POPULARITY
Rún faoi chúrsaí feamainne pléite ag cruinniú den Rialtas áitiúil inné.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Gabhadh Andrew Mountbatten-Windsor as mí-iompar in oifig phoiblí an tseachtain seo. Ghabh Póilíní Ghleann na Tamaise an t-iarphrionsa ina theach cónaithe ar Eastát Sandringham in Norfolk in oirthear Shasana ag 8 a chlog maidin Déardaoin. Tá roinnt áitreabh de chuid an iarphrionsa á gcuardach ag na póilíní, an áit a mbíodh cónaí air in Windsor ina measc. Baineann an scéal lena bhfuil i ríomhphoist a líomhnaitear a sheol Mountbatten-Windsor agus ciontóir gnéis Jeffrey Epstein chuig a chéile – i measc cáipéisí eile – agus ar foilsíodh go leor acu le gairid. Bhí Mountbatten-Windsor ina ionadaí speisialta trádála agus infheistíochta ag Rialtas na Breataine idir 2001 agus 2011 agus líomhnaítear gur thug sé eolas a bhí faoi rún do Jeffrey Epstein – ar infheisteoir proifisiúnta é – i gcaitheamh an achair sin. Chomh maith leis an líomhain sin, tá sé tugtha le fios ag póilíní Ghleann na Tamaise go bhfuil siad ag breathnú ar líomhain gur sheol Epstein bean óg go Sasana le mianta collaí an iarphrionsa a shásamh. Is é Mountbatten-Windsor an t-ochtú duine i líne chomharbais na Breataine.Tá Rialtas na hÉireann aontaithe go foirmiúil go n-oibreoidh siad go gníomhach le ballstáit an Aontais Eorpaigh chun roghanna a iniúchadh le srianta aoise a thabhairt isteach ar úsáid na meán sóisialta, ag díriú go háirithe ar dhaoine faoi bhun 16 bliana d'aois. Beidh Éire ag abhcóideacht go láidir anois ar son cinneadh maidir le haois úsáide na meán sóisialta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh ach tá sé ráite fosta go ngníomhóidh sí go náisiúnta más gá. Tá 'Straitéis Dhigiteach agus Intleacht Shaorga' nua á plé ag airí an Rialtais. Cuirfidh an plean seo béim láidir ar shábháilteacht ar líne agus féachfaidh sé ar shrianadh a chur ar na meáin shóisialta do dhaoine óga trí fhíorú aoise. Mar sin féin, tá rabhaidh ann go gcaithfear é seo a dhéanamh le stáit eile an AE chun a sheachaint go gcuirfidh na cúirteanna deireadh leis. Tuigtear go bhfuil Éire aontaithe leis an Fhrainc ar an cheist seo, agus go bhfuil sé mar phlean acu reachtaíocht a thabhairt isteach ar dtús agus an córas fíoraithe aoise á fhorbairt amach anseo. Ní hé seo ach ceann amháin de 90 beart sa straitéis nua a bhfuil sé mar aidhm aici mol digiteach idirnáisiúnta a dhéanamh d'Éirinn le coimircí rialála láidre.Tá An Post ag déanamh ceiliúradh ar gheansaithe cáiliúla Árann agus stampaí nua seolta acu an tseachtain seo caite. Beidh stampa náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil agus dhá dhearadh ar leith leis an mhaisitheoir Sally Caulwell orthu. Ar an stampa náisiúnta, léirítear na bioráin chniotála agus an ceirtlín olla agus an geansaí á chniotáil. Ar an stampa idirnáisiúnta, tá an geansaí críochnaithe le feiceáil. Deir An Post go dtugtar “léargas ar an cheird féin” sna stampaí agus go gcuirfidh siad “sárcheardaíocht na hÉireann os comhair an domhain mhóir”. “Tá geansaithe Árann fite fuaite i saol na hÉireann le glúnta anuas. Ceiliúrann an tsraith stampaí seo oidhreacht shaibhir na n-oileán agus an scil a bhaineann leis an gceardaíocht. Léiríonn sí freisin an spéis leanúnach atá ag lucht faisin idirnáisiúnta i bhfaisin atá inbhuanaithe agus buan,” a dúirt Julie Gill ó An Post. “Tá borradh úr faoin stíl arís anois, agus lúthchleasaithe na hÉireann ag caitheamh earraí cniotála traidisiúnta Árann ag Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh in Milano agus Cortina faoi láthair. “Cuireann an eisiúint seo béim shoiléir ar fhaisean inbhuanaithe. Déantar geansaithe Árann as olann atá 100% nádúrtha agus in-bhithmhillte – rogha bhuan i gcoinne an fhaisin thapa,” a dúirt urlabhraí eile ó An Post.Póilíní Ghleann na Tamaise - Thames Valley Policemianta collaí - sexual desireslíne chomharbais - line of successionfíorú aoise - age verificationbioráin chniotála - knitting needlesolann - wool
Tá Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann tar éis foláireamh eile a thabhairt den Rialtas sa tír seo.
Tá Comhairleoirí Contae an Pháirtí Cúitimh 100% míshásta leis an Rialtas mar gheall ar an mhoill fhada atá ann scéim cúitimh do thithe sóisialta a chur i bhfeidhm do thithe a bhfuil brící lochtacha iontu.
Baill den phobal a bhíonn ag baint úsáid as an tseirbhís seo go rialta agus ag freastal ar otharlann i mBaile Átha Cliath go minic. Mothaíonn siad gur lig an Rialtas síos iad go millteanach.
An Rialtas le plé a dhéanamh inniu ar deireadh a chur le srianta ar líon na bpaisineirí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.
Níl An Taisce sásta leis an bproiséas comhairliúichán atá ar bun ag an Rialtas ó thaobh athbhreithniú breithiúnach ar chúrsaí pleanála.
Cén ghlacadh atá i Stáit Aontaithe Mheiriceá leis an méid atá déanta ag an Rialtas ansin.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28lqtjtv Contact: irishlingos@gmail.com People still missing after the disaster in Switzerland. Daoine fós ar iarraidh tar éis na tubaiste san Eilvéis. Authorities in Switzerland are still searching for missing people after a large fire that broke out in a pub in the town of Crans-Montana in the southwest of that country early yesterday morning. Tá na húdaráis san Eilvéis fós ag cuardach do dhaoine atá ar iarraidh tar éis an dóiteáin mhóir a tharla i dteach tábhairne i mbaile Crans-Montana in iardheisceart na tíre sin go moch ar maidin inné. In addition to the 40 people killed in the disaster, apparently mainly young people, 115 others were injured. Chomh maith leis an 40 duine a maraíodh sa tubaiste, daoine óga a mbunáite de réir dealraimh, gortaíodh 115 eile. Adding to the concern, it is said that some of those injured are very seriously ill. Mar bharr ar an mbuaireamh, deirtear go bhfuil roinnt den dream a gortaíodh an-dona tinn. It is not known exactly how many people are still missing, but the pub was holding over 300 people, according to online sources. Níl sé ráite cé mhéad duine go baileach atá fós ar iarraidh ach thoill an teach tábhairne os cionn 300 duine, de réir foinsí ar líne. Crans-Montana is an international ski resort and Swiss President Guy Parmelin said it was likely that people from different countries were among the dead. Ionad sciála idirnáisiúnta is ea Crans-Montana agus dúirt Uachtarán na hEilvéise Guy Parmelin gur dóichí go bhfuil daoine as tíortha éagsúla i measc na marbh. Already, the Italian Government has announced that fifteen people from that country are missing. Cheana féin, tá sé tugtha le fios ag Rialtas na hIodáile go bhfuil cúig dhuine dhéag ón tír sin ar iarraidh. The French Government says eight citizens of that country are also missing. Deir Rialtas na Fraince go bhfuil ochtar saoránach de chuid na tíre sin ar iarraidh chomh maith. It is still unknown what caused the fire, but two people who were there at the time say that the ceiling of the house caught fire when sparklers on a sweet cake went out of control and the fire spread at a crazy speed afterwards. Ní fios fós cad ba shiocair leis an dóiteán ach deir beirt a bhí san áit ag an am gur lasadh síleáil an tí nuair d’imigh spréachairí ar cháca milis ó smacht agus gur leath an tine de luas mire ina dhiaidh sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an fichiú lá de mhí na Nollag. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Maraíodh cúig dhuine dhéag, paiste deich mbliana d'aois san áireamh, in ionsaí sceimhlitheoireachta ar Thrá Bondi in Sydney na hAstráile Dé Domhnaigh seo caite. Is iad an bheirt atá ainmnithe leis an sléacht Sajid Akram, a bhí 50 bliain d'aois, agus a mhac Naveed Akram, 24 bliain d'aois. Maraíodh an Akram ba shine ar an láthair agus gortaíodh an mac go dona sular tugadh chun ospidéil é. Scaoil an bheirt acu urchair ar shlua a bhí bailithe ar an trá chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhéile mhór na nGiúdach, Hanukkah. D'éirigh le fear darb ainm Ahmed al-Ahmed an t-arm a bhaint ó dhuine de na gunnadóirí, agus dúirt príomh-aire New South Wales gur mhair go leor daoine mar thoradh ar an gcrógacht a léirigh sé.I ráiteas a d'eisigh Pobal Giúdach na hÉireann, chuir siad a gcomhbhrón in iúl dá ngaolta agus dá gcairde thar lear san Astráil atá ag fulaingt mar gheall ar na hionsaithe. Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly, go dtabharfaí tacaíocht agus cosaint bhreise don phobal Giúdach in Éirinn. Bhí agóid i Londain oíche Dé Céadaoin, lasmuigh d'Aireacht Dlí agus Cirt na Breataine, i gcoinne an diúltaithe cead a thabhairt do stailceoirí ocrais dul go hospidéal. Bhí an teannas idir na póilíní agus na hagóideoirí le brath agus breis is míle duine bailithe chun tacaíocht a léiriú do Qesser Zuhrah, 20 bliain d'aois, agus Amy Gardiner-Gibson, 30 bliain d'aois, atá ar stailc ocrais anois le breis is daichead a sé lá agus ag fulaingt go dona. Gabhadh beirt ar an láthair agus baineadh frith-agóideoir amháin amach as an slua. I mí Iúil, d'fhógair Rialtas na Breataine go raibh cosc i bhfeidhm ar an ngrúpa Palestine Action. Ó shin i leith, tá beagnach 2,500 duine gafa ag na póilíní agus tá seisear priosúnach ar stailc ocrais anois mar agóid i gcoinne mí-úsáid chumhachta an stáit. Faoi dheireadh, tar éis iarrachtaí fada ó bhaill den phobal agus ó pholaiteoirí ar nós Zarah Sultana agus Jeremy Corbyn, a chuir brú ar na húdaráis, thug otharcarr Zuhrah go dtí an t-ospidéal chun cúram éigeandála a fháil. Tá an tAire Dlí agus Cirt, David Lammy, fós ag diúltiú labhairt le teaghlaigh na stailceoirí.Tá sceideal cuimsitheach fógartha ag TG4 don Nollaig agus réimse leathan de scannáin, de chláir faisnéise agus de chláir cheoil acu, chomh maith le rogha mhór mhillteach d'ábhar do pháistí, buíochas le Cúla4. Beidh lucht leanúna an cheoil thraidisiúnta ag tnúth go mór le Geantraí na Nollag 2025, a chraolfar ag 7pm Lá Nollag, agus le roinnt clár dírithe ar Oireachtas na Samhna, a chraolfar le linn an deireadh seachtaine i ndiaidh na Nollag. I measc na mbuaicphointí eile, ó thaobh cláir faisnéise de, beidh George Best i gCorcaigh le feiceáil Lá Fhéile Stiofáin ag 8.15pm, ag insint scéal na tréimhse gairide a chaith an peileadóir cáiliúil thíos i gCúige Mumhan caoga bliain ó shin. Idir an dá linn, bainfidh daoine beaga sult as an scannán beochana Nollaí, scéal lách faoi fhia óg, atá ar fáil ar an seinnteoir anois. Is féidir an sceideal iomlán a fháil ag tg4.ie.Agus sin nuacht na Nollag. Feicfimid go luath sibh, ach go dtí sin, Nollaig mhór mhaith daoibh uilig ó chuile dhuine anseo ar Nuacht Mhall.*
Deireadh curtha leis an scéim aisíocaíóchta bhíodh ag an Rialtas do tháillí forbartha.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22y38c45 Contact: irishlingos@gmail.com Your browser does not support the audio element. America is asking Ukraine to relinquish the Donbas region. Meiriceá ag iarraidh ar an Úcráin réigiún Donbas a ligean uaithi. Ukrainian President Volodymyr Zelensky has said that he is willing to cooperate with the United States on the peace plan that that country has drafted regarding the war in Ukraine. Tá sé ráite ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go bhfuil sé sásta comhoibriú leis na Stáit Aontaithe maidir leis an bplean síochána atá dréachtaithe ag an tír sin faoin gcogadh san Úcráin. What is needed now, he said, is beneficial work, which must be undertaken honestly and enthusiastically. Obair thairbheach a theastaíonn anois, arsa sé, a gcaithfear tabhairt fúithi go hionraic agus go beo. That's what Zelensky had to say about the American plan, however, he did not give any details and it seems from his measured and concise speech that he is really against it. Sin an méid a bhí le rá ag Zelensky faoi phlean na Meiriceánach, áfach, níor thug sé aon sonraí agus dealraíonn sé ón gcaint thomhaiste ghonta a rinne sé go bhfuil col aige leis i ndáiríre. US Secretary of the Army Dan Driscoll was in Kiev yesterday, where he discussed the plan first with representatives of the Ukrainian Government and then with Zelensky himself. Bhí Rúnaí Arm na Stát Aontaithe Dan Driscoll i gCív inné, áit ar phléigh sé an plean le hionadaithe ó Rialtas na hÚcráine i dtosach agus le Zelensky féin ina dhiaidh sin. A US government spokesman claimed that one of those representatives, Rustem Umerov, accepted the plan after proposing several amendments. Mhaígh urlabhraí ó Rialtas na Stát Aontaithe gur ghlac duine de na hiondaithe sin, Rustem Umerov, gur ghac sé leis an bplean tar éis dó roinnt leasuithe a mholadh. According to the plan, which has not been published but has been seen by the Reuters news agency, Ukraine would cede every inch of the Donbas region in the east of the country to Russia and the number of soldiers in the Ukrainian Army would be halved - in exchange for promises about Ukraine's security. De réir an phlean, nach bhfuil foilsithe ach atá feicthe ag an ngníomhaireacht nuachta Reuters, ghéillfeadh an Úcráin gach orlach de réigiún Donbas in oirthear na tíre don Rúis agus laghdófaí faoina leath an líon saighdiúirí atá in Arm na hÚcráine – é sin mar mhalairt ar ghealltanais faoi shlándáil na hÚcráine. The plan also states that Russia, Ukraine and the European Union would sign a non-aggression treaty; that no soldiers from the North Atlantic Treaty Organization would be sent to Ukraine; and that the number of member states in that organization would not be increased. Deirtear sa phlean freisin go síneodh an Rúis, an Úcráin agus an tAontas Eorpach conradh neamhionsaithe; nach gcuirfí chun na hÚcráine aon saighdiúirí ó Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh; agus nach gcuirfí le líon na mballstát san eagraíocht sin. In addition, the international sanctions imposed on Russia since that country invaded Ukraine in early 2022 would be gradually lifted. Ina cheann sin, chuirfí deireadh de réir a chéile leis na smachtbhannaí idirnáisiúnta atá curtha ar an Rúis ó rinne an tír sin ionradh ar an Úcráin i dtús 2022. Russia would be invited back to participate in the G8 forum of countries and the United States would enter into a wide range of economic agreements with Russia regarding energy, natural resources, infrastructure, artificial intelligence, data centers and rare earth minerals in the Arctic region. Thabharfaí cuireadh don Rúis a bheith rannpháirteach an athuair i bhfóram thíortha an G8 agus dhéanfadh na Stáit Aontaithe raon leathan socruithe eacnamaíochta leis an Rúis maidir le fuinneamh, acmhainní nádúrtha, infreastruchtúr, intleacht shaorga, ionaid bhunachar sonraí agus mianraí tearcithreacha i réigiún an Artaigh. It is not known whether the Americans have discussed the plan with other European countries yet, but yesterday the European Union Foreign Ministers indicated that they were not overly impressed with what they had heard about it. Ní fios ar phléigh na Meiriceánaigh an plean le tíortha eile san Eoraip fós ach inné thug Airí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh le tuiscint nach raibh siad róthógtha lena raibh cloiste acu ina leith. RTÉ News and Current Affairs Cars destroyed after airstrike by Russian military forces on the city of Odesa in southern Ukraine last night Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Gluaisteáin scriosta tar éis ionsaí aeir a rinne fórsaí míleata na Rúise ar chathair Odesa i ndeisceart na hÚcráine aréir
Tá maoiniú bronnta ar an eagraíocht Psy Care Ireland chun an clár NITE a chur i bhfeidhm i gceantair thuaithe, faoin bPlean um Shábháilteacht Tuaithe a d'fhoilsigh an Rialtas i mbliana. Labhair an Dr. Kat Ledden le Aoife Ní Shúilleabháin.
Tá sé iarradh ag ceannairí ar chúig pháirt sa bhfreasúra, agus an Seanadóir Frances Black, ar an Rialtas an Bille na gcríocha gafa a achtú/ Inimirce.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28y74qub Contact: irishlingos@gmail.com Paschal Donohoe resigns from Government, takes up new position. Paschal Donohoe éirithe as an Rialtas, post nua aige. Fine Gael Finance Minister Paschal Donohoe is to step down from his political duties in Ireland after being appointed Managing Director and Chief Information Officer at the World Bank, the second most senior position in that organisation. Tá an tAire Airgeadais Paschal Donohoe ó Fhine Gael le héirí as a chúraimí polaitíochta in Éirinn tar éis dó a bheith ceaptha ina Stiúrthóir Bainistíochta agus ina Phríomhoifigeach Eolais sa Bhanc Domhanda, an dara post is sinsearaí san eagraíocht sin. He has already resigned from his role as Minister for Finance and will step down as a Dáil member later this week. Tá sé éirithe as a chúram mar Aire Airgeadais cheana féin agus éireoidh sé as mar Theachta Dála níos deireanaí an tseachtain seo. It is understood that the Government will appoint a new Minister for Finance this evening. Tuigtear go gceapfaidh an Rialtas Aire Airgeadais nua tráthnóna. Paschal Donohoe is 51 years old and has been an MLA for Dublin Central since 2011. 51 bliain d'aois atá Paschal Donohoe agus tá sé ina Theachta Dála i mBaile Átha Cliath Láir ó 2011. He was appointed Minister of State for European Affairs in 2013 and Minister for Transport, Tourism and Sport the following year. Ceapadh é ina Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha in 2013 agus ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhliain dar gcionn. He was appointed Minister for Public Expenditure and Reform in 2016 and Minister for Finance in 2017. Ceapadh é ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe in 2016 agus ina Aire Airgeadais in 2017. As with its new position, the World Bank's primary responsibility is to provide low-interest loans to developing countries. Mar lena phost nua, is é príomhchúram an Bhainc Dhomhanda iasachtaí ar rátaí ísle úis a chur ar fáil do thíortha atá i mbéal forbartha. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Dúirt an Teachta Dála ó Pháirtí Cúitimh 100%, Charles Ward, nár éist an Rialtas le tuairimí na ndaoine a bhfuil brící lochtacha ina dtithe, agus leasú a dhéanamh ar Bhille Blocanna Coincréide Lochtacha 2025 agus tá Denis linn inniu le seo a phlé.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cgsvjuf Contact: irishlingos@gmail.com 88% increase in the number of Airbnb homes in the Gaeltacht since 2019. Ardú 88 faoin gcéad ar líon na dtithe Airbnb sa Ghaeltacht ó 2019. The number of homes available on Airbnb in the Gaeltacht has increased by 88% since 2019, according to new figures published by Conradh na Gaeilge and the tenants' association CATU. Tá ardú 88 faoin gcéad tagtha ó 2019 ar líon na dtithe atá ar fáil ar Airbnb sa Ghaeltacht, de réir figiúirí nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge agus ag an gcumann tionóntaí CATU. That's a 40% increase more than the national increase. Sin ardú 40 faoin gcéad níos mó ná an t-ardú náisiúnta. In the West Kerry and South Kerry Language Planning Areas, for example, more than 16% of all private properties in both places are homes available on Airbnb, according to the figures. I Limistéir Phleanála Teanga Chiarraí Thiar agus Chiarraí Theas, cuir i gcás, is tithe atá ar fáil ar Airbnb iad níos mó ná 16 faoin gcéad de na háitribh phríobháideacha ar fad sa dá áit, de réir na bhfigiúirí. In the Islands District of Connemara, there were nine homes available on Airbnb in 2019 compared to 27 in 2025, an increase of 200%. I gCeantar na nOileán i gConamara, bhí naoi dteach ar fáil ar Airbnb in 2019 le hais 27 in 2025, ar méadú de 200 faoin gcéad é sin. In Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire and Lough an Uír in Co Donegal, there were 66 homes available on Airbnb in 2019 compared to 139 this year, an increase of 110%. I nGaoth Dobhair, i Rann na Feirste, in Anagaire agus i Loch an Iúir i gCo Dhún na nGall, bhí 66 teach ar fáil ar Airbnb in 2019 le hais 139 i mbliana, ar méadú de 110 faoin gcéad é. Róisín Ní Chinnéide, Advocacy Manager for Conradh na Gaeilge, said that the figures show that "the Gaeltacht is being strangled by Airbnb's tight grip" and criticized the Government for turning everyone's fundamental right to have a place to live into a commodity. Dúirt Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge go léiríonn na figiúirí "go bhfuil an Ghaeltacht á tachtadh ag greim docht Airbnb" agus cháin sí an Rialtas as an mbuncheart atá ag gach duine áit chónaithe a bheith acu a iompú ina earra. Paul D'Eath from CATU called for legislation to be introduced to tackle the problem. D'iarr Paul D'Eath ó CATU reachtaíocht a thabhairt isteach le dul i ngleic leis an bhfadhb. The figures were compiled by the action group Inside Airbnb on behalf of Conradh na Gaeilge and CATU. Is iad lucht an ghrúpa gnímh Inside Airbnb a chuir na figiúirí i dtoll a chéile ar son Chonradh na Gaeilge agus CATU. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Celebrating our Language, Arts and CultureComhghairdeas to all of those who helped make Oireachtas na Samhna the huge success it was. Thousands of Irish language speakers from across the island of Ireland spent part of last week enjoying the music, dance, culture, arts, craic and discussions that are part of the oldest Irish language and arts event on the island of Ireland. The Waterfront Hall and other venues were filled with the very young to the not so young Gaels, all actively and enthusiastically enjoying the enormous diversity of Oireachtas na Samhna. Many took part in competitions, including sean-nós singing, sean-nós step dancing and lúibíní (poetic verses).A special well done to Máirín Nic Dhonnchadha and the leadership team which ensured the smooth running of an amazing and ambitious occasion. The presence of President Elect Catherine Connolly, due to be sworn in as Uachtarán na hÉireann next week was a special bonus. The Oireachtas was her first visit North following the presidential election. So too did the presence of Pól Deeds, the new Irish Language Commissioner, who along with Lee Reynolds the Ulster Scots Commissioner, will take up their posts next week.This is another important step forward. The Irish Language Commissioner will play an important role in enhancing the opportunities for the growth of the Irish Language.Ról na nGael i dTógáil Éire NuaCeann de na himeachtaí ag Oireachtas na Samhna eagraíodh é ag Coimisiún Shinn Féin ar Thodhchaí na hÉireann. Scrúdaigh sé go sonrach ról na nGaelgóirí i dtreo aontú na hÉireann.Cuir Tomás Ó Néill fáilte roimh an tionál ar son Shinn Fein mBeal Feirste. D'oscail Aisling Reilly MLA, duine den ghlúin úr seo sa chathair, an imeacht agus labhair sí ar na deiseanna romhainn fríd Aontacht – “deis fháis, deis cheangail agus deis ar rathúlachta chomhchoitinn”.Dúirt Aisling gur mór an seans go mbeadh ann don Reifreann le linn Uachtaránacht Catherine Connolly agus go bhfuil muidne, muintir na hÉireann i bhfad chun tosaigh ar an Rialtas. Lá i ndiaidh lae, tá níos mó daoine, eagraíochtaí agus grúpaí a rá go bhfuil dualgas ar an Rialtas i mBaile Átha Cliath tabhairt fán phleanáil agus ullmhúchán do reifreann agus d'athaontú na tíre.The Olive is never just a TreeThe number of people killed by Israel's genocidal war on the Palestinian people of the Gaza Strip has passed 68,000, with a further 10,000 at least still buried under the rubble. Over 150,000 have been wounded, many of them permanently disabled. The most recent figures on Israeli actions in Gaza reveal that the so-called ceasefire that began on 10 October is far from that. So far Israeli forces have violated the ceasefire on 194 occasions, including 55 shootings and 55 shellings. Other attacks have occurred since then. At least 226 people, including 97 children have been killed. What price the ceasefire?Last week, the Israeli government allowed some heavy machinery in to help in the search for dead Israeli captives. They continue to ban heavy equipment for the retrieval of Palestinian victims.Under the agreement agreed between the USA, Qatar, Egypt and Turkey humanitarian aid should now be flowing into the Gaza Strip. However, instead of the 600 trucks cleared to enter Gaza each day less than a quarter of this number are currently being allowed in. Critically trucks carrying frozen meat, eggs and livestock are still blocked.
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 30ú lá de mí Mheán Fómhair, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1988 tháinig an bord VHI amach gur chaill siad timpeall 17 milliúin punt ina chuntas nua. I 2005 d'éiligh mac de Dolores McNamara ó Luimneach, a bhuaigh a lán airgead sa Lotto mar go raibh plota ann chun é a fuadaigh. I 2001 tháinig Bill Dwan amach ag rá go raibh sé sásta go raibh an Rialtas chun costas a chuir ar málaí plaisteach. Bhí an tobhach chun a bheith ann in ollmhargadh, siopaí, stáisiún peitril agus siopaí éadaí. Bhí na miondíoltóir faoi dhlí agus caithfidh siad an méid ceart a thógáil ó na custaiméirí. I 2012 chuir na Gardaí cúpla óg chuig an phríosún san Aonach Urmhumhan de bharr gur chuir siad taobh istigh de charr a ghoid siad isteach chuig a carr féin. Bhí an taobh istigh is fiú níos mó ná 11 míle euro agus fuair siad an carr agus an steiréó leis an chostas de míle euro, I Carraig Rua. Sin The Hollies le He Ain't Heavy He's My Brother – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1988. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1978 fuair John Travolta agus Olivia Newton-John a dara huimhir a haon sa Bhreatain lena hamhrán Summer Nights ón scannán Grease. I 1995 fuair an bhanna cheol Simply Red a chéad uimhir a haon sa Bhreatain lena hamhrán Fairground. D'fhan sé sna cairteacha ar feadh ceithre seachtaine. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh aisteoir Kieran Culkin I Meiriceá I 1982 agus rugadh aisteoir stáitse Christopher Jackson I Meiriceá ar an lá seo I 1975 agus seo chuid de amhrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo. Welcome back to another edition of Ar An Lá Seo on the 30th of September, with me Lauren Ní Loingsigh 1988: The VHI board announced a massive loss of 17 millions pounds in its latest accounts 2005: A son of €115 jackpot winnner Doloress McNamara fled limerick following reports of a plot to kidnapp him 2001 - Progressive Democrats candidate in Tipperary North, Bill Dwan, welcomed the Government announcement that the environment levy on plastic shopping bags will be introduced. The levy would apply at the point of sale in supermarkets, shops, service stations, and all sales outlets. Retailers will be obliged under law to pass on the full amount of the levy as a charge to customers at the check-out. 2012 - A YOUNG couple who put a stolen car interior into their" own vehicle were each jailed by Nenagh Court. The original leather interior was worth €11,503 and was found in a car at Carrig Rua along with a stolen car stereo worth €1,000. That was The Hollies with He Ain't Heavy He's My Brother – the biggest song on this day in 1988 Onto music news on this day In 1978 John Travolta and Olivia Newton-John had their second UK No.1 from the film 'Grease' with 'Summer Nights.' 1995 Simply Red scored their first UK No.1 single when 'Fairground' started a four-week run at the top of the charts. It was their 15th UK Top 40 hit. And finally celebrity birthdays on this day – actor Kieran Culkin was born in America in 1982 and stage actor Christopher Jackson was born in America on this day in 1975 and this is one of his songs. I'll be back with you tomorrow with another edition of Ar An Lá Seo.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gwyneth Nic Aidicín-Ní Loingsigh.Tá dóchas ann go mbeidh sos cogaidh buan in Gaza, tar éis vótáil ag an rialtas Iosraelach Dé hAoine chun beart sos cogaidh le Hamas a dhaingniú. Léiríonn an comhaontú céim a haon as plean fiche céim ó rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá chun deireadh a chur le cogadh Iosrael ar Gaza, a mharaigh breis is 67,000 Palaistíneach go dtí an pointe seo. Tá sonraí an bhirt iomláin fós doiléir agus deirtear go bhfuil easaontú mór idir Iosrael agus Hamas maidir leis an bplean tar éis dheireadh an chogaidh. Is iad eochairphointí céadchéim an bhirt ná tarraingt siar feadhna Iosrael go “pointe aontaithe”, cead isteach do 600 trucail cúnaimh gach lá, agus saoradh na ngiall agus na bpriosúnach ón dá thaobh. Thosaigh feadhna Iosrael ag tarraingt siar maidin Dé hAoine ach lean ionsaithe ar shibhialtaigh i rith na maidine, rud a chruthaigh éiginnteacht faoin mbeart.Tharraing Jim Gavin amach as an bhfeachtas uachtaránachta an deireadh seachtaine seo caite, toradh náireach d'Fhianna Fáil, agus anois tá coimhlint laistigh den pháirtí. Fógraíodh an nuacht tar éis conspóid a tháinig chun cinn sna laethanta roimhe, maidir le iarthionónta Gavin. D'íoc an tionónta €3,300 sa bhreis chuige, mar thoradh ar thimpiste bainc, 16 bliain ó shin, agus níor thug Gavin aisíocaíocht dó. Tar éis díospóireacht uachtaránachta inar ceistíodh Gavin faoin gconspóid, b'é tuairim sciar mór den phobal nach raibh sé ullamh don díospóireacht ná do ról an Uachtaráin fiú. Anois, agus beirt fágtha sa rás, tá an teannas ag ardú. Léiríonn torthaí na bpobalbhreitheanna is déanaí gurb í Catherine Connolly rogha na coitiantachta agus bearna mhór idir í agus Heather Humphreys, ach níl figiúirí cruinne ar fáil ó d'éirigh Jim Gavin as. Tarlóidh an toghchán ar an 24 de mhí Dheireadh Fómhair.In Éirinn, foilsíodh Búiséad 2026 le linn na seachtaine. Tá an Rialtas ag rá go bhfuil an plean nua ar son fheabhsú an gheilleagair ach tá cáineadh ón bhfreasúra, agus ó chuid mhór den phobal, a deir nach dtuigeann an rialtas cad atá ar siúl sa tír, gan aon chabhair don ghnáthdhuine sa phlean. Tá an laghdú cánach is mó ar fáil le haghaidh forbróirí, gan athrú ar bith ar an gcáin ioncaim. Gearradh an CBL don earnáil fáilteachais ó 13.5% go dtí 9%. Is bua é seo le haghaidh roinnt tithe tabhairne agus bialanna neamhspleácha. ach deirtear gurb iad na comhlachtaí móra na fíorbhuaiteoirí. Tá árdú 65c le teacht ar an íosphá, roinnt ardaithe ar íocaíochtaí leasa sóisialta, agus leanfaidh an creidmheas cánach cíosa, ach ní go leor le dul i ngleic leis an gcostas maireachtála. Tá an Bunioncam do na hEalaíona le bheith buan, tar éis triail ráthúil. Deir an Rialtas go bhfuil €36 milliún sa bhreis ag dul chuig an nGaeltacht agus chuig an nGaeilge ach deir an freasúra go bhfuil bréag i gceist, agus go bhfuil siad ag athfhógairt airgead a bhí leithdháilte cheana féin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsos cogaidh buan - permanent ceasefireconspóid - controversyrogha na coitiantachta - the favourite (to win)CBL don earnáil fáilteachais - VAT for the hospitality sectorcostas maireachtála - cost of livingíosphá - minimim wage
An líon talún atá ar fáil ag an Rialtas áitiúil i gContae na Gaillimhe gur féidir forbairt a dhéanamh air.
Dhearbhaigh an Rialtas i bhfreagra ar cheist pharlaiminte ón Teachta Ó Dochartaigh go bhfuil ceithre eagraíocht i nDún na nGall a chuireann seirbhísí a chur ar fáil do pháistí faoi mhíchumas go fóill ag fanacht ar mhaoiniú de €3.6 milliún ó fógraíodh an maoiniú dhá mhí is fiche ó shin.
Ar an gclár seo, bhí Bainisteoir an tionscnaimh Céad Míle Fáilte, Connlaith Ní Raifeartaigh linn le labhairt faoin maoiniú €468,000 ón Rialtas don tionscnamh a fógraíodh don tréimhse 2026 agus 2027. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh le Trish Coen maidir le Feachtas Inis Oírr don Phalaistín agus gníomhaíocht an ghrúpa go dtí seo.
Tá maoiniú ceadaithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta do Chlár Wild Atlantic Nature le bainistíocht tírdhreacha a chur ar bun i gceantar talaimh na hEaragaile.
Tá foláireamh eisithe ag Comhairle Comhairleach Fioscach na hÉireann ó thaobh an bhealach go bhfuil an Rialtas ag tabhairt faoi Bhuiséad na bliana s'chugainn a phleanáil.
Tá tuilleadh cruinnithe le bheith ag na páirtithe polaitíochta an tseachtain seo agus chomh maith leis sin beidh an chéad Rialtas áitiúil sa tír - sin i gCiarraí ag teacht le chéile inniu agus iad ag éisteacht le hiarrthóirí atá ag lorg ainmniúcháin do thoghchán na huachtaránachta.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2doh2trn Contact: irishlingos@gmail.com 16 people killed in train crash in Lisbon. 16 duine maraithe i dtubaiste traenach i Liospóin. At least sixteen people were killed when a cable car train derailed in the Portuguese capital, Lisbon, yesterday evening. Maraíodh sé dhuine dhéag ar a laghad nuair a d'imigh traein cháblach de na ráillí i bpríomhchathair na Portaingéile, Liospóin, tráthnóna inné. 21 other people were injured in the disaster. Gortaíodh 21 duine eile sa tubaiste. There were foreigners among the dead but it is not yet clear where they came from. Bhí eachtrannaigh i measc na marbh ach ní sé ráite fós cárbh as iad. Lisbon is a hilly city and tourists mostly use the light rail to explore its steeper areas. Cathair chnocach is ea Liospóin agus is turasóirí is mó a bhaineann leas as an iarnród sráide le sciuird a thabhairt ar na ceantair is crochta inti. The train was coming down from the top when it lost control and continued at full speed until it hit a building turning into the street. Ag teacht anuas ón ard a bhí an traein nuair a d'imigh sí ó smacht agus lean ar aghaidh faoin lán siúil nó gur bhuail sí foirgneamh ag casadh sa tsráid. It is believed that the train went out of control when the cable it was pulling broke. Meastar gur imigh an traein ó smacht nuair a bhris an cábla a bhí á tarraingt. The Portuguese Government has declared a national day of mourning in honour of the dead today. Tá lá náisiúnta dóbróin in ómós do na mairbh fógartha inniu ag Rialtas na Portaingéile. Tánaiste Simon Harris said that the Irish Embassy in Lisbon is ready to provide assistance if needed. Dúirt an Tánaiste Simon Harris go bhfuil Ambasáid na hÉireann i Liospóin réidh le cabhair a thabairt má theastaíonn sí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá is fiche de mhí iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Fuair an t-amhránaí rac-cheoil Ozzy Osbourne bás Dé Máirt an tseachtain seo, agus é 76 bhliain d'aois. As Birmingham ó dhúchas, tá sé curtha síos dá bhanna ceoil Black Sabbath gurb iadsan a chruthaigh an seánra miotal trom, a bhuíochas le hamhráin ar nós Iron Man agus Paranoid. Níos lú ná trí seachtaine ó shin, rinne Osbourne, a thug an t-ainm “Prince of Darkness” air féin, ceolchoirm dheireanach le slán a fhágáil ina bhaile dúchais, agus cuid mhaith de na ceoltóirí a spreag sé féin ar an ardán leis, Metallica agus Guns n' Roses ina measc. I ráiteas, dúirt a theaghlach: "Is le níos mó bróin ná mar is féidir le focail a chur in iúl go gcaithfimid a thuairisciú gur bhásaigh ár n-Ozzy Osbourne grámhar ar maidin. Bhí sé lena theaghlach." Níor shonraigh siad cúis bháis, ach bhí sraith fadhbanna sláinte ag an réalta agus diagnóisíodh go raibh galar Parkinson air in 2019. Dheimhnigh urlabhraí thar ceann an teaghlaigh gur bhásaigh Osbourne sa Ríocht Aontaithe.Tá cáineadh géar déanta ar an Rialtas as gan aon tagairt in aon chor a dhéanamh d'infheistíocht sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht san athbhreithniú ar an Phlean Forbartha Náisiúnta a foilsíodh inné. Tá táblaí sa phlean ina ndéantar briseadh síos ar €102.4 billiún den airgead atá geallta a dháileadh ar na ranna rialtais éagsúla ach níl an Ghaeltacht luaite fiú i dteideal na Roinne a bhfuil an cúram sin uirthi. An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail atá déanta den Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta sa phlean. An t-aon áit a bhfuil an focal Gaeltacht luaite sa phlean nua ná i bhfonóta faoi aistriú cumhachtaí ranna éagsúla i ndiaidh an toghcháin dheireanaigh. Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur údar náire a bhí san "easpa measa” a léirítear don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa phlean, a foilsíodh i mBéarla amháin. “Beimid ag obair linn idir seo agus an Buiséad lena chinntiú go bhfaigheann an teanga an sciar atá ag dul di agus go gcuirfear mar shampla maoiniú ceart ar leataobh do thithíocht sa Ghaeltacht,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.Maraíodh bean ina 40idí agus beirt pháistí, buachaill agus cailín, i lámhach i gContae Fhear Manach Dé Céadaoin. Ba iad máthair agus a beirt pháistí íospartaigh an ionsaithe gunna i nDroichead Mhig Uidhir. Tá fear - atá ina bhall den teaghlach céanna - á chóireáil fá choinne gortuithe tromchúiseacha in Ospidéal Ríoga Victoria i mBéal Feirste. Dúirt ceannasaí póilíní an cheantair le tuairisceoirí go raibh an t-imscrúdú ag céim luath, ach go mbeadh amhras faoi dhúnmharú triarach agus iarracht féinmharaithe "ina líne fiosrúcháin amháin". Dúirt an Ceannfort Robert McGowan ag preasagallamh go bhfuil tús curtha ag Seirbhís Póilíní Thuaisceart Éireann (PSNI) le himscrúdú dúnmharaithe agus go bhfuil siad "ag obair go gasta" chun na himthosca a chinneadh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmiotal trom - heavy metalcúis bháis - cause of deathPlean Forbartha Náisiúnta - National Development Planeaspa measa - lack of respectlámhach - shootingna himthosca - the circumstances
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words : Contact: irishlingos@gmail.com €112 billion to be invested in the State's infrastructure between 2026-2030. €112 billiún le hinfheistiú i mbonneagar an Stáit idir 2026-2030. The Government has published a revised version of the National Development Plan. Tá athleagan den Phlean Forbartha Náisiúnta foilsithe ag an Rialtas. According to the plan, €112 billion will be invested in major infrastructure projects in the State between 2026 and 2030. De réir an phlean, infheisteofar €112 billiún i mórthograí bonneagair sa Stát idir 2026 agus 2030. Housing, transport, energy and water are the infrastructure sectors that are in focus. Tithíocht, iompar, fuinneamh agus uisce na hearnálacha den bhonneagar atá i dtreis. It is said that €30 billion of the €112 billion will come from the money the State received in taxes from the Apple company – an unexpected fund – and from the money received from the sale of the State's shares in the AIB bank. Deirtear go dtiocfaidh €30 billiún den €112 billiún ón airgead a fuair an Stát i gcáin ón gcomhlacht Apple – ciste nach raibh coinne leis – agus ón airgead a fuarthas ó scaireanna an Stáit i mbanc an AIB a dhíol. The rest of the money is new funding. Maoiniú úr atá sa chuid eile den airgead. The housing sector will be given priority in the plan. Is don earnáil tithíochta a thabharfar tús áite sa phlean. €36 billion will be invested in this sector, not including connecting homes to a water supply. €36 billiún a infheisteofar san earnáil sin, gan tithe a nascadh le soláthar úisce a chur san áireamh. €24 billion will be invested in the transport sector, of which €2 billion will be provided for the Dublin Metro. €24 billiún a infheisteofar san earnáil iompair agus cuirfear €2 bhilliún den mhéid sin ar fáil do Mheitreo Bhaile Átha Cliath. €3.5 billion will be set aside for electricity services and this money will be paid to the Electricity Supply Board and Eirgrid. €3.5 billiún a chuirfear i leataobh le haghaidh seirbhísí leictreachais agus is le Bord Soláthair an Leictreachais agus le Eirgrid a íocfar an t-airgead sin. €4.5 billion is to be made available to Irish Water, approximately half to provide water to an additional 300,000 homes and the other half for other major projects. Tá €4.5 billiún le cur ar fáil d'Uisce Éireann, tuairim is a leath chun uisce a sholáthar do 300,000 áras cónaithe breise agus an leath eile le haghaidh mórthograí eile. Announcing the plan in Government House, Taoiseach Micheál Martin said it was the largest investment ever made in the State's infrastructure. Agus an plean á fhógairt aige i dTithe an Rialtais, dúirt an Taoiseach Micheál Martin gurb é an infheistíocht is mó a rinneadh riamh i mbonneagar an Stáit é. Housing is more important than any other aspect of the plan and the private sector must be involved if this major issue is to be resolved, he said. Is tábhachtaí tithíocht ná aon ghné eile den phlean agus caithfidh an earnáil phríobháideach a bheith rannpháirteach ann má táthar leis an gceist mhór sin a réiteach, arsa sé. The opposition has cast doubt on what the Government announced today, however. Tá amhras caite ag an bhfreasúra ar ar fhógair an Rialtas inniu, áfach. Sinn Féin, the Labour Party and the Social Democrats all claimed that the development plan lacked much detail, particularly in terms of housing. Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaithe Sóisialta, mhaígh siad ar fad nach raibh mórán mionsonraí sa phlean forbartha, go háirithe ó thaobh cúrsaí tithíochta de. The Construction Industry Federation, which has been a vocal voice on the issue, said it was disappointed that no specific major construction projects were announced in the plan and that no deadlines were set for what is planned. Dúirt Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta, a bhfuil guthaíocht mhór acu ar an gceist,
Ba cheart go mbeadh comhoibriú níos mó agus níos fearr idir an dá Rialtas ó thuaidh agus ó dheas i dtaca faoi chúrsaí sláinte , a dúirt an Comhairleor Condae Albert Doherty.
Seolfaidh an Rialtas an Plean Forbartha Náisiúnta nua inniu, ina leagfar amach conas a chaithfear ós cionn €100 billiún ar thionscnaimh tithíochta, fuinnimh, uisce, agus iompair idir 2026 agus 2030.
Chas lucht óstáin ó gach cearn den tír le Teachtaí Dála agus Seanadóirí i mBaile Átha Cliath inné, ag iarraidh ar an Rialtas dul i ngleic leis na costais ghnó a deir siad atá ag dul i méid agus ag cur brú ar an aernáil fháilteachais agus turasóireachta.
Cás cúirte tógtha ag an dTeachta Dála i gcoinne an cheapacháin triúr Airí Sárshóisearacha sa Rialtas.
Feachtas le seoladh ag Trócaire ar maidin ag impí ar an Rialtas deire a chuir le úsáid breosla cosúil le ola, gual, adhmaid agus móin.
Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 29ú lá de mí Bealtaine, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1971 dúradh go mbeadh stailc ann de 400 oibreoirí ESB agus dá mbeidís chun an stailc a dhéanamh go mbeadh 140 míle custaiméirí chun a leictreachas a chailleadh. I 1987 bhí ráflaí ann go mbeadh laghdú sa phraghas I bpeitreal agus bhí an Rialtas na hEorpa ag labhairt faoi. I 1987 tháinig an nuacht amach go mbeadh an t-aonad máithreachais chun dúnadh I Cahercalla de bharr gearradh siar. I 1998 tháinig an nuacht amach go bhfuair timpeall 8,500 feirmeoirí ón chontae timpeall 50 milliúin punt I maoiniú ó coimisiúin na hEorpa chun cúiteamh do gach rud a chaill siad faoin pholaisí talmhaíochta. Sin The Tamperer agus Maya le Feel It – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1998. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1992 bhí daoine buartha go raibh páistí sa Sacred Heart I New Jersey ag aitheantais mar Freddie Mercury, rinne siad an cinneadh gan We Are The Champions ó Queen a canadh ag an searmanas bronnta. I 2002 nocht siad mósáic sa mhúsaem The Beatles Story a bhí 16 troigh a bhí dearadh ag John Lennon. Bhí an mósáic pháirteach de linn snámha John Lennon ina dteach I Surrey nuair a bhí sé ina chónaí ann ó 1964 go dtí 1968. Agus ar deireadh breithlá daoine cáiliúla ar an lá seo rugadh amhránaí Noel Gallagher sa Bhreatain I 1967 agus rugadh amhránaí Mel B sa Bhreatain ar an lá seo I 1975 agus seo chuid de amhrán. Beidh mé ar ais libh amárach le heagrán nua de Ar An Lá Seo. Welcome back to another edition of Ar An Lá Seo on the 29th of May, with me Lauren Ní Loingsigh 1971: strike action by 400 esb engineers a tactic that wouldve left 140,000 consumers without power supplies had been deferred. 1987: a strong hint of a drop in petrol prices currently amongst the highest in europe was given by the government last night. 1987: maternity unit closure in cahercalla agreed in new health cutback deal. 1998: last year about 8,500 clare farmers recieved an estimated £50 million in grants and subsidies from the european commission to compensate for losses under the common agricultural policy. That was The Tamperer with Feel It – the biggest song on this day in 1998 Onto music news on this day In 1992 Concerned that some pupils were overly identifying with Freddie Mercury, the sacred heart School in Clifton New Jersey decided not to sing the Queen song 'We Are The Champions', at their Graduation Ceremony. 2002 A 16ft by 6ft mosaic designed by John Lennon went on display at The Beatles Story museum in Liverpool. The mosaic had been built into Lennon's swimming pool at his Kenwood home in Surrey where he lived between 1964 and 1968. And finally celebrity birthdays on this day – singer Noel Gallagher was born in the UK in 1967 and singer Mel B was born in The UK on this day in 1975 and this is one of her songs. I'll be back with you tomorrow with another edition of Ar An Lá Seo.
Tá an reachtaíocht chun deireadh a chur leis an nglas triarach foilsithe ag an Rialtas.
Thug an tAire Stáit Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta le cúramaí speisialta don Nádúr, Oidhreacht agus Bithéagsúlacht, Christopher O' Sullivan cuairt ar Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha inné.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le cúlú eacnamaíochta chomh maith. Bhí an chuma orthu go raibh an ceart acu Dé Céadaoin nuair a chuir Trump taraifí móra ar an tSín agus ansan nuair a d'fhreagraíodar le taraif bhreise de 84%. Bhí imní ann go leanfadh an cion sa chion so ar aghaidh ar feadh tamall eile ach ansan d'athraigh Trump a mheon agus chuir sé briseadh 90 lá ar na taraifí ar bheagnach gach tír seachas an tSín. Tháinig borradh faoi na stocmhargaí an lá dár gcionn mar gheall ar an athrú intinne so. Le linn an ruaille buaille go léir, chuaigh an Tánaiste Simon Harris go Washington Dé Céadaoin chun cruinniú a fháil le hoifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe. Is léir go bhfuil Rialtas na hÉireann buartha faoi luaineacht Trump agus go háirithe a gheallúint go gcuirfeadh sé taraifí ar tháirgí cógaisíochta chun comhlachtaí a mhealladh thar n-ais go Meiriceá. Dá bhfágfadh na comhlachtaí san an tír, chaillfeadh Éire sciar maith dá cuid cáin chorparáide, chomh maith leis na mílte post.Cé go raibh aimsir bhreá thirim in Éirinn an tseachtain seo, bhí fadhbanna le tinte portaigh i gcúpla ceantar chomh maith. Bhí scrios déanta ar an gCnoc Colbha agus ar an mBearnas Mór i nDún na nGall nuair a thosnaigh loscadh tráthnóna Dé Domhnaigh. Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall cúig aonad dóiteáin agus héileacaptar amach chun dul i ngleic leis an loscadh. Bhí loscadh sléibhe sna Beanna Boirche i gContae an Dúin an tseachtain seo chomh maith agus bhí níos mó ná 75 coimhraiceoir dóiteáin ag tabhairt faoi na tinte. Meastar gur coirloscadh atá i gceist. Tá amhras ann gur coirloscadh is cúis leis an ndamáiste a bhí déanta ar an gcosán siúlóide sa pháirc náisiúnta i Maigh Eo freisin. Cuireadh drochbhail ar an siúlbhealach le linn na hoíche ag an deireadh seachtaine agus dúirt an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go bhfuil siad croíbhriste mar gheall air. Tá fiosrú ar bun anois chun fáil amach conas – nó cé – a thosnaigh an loscadh.Chuaigh buíon mac léinn ó Ollscoil na Banríona i mBéal Féirste i mbun agóide an tseachtain seo mar gheall ar an easpa comharthaí dátheangacha ar an gcampas. D'eagraigh an Cumann Gaelach an agóid agus fuaireadar breis is 1,000 síniú ó mhic léinn ag tacú leis an bhfeachtas, ‘éacht a léiríonn an tacaíocht agus an tsuim atá ag pobal na hollscoile sa Ghaeilge', de réir Uachtarán an Chumann Ghaelaigh Anna Nic Gafraidh. Bhíodh comharthaí dátheangacha san fhoirgneamh aontas mac léinn ach baineadh anuas iad in 1997. Tá an grúpa “Aontachtaithe Óga” i gcoinne na gcomharthaí dátheangacha agus iad ag maíomh go gcosnóidís an iomarca agus go gcruthóidís atmaisféar doicheallach. Ach dúirt Eoghan Ó Conghaile ón gCumann Gaelach go léiríonn an stair go bhfuil an Ghaeilge do chách; mar shampla, ba Phrotastúnach, William Mac Arthur, a bhunaigh an Cumann Gaelach san ollscoil níos mó ná céad bliain ó shin. Dúirt urlabhraí ón ollscoil go rabhadar sásta an cheist seo a phlé leis an gCumann agus go bhfuil dul chun cinn déanta cheana féin i leith na Gaeilge san ollscoil. Mar shampla, tá scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn anois agus Oifigeach Tacaíochta Gaeilge freisin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScion sa chion - tit-for-tatborradh - boom, growthcoirloscadh - arsoncoimhraiceoir dóiteáin - firefightercomharthaí dátheangacha - bilingual signsdoicheallach - unwelcoming
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tá staid éígeandála i bhfeidhm i Maenmar tar éís crith talún a tharla Dé hAoine. Ceaptar go bhfuil na céadta daoine básaithe ach níl uimhir chruinn ar fáíl is a leanann oibríocht tarrtháile. Tharla dhá chrith tar éis a chéile agus tá eagla ar dhaoine go mbeadh iarchreathanna le teacht. Bhí eipealár an chreatha talún i ngar do na cathracha Sagaing agus Mandalay, braitheadh na creathanna ar fud na tíre agus chomh fada leis an tSín agus an Téalainn. Thit foirgneamh neamh-críochnaithe in Bangkok agus tá 81 oibrí ar iarraidh ann. Tá teannas polaitiúil i Maenmar ó tharla coup in 2021, tá smacht ag an rialtas ar na meáin agus an idirlíon sa tír agus tá sé deacair eolas a fháil mar thoradh air sin.Tá focal Gaeilge agus roinnt focail ó Béarla na hÉireann i measc na bhfocal nua in uasdátú an fhoclóra cháiliúil an Oxford English Dictionary i mbliana. Tá an focal “ludraman” - litriú Béarla den fhocal liúdramán, le fáil san uasdátú, an míniú atá tugtha air ná “a lazy, unproductive, or stupid person (esp. a man)". Tá samplaí úsáide den fhocal luaite ón úrscéal Ulysses agus roinnt sean-nuachtáin. Tá an focal ar fáil i bhfoclóir Gaeilge le fada anois ach i bhfoclóir agus úsáid nua-aimseartha tá an míniú "amadán" i bhfad níos coitianta ná "leisceoir". I measc na bhfocal a n-airítear ó Béarla na hÉireann tá “blaa”, “class”, “debs”, “mineral”, “morto”, “spice bag” agus “acting the maggot”.Tá imní ar an Rialtas agus eacnamaithe Éireannacha faoi tháillí atá fógartha ag Donald Trump ar tháirgí cogaisíochta, agus an tionchar a mbeadh acu ar thionscal agus ar gheilleagar na hÉireann. Ní bheidh sonraí cinnte ar fáil go dtí an 2ú Aibreán ach dúirt Trump cheana go mbeidh táillí de 25% ar dhrugaí ag teacht isteach i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Déanann Éire easportú de luach 72 billiún Euro go Meiriceá agus baineann táirgí cogaisíochta le 58 billiún Euro den mhéid sin. Tá cáin chorparáide an-íseal in Éirinn, ag 15%, a mhealann comhlachtaí domhanda móra isteach. Is pointe conspóide é an Cháin Chorporáide íseal ach deir an ESRI go bhfuil ról tábhachtach ag an ioncam ón gcáin sin san Airgeadas Poiblí agus go mbeidh torthaí dona ann má chailltear é.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISstaid éigeandála - state of emergencyoibríocht tarrtháile - rescue operationiarchreathanna - aftershocksleisceoir - lazy persontáirgí cogaisíochta - pharmaceutical productscáin chorparáide - corporation tax
Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil píopaí uisce a réabadh lá i ndiaidh lae in Iarthar Dhún na nGall mar nach bhfuil an infheistíocht cheart a dhéanamh ag an Rialtas sa chóras uisce.
Tá sé curtha I leith an DUP go bhfuil siad ag stopadh an chórais a thugann deis do Rialtas na hÉireann breis maoinithe a chuir ar fáil do Fhoras na Gaeilge.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Aoife Ní Bhraoin. Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn inné. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 135km/h agus séideán amháin de 183km/h go luath maidin Dé hAoine. Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme. Ar cheann de na stoirmeacha ba mheasa a bhuail Éire ó tharla Oíche na Gaoithe Móire sa bhliain 1839, d'fhág Stoirm Éowyn na mílte gan leictreachas, go háirithe ar an gcósta thiar. Scriosadh an "Air Dome" de chuid Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht agus rinneadh a lán damáiste eile timpeall na tíre. Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach faoi dheireadh Déardaoin tar éis cúpla lá d'argóintí agus an Dáil ina cíor thuathail. Tharla na fadhbanna nuair a fógraíodh go gcuirfí an Dáil ar fionraí go ceann coicíse agus nuair a tugadh am cainte an Fhreasúra do ghrúpa Teachtaí Dála atá ag tacú leis an Rialtas. Bhí ar an Ceann Comhairle nua, Verona Murphy, imeachtaí a chur ar fionraí roinnt uaireanta ach ar deireadh toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach. Cáineadh an chomh-aireacht nua a ceapadh freisin, ós rud é nach bhfuil ach triúr ban ann as cúig Aire dhéag, agus gur as Baile Átha Cliath nó Cúige Laighin tromlach mór díobh, gan ach duine amháin, Dara Calleary as Cúige Chonnacht agus duine ar bith as Cúige Uladh. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinneadh Donald Trump a insealbhú ina Uachtarán Dé Luain. Ba é an chéad uair a tharla an searmanas oirnithe taobh istigh ó bhí 1985 ann, mar gheall ar dhrochaimsir, de réir Trump féin. D'fhógair sé "tús ré órga" don tír ina óráid agus shínigh sé sraith orduithe feidhmiúcháin láithreach. I measc na n-orduithe bhí bearta chun Meiriceá a thógáil amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun saoránacht uathoibríoch a bhaint de leanaí a bheirtear i Meiriceá, chun na logainmneacha Murascaill Mheicsiceo agus Denali a athrú go Murascaill Mheiriceá agus Sliabh McKinley agus chun pardún a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach san ionsaí ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021. Cuireadh i gcoinne na horduithe seo, agus breitheamh feidearálach amháin ag rá nach dtagann siad le Bunreacht Mheiriceá. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS meánluas - average speed séideán - gust cíor thuathail - chaos cuir ar fionraí - suspend searmanas oirnithe - inauguration ceremony orduithe feidhmiúcháin - executive orders
An scéal is déanaí ó thaobh Rialtas nua a chur i dtoll a chéile.
Tosóidh na comhchainteanna idir Fianna Fáil, Fine Gael, Teachtaí Neamhspleacha inniu le Rialtas nua a chuir I dtoll a chéile.
Le linn cruinniú Rialtais áitiúil I nGaillimh an tseachtain seo dúradh go raibh an scéim “cíos costais do thionóntaí in Situ” curtha ar fionraí nó go mbeadh Rialtas úr I mbun oibre sa tír seo agus dúradh nach le Gaillimh amháin a bhain sé seo ach le Rialtais áitiúil.
Cruinnú an Rialtais agus na cainteanna le Rialtas nua a chuir le chéile.
Cén leagan amach a bheas ar an Rialtas nua, dar leis?
Bhí cruinniú ag an Uachtarán-Tofa, Donald Trump agus ag an Uachtarán, Joe Biden sa Teach Bán aréir áit ar phlé siad an t-aistriú cumhachta idir an dá Rialtas ansin.
Eagraíochtaí a sholáthraíonn seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas i mbun stocaireachta i nGaillimh inniu le soiléiriú a fháil ó iarrthóirí sna toghcháin faoin seasamh atá acu ar éileamh na n-eagraíochta den chéad Rialtas eile.
Tá sí ag moladh go cheart an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a athbhunú sa gcéad Rialtas eile chun dul i ngleic leis na dúshláin ar leith atá roimh phobail tuaithe agus Ghaeltachta.