Glaimhín, is shot dead during the All Ireland Final then he must have got in with the wrong crowd reasons the private detective Réics Carló to this assistant Brian Ó Ruairc both of them shocked at what they have just witnessed in Croke Park. The action on the pitch may have come to a sudden stop but now its time for quick wits to get to the bottom of this gruesome murder. Réics and Brian are only too happy to answer the call of duty and help An Garda Síochána to solve the mystery. But where to start? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Nóra Nic Con Ultaigh and Rónán Mistéil

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
An Bhlaosc sa mBois - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2025 | October's Book of the Month

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Sep 23, 2025 23:41


[English version below] Tá go leor cainte déanta le blianta beaga anuas faoi scannal na n-áras máithreacha agus leanaí, agus is anois atá scribhneoirí agus ealaíontóirí eile tosaithe ag dul i ngleic leis an uafás. Chuige sin, tá Micheál Ó Conghaile aitheanta mar dhuine de phríomhscríbhneoirí próis na Gaeilge. Tá sé cruthaithe go minic aige nach leasc leis cúinní dorcha na hÉireann a ransú agus solas an lae a scaoileadh isteach orthu. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Micheál Ó Conghaile [Leagan Gaeilge thuas] The mother and child homes scandal has been the subject of intense discussion in recent years. Now, writers and artists are beginning to confront the painful realities. This book offers a fresh perspective from an author known for his willingness to explore Ireland's darker aspects and bring them to light. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Micheál Ó Conghaile

Raidió na Life 106.4FM
Leabhar Lecan - An tOllamh Ruairí Ó hUiginn

Raidió na Life 106.4FM

Play Episode Listen Later Sep 22, 2025 16:32


Agus mórchomhdháil ar Leabhar Lecan ag titim amach in Acadamh Ríoga na hÉireann, tugann an tOllamh Ruairí Ó hUiginn ón Institiúid Ardléinn BÁC léargas dúinn ar thábhacht na lámhscríbhinne seo.

bc agus ruair leabhar institi
Splanc
Club Leabhar le Rónán Mistéil: I Regret Almost Everything

Splanc

Play Episode Listen Later Sep 5, 2025 23:22


Labhraímid le Rónán Mistéil faoi leabhar nua Keith McNally, 'I Regret Almost Everything'.

club regret mist almost everything keith mcnally labhra leabhar
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Heartstopper - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2025 | September's Book of the Month 2025

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Aug 28, 2025 23:03


[English version below] Tá a fhios ag Nick go bhfuil Charlie aerach, agus creideann Charlie nach bhfuil Nick! Ach, is scéal casta é an grá agus tá Nick ag foghlaim go leor rudaí faoina chuid cairde, a chlann… agus faoi féin! Díríonn Heartstopper ar an gcairdeas, dílseacht agus meabhairghalar. Díríonn sé ar na nithe beaga i saol Nick agus Charlie, na nithe beaga a dhéanann suas na rudaí móra tábhachtacha, a bhaineann linn ar fad. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Joe Simpson [Leagan Gaeilge thuas] Nick and Charlie are best friends. Nick knows Charlie's gay, and Charlie is sure that Nick isn't. But love works in surprising ways, and Nick is discovering all kinds of things about his friends, his family … and himself. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emma Ní Chearúil and Joe Simpson

RTÉ - Adhmhaidin
Muireann Ní Mhóráin : Údar Buairtín, leabhar do pháistí.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Jul 18, 2025 3:14


Tá leabhar gleoite do pháistí a bhfuil an-mholadh á fháil aige foilsithe ag Muireann.

muireann leabhar
Splanc
Club Leabhar: The Thursday Murder Club

Splanc

Play Episode Listen Later Jul 18, 2025 22:43


Pléimid The Thursday Murder Club (scríofa ag Richard Osman) lenár saineolaí leabhar, Rónán Mistéil.

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Fiche - Leabhar mhí an Mheithimh 2025 | June's Book of the Month 2025.

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Jun 20, 2025 27:45


[English version below] Samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil. Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis. Scéal grá agus tragóid é seo a suitear i saol atá comhthreomhar, ach nach bhfuil ródhifriúil, le saol ár linne féin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Réaltán Ní Leannáin [Leagan Gaeilge thuas] In the summer of 1969, on the beaches of west Cork. three young people are brought together, three people whose lives are fundamentally changed when a fourth person, the grandson of the General, joins them. Ten years later, the story ends with the General on his deathbed. This is a story of love and tragedy set in a parallel world, not very different to our own. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Réaltán Ní Leannáin

Splanc
Club Leabhar: 'Burn Them Out!'

Splanc

Play Episode Listen Later Jun 13, 2025 25:01


Pléimid 'Burn Them Out! A History of Fascism and the Far-Right in Ireland' (scríofa ag Pádraig Óg Ó Ruairc) lenár saineolaí leabhar, Rónán Mistéil.

RTÉ - An Saol ó Dheas
Breandán Ó Briain.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later May 12, 2025 15:01


Leabhar a scríobh sé den ainm ‘Féinmharú a Thuiscint' á seoladh ar an Máirt ag Árd-Mhéara Chorca, Dan Boyle.

mh breand dan boyle briain leabhar
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Cuimhní Poircealláin - Leabhar mhí na Bealtaine 2025 | May's Book of the Month 2025.

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Apr 30, 2025 20:38


[English version below] Sobhristeacht na beatha; síorghrá an tuismitheora don pháiste; daoine óga ag teacht in aois; cinntí déanta i bhfaiteadh na súl a fhágann a rian go deo. Sa chéad chnuasach gearrscéalta seo dá cuid, pléann Majella Ní Dhomhnaill go soiléir cumhachtach le réimse téamaí a bhaineann le brúnna agus iontais na linne seo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Éilis Neary [Leagan Gaeilge thuas] The fragility of life, the enduring love of parents for their children, the journey of young people into adulthood, and the irrevocable impact of decisions made in the blink of an eye are profound themes explored in this initial collection of short stories by Majella Ní Dhomhnaill. In these narratives, Majella Ní Dhomhnaill adeptly and powerfully addresses a spectrum of themes connected to the challenges and marvels of contemporary life. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Éilis Neary

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Óró - Leabhar mhí Aibreáin 2025 | April's Book of the Month 2025

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Apr 1, 2025 24:04


[English version below] San eachtra scleondrach chorraitheach seo, éalaíonn ógánach ar bord loinge agus téann thar farraige siar sa tóir ar ór El Dorado. Arís eile, cruthaíonn Titley a shárchumas scéalaíochta, agus cuireann cosa faoina shamhlaíocht a thugann thar an aigéan sinn go hoileáin rúnda — ina gcastar ollphéisteanna orainn agus nithe nach iad! — agus go hollchríoch ainneoil an óir. Eachtra fantaisíochta nó fabhalscéal eachtraíochta — scéal é seo lán le daonnacht, drámaíocht, teannas agus gaois. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ola Majekodunmi agus Zoya Everard [Leagan Gaeilge thuas] In this exciting adventure, a teenager escapes on board a ship and goes across the western seas to the mysterious land of gold in search of El Dorado. Once again, Titley proves his excellent storytelling ability, and hoists the sails on his imagination to take us to secret islands — where we encounter monsters and much more besides! This is a story full of humanity, drama, tension and wisdom. This is a novel for teenagers … and for those of us who will always remain teenagers at heart! Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ola Majekodunmi and Zoya Everard

english el dorado titley leabhar aibre
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Súile Éisc agus Scéalta Eile - Leabhar mhí an Mhárta 2025 | March's Book of the Month 2025

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Feb 27, 2025 22:27


[English version below] Seo an chéad leabhar gearrscéalta ó pheann Mhichelle Nic Pháidín. Tugtar ar iliomad turas intinne muid sa chnuasach seo: chuig saol na samhlaíochta i gcuid de na scéalta; léirítear saol an cheantair ina bhfuil sí ina cónaí i gcuid eile; agus faightear blas na farraige sa chuid eile. Tá éagsúlacht as cuimse sa chnuasach seo ó thaobh ghlór an scéalaí. Insítear na scéalta ag úsáid réimse leathan daoine, páistí, mná agus fir agus a scéal féin á insint acu. Tá scéalta grá, scéalta díoltais agus scéalta dúchais le fáil sa leabhar seo. Díríonn an scéalaí ar éagsúlacht scéalta a chur ar fáil, agus faightear sin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Dáibhidh Ó Luinín [Leagan Gaeilge thuas] This is Michelle Nic Pháidín's first collection of short stories. The authors brings the read on many a journey in these stories, some of which are in the author's imagination; others which are rooted in the author's locality; whilst the reader also gets a taster of life by the sea. The voice of the narrator is expressed in these stories in a very diverse way. These stories are told through the perspective of men, women and children, all of whom recount stories of love, revenge, heritage among many others. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Dáibhidh Ó Luinín

RTÉ - Iris Aniar
Seán Ó hAodha club leabhar Chois Fharraige & Anna Heussaff údar.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Feb 12, 2025 6:15


Seán Ó hAodha club leabhar Chois Fharraige & Anna Heussaff údar. Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile Tigh Mholly anocht.

club leabhar
Splanc
Club Leabhar Splanc: Intermezzo le Sally Rooney

Splanc

Play Episode Listen Later Feb 7, 2025 26:13


lenár léirmheastóir Rónán Mistéil. Splanc: 10pm - 12 gach Aoine ar Newstalk FM agus podchraoladh ar Newstalk.com

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Caithréim agus Tóir - Leabhar mhí Feabhra 2025 | February's Book of the Month 2025

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Jan 28, 2025 16:06


[English version below] Caithréim agus Tóir – Cnuasach filíochta le hEithne Ní Ghallchobhair. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbe van der Heide agus Aedín Ní Thiarnaigh [Leagan Gaeilge thuas] Caithréim agus Tóir – Poetry collection by Eithne Ní Ghallchobhair. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ailbe van der Heide and Aedín Ní Thiarnaigh

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Tír Bheag - Leabhar mhí Eanáir 2025 | January's Book of the Month 2025

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Dec 19, 2024 21:30


[English version below] Agus é ag fás aníos sa Bhurúin in 1992, tá Gabriel óg beag beann ar an teannas polaitiúil ina thimpeall. Caitheann sé féin agus a chairde a gcuid laethanta ag spaisteoireacht, ag snámh san abhainn agus ag goid mangónna agus toitíní, faic na fríde ag cur isteach orthu. Ach tá stoirm ag bagairt ar an taobh thall den teorainn i Ruanda, tír dhúchais mháthair Gaby, agus ní fada go gcuirfidh cogadh cathartha agus cinedhíothú deireadh go deo le soineantacht an bhuachalla óig. Súil siar chumhachtach is ea Tír Bheag ar eachtra mhór stairiúil de chuid na nóchaidí, súil siar a tharraingíonn ar thaithí phearsanta an údair féin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Antain Mac Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] Critically acclaimed and award-winning Tír Bheag (Petit Pays) is set in Burundi in 1992 and for ten-year-old Gabriel, life is happy and carefree with bike rides through the streets, swimming in the river, sneaking cigarettes and stealing mangoes with his friends. But storm clouds gather when neighbouring Rwanda is hit by civil war and genocide, and the spillover into Burundi means life for young Gaby is about to change. A stunning, heart-wrenching look through the eyes of a child at a country caught in the maelstrom of history. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Antain Mac Lochlainn

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
An Grá agus an Ghruaim - Leabhar mhí na Nollag 2024 | December's Book of the Month 2024

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Nov 29, 2024 30:59


[English version below] Eagrán úr de chnuasach cháiliúil Sheosamh Mhic Grianna, bunaithe ar an chéad eagrán a cuireadh i gcló i 1929. Ba é An Grá agus an Ghruaim an dara cnuasach le Seosamh Mac Grianna. San eagrán úr seo tugtar an litriú suas chun dáta le tús áite tugtha den fhoghraíocht. Cuirtear an scéal “An Bhean Lán de Stuaim” ar ais sa bhailiúchán agus fágtar istigh an scéal “Bíonn Súil le Muir ach ní Bhíonn Súil le hUaigh” a cuireadh isteach ina áit in eagráin níos déanaí. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbhe Nic Giolla Chomhaill agus Dubhán Ó Longáin [Leagan Gaeilge thuas] A new edition of the acclaimed short story collection by Seosamh Mac Grianna. This edition is based on the first edition first published in 1929. An Grá agus an Ghruaim is Seosamh Mac Grianna's second collection of short stories. In this edition the spelling and orthography is brought up to date with a precedence given to the natural speech and rythm of the author. The story “An Bhean Lán de Stuaim” that had been omitted from previous editions, is restored here, and “Bíonn Súil le Muir ach Ní Bhíonn Súil le hUaigh”, the story that had been put in its place, is retained in this edition. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ailbhe Nic Giolla Chomhaill and Dubhán Ó Longáin

Splanc
Club Leabhar Splanc: Atonement

Splanc

Play Episode Listen Later Nov 22, 2024 23:58


Chuir leabhar na míosa seo olc ar léirmheastóir leabhar Rónán Mistéil... cén fáth?

club mist atonement leabhar chuir
RTÉ - An Saol ó Dheas
Leabhar le Liam Ó Néil seolta;Liam ag aithris an dáin-An fathach.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 18, 2024 7:29


Tá leabhar do shaothar ealaíne agus filíocht le Liam Ó Néil foillsithe ag an gcomhlucht Dingle Literature. Seoladh an leabhar in Ionad an Bhlascaoid tráthnona de Sathairn. Seo mar a dheineann Liam cur síos air a athair -An Fathach.

seo leabhar ionad seoladh
RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas 18ú Samhain 2024

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 18, 2024 48:29


Micheál Ó Leidhin;Fear ó marbh i dtimpist bhóthair i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh. Toghchán agus tithíocht; Aoife Ní Shuilleabháin, Páidí Ó Sé, Gillian Ní Bhriain, Emer Ní Mhurchú. Leabhar le Liam Ó Néil seolta;Liam ag aithris an dáin-An fathach. Cathal Ó Riada;súil chun cínn ar Éigse Dhiarmuid Uí Shuilleabháin.

RTÉ - An Saol ó Dheas
An tOllamh Pádraig Ó Macháin; Leabhar Leasa Móir.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Nov 11, 2024 9:00


Tá treallamh nua aimsireach fachta ag Ollscoil Chorcaí a bhuiochas don gComhlucht Fexco. Cuirfidh seo ar a gcumas pictiúirí d'ard chaighdeán a thógaint do Leabhar Leasa Móire agus gnéithe ná raibh soiléir go dtí seo sa phár a fheiscint.

mach draig leasa leabhar
RTÉ - An Saol ó Dheas
Felicity Hayes McCoy; Leabhar nua don stoca Nollag

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Oct 30, 2024 10:46


'The Booksellers Gift' an saothar is déanaí ón údar Felicity Hayes McCoy. Ta Felicity ar a camachuaird ar shiopaí leabhair fuaid faid na tíre na laethanta seo.

mccoy nollag leabhar
RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol ó Dheas 30ú Deireadh Fómhair 2024

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Oct 30, 2024 48:49


Dairena Ní Chinnéide; Saothar nua filíochta. Seán Óg Ó Duinín; Ceol dráma 'Gobnait' le cur ar stáitse. Felicity Hayes McCoy; Leabhar nua don stoca Nollag. Mary Brosnan;Cumann sléibhteoireachta Chorca Dhuibhne

duin ceol dhea s saol cumann nollag leabhar deireadh f chorca dhuibhne
RTÉ - Barrscéalta
Áine Ní Bhreisleain.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Oct 18, 2024 8:51


Cuirfear tús amárach le Seachtain na Leabhar Éireannach agus tá Áine ag moladh cúpla leabhar le léamh.

seachtain leabhar cuirfear
RTÉ - An Saol ó Dheas
Mike Mac Domhnaill;Leabhar nua gearrscéalta

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Oct 3, 2024 23:04


Cuirfear tús le h-Éigse Michael Hartnett sa Chaisleán Nua Thiar anocht. Beidh leabahr le Mike Mac Domhnaill á sheoladh le linn na h-Éigse.

beidh domhnaill mike mac michael hartnett leabhar cuirfear gearrsc
RTÉ - An Saol ó Dheas
An Saol o Dheas 3ú Deireadh Fómhair 2024

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Oct 3, 2024 49:16


Seán de Buitléar; Clár Cumas oibre. Mike Mac Domhnaill;Leabhar nua gearrscéalta. Michael Moyihan;Iriseoir an Irish Examiner. Seán Ó Laoi; Daonscoil an Fhómhair

fh irish examiner dhea s saol leabhar buitl deireadh f
RTÉ - Iris Aniar
Pól Mag Lionáin, club Leabhar Baile Loch a Riach.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later Sep 24, 2024 6:26


Pól Mag Lionáin, ó Chlub Leabhar Baile Loch a Riach ag labhairt faoi imeachtaí an chlub.

club lion loch baile riach leabhar
RTÉ - An Saol ó Dheas
Celine Ní Chóclaigh;Trácht ar Charraig na Siúire agus an leabhar ata scríofa acu faoín gceantar.

RTÉ - An Saol ó Dheas

Play Episode Listen Later Jul 8, 2024 7:58


Seolfar an leabhar 'Camchuairt na Carraige agus Eolas ar an gCúltír' i gCarraig na Siúire tráthnona de Céadaoín.

gc agus eolas leabhar
RTÉ - Iris Aniar
Darach Ó Scolaí, óna foilsitheoirí Leabhar Breac.

RTÉ - Iris Aniar

Play Episode Listen Later May 13, 2024 9:16


Darach Ó Scolaí, tá na foilsitheoirí Leabhar Breac, théis leabhar a chur amach leis an scríbhneoir clúiteach, Máire Mhac an tSaoi.

scola darach leabhar
Nuacht Mhall
9 Márta 2024 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Mar 9, 2024 5:35


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 9ú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Ní raibh an Mháirt Mhór chomh mór sin i réamhthoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an tseachtain seo. Bhí buanna móra ag Donald Trump i mbeagnach gach stát seachas Vermont, an t-aon stát a bhuaigh a chéile comhraic Nikki Haley. D'fhógair Nikki Haley go bhfuil sí ag éirí as an rás tar éis na torthaí tubaisteacha dá feachtas. Is cosúil nach mbeidh deacracht ar bith ag Trump an t-ainmniúchán don bPáirtí Poblachtánach a fháil anois agus mar sin beidh sé ag dul in aghaidh Joe Biden den ndara huair i mí na Samhna. Ní raibh teannas ar bith do Joe Biden ach oiread agus é gan chéile comhraic dáirire sa rás le haghaidh ainmniúchán nanDaonlathach. Vótáil muintir na hÉireann in dhá reifreann Dé hAoine, ceann amháin faoin dteaghlach agus an ceann eile faoi chúrsaí cúraim. Bhí an leasú i reifreann an teaghlaigh ag iarraidh athrú a dhéanamh ar an sainmhíniú atá ann faoi láthair, go háirithe nach mbeadh an teaghlach bunaithe ar an bpósadh amháin ach ‘ar chóngais bhuanfasacha' freisin. Bhí an reifreann cúraim ag iarraidh na tagairtí do dhualgais na mban sa bhaile a bhaint den mBunreacht agus aitheantasa thabhairt ina n-áit don gcúram sa teaghlach. Bhí gach páirtí mór sa Dáil ar son an dá leasú agus ní raibh ach Aontú agus cúpla Teachta Dála neamhspleách i gcoinne na leasuithe. Dúirt an Taoiseach i rith na seachtaine go raibh na torthaí idir dhá cheann na meá. Bhí an chuma ar an scéal maidin Dé Sathairn go ndiúltófaí an dá reifreann. Cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge ar an gcéad lá de mhí an Mhárta agus bhí go leor Gaolainne le cloistint sa Dáil le linn na seachtaine. Thug 18 Teachta Dála ráiteas i nGaolainnDé Céadaoin, ach ní raibh ceannaire ar bith ó na páirtí i láthair. Labhair na Teachtaí Dála faoi na géarchéimeanna a bhaineann leis an teanga agus leis na ceantracha Gaeltachta. Ar an lá céanna, fógraíodh go mbeidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste in 2025. Ba é 1997 an uair dheireanach a bhí an tOireachtas cois Lagáin agus ní raibh sé sa Tuaisceart ó 2006. Bhí dea-scéala eile do chúrsaí Gaolainne le linn na seachtaine nuair a cuireadh an t-úrscéilín do dhaoine óga Inis Mara le Tristan Rosenstock ar liosta na leabhar do Lá Domhanda na Leabhar. Is é an chéad uair riamh a bhí leabhar i nGaolainn ar an liosta donaoisghrúpa idir 8-12 bliain d'aois. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réamhthoghcháin - primary elections feachtas - campaign sainmhíniú - definition leasuithe - amendments géarchéimeanna - crises cois Lagáin - Laganside

donald trump pr joe biden vermont bp nikki haley bh thug lag mh taoiseach gaeilge oireachtas seachtain gaeltachta conradh feirste samhna labhair londain leabhar teachta d inniu d haoine cuireadh d sathairn nuacht mhall