Podcasts about ghaelach

  • 14PODCASTS
  • 23EPISODES
  • 23mAVG DURATION
  • 1MONTHLY NEW EPISODE
  • May 26, 2025LATEST

POPULARITY

20172018201920202021202220232024


Best podcasts about ghaelach

Latest podcast episodes about ghaelach

RTÉ - Barrscéalta
Mark Harte agus Caoimhín Ó Casaide.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later May 26, 2025 7:00


Bhí an bua ag Tír Eoghain ar Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine sa pheil Ghaelach.

Nuacht Mhall
5 Aibreán 2025 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 5, 2025 6:34


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. De réir fianaise nua a tháinig chun solais le linn na seachtaine, is dócha gur mharaigh fórsaí Iosraelacha 15 oibrí leighis agus oibrí daonnúil le piléair a bhí scaoilte i neasraon, seachas ó raon fada. Chuaigh na hoibrithe cabhracha ar iarraidh ar 23 Márta agus iad i mbun misean tarrthála i gceantar Tal as-Sultan in Rafah, nuair a rinne na fórsaí Iosraelacha ionsaí orthu. Déardaoin, thángthas ar corpáin na n-oibrithe, seachas duine amháin atá fós ar iarraidh, seachtain i ndiaidh an ionsaithe, in olluaigh sa ghaineamh, dar le hOifig na Náisiún Aontaithe. Dúirt urlabhraí milítea Iosraelach gur “thosaigh na fórsaí ag scaoileadh ar sceimhlitheoirí a bhí ag gluaiseacht chun tosaigh in otharcairr” agus go raibh fiosrúchán faoin eachtra idir lámha.  Is minic a bhíonn ionsaithe dírithe ar oibríthe daonnúla sa chogadh in Gaza, agus maraíodh 408 díobh go dtí seo. In Hertfordshire sa Bhreatain, gabhadh seabhac Harris, a bhí ag déanamh ionsaí ar mhuintir an tsráidbhaile arís agus arís eile. Tá an t-ainm céanna ag an fhear áitiúil a ghabh an seabhac: dúirt Steve Harris gur éirigh leis an seabhac a ghabhal go daonnachtúil ina ghairdín féin in Flamstead, Hertfordshire. Creidtear gur éalaigh an seabhac ón ghéibheann agus, le roinnt seachtainí, thug an seabhac sitheadh anuas ar thart fá 50 duine, agus d'éirigh leis fuil a tharraingt ó roinnt daoine. Tugadh Jim Hewitt go dtí an t-ospidéal agus é ag cur fola i ndiaidh dó buille a mhothú ar chúl a chinn ar a bhealach go dtí an siopa. Dúirt an fear, atá cúig bliana is seachtó d'aois, go raibh "ríméad" air gur gabhadh an seabhac, agus gheall sé: "Ní bhfaighidh éan mallaithe an ceann is fearr ormsa." Dúirt Steve Harris gur faoiseamh a bhí ann go raibh an seabhac gafa faoi dheireadh. Anois, tá an t-éan faoi chúram seabhcóra, a dúirt go raibh an chuma ar an seabhac gur tógadh i ngéibheann é ach is dócha go raibh sé scaoilte le bliain anuas.Déardaoin, fógraíodh go raibh iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer i ndiaidh bháis agus é ocht mbliana is ceithre scór d'aois. Bhuaigh sé ceithre Chraobh na hÉireann idir 1959 agus 1970 mar imreoir agus ansin ocht gcinn mar bhainisteoir ceannródaíoch i rith na seachtóidí agus na n-ochtóidí. Foireann den scoth a bhí i bhfoireann Chiarraí, a bhí i ndianiomaíocht le Baile Átha Cliath sa tréimhse sin. Bhuaigh Micko, mar a thugtar air, Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir fosta. Thacaigh sé le foirne i gCill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus sa Chlár, agus é ina bhainisteoir leo. Cé go raibh slíte beatha éagsúla aige amuigh ón pháirc imeartha, is as an pheil Ghaelach a mbeidh clú air go deo, mar dhuine de na daoine is fearr sa chluiche riamh. Mar a dúirt an fear é féin, “Níl tada eile le déanamh agam. Tá achan rud déanta agam. Agus bhain mé an-taitneamh as agus ní athróinn ar ór ná airgead é.”*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. *GLUAISi neasraon - at close rangeolluaigh - mass graveseabhac - hawksitheadh - swoopceannródaíoch - trailblazingdianiomaíocht - intense rivalry

pr harris gaza tal sultans baile dwyer hertfordshire chl agus steve harris gaeilge laois conradh cliath ngall mumhan flamstead aontaithe aibre londain inniu ghaelach bhreatain chuaigh nuacht mhall
RTÉ - Barrscéalta
An tráchtaire spóirt Seosamh Mac Ceallbhuí.

RTÉ - Barrscéalta

Play Episode Listen Later Mar 28, 2025 5:13


Cuirfear tús le Sraitheanna Peile na bhFear sa pheil Ghaelach sa chontae seo an deireadh seachtaine seo

seosamh ghaelach cuirfear
Nuacht Mhall
29 Meitheamh 2024 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Jun 29, 2024 7:40


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de Mhí an Mheithimh. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Thug an deireadh seachtaine seo caite roinnt cluichí spreagúla dúinn sa pheil Ghaelach, bhain Doire bua drámatúil amach in aghaidh Mhaigh Eo tar éis ciceanna pionóis. Seo na socruithe do na cluichí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo: Ciarraí in éadan Dhoire, Ard Mhacha in éadan Ros Comáin, Dún na nGall in éadan Lú agus Baile Átha Cliath in éadan Gaillimhe. Chríochnaigh Ciarraí céim na ngrúpaí le buanna suntasacha in aghaidh Mhuineacháin, na Mí, agus Lú. Beidh Lú ag imirt in aghaidh Dhún na nGall sa chéad chluiche ceathrú ceannais na hÉireann dóibh riamh. Tháinig siad go dtí an pointe seo tar éis bua le cúilín amháin in aghaidh Chorcaí Dé Domhnaigh. Chomh maith leis sin, beidh Ard Mhacha agus Ros Comáin ag dul san iomaíocht, dhá fhoireann a bhfuil stair chogaidh láidir acu ó na 1970idí agus na 1980idí. Bhuaigh Ros Comáin a gcéad cluiche riamh in aghaidh Thír Eoghain Dé Sathairn seo caite. Beidh Gaillimh ag iarraidh an chéad bhua craoibhe a fháil ar Bhaile Átha Cliath ó bhí 1934 ann chun a séasúr a leathnú. Tá foireann Bhaile Átha Cliath ag dul go maith, tar éis an ceathrú ceannais a bhaint amach agus an ceathrú teideal déag as a chéile i gCúige Laighean a bhuachan. Tá Mícheál Ó Muircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach ar chluichí Gaelacha, tar éis bás a fháil ag aois 93. Rugadh é i nDún Síon, Co. Chiarraí, sa bhliain 1930 agus d'oibrigh sé mar mhúinteoir ar dtús. Thosaigh sé ag obair do RTÉ in 1949 nuair a rinne sé tráchtaireacht as Gaeilge ar Chorn an Bhóthair Iarainn. Lean sé ar aghaidh ag múineadh go dtí lár na 1980idí nuair a d'éirigh sé ina chraoltóir lán-aimseartha le RTÉ. Ghlac sé áit Mhíchíl Uí Éithir mar phríomh-thráchtaire ar RTÉ Raidió 1 in 1985. Bhí a chluiche ceannais deiridh aige in 2010 nuair a rinne sé tráchtaireacht ar bhua Chorcaí ar an Dún. D'éirigh sé as craoltóireacht i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin. Dúirt an Taoiseach gur "fear uasal ó bhonn go baithis" a bhí ann agus luaigh sé a ghuth uathúil agus a ghrá don spórt. Luaigh an Tánaiste Micheál Martin a fhiosreacht agus a ghuth álainn a chuir beocht fiú sna cluichí ba shuaracha. Fuair Mícheál Ó Muircheartaigh bás san Ospidéal Mater, Baile Átha Cliath i measc a theaghlaigh. Scaoil breitheamh sna Stáit Aontaithe Julian Assange saor mar gheall ar mhargadh pléadála a chuir deireadh le blianta fada de dhráma dlí. Bhí Assange á lorg ag na Stáit Aontaithe as rúin mhíleata a nochtadh trí WikiLeaks. Phléadáil Assange ciontach as comhaontú chun eolas cosanta náisiúnta a fháil agus a scaipeadh. Dúirt an breitheamh i gcúirt sna hOileáin Mairianacha Thuaidh, "Beidh tú in ann siúl amach mar fhear saor." Scaoileadh Assange ó phríosún ardshlándála sa Bhreatain Dé Luain. Ghearr an breitheamh pionós cúig bliana agus dhá mhí príosúin air, le creidmheas don am a chaith sé sa Bhreatain. D'fhág Assange an chúirt in SUV bán agus d'fhág sé Saipan ar scairdeitleán go Canberra, An Astráil. Dúirt WikiLeaks ar an ardán X "nár cheart go mbeadh an margadh pléadála riamh tar éis tarlú." Dúirt Príomhaire na hAstráile, Anthony Albanese, gur "forbairt fháilteach" a bhí sa mhargadh pléadála, tar éis don rialtas a rá go raibh cás Assange "tarraingthe ar feadh i bhfad rófhada." * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ciceanna pionóis - penalty kicks san iomaíocht - in competition tráchtaire - commentator craoltóireacht - broadcasting margadh pléadála - plea deal príosún ardshlándála - high security prison

Nuacht Mhall
25 Bealtaine 2024 (An Clár)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 25, 2024 6:13


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Dúirt an Taoiseach Simon Harris maidin Dé Céadaoin go mbeidh Éire ag tabhairt aitheantas don bPalaistín go foirmiúil ón 28ú lá de mhí na Bealtaine. D'fhógair an Iorua agus an Spáinn go mbeidh siadsan ag tabhairt aitheantas don stát chomh maith. Luaigh an Taoiseach stair na hÉireann agus a heispéireas leis an gcoilíneachas agus dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go leanfaidh tíortha eile an eiseamláir seo. Bhí an-fhearg ar rialtas Iosrael agus d'athghair siad ambasadóir na tíre in Éirinn. Chomh maith leis sin, tá barántas gabhála á lorg an tseachtain seo ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta do Phríomh Aire Iosrael, Benjamin Netenyahu agus don Aire Cosanta, Yoav Gallant, chomh maith le triúr ceannairí de chuid Hamas. Tá an t-ionchúisitheoir ag an gCúirt ag iarraidh iad a ghabháil mar gheall ar choireanna cogaidh aguscoireanna in aghaidh an duine. Déanfar scrúdú ar na hiarratais go luath ach fiú má éisíonn an Chúirt an barántas, níl aon chumhacht aici é a chur i bhfeidhm. Cuireann an Chúirt i leith go bhfuil Netanyahu agus Gallant ag baint úsáid as an ngorta mar uirlis chogaidh. Tá níos mó ná 35,000 Palaistíneach marbh ó thús an chogaidh agus tá an daonra sa réigiún i mbéal an bháis leis an ocras de réir oibrithe cabhracha. Maraíodh Uachtarán na hIaráine Ebrahim Raisi, an t-aire gnóthaí eachtracha Hossein Amir-Abdollahian agus roinnt daoine eile i dtimpiste héileacaptair Dé Domhnaigh. Tharla an timpiste i gceantar sléibhtiúil in aice le teorainn na hAsarbaiseáine. Bhí an héileacaptair ag teacht thar n-ais ó shearmanas oscailte damba nuair a chuaigh sé i sáinn i gceo trom. Ceannaire ana-choimeádach a bhí in Raisi, duine a chuir faoi chois go cruálach éirí amach na mban agus nagcailíní in 2022. Bhí Raisi ana-mhór leis an Ard-Cheannaire, an Ayatollah Ali Khamenei, agus ceapadh go mbeadh sé féin ag teacht i gcomharbacht air sa todhchaí. Fógraíodh cúig ládobróin sa tír ón Luan seo caite. Tá an Ghaeltacht Chois Tamaise ar siúl arís an deireadh seachtaine seo i gcroílár Londan. Seo an tríú bliain den imeacht atá ag dul ó neart go neart ó thosaigh sí in 2022. Cuireadh tús leis Dé hAoine le Pop-Up Gaeltacht i gCeamdain agus anois tá dhá lá de ranganna i scoil Haverstock, i dtuaisceart Londan ar an Sathairn agus ar an nDomhnach. Chomh maith leis sin, beidh roinnt imeachtaí cúltúrtha ar siúl le linn an deireadh seachtaine, mar shampla léiriú an scannáin Arracht, séisiún ceoil, ranganna ióga agus siúlóid Ghaelach trí lár na cathrach. Má tá suim agat inti, tá drochscéala againn: tá na ticéid go léir díolta amach le cúpla seachtain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS aitheantas - recognition coilíneachas - colonialism barántas gabhála - arrest warrant ionchúisitheoir - prosecutor damba - dam dobrón - mourning

pr dc seo hamas benjamin netanyahu gc bh gallant ebrahim raisi luan raisi taoiseach phr gaeilge yoav gallant ayatollah ali khamenei bealtaine uachtar conradh chomh londain inniu arracht cuireadh d haoine ghaelach d domhnaigh cuireann pop up gaeltacht nuacht mhall
Splanc
Taoiseach nua, comharthaí sráide dátheangacha i mBéal Feirste, Oscars agus peil Ghaelach éirithe ró-mhall

Splanc

Play Episode Listen Later Mar 29, 2024 106:18


An tseachtain seo labhraíonn Eoin Ó Cátháin faoin turas a bhí aige go Meiriceá agus faoin Taoiseach nua, Ciarán Mac Giolla Bhéin faoi chomharthaí sráide dátheangacha i mBéal Feirste, Conall Mac Dhonnagáin faoi na Oscars agus Wrestlemania agus Daragh Ó Conchúir faoi fhadhbanna Shraith Náisiúnta Peile Allianz.

Gaeilge Weekly
#23: Peil Ghaelach i Seville agus Grá ar an Trá (NÍOS SIMPLÍ)

Gaeilge Weekly

Play Episode Listen Later Oct 11, 2023 34:21


PATREON: ⁠https://patreon.com/LearnIrishOnline⁠ --- Ag cabaireacht faoi cúpla rud a bhí mé ar siúl agam le déanaí. Peil Gaelach agus reality TV san áireamh. Le haghaidh tuilleadh acmhainní eile (físeáin, podchraoltaí, cúrsaí, PDFs...), téigh go www.learnirishonline.com - agus chun a bheith i dteagmháil linn, seol ríomhphost chugainn ar liam.learnirishonline@gmail.com Agus chun a bheith i do bhall, téigh go Patreon.com/LearnIrishOnline Tagann Gaeilge Weekly amach le dhá eipeasóid gach seachtain ar an gCéadaoin. Ceann amháin i nGaeilge líofa, ceann eile le Gaeilge níos simplí agus níos moille.  — Rambling about a few things I had going on recently, including gaelic football and reality TV. For plenty more resources (videos, podcasts, courses, PDFs), head over to www.learnririshonline.com - and to get in contact, email us at liam.learnirishonline@gmail.com And to become a member, check out Patreon.com/LearnIrishOnline Gaeilge Weekly comes out every Wednesday with two episodes. One in normal-paced, fluent Irish. The other in simpler, slowed-down Gaeilge.

Nuacht Mhall
27 Bealtaine 2023 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later May 27, 2023 4:40


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna. Thosaigh céim na ngrúpaí i gcraobh peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D'éirigh go han-mhaith leis na foirne Connachtacha. Bhí Maigh Eo i bhfad róláidir do Chiarraí i gCill Áirne, nuair a chuir siad deireadh leis an tsraith cluichí gan chailleadh sa bhaile is faide i stair Chumann Lúthchleas Gael. Níor buaileadh Ciarraí sa chraobh i gCill Áirne le naoi gcluiche is tríocha, ó bhí 1995 ann, go dtí gur chuir Maigh Eo faoi smacht iad an Satharn seo caite. Bhí an lámh in uachtar ag Gaillimh thar Thír Eoghain freisin, agus chríochnaigh Sligeach ar comhscór le Cill Dara. Tá neart cluichí le himirt an deireadh seachtaine seo, agus beidh Ros Comáin ag súil le caighdeán ard neamhbhuailte na bhfoirne Connachtacha a choimeád ar siúl, agus iad ag imirt i gcoinne Bhaile Átha Cliath. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, chaith Ron DeSantis, gobharnóir Florida, a hata san áireamh i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Phobhlachtánaigh chun iarrthóir uachtaránach a roghnú. Bhí sé ag iarraidh an fógra a dhéanamh beo ar Twitter, le chéile le Elon Musk, acht do rinne fadhbanna móra teicniúla praiseach de. D'éirigh príomhinnealtór Twitter as a phost an lá dá gcionn. Tá leathnú cearta gunna, maoiniú a bhaint de scéimeanna éagsúlachta agus cosc ar leabhair áirithe luaite ag DeSantis mar pholasaithe dá chlár rialtais, rud a rinne laoch de i measc na gcoimeádach agus bithiúnach i measc forásaithe. I Londain an deireadh seachtaine seo, tá an Ghaeltacht Cois Tamaise ar siúl arís. Is é an t-imeacht is mó le Conradh na Gaeilge i Londain i rith na bliana, agus thart ar caoga Gaeilgóirí ag freastal air. Thosaigh an deireadh seachtaine le PopUp Gaeltacht aréir, agus tá dianchúrsaí Gaeilge ar siúl ar trí leibhéil ar an Satharn agus ar an Domhnach. Imeachtaí eile ar siúl ná ceardlann amhránaíocht ar an tsean-nós, agus siúlóid Ghaelach in Westminster. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS céim na ngrúpaí - the group stage an lámh in uachtar - the upper hand toghchán tosaigh - primary election scéimeanna éagsúlachta - diversity schemes dianchúrsaí Gaeilge - intensive courses in Irish amhránaíocht ar an tsean-nós - sean-nós singing

Nuacht Mhall
9 Aibreán 2022 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

Play Episode Listen Later Apr 9, 2022 6:08


Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Déardaoin, ceapadh an chéad bhean dhubh ina breitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe. Is é an chéad uair nach mbeidh fir gheala ina dtromlach sa Chúirt le 233 bliain anuas. Chaith an Bhreitheamh Jackson, atá 51 bliain d'aois, níos mó ná 20 uair ag freagairt fiosrúchán ó Sheanadóirí, dírithe ar a taifead pianbhreithe, a seanráitis, agus a dearcthaí polaitiúla. Amhail an triúr breithiúna a rinne Donald Trump le linn a thréimhse mar uachtarán, is téarma saoil atá i gceist agus féadfaidh an Bhreitheamh Jackson a bheith ina breitheamh sa Chúirt Uachtarach ar feadh blianta fada mar gheall ar cé chomh óg is atá sí. Foilsíodh litir phoiblí atá sínithe ag breis agus 1000 duine, ag éileamh cearta teanga i dTuaisceart Éireann tar éis moill eile ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta trí Pharlaimint Westminster, mar a gealladh i mí an Mheithimh 2021. Foilsíodh an litir go hoifigiúil san Irish News Dé Máirt. Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhraí leis An Dream Dearg: "Anois ní mór do Rialtas na Breataine beart a dhéanamh de réir briathair. Is comhshínitheoirí iad ar na comhaontuithe uilig go dáta, agus i gcomhar le Rialtas na hÉireann, is iad a scríobh an reachtaíocht don Ghaeilge a foilsíodh sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua. Aithnítear an reachtaíocht sin mar bhunchloch lárnach de chuid an chomhaontaithe sin. Seasann an cheist seo mar scrúdú litmis práinneach do Rialtas na Breataine agus dár gcuid institiúidí polaitiúla agus muid ag tarraingt ar thoghchán Tionóil an mhí seo chugainn. Tá sé thar am reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm láithreach gan a thuilleadh moille,” a dúirt sé. I mbliana, tá an Ghaeltacht ag teacht go Londain! Ón 29 Aibreán go dtí an 1 Bealtaine, beidh an Ghaeltacht Chois Tamaise (nó ‘Gaeltacht by the Banks of the Thames') ar siúl in Camden, deireadh seachtaine tumthach de mheascán imeachtaí, ranganna, PopUp Gaeltacht, agus siúlóid Ghaelach san áireamh. Beidh trí léibhéal de ranganna ar fáil agus tá ticéid le ceannach anois ar EventBrite. Tráthnóna Dé Sathairn an deireadh seachtaine sin, beidh Comhdháil na Breataine ar siúl chomh maith, imeacht hibride a chuireann fáilte roimh dhaoine ar líne agus san fhíorshaol. Is é an dara Comhdháil na Breataine. Is éard atá san imeacht seo ná cruinniú le Gaeil timpeall na Breataine, chun eolas agus léargas a fháil ar conas is féidir an Ghaeilge a chur chun cinn ar oileán na Breataine Móire. Tá níos mó eolais le feiceáil ar an leathanach Facebook, @cnag.ldn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Cúirt Uachtarach - Supreme Court dearcthaí polaitiúla - political views comhshínitheoirí - co-signatories scrúdú litmis - litmus test deireadh seachtaine tumthach - immersive weekend imeacht hibride - hybrid event

donald trump pr banks eventbrite thames tion conch foils gaeilge gaeltacht bealtaine conradh beidh ghaeilge ngall ghaeltacht gaeil aontaithe aibre londain inniu comhdh rialtas ghaelach mheithimh breataine d sathairn dtuaisceart nuacht mhall
Bladhaire - RTÉ
Rebecca Coxon : Reachtaire le Cumann Ghaelach Choláiste na Trionóide

Bladhaire - RTÉ

Play Episode Listen Later Sep 16, 2021 5:21


Ag inse faoi imeachtaí an chumainn.

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Labhraíonn Paul Conroy le Seán faoin méid iontach atá bainte amach aige sa pheil Ghaelach go dtí seo, mar imreoir le Gaillimh agus lena chlub Naomh Séamus. Cloisimid faoi na buaicphointí CLG, a obair theilifíse le TG4, Cúl Camps agus an saol sa mhúinteoireacht, agus é mar mhúinteoir Gnó agus Gaeilge. Insíonn Paul dúinn chomh maith faoi na rudaí a spreag an obair iontach a dhéanann sé ag cur na Gaeilge chun cinn.

Ar imeall na cearnóige
An dá chód agus d'athair i do bhainisteoir

Ar imeall na cearnóige

Play Episode Play 15 sec Highlight Listen Later May 20, 2021 27:47


Inniu, beidh mé ag labhairt le Darragh O’Brien. Imríonn Darragh le foireann shinsir Cheatharlaigh le beagnach deich mbliana anuas. Chomh maith leis sin, tá cúpla craobh sinsir an chontae buaite aige lena chlub Éire Óg. Oibríonn sé mar mhúinteoir corpoideachais agus Gaeilge freisin. Labhraíonn sé linn faoi na buntáistí is na deacrachtaí a bhaineann le clubanna a dhéanann iarracht tabhairt faoin iomáint agus faoin bpeil Ghaelach. Chomh maith, labhraíonn sé go hionraic faoina athair, Turlough, agus faoin gcaidreamh a bhí eatarthu nuair a bhí Turlough ina bhainisteoir le foireann shinsir Cheatharlaigh. Bainigí taitneamh as an bplé. 

im r agus darragh gaeilge turlough labhra chomh inniu athair ghaelach
Da Paddy and Darragh Show
Eagrán 4 - Cupán Tae le Julie Jay

Da Paddy and Darragh Show

Play Episode Listen Later Apr 28, 2021 12:50


San Eagrán seo labhraimid le fuirseoir "Julie Jay" faoi conas a thosaigh sí a saol san fuirseoireacht. Chomh maith leis sin, phléimid na stéireaphlátaí a bhaineann le gaeilgeoirí agus chomh maith leis sin, an ea Eastát Tithíochta lan Ghaelach an freagair don laghdú gaeilge ar fud na tíre? Bígí linn!

east julie jay tith chomh ghaelach
Ar imeall na cearnóige
Peil Ghaelach sa Chóiré Theas le Kevin Conlan

Ar imeall na cearnóige

Play Episode Listen Later Apr 22, 2021 28:07


 Chaith Kevin tréimhse i gContae Chiarraí agus sa Fhrainc mar pháiste. D’imir sé peil le contae Lia Troma agus contae Chorcaí sular bhog sé go dtí an Chóiré Theas trí bliana ó shin. D’fhéadfá a rá gur fear an-siúlach is ea é. Beimid ag caint faoina shaol sa Chóiré Theas agus conas a úsáideann sé spórt chun brú oideachais a laghdú i measc páistí ach go háirithe. Chomh maith, labhróimid faoi spiorad an Chumainn Lúthchleas Gael san Áis agus na deiseanna is na deacrachtaí atá ag clubanna sa mhór-roinn sin. 

conlan peil theas chomh ghaelach
RTÉ - Adhmhaidin
Áine Ní Chearúil, príomhoide, Coláiste Íde, An Daingean.

RTÉ - Adhmhaidin

Play Episode Listen Later Feb 25, 2021 5:04


Tráthnóna Dé Domhnaigh seo chugainn, fillfidh dalta agus fiche atá i rang na hArdteistiméireachta ar Choláiste Íde i mBaile an Ghóilín, láimh leis an Daingean, an t-aon scoil cónaithe lán Ghaelach sa tír do chailíní, tar éis dóibh a bheith a' staidéar ón mbaile ó thús an téarma seo, de bharr na srianta sláinte.

gh iste chol mbaile daingean ghaelach d domhnaigh
Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá
Tomaí Ó Conghaile

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

Play Episode Listen Later Dec 14, 2020 22:31


Labhraíonn Tomaí Ó Conghaile le Seán faoi Ghradaim Ceoil Nós, atá ag tarlú ag tús 2021 agus moltaí sna rannóga a chuartú ón phobal ag Nós do na rannóga go léir. Déanann Tomaí cur síos ar thábhacht an t-airneán cheoil Ghaelach agus insíonn sé do Sheáin faoina shaol agus a chuid oibre sa Bhruiséil.

labhra bhruis ghaelach
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club
Ar Luch Agus ar Dhuine - Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2020 / Book of the Month - October 2020

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

Play Episode Listen Later Oct 14, 2020 20:09


[English version below] Buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe 2020 Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Beirt spailpíní iad George agus Lennie, i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí' é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre'. An Garbhadas, an Mhíofaireacht agus an Suarachas: Tá 'Ar Luch agus ar Dhuine' ar cheann de na scéalta is cumhachtaí dár scríobh John Steinbeck. Tá an garbhadas ann, agus an mhíofaireacht agus an suarachas, ach is é an cineáltas agus an grá atá in uachtar. Scéal gairid é ach, más ea féin, beidh cuimhne fhada air ag an té a léifidh. An saothar seo le Colmcille Ó Monacháin, tá sé ar cheann de na heiseamláirí aistriúcháin is breátha dá ndearnadh le tamall de bhlianta. "Tá cuma iontach ar an leabhar .... Ghin Ó Monacháin saothar as an nua, atá idir Ghaelach agus Ultach, sa leagan breá seo de Ar Luch agus ar Dhuine." — Pádraig Fhia Ó Mathúna, COMHAR. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Maitiú Ó Coimín [Leagan Gaeilge thuas] Winner of 'Best Translation' Award 2020 Driſters in search of work, George and his childlike friend Lennie, have nothing in the world except the clothes on their back — and a dream that one day they will have some land of their own. Eventually they find work on a ranch in California's Salinas Valley, but their hopes are dashed as Lennie — struggling against extreme cruelty, misunderstanding and feelings of jealousy — becomes a victim of his own strength. "Tá cuma iontach ar an leabhar .... Ghin Ó Monacháin saothar as an nua, atá idir Ghaelach agus Ultach, sa leagan breá seo de Ar Luch agus ar Dhuine." — Pádraig Fhia Ó Mathúna, COMHAR. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Maitiú Ó Coimín

Dads Drinking Bourbon
Midleton Very Rare Dair Ghaelach Knockrath Forest

Dads Drinking Bourbon

Play Episode Listen Later Mar 18, 2020 23:32


Happy St. Patrick's Day, well okay, the day after! In honor of this day, we decided to sample something sent to us from the folks across the pond at Midleton. It's the third release in their Dair Ghaelach collection and has whiskey ranging from 13-26 years old finished for another two years in Irish Oak.  Get your liquor shipped to your door with www.caskcartel.com  All glassware provided by www.distilleryproducts.com 

Whisky Everyman
07 - Bushmills vs Midleton (Very Rare & Dair Ghaelach)

Whisky Everyman

Play Episode Listen Later Jan 20, 2018 33:58


Bushmills, Midleton Very Rare and Dair Ghaelach

Fada is Fairsing
Clár 74 - 2015 - Raidió na Life

Fada is Fairsing

Play Episode Listen Later Mar 24, 2015 22:12


Ar an gclár seo chualamar ó Chaoimhe Ní Mhuilleoir i bPáras faoin 'An Ghaeltacht sur Seine', eagraíocht Ghaelach sa chathair agus na himeachtaí Gaelacha a bhí ar siúl sa chathair mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. D'inis sí dúinn faoi chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael ann freisin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Dhónall(Danny) Doyle in Kingston, Ontario faoi stair na Gaeilge is na Gaidhlige i gCeanada agus faoi léacht a thug sé ar an ábhar in Ollscoil na Banríona i Kingston le déanaí.

RTÉ - Cruinneog
Cruinneog 20 Nollaig 2015

RTÉ - Cruinneog

Play Episode Listen Later Dec 20, 2014 46:03


Torlach Mac Con Midhe, Chur – San Nioclás agus a chairde; Maidhc Ravey, Learpholl – An Ghaeilge i Kirkby; Macdara Ó Conaola – Amhrán Ghaelach na Nollag; Gráinne Ní Aodha – Ceannlínte na Cruinne; Sylvia Bledow, Heidenheim – Nollaig Shona; Cormac Ó Comhraí – Duine den Diaspora: Ned Kelly; Séamus Ó Fianghaise, Queens – An Nollaig i Nua Eabhrac;

kirkby nollaig nollag nua eabhrac ghaelach
RTÉ - Cruinneog
Cruinneog 29 Samhain 2014

RTÉ - Cruinneog

Play Episode Listen Later Nov 29, 2014 50:43


Claire Marie Dunne – múinteoir Fulbright; James Ó Conchubhair – obair i Munich; Sylvia Bledow, Heidenheim – údar agus múinteoir Ghaeilge; Gráinne Ní Aodha – Ceannlínte na Cruinne; Macdara Ó Conaola – Amhrán Ghaelach; Cormac Ó Comhraí – Flora Sandes den Diaspora Mícheál Ó hAodha – Pogrom Luimnigh; Robert Kaucher, Ohio – ag foghlaim Gaeilge.

Fada is Fairsing
Clár 9 - 2013 - Raidió na Life

Fada is Fairsing

Play Episode Listen Later Sep 3, 2013 27:54


Sa chlár seo labhraímid le Naoise Waldron atá ag múineadh na Gaeilge ar scoláireacht Fulbright i mbliana i Missoula, Montana. Labhraíonn sé linn faoin bpost mar theagascóir Gaeilge Fulbright agus faoi thús a bhliana féin ar an scoláireacht úd. Labhraímid le hiarláithreoir de chuid Raidió na Life, Helena Ní Mhaoláin faoina cuid taistil i gCeanada i rith an tsamhraidh. Ar deireadh labhraímid le Brent Ó Casaide ó North Carolina atá lonnaithe san Fhionlainn anois, faoi chúrsaí Gaeilge ansin, faoin bhféile Ghaelach a bhíonn ar siúl sa chathair Oulu sa tír agus faoi chúrsaí spóirt is ceoil Ghaelaigh ann freisin.