POPULARITY
Foláireamh sábháilteachta eisithe ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí faoin bpumpa Tucson atá feisithe i gcórais teasa i go leor tithe.
Súil le cinneadh inniu ón gCoimisiún Pleanála i dtaobh iarratas ar chomhlacht Shannon LNG.
Agus an toghchán uachtaránachta ag teannadh linn beidh ionadaithe ón gCoimisiún Toghcháin ag an gcomórtas treabhdóireachta leis an bpobal a chur ar an eolas faoina bealaí inar féidir leo clárú le vótáil sa toghchán.
Éachtaint ar chúrsaí forbartha i nDún Garbhán - cead pleanála tugtha ag An gCoimisiún Pleanála do 155 áitreabh ar an mbaile.
Dé hAoine a tugadh le fiuos go chomhaireloirí Chonamara go bhfuil iarratas ar chéad pleanála seolta ag Comhairle Contae na Gaillimhe chuig an gCoimisiúin Pleanála le obair a dhéanamh ar bhóthar Chuan na Loinge I mBéal an Daingin.
Micheál Bharry Ó Flatharta, Léachtóir in Ionad Teicneolaíochta na Fáisnéise in Ollscoil na Gaillimhe ag labhairt faoin lipéad nua ‘seans gur sceamáil é seo' ar théacsanna ó chomhlachtaí nó eagraíochtaí nach bhfuil cláraithe leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide.
Deirtear in aighneacht atá curtha ag an mbrúghrúpa Bánú chuig grúpa oibre sa gCoimisiún Eorpach le Plean Eorpach um Thithíocht Acmhainne a réiteach gur cheart go mbeadh caomhnú na Gaeilge mar theanga bheo phobail chomh tábhachtach don Aontas Eorpach is atá caomhnú na bithéagsúlachta agus caomhnú na timpeallachta.
Labhraíonn Caoimhe Ní Shúilleabháin le Seán faoina cuid oibre mar aistritheoir, an seal a chaith sí ag obair leis an gCoimisiún Eorpach, a ról le Cill Dara le Gaeilge agus na tograí nua Fuiseog agus Scoil na Sléibhte.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an cúigiú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey.Bhí Elon Musk le feiceáil go poiblí ag an Teach Bán an tseachtain seo, ina cháil mar cheannaire na roinne nua, Roinn Éifeachtacht an Rialtais. Dúirt sé go raibh oifigigh sa Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta, ar a dtugtar USAID, i mbun calaoise trí ghlacadh le síntí láimhe. D'áitigh sé freisin go raibh a fhoireann trédhearcach maidir le hoifigigh éagsúla a bhaint de ranna rialtais. Ní faisnéis phoiblí é tuarastal Musk féin, chomh maith le fostaithe na roinne a bhainistíonn sé. Tháinig Musk go dtí an Teach Bán in éineacht lena mhac, X, chomh maith leis an Uachtarán Donald Trump, a shínigh ordú feidhmiúcháin an tseachtain seo á cheangal ar ghníomhaireachtaí comhoibriú le roinn Musk.Tá moltaí á mbreithniú chun rialú an chórais tithíochta in Éirinn a athrú. Go háirithe, d'fhéadfadh an margadh cíosa athrú ón gcóras reatha “crios brú cíosa” go córas nua “cíos tagartha”. Faoin gcóras nua, chinnfí méaduithe cíosa trí thithe áitiúla den cháilíocht chéanna a bhreithniú. D'áitigh an Taoiseach go bhfuil gá le timpeallacht polasaí níos seasmhaí chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Fuarthas amach i dtuarascáil ón gCoimisiún Tithíochta, a foilsíodh anuraidh, go raibh roinnt saincheisteanna ann maidir leis an gcóras reatha lena n-áirítear neamhchomhlíonadh, agus an difríocht idir cíosanna tionóntaí reatha agus tionóntaí nua. Tá imní ann, áfach, go bhféadfadh cíosanna níos airde a bheith ag tionóntaí reatha mar thoradh ar an gcóras nua.Dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe dearbhú idirnáisiúnta ar AI a shíniú ag cruinniú mullaigh i bPáras an tseachtain seo. Geallann an ráiteas, atá sínithe ag go leor tíortha, lena n-áirítear an Fhrainc agus an tSín, cur chuige “oscailte”, “uilechuimsitheach”, agus “eiticiúil” chun an teicneolaíocht a fhorbairt. Dúirt rialtas na Ríochta Aontaithe nár síníodh é mar gheall ar imní faoi shlándáil náisiúnta agus rialachas domhanda. Dúirt LeasUachtarán na Stát Aontaithe, JD Vance, leis an gcruinniú mullaigh gur cheart tosaíocht a thabhairt do “bheartais AI ar son an fháis” thar shábháilteacht. Tagann sé seo tar éis na nuachta an tseachtain seo caite go bhfuil múnla AI cruthaithe ag comhlacht Síneach, DeepSeek, a tháirgeann aschur ar chostais níos ísle ná ChatGPT, a tháinig ó na Stáit Aontaithe.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISRoinn Éifeachtacht an Rialtais - Department of Government Efficiencysíntí láimhe - kickbackscrios brú cíosa - rent pressure zoneneamhchomhlíonadh - non-compliancecruinniú mullaigh - summit meetingaschur - output
Tá treoir foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach a leagan amach plean le go mbeidh an tAontas Eorpach níos láidre le dul in iomaíocht le tíortha ar nós na Stáit Aontaithe agus an tSín.
D'fhógair an Taoiseach go mbeidh olltoghchán in Éirinn ar an 29 Samhain. Labhraímid le hAntóin Ó Trinlúin ón gCoimisiún Toghcháin faoi bheith cláraithe agus conas vótáil.
Antóin Ó Trinlúin ón gCoimisiún Toghcháin ag caint linn faoin eolas ar fad atá uait don olltoghchán ar an 29 Samhain.
Rónán Ó Dómhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán leis an gCoimisiún ag déanamh cur síos ar an gcód atá mar aidhm aige an phobal i gcoitinn ach páistí ach go háírithe a chosaint ó ábhar díobhalach, gríosú chun foiréigin, ciníochas agus an-chuid eile.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis sin, cháin antuarascáil na comhlachtaí tógála a chuir cumhdach inlasta ar éadan Thúr Grenfell agus a mhaígh nach raibh dainséar ar bith ag baint leis. Fuair 72 duine bás sa Túr ar an 14Meitheamh 2017 sa tine ba mheasa a tharla sa Ríocht Aontaithe ón nDara Cogadh Domhanda. Thosnaigh an tine mar gheall ar fhadhb leictreach i gcuisneoir ar an gceathrú urlár agus ansan scaip sí go tapa de bharr an chumhdaigh ar éadan an fhoirgnimh. Labhair Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, leis na daoine a tháinig slán as an dtubaiste agus leteaghlaigh na n-íospartach agus gheall sé go ndéanfadh an rialtas dianstaidéar ar an dtuarascáil agus ar na moltaí atá ann chun cinnte a dhéanamh nach dtarlódh tragóid eile dáléithéid aríst.Cé go raibh gliondar an domhain ar lucht leanúna Oasis an tseachtain seo caite nuair a d'fhógraíodar go mbeidh siad ag teacht le chéile aríst chun dul ar camchuairt, níor lean anlúchair sin do chuid maith dóibh siúd nuair a chuaigh na ticéid ar díol maidin Dé Sathairn. Bhí díol na dticéad á bhainistiú ag Ticketmaster agus ag an bpoiblitheoir ceolchoirmeacha MCD ach theip ar go leor daoine ticéid a fháil tar éis scuainí fada, fadhbanna teicniúla aguspraghsanna arda nach raibh aon choinne acu leo. Mar shampla, dúradh roimh ré go mbeadh ticéid ar fháil ó €86 ach ó thús an díolacháin bhí sé deacair ticéad a fháil ar phraghas níos lú ná €400. Cháin an Tánaiste Mícheál Martin an straitéis phraghsála a bhí ag Ticketmaster agus tá seans ann go mbeidh fiosrúchán á dhéanamh ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí. Ach cibé rud go bhféadfadh teacht as an bhfiosrúchán san, is cosúil go mbeidh go leor daoine ag féachaint siar ar an ndeireadh seachtaine le fearg…Beidh Maratón Dhaingean Uí Chúis ar siúl in iarthar Leithinis Chorca Dhuibhne Dé Sathairn. Dé réir na n-eagraithe, níl maratón eile san oileán le radharcra níos áille ná an ceann so. Beidh maratón agus leathmharatón á rith ar an lá, agus tosnóidh an dá rás ag an Muiríne i nDaingean. Rachaidh na hiomaitheoirí siar i dtreo Cheann Trá agus ansin go DúnChaoin. Críochnóidh an leathmharatón ansin ach ní hea an scéal céanna do na hiomaitheoirí sa mharatón – beidh orthusan leanúint ar aghaidh ó thuaidh trí Bhaile an Fheirtéaraigh agus iad ag rith in aghaidh na mala. Ach is fiú an cruatan mar beidh radharcra iontach rompu agus iad ag dul isteach go dtí an Daingean aríst. Beidh ball de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain ag glacadh páirt sa mharatón, Aodhán Ó Cathail. "Is mise Aodhán Ó Cathail agus táim ag foghlaim Gaeilge i Londain le dhá bhliain go leith anois. Ag an deireadh seachtaine, rithfidh mé mo chéad mharatón sa Daingean i gContae Chiarraí. Tá súil agam go mbeidh gach rud go maith, agus táim ag tnúth go mór leis. Le cúnamh Dé piocfaidh mé suas cúpla focal ar an mbealach." Go n-éirí an t-ádh le hAodhán ag an ndeireadh seachtaine. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS faillí - neglect, negligence cumhdach - cladding camchuairt - tour straitéis phraghsála - pricing strategy radharcra - scenery in aghaidh na mala - against the slope
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ym3ze9y Contact: irishlingos@gmail.com A cyber security notice has been issued to Park Fote customers. Fógra cibearshlándála tugtha do chustaiméirí Pháirc Fhóite. It has emerged that the website of the Foyt Wildlife Park in Co Cork was recently hacked and some customers' bank details may have been stolen. Tá sé tagtha chun solais go ndearnadh cibirionsaí ar shuíomh gréasáin Pháirc Fiadhúlra Fhóite i gCo Chorcaí le gairid agus go bhféadfadh sé gur goideadh sonraí bainc roinnt custaiméirí. Park administrators indicated that customers may have to cancel their credit and debit cards because of the raid. Thug riarthóirí na páirce le fios go mb'fhéidir go gcaithfeadh custaiméirí a gcártaí creidmheasa agus a gcártaí dochair a chur ar ceal mar gheall ar an gcreach. In an email they sent to customers, the administrators said there is a risk that the details of people who made payments on the park's website between 12 May 2024 and 27 August 2024 were stolen. I ríomhphost a sheol siad chuig custaiméirí, dúirt na riarthóiri go bhfuil an baol ann gur goideadh sonraí daoine a rinne íocaíochtaí ar shuíomh gréasáin na páirce idir 12 Bealtaine 2024 and 27 Lúnasa 2024. It was also revealed that the website has since been closed and secured. Tugadh le fios chomh maith go bhfuil an suíomh gréasáin iata agus daingnithe ó shin. The matter has been reported to the Gardai and the Data Protection Commission, and cyber security experts are investigating how the site was said to have been breached. Tá scéal curtha chuig na Gardaí agus chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, agus tá saineolaithe cibearshlándála ag fiosrú conas go baileach a bhíothas in ann foghail a dhéanamh ar an suíomh, a dúradh. In the meantime, the Wildlife Park is open as usual and the entrance fee can be paid at the gate. Idir dhá linn, tá an Pháirc Fiadhúlra oscailte mar is gnách agus is féidir an táille iontrála a íoc ag an ngeata. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Rónán Ó Dómhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán leis an gCoimisiún ag déanamh cur síos ar scéimeanna nua chun tacú leis an iriseoireacht áitúil agus chun a chinntiú go mbeidh ard-chaighdeán nuachta ar fáil don phobail.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22ofhly8 Contact: irishlingos@gmail.com False ads about this country allowed by TikTok. Fógraí bréagacha maidir leis an tír seo ceadaithe ag TikTok. An investigation by a human rights organization shows that the video sharing platform TikTok has allowed false advertisements regarding electoral matters in this country. Léiríonn fiosrúchán a rinne eagraíocht chearta daonna gur cheadaigh an t-ardán roinnte físeán TikTok fógraí bréagacha maidir le cúrsaí toghcháin sa tír seo. It was with the desire to test TikTok's filtering system that the organization Global Witness sent sixteen ads to the social media containing false information. Ba le fonn córas scagtha TikTok a thástáil a chuir an eagraíocht Global Witness sé fhógra dhéag chuig an meán sóisialta a raibh eolas bréagach iontu. Online and telephone text voting; the voting age; and immigrants being allowed to vote in Ireland – well – the topics presented in the ads. Vótáil ar líne agus i dtéacs teileafóin; an aois vótála; agus cead vótála ag inimircigh in Éirinn – mar dhea – na hábhair a cuireadh i láthair sna fógraí. TikTok approved each and every one of the ads but Global Witness withdrew them before they were published. Cheadaigh TikTok gach uile cheann de na fógraí ach tharraing Global Witness siar iad sular foilsíodh iad. In a statement from TikTok regarding the inquiry, it was claimed that the platform's filtering program recognized that the ads violated the company's policies but were later said to have been mistakenly approved by a staff member. I ráiteas ó TikTok maidir leis an bhfiosrúchán, maíodh gur aithnigh ríomhchlár scagtha an ardáin gur sháraigh na fógraí polasaithe an chomhlachta ach dúradh gur cheadaigh ball foirne iad de dhearmad ina dhiaidh sin. It was also said that the staff member in question had since been retrained and that the company had introduced new practices in relation to political advertisements. Dúradh freisin go raibh athoiliúint curtha ar an mball foirne a bhí i gceist ó shin agus go raibh cleachtais nua tugtha isteach ag an gcomhlacht maidir le fógraí polaitíochta. As part of their investigation, Global Witness also sent false advertisements to YouTube and X. Mar chuid dá bhfiosrúchán, chuir Global Witness fógraí bréagacha chuig YouTube agus X chomh maith. X rejected all of them but YouTube accepted a couple of them. Dhiúltaigh X gach ceann acu ach ghlac YouTube le péire acu. Last February, the Digital Services Act came into force in the European Union which aims to combat biographical and misrepresentation. I mí Feabhra seo caite, tháinig feidhm leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha san Aontas Eorpach a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic le bréagaisnéis agus le mífhaisnéis. Global Witness said they were to make an official complaint to the European Commission about the false ads being allowed. Dúirt Global Witness go raibh siad le gearán oifigiúil a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach faoi na fógraí bréagacha a bheith ceadaithe. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Tháinig cúigear ceannairí na scáth-ghrúpaí i gCoimisiún na hEorpa le chéile do dhíospóireacht Uachtaránachta na Choimisiúin a bhí ar bun inné.
Le hAntóin Ó Trinlúin ón gCoimisiún Toghcháin
Éistfear le cás Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre inniu faoin mbac earcaíochta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Labhair Phil Ní Shéaghdha le Conn Ó Muíneacháin.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/23k3tmdm Contact: irishlingos@gmail.com Israelis still vowed a full invasion of Rafah. Iosraelaigh fós mionnaithe ionradh iomlán a dhéanamh ar Rafah. Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu has once again declared that the country's soldiers will completely invade the city of Rafah in the south of Gaza after more western countries asked him not to implement his resolution. Tá sé dearbhaithe arís eile ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go ndéanfaidh saighdiúirí na tíre ionradh iomlán ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza i ndiaidh gur iarr tuilleadh tíortha san iarthar air gan a rún a chur i ngníomh. French President Emmanuel Macron is one of the biggest allies of the Israelis but in a telephone conversation last night he pleaded with Benjamin Netanyahu not to send the foot soldiers and tanks into Rafah. Tá Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron ar dhuine de na comhghuaillithe is mó atá ag na hIosraelaigh ach i gcomhrá teileafóin aréir d'achainigh sé ar Benjamin Netanyahu gan an cos-slua agus na tancanna a chur isteach in Rafah. Not to mention the devastation and damage already done in that city by the Israeli forces, what is worrying Macron is that things will go from bad to worse and that his life there will be a disaster. Gan trácht ar an sléacht agus an lot atá déanta sa chathair sin cheana féin ag fórsaí Iosrael, is é atá ag déanamh scime do Macron gur ó mhaoil go mullóg a rachas cúrsaí agus gur léirscrios luanscrios a bheas ann. In light of what Netanyahu has said, however, he will not do anything to the Frenchman, as the Israelis have not yet responded to the advice that other allies have given them. I bhfianaise a bhfuil ráite ag Netanyahu, áfach, ní móide go ndéanfaidh sé rud ar fhear na Fraince, arae níl nath curtha ag na hIosraelaigh go dtí seo sa chomhairle atá curtha orthu ag comghuaillithe eile leo. In a joint statement issued by the Prime Ministers of Canada, Australia and New Zealand, the Israelis are requested not to invade Rafah. I gcomhráiteas a d'eisigh Príomh-Airí Cheanada, na hAstráile agus na Nua-Shéalainne, achainítear ar na hIosraelaigh gan ionradh a dhéanamh ar Rafah. The three leaders say in their statement that it would be a disaster and that Palestinian civilians would suffer greatly as a result. Deir an triúr ceannairí ina ráiteas gur tubaiste a bheadh ann agus go bhfulaingeodh sibhialtaigh Phalaistíneacha go mór dá dheasca. It is his manhood by the German Foreign Minister Annalena Baerbock. Is é a fhearacht é ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine Annalena Baerbock. While visiting Israel, she said that the people stuck in Rafah had nowhere else to go. Agus í ar cuairt ar Iosrael, dúirt sí nach raibh aon áit eile le dul ag na daoine atá sáinnithe in Rafah. Yesterday, Taoiseach Leo Varadkar and Spanish Prime Minister Pedro Sanchez both asked the European Commission to consider what is going on in Gaza in the light of the human rights obligations of the Israelis and act accordingly according to Inné, d'iarr an Taoiseach Leo Varadkar agus Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sanchez araon, d'iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach a bhfuil ar bun in Gaza a bhreithniú i bhfianaise na n-oibleagáidí cearta daonna atá ar na hIosraelaigh agus gníomhú dá réir. However, the Israeli military forces are swarming around Rafah and they are always making all preparations for the invasion they plan to do on the place. Ar a shon sin, tá fórsaí míleata Iosrael ag drundáil thart ar Rafah agus iad ag déanamh gach úmachan i gcónaí i gcomhair an ionraidh atá beartaithe acu a dhéanamh ar an áit. About 1.4 million people are currently living in Rafah who are refugees from their base, people who fled before the Israelis in other places in Gaza. Tá thart ar 1.4 milliún duine ag baint fúthu in Rafah faoi láthair ar dídeanaithe a mbunáite, daoine a theith roimh na hIosraelaigh in aiteanna ei...
Tá tús a chuir ar maidin inniu leis an bhfeachtais eolais ag an Coimisiúin Toghcháin faoin reifreann bheas ar bun sa tír seo ar an t-ochtú lá do mhí Márta.
Tús curtha arís le cainteanna pá ag an gCoimisiún um Chaidreamh san áit Oibre.
Pléifear pleananna chun Mianach Teamhrach a athoscailt nuair a théann úinéirí an mhianaigh, Boliden agus ionadaithe ceardchumainn chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre amárach.
Tá comhairliúchán poiblí seolta ag Coimisiún na Meán ar maidin faoin gcéad Cód Sábháilteachta Ar Líne in Éirinn. Beidh an pobal in ann a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin dréacht atá réitithe ag an gCoimisiún.
Cuirfear tús leis an mbabhta is deireanaí de chainteanna ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ar chúrsaí páigh d'oibrithe san earnáil phoiblí tar éis am lóin inniu.
Tá a n'athbhreithniú ar theorainneacha na nDáilcheantar curtha faoi bhráid Thíthe an Oireachtais ag an gCoimisiún Toghcháin, cén ghlacadh atá leis na leasaithe atá molta ag na polaiteoirí?
Tá sé molta ag an gCoimisiún Toghcháin líon na dTeachtaí Dáil a mhéadú ó 160 go dtí 174 sa gcéad Dáil eile. Molann siad freisin gur 43 dáilcheantar a bheidh sa gcéad olltoghchán eile seachas 39, mar atá faoi láthair.
Athraithe móra molta ag an gCoimisiún Toghcháin do Dháil Cheantracha Chorcaí. Droch scéal do Mhúscraí a deir an TD Aindrias Ó Muineacháin.
Tá súil le tuairisc ón gCoimisiún Toghcháin fé dheireadh na míosa seo. An mbeidh athraithe i ndán do theorainneacha na dtoghcheantar anseo i gCiarrai agus sna Déise
Theip ar chainteanna sa gCoimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre an tseachtain seo, réiteach a fháil ar an aighneas faoi chúrsaí páigh d'oibrithe sláinte san earnáil phoiblí.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22w5zcar Contact: irishlingos@gmail.com The Media Commission is "very concerned" about the RTÉ controversy. "An-imní" ar Choimisiún na Meán faoi chonspóid RTÉ. The executive chairman of the Media Commission, Jeremy Godfrey, has indicated that he is very concerned about the controversy surrounding certain payments and governance matters in RTÉ. Tá sé tugtha le fios ag cathaoirleach feidhmiúcháin Choimisiún na Meán Jeremy Godfrey go bhfuil an-imní air faoin gconspóid a bhaineann le híocaíochtaí áirithe agus cúrsaí rialachais in RTÉ. Since it emerged a fortnight ago that presenter Ryan Tubridy was given payments that were not publicly announced as they should have been, there has been a bee carta's nest in the organisation. Ó tháinig sé chun solais corradh le coicís ó shin gur tugadh íocaíochtaí don láithreoir Ryan Tubridy nár fógraíodh go poiblí mar ba chóir, tá nead beach carta san eagraíocht. The Media Commission was established four months ago and oversees broadcasting and video-on-demand services in the State. Bunaíodh Coimisiún na Meán ceithre mhí ó shin agus is é a dhéanann maoirseacht ar chúrsaí craolacháin agus ar sheirbhísí físeán ar éileamh sa Stát. Before that, the Broadcasting Authority of Ireland was responsible for these matters. Roimhe sin, ba é Údarás Craolacháin na hÉireann a bhí freagrach as na cúrsaí sin. Speaking on RTÉ radio this morning, Jeremy Godfrey declared that the Media Commission has a specific statutory duty to keep track from year to year of the commitments made by RTÉ and how they are fulfilled, if they are fulfilled. Ag labhairt dó ar raidió RTÉ ar maidin inniu, dhearbhaigh Jeremy Godfrey go bhfuil dualgas reachtúil faoi leith ar Choimisiún na Meán súil a choinneáil ó bhliain go bliain ar na gealltanais a thugann RTÉ agus cé mar a chomhlíontar iad, má chomhlíontar. Public participation in the decisions made by RTÉ is one of those commitments, says Jeremy Godfrey, and another is to strengthen and secure public service broadcasting. Rannpháirtíocht an phobail sna cinntí a dhéanann RTÉ is ea ceann de na gealltanais sin, arsa Jeremy Godfrey, agus ceann eile acu is ea an chraoltóireacht seirbhíse poiblí a neartú agus a dhaingniú. As part of that last commitment, he said, RTÉ must be open, accountable in the affairs of the organization and be both effective and efficient in those affairs. Mar chuid den ghealltanas deireanach sin, ar sé, ní mór do RTÉ a bheith oscailte, cuntas a thabhairt i ngnóthaí na heagraíochta agus a bheith éifeachtach agus éifeachtúil araon sna gnóthaí sin. However, he claimed that all those things have been cast in doubt by what has been revealed recently. Mhaígh sé, áfach, go bhfuil amhras caite ar na rudaí sin ar fad ag a bhfuil nochta le gairid. Jeremy Godfrey also confirmed that the Media Commission will be reviewing RTÉ's effectiveness every year from now on. Dhearbhaigh Jeremy Godfrey chomh maith go mbeidh Coimisiún na Meán ag déanamh athbhreithniú gach bliain feasta ar éifeachtacht RTÉ. He said that the Commission will submit recommendations to the Minister of Media according to the annual reviews. Dúirt sé go gcuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid an Aire Meán de réir a mbeidh sna hathbhreithnithe bliantúla. If RTÉ fails, he said, the Commission will have to recommend to the Minister to look at the television license (from which RTÉ is funded) or the public will trust the organization again. Má loiceann ar RTÉ, arsa sé, beidh ar an gCoimisiún moladh don Aire breathnú ar an gceadúnas teilfíse (as a maoinítear RTÉ) nó go mbeidh muinín ag an bpobal arís as an eagraíocht. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Tá tuairimí dá lorg ón bpobal ag an gCoimisiún Rialaithe Cumarsáide faoi na beartais is deireanaí atá dhá gcur chun cinn le dhul i ngleic le cam-scéimeanna teilichumarsáide sa tír seo.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2pfsww4a Contact: irishlingos@gmail.com "Garda Síochána Ombudsman needs staff, resources". "Foireann, acmhainní de dhíth ar Ombudsman an Gharda Síochána". The head of the Garda Síochána Ombudsman Commission, Judge Rory MacCabe, has revealed that the organization does not have sufficient staff or other resources to properly investigate allegations of Garda misconduct. Tá sé tugtha le fios ag ceannasaí Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána an Breitheamh Rory MacCabe nach bhfuil dóthain foirne ná acmhainní eile ag an eagraíocht le líomhaintí faoi mhí-iompar Gardaí a fhiosrú i gceart. The Commission is due to cease this year and a brand new institution called the Police Ombudsman Office is to be established in its place. Tá an Coimisiún le scor amach sa bhliain agus tá foras úrnua dá ngairfear Oifig Ombudsman na bPóilíní le bunú ina áit. Currently, the Commission has an annual budget of €16.67 million and employs 170 people. Faoi láthair, tá buiséad bliantúil de €16.67 milliún ag an gCoimisiún agus tá 170 duine fostaithe ann. According to Judge MacCabe, however, both the budget and the number of staff should be doubled when the Police Ombudsman Office is established. Dar leis an mBreitheamh MacCabe, áfach, nár mhór an buiséad agus an líon foirne araon a dhúbailt nuair a bhunófar Oifig Ombudsman na bPóilíní. The judge also criticized the legislation under which the new office will be established. Cháin an breitheamh freisin an reachtaíocht faoin mbunófar an oifig nua. He said the legislation is inconsistent with the principle of civilian oversight set out in the Commission's report on the Future of Policing in Ireland in 2018. Dúirt sé nach dtagann an reachtaíocht le prionsabal na maoirseachta sibhialta a leagadh amach i dtuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn in 2018. If the legislation is not amended, said Judge MacCabe, the Minister of Justice will be too involved in the affairs of the new office. Mura ndéanfar leasú ar an reachtaíocht, arsa an Breitheamh MacCabe, beidh baint rómhór ag an Aire Dlí agus Cirt le gnóthaí na hoifige nua. He indicated in fact that he believed the new office would be weaker than the current Commission. Thug sé le fios go deimhin gur chreid sé go mbeadh an oifig nua níos laige ná mar atá an Coimisiún faoi láthair. Attention beyond the general public is being focused on the work of the Commission at the moment due to several controversies that have arisen recently. Tá aird thar an gcoitiantacht á díríú ar obair an Choimisiúin i láthair na huaire mar gheall ar roinnt conspóidí a tháinig chun cinn le gairid. One of them is the decision to charge a Garda in relation to a road rage incident in which three criminals were killed. Ceann acu is ea an cinneadh Garda a chúiseamh maidir le brúscán bóthair inar maraíodh triúr coirpeach. The latest figures show that the Garda Síochána Ombudsman Commission received 1,826 complaints from the public last year. Léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuair Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána 1,826 gearán ón bpobal anuraidh. The basis of the allegations related to the misconduct of Gardai when arresting people; to do mischief in people; and the ineffectiveness of their work. Bhain bunáite na líomhaintí le mí-iompar Gardaí agus daoine á ngabháil acu; neamart a dhéanamh i ndaoine; agus mí-éifeacht a gcuid oibre. The Commission found that more than half of the complaints were well founded. Chinn an Coimisiún go raibh bun le breis agus leath na ngearán. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
Tá comhairliúchán poiblí ar bun faoi láthair ag an gCoimisiún Toghcháin, faoi athdhréachtadh na ndáilcheantar. Labhair an Teachta Dála Aindrias Ó Muíneacháin le Conn Ó Muíneacháin.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/248a2tzb Contact: irishlingos@gmail.com Proposed ban on the use of TikTok on the work devices of public employees. Cosc molta ar úsáid TikTok ar ghléasanna oibre fostaithe poiblí. Taoiseach Leo Varadkar has said that he understands that concerns have been expressed about how information collected on TikTok is used and how it is passed on. Tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go dtuigeann sé go bhfuil imní léirithe faoin gcaoi a n-úsáidtear eolas a bhailítear ar TikTok agus faoin tslí a gcuirtear ar aghaidh é. He was speaking in Cork, after the National Cyber Security Center advised government departments and state organizations that TikTok should not be allowed on the work devices of public employees. Ag caint i gCorcaigh a bhí sé, tar éis don Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála comhairle a chur ar ranna rialtais agus eagraíochtaí stáit nár chóir TikTok a cheadú ar ghairis oibre fostaithe poiblí. The use of TikTok was recently banned on public works devices in the United Kingdom, the European Union and the United States. Cuireadh cosc ar úsáid TikTok le gairid ar ghléasanna oibrithe poiblí sa Ríocht Aontaithe, san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe. TikTok is owned by a Chinese company and concerns have been expressed around the world about cyber security on the platform. Is le comhlacht de chuid na Síne é TikTok agus tá imní léirithe ar fud an domhain maidir le cibearshlándáil ar an ardáin. Coming on the heels of the ban in other countries, the government in Ireland announced a few months ago that they were to seek fresh advice on the issue and the National Cyber Security Center undertook a technical assessment of TikTok. Ag teacht sna sála ar an gcosc sna tíortha eile, d'fhógair an rialtas in Éirinn cúpla mí ó shin go raibh siad le comhairle úr a lorg ar an gceist agus thug an Lárionad Náisiúnta Cibearshlándála faoi mheasúnú teicniúil ar TikTok. The Taoiseach indicated, however, that it must be recognized that the company ByteDance, which owns TikTok, provides a lot of investment for this country and that the company employs many people in Ireland. Thug an Taoiseach le fios, áfach, go gcaithfear a aithint go gcuireann an comhlacht ByteDance, gur leosan TikTok, go leor infheistíochta ar fáil don tír seo agus go bhfuil go leor daoine fostaithe ag an gcomhlacht in Éirinn. But even so, he said, expert advice cannot be ignored. Ach mar sin fhéin, a dúirt sé, ní féidir neamhaird a thabhairt ar chomhairle saineolaithe. According to the advice of the Cyber Security Centre, TikTok should not be placed on public workstations, unless it is absolutely necessary, from the point of view of the organization's business. De réir chomhairle an Lárionaid Chibearshlándála, níor chóir TikTok a chur ar ghairis oibirthe poiblí, ach amháin sa gcás go bhfuil géarghá ag baint leis, ó thaobh ghnó na heagraíochta de. That advice is in line with the ban put in place by the European Commission. Tá an chomhairle sin ag teacht leis an gcosc atá curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach. In a statement today, TikTok expressed its disappointment at the announcement and said it had not been contacted before the decision was made. I ráiteas inniu, thug TikTok le fios gur údar díomá é an fógra seo agus dúirt siad nach ndearnadh aon teagmháil leosan sular glacadh an cinneadh. The concern about the amount of information that the authorities in China have access to through TikTok is intensifying. Tá ag géarú ar an imní faoin méid eolais go bhfuil fáil ag na húdaráis sa tSín air trí TikTok. To alleviate that concern, TikTok said they would be willing to store European user data in two data centers in Dublin and a third in Norway. Chun an imní sin a mhaolú, dúirt TikTok go mbéidís toilteanach sonraí úsáideoirí na hEorpa a stóráil i ndá ionad sonraí i mBaile Átha Cliath agus sa tríú hionad san Iorua.
Ar an gclár seo, labhair John Woods linn faoi oscailt an chomórtais do chonarthaí aistriúcháin leis an AE agus faoi imeacht a bheas ag an gCoimisiún Eorpach in Éirinn faoi. Chomh maith leis sin bhí Brigita Gallagher linn le labhairt faoina scoláireacht ICUF in Alberta Ceanada agus na comparáidí a dhéanann sí idir na Stáit Aontaithe agus Ceanada.
Dheimhnigh Sinn Féin aréir nach rithfear vóta mímhuiníne san Aire Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohue, ach go bhfuil súil acu go gcuirfear an t-athbhreithniú atá á dhéanamh ag an gCoimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí i gcrích go luath.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ndnyzua Contact: irishlingos@gmail.com WhatsApp fined €5.5m for breaching regulations. Fíneáil €5.5m gearrtha ar WhatsApp faoi rialacháin a sháru. The Commission for Data Protection has imposed a fine of €5.5 million on the company that administers the WhatsApp messaging app for breaching the General Data Protection Regulation. Tá fíneáil €5.5 milliún gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí ar an gcomhlacht a riarann an aip teachtaireachtaí WhatsApp faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí a shárú. The company was also ordered to update its data processing operations in accordance with the regulations from now on for the next six months. Ordaíodh don chomhlacht freisin a gcuid oibríochtaí próiseála sonraí a nuashonrú de réir na rialachán as seo go ceann sé mhí. WhatsApp indicated that they would appeal against the Commission's decision because they themselves believe that the service already meets the regulations from a technological and legal point of view. Thug WhatsApp le fios go ndéanfaidís achomharc in aghaidh chinneadh an Choimisiúin mar go gcreideann siad féin go dtagann an tseirbhís leis na rialacháin cheana féin ó thaobh na teicneolaíochta agus ó thaobh an dlí de. The matter relates to a complaint received by the Commission from a WhatsApp user regarding the app's terms of service. Baineann an scéal le gearán a fuair an Coimisiún ó úsáideoir WhatsApp maidir le téarmaí seirbhíse na haipe. The user claimed that the company was forcing him or her to accept updated terms and that he or she really had no choice but to accept them. Mhaígh an t-úsáideoir go raibh an comhlacht ag cur iallach air nó uirthi glacadh le téarmaí nuashonraithe agus nach raibh aon rogha aige nó aici i ndáiríre ach glacadh leo. The Commission also fined Facebook and Instagram €390 million earlier this month for breaching data protection regulations. Ghearr an Coimisiún fíneálacha €390 milliún ar Facebook agus ar Instagram níos luaithe an mhí seo chomh maith faoi rialacháin chosanta sonraí a shárú. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
D'fhógair an tAire Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe Paschal Donohue inné go seasfaidh sé amach as cinntí a bhaineann le reachtaíocht eitice ná leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2oq9l8ux Contact: irishlingos@gmail.com Steady rise in wholesale energy prices in 2021. Ardú céadach ar phraghsanna mórdhíola fuinnimh in 2021. Wholesale gas prices rose 380% during 2021, according to new figures from the Utilities Regulatory Commission. D'ardaigh praghsanna mórdhíola gáis 380 faoin gcéad i gcaitheamh na bliana 2021, de réir figiúirí nua ón gCoimisiún um Rialáil Fóntais. This was a 260% increase in wholesale electricity prices. Ardú 260 faoin gcéad a bhí i gceist i gcás praghsanna mórdhíola leictreachais. The data published by the Commission today also shows that many domestic customers switched to other companies in order to get lower prices. Léiríonn na sonraí a d'fhoilsigh an Coimisiún inniu chomh maith gur athraigh go leor custaiméirí baile go dtí comhlachtaí eile féachaint le praghsanna níos ísle a fháil. Customers who switched from a normal tariff to a discount rate were particularly successful. Bhí rath go háirithe ar chustaiméirí a d'athraigh ó gnáth-tharaif go dtí ráta lascaine. They saved €581 on electricity and €316 on gas on average, according to the Commission. Shábháil siadsan €581 ar leictreachas agus €316 ar ghás ar an meán, de réir an Choimisiúin. While the official figures for 2022 are not yet available, it is known that wholesale energy prices have fallen significantly this year and are expected to fall further next year. Siúd is nach bhfuil figiúirí oifigiúla 2022 ar fáil go fóill, tá a fhios go bhfuil praghsanna mórdhíola fuinnimh daoirsithe go mór i mbliana agus táthar sealbhaithe de go ndaoirseoidh siad tuilleadh an chéad bhliain eile. The Commission is recommending that people continue to switch to other companies to ensure they get their money's worth. Tá an Coimisiún ag moladh do dhaoine leanúint orthu ag athrú go dtí comhlachtaí eile lena chinntiú go bhfaighidh siad luach a gcuid airgid. That or seek new terms from the company they currently have a contract with. É sin nó téarmaí nua a lorg ar an gcomhlacht a bhfuil conradh acu leo faoi láthair. In addition to all this, the Commission's figures show that more customers were in arrears last year compared to 2020. Ina theannta sin ar fad, léiríonn figiúirí an Choimisiúin go raibh riaráistí ar níos mó custaiméirí anuraidh i gcomórtas le 2020. 18% of gas customers and 13% of electricity customers were in arrears in 2021, an increase of 9% and 5% respectively from the previous year. Bhí riaráistí ar 18 faoin gcéad de chustaiméirí gáis agus 13 faoin gcéad de chustaiméirí leictreachais in 2021, sin ardú 9 faoin gcéad agus ardú 5 faoin gcéad faoi seach ón mbliain roimhe sin. 912 customers had their electricity cut off and 503 customers had their gas cut off in 2021 because they did not pay their bills. Gearradh leictreachas 912 custaiméir agus gearradh gás 503 custaiméir in 2021 de bharr nár íoc siad a gcuid billí. That's 1,373 and 534 respectively in 2020. Sin le hais 1,373 agus 534 faoi seach in 2020. New rules on power cuts introduced during the pandemic are said to have slowed the decline. Rialacha nua maidir le gearradh cumhachta a tugadh isteach le linn na paindéime is siocair leis an laghdú, a deirtear.
Tá ísliú déanta arís eile ar ghrádáil Iarthar & Iarthuaiscirt na hÉireann ag an gCoimisiún Eorpach agus é áirithe anois mar réigiún atá ag titim siar de bharr go bhfuil sé i bhfad níos boichte le roinnt blianta anuas i gcomparáid le réigiúin eile san Eoraip.
Plé ar chursaí sa Pholainn le Fionnán Uibh Eachach agus iad ag troid leis an gCoimisiún Eorpach.
Tá faighte ag an Teachta Dála Eoin Ó Broin ón Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe nó an RTB a léiríonn go bhfuil méadú 58 faoin gcéad sa mhéid fógraí atá tugtha ag tiarnaí talún dá tionónta le sé mhí anuas, agus moltaí ón gCoimisiún um Chánachas agus Leas cáin mhaoine a ardú ar thithe saoire.
Reachtáil Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Coimisiún Forbartha an Iarthair an triú suirbhé bliantiúil náisiúnta ar an gcianobair Mí Aibréain agus foilsíodh torthaí ginearálta an tsuirbhé sin ag deireadh Bhealtaine. Ach tá cíoradh déanta anois ag an gCoimisiún ar mhionsonraí na bhfreagraí a tugadh sa suirbhé.
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Thosaigh an Ardteist agus an Teastas Sóisearach Dé Céadaoin. Den chéad uair le dhá bhliain beidh na scrúduithe traidisiúnta scríofa ar siúl, tar éis cur isteach na paindéime. Thosaigh an Ardteist le Béarla Páipéar a hAon, críochnóidh sé ar an 28 Meitheamh. Le haghaidh daltaí a gcuireann Covid-19 nó méala isteach orthu beidh deis acu scrúduithe iarchurtha a dhéanamh ag tosú ar an 30 Meitheamh. Cuirfidh sé seo isteach ar an gCoimisiún um Scrúduithe Stáit agus ceartú na scrúduithe, agus mar thoradh air sin ní féidir leo dáta na dtorthaí a fhógairt go fóill. D'fhoilsigh oifigí agus airí teachtaireachtaí tacaíochta do dhaltaí na hArdteiste, á moladh dá neart i rith na paindéime agus chun aire a thabhairt dóibh féin i rith na tréimhse strusmhaire. Vótáil Feisirí de Phairlimint na hEorpa i bhfabhar rún a iarrann ar bhallstáit an Aontais Eorpaigh cead isteach a thabhairt don Úcráín. Tharla an vóta roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí a tharlóidh ag deireadh na míosa, ina mbeidh roinnt tíortha, Éire san áireamh, ag brú chun stádas iarrthóra a thabhairt don Úcráin. Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin i gcoinne an rúin. Iarrann an rún chomh maith do vótáil tromlach maidir le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus ardú ar chaiteachas cosanta. Dúirt an Taoiseach Mícheál Martin gur teachtaireacht ‘an-láidir' a bheidh ann do mhuintir na hÚcráine má thabharfar cead isteach don Aontas Eorpach dóibh. Tharla vóta mímhuiníne do Phríomh Aire na Ríocht Aontaithe Boris Johnson Dé Luain. Mhair sé an vóta ach fós rinneadh damáiste mór dá cháil agus dá chumhacht. Vótáil na Tóraithe 211 in aghaidh 148 i bhfábhar an Phríomh Aire, sin 41% de na Feisirí ina choinne. Ní comhartha dearfach é sin do thodhchaí ghairm Johnson i gcomparáid le Theresa May a bhuaigh vóta mímhuiníne in 2018 le 37% ina coinne, ach fós bhí uirthí imeacht ón bpost lastaigh de sé mhí. In 1990 chuaigh Margaret Thatcher roimh vótá mímhuiníne agus fiú gur bhuaigh sí, le torthaí níos fearr ná Johnson arís, d'eirigh sí as níos déanaí sa bliain sular tharla vóta eile nach mairfeadh sí. An phríomhchúis do mhíshástacht le Johnson i measc na bhFeisirí agus an phobail ná briseadh na rialacha Covid-19 nuair a tharla cóisirí in 10 Downing Street i rith na dianghlasála. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an Ardteist - the Leaving Cert an Teastas Sóisearach - the Junior Cert Feisirí de Phairlimint na hEorpa - MEPs caiteachas cosanta - defence expenditure vóta mímhuiníne - vote of no confidence Feisirí - MPs
Cainteanna rialtais leis na ceardchumainn le dul ar aghaidh chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus frustrachas ar Airí rialtais faoin moill le talamh Stáit a aistriú chuig an Gníomhaíocht Forbartha Talún.
Tá córas ceadúnais timpeallachta atá molta ag an gCoimisiúin Eorpach d'fheirmeacha le os cionn 150 aonad beostoic cáinte ag Macra na Feirme.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/y9poubqp The Defense Forces have three options: proposing the middle ground. Trí rogha ag Óglaigh na hÉireann: an bealach meánach á mholadh. The Defense Forces would not be in a position to protect the people, territories or property of this country from the plots of the enemy - should it occur - for lack of resources, a new report says. Ní bheadh Óglaigh na hÉireann in araíocht muintir, críocha ná maoin na tíre seo a chosaint ar fheillbhearta namhad - dá dtiocfadh a leithéid i gceist - cheal acmhainní, a deirtear i dtuarascáil nua. According to the report from the Defense Forces Commission, it is time and imperative to radically transform and modernize the defense forces of this country. De réir na tuarascála ón gCoimisiúin um Óglaigh na hÉireann gur mithid agus gur den riachtanas é fórsaí cosanta na tíre seo a athrú ó bhonn agus a nua-aoisiú. Should the proposed major project be undertaken, it is said, it would have to be closely overseen by the Oireachtas and other State bodies. Sa chás go dtabharfaí faoin mórthogra atáthar a mholadh, a deirtear, níor mhór don Oireachtas agus d'fhorais eile an Stáit dianmhaoirseacht a dhéanamh air. The report explores three ambitions: The Defense Forces may be exhausted as it is but unable to defend the nation against ordinary foreign military forces. Trí uaillmhian a chíortar sa tuarascáil: D'fhéadfadh Óglaigh na hÉireann fuirseadh leo mar atá ach d'fhágfadh sin nach bhféadfaidís an náisiún a chosaint ar ghnáthfhórsaí míleata ón gcoigríoch. That, or the military capability of the Volunteers could be strengthened. É sin, nó d'fhéadfaí cumas míleata na nÓglach a threisiú. In that case, a new radar system would have to be implemented; improving intelligence and cyber defense services; and adding to the fleet. Sa chás sin, chaithfí córas nua radair a chur i bhfeidhm; seirbhísí faisnéise agus cibearchosanta a fheabhsú; agus cur leis an gcabhlach. Finally, the Defense Forces could be placed on an equal footing with the defense forces of other small European Union countries. Agus an meall mór ar deireadh, d'fhéadfaí Óglaigh na hÉireann a chur ar chomhchéim chumais le fórsaí cosanta thíortha beaga eile an Aontais Eorpaigh. In that case, however, the budget of the Defense Forces would have to be tripled. Sa chás sin, ámh, chaithfí buiséad na nÓglach a mhéadú a thrí oiread. The Commission currently proposes to focus on the second and third ambitions separately but with the opportunity to engage in the kind of public and political debate that is needed. Molann an Coimisiún díriú faoi láthair ar an dara huaillmhian agus an tríú ceann a chur ar leithligh ach a mbeidh deis ann an cinéal díospóireachta poiblí agus polaitiúla atá de dhíth a chur sa siúl.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ye6kdfkz No move to the Northern Ireland - Sefcovic Protocol. Gan aon bhogadh ar Phrótacal Thuaisceart Éireann - Sefcovic. Speaking after the third round of talks, Sefcovic expressed disappointment that the British government has done nothing on the Northern Ireland Protocol issue. Ag labhairt dó i ndiaidh an tríú babhta cainteanna, léirigh Sefcovic díomá mar nach bhfuil aon chor déanta ag rialtas na Breataine ar cheist Phrótacal Thuaisceart Éireann. He said that repealing Section 16 would have serious consequences for Britain. Mr Sefcovic said talks would continue next week and that he would visit London a week from today, in order to continue the talks on a personal basis with Lord David. Frost. Dúirt sé go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha don Bhreatain dá ngairmeofaí Alt 16 Dúirt an tUasal Sefcovic go leanfar le cainteanna an tseachtain seo chugainn agus go dtabharfaidh sé cuairt ar Londain seachtain ón lá inniu, d'fhonn leanúint leis na cainteanna ar bhonn phearsanta leis an Tiarna David Frost. He said that next week 's talks are very important in the process and he would like to see a compromise reached as soon as possible in the interests of sustainability and predictability for Northern Ireland. Dúirt sé go bhfuil cainteanna na seachtaine seo chugainn fíorthábhachtach sa phróiseas agus gur mhaith leis dá bhféadfaí teacht ar chomhréiteach a luaithe agus is féidir é ar mhaithe le buansheasmhacht agus intuarthachta do Thuaisceart Éireann. Recommendations made by the Commission on the Protocol would create significant changes for those working on the ground - saying that the changes would create a "speed lane" for British-imported products for the Northern market only. Chruthódh moltaí atá déanta ag an gCoimisiún maidir leis an Phrótacal, athruithe suntasacha dóibh san atá ag obair ar an dtalamh - á rá go gcruthódh na h-athruithe "lána luais" do tháirgí iompórtáltha ón Bhreatain do mhargadh an Tuaiscirt amháin. Unusually, Sefcovic made a formal statement in front of a camera - in which he said what he had to say bare, toothless. Go neamhcoitianta, thug Sefcovic ráiteas foirmeálta os comhair ceamara - ina ndúirt sé a raibh le rá aige go lom, gan fiacail. In Lord Frost 's statement, he said that little progress had been made and that the Commission' s proposals were no relief to the fundamental problems with the Protocol as it stands. I ráiteas an Tiarna Frost, dúirt seisean gur beag dul chun cinn a bhí déanta agus nárbh aon fhaoiseamh iad moltaí an Choimisiúin do na fadhbanna bhunúsacha a bhí leis an Phrótacal mar atá sé. The two spoke about the dispute between British and French fishermen over licenses for small-scale fishing in waters under the control of the Channel Islands. Labhair an bheirt faoin aighneas atá idir iascairí na Breataine agus na Fraince faoi cheadúnais d'áthraigh bheaga iascaireachta in uiscí faoi smacht na nOileáin sa Mhuit nIocht. Frost said 98% of boats that applied for licenses had been granted licenses - equivalent to 1,700 boats as agreed in the Cooperation and Trade Agreement. Dúirt Frost, gur bronnadh ceadúnais ar 98 faoin gcéad de na báid a rinne iarratas ar cheadúnais - cothrom le 1,700 bád faoi mar a bhí aontaithe san Aontú Comh-oibre agus Trádála. Without mórán Protocol reached in talks ‰ Northern Ireland at Brussels © al u003Cpu003ELeasu002DUachtaru0026aacuteu003Bn Choimisiu0026uacuteu003Bn Europe today, Maros Sefcovic u002D du0026iacuteu003Bomu0026aacuteu003B him about lack of progress in terms of Breataineu003C u0026oacuteu003B / pu003E u003Cpu003EAn Lord David Frost, British pru0026iacuteu003Bomhu002Deadru0026aacuteu003Bnau0026iacuteu003B speaking Breatimeachta with the meu0026aacuteu003Bin outside du0026 Gan mórán bainte amach i gcainteanna Phrótacal Thuaisceart Ãireann sa bhruiséal inniu u003Cpu003ELeasu002DUachtaru0026aacuteu003Bn Choimisiu00...
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ydpkcf7m National minimum wage to be raised "for one year". Íosphá náisiúnta le hardú "as seo go ceann bliana". Tánaiste Leo Varadkar announced in the Dáil that the national minimum wage will be raised over the next year. Thug an Tánaiste Leo Varadkar le fios sa Dáil go n-ardófar an t-íosphá náisiúnta as seo go ceann bliana. He gave no hint, however, about how much will be added. Níor thug sé aon leid, áfach, faoi cé mhéad a chuirfear leis. The national minimum wage is currently € 10.20 per hour. €10.20 san uair atá san íosphá náisiúnta faoi láthair. It was previously € 10.10 per hour but was increased on 1 January this year. €10.10 san uair a bhí ann roimhe sin ach ardaíodh é ar an 1 Eanáir i mbliana. The Low Pay Commission has submitted a report to Government which it proposes to increase the minimum wage to € 10.50. Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Rialtais ag an gCoimisiún um Pá Íseal agus tuigtear go moltar inti an t-íosphá a ardú go dtí €10.50. The Low Pay Commission was set up five years ago. Bunaíodh an Coimisiún um Pá Íseal cúig bliana ó shin. Trade unions, employers and advocacy groups are involved and there is often disagreement between these different groups over the issue of the national minimum wage. Ceardchumainn, fostóirí agus grúpaí abhcóideachta atá páirteach ann agus is minic easaontas a bheith idir na dreamanna éagsúla sin faoi cheist an íosphá náisiúnta. The issue is currently very timely in light of the difficulties of childcare centers in recruiting and retaining workers due to the low pay in the sector. Tá an cheist an-tráthúil faoi láthair i bhfianaise na ndeacrachtaí atá ag ionaid chúraim leanaí oibrithe a earcú agus a choinneáil mar gheall ar an bpá íseal san earnáil. Leo Varadkar also indicated in the Dáil that the Government is looking at raising the fuel allowance, old age pension and social welfare payments in next month 's Budget. Thug Leo Varadkar le fios freisin sa Dáil go bhfuil an Rialtas ag breathnú ar an liúntas breosla, an pinsean seanaoise agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh a ardú sa Bhuiséad an mhí seo chugainn.
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ycw8p2t8 'Full support' for the European Commission under the Byrne Protocol. Tacaíocht iomlán don Choimisiún Eorpach faoin bPrótacal - Byrne. Minister of State for European Affairs Thomas Byrne said he will speak to the Irish Ambassador to the European Union tomorrow, about the discussions held by European Union Vice-Presidents with ambassadors to the union today. Dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí na hEorpa Thomas Byrne go mbeidh sé ag caint le hAmbasadóir na hÉireann chun an Aontais Eorpaigh amarach, faoin bplé a rinne Leas-Uachtaráin an Choimisiúin Eorpaigh le hambasaóirí chun an aontais inniu. Maros Sefcovic was speaking today about the unilateral extension of the United Kingdom's period of grace in the Northern Ireland Protocol. Bhí Maros Sefcovic ag tabhairt cainte uaidh inniu faoin síneadh aontaobhach a rinne an Ríocht Aontaithe le tréimhse chairde i bPrótacal Thuaisceart Éireann. Thomas Byrne told 7Lá on TG4 that Ireland would fully support the European Commission in its efforts to implement the Protocol in full, as well as the full agreement between the United Kingdom and the European Union. Dúírt Thomas Byrne le 7Lá ar TG4 go dtacódh Éire go hiomlán leis an gCoimisiún Eorpach ina n-iarrachtaí leis an bPrótacal a chur i bhfeidhm ina iomláine, chomh maith leis an gcomhaontú iomlán idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Maros Sefcovic says Northern Ireland and the Peace Process Concern On the same program, Thomas Byrne said that the European Commission was working hard to secure a new supply of vaccines and set up a new factory. . Údar imní do Mharos Sefcovic, a dúirt sé, iad Tuaisceart Éireann agus an Próiséas Síochána Ar an gclár céanna, dúirt Thomas Byrne go raibh an- iarracht ar bun ag an gCoimisiún Eorpach le soláthar nua vacsainí a fháil agus le monarcha nua a chur ar bun. He also hoped that Europe would have a 'first chance' of the new Curevac vaccine. Bhí dóchas aige freisin gur ag an Eoraip a bheadh an chéad seans ar an vacsaín nua Curevac.
Ar an gclár seo labhair Mícheál Curtin linn faoi Thoghchán Uachtaránachta SAM 2020 agus an saol i Nua Eabhrac ó shin. Chomh maith leis sin bhí Aisling Ní Chatháin, atheangaire leis an gCoimisiún Eorpach, ag labhairt linn faoina gairm, faoi dheiseanna d'Éireannaigh sna hInstitiúidí Eorpacha, an saol sa Bhruiséil agus go leor eile.
Cé na srianta Covid 19 atá i ndán do Thuaisceart Éireann ó Dé hAoine ar aghaidh. Tá litir seolta ag ceannairí an DUP & Shinn Féin chuig an gCoimisiún Eorpach ag léiriú imní faoi sholáthar beatha go dtí Ollmhargaí na 6 chontae, chumhan’s a thiocfaidh prótacál Thuaisceart Éireann i bhfeidhm
Tá an grúpa ag tabhairt cás chuig an gCoimisiúin Eorpach faoin gcur chuige atá ag an Stát i dtaobh cosaint ar thuillte.
Ar an gclár seo bhí an Dr Neil Comer ó Ollscoil Ulaidh ag labhairt linn faoin gcúrsa úr, MA san Aistriúchán agus scileanna gairmiúla teanga san ollscoil. Chomh maith leis sin beidh bhí Tomaí Ó Conghaile ag labhairt linn faoi Ghradaim Nós 2020 agus a chuid ama thar sáile sa Bhruiséil ag obair leis an gCoimisiún ag aistriú.
Ar an gclár seo labhair Ray Yeates, Oifigeach Ealaíon le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath linn faoi na himeachtaí éagsúla idirnáisiúnta a bheas ar siúl mar chuid den Oíche Chultúir ar an 21 Meán Fómhair 2018 i mBÁC. Chomh maith leis sin bhí Shanna Ní Rabhartaigh ó Aonad na Gaeilge i gCoimisiún na hEorpa linn le labhairt faoi dheiseanna d'aistritheoirí Gaeilge leis an gCoimisiún agus obair uile an Aonaid.
Sa chlár seo chualathas ó Sheanán Ó Coistín atá ag obair leis an gCoimisiún Eorpach i Lucsamburg agus é ag labhairt linn faoin mbailiú airgid a bhí ar siúl ag grúpa cairde is comhghleacaithe aige ar son na ndaoine sna hOileáin Fhilipíneacha tar éis don tíofún an tír a bhualadh. Labhair Eoin Ó Catháin linn ó Ottawa, Ceanada faoin gclár raidió Gaeilge a bhí á chur i láthair aige ansin dár teideal The Gaelic Hour sa gheimhreadh.